#Article 1: Matamaitic (178 words)


Áirítear sa mhatamaitic (Sean-Ghréigis: μάθημα máthēma, eolas, staidéar, foghlaim”) staidéar ar ábhair mar chainníocht (uimhirtheoiric) , struchtúr (ailgéabar), spás , (geoiméadracht), agus athrú leanúnach (anailís mhatamaiticiúil). 
Cé nach bhfuil aon sainmhíniú uirthi, a ghlactar leis go ginearálta, go neamh-fhoirmiúil, d’fheadfá a rá gurb iad uimhreacha agus cló a hábhar staidéir. Dar leo siúd ar a nglaoitear na foirmiúlaigh, is taighde í de struchtúir teibí atá sainithe go haicsímiteach agus atá bunaithe ar loighic agus ar nodaireacht na matamaitice.

Shíolraigh an mhatamaitic ó chomhaireamh, ríomhadh, agus tomhas, trí úsáid a bhaint as teibiú agus réasúnú loighciúil agus
an staidéar córasach ar chruthanna agus ghluaisní rudaí fisiceacha.

Bhí eolas agus úsáid na matamaitice bunúsach i dtólamh agus ina bhun-tréith agus ina ndlúth-ghré den saol indibhidiúil agus comhchoiteann. 

Tosaíonn staidéar an cainníocht le uimhreacha, ar dtús le na uimhreacha aiceanta agus slánuimhir agus uimhríocht orthu. 

Agus a tagann forbairt ar an chóras uimhir, aithnítear na slánuimhir mar fo-thacar do na uimhir chóimheasta. Ach tá na uimhreacha chóimheasta fo-thacar freisin do na réaduimhir. Tá an uimhir choimpléascach tacar ginearálaithe do na réaduimhir




#Article 2: Amhrán na bhFiann (341 words)


Is é Amhrán na bhFiann (Béarla: The Soldiers' Song) amhrán náisiúnta na hÉireann. Scríobh Peadar Ó Cearnaigh na liricí, agus chum Patrick Heaney an port. Ba i mBéarla a scríobhadh na liricí ar dtús, ach is é an leagan Gaeilge is gnách a chloisteáil inniu. Ní chantar ach an curfá de ghnáth agus is ar éigean go bhfuil an chuid eile den amhrán ar eolas ag duine ar bith. Tá blas láidir Ghaeilge na Mumhan ar na líricí, agus is minic nach féidir an fonn a choinneáil ach an t-amhrán a chanadh sa chanúint seo. Mar shampla, nuair a chantar ar ardaibh sléibhe, is gá an -bh- san fhocal sléibhe a bhá go hiomlán, mar a dhéantar leis an -bh-/-mh- i nGaeilge na Mumhan ar lorg an ghuta fhada.

 Seo dhíbh, a chairde, duan Ógláigh,
 Caithréimeach bríomhar ceolmhar,
 Ár dtinte cnámh go buacach táid,
 'S an spéir go mín réaltógach
 Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo
 'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló
 Fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol:
 Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.

 (Curfá:)

 Sinne Fianna (nó: Laochra) Fáil atá fé gheall ag Éirinn,
 Buíon dár slua thar toinn do ráinig chugainn,
 Fé mhóid bheith saor, seantír ár sinsear feasta
 Ní fhágfar fén tíorán ná fén tráill.
 Anocht a théam sa bhearna bhaoil,
 Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil
 Le gunnascréach, fé lámhach na bpiléar
 Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann.

 Cois bánta réidhe, ar ardaibh sléibhe,
 Ba bhuadhach ár sinsir romhainn,
 Ag lámhach go tréan fén sárbhrat séin
 'Tá thuas sa ghaoth go seolta
 Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh
 Gan iompáil siar ó imirt áir,
 'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad
 Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.

 --Curfá

 A bhuíon nach fann d'fhuil Ghaeil is Gall,
 Sin breacadh lae na saoirse,
 Tá sceimhle 's scanradh i gcroíthe námhad,
 Roimh ranna laochra ár dtíre.
 Ár dtinte is tréith gan spréach anois,
 Sin luisne ghlé sa spéir anoir,
 'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh:
 Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.

 --Curfá




#Article 3: An Meitheamh (121 words)


Is é an Meitheamh nó Mí an Mheithimh an séú mí den bhliain.

De réir fhéilire na hÉireann, is é Meitheamh mí lár an tsamhraidh. Is iad na míonna is grianmhaire ná Bealtaine agus Meitheamh. Le linn na míonna seo, is é an mheántréimhse ghréine in aghaidh an lae ná idir 5 agus 6.5 uair i bhformhór na tíre. 

Sna tíortha eile, tosaíonn an samhradh ar na gcéad lá de mhí an Mheithimh agus leanann ar aghaidh go dtí deireadh mhí Lúnasa. Agus dar le Met Éireann, is sa samhradh a bhíonn na trí mhí is teo den bhliain. In Éirinn fiú, is iad Meitheamh, Iúil agus Lúnasa na míonna sin (ach tá níos mó báistí i mí Lúnasa go hiondúil).




#Article 4: An Bhealtaine (142 words)


Is í Bealtaine nó Mí na Bealtaine an cúigiú mí den bhliain.

Síltear go mb’fhéidir go gciallaíonn an focal beal ‘solas geal’ agus is ionann an dara cuid den fhocal agus ‘tine’.  Tá baint láidir idir an fhéile seo agus tinte i mbéaloideas na hÉireann. 

Nuair a bhíonn duine a bhfuil Gaeilge aige/aici i bponc faoi rud éigin, is minic a déarfaidh sé/sí “tá mé idir dhá thine Bhealtaine faoi.” Go dtí céad bliain ó shin, bhíodh sé de nós ag daoine in áiteanna áirithe faoin tuath in Éirinn dhá thine mhóra a lasadh ar an lá seo agus na ba a thiomáint idir an dá thine seo lena gcosaint ar aicídí. De réir téacs ón deichiú haois darb ainm Sanas Chormaic, bhí nós ag na draoithe an rud céanna a dhéanamh le linn ré na bPágánach na céadta bliain roimhe sin.




#Article 5: Iúil (164 words)


Is í Mí Iúil an seachtú mí den bhliain. Úsáidtear an leagan Béarla d'ainm na míosa go forleathan sna canúintí, agus is minic a thugtar July an Chabáiste ar Mhí Iúil fosta, nó nuair a bhí drochbhliain ann, ní bhíodh le hithe ag na daoine bochta ach cabáiste, sula n-aibíodh na prátaí i Mí Lúnasa.

Fuair an mhí a hainm ón Impire Rómhánach Iúl Caesar, a thug isteach féilire nua, Féilire Iúil, lena linn. In Éirinn is í seo an tríú mí den samhradh. 

Tá a laethanta náisiúnta ag dhá cheann de na tíortha is cumhachtaí ar domhan i mí Iúil, an 4ú lá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá a cheiliúrann Fógra na Saoirse, agus an 14ú lá ag an bhFrainc, Lá an Bastille. 

Cuireadh Cath na Bóinne ar an 12 Iúil 1690, nuair a rug an tÍsiltíreach Liam, a raibh coróin na Breataine bronnta air ag an bParlaimint, bua ar an Rí Séamus II, agus ceiliúrann an tOrd Oráisteach an lá sin gach bliain.




#Article 6: An Lúnasa (198 words)


Is é Lúnasa, mí Lúnasa nó Lughnasadh an, t-ochtú mí den bhliain.  Is é an 1 Lúnasa, Lá Lúnasa (nó Lughnasa) agus an chead lá den  fhómhair,  de réir Fhéilire na nGael. 

Ainmníodh mí Lúnasa as Lugh, nó Lú, duine de na déithe ba thábhachtaí a bhí ag na sean-Cheiltigh, ní amháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa.   

Thug muintir na Breataine Bige Lleu Llaw Gyffes uirthi. Ainmníodh Léon na Spáinne as Lugh, chomh maith le Lyon na Fraince agus Londain fosta, síltear.  

Dar le Dáithí Ó hÓgáin, ina chiclipéid faoi bhéaloideas na hÉireann, ba as seanfhocal Ceilteach a chiallaigh mion (lugio) a tháinig an t-ainm Lugh. 

Ní nach ionadh mar sin gur thug sé a ainm don mhí is teo san fhéilire in Éirinn, Mí Lúnasa.  

Féile a bhí ann le fáiltiú roimh fhás an arbhair agus roimh thús an fhómhair. Is minic a bhíodh daoine in Éirinn ag déanamh damhsaí agus tinte cnámha le Féile Lúnasa a cheiliúradh. Bhí cuid de na nósanna seo beo go fóill go dtí an fichiú haois. 

Chum Brian Friel, drámadóir clúiteach as Tír Eoghain, dráma darb ainm Dancing at Lughnasa a bhfuil a lán tagairtí ann do na traidisiúin seo.




#Article 7: An tSeapáin (709 words)


Is tír in oirthuaisceart na hÁise í an tSeapáin (Nippon/Nihon; 日 (grian); 本 (fréamh ach bunús); 国 (tír), go litriúil bunús na gréine). Tá sí suite idir an tAigéan Ciúin agus Muir na Seapáine.

Oileánra atá sa tSeapáin. Tá timpeall ar 6,800 oileán ann ar fad, ach is iad Kyūshū (九州), Shikoku (四国), Honshu (本州, an t-oileán is mó), agus Hokkaidō (北海道) na cinn is tábhachtaí. Tá sléibhte arda sa chuid is mó de na hoileáin, agus bolcánachas áirithe ann chomh maith. Is bolcán é Sliabh Fuji freisin, arb é an sliabh is airde sna hoileáin. 

Tá beagnach 128 milliún duine ina gcónaí sa tSeapáin, agus mar sin, tá sí ar an deichiú tír is mó daonra. Is é réigiún Thóiceo an mórcheantar uirbeach is mó ar.

Tugann fianaise na seandálaíochta le fios go raibh áitreabh daonna sa tSeapáin chomh luath leis an ré Phailéiliteach Uachtarach, is é sin, tríú trian na ré Pailéilití, 40,000-10,000 bliain ó shin. 

Rinneadh an chéad tagairt liteartha don tSeapáin sa chéad aois AD i dtéacsanna stairiúla ón tSín. 

Bhí tréimhsí na hoscailteachta agus tréimhsí na scoilteachta ag teacht sna sála ag a chéile ansin. 

D'fhógair an tImpire Hirohito gur ghlac an tSeapáin an fógra Potsdam ar an 15 Lúnasa 1945 (an craoladh Jewel Voice). Mar sin, ghéill an tSeapáin agus chuir an craoladh seo críoch leis an gcogaíocht.

Ar an 2 Meán Fómhair 1945, shínigh an tSeapáin géilleadh gan chomha ar bord na loinge USS Missouri ag cur deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda.

Ó glacadh le Bunreacht na Bliana 1947, tá córas polaitiúil na tíre bunaithe ar impireacht bhunreachtúil. Is é sin, is é an tImpire atá ag rialú na tíre go hoifigiúil, ach is ag an bParlaimint, an kokkai, atá an fhíorchumhacht. Mar sin, is tír dhaonlathach pharlaiminteach í an tSeapáin go praiticiúil.

Is í an tSeapáinis teanga oifigiúil na tíre, agus labhraíonn formhór mór na Seapánach leaganacha éagsúla den teanga seo. Thairis sin, áfach, tá na teangacha in Oileáin Ryukyu i nDeisceart na Seapáine chomh difriúil is go bhfuil sé ciallmhar glacadh leo mar theangacha gaolmhara, seachas mar chanúintí. Thairis sin, tá iarsmaí áirithe den teanga Ainu fágtha i dTuaisceart na Seapáine: teanga í sin nach bhfuil gaol ar bith aici leis an tSeapáinis ach oiread le haon teanga eile. Saothraítear í mar chaitheamh aimsire cultúrtha, cosúil leis an dóigh a mbíonn Gaeilgeoirí ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus a chur chun cinn i gcathracha móra na hÉireann, ach dealraíonn sé nach bhfuil cainteoirí dúchais ar bith ann inniu.

Is iad na Seapánaigh an dream eitneach is mó atá ann, cé go bhfuil Cóiréigh agus Sínigh ina gcónaí sa tír chomh maith. Le fírinne, is iad na Burakumin an mionlach is tábhachtaí sa tSeapáin. Ní mionlach eitneach iad, áfach, ach aicme ar leith. I ré fheodach na Seapáine, bhí na Burakumin (部落民) ag plé le ceirdeanna a raibh neamhghlaine dheasghnách nó bás ag baint leo, is é sin, ag búistéireacht, ag súdaireacht, ag adhlacadh daoine marbha nó ag cur daoine daortha chun báis. Chuaigh an neamhghlaine dheasghnách greamaithe sna daoine seo, agus iad ag cur fúthu i ngeiteonna dá gcuid féin ionas go bhféadfadh na Seapánaigh eile iad a sheachaint. Níor tháinig maolú ar an leithcheal seo ach le déanaí, agus inniu féin is iomaí Seapánach nach gceadódh dá mhac nó dá iníon duine de na Burakumin a phósadh.

 

Is iad na 47 Maoracht an céad leibhéal sna limistéar riaracháin sa tSeapáin. Is Méara tofa díreach ag an bpobal é an príomhfheidhmeannach i ngach Maoracht.  Bíonn na dlíthe agus buiséid aontaithe i dtionól aon seomra reachtaigh. 

Tá gach maoracht foroinnte ina gCathracha agus Ceantair. Bhíonn na Ceantair foroinnte i mbailte agus sráidbhailte.  

Tá an sráidbhaile níos mó ná an lonnaíocht féin toisc gur fo-roinn den cheantar faoin tuath (郡 gun) é. De bharr comhnascadh, tá an méid sráidbhailte sa Seapáin ag dul i laghad. 

Tá leagan amach na Limistéir Riaracháin ag dul tríd athbhreithniú le cathracha, bailte agus sráidbhailte á cónascadh le chéile. Tá sé mar sprioc ná an méid limistéar fo-maoracht a ísliú agus costais riaracháin a ísliú dá bharr. 

Tá an tSeapáin roinnte i Réigiún; ní limistéir riaracháin oifigiúil iad ach tá siad in úsáid go traidisiúnta chun an tSeapáin a roinnt. Tá ocht réigiún ann sa tSeapáin.




#Article 8: Vicipéid (320 words)


Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid (i.e. Wikipedia agus na tionscnaimh ata ag gabháil leis) agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc. 

Scríobhadh an chéad alt sa leagan Gaeilge i mí Eanáir 2004 agus faoi láthair tá  alt ann.

Comhfhocal a tháinig ón bhfocal Havaíoch wiki (scioptha) agus ón bhfocal Béarla encyclopedia is ea Wikipedia, agus tháinig sé ar an bhfód sa bhliain 2000
Moltar go láidir d'eagarthóirí cloí le dearcadh neodrach sa tslí is go ndéantar achoimriú neamhchlaonta de thuairimí éagsúla ar an ábhar.
 

Is minic a luaitear an Vicipéid sna meáin agus sa saol acadúil. Mar sin féin, bíonn conspóidí ar siúl faoin Vicipéid mar shaothar tagartha. Tá moladh agus cáineadh faighte aici maidir leis an tslí a ndáiltear agus a n-eagraítear í, leis an méid topaicí atá aici agus lena cuid ilteangachais. Tá sí an-oscailte agus is féidir loitiméireacht a dhéanamh uirthi, gan trácht ar í a dhul i mbaol an mhíchruinnis agus na neamh-chomhsheasmhachta, cé go mbíonn na riarthóirí san airdeall ar a leithéidí. 

Locht mór eile a chuirtear ina leith is ea an easpa ban atá uirthi mar riarthóirí agus mar scríbhneoirí. Fágann sé seo a rian ar an gcaoi a gcaitear le mná mar ábhar eolais. Is beag aird a thugtar orthu, mar shampla, i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta. Tá sé áitithe mura bhfuil beathaisnéis fhónta mná ar an Vicipéid go síltear nach cuid suntais í, rud is cúis le himeallú féinchothaithe. 

Tá an Wikipedia Foundation buartha faoi seo agus tá tréaniarracht á déanamh ar mhná a mhealladh isteach, cé gur beag rath atá ar an obair go dtí seo.




#Article 9: Gaelscoil (469 words)


Scoil lasmuigh de Ghaeltacht na hÉireann nó na hAlban ina n-úsáidtear Gaeilge mar mheán teagaisc í Gaelscoil, agus i bhformhór na gcásanna bíonn páistí den dá inscne ag freastal uirthi. 

Ós rud é gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga, foghlaimíonn na daltaí go mear agus go líofa í agus bíonn siad dátheangach laistigh de chúpla bliain. Anuas air sin, léiríonn suirbhéanna éagsúla go mbíonn caighdeán oideachais níos fearr ag daltaí na scoileanna seo ná mar a bhíonn ag formhór na scoileanna in Éirinn. 

Aithníonn teangeolaithe go bhfuil an dátheangachas ina bhuntáiste do pháistí, agus go gcabhraíonn sé leo a bheith níos fearr ag foghlaim teangacha.   Léiríonn taighde gur fearr an tuiscint ag gasúir dhátheangacha ar thréithe an duine daonna ná gasúir aonteangacha  = Bíonn an tuiscint ar an saol ag gasúir dhátheangacha éagsúil ón tuiscint a bhíonn ag gasúir aonteangacha

Ba é Pádraig Mac Piarais a chuir tús leis an scolaíocht dhátheangach i gColáiste Éinne lasmuigh den nGaeltacht ag tús an fichiú haois, agus bhí scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú ar fud Shaorstát Éireann agus na Poblachta ó shin i leith. 

Bunaíodh eagraíocht nua,  Gaelscoileanna Teo., i 1973 chun scoileanna nua a bhunú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. In ainneoin go leor deacrachtaí bunaíodh a lán scoileanna nua ar fud na hÉireann. 

Bhí sé le maíomh sa bhliain 2005 go raibh gaelscolaíocht ar fáil i ngach aon chontae sa tír, nuair a bunaíodh an chéad ghaelscoil i gContae Liatroma, an t-aon chontae a raibh sí in easnamh air go dtí sin.

Má chuirtear gaelscolaíocht Thuaisceart Éireann san áireamh, tá 171 bunscoil agus 7 aonaid bunscoil agus 31 meánscoil agus 17 aonaid dara-leibhéal lán-Ghaelach ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht ag deireadh 2017, le breis is 50,000 dalta. Tá breis is 13,000 dalta ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge ag an mbun agus dara-leibhéil sa Ghaeltacht freisin.

Bunscoileanna is mó atá ag múineadh trí Ghaeilge ach tá fás ag teacht de réir a chéile ar líon na meánscoileanna sé sin  Gaelcholáistí nó aonaid Ghaeilge mar a thugtar dóibh a n-oibríonn trí mheán na Gaeilge freisin. 

Is í an eagraíocht Gaeloideachas an t-ainm nua ar Ghaelscoileanna Teo. ó 2016 a chuireann an ghaelscolaíocht chun cinn ar fud na hÉireann. Déanann an eagraíocht An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta  Gaelscolaíochta nó  COGG ionadaíocht agus freastal orthu i bPoblacht na hÉireann freisin. Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal i bPoblacht na hÉireann.

Bunaíodh an chéad Ghaelscoil i dTuaisceart na hÉireann sna 1970idí faoin ainm Scoil Phobal Feirste i nGaeltacht Sheoige an t-aon Ghaeltacht i dTuaisceart Éireann.  Tá breis is 6,000 dalta i dTuaisceart Éireann ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge anois. Déanann Gaeloideachas Teo. agus  Comhairle na Gaelscolaíochta freastal agus ionadaíocht ar 
Gluaiseacht na nGaelscoileanna i dTuaisceart Éireann.




#Article 10: Seacláid (126 words)


Is í seacláid ná an gnáth-chomhábhar ina lán milseán — an comhábhar is coitianta. Is as síolta an chrainn cócó (Theobroma cacao) a dhéantar í. Cuireann an foclóir síos ar an substaint cócó mar seacláid, agus bia le blas gangaideach láidir (nach bhfuil milis). Tá dhá phairt sa phónaire cócó: is é an cócó an solad sa phónaire cocoa, is é an t-im cócó an tsaill, agus is meascán de na substaintí í an tseaclaid. Bíonn siúcra agus ábhair eile á gcur isteach freisin agus bíonn siad á n-ullmhú ina mbarra seacláide nó ina ndeochanna (seacláid the). Tugann daoine bosca seacláidí mar bhronntanas go minic.

Faightear an tseacláid ina lán saghasanna agus cainníochtaí.

Tá comhábhair eile ann a chuirtear sa tseacláid ar nós cnónna nó caramal.




#Article 11: Cócaireacht (155 words)


Is í an chócaireacht an t-athrú a dhéantar ar bhia, de ghnáth tré theas a chur faoi. Is féidir cócaireacht a dhéanamh le tine a ullmhaíodh le hadhmad, le móin, le gual, le gás nó le leictreachas.
Déantar cócaireacht ar bhia chun é a dhéanamh níos éasca le cogaint agus le próiseáil ag an gcorp, chun é a dhéanamh sábháilte trí fhrídíní a mharú, nó chun feabhas a chur ar bhlas an bhia. 
Tá iliomad bealaí le cócaireacht a dhéanamh. Mar shampla, féadtar róstadh, friochtáil, bácáil, beiriú, friochadh domhain, mallbheiriú nó scalladh a dhéanamh ar an mbia. Déantar ullmhúchán ar bhianna freisin le galú, deatú nó crochadh ar feadh scaithimh, cé gur leasú seachas cócaireacht a thugtar de ghnáth ar an dá mhodh dheireanacha.

Go ginearálta, déantar cócaireacht i gcónaí ar fheoil, iasc agus uibheacha, le heisceachtaí tábhachtacha, go háirithe iasc i gcócaireacht na Seapáine, agus deatú agus crochadh le hispíní áirithe agus le hiasc.




#Article 12: George W. Bush (236 words)


Fear gnó agus polaiteoir Meiriceánach é  (6 Iúil, 1946 a rugadh é), a bhí mar 43ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Tháinig sé i gcomharbacht ar Bill Clinton sa bhliain 2001. Toghadh George W. Bush ina uachtarán ar SAM den chéad uair ar 7 Samhain 2000, agus bhí an-chuid conspóide faoi áireamh na vótaí ag an am.

Bhí a chéad tréimhse feidhmeannais caite aige i 2005, agus toghadh don dara tréimhse é i mí Dheireadh Fómhair, 2004. Tháinig Barack Obama i gcomharbacht air sa bhliain 2009.

Ba é Bush 46ú Gobharnóir Texas ó 1995 go 2000, agus is ball saoil den Pháirtí Poblachtach é. B'uachtarán a athair roimhe, George H. W. Bush, agus is Gobharnóir deartháir leis, Jeb Bush, i bhFlorida.

Rugadh i New Haven, Connecticut i 1946 é. Is iad George H. W. Bush agus Barbara Bush a thuismitheoirí. D'fhás sé suas i Midland agus Houston, Texas lena dheartháireacha Jeb, Neil, agus Marvin agus a dheirfiúr Dorothy. Bhí deirfiúr eile aige, Robin, ach fuair sí bás agus í trí bliana d'aois.

D'fhreastail sé ar an ardscoil Phillips Academy, agus fuair sé a chuid oideachais tríú leibhéal in Ollscoil Yale.

Bhí Bush ciontaíodh le tiomáint ólta i Maine i 1976 . Phós sé Laura Welch i 1977. Rugadh cúpla d'iníonacha, Barbara agus Jenna, i 1981 díobh. I 1986, agus é 40 bliain d'aois, d'fhág sé an Eaglais Easpagóideach agus chuaigh isteach san Eaglais Mheitidisteach, sainchreideamh a mhná.




#Article 13: Idirlíon (119 words)


Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.

Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon. Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo. 

I measc na seirbhísí is mó a úsáidtear ar an Idirlíon, tá: 

I measc na seirbhísí nach bhfuil in úsáid chomh mór sin níos mó, tá:

I measc na réimsí úsáide atá ag an Idirlíon, tá:

Bíonn roinnt roghanna ar fáil le ceangal leis an Idirlíon. Níl gach rogha ar fáil i ngach áit. I measc na roghanna atá ar fáil, tá:




#Article 14: Stáit Aontaithe Mheiriceá (6323 words)


Poblacht bhunreachtúil chónaidhme ina bhfuil caoga stát agus ceantar cónaidhme amháin is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá nó SAM, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar domhan. Tá caoga stát ar fad ann. Is é Alasca an ceann díobh is mó achar, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra.

Tá na Stáit Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de ar an gcuid eile dár bpláinéad. Aithnítear tionchar na luaineachtaí eacnamaíocha sna Stáit Aontaithe ar gheilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláir teilifíse de dhéantús na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di. 

Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh. Tá dhá stát ann agus iad scartha ón mbloc seo, mar atá, Stát Haváí, ar oileánra é san Aigéan Ciúin, agus Stát Alasca, a bhfuil stiall chaol de thailte Chúige An Cholóim Bhriotanach, Ceanada, idir é agus Stát Washington.

Stát daonlathach liobrálach is ea na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aimseartha. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó dream eitneach ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tír le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh.

Ceaptar gurbh as an Áise a tháinig sinsir bhundúchasaigh Mheiriceá go dtí an tOileán Úr. Thosaigh siad ag lonnadh ann am éigin i ndiaidh 12,000 RC. D'éirigh le roinnt phobal bundúchasach leibhéal an-ard cultúrtha a bhaint amach i gcúrsaí curadóireachta, ailtireachta agus státaireachta, cosúil le cultúr Mississippi a bhí faoi réim sna blianta 1500-800 RC, a bheag nó a mhór.

I 1492, shroich an taiscéalaí Genovach Criostóir Colambas, a bhí faoi chonradh ag Coróin na Spáinne, roinnt oileán i Muir Chairib. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil mar Naomh Breandán agus Lochlannaigh ann roimhe ón Eoraip. (Tá sé cinnte go ndeachaigh na Lochlannaigh chomh fada sin ó dheas le Talamh an Éisc). Sna blianta i ndiaidh theacht Cholambais, pé ar bith scéal é, fuair formhór na ndaoine dúchasacha bás de bharr eipidéimí na ngalar Eoráiseach.

Ar 2 Aibreán 1513, tháinig an conquistador Spáinneach Juan Ponce de León i dtír ar La Florida, mar a bhaist sé air. Ba é sin an chéad teacht Eorpach ar mhórthír na Stát Aontaithe a bhfuil tásc air sna cáipéisí. As na coilíneachtaí bunaithe sa réigiún ag an Spáinn, ní mhaireann ach St. Augustine, a bunaíodh sa bhliain 1565, sa lá atá inniu ann. Chruthaigh trádálaithe Francacha na bhfionnaigh urphoist timpeall na Lochanna Móra; sa deireadh d’éiligh an Fhrainc an chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh go dtí Murascaill na Meicsiceo sa deisceart. Ba iad Coilíneacht Virgina, a bunaíodh i Jamestown i 1607, agus Coilíneacht Plymouth na n-Oilithreach, a bunaíodh i 1620, ceann de céad áiteanna lonnaithe rathúla na Sasanach. Bhí a lán inimirce de thoradh chairtfhostú na Coilíneachta Bhá Mhassachusetts i 1628. Thairis sin, bhí Sasana Nua lonnaithe le timpeall 10,000 Piúratánach faoin mbliain 1634. Idir deireadh na 1610-idí agus Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá, chuir timpeall 50,000 ciontach go dtí na coilíneachtaí a bhí ag Sasana, agus níos moille an Bhreatain Mhór, i Meiriceá. Thosaigh muintir na hOllainne ag bunú áite lonnaithe feadh theorainn theas Abhann Hudson, Amsterdam Nua ar Oileán Manhattan san áireamh. Bunaíodh áit lonnaithe beag le taobh na nAbhann Delaware i 1638, dár n-ainm An tSualainn Nua, ach glacadh an áit sin ar láimh leis na hOllannaigh i 1655.
 
I 1674, bhí na Sasanaigh i gceannas ar na sean-choilíneachtaí Ollannacha; mar sin, athraíodh ainm chúige Nua Ísiltír go dtí Nua-Eabhrac agus New Jersey. Tháinig a lán seirbhísigh féichiúnaigh go dtí an tír – go háirithe sa deisceart. Idir 1630 agus 1680 bhí dhá thrian de na hinimircigh ina seirbhísigh féichiúnaigh. Ag críoch na haoise, bhí sclábhaithe Afracacha ag éiriú príomh-fhoinse an saothair banna. Chruthaigh na 13 coilíneacht Bhriotanacha, a n-éireodh Stáit Aontaithe Mheiriceá, le deighilt na Carolinas i 1729 agus coilíniú Georgia i 1732. Bhí rialtais áitiúla ag gach coilíneacht agus chomh maith leis sin bhí ciall an fhéinrialtais acu le tacaíocht do phoblachtachas. Bhí trádáil na sclábhaithe Afracach dleathach sna 13 coilíneacht, leis. Le hardrátaí beireatais, rátaí báis ísle agus inimirce seasta, dhúbáil daonra na gcoilíneachtaí gach 25 bliain. Faoin mbliain 1770, bhí 3 mhilliún duine ina gcónaí sna coilíneachtaí – timpeall leath dhaonra na Breataine. Cé go ngearrfaí cánacha orthu, ní raibh aon ionadaithe féin acu sa Pharlaimint i Londain—diabhal cánacha gan ionadaíocht, mar a dúirt na ceannairceoirí féin.

Bhí a lán teannais idir muintir na gcoilíneachtaí agus na Sasanaigh i rith an tréimhse réabhlóidigh (1760-1770). Mar sin, tháinig Comhdháil Mhór-Roinn i bhPhiladelphia ar 14ú Iúil, 1775 agus chruthaigh siad an tArm Ilchríochach as na mílístí áitiúla. Cuireadh na fórsaí faoi cheannas George Washington. Ghlac an Chomhdháil leis an bhFógra Neamhspleáchais ar 4ú Iúil, 1776. Dar leis an bhFógra, “cruthaítear gach fear go cothrom” agus tá “cearta doshéanta áirithe” acu. Bhí an Fógra dréachtaithe le Thomas Jefferson agus ghlaoigh sé “stáit” ceannnasachta ar na coilíneachtaí. 

I 1777, glacadh Airteagail na Cónaidhme a aontaigh na stáit faoi rialtas feidearálach lag. Mhair sé sin go dtí 1788. 

D’éalaigh idir 70,000-80,000 daoine a bhí dílis don Choróin Bhriotanach, a lán acu ag tabhairt aghaidh ar Nova Scotia agus na críocha Briotanacha nua i gCeanada. Maidir leis na Meiriceánaigh dhúchasacha, throid siad ar dhá thaobh an chogaidh.

Fuair na fórsaí Meiriceánacha cabhair ó na Francaigh agus sa deireadh, bhuaigh siad an cogadh ar 3 Meán Fómhair 1783. I 1783, ghlac An Bhreatan Mhór le neamhspleáchas na 13 coilíneacht. 

Ceithre bliana níos moille, sa bhliain 1787, eagraíodh coinbhinsiún bunreachtúil. Bhí sé ar intinn ag na teachtaí rialtas náisiúnta láidir a chruthú.

I Mí Meithimh 1788, bhí Bunreacht na Stát Aontaithe daingnithe ag naoi stát. Bhí sé sin a ndóthain chun rialtas nua a chruthú. Mar sin, chuaigh an chéad Seanad, céad Teach na n-Ionadaithe, agus an chéad Uachtarán, George Washington, i mbun dualgas sa bhliain 1789. 

Dearbhaíodh Nua Eabhrac mar phríomhchathair fheidearálach ar feadh bliain amháin. Ina dhiaidh sin, bhog an rialtas go dtí Philadelphia. 

I 1791, daingníodh Bille na gCeart, is é sin, deich leasú a cuireadh leis an mBunreacht. Thug na leasuithe sin roinnt chosaint dhlíthiúil do na daoine – mar shampla, ní raibh cead ag an rialtas feidearálach srianta a chur ar shaoirse phearsanta na ndaoine. Bhí clásal sa Bhunreacht ag cosaint na sclábhaíochta suas go dtí 1808. Ach bhí dearcaigh faoi sclábhaíocht ag athrú, áfach. Mar sin, dhíothaigh na Stáit Thuaidh an sclábhaíocht idir 1780 agus 1804. Ach fós mhair na stáit sa deisceart mar chosantóirí na “hinstitiúide aisteach” seo. I 1800, bhog an rialtas feidearálach go dtí an chathair nua, Washington, D.C.

I rith an naoú haois déag, thosaigh na Meiriceánaigh ag bogadh siar agus mar sin bhí a lán cogadh idir iad féin agus na Meiriceánaigh dúchasacha. I 1803, cheannaigh an t-Uachtarán Thomas Jefferson a lán críocha ó na Francaigh (“An Ceannach Louisiana”) agus de réir sin, dúbhaileadh méid an náisiúin. Chomh maith leis sin, tharscaoil An Spáinn talamh timpeall Florida mar gheall ar ionsaithe ó na fórsaí Meiriceánacha sa cheantar. I 1845, fuair an tír Poblacht na Texas, leis. Sínigh na Stáit Aontaithe Conradh an Oregan leis na Sasanaigh agus de bharr sin, fuair siad smacht thar Iarthuaisceart Mheiriceá. Bhuaigh na Stáit Aontaithe an Cogadh Meicsiceo-Meiriceá freisin agus fuair siad California agus a lán talaimh in Iardheisceart na tíre. Idir 1848-49, cheap a lán daoine go raibh ór i gCalifornia agus bhí níos mó inimirce siar. De dheasca sin, tógadh iarnróid nua. Ach bhí dochar ag baint leis sin mar maraíodh suas go 40 milliúin bison Meiriceánacha dona gcraiceann, bhfeoil agus chun spás a chruthú do na hiarnróid. Bhí sé sin go huafásach do chultúr na nIndiach ar na plánaí mar ba phríomh-seift iad na bison dóibh.

Bhí a lán teannais idir na saorstáit agus na stáit sclábhaíochta. Chomh maith leis sin bhí easaontais faoin gcaidreamh idir an rialtas stáit agus an rialtas feidearálach. I 1860, toghadh Abraham Lincoln, iarrthóir don Pháirtí Poblachtach a bhí i gcoinne sclábhaíochta. Sar a ndeachaigh sé i mbun dualgas, d’fhógair seacht stát sclábhaíochta a neamhspleáchas ó na Stáit Aontaithe agus chruthaigh siad Stáit Cónaidhme Mheiriceá. Dhearbhaigh an rialtas feidearálach gur scaradh mídhleathach a bhí ann. Nuair a ionsaíodh Dún Sumter, thosaigh Cogadh Carthartha Mheiriceá agus chuaigh ceithre stát eile i gcomhar leis an gCónaidhm. Saoradh na sclábhaithe cónaidhme agus a bhog fórsaí an Aontais tríd an Deisceart. Tar éis bua an Aontais i 1865, cuireadh trí leasú le Bunreacht na Stát Aontaithe a shaor beagnach ceithre milliúin Meiriceánaigh Afracacha a bhí ina sclábhaithe. Anois, ba shaoránaigh iad na Meiriceánaigh Afracacha agus bhí cead acu vótáil. Mar gheall ar an chogaidh, bhí níos mó cumhachta ag an rialtas feidearálach.

Ceann de na gníomhartha deireanach den Chogadh Carthartha ná feallmharú an Uachtaráin Lincoln. De thoradh sin, d’éirigh polasaithe na hAtógála, sin polasaithe an Pháirtí Phoblachtaigh níos radacaí. Chríochnaigh Ré na hAtógála leis an gComhréiteach i 1877. Réitigh an Comhréiteach sin an díospóid maidir le toghchán an uachtaráin i 1876. Ach chaill mórán Meiriceánach Afracacha a gceart vótála, áfach, de bharr dlí Jim Crow. I dtuaisceart na tíre tharla a lán inimirce agus de dheasca sin, thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch. Mhair an plódú inimirce sin go dtí 1929. Sholáthair an lucht oibre sin saothar do ghnóthlachtaí Meirceánacha agus d’athraigh sé an cultúr Meiriceánach. Ceannaíodh Alasca ón Rúis sa bhliain 1876 agus ansin bhí fairsingiú na tíre trasna na mór-roinne críochnaithe. Sa bhliain 1893, bhris grúpa Meiriceánaigh an mhonarcacht dhúchasach in Haváí agus sa bhliain 1898 rinneadh nasc-ghabháil ar an oileánrach.

Ag tús an Chéad Chogaidh Domhanda i 1914, bhí na Stáit Aontaithe neodrach. Rinne na Meiriceánaigh comhbhrón leis na Sasanaigh agus leis na Francaigh, ach bhí a lán saoránaigh, go háirithe Éireannaigh agus Gearmánaigh i gcoinne idirghabhála. Ach i 1917, ghlac na Stáit Aontaithe páirt sa chogadh leis na comhghuaillithe. Níor theastaigh ó na Stáit Aontaithe a bheith gafa i gcúrsaí Eorpacha, agus mar sin, níor daingníodh an Seanad an Conradh Versailles. Chruthaigh an Conradh sin Conradh na Náisiún.

I 1920, bhí bua ag gluaiseacht na mban mar chuir leasú leis an mbunreacht a dheonaigh vótáil chomhchoiteann dhíreach do mhná. As siocair a gcuid seirbhíse sa chogadh, fuair Meiriceánaigh dhúchasacha saoránacht Mheiriceánach de réir Acht Saoránachta na n-Indiach, 1924.

I rith an chuid is m
ó de na 1920idí, bhain na Stáit Aontaithe sult as rathúnas míchothrom mar d’ísligh brabúis feirme agus d’fhás brabúis tionsclaíochta. Ba iad ardú i bhfiach agus stocmhargadh boilscitheach príomhchúiseanna na tuairte i 1929. Ba é an tuairt sin a chur tús leis an Spealadh Mór. Toghadh ina hUachtarán Franklin D. Roosevelt i 1932 agus chruthaigh sé an Beart Nua. Iomad polasaí a bhí ann a mhéadaigh idirghabháil an rialtais san eacnamaíocht. Bhí a lán feirmeacha ar míbhail sna 1930idí de réir an Babhla Deannaigh. De dheasca sin, tharla a lán inimirce nua thiar. Ní bhfuair an tír biseach ón spealadh go dtí go ndeachaigh siad isteach sa Dara Cogadh Domhanda. Cé go raibh na Stáit Aontaithe neodrach go héifeachtach i rith céime luath an chogaidh, thosaigh siad ag soláthar ábhair chogaidh do na comhghuaillithe i Mí Mhárta 1941 de réir an chláir Iasacht-Léas.

Ar an 7 Nollaig 1941,tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin. Ba é an dara Cogadh Domhanda an cogadh ba chostasaí ar fud stair Mheiriceá; ach fós mhéadaigh eacnamaíocht na Stáit Aontaithe mar cruthaíodh a lán infheistíochtaí agus post. Tionóladh comhdháil chomhghuaillithe i mBretton Woods agus i Yalta agus tugadh mionchuntas ar córais idirnáisiúnta nua a chuir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach i lár cúrsaí domhain. I ndiaidh bua san Eoraip, tionóladh comhdháil idirnáisiúnta i San Francisco a sholáthair Cairt na Náisiún Aontaithe. Ba í Meiriceá an chéad tír ar domhain chun airm núicléacha a fhorbairt agus d’úsáid siad na hairm sin ar dhá chathair sa tSeapáin, Hiroshima agus Nagasaki, i Mí Lúnasa. Ghéill an tSeapáin ar an dóú de Mheán Fómhair agus chuir sé sin críoch leis an gcogadh.

Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile. Bhí an dá thír sin, nó mórchumhachtaí mar a ghlaodh orthu, gafa i gcúrsaí míleata na hEorpa trí mheán ECAT agus Chomhaontú Vársá. Thacaigh an dá mhórchumhacht sin deachtóireachtaí agus ghabh siad le cogaidh ionadaí. Throid trúpaí na Stát Aontaithe i gcoinne fórsaí cumannacha na Síne i gcogadh na Cóiré i rith 1950-53. Ghabh an House Un-American Activities Committee (sin é An Coimisiún um Ghníomhaíochtaí Fhrith-Mheiriceánacha) sraith imscrúduithe ar dhaoine faoi amhras a bheith ina gcumannaigh. D’éirigh Joseph McCarthy ina cheannaire ar an maoithneachas frith-Chumannaí sin.

Lainseáil an tAontas Sóivéadach an chéad spásárthach le duine ar bord sa bhliain 1961 agus mar sin rinne na Stáit Aontaithe iarracht oilteacht i matamaitice agus eolaíocht a ardú. Theastaigh ón Uachtarán John F. Kennedy duine a chur ar an nGealach roimh aon tír eile agus mar sin, i 1969 bhí Neil Armstrong agus Edwin Aldrin ar an chéad bheirt a bhain an Ghealach amach. Bhí ar Kennedy déileáil leis an éigeandáil núicléach le fórsaí Sóivéadacha chomh maith. Idir an dá linn d’fhás eacnamaíocht Mheiriceá. Ach ag an am céanna, bhí a lán Meiriceánaigh Afracacha suntasacha, mar Martin Luther King, i gceannas ar Ghluaisteacht na gCearta Sibhialta. Chuaigh an ghluaisteacht sin i ngleic le idirdhealú na ndaoine. Sa deireadh, d’éirigh leis an ngluaisteacht na dlíthe Jim Crow a dhíothú. I ndiaidh feallmharú Kennedy i 1963, glacadh Acht na gCearta Sibhialta, 1964 ag Uachtarán Lyndon B. Johnson. Leathnaigh a chomharba, Richard Nixon, na cogaidh in Oirdheisceart na hÁise. Cuireadh dlús le próiseas na síochána ach lean Cogadh Vítneam ar aghaidh go dtí 1975.

De thoradh scannail Watergate, cuireadh roinnt chúiseamh i leith Nixon, lena n-áirítear bacadh ceartais agus mí-úsáid cumhachta. Mar sin, thiocfadh dó gur cuireadh táinseamh air agus chun é sin a sheachaint, ba é Nixon an chéad Uachtarán Meiriceánach riamh a éirigh as oifig; chuaigh Leasuachtarán Gerald Ford i mbun dualgas. I rith uachtaránacht Jimmy Carter ag deireadh na 1970idí, chuaigh eacnamaíocht Mheiriceá in olcas. Nuair a tóghadh Ronald Reagan i 1980, bhog polaitíocht Mheiriceá go dtí an taobh deas. Bhí sé sin brathmhar in eacnamaíocht na tíre mar athraíodh tosaíochtaí maidir le cánachas agus caitheamh. I rith na 1980idí laghdaigh cumhacht an Aontais Sóivéadaigh. Ag tús na 1990idí, bhain an chuid is mó de na Poblachtaí Sóisialacha a neamhspleáchas amach agus mar sin tháinig an Cogadh Fuar chun crích.

Ghabh na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe le ról ceannaireachta sna Náisiúin Aontaithe. Cheadaigh George H. W. Bush Cogadh na Murascaille agus Cogaidh na hIúgslaive agus bhí sé soiléir gur mórchumhacht deireadh ar domhain ab ea na Stáit Aontaithe. Mothaíodh an leathnú eacnamaíochta ba mhó i rith stair nua-aois Mheiriceá idir Márta 1991 go Márta 2001. Bhí na huachtaráin George H.W. Bush, Bill Clinton agus George W. Bush in oifig sa tréimhse sin. I 1998, tháinsíodh Clinton ar chúisimh a bhain le cúis dlí sibhialta agus scannal gnéasach, ach shaor an Seanad é agus d’fhan sé in oifig.

I rith na 1990idí, bhí méadú i sceimhlitheoireacht Ioslamach i gcoinne Meiriceánach – go háirithe ó ghrúpaí mar al-Qaeda. Bhí ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda sa bhliain 1993, ionsaí ar fórsaí Meiriceánacha sa tSomáil, an bhuamáil ar na Túir Khobar i 1996, na buamáilí ar ambasáid Mheiriceá sa Tansáin agus sa Chéinia, na ceilgí chun ionsaí a dhéanamh i 2000, agus an bhuamáil i 2000 ar an USS Cole sa Phoblacht Éimin i Mí Deireadh Fómhair. Fadhb mhór a bhí ag baint le réim Saddam Hussein san Iaráic – go háirithe do chomharsanna na hIaráice agus do na Náisiúin Aontaithe. De thoradh sin, chuir an NA roinnt smachtbhannaí ar an Iaráic agus bhí na Sasanaigh agus na Meiriceánaigh ar patrol i limistéireachtaí no-fly na hIaráice agus tharla Feachtas Desert Fox. Glacadh Acht Shaoradh na hIaráice, 1998, a bhí ag lorg réim Saddam Hussein a bhriseadh agus córas daonlathach a chur ina ionad.

Ba é toghchán na huachtaráin i 2000 ceann de na toghcháin ba chonspóidí riamh i Meiriceá ach, sa deireadh, toghadh George W. Bush. Ar 11ú Meán Fómhair 2001, bhuail sciemhlitheoirí al-Qaeda dá thúr an Ionaid Thrádála Dhomhanda i gcathair Nua-Eabhrac agus An Peinteagán in aice Washington, D.C.. Maraíodh timpeall 3000 daoine. Tar éis na hionsaithe, d'fhógair George W. Bush cogadh ar sceimhlitheoireacht agus bhí tacaíocht an Chomhphobail Idirnáisiúnta á lorg aige. Ag deireadh 2001, thosaigh Feachtas Enduring Freedom agus an aidhm a bhí ag an bhFeachtas ná an rialtas Taliban agus campaí traenála al-Qaeda a bhriseadh ón Afganastáin. Sa lá atá inniu ann tá fórsaí Taliban fós ag troid i gcoinne fórsaí ECAT sa tír úd.

I 2002, thosaigh Bush ag úsáid teanga ó Acht Saoradh na hIaráice, 1998 agus an Riarachán Clinton chun athrú réime san Iaráic a éileamh. Bhí a lán tacaíocht ag Bush sna Stáit Aontaithe agus chruthaigh sé Coalition of the Willing (sé sin Comhcheangal Fonnmhar). Ba é a bhí i gceist leis an gComhcheangal ná na tíre a bhí ag tabhairt tacaíochta do na Stáit Aontaithe maidir leis an gcogadh san Iaráic, idir na tíre a thug tacaíocht mhileata agus na tíre a thug tacaíocht fhocal. I Mí Márta 2003, d’ordaigh Bush Feachtas Iraqi Freedom agus briseadh Saddam Hussein ón oifig. Cé go raibh brú ar na Stáit Aontaithe an Iaráic a fhágadh tá na Stáit Aontaithe agus a comhcheangal fós san Iaráic. Tá an comhcheangal ag traenáil armtha nua Iaráice sa lá atá inniu ann agus ag cabhrú forbartha eacnamaíochta agus bonneagair na tíre.

Sa bhliain 2008, i dtoghchán ina raibh John McCain ina hiarrthóir don Pháirtí Poblachtach agus Barack Obama ina hiarrthóir don Pháirtí Daonlathach, bhuaigh Obama. Is é Barack Obama an chéad Meiriceánach Afracach a bheith ina cheannaire don tír.

Is é achar talún na Stáit Aontaithe teorantach 7.7 milliún ciliméadar cearnach, is iad an tríú tír is mó sa domhain. Tá radharcra na tíre an-éagsúil, idir choillte agus chnoic san oirthear, phortaigh mhangróibh i bhFlorida, agus mhachairí móra i lár na tíre. Is í Nua-Eabhrac an chathair is mó.

Tá an tír ag críochantacht le Ceanada thuaidh agus le Meicsiceo theas.

Is iad na Stáit Aontaithe an chónaidhm mharthanach is sine ar domhain. Poblacht bhunreachtúil atá ann agus cosnaítear cearta neamhfhorleathana leis an ndlí. Is é an cóiriú rialtais ná daonlathach ionadaíoch, ach ní féidir le saoránaigh atá ina gcónaí sna críocha vóta a chaitheamh do hoifigigh feidearálacha. Tá an rialtas rialaithe le córas fíorú agus fuílleach atá sainmhíniú le Bunreacht na Stát Aontaithe. Is é an Bunreacht sár-dhoiciméad dlíthiúil na tíre agus feidhmíonn sé mar chonradh sóisialta do dhaoine na Stát Aontaithe. I gcóras feidearálach Mheiriceá, go hiondúil, tá saoránaigh ceangailte le 3 leibhéal rialtais: an rialtas feidearálach, rialtas an stáit, agus an rialtas áitiúil. De ghnáth tá dualgais an rialtais áitiúil roinnte idir rialtais chontae agus bhardasacha. I mbeagnach gach cás, toghtar oifigigh feidhmiúcháin agus oifigigh reachtacha trí vóta tromlach de cheantar. Níl aon ionadaíocht chionmhar ag an leibhéal feidearálach agus tá sé annamh ag leibhéil íochtaracha. Den chuid is mó, tá breithimh stáit agus feidearálacha ainmniú ag an mbrainse feidhmeannach agus ceadaithe ag an reachtas.

Tá trí bhrainse sa rialtas feidearálach, agus iad sách neamhspleách ar a chéile. Mar sin, coinníonn siad srianta le chéile, agus aon chraobh amháin obair an dá cheann eile a lochtú is a cheartú.

Tá 435 feisire i dTeach na nIondaithe. Déanann na feisirí sin iondaíocht ar son ceantair chomhdháile ar feadh thréimhse dhá bliana. Roinntear suíocháin an tí idir na caoga stáit de réir daonra gach deich mbliana. Dar leis an ndaonáireamh i 2000, tá ionadaí amháin ag seacht stát. Tá 53 ionadaí ag California, an stát is líonmhaire daonra. Tá beirt seanadóir ag gach stát. Toghtar na seanadóirí ar feadh thréimhse sé bliana. Toghtar trian de na seanadóirí gach dhá bhliain. Bíonn an tUachtarán i seilbh oifige go ceann ceithre bliana agus ní féidir le héinne a bheith ina nUachtarán ach faoi dhó. Ní thoghtar an tUachtarán le vóta lomdíreach, ach le córas indíreach, sin é toghcholáiste. Roinntear na vótaí maidir le stát. Tá 9 comhalta sa Chúirt Uachtarach agus bíonn siad i seilbh oifige go ceann a saol. Is é Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe ceannaire na Cúirte Uachtaraigh.

Tá dlí agus nós imeachta an rialtais feidearálaigh agus an rialtais stáit faoi réir athbhreithnithe ag na cúirteanna. Iompaítear aon dlí a rialaítear in aghaidh an dlí ag an mbrainse breithiúnach. Cruthaíonn buntéacs an Bhunreacht freagrachtaí agus struchtúr an rialtais feidearálaigh. Tugann an Bunreacht mionchuntas ar an gcaidreamh idir an rialtas feidearálach agus na stáit aonair, agus cúrsaí bunúsacha mar shampla údarás eacnamaíochta agus míleata. Cosnaíonn Airteagal a hAon an “eascaire mhór”, sin é habeas corpus, agus ráthaíonn Airteagal a Trí an ceart chun triail ghiúiré a fháil i gceann gach cás coiriúil. Is gá le trí ceathrú na stát leasuithe don Bhunreacht a cheadú. Tá 27 leasú sa Bhunreacht; is é Bille na gCeart ná an chéad deich leasú. Déanann Bille na gCeart agus an Ceithre Leasú Deag bonn na gceart sna Stáit Aontaithe.

Dar leis an ndaonáireamh a rinne Biúró an Daonáirimh i 2008, tá an daonra measta timpeall 304.516.00. Bhí timpeall 11,2 milliún inimirceach mídhleathach ar áireamh sa mheastachán sin. Bhí an ráta fháis 0,89% i gcomparáid le 0,16% - an ráta fhás san Aontas Eorpach. Tá an ráta breithe (14,16 as gach 1.000) 30% faoi mheán an domhain, ach tá sé níos airde ná aon tír Eorpach ach an Albáin agus Éire amháin. I 2006, deonaítear cónaí dlíthiúil ar 1,27 milliún inimirceach mídhleathach. Ar feadh fiche bliana, is é an Meicsiceo an tír a thagann an chuid is mó de na hinimircigh go dtí na Stáit Aontaithe; gach bliain ó 1998 is iad an tSín, an India agus na hOileáin Fhilipíneacha na hardthíortha a sheolann inimircigh. Is é an Meiriceá an tír thionsclaithe aonair ina bhfuil méadú mhór daonra réamhaithriseadh.

Tá daonra éagsúil ag na Stáit Aontaithe – tá níos mó ná milliún ball i 31 grúpa sinsear. Is iad na daoine geala an grúpa ciníoch is mó sa tír; is iad na Meiriceánaigh Gearmánacha, na Meiriceánaigh Éireannacha, agus na Meiriceánaigh Sasanacha na 3 grúpa sinsear is mó. Is iad na Meiriceánaigh Afracacha an mionlach ciníoch is mó agus an an tríú grúpa sinsear is mó sa tír. Is iad na Meiriceánaigh Áiseacha an dara mionlach ciníoch is mó sa tír agus na Sínigh agus na Filipínigh an dá grúpa sinsear is mó sa mhionlach sin. I 2006, bhí timpeall 4,5 milliún daoine le sinsir Mheiriceánaigh dhúchasacha nó sinsir Alascacha (agus 2,9 milliún daoine den sinsear sin amháin) agus níos mó ná milliún daoine le sinsir ó Haváí nó Oileán Chiúin (0,5 milliún daoine den sinsear sin amháin). Treocht mhór atá sna Stáit Aontaithe sa lá atá inniu ann ná fás an daonra Mheiriceánaigh Laidineacha. Tá amuigh is istigh ar 44 milliún Meiriceánaigh de shliocht Spáinneach, agus tá timpeall 64% le sinsear Mheicsiceacha. Idir 2000 agus 2006, d’fhás daonra Spáinneach na tíre le 25,5% ach níor fhás an daonra Easpáinneach ach 3,5%. Tháinig an chuid is mó den fhás sin ó hinimirce. I 2004, rugadh 12% den dhaonra Mheiriceánach i dtíortha iasachta, agus níos mó ná leath an uimhire sin ón Meiriceá Laidineach.

Cónaíonn timpeall le 83% den dhaonra i gceann de na 363 limistéar cathrach. I 2006, bhí daonra thar 100.000 daoine i 254 áit chorpraithe sna Stáit Aontaithe, agus bhí níos mó ná milliún cónaitheoir i 9 gcathair agus thar 2 mhilliún cónaitheoir i 4 cathair (Nua Eabhrac, Los Angeles, Chicago, agus Houston). Tá caoga limistéar cathrach sna Stáit Aontaithe le daonra thar milliún daoine.

Is é an Béarla an teanga náisiúnta de facto. Cé nach bhfuil aon teanga oifigiúil ag an léibhéal feidearálach, cuireann roinnt dlíthe, mar na riachtanais do headóirsiú, caighdeán ar Bhéarla. Sa bhliain 2003, labhair timpeall 215 milliún duine, is é sin 82% den daonra thar 5 bliana d’aois, Béarla amháin sa bhaile. Labhair níos mó ná 10% den daonra Spáinnis sa bhaile. Mar sin, is í Spáinnis an dara teanga sa tír agus is í an teanga iasachta is mó a mhúintear freisin. Molann roinnt Meiriceánach stádas oifigiúil a chur ar an mBéarla, mar a bhfuil sé i 28 stát ar a laghad. Is teangacha oifigiúla iad Haváís agus Béarla in Haváí de réir dlíthe an stáit. Cé nach bhfuil teanga oifigiúil ag Nua-Mheicsiceo nó Louisiana, tá dlíthe ann chun úsáid Bhéarla agus Spáinnise a chur ar fáil do dhaoine i Nua-Mheicsiceo agus úsáid Bhéarla agus Fhraincise a chur ar fáil do dhaoine in Louisiana. I stáit eile, mar shampla California, ní mór doiciméid rialtais áirithe a fhoilsiú as Spáinnis chomh maith. Deonaíonn roinnt críoch aitheantas dá dteangacha dúchasacha in éineacht le Béarla: glactar le Samóis mar theanga oifigiúil eile i Samó Mheiriceá agus Chamorro mar theanga oifigiúil eile in Guam agus sna hOileáin Mariana Thuaidh. Is í Spáinnis an teanga oifigiúil i bPuerto Rico.

Go hoifigiúil, tír shaolta is ea na Stáit Aontaithe; ráthaíonn Bunreacht na Stát Aontaithe saoirse creidimh. Ní iniúchann an rialtas creideamh na Meiriceánach. Dar le suirbhé príobháideach a stiúradh i 2001, mhaígh 76,5% de Meiriceánaigh gur Chríostaí iad, síos ó 86,4% i 1990. Chleacht 52% de Mheiriceánaigh fásta ceann de na sainchreidimh Protastúnacha, agus bhí 24,5% de dhaoine ag cleachtadh Caitlicigh Rómhánaigh. An tuairisciú iomlán de Neamh-Chríostaí i 2001 ná 3,7%, suas ó 3,3% i 1990. Is iad na príomhchreidimh Neamh-Chríostaí ná Giúdachas (1,4%), Ioslam (0,5%), Búdachas (0,5%), Hiondúchas (0,4%) agus Uilíochas Aonadúil (0,3%). Idir 1990 agus 2001, dhúbháil an méid Moslamach agus Búdasach. Mhínigh 8,2% de dhaoine iad féin mar aindiachaí i 1990 agus d’ardaigh é sin go dtí 14,1% i 2001. Ach tá an méid sin fós níos lú ná i dtíortha iarthionsclaíocha eile mar shampla sa Bhreatan (44% i 2005) agus an tSualainn (69% i 2001, 85% i 2005).

Tá an t-oideachas poiblí Meiriceánach faoi stiúradh rialtais na stát agus pobail áitiúla, agus rialaíonn Roinn Oideachais na Stát Aontaithe an córas agus an Roinn ag baint úsáid as srianta ar dheontais feidearálacha. I ngach stát nach mór, tá ar pháistí freastal ar scoil ó 6 nó 7 mbliana d’aois (de ghnáth sin é Kindergarten nó Rang a hAon) go dtí 18 mbliana d’aois (go hiondúil ó Rang a Dó-Dhéag go dtí deireadh na meánscoile). Ceadaíonn roinnt stát daltaí an scoil a fhágáil agus iad 16 nó 17 mbliana d’aois. Cláraítear timpeall 12% de pháistí i scoileanna príobháideacha neamhsheicteacha nó i scoileanna paróisteacha. Faigheann thar 2% de pháistí oideachas sa bhaile. Tá a lán institiúidí oideachais ardleibhéil sna Stáit Aontaithe idir cinn  phríobháideacha agus phoiblí, agus tá cuid díobh thar a bheith iomaíoch. Chomh maith leis sin tá coláistí pobail le cáilíochtaí difriúla agus le polasaí oscailte maidir leis an gcead isteach. As Meiriceánaigh 25 bliain d’aois agus níos sine, bhain 84,6% díobh céim amach ó mheánscoil, d’fhreastail 52,6% ar choláiste éigean, fuair 27,2% díobh céim baitsiléara. Tá an bunráta litearthachta amuigh agus istigh ar 99%. Cuireann na Náisiúin Aontaithe innéacs oideachais de 0,97 ar na Stáit Aontaithe agus mar sin, tá sé ar dhá thír san 12ú áit is fearr ar domhan maidir le hoideachas.

Tá an t-ionchas saoil i Meiriceá (77.8 bliain) níos ísle ná an uimhir iomlán in Iarthar na hEorpa; tá an uimhir trí nó ceithre bliana níos ísle ná san Iorua, san Eilvéis agus i gCeanada. D’ísligh céimíocht na tíre maidir leis an ionchas saoil thar fiche bliain, ón 11ú áit go dtí an 42ra háit sa domhan. Tá an ráta mortlaíochta (6.37 as gach 1,000 daoine) sa 42ra háit as 221 tír, ar chúl gach tíre in Iarthar na hEorpa. Tá na rátaí marthanais maidir le hailse sna Stáit Aontaithe ar na rátaí is airde ar domhan. Tá timpeall is an tríú cuid de dhaonra aosach Mheiriceá murtallach agus tríú cuid breise róthrom; is é sin an ráta is airde sa domhan tionsclaithe agus dhúbháil an ráta sa deireadh 25 bliain. Measann gairmí sláinte gur eipidéim is ea diaibéiteas chineál 2 a bhaineann leis an otracht. Tá an ráta toirchis i measc déagóirí sna Stáit Aontaithe (79,8 as gach 1000) cheithre oiread níos mó ná san Fhrainc agus a chúig oiread níos mó ná sa Ghearmáin. Is féidir ginmhilleadh dlíthiúil a fháil sna Stáit Aontaithe ach is conspóid mhór pholaitiúil í. Cuireann a lán stát cosc ar chistiúchán poiblí don ghinmhilleadh. Tá roinnt dlíthe ann sna stáit chomh maith a chuireann cosc ar ghinmhilleadh san iarthéarma, ní foláir an ginmhilleadh a chur in iúl do thuismitheoirí maidir le déagóirí, agus uaireanta tá tréimhse feithimh ann sar is féidir an ginmhilleadh a fháil. Cé go bhfuil an ráta ginmhilltí ag laghdú, tá coibhneas ginmhilltí Mheiriceá (241 as gach 1000 breith beo agus 15 as gach 1000 bean idir 15-44) níos airde ná formhór na tíre in Iarthar na hEorpa.

Caitear níos mó ar an gcóras sláinte sna Stát Aontaithe ná mar in aon náisiún eile má tomhaistear é i gcaitheamh an duine agus i gcéatadán an OTN. Níl córas sláinte na Stát Aontaithe uilíoch murab ionann agus tíortha forbartha eile. Baineann an córas níos mó feidhm as cistiúcháin phríobháideacha. Sa bhliain 2004, d’íoc árachas príobháideach as 36% den chaiteachas sláinte pearsanta, íocaíochtaí-as-póca príobháideacha ar 15% agus rialtais feidearálacha, stáit agus áitiúla ar 44%. Sa bhliain 2000 chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte córas sláinte na Stát Aontaithe sa chéad áit ar domhan maidir le freagrachas, ach sa 37ú áit maidir le feidhmiú ginearálta. Is ceannaire iad na Stáit Aontaithe i nuála sláinte. I 2004, chaith earnáil neamhthionsclaíoch na Stát Aontaithe a trí oiread an duine ná an Eoraip ar thaighde bithleighis. Is iad billí leighis príomhchúis féimheachta pearsanta sna Stáit Aontaithe. I 2005, ní raibh árachas ag 46,6 milliún de Mheiriceánaigh, sin é 15,% den dhaonra. Is í príomhchúis an meathlú sin ná an laghdú in árachas sláinte atá urraithe ag fostóirí, a thit ó 62,6% i 2001 go 59,5% i 2005. Bhí amuigh agus istigh an tríú cuid de na daoine gan árachas ina gcónaí i líon tí le hioncaim bliantúla níos mó ná $50,000 agus leath na ndaoine sin le hioncam thar $75,000. Bhí tríú cuid eile de dhaoine i dteideal árachais sláinte poiblí ach ní raibh siad cláraithe. I 2006, d’éirigh Massachusetts an chéad stát chun árachas sláinte a shainordú; sa bhliain 2010 cuireadh tús le hiarracht le córas sláinte uilíoch a chur ar bun (Affordable Care Act, nó Obamacare, go comónta). Níor baineadh an cuspóir sin amach go hiomlán agus tá iarracht leanúnach ar siúl ag an pháirtí atá i seilbh an Tí Bháin agus an tSeanaid chun an córas nua seo a chur ar cheal.

Tá 58% de mhuintir na tíre os cionn 18 bliana d'aois pósta. Níor phós 25% den daonra riamh. 

I ndiaidh do roinnt stát póstaí comhghnéis a aithin, chuaigh an cás dlí Obergefell v. Hodges go dtí Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe agus thug an chúirt cead dó ar leibhéal náisiúnta (2015). Níl an polaigíneas dlíthiúil cé go mbíonn corr-iarracht ar siúl chun é a chleachtadh, go mór mhór in áiteanna in iarthar na tíre nó i measc imirceach.

Tá an t-uchtú comónta agus sách éasca a chur i bhfeidhm de réir an dlí i gcomparáid le tíortha eile san Iarthar. Agus 127,000 duine uchtaithe sa bhliain 2001 sna Stáit Aontaithe is féidir a rá go bhfuil leath den méid daoine uchtaithe ar domhan nach mór sa tír úd.

Tír ilchultúrtha is ea an Meiriceá agus cineál grúpaí eitneacha lena dtradisiúin agus luachanna féin ina gcónaí ann. Níl aon eitneach “Meiriceánach”; lasmuigh de dhaonra beag Meireacánach dúchasach, tháinigh beagnach gach Mericeánaigh nó a sinsir ar inimirce laistigh cúig céad. Is é an cultúr atá ag formhór na Meiriceánach ná príomhchultúr Meiriceánach – cultúr iartharach a thagann ó thraidisiúin imirceach Iarthar na hEorpa. Chuir na lonnaitheoirí Sasanacha agus Ollannacha tús leis an gcultúr sin. Bhí cultúr na Gearmáine, na hÉireann agus na hAlban tábhactach chomh maith. Ghlac príomhchultúr an Mheiriceá le hairíona áirithe ó sclábhaithe Mandé agus Wolof a tháinig ó Iarthar na hAfraice; d’fhorbair cultúr sainiúil Meiriceánach Afracach a bhí bunaithe ar thraidisiúin na sclábhaí Bantu a tháinig ó Lár-Afraic agus chuaigh sé sin i bhfeidhm ar an bpríomhchultúr chomh maith. Chomhtháthaigh Creole agus Cajun na Louisiana agus Hispanos an iardheiscirt agus an náisiún ag fairsingiú siar. Mar sin tháinig siad i dtadhall le cultúr an Mheicsiceo. Tháinig eilimintí chultúrtha nua leis an inimirce mhór sa 19ú haois agus tús an 20ú haois. D’fhéadfadh corcán leáite aonclineálach a ghlaoch ar an meascán chultúrtha sin nó babhla sailéid ina choinníonn na hinimircigh agus a sinsir a dtréithí cultúrtha sainiúla féin.

Cé go ndeireann cultúr Meiriceánach gur sochaí gan aicme atá ann sna SA, shainaithin eacnamaithe agus socheolaithe go bhfuil difríochtaí chultúrtha ann idir aicme na tíre agus téann sé sin i bhfeidhm ar teanga, luachanna agus rudaí eile. Is foinse iad an mheánaicme agus an aicme phroifisiúnta do treochtaí sóisialta mar fheimineachas, timpeallacht agus ilchultúrachas. Tá féiníomhá, déarcaigh sóisialta agus dóchais chultúrtha na Meiriceánach conasctha go géar lena ngairm. Cé go bhfuil luach mór ag baint le héacht eacnamaíochta, meastar gur airí dimhneach é a bheith i do ghnáthdhuine. Cé go bhfuil léargas ann go bhfuil soghluaisteacht sóisialta ard ag Meiriceánaigh, ceapann roinnt anailísí go bhfuil soghluaisteacht sóisialta níos lú sna SA ná in Iarthar na hEorpa agus i gCeanada.

I 1878, d’úsáid Eadweard Muybridge ceamraí iolracha chun gluaisteacht a tharraingt agus mar sin thaispeáin sé cumhacht ghrianghrafadóireachta. I 1894, taispeánadh céad taispeántas scannáin tráchtála an domhain i Nua Eabhrac ag baint úsáid as Kinetoscope Thomas Edison. Na blianta a leanas, bhí na Stáit Aontaithe ar thús cadhnaíochta an fhórais scannáin fuaime. Ó thús an fichiú haois, bhí tionscal scannáin na SA suite i agus timpeall Hollywood, California. Bhí baint ag an stiúrthóir D.W. Griffith le forás na gramadaí scannáin. 

Luaitear an scannán Citizen Kane (1941) le Orson Welles go minic i vótáilí criticeoirí mar an scannán is fearr riamh. Tá aisteoirí scannán mar John Wayne agus Marilyn Monroe ina n-íol, agus ba cheannaire é an léiritheoir/fiontraí Walt Disney i gcartúin agus earraí scannán. Rinneadh a lán scannán rathúla tráchtála mar Star Wars (1977) agus Titanic (1997) sna príomhstiúideo i Hollywood agus mar sin, tá scannáin Hollywood i gceannas ar thionscal scannáin an domhain sa lá atá inniu ann.

Is iad na Meiriceánaigh na breathnóirí is mó ar domhan agus tá an meánam a chaitheann siad os comhair na teilifíse ag méadú (5 uair an lae i 2006). Is eagrais tráchtála iad na 4 mórbhealach teilifíse go léir. Éisteann Meiriceánaigh leis an raidió, atá go mór tráchtála chom maith, ar feadh dhá huair go leith. Na suíomh idirlíon is coitianta, lasmuigh de suíomh tairsigh agus gléas cuardaithe, ná eBay, MySpace, Amazon.com, The New York Times, agus Apple. Coimeádann 12 milliún Meiriceánach blag.

Chuaigh stíl liriceach agus rithimeach an cheoil Afracaigh-Meiriceánaigh i bhfeidhm ar an gceol Meiriceánach. Glacadh eilimintí ó cheol mar na gormacha nó blues agus ceol seanaimseartha agus d’éirigh sé sin ina seánraí coitianta le lucht éisteachta domhanda. D’fhás snagcheol le ceoltóirí mar Louis Armstrong agus Duke Ellington ag tús an fichiú haois. Tháinig ceol tíre, RB agus roc is roll chun cinn sna 1920idí agus 1950idí. Le linn athbheochana an cheoil tíre, d’éirigh Bob Dylan ceann de na scríbhneoir cheoil is fearr sa Mheiriceá agus bhí James Brown ina cheannaire ar fhorás an cheoil funk. Ceann de na cruthú Meiriceánaigh nua is ea hip hop agus an ceol tí. D’éirigh pop-réalt Meiriceánaigh mar Elvis Presley, Michael Jackson agus Madonna ina gclúiteaigh domhanda.

I rith an 18ú haois agus i dtús an 19ú haois, ba iad ealaíon agus litríocht na hEorpa a bhí i gcion ar ardchultúr agus mheon Mheiriceá. Ach i lár an 19ú haois tháinig scríbhneoirí mar Nathaniel Hawthorne, Edgar Allan Poe agus Henry David Thoreau ar an saol, agus mar sin bhí stíl liteartha shoiléir Mheiriceánach ann. Príomhphearsana sa litríocht a tháinig ar a sáile ab ea Mark Twain, aorthóir, agus Walt Whitman, file. File suntasach eile ab ea Emily Dickinson, file a bhí beagnach anaithnid i rith a saoil. Tugtar Úrscéal Mór Meiriceánach go minic ar úrscéal a chuireann síos ar ghné bhunúsach an charachtair agus an fhiontair náisiúnta, mar shampla: Moby-Dick le Herman Melville (1851), The Adventures of Huckleberry Finn le Mark Twain (1885) agus The Great Gatsby le F. Scott Fitzgerald (1925).

Tá Duais Nobel na Litríochta bronnta ar 11 saoránach Meiriceánach—an buaiteoir is déanaí ná Toni Morrison sa bhliain 1993. Ainmnítear Ernest Hemingway, a bhuaigh Duais Nobel i 1954, go minic mar dhuine de na scríbhneoirí is tábhachtaí sa 20ú haois. Tháinig seánraí liteartha coitianta mar leabhair buachaillí bó agus ficsean coir ar an saol. Chruthaigh scríbhneoirí an Beat Generation seánraí liteartha nua chomh maith le húdair iar-nua-aimseartha mar John Barth, Thomas Pynchon agus Don DeLillo.

Chruthaigh na transcendentalists a bhí treoraithe le Ralph Waldo Emerson agus Henry David Thoreau, an chéad phríomhghluaiseacht fealsúnachta i Meiriceá. Tar éis an chogaidh charthartha, ba é Charles Pierce, agus ansin ba iad William James agus John Dewey, ceannairí i bhforbairt an phragmatachais. I rith an 20ú haois, chabhraigh obair W.V. Quine agus Richard Rorty le fealsúnacht anailíseach a thabhairt chun tosaigh i gciorcail acadúla na SA.




#Article 15: An Fhrainc (1595 words)


Is tír í an Fhrainc (Fraincis: La France) nó Poblacht na Fraince (Fraincis: République française) atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta.

Tá príomhchuid na tíre suite in iarthar mhór-roinn na hEorpa, agus tá príomhoileán na tíre, Corsica, suite sa Mheánmhuir. Tá críocha agus oileáin Fhrancacha eile suite timpeall an domhain. Is í Guáin na Fraince an chríoch is mó thar lear.

San iomlán, tá achar 547,026 km² sa Fhrainc Dhúthach (Eorpach), ar a dtugtar l'Hexagone, an Heicseagán, uaireanta, mar gheall ar a cruth. Tá cóstaí ag an Fhrainc san iarthar, sa tuaisceart agus sa deisceart, tá a tírdhreach múnlaithe den chuid is mó ag mánna nó cnoic. Tá an chuid thoir theas den tír sléibhtiúil; is iad na príomh-shliabhraonta na Piréiní, an Massif Central, na hAlpa agus na Vosges san oirthear. Is é Mont Blanc an sliabh is airde sa Fhrainc agus sna hAlpa (4,810m).

Tá aeráide éadrom ag an tuaisceart agus an iarthuaisceart. San oirdheisceart, tá aeráide mheánmhara. San iarthar, tá an aeráide den chuid is mó aigéanach le go leor báisteach, geimhreadh éadróm agus samhradh te. 

Is í an phríomhchathair Páras an chathair is tábhachtaí agus is mó sa bhFrainc le níos mó ná deich milliún áitritheoir i limistéar na cathrach (Réigiún Ile-de-France). Tá níos mó ná milliún áitritheoir sna ceantair uirbeacha timpeall Marseille agus Lyon freisin.

Ar an 1 Eanáir 2012 b'iad na cathracha ba mhó sa tír dar le suirbhéanna an daonáireamh:

Roinntear an Fhrainc ina hocht réigiúin déag.

Tá an Fhrainc suite sa réigiún a nglaoití an Ghaill air tráth — áit a ndeirtear gur tháinig na Ceiltigh aisti. Rinne Iúil Caesar concas ar an nGaill d'Impireacht na Róimhe san 1ú aois RC, agus ar deireadh ghlac na Gallaigh le cultúr agus le teanga na Róimhe. D'fhorbair an teanga de réir a chéile go dtí an pointe go n-aithneofaí mar Fhraincis í. Ón 2ú haois nó ón 3ú haois ar aghaidh, tháinig borradh ar an gCríostaíocht agus sa 4ú nó sa 5ú aois, scríobh Naomh Jerome gurbh í an Ghaill an t-aon réigiún a bhí saor ó eiriceacht. Sna Meánaoiseanna, d'úsáid na Francaigh an ráiteas seo le cruthú gurbh iad Ríocht sár-chríostaíocht na Fraince.

Sa 4ú haois, tháinig treibheanna Gearmánacha ón oirthear trasna abhann na Réine. Glaodh Francanna orthu. Chruthaigh na Francanna a n-impireacht féin, an Impireacht Chairilínseach, a shroich barr a réime faoin Impire Séarlas Mór. Ar bhás Shéarlais Mhóir, roinneadh an Impireacht ina trí chuid, le Conradh Verdun (843). Ba í an chuid iarthair, faoi riail Shéarlais Mhaoil, a chuir tús leis an bhFrainc mar is ann inniu di. 

Bhí na Cairilínsigh i gcumhacht sa Fhrainc go dtí 987, nuair a corónaíodh Hugh Capet, Diúc na Fraince agus Cunta Pháras. Diaidh ar ndiaidh d'aontaigh a shliocht, na Capetian, na Valois agus na Bourbon, an tír trí chogadh agus pósadh. Ba sa seachtú haois déag, faoi réimeas Louis XIV, ba mhó cumhacht na tíre. Ag an am seo bhí an daonra ba mhó san Eoraip aici agus bhí tionchar mór aici ar pholaitíocht, ar eacnamaíocht, agus ar chultúr na hEorpa. Bhí tionchar mór ag an bhFrainc freisin ar Réabhlóid Mheiriceá, ag íoc as airm agus ag cur sonraí míleata ar fáil do na réabhlóidithe in aghaidh Shasana.

Bhí an mhonarcacht seo i gcumhacht go dtí Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789. Cuireadh Rí Louis XVI agus a bhanríon, Marie Antoinette, chun báis chomh maith leis na mílte Francach eile. 

I ndiaidh dornán rialtas réabhlóideach, thóg Napoleon Bonaparte cumhacht ón bpoblacht sa bhliain 1799, ar dtús mar an Chéad Consul agus níos déanaí mar Impire den Chéad Impireacht Francach (1804–1814). I rith cogaidh éagsúla, bhí cuid mhaith de mhór-roinn na hEorpa tógtha aige, agus chuir sé gaolta i gceannas ar na ríochtanna a ghabh sé (mar shampla Joseph Bonaparte sa Spáinn).

I ndiaidh briseadh deireanach Napoleon ag Cath Waterloo, cuireadh an mhonarcacht ar bhun arís sa Fhrainc, ach le teorainneacha bunreachtúla ar a cumhacht. Sa bhliain 1830, tar éis Éirí Amach mhí Iúil, cuireadh Monarcacht i bhfeidhm a lean go dtí an bhliain 1848. Chríochnaigh Dara Poblacht na Fraince go luath i ndiaidh a tosnú sa bhliain 1852 nuair a d'fhógair Louis-Napoléon Bonaparte Dara Impireacht na Fraince. Chaill airm na Fraince in aghaidh na bPrúiseach sa mbliain 1870 agus cuireadh tús le Tríú Poblacht na Fraince. 

Bhí coilíneachtaí ag an bhFrainc ón 17ú haois go dtí na 1960í. Sa 19ú agus 20ú haois bhí a hImpireacht Domhanda ar an dara ceann ba mhó, i ndiaidh impireacht na Breataine. Idir 1919 agus 1939, bhí an Impireacht os cionn 12,347,000 km² (4,767,000 míkm²). Leis an tír féin san áireamh, sna 1920í agus 1930í, bhí 8.6% de achar an domhain faoi réimeas na Fraince.

Cé gur bhuaigh siad ar deireadh sa gCéad Chogadh Domhanda, d'fhulaing an tír go mór, go háirithe ó thaobh daoine agus mianraí de. 

Bhunaigh an rialtas, Fronta an Phobail, córas leasaithe shóisialta sna 1930í. Ar an 4 Meitheamh 1936, bhí Léon Blum tofa ina phríomh-aire ar an Fhrainc. I rith an Dara Cogadh Domhanda, tar éis ionradh na nGearmánach ag úsáid blitzkrieg, ghéill siad. 

Bhí daoine san Fhrainc nár aontaigh leis an ngéilleadh agus thosaigh siad Fórsaí Saoirse na Fraince lasmuigh den tír, agus Frithbheartaíocht na Fraince istigh sa tír. Sa bhliain 1944 tar éis ionradh na gcomhghuaillithe ar D-Day, bhí an Fhrainc saor arís. Go luath ina dhiaidh sin búnaíodh an Nouvelle Armée Française (Arm Nua na Fraince) le cabhair na gcomhghuaillithe agus lean siad ag troid go dtí deireadh an Chogaidh.

Bunaíodh Ceathrú Poblacht na Fraince i ndiaidh an Chogaidh. Faoi mar a bhí ag deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda bhí sé deacair don tír ar dtús báire, ach tar éis tamaill bhí sí cumhachtach arís. Rinneadh iarracht a hImpireacht Cóilíneach a choimeád ach bhí trioblóid ag tósnú. Rinne an Fhrainc iarracht Vítneam a ath-thógaint ach theip uirthi agus cuireadh tús leis an gCéad Chogadh Ind-Síneach. Chaill na Francaigh an cogadh sin ag Cath Dien Bien Phu sa bhliain 1954. Díreach ina dhiaidh sin, bhris Cogadh Saoirse na hAilgéire amach san Ailgéir.

Ní raibh na Francaigh cinnte céard le déanamh san Ailgéir. Bhí thart ar mhilliúin coilíneach Eorpach ina gcónaí ann. Bhí sé chomh dona sin gur bheag nach raibh Cogadh Cathartha sa bhFrainc. Sa bhliain 1958, thit an rialtas agus bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince, le huachtarán láidir., Charles de Gaulle. Bhí sé in ann an tír a choimeád le chéile fad is bhí sé ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh. Chríochnaigh Cogadh na Saoirse san Ailgéir agus an cogadh cathartha sa príomhchathair Algiers, tar éis idirbheartaithe ar an 19 Márta 1962, an Comhaontú Evian, le neamhspleáchas don Ailgéir.

Le blianta beaga anuas tá an cairdeas atá ag an tír leis an nGearmáin ag cur go mór le polaitíocht agus eacnamaíocht na hEorpa.

Is poblacht leath-uachtaránach aonadach í Poblacht na Fraince le traidisiúin daonlathacha láidre. Ceadaíodh bunreacht na Cúigiú Poblachta le reifreann ar 28 Meán Fómhair 1958. Neartaigh sé údarás an fheidhmeannais go mór i gcomórtas leis an bparlaimint. Tá dhá fhoras sa bhrainse feidhmithe: Uachtarán na Poblachta, Emmanuel Macron faoi láthair, arb iansa ceann stáit, agus a roghnaítear go díreach le vótáil ar feadh téarma cúig bliana; agus an Rialtas, faoi stiúir Príomh-Aire a roghnaíonn an t-Uachtarán agus an Pharlaimint ian. Is é Édouard Philippe an Príomh-Aire reatha. 

Is reachtas dhá-bhrainse í parlaimint na Fraince ina bhfuil Tionól Náisiúnta (Assemblée Nationale) agus Seanad (Sénat). Déanann na teachtaí ionadaíocht ar son dáilcheantair, teachta amháin i ndáilcheantar amháin, agus roghnaítear go díreach ar feadh téarmaí cúig bliana iad. Tá sé de chumhacht ag an Tionól an rialtas a bhriseadh, agus dá bhrí sin is gá tromlach sa Tionól chun rialtas a chur ar bun. Roghnaítear seanadóirí le coláiste toghcháin ar feadh téarmaí sé bliana, agus cuirtear leath de na suíocháin go toghchán gach trí bliana. 

Tá cumhachtaí reachtaíochta an tSeanaid teoranta le hais an Tionóil; i gcás easaontais idir an dá sheomra, tá an focal deiridh ag an Tionól Náisiúnta. Tá tionchar láidir ag an rialtas i múnlú clár oibre na Parlaiminte. 

Úsáidtear an euro mar airgeadra san Fhrainc. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Fraince an 10ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 7ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is é an 29ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an bhFrainc, é ar $43,551 don chónaitheach.

De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 24ú tír is forbartha ar domhan í an Fhrainc, as 150 tír a tomhaiseadh. Cuireann sé sin í mar an 14ú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Fhrainc an 23ú tír is sona, as 156 thír. 

Is í an earnáil seirbhíse (nó an tríú earnáil) an earnáil is mó i ngeilleagair na tíre: sa bhliain 2015, is 76.7% de phostanna a bhí i seirbhísí, i gcomórtas le 20.5% sa dara hearnáil (an tionsclaíocht), agus 2.8% sa chéad earnáil (an talmhaíocht agus an iascaireacht). Tagann thart ar 77 milliún turasóir go dtí an Fhrainc gach bliain.

I Mí Eanáir 2020, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 8.2%, an ceathrú leibhéal is airde san Aontas Eorpach.




#Article 16: Taoiseach (255 words)


In Éirinn inniu, is é an Taoiseach (Taoisigh an uimhir iolra) ceannaire rialtais nó príomh-aire na hÉireann. Sa stair, is é Taoiseach ceannaire treibhe (mar shampla Geronimo nó Vercingetorix), agus go ginearálta, an té atá i gceannas. 

Seanteideal Gaelach é taoiseach, a chiallaíonn tiarna nó ceannaire. I Stair na hÉireann  bhí an Taoiseach ina ionadaí dá ríocht nuair a bhí gnóthaí aige leis na treibheacha eile, chomh maith le bheith i gceannas ar a mhuintir i bpáirc an áir.

Is é an tUachtarán atá freagrach as Taoiseach a cheapadh ar mholadh Dáil Éireann. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann. Sa Dáil, freagraíonn an Taoiseach ceisteanna  maidir leis an pholaitíocht, le polasaithe nó le hábhair áirithe a bhaineann lena Roinn féin. 

Is é Mícheál Ó Máirtín, TD, ceannaire pháirtí Fhianna Fáil, Taoiseach na hÉireann faoi láthair. 

Tabhair faoi deara gurb i 1937 a chuireadh tús leis an teideal 'Taoiseach' don té a bhí i gceannas ar an rialtas. Ba é an Príomhaire a bhí mar cheann an rialtas sa Chéad Dháil Éireann. I 1921, déanadh Uachtarán Poblacht na hÉireann de Eamon de Valera. Ba Cathaoirleach ar Rialtas Sealadach na hÉireann é Mícheál Ó Coileáin. De réir Bunreacht Shaorstát Éireann, an t-aimn a bhí a bhí ar cheann an rialtais ná Uachtarán na hArdchomhairle. Mar sin, níl sé go huile is go hiomlán ceart an teideal 'Taoiseach' a bhronnadh ar gach duine a bhí i gceannas na rialtais éagsúla in Éirinn roimh daingniú Bunreacht na hÉireann i 1937.




#Article 17: Bertie Ó hEachthairn (232 words)


Is polaiteoir Éireannach é Pádraig Parthalán Ó hEachthairn (Patrick Bartholemew Ahern as Béarla), nó Bertie Ahern mar a thugtar air de ghnáth, a rugadh ar an 12 Meán Fómhair 1951. D'ob é an 10ú agus 11ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann) ó 26 Meitheamh 1997 go dtí 6 Bealtaine 2008. Tháinig sé i gcomharbacht ar Sheán de Briotún i 1997. D'fhógair sé go n-éireodh sé as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil ar 2 Aibreán 2008 de bharr an bhrú a bhí ag teacht air ó Bhinse Fiosraithe Mahon. Tháinig Brian Ó Comhain i gcomharbacht air.

Níos túisce, chaith sé sealanna ag feidhmiú mar an Aire Airgeadais agus an Aire Saothair.

Saolaíodh Bertie Ó hEachthairn i nDroim Conrach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus is san áit seo a chaith sé a shaol ar fad go dtí an lá inniu. Is eisean an duine is óige de chúigear, mac le Con agus Julia Ahern, as Contae Chorcaí don bheirt. Phós a thuismitheoirí i mí Dheireadh Fómhair 1937, agus chuireadar fuathú in Ascaill an Teampaill i nDroim Conrach, áit ina chaithfidís iomlán a saolta.

Sa bhliain 2012 chuir Binse Fiosrúcháin Mahon ina leith cuir inis sé bréaga leis an mbinse i dtaobh a chuir airgid phearsanta. D'éirigh sé as Fianna Fáil i ngeall air seo, is tar éis gur iarr Mícheál Ó Máirtín ar an bpáirtí Ó hEachthairn a ruaigeadh.




#Article 18: Tánaiste (276 words)


Is é an Tánaiste leas-cheannaire rialtais na hÉireann, nó an tOireachtas mar a thugtar air. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann, an teach ísle san Oireachtas. Ceaptar an Tánaiste ag Uachtarán na hÉireann, tar éis ainmníocht ón Taoiseach. D'fheidhmeodh an Tánaiste thar ceann an Taoisigh dá bhfaighfeadh seisean bás nó dá gcuirfí ó chumas é, go dtí go gceapfaí Taoiseach nua.

Tá bunús an nóis le fáil i sean-chóras na nGael. Bhíodh Tánaiste ainmnithe ag Taoisigh chun a n-áit a ghlacadh dá marófaí iad nó dá dtarlódh rud ar bith a chuirfeadh cosc orthu a ndualgais a chomhlíonadh. Sa dóigh sin bhíothas ag súil nach mbeadh achrann nuair a bheadh comharba le piocadh. D'imigh an focal isteach sa Bhéarla sna 1530dí mar tanist a raibh an chiall comharba tofa Taoisigh Ghaelaigh leis. An chiall liteartha a bhí leis roimhe seo ná comhthreommhar, sa dara háit, ón tSeanGhaeilge tanaise comharba roghnaithe. An té a bhfuiltear ag feitheamh leis' is bunchiall don fhocal ó tani-hessio na Ceiltise. 

Cruthaíodh an t-oifig seo i 1937, in áit oifig an Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle a bhí ann i ré an Saorstát. Bunaíodh an t-oifig mar pháirt den bhunreacht nua Bunreacht na hÉireann. Ba é Seán T. Ó Ceallaigh, ó Fhianna Fáil, an chéad Tánaiste ar 29 Nollaig, 1937. Sa lá atá inniu ann, is coitianta go bhfaigheann ceannaire an dara páirtí is mó sa comhrialtas an post tábhachtach seo.

Bhí trí théarma san oifig ag Seán F. Lemass (Fianna Fáil) agus Risteard Mac An Earraigh (Lucht Oibre). Bhí dhá théarma ag Liam Ó Neachtain (Lucht Oibre), agus téarma amháin ag na daoine eile.




#Article 19: Uachtarán na hÉireann (269 words)


 
Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.

Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháín i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.

De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath.

Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis.

I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:

Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938. 




#Article 20: Ceol (561 words)


Leagan amach deaslabhartha na fuaime agus an tosta is ea an ceol. Tá fíorbhrí an fhocail ceol an-chonspóideach, agus féadann na fuaimeanna a nglactar leo mar cheol athrú de réir ré na staire agus an chultúir, ach glactar leis de ghnáth gur ceart na fuaimeanna a bheith eagraithe go comhfhiosach ag duine nó grúpa daoine. 

Tá mórán ceoil comhdhéanta de thoin (a chomharthaítear le nótaí ceolmhara) le hairdí cinnte. Déanann toin dhifriúla a sheinntear mar thon i ndiaidh toin séis, agus déanann toin seinnte go comhuaineach cordaí agus armóin. Tá fuaimeanna gan airde déanta le cnagadh go minic. Is í an rithim eagrú tomhaiste na gcodanna sin.

Is sórt cumarsáid é an ceol, agus tá ceol níos sinne ná an focail scríofa. Tá sé ceangailte le gach aon chultúr daonra. D'fhás ceol le chabhair fuaime nádúrtha agus na hainimhithe a dhein siad. Thosaigh ceol roimh stair nuair a d'éirigh cultúr daonra níos cliste, timpeall an am stair geolaíoch déanach.

Is féidir le ceol a bheith scríofa roimh léiriú ag cumadóir nó ag scríbhneoir. Mar sin, leanann an ceoltóir nó na ceoltóirí atá ag seinm an fhoinn (cé acu scríofa acu féin é nó nach ea) orduithe an chumadóra go leathan, ordaithe atá scríofa síos mar nodaireacht cheolra ar nós lámhscríbhinn cheoil. Ina áit sin, féadann an ceol a bheith cumtha a bheag nó a mhór ag na ceoltóirí fad a sheinneann siad é (tobchumadh).

Is féidir le ceol a bheith curtha i láthair le haon ceoltóir amháin, nó mórán ceoltóirí le chéile mar ghrúpa ceoil ar nós roc-bhanna nó ceolfhoirne. Féadtar an ceol a dhéantar a chloisteáil trí mhórán meáin chumarsáide; léiriú beo a chloisteáil é an modh is traidisiúnta, i láthair na gceoltóir. Féadtar ceol beo a chraoladh thar an raidió nó an teilifís, nó fiú an Idirlíon, cé gur mó is cosúla don éisteoir é seo le héisteacht le taifeadadh nó féachaint ar fhíseán ceoil. Ar uairibh, bíonn fuaimeanna réamhthaifeadta san áireamh i léirithe; mar shampla, déanann DJ ceirníní a scríobadh. Is féidir leat féin ceol a chruthú le canadh, le seinm ar uirlis ceoil, nó le cumadh. De ghnáth, déanann nuathosaitheoirí iarracht ar an ngiotár nó ar an bpianó mar chéad-uirlis.

Féadann duine bodhar ceol a chleachtadh le mothú na gcreathanna istigh ina chorp; is é Ludwig van Beethoven an sampla is cáiliúla de cheoltóir bodhar, a chum mórán saothar cáiliúil cé gur chaill sé a éisteacht cheana féin. San aimsir níos nuaí is cnagcheoltóir atá molta go hard í Evelyn Glennie (atá bodhar ó 12 bhliain d’aois) .

Bíonn ceachtanna ceoil á dtógáil ag daoine nuair is mian leo seinm an cheoil a fhoghlaim. Is í ceoleolaíocht réimse leathan a chlúdaíonn an staidéar staire agus an staidéar eolaíochta, teoiric cheoil agus stair cheoil san áireamh.

Is iomaí uirlis a úsáidtear chun ceol a léiriú. De réir dealramh ceann do na céad uirlisí a d'úsáideadh na clocha le poill iontu a tháinig na chéad daoine orthu ar an trá. Bhuailidís le chéile iad (cnaguirlis) agus ansin i ndiaidh roinnt fiosraithe air, thosaíodar ag séideadh isteach iontu agus tháinig gleo (nóta ceoil). Tháinig siad ar chlocha le poill ar mhéideanna éagsúla agus bhí neart nótaí acu le píosaí ceoil a sheinm!

Is léir don domhan go bhfuil an-chuid saghsanna ceol. Tá gach saghas ceol do gach uile duine mar gur ealaíon sheanda í an ceol, tá mórán seánra ann. 




#Article 21: An Iaráic (224 words)


Tír sa Mheánoirthear agus in iardheisceart na hÁise í Poblacht na hIaráice. Tá sí ag críochantaíocht leis an Araib Shádach agus le Cuáit theas, leis an Tuirc sa tuaisceart, leis an Siria san iarthuaisceart, leis an Iordáin san iarhar, agus leis an Iaráin san oirthear. Thugtaí an Mheaspatáim ar an dúiche seo.

Ba i réigiún na Measapatáime, idir an Eofrait agus an Tígris, a cuireadh tús le roinnt de na sibhialtachtaí is ársa ar domhan, na Suiméaraigh, na Bablóinigh agus na hAsaírigh. Tar éis a bheith faoi cheannas na Peirse ar feadh i bhfad, ghabh na hArabaigh seilbh ar an réigiún sa bhliain 656, agus aistríodh an Chailifeacht go dtí an chathair nua í mBagdad sa bhliain 762 (in aice leis an Bhablóin ársa). Bhí Bagdad ina príomhchathair don domhan Arabach ar feadh na gcéadta bliain go dtí gur chuir an Impireacht Otamánach an ceantar faoi chois sa bhliain 1534.

Ar an 22 Meán Fómhair 1980, bhris cogadh amach idir an Iaráin agus an Iaráic. Rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin. 

Maraíodh 1,000,000 ar an dá thaobh.  

Is iomaí tuairim fós faoi cad chuige a rinne siad é, agus cé atá freagrach as an gcinneadh tubaisteach sin. 

I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla sa bhliain 2007 inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí,  ar a dtugtar Collateral Murder.




#Article 22: Stair iarnróid na hÉireann (1389 words)


Tháinig na hiarnróid go luath go hÉireann, de bharr tionchar na Breataine in Éireann ag an am. Sin an tír inar thosaigh an chéad iarnród ar domhan i 1825. Níos lú ná deich mbliana ina dhiaidh sin, d'oscail an chéad iarnród in Éirinn i 1834. I 1920 bhí na hiarnróid go forleathan in Éireann, le 5,470 km (3,400 míle) de bhealaí ar an oileán. Tá níos lú ná leath den mhéad sin ann inniu, le easpa mór iarnróid in aice na teorann idir an Tuaisceart agus an Phoblacht.

I 1834, osclaíodh an chéad iarnród in Éirinn, an Dublin  Kingstown Railway (DKR) idir Baile Átha Cliath agus Dún Laoghaire (mar a thugtar inniu air).

Sa tuaisceart a cuireadh tús leis an gcéad scéim eile, an Ulster Railway (UR). Bhí sé ar intinn ag an gcomhlacht seo Béal Feirste a cheangal le hArd Mhacha. Bhí traenacha acusan idir Béal Feirste agus Phort an Dúnáin nuair a tosaíodh bealach eile sa deisceart.

In 1844, cuireadh tús le seirbhís nua ó Bhaile Átha Cliath go Droichead Átha (Dublin  Drogheda Railway, DDR). Bhí conspóid ag an am seo faoin mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste. Sa tuaisceart bhí fonn bealach imtíre a thógáil, ach sa deisceart bhí sé ar intinn ag na comhlachtaí bealach cois farraige a dhéanamh, chun ceangal a dhéanamh le Dún Dealgan.

Bhí difríocht freisin faoi leithead na bearnan idir ráillí an iarnróid; bhí sé troighe, dhá orlach ag an UR, cúig troighe, dhá orlach ag an DDR, agus ceithre troighe, ocht n-orlaí go leith ag an DKR. Sa deireadh, shocraigh coimisiún ar chaighdeán nua, cúig troighe trí horlaí, nó 1600 mm, mar atá inniu againn. Ag an am sin, áfach, b'ait an socrú é, mar ní raibh aon chomhlacht ag úsáid an tomhais sin. Fiú amháin inniu, níl ach tír nó dhó ag úsáid an chaighdeáin seo! Bhí costas mór ar an UR leis an aistriú.

Ag an am sin, ag tosach an Ghorta Mhóir, cuireadh tús le ceann de na hiarnróid is tábhachtaí in Éirinn, an Great Southern  Western Railway (GSWR) idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Ar dtús, osclaíodh iarnród go Ceatharlach. An bhliain dár gcionn, bhí Tiobraid Árann sroichte acu, ag ceangal le hiarnród nua eile, an Waterford  Limerick. Cuireadh tús freisin le hiarnród nua go dtí an tIarthar, leis an Midland Great Western Railway ag oscailt bealach idir Baile Átha Cliath agus an Muileann gCearr.

Faoin am sin, bhí an t-iarnród sa tuaisceart ceangailte le hArd Mhacha. Bhí iarnród eile chomh maith, an Dublin  Belfast Junction Railway (DBJR) ó thuaisceart Dhroichead Átha agus trí Dhún Dealgan. Bhí siad le ceangail leis an UR ag Port an Dúnáin.

I míle ocht gcéad daichead a naoi d'oscail an GSWR an tseirbhís go Magh Ealla Lá Fhéile Pádraig. Sa mbliain chéanna, tháinig an t-iarnród go Corcaigh.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, osclaíodh an MGWR idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh. Ina dhiaidh sin, d'oscail siad iarnród eile go Sligeach.

Cruthaíodh a lán iarnród eile timpeall na tíre. Bhí a gcórais féin ag contaetha Chorcaí, Dún na nGall, an Chlár - chomh maith le roinnt iarnród i gContae Chiarraí agus cois teorann. I 1920 bhí na hiarnróid go forleathan, le 5,470 km (3,400 míle) de bhealaí san oileán.

I 1922, cruthaíodh Saorstát Éireann. Níor tháinig trioblóidí móra ar na hiarnróid leis na héirithe amach roimhe sin. Ach i rith an Chogaidh Cathartha, rinneadh damáiste mór do na hiarnród. Scriosadh an droichead mór ag Magh Ealla.

Cuireadh le chéile na comhlachtaí a bhí sa Stáit, ag cruthú Great Southern Railways i 1925.

I rith an Dara Chogaidh Domhanda, bhí deacrachtaí móra ag na hiarnróid in Éireann. Bhí an tír neodrach sa cogadh, agus mar sin, ní raibh gual sa bhreis ag an mBreatain d'Éireann. Dá bhrí sin, cuireadh as seirbhís a lán traenacha sa tír seo, agus dúnadh seirbhísí áirithe ar feadh cúpla bliain, nó ar fad.

Tar éis an chogaidh, bhí eacnamaíocht na tíre seo go holc. Ní raibh airgead ann do na hiarnród, bhí na traenacha an-sean agus bhí easpa cothaithe ann freisin. Ní raibh go leor paisinéirí , nó bhí siad ag fágáil na tíre seo go hiomlán. Bhí trácht lasta ag laghdú. Ag an am céanna, bhí níos mó tráchta ag aistriú go dtí na bóithre.

I 1940 a cúig cruthaíodh Córas Iompair Éireann (CIÉ). Fuair siad seacht milliún punt, go leor chun an córas a choimeád ar oscailt. Bhí siad ábalta traenacha díosail nua a cheannach. Tháinig na céad railcars nua i 1951, agus na céad cinn de ceád traenacha díosail ceithre bhliain ina dhiaidh sin.

In ainneoin na bhfeithicil nua seo, dúnadh cuid mór de na hiarnróid i rithna gcaogaidí. Cuireadh deireadh le seirbhísí in iarthar Chorcaí, iarthar an Chláir, Contae Dhún na nGall agus ina lán iarnróid beaga timpeall na tíre.

Sa Tuaisceart, bhí údarás nua ann, an Ulster Transport Authority a tháinig i 1948. I gcaitheamh dhá bhliain dhún siad córas mór iarnróid i gContae an Dún. I 1957, cuireadh deireadh le seirbhísí a bhí ag rith trasna na teorann idir an Tuaisceart agus an Phoblacht. Ní raibh rogha ag CIÉ ansin ach fuíoll na mbealaí sin sa Phoblacht a dhúnadh. Sa chaoi seo, chaill réigiún na teorann gach nasc leis na hiarnróid sa Tuaisceart agus sa Deisceart.

An bhliain i ndiaidh na scriosa seo, briseadh suas an Great Northern Railway (a bhí saothrú na bealaí idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste) idir an UTA sa tuaisceart agus CIÉ sa deisceart.

Ní raibh an UTA nó an rialtas sa Tuaisceart sásta le himeacht bealaí na teorann. I 1965, dhún siad an chuid is mó den iarnród sa tuaisceart. Ní raibh fágtha ach an bealach go Baile Átha Cliath, ceann amháin go Doire agus dhá líne bheag go Latharna agus Beannchar.

I rith na seachtóidí agus na hochtóidí níor caitheadh mórán airgid ar na hiarnróid, ach amháin ar an DART. Ní raibh na traenacha róshean, agus de bharr dúnadh na líne beaga, bhí go leor traenacha ann do na seirbhísí. Ach arís, mar a tharla sna daicheadaí bhí easpa cothaithe, bhí na seirbhísí mall agus gan cháilíocht.

Rud iontach don príomhchathair ag an am sin a bhí sa DART (Dublin Area Rapid Transit). Cuireadh tús le seirbhísí maithe le traenacha leictreacha nua ar an líne tuaisceart/deisceart isteach sa cathair. Bhí sé ar intinn seirbhísí eile a thosnú go dtí iarthuaisceart agus iardheisceart na cathrach, ach ní raibh an airgead ag an rialtas é seo a dhéanamh. Ní raibh airgead acu traenacha breise a cheannach, fiú amháin nuair a d'éirigh go maith leis an seirbhís.

Sa tréimhse seo, níor tháinig aon fheabhsú ar chaighdeán na línte timpeall na tíre, agus bhí caighdeán an-olc acu, fiú amháin contúirteach ag deireadh na hochtóidí. Cheannaigh an rialtas roinnt carráistí do na seirbhísí idirchathrach sa tréimhse seo chomh maith, ach go dtí seo, is iad seo na cinn is nua sa tír seachas ar an bealach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Scoilt an stát CIÉ, ionnas go raibh dhá chomhlacht nua iompair náisiúnta, Bus Éireann agus Iarnród Éireann (IÉ) anois sa tír.

Sna nóchaidí tháinig athrú mór ar eacnamaíocht na tíre. Bhí deis ag an rialtas feabhsú mór a dhéanamh ar na hiarnróid. Ceannaíodh 34 traein nua ó General Motors sna Stáit Aontaithe - bhí ceithre chinn do Northern Ireland Railways agus na cinn eile i gcomhair Iarnród Éireann. Tháinig carráistí nua i gcomhair an seirbhís Enterprise idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste chomh maith. Cuireadh ráillí nua síos chomh maith; níor chríochnaigh an scéim seo, a thosaigh i lár na nóchaidí go dtí an bliain seo.

Cuireadh tús chomh maith lena lán seirbhísí nua ón bpríomhchathair go dtí imeall an réigiúin, mar shampla, go Cill Dara agus go Droichead Átha. Baineadh úsáid as railcars nua, mar a thugtar orthu. Tá na railcars seo fós á gceannach ag IÉ; fuair siad ochtú cinn nua an bliain seo. Cuireadh i seirbhís a lán carráistí DART nua freisin ó thosach na mílaoise.

Sa Tuaisceart chomh maith, tá railcars nua á bhfáil acu, agus rinneadh feabhsú ar chaighdeán a gcuid línte. Tá a lán deacrachtaí ann fós áfach; tá caighdeán an-íseal ar chuid den líne go Doire, ar an líne aduaidh ó Chúil Raithin. Tá uimhir na bpaisinéir ar an seirbhís lag seo an-íseal chomh maith, agus dá bhrí sin níl todhchaí na bealaí seo cinnte.




#Article 23: An Bheilg (780 words)


Is tír í an Bheilg (Ísiltíris: België, Fraincis: Belgique, Gearmáinis: Belgien) atá suite in Iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an nGearmáin, Lucsamburg, an bhFrainc, agus tá cósta aici ar an Muir Thuaidh. 

Tá sí ag crosbhóthar cultúrtha idir an Eoraip Ghearmánach (le cainteoirí na hOllainnise sa tuaisceart, Flóndras) agus an Eoraip Rómánsach (le cainteoirí na Fraincise, An Vallóin), agus tá tionchar aige sin ar chastacht a cuid institiúidí agus a cuid staire polaitiúla.

Trí theanga oifigiúil atá sa Bheilg: An Ísiltíris (tuairim is 60%), an Fhraincis (tuairim is 40%), agus an Ghearmáinis (níos lú ná 1%). 

Is ballstát den Aontas Eorpach í an Bheilg.

Eascraíonn ainm na tíre as treabh darbh ainm na Belgae, Ceiltigh a chónaigh i dtuaisceart na Gaille agus a cuireadh faoi smacht na Róimhe ag an Impire Iúl Caesar sa bhliain 56RC. Tháinig treabhanna Gearmánacha isteach sa chuid sin den Eoraip tar éis d'impireacht na Róimhe titim as a chéile agus tháinig ríochtaí nua chun cinn. Bhí flaitheas ag ríthe éagsúla de chuid na nGearmánach agus na bhFrancach ar limistéir na Beilge sna meánaoiseanna, agus tháinig an Phléimeannais, an Bhrabantais agus an Liombuirgis (canúintí de chuid na hÍsiltírise) chun cinn mar phríomhtheangacha labhartha i dtuaisceart an réigiúin seo i dtuaisceart na hEorpa agus ar an taobh eile teanga Picard agus an Vallúinis (teangacha de chuid na dteangacha Rómánsacha) i ndeisceart an réigiúin seo. Rinneadh Críostaithe de mhuintir na tíre ag manaigh Éireannacha a bhunaigh misiúin ann. 

Bhí an Bheilg faoi smacht ag tíortha éagsúla, ag an bhFhrainc agus ag an Ísiltír go háirithe, agus ag an Spáinn go dtí gur tharla an tAthrú Creidimh agus bunú Phoblacht na hOllaine. Nuair a ghnóthaigh na cúigí sa tuaisceart a neamhspleáchas i riocht an Ísiltír (an Ollainn) bhí an Bheilg faoi smacht na hOstaire ar feadh tamaill go dtí gur ghabh fórsaí impiriúla Napoleon seilbh uirthi ar feadh cúpla bliain. Aontaíodh an Bheilg leis an Ísiltír nuair a bhí cogadh Napoleon thart, ach bhain sí a neamhspleáchas amach in 1830 nuair a bhris réabhlóid amach sa tír. Ach fós cloistear an logainm: Ísiltír na Spáine.

Tháinig cumhachtaí móra na hEorpa le chéile chun Prionsa Leopolt ón mBaváir a inshealbhú mar Rí Leopold I (tairgeadh ríocht na Gréige dó roimhe sin ach dhiúltaigh sé é). Rinne an Isiltír ionradh ar an mBeilg i 1831 agus bhí cogadh idir an dá thír go dtí gur aithin an Ísiltír neamhspleáchas na Beilge sa bhliain 1839.

De thoradh Chomhdháil Berlin 1885 ghlac an Bheilg páirt i gcóilíniú na hAfraice, agus ghabh seilbh ar sciar ollmhór talún in abhanntracht an Chongó. Fearann pearsanta dá chuid féin a bhí sa chóilíneacht seo don rí Leopold II agus ba mhór an scanall an drochíde a tugadh do dhúchasaigh na tíre. Bhí an-tóir ar rubar agus úsáideadh imeaglú, céasadh, dúnmharú agus leonadh chun sclábhaithe a dhéanamh de mhuintir na tíre. Bhí an-bhaint ag an tírghráthóir Éireannach, Ruairí Mac Easmainn, le nochtú an drochíde seo agus mar gheall ar an mbrú idirnáisiúnta a d'eascair as a chuid tuairiscí, b'éigean don Rí an chóilíneacht a chur i lámha an stáit. 

Rinne an Ghearmáin ionradh ar an mBeilg i 1914 agus i 1940 in ainneoin gur fhógair an tír a neodracht sna haighnis idir mhórchumhachtaí na hEorpa. Cuireadh deireadh le polasaí na neodrachta tar éis an Dara Chogaidh Domhanda agus chuaigh an Bheilg isteach i NATO (Conradh an Atlantaigh Thuaidh). Bhí sí ar cheann de bhaill bunaidh Chomhphobail Eacnamaíoch na hEorpa. 

Le céad bliain anuas tá deighilt mhór idir phobail na Fraincise agus na Pléimeanaise sa Bheilg, agus is minic go mbítear ag tuar go dtitfidh an tír as a chéile.

Tá an rialtas cónaidhme bunaithe ar na réigiúin agus a theangacha:

Úsáidtear an euro mar airgeadra sa Bheilg. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Beilge an 37ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 25ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 25ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an mBeilg, é ar $46,301 don chónaitheach.

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Bheilg an 16ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an naoú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Bheilg an 16ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 5.7%, an 17ú leibhéal is fearr san Aontas Eorpach.




#Article 24: An Chipir (2254 words)


Is tír agus oileán sa Mheánmhuir Thoir í an Chipir (Gréigis: Κύπρος, translit Kypros IPA:. [Cipros]; Tuircis: Kibris IPA: [kɯbɾɯs]), go hoifigiúil Poblacht na Cipire (Gréigis: Κυπριακή Δημοκρατία, translit Kypriakí Demokratía; Tuircis:. Kibris Cumhuriyeti). Is í an t-oileán is mó de réir daonra agus an tríú hoileán is mó de réir achair sa Mheánmhuir. Tá sí suite laisteas den Tuirc, laistiar den tSiria agus den Liobáin, laistiar lastuaidh d’Iosrael agus den Phalaistín, lastuaidh den Éigipt, agus lastoir laisteas den Ghréig.

An ghníomhaíocht is luaithe an duine ar eolas ar na dátaí oileán go thart ar an Mílaoise RC 10ú. Seandálaíochta fós ón tréimhse seo san áireamh an sráidbhaile dea-chaomhnaithe Neoiliteach de Khirokitia, agus tá an Chipir baile chun roinnt de na toibreacha uisce is sine sa domhan. Socraíodh an Chipir ag Gréagaigh Mícéineacha in dhá dtonnta sa 2ú Mílaoise RC. Mar láthair straitéiseach sa Mheán-Oirthear, bhí ar áitiú ina dhiaidh sin cumhachtaí móra éagsúla, lena n-áirítear na empires na Assyrians, Egyptians agus Persians, ónar urghabhadh an t-oileán in 333 RC ag Alastar Mór. riail ina dhiaidh sin ag Ptolemaic Egypt, an Clasaiceach agus Oirthear na Impireacht Rómhánach, caliphates Arabach ar feadh tréimhse gearr, an dynasty Fraince Lusignan agus na Veinéiseacha a bhí ina dhiaidh, ag níos mó ná trí chéad bliain de riail Otamánach idir 1571 agus 1878 (de jure go dtí 1914). 

Cuireadh an Chipir faoi riaradh na Breataine atá bunaithe ar Choinbhinsiún na Cipire i 1878 agus atá i gceangal go foirmiúil ag an Bhreatain i 1914. Cé go ndearna na Cipirigh Turcacha suas 18% den daonra, tháinig an deighilt an Chipir agus a chruthú stáit Tuirce i dtuaisceart mar pholasaí Cipire Tuircis ceannairí agus an Tuirc sna 1950í. ceannairí na Tuirce ar feadh tréimhse Mhol an annexation na Cipire go dtí an Tuirc mar measadh go raibh an Chipir síneadh ar Anatolia acu; tamall ó shin an 19ú haois, an chuid is mó daonra Cipire Gréige agus a eaglais Cheartchreidmheach bhí ag leanúint aontas leis an nGréig, a tháinig chun bheith ina pholasaí náisiúnta na Gréige sna 1950í. I ndiaidh foréigean náisiúnach sna 1950í, tugadh Chipir neamhspleáchas i 1960. I 1963, an 11-bliain foréigean intercommunal idir Cypriots Gréigis agus Cypriots Tuircis thosaigh, a díláithrithe níos mó ná 25,000 Cypriots Tuircis agus thug an deireadh ionadaíochta na Cipire Tuircis sa phoblacht. An 15 Iúil 1974, a bhí ar stáitse coup d'état ag náisiúnaithe Gréigis Cipire  agus gnéithe den junta míleata na Gréige [19] in iarracht ar enosis, ionchorprú na Cipire isteach sa Ghréig. An gníomh seo deasctha ionradh na Tuirce na Cipire, [20] a ba chúis le gabháil de chríoch an lae inniu Thuaisceart Chipir míosa le teacht, tar éis sos cogaidh titim, agus an dí-áitiú de níos mó ná 150,000 Cypriots Gréigis agus 50,000 Cypriots Tuircis.  A stát Turcach na Cipire ar leith sa tuaisceart Bhunaigh dearbhú aontaobhach i 1983; Cuireadh an t-aistriú dhaoradh go forleathan ag an bpobal idirnáisiúnta, leis an Tuirc ina n-aonar ag aithint an stát nua. Tá na himeachtaí agus an staid pholaitiúil mar thoradh air nithe a bhaineann le díospóid leanúnach.

Poblacht na Cipire Tá de jure faoi cheannasacht ar an oileán ar fad, lena n-áirítear a chuid uiscí teorann agus limistéar eacnamaíoch eisiach, cé is moite de na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia, a fhanann faoi smacht na Breataine de réir na Londain agus Zürich Comhaontuithe. Mar sin féin, is é an Poblacht na Cipire de facto dheighilt ina dhá phríomhchuid: an limistéar faoi rialú éifeachtach Phoblacht, atá suite i ndeisceart agus in iarthar, agus atá comhdhéanta thart ar 59% d'achar an oileáin; agus an taobh ó thuaidh, á riar ag an féin-dearbhaithe Phoblacht na Tuirce i dTuaisceart na Cipire, a chlúdaíonn thart ar 36% d'achar an oileáin. Eile is ea beagnach 4% d'achar an oileáin clúdaithe ag an crios maolánach na Náisiún Aontaithe. Measann an pobal idirnáisiúnta an chuid ó thuaidh den oileán mar chríoch Phoblacht na Cipire áitiú ag fórsaí Tuircis. Is é an slí bheatha féachaint air mar neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta, arb ionann bhforghabháil neamhdhleathach de chríoch an AE ó tháinig an gCipir ina comhalta den Aontas Eorpach.

Is Chipir cheann scríbe turasóireachta móra sa Mheánmhuir. Le chun cinn, geilleagar ardioncaim agus an-ard tInnéacs um Fhorbairt Dhaonna, Tá Poblacht na Cipire ina bhall den gComhlathas ó 1961 agus bhí sé ina dhuine de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Neamh-ailínithe go dtí chuaigh sé san Aontas Eorpach an 1 Bealtaine 2004. Ar an 1 Eanáir 2008, chuaigh Poblacht na Cipire an limistéar euro.

Is é an tagairt is luaithe agus céim bainte amach go dtí an Chipir an 15ú haois RC Mycenaean Gréigis, ku-pi-ri-JO, a chiallaíonn Cipire. (Gréigis: Κύπριος), scríofa i Líneach B syllabic script Tá an fhoirm clasaiceach na Gréige ar an t-ainm Κύπρος (Kypros).

Is é an sanasaíocht an t-ainm anaithnid. I measc na moltaí:

an focal Gréigise le haghaidh an crann cufróg Meánmhara (sempervirens Cupressus), κυπάρισσος (kypárissos)

an t-ainm Gréagach de na plandaí henna (Lawsonia alba), κύπρος (Kypros)

focal Eteocypriot do copar. Georges Dossin, mar shampla le fios, go bhfuil fréamhacha i an focal Sumerian le copar (zubar) nó chun cré-umha (kubar), ó na taiscí mór de méine copar le fáil ar an oileán.

Trí trádála thar lear, tá an t-oileán a ainm a thugtar don fhocal Laidine Clasaiceach don copar tríd an frása AES Cyprium, miotal na Cipire, ina dhiaidh sin a ghiorrú chun cuprum. 

Is é an demonym caighdeánach a bhaineann le Chipir nó a muintir nó cultúr Cipire. Na téarmaí na Cipire ach agus Cyprian a úsáid freisin, cé go níos lú go minic.

Tá an suíomh is luaithe ina ndeimhnítear gurb ann gníomhaíocht dhaonna maidir leis an gCipir Aetokremnos, atá suite ar chósta theas, rud a léiríonn go raibh Hunter-cnuasaitheoirí atá gníomhach ar an oileán ó thart ar 10,000 RC, le pobail sráidbhaile socraithe ag dul ó 8200 RC. Le teacht an chéad duine comhghaolú agus go gcailleann sé na hippos dwarf agus elephants dwarf. Toibreacha uisce amach ag seandálaithe sa Chipir iarthair a chreidtear a bheith i measc an duine is sine sa domhan, dar dáta ag 9,000 go 10,500 bliain d'aois. 

Le linn an maireann Cré-Umhaoise taithí acu ar an oileán dhá tonnta na lonnaíochta Gréige. An chéad tonn éard a trádálaithe Mycenaean na Gréige a thosaigh ag tabhairt cuairte Chipir timpeall 1400 RC.  Tá tonn mhór lonnaíochta Gréigis chreidtear a tharla tar éis an tubaiste Chré-umha Aois Mycenaean Ghréig 1100-1050 RC, leis an oileáin ag dul carachtar Gréigis den chuid is mó ón tréimhse seo. áitíonn Chipir ról tábhachtach i miotaseolaíocht na Gréige a bheith ar an áit bhreithe Aphrodite agus vernalis, agus baile chun an Rí Cinyras, Teucer agus Pygmalion. Ag tosú san 8ú haois RC coilíneachtaí Phoenician Bunaíodh ar chósta theas na Cipire, in aice le lá atá Larnaca agus Salamis. 

An Chipir ag suíomh straitéiseach sa Mheán-Oirthear.  Bhí sé Rialaigh ag Assyria chun tosú haois i 708 RC, roimh seal gairid faoi riail hÉigipte agus riail sa deireadh Peirsis in 545 RC.Na Cypriots, faoi stiúir Onesilus, ri Salamis, chuaigh a Gréagaigh eile sna cathracha Iónach le linn an Éirí Amach Iónach nár éirigh leo i 499 RC i gcoinne an Impireacht Achaemenid. a bhí faoi chois ag an éirí amach, ach tá an Chipir bhainistiú a choimeád ar bun leibhéal ard neamhspleáchais agus d'fhan dírithe i dtreo an domhain Gréige.

bhí conquered an t-oileán ag Alastar Mór in 333 RC. Tar éis a bháis agus an roinn ina dhiaidh sin a impireacht agus cogaí i measc a chomharbaí, tháinig Chipir chuid den Impireacht Hellenistic na Ptolemaic hÉigipte. Ba le linn na tréimhse seo go raibh an t-oileán go hiomlán Hellenized. In 58 RC Chipir gurb amhlaidh a fuair Phoblacht na Rómhánach.

Nuair a roinneadh an Impireacht Rómhánach an Oirthir agus an Iarthair páirteanna isteach in 395, bhí Chipir chuid an Oirthir Rómhánach, nó Byzantine Impireacht, agus go mbeadh sé mar sin go dtí an Crusades 800 bliain ina dhiaidh sin. Faoi riail Byzantine, d'fhorbair an treoshuíomh na Gréige a bhí le rá ó antiquity an láidir charachtar Hellenistic-Chríostaí a leanann de bheith ina sainmharc chomhphobal na gCipireach Gréige.

Ag tosú i 649, d'fhulaing an Chipir ó ruathair devastating sheol arm Muslim ón Levant, a lean ar aghaidh ar feadh an 300 bliana atá le teacht. Bhí go leor ruathair piratical tapa, ach bhí daoine eile ionsaithe ar scála mór inar maraíodh go leor Cypriots agus saibhreas mór rinneadh as nó a scriosadh.

Níl aon eaglaisí Byzantine a maireachtáil ón tréimhse seo; Maraíodh na mílte duine, agus go leor cathracha - mar shampla Salamis -. Scriosadh agus ní atógadh Rinneadh athchóiriú riail Byzantine i 965, nuair a scóráil Impire Nikephoros II Phokas victories cinntitheach ar thalamh agus ar muir. 

I 1191, le linn na Tríú Crusade, gabhadh Richard I Shasana oileán ó Isaac Komnenos na Cipire Bhíodh sé é mar bhonn soláthair mór go raibh réasúnta sábháilte ó na Saracens. Bliain ina dhiaidh sin a dhíol Richard an oileán leis an Templar Ridirí, á glacadh acu, ar éirí amach fuilteach, ar a seal díoladh é go Guy ar Lusignan. raibh aitheantas dá dheartháir agus comharba Aimery mar Rí na Cipire ag Henry VI, Impire Naofa Rómhánach.

I ndiaidh bhás i 1473 de James II, an Lusignan rí seo caite, Poblacht na Veinéise ghlac rialú an oileáin, agus an rí nach maireann baintreach Veinéiseach, Banríon Catherine Cornaro, reigned mar figurehead. Veinéis i gceangal go foirmiúil Ríocht na Cipire in 1489, tar éis an abdication Catherine. Na Venetians daingne Niocóis trí thógáil na Ballaí na Nicosia, agus úsáidtear é mar ionad tábhachtach tráchtála. Le linn riail Veinéiseach, an Impireacht Ottoman raided minic Chipir. In 1539 scrios an Ottomans Limassol agus mar sin eagla an ceann is measa, an Venetians daingnithe freisin Famagusta agus Kyrenia.

Cé go raibh an aristocracy Lusignan Fraince an aicme shóisialta ceannasach sa Chipir ar feadh na tréimhse mheánaoiseach, bhí an toimhde iar nach Gréagaigh gcaitear ach amháin mar serfs ar an oileán Tá a thuilleadh a mheas ag lucht acadúil a bheith cruinn. Glactar leis anois gur chonaic an tréimhse mheánaoiseach líon Cypriots Gréigis mhéadú ardaithe go dtí na haicmí uachtair, céimeanna a lár ag fás na Gréige,  agus an Lusignan teaghlaigh ríoga fiú Gréagaigh marrying. San áireamh anseo Rí Eoin II na Cipire a phós Helena Palaiologina. 

In 1570, ionsaí Ottoman lánscála le 60,000 trúpaí a tugadh an t-oileán faoi smacht Ottoman, in ainneoin friotaíocht righin ag na háitritheoirí na Nicosia agus Famagusta. Fórsaí ottoman ghabháil Chipir massacred leor áitritheoirí Críostaí na Gréige agus Airméinis.  Scriosadh An mionlach Laidine roimhe seo agus thóg an chéad athrú déimeagrafach suntasach ó antiquity siúl leis an ghlóthach a pobal Moslamach.  Saighdiúirí a throid sa concas socraithe ar an oileán agus peasants agus ceardaithe Tuircis Tugadh bhreith leat chuig an oileán ó Anatolia. Seo pobal nua san áireamh dhíbir freisin treibheanna Anatolian, neamh-inmhianaithe daoine agus baill deacracht-cuid sects Moslamach éagsúla, chomh maith le roinnt de athraíonn nua ar an oileán. 

Na Ottomans deireadh leis an gcóras feudal roimhe sin i bhfeidhm agus i bhfeidhm ar an gcóras muiléad leis an gCipir, faoina raibh pobail neamh-Muslim rialú ag a n-údaráis reiligiúnacha féin. I cúlú ó na laethanta de riail Laidine, infheistíodh ceann an Eaglais na Cipire mar cheannaire ar an daonra Cipire Gréige agus d'fheidhmigh mar idirghabhálaí idir Christian Cypriots Gréigis agus na n-údarás Ottoman. Chinntigh an stádas go raibh an Eaglais na Cipire in ann deireadh a chur leis an encroachments leanúnach ar an Eaglais Chaitliceach Rómhánach. [65] Ba riail Ottoman na Cipire ag amanna indifferent, ag amanna leatromach, ag brath ar na temperaments na Sultans agus oifigigh áitiúla, agus thosaigh an t-oileán níos mó ná 250 bliain de mheath eacnamaíochta. 

An cóimheas idir Muslims Críostaithe fluctuated i rith na tréimhse an forlámhas Ottoman. In 1777-1778, ionann 47,000 Moslamachs tromlach thar an oileáin 37,000 Críostaithe. De réir 1872, d'ardaigh an daonra ar an oileán go dtí 144,000, a chuimsíonn 44,000 Muslims agus Críostaithe 100,000. [68] Tá an daonra Moslamach san áireamh go leor rialaithe criptithe-Críostaithe, lena n-áirítear an Linobambaki, pobal criptithe-Chaitliceach a tháinig chun cinn mar gheall ar ghéarleanúint reiligiúnach den phobal Caitliceach na húdaráis Ottoman; an bpobal, ba chomhshamhlú isteach sa Turcach na Cipire a pobal i rith riail na Breataine. 

Chomh luath agus a bhris an Cogadh na Saoirse Gréagach amach in 1821, d'fhág roinnt Cypriots Gréigis i gcás na Gréige a bheith ar an fórsaí na Gréige. Mar fhreagra, an rialtóir Ottoman na Cipire gabhadh agus a fhorghníomhófar 486 Cypriots feiceálach Gréige, lena n-áirítear an Ardeaspag Cipire, Kyprianos, agus ceithre easpaig eile.  Sa 1828, an chéad uachtarán nua-aimseartha na Gréige Ioannis Kapodistrias iarr aontas na Cipire leis an nGréig, agus thóg éirí amach mion go leor ar siúl. [73] Imoibriú le misrule Ottoman mar thoradh ar uprisings ag Cypriots Gréige agus na Tuirce araon, cé go raibh aon cheann rathúil. Tar éis na céadta bliain na faillí ag an Oileáin na dTurcach, an mbochtaineacht gan staonadh de chuid is mó de na daoine, agus na bailitheoirí cánach riamh i láthair bhreoslaítear náisiúnachas na Gréige, agus ag an smaoineamh 20ú haois ar enosis, nó comhar, leis an nGréig nua neamhspleách a bhí fréamhaithe go daingean i measc Cypriots Gréigis. Uimhearthacht

Faoin riail Ottoman, bhí uimhearthacht, rolla na scoile agus litearthacht rátaí uile ísle. I dtíortha áirithe, fós na leibhéil ísle leibhéal caipitil dhaonna éigin tar éis riail Ottoman dar críoch. Ba iad an Ghréig agus an Chipir aon eisceacht, a bhíonn siad na bearta céanna de chosáin a glacadh faoi bheartais oideachais Ottoman. Sa dá thír (An Ghréig agus an Chipir), tháinig méadú uimhearthacht go tapa i rith an fhichiú haois. 




#Article 25: An Danmhairg (208 words)


Is í an Danmhairg (Danmhairgis: Danmark) an tír Nordach is lú. Tá sí suite i gCríoch Lochlann, i dtuaisceart na hEorpa, idir an Mhuir Bhailt agus an Mhuir Thuaidh, ar leithinis agus ar mhórán oileáin. Tá sí lastuaidh ón Ghearmáin agus ón bPolainn, siar ó dheas ón tSualainn agus ó dheas ón Iorua. 

Ina theannta sin, tá na Graonlainne agus Oileán Fháró faoi fhlaitheas Danmhargach, cé go bhfuil rialtas dúchais acu.

Is ball den Aontas Eorpach í an Danmhairg.

Ba é Hans Christian Andersen an scríbhneoir ba cháiliúla de chuid na Danmhairge.

Tá an tír roinnte ina sé chontae déag:

Is í Danmhairgis an teanga oifigiúil sa Danmhairg ach tá 86% den daonra ábalta Béarla a labhairt. Is í Gearmáinis an dara teanga iasachta is mó sa Danmhairg agus 47% den daonra ábalta í a labhairt. Tá 13% den daonra ábalta Sualainnis a labhairt.

Tá An Ghraonlainn faoi riail na Danmhairge agus labhraítear 90% den daonra sa Ghraonlainn  Graonlainnis, teanga Inuit. Labhraíonn 12% den daonra Danmhairgis. Tá 7,000 duine sa Danmhairg Graonlainnis.

Tá Faróis á labhairt ag 45,000 daoine (timpeall 90% den daonra) sna hOileáin Fharó. Tá Faróis á labhairt ag timpeall 20,000 duine sa Danmhairg. San iomlán tá timpeall ar 66,000 duine atá ábalta Faróis a labhairt.




#Article 26: An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (156 words)


Is údarás in Éirinn é an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (i mBéarla: National Roads Authority nó NRA), atá freagrach do na bóithre náisiúnta sa tír. Cruthaíodh an NRA mar chuid den Roads Act, 1993, ag tosnú oibre ó 1 Eanáir 1994.

Tá na comhairlí contaetha fós freagrach as na bóithre áitiúla agus as teorannacha luais. Déanann an NRA pleanáil agus tógáil na bpríomh-bhóithre náisiúnta – chomh maith le sábháilteacht na mbóithre. Déanann siad obair imshaolach agus seandálaíochta freisin, mar chuid de chlár tógáil na mbóithre.

Faoi láthair, tá an NRA an-ghnóthach le forbairt na bpríomhboithre agus cruthú na mótarbhealaí, mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP).

Bíonn an ÚBN á stiúradh ag an mBord, a mbíonn ceithre dhuine dhéag air, an Cathaoirleach san áireamh. Bíonn na comhaltaí á gceapadh ag an Aire Iompair, agus aird aige/aici ar an taithí nó an saineolas/inniúlacht atá acu sna réimsí bainteacha, amhail cúrsaí bóithre, iompair, tionscail, tráchtála, airgeadais nó comhshaoil.




#Article 27: Corda (ceol) (500 words)


I gceol agus i dteoiric ceoil, déantar corda le trí nóta nó os a cionn seinnte go comhuaineach. San úsáid choitianta, ní corda ach grúpa le trí nóta atá tonúil nó a bhfuil feidhmiú diatonach aige.

Mar sin, níl corda ach ina fheidhm armónach den ghrúpa le trí nóta, agus tá comhuaineacht neamhriachtanach a dhéanamh as an trí nóta. Féadann níos lú ná trí nóta a fheidhmiú mar comhuaineacht de gach nóta i gcorda. Mar shampla, déanann corda a seinntear nóta i ndiaidh nóta airpéitse. 

Ainmnítear cordaí de réir an méid nótaí atá iontu agus de réir an sóirt na hidirchéimeanna á chumadh as.

Tá an módh is furasta chun corda a ainmniú, nó chun a chumadh a theorannú, de réir an uimhir na nótaí atá ann. Is iad na cordaí is simplí (agus b’fhéidir na cordaí is coitianta) tríchordaí (a bhfuil trí nóta acu), teitreachordaí (a bhfuil ceathair acu), heicseachordaí (a bhfuil sé acu), srl.

Tá sé níos faisnéisí chun corda a ainmniú de réir an sóirt na hidirchéimeanna atá ann, mar is cuma faoin mhéad nótaí le hidirchéim chosúil eatarthu a charnadh ar an chéile; coinníonn an corda a fhuaim tréitheach fós. Ainmnítear na cordaí pléite is minice le nótaí a bhfuil tréigh óna chéile corda tréach. Ainmnítear corda cumtha le déigh eatarthu corda déach agus corda le ceathraigh eatarthu corda ceathrach.

Lipéadaítear cordaí le siombailí chorda.

Is iad tríchordaí na córdaí usáidte is coitianta i gceol iartharach. Is iad an bunús na harmóine dhiatonach é. Is é sin, cumtar le trí nóta: an fréamh, tréach (atá aon tréach amháin thar an fréamh), agus an cúigeach (atá aon cúigeach amháin thar an fréamh, nó aon tréach amháin thar an tréach).

Mar shampla, coinníonn ochtach den scála C mór na notaí sin: C D E F G A B C.

Fig 1. An scála C mór

Choinneodh an tríchorda déanta leis an nóta C mar an fréamh: C (an fréamh den scála), E (an tréach den scála), agus G (an cúigeach den scála).

Fig 2. C, E agus G – An tríchorda C mór

Ag úsáid an scála céanna (go hintuigthe, an gléas C mór) féadann corda a dhéantar le D mar an fréamh. Ba é sin: D (fréamh), F (tréach), A (cúigeach).

Mar sin, ainmnítear an tríchorda ar C tríchorda mór, nó mórchorda, agus an idirchéim ó C go dtí E mórtréach. Ainmnítear an tríchorda ar D mionchorda, a bhfuil idirchéim níos lú ón fhréamh go dtí an tréach aige. Ainmnítear an idirchéim sin miontréach, agus is é an corda D mion.

Is féidir le tríchorda a chumtar ar pé nóta den scála C mór. 

Chomh maith le mórchordaí is mionchordaí, tá tríchordaí méadaithe agus laghdaithe ann. Déannann na téarmaí sin cur síos ar an cáilíocht de chorda. 

Cumtar tríchordaí méadaithe le mórtréach ach le cúigeach méadaithe (nó mórtréach thar mórtréach). Tá miontréach agus cúigeach laghdaithe (nó miontréach thar miontréach) ag tríchordaí laghdaithe. Cuireann na rialacha sin i gcomhthéacs na cineáil tríchorda mínithe go dtí an phointe seo:




#Article 28: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (610 words)


Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,nó ;

Is í foirm rialtais na tíre í monarcacht bhunreachtúil le córas parlaiminteach. Is í cathair Londain í an phríomhchathair. Tá 4 thír chomhdhéanaimh sa RA: Tuaisceart Éireann, Alba, An Bhreatain Bheag agus Sasana.  
Tá fo-rialtais chineachta ag na chéad 3 chinn acu seo, a bhfuil cumhachtaí athraitheacha acu bunaithe ina bpríomhchathracha, Béal Feirste, Dún Éideann agus Caerdydd faoi seach. Gaolmhar leis an RA gan a bheith ina gcodanna di atá 3 Spleáchas na Coróine: Geansaí, Geirsí agus Manainn. Tá 14 Chríoch Thar Lear. Is ionann iad seo agus píosa iarmharacha de Impireacht na Ríochta Aontaithe, ina raibh beagnach ceathrú iomlán de dhromchla an domhain ag deireadh an 19ú haois agus toiseacht an 20ú haois. Ba í an Impireacht í an ceann is mó riamh ar domhan. Tchítear tionchar na RA i leitheadúlacht an Bhéarla mar mheán cumarsáide, cultúr na nOileán Briotanach, agus córais dlí i dtíortha ar fud na cruinne.

Is tír fhorbartha í an RA, a bhfuil an cúigiú geilleagar is mó ar domhan aige de réir OTI ainmneach agus an naoú ceann is mó ar domhan de réir Paireachta Cumhacht Cheannaigh. Ba í an chéad tír thionsclaíoch ar domhan í  agus an neart is tábhachtaí ar domhan i rith an 19ú haois agus go luath san 20ú haois. Déantar tagairt go seadh don RA mar neart ollmhór agus tá go fóill cumhachtaí ollmhóra aigi i leith na heacnamaíochta, an chultúir, an mhíleata agus na n-eolaíochtaí aici, mar aon le tionchar nach beag go hidirnáisiúnta. Is stát núicléach aitheanta é agus caitheann sé an ceathrú caiteachas is mó ar domhan ar chúrsaí míleata. 

Tá tuairim is 65 milliún duine ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe: breis is 55 milliún i Sasana, cúig mhilliún in Albain, trí mhilliún sa Bhreatain Bheag agus cúpla milliún i dTuaisceart Éireann. 

Rinne Sasana concas ar an mBreatain Bheag i rith na Meánaoise. Chruthaigh Acht an Aontais 1707 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire, agus chruthaigh Acht an Aontais 1800 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Nuair a bhain Saorstát Éireann a neamhspleáchas amach san fhichiú céad, cruthaíodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Is stát aonadach é an Ríocht Aontaithe, rialaithe faoi monarcacht bhunreachtúil agus córas parlaiminteach, lena shuíochán rialtais sa phríomhchathair, Londain.

Úsáidtear an punt steirling mar airgeadra sa Ríocht Aontaithe. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Ríochta Aontaithe an 9ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 5ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 28ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ríocht Aontaithe, é ar $43,620 don chónaitheach. 

De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 15ú tír is forbartha ar domhan í an Ríocht Aontaithe, as 150 tír a tomhaiseadh. Dá mbeadh an Ríocht Aontaithe ina ballstát san Aontas Eorpach, chuirfeadh sé sin í mar an 10ú tír is forbartha san eagraíocht sin. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ríocht Aontaithe an 19ú tír is sona, as 156 thír.

Is í an earnáil seirbhíse (nó an tríú earnáil) an earnáil is mó i ngeilleagair na tíre, agus timpeall ar 80% de phostanna sa Ríocht Aontaithe san earnáil seo. I Mí na Samhna 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 3.7%, an seachtú leibhéal is lú san Aontas Eorpach dá mbeadh an Ríocht Aontaithe páirteach san eagraíocht sin.




#Article 29: Seosamh Ó Cuaig (108 words)


In Aill na Brún, Cill Chiaráin, a rugadh agus a tógadh Seosamh Ó Cuaig. Tá sé pósta le Treasa Ní Loideáin as Roisín na Mainíoch, Carna, agus tá ceathrar clainne orthu. I Raidió na Gaeltachta a oibríonn sé. 

Ó d'fhág sé an mheánscoil tá sé ag seasamh a gcearta do Chonamara agus d'Árainn. 

Creideann sé nach dtugann an Chomhairle Contae aird mar is cóir ar na pobail seo agus go gcaithfear iad a dhúiseacht agus a dhúiseacht go beo. 

Toghadh mar ionadaí ar Údarás na Gaeltachta é i 1999.

Toghadh mar chomhairleoir ar Chomhairle Contae na Gaillimhe i 2004 é.

Aththoghadh ar Údarás na Gaeltachta i 2005 é.




#Article 30: Eilís II na Ríochta Aontaithe (263 words)


Is í Eilís II, (Elizabeth Alexandra Mary, a rugadh ar 21 Aibreán 1926) banríon cheannasach agus ceann stáit Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus de 15 tíortha eile sa Chomhlathais na Náisiún. Is ceannaire Chomhlathais agus Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana í. Tháinig sí i gcoróin ar an 6 Feabhra 1952. 

Tá Eilís ina banríon ó shin agus tá sí i réim níos faide ná aon cheann stáit eile sa 20ú / 21ú haois(D’éirigh an bhanríon Eilís II ar an mbanríon is faide i réim I Sasana ar an 9 Meán Fómhair 2015. ). Maireann bordaithe agus 125 milliún duine i dtíortha ar í a gceann stát. Sul má tháinig sí i gcoróin, bhí an teideal Bandiúc Dhúin Éideann aici.
 

Rugadh i Londain í. Ba iad an Rí Seoirse VI agus an Bhanríon Eilís Bowes-Lyon a tuismitheoirí. Baisteadh i Seomra Ceoil i bPálás Buckingham í.

Thug Eilís II cuairt ar Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2011, an chéad bhanríon nó rí le seo a dhéanamh ón mbliain 1921. Thosaigh sí amach i mBaile Átha Cliath, áit ar thug sí cuairt ar Gháirdíní an Chuimhneacháin, Páirc an Chrócaigh, Áras an Uachtaráin chomh maith leis an gCuimneachán Cogaidh i nDroichead na hInse. Chuaigh sí, ina dhiaidh sin, go Caiseal i dTiobraid Árainn, go dtí Graí Náisiúnta na hÉireann agus go dtí an Margadh Sasanach i gCorcaigh. Thacaigh formhór mhuintir na hÉireann leis an turas ach eagraíodh roinnt agóidí beaga ina coinne. Cáineadh, ach go háirithe, an tslándáil toisc go raibh an chuid is mó de Bhaile Átha Cliath dúnta i rith an turais.




#Article 31: An Eilvéis (301 words)


Is tír bheag thalamhiata atá suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéis nó an Eilbhéis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na hEilvéise). Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, agus leis an nGearmáin. 

Tá ceithre theanga oifigiúl san Eilvéis: an Ghearmáinis (63,7 %), an Fhraincis (20,4 %), an Iodáilis (6,5 %) agus an Rómainis (0,5 %). Maidir leis an gcineál Gearmáinise a labhraítear san Eilvéis, is canúint neamhionann go leor í leis an Ard-Ghearmáinis atá in uachtar sa Ghearmáin.

Is tír shléibhtiúil í an Eilvéis. Roinntear an tír ina trí chuid: na Sléibhte Alpa, an tArdán Láir agus na Sléibhte Jura. I measc sléibhte cáiliúla na tíre, tá an Matterhorn. Tá na cathracha, Zürich agus an Ghinéiv mar shampla, ar an Ardán Láir, agus mar i gcéanna leis an gcuid is mó den daonra.

Cé go bhfuil an Eilvéis i lár na hEorpa idir tíortha a raibh cogaidh go leor ar siúl acu le linn na 19ú agus 20ú céad, tá beart eachtrach neodrach docht ag an tír le tamall fada. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar shampla, cé go labhraítear Gearmáinis ansin agus go mbíonn teorainn leis an Ostair, an nGearmáin agus an Iodáil (is é sin, tíortha na hAise) ann, ní raibh an Eilvéis rannpháirteach sa chogadh sin. Ní raibh an Eilvéis páirteach i gcogaíocht ón mbliain 1815 i leith.

Mar sin, ní ghlacann an Eilvéis páirt san Aontas Eorpach. Ní raibh an Eilvéis lánpháirteach sna Náisiúin Aontaithe go dtí an bhliain 2002. D'ainneoin traidisiún neodrachais na hEilvéise, ar 5 Meitheamh, 2005, ghlac vótálaithe Eilvéiseacha le Conbhinsiún Schengen.

Tá a lán eagraíochtaí idirnáisiúnta lonnaithe san Eilvéis. Bunaíodh an Chros Dhearg sa tír, sa Ghinéiv, sa bhliain 1863. Tá an dara grúpa oifigí is mó de chuid na Náisiún Aontaithe suite sa Ghinéiv.




#Article 32: Míochaine (330 words)


Is éard is míochaine nó leigheas ann ná an eolaíocht a bhaineann le haire don cholainn agus don aigne, agus an freastal a thugann dochtúirí leighis. Is mór é a réimse, agus baineann líon mór saineolaíochtaí leis - na trí réimse is ginearálta ná máinliacht, míochaine chliniciúil agus taighde míochaine.

Is dochtúirí leighis iad dochtúirí teaghlaigh nó cleachtóirí ginearálta agus nó saineolaithe leighis nó comhairleoirí araon. Tugtar dochtúir teaghlaigh ar ghnáthdhochtúir a chleachtann an leigheas go ginearálta, de ghnáth ina sheomra freastail féin. Sa lá atá inniu ann, is minice dochtúirí a bheith i gcomhchleachtadh le dochtúirí eile i gclinic, ina bhfuil ar a laghad banaltra amháin, cléireach, agus áiseanna sa bhreis nach mbeadh ar chumas dhochtúra aonair a chur ar fáil.

Ar an taobh eile de, is féidir an leigheas a roinnt idir speisialtachtaí galair agus córais an choirp (m.sh. liacht bhan, leigheas análaithe, néareolaíocht, nó síciatracht), aois an othair (m.sh. péidiatraic (liacht leanbh) nó leigheas sean-aoise), an bealach ina gcuirtear an leigheas i bhfeidhm (m.sh. máinliacht, raideolaíocht nó leigheas ginearálta), agus idir aire dhíreach, agus déanamh agus iniúchadh scrúdaithe, m.sh. paiteolaíocht agus raideolaíocht. Cnáimhseachas a thugtar ar dhochtúir a chleachtann aire ban torrach chomh maith le bainistíocht na breithe féin. Ina theannta sin, tá dochtúirí a chaitheann cuid mhaith dá gcuid ama le múinteoireacht, le taighde in eolaíocht shláinte, ag obair le roinn den rialtas nó ag plé le leigheas pobail. 

Ina theannta sin uile, tá go leor cleachtóirí eile leighis nach dochtúirí leighis iad, ach a oibríonn leis an othar, go minic faoi choimirce an dochtúra leighis. M.sh., altra (banaltra an fhoirm bhaineann) a thugtar ar chleachtóir a dhéanann obair cosúil le piollaí agus instealltaí a thabhairt, cuidiú leis an lia le linn obráide, aire othair roimh agus i ndiaidh obráide, agus mórchuid an aire ginearálta le linn d'othair bheith in ospidéil.

Tá teiripithe eile, mar shampla, a chuidíonn le hothair; le neamhoird urlabhra (teiripe urlabhra agus éisteachta), le trioblóid gluaiseachta (fisiteiripe) agus a thugann radaíocht (radaiteiripe).




#Article 33: Creideamh (313 words)


Is é is ciall le creideamh ná an córas tuisceana agus creidiúint a bhíonn ag duine nó ag pobal maidir le bunús an domhain, an saol i ndiaidh an bháis, agus tionchair diaga nó iar-dhaonna ar chúrsaí an tsaoil.

Is iad príomhchreidimh an domhain an Chríostaíocht (idir Chaitliceachas, Phrotastúnachas, Ceartchreideamh Gréagach, Rúiseach srl), Ioslam, an Giúdachas, an Hiondúchas, Wicca, an Búdachas, Siontó, an Sóróaistreachas, an Síceachas, agus creidimh thraidisiúnta, go minic le hiliomad déithe.

Deirtear gurbh iad na sean-Eabhraigh ar dtús a thug aitheantas don aon-diagacht, cé go raibh córas le Dia mhaith amháin ar bun i bhfad roimhe, m.sh., ag muintir na Peirse, .i. an Sóróaistreachas. Nuair a thug Dia na nEabhrach (Iáivé) an dlí do Mhaois, .i. na Deich nAithne, leag sé síos nach raibh ann ach an aon Dia amháin, agus nár chóir ómós a thabhairt do Dhia ar bith eile. As creidimh na nEabhrach, ar a dtugtar an Giúdachas, a spreag an Chríostaíocht in aimsir Chríost, agus an Muslamachas nó Ioslamachas in aimsir Mhahamad.

Sa seansaol, bhí a ndéithe féin ag gach cultúr nó tír, fiú ag na hEabhraigh. Ach le teacht na gcreideamh nua, ba mhinic a thugtaí págántacht nó ainmneacha drochmheasúla ar an gcóras creidimh agus diagachta traidisiúnta i gcultúr. Leanann an córas diagachta go minic i bhfoirm miotaseolaíocht, agus go minic nuair a thagann, mar shampla, an Chríostaíocht go cultúr nua, bíonn creideamh sa dá chóras ar feadh i bhfad, agus déanann an sean-chreideamh múnlú ar an gcreideamh, mar shampla i scéalta na naomh, agus i gceiliúradh féilte. Sampla de seo an vúdú i Háití sa Chairib agus Candomblé sa Bhrasaíl, áit a bhfuil formhór na ndaoine ina gCríostaithe, ach a bhfuil creideamh agus cleachtadh fós ar nósanna agus déithe na hAfraice.

Bhí a gcóras diagachta féin ag na sean-Ghréagaigh, córas roinnte gaolta leis ag na sean-Rómhánaigh, agus ar ndóigh a gcóras féin ag na sean-Ghaeil.




#Article 34: Nua-Gheirsí (300 words)


Stát in oirthuaisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.) é Nua-Gheirsí (Béarla: New Jersey), a bhfuil meastachán daonra 9,005,644 ann de réir an Daonáirimh 2017. Tá abhainn an Hudson agus Cuan Nua-Eabhrac mar theorainn dó ar an taobh thoir, agus abhainn an Delaware mar theorainn ar an taobh thiar. Nua-Gheirsí an stát is dlúithe daonra sa tír agus 462 duine sa chiliméadar cearnach. Tá 17,404.6 duine sa mhíle cearnach in Paterson, an dara cathair sna Stáit Aontaithe ó thaobh dlús daonra de.

Is é The Garden State (Stát an Ghairdín) leasainm Nua-Gheirsí. Is é Chris Christie, ball den Pháirtí Poblachtach, an gobharnóir. Úsáidtear an giorrúchán NJ don phost.

I measc na mórchathracha sa stát tá Newark, Jersey City, Elizabeth, Paterson, Camden, Atlantic City, Hoboken agus Passaic. Is é Trenton an phríomhchathair.

Tá cósta fada ag an stát ar an taobh thoir ar an Aigéan Atlantach. Tugtar an shore air seo agus is maith le daoine áitiúla lá a chaitheamh down the shore.

Is ann atá an clár teilifíse cáiliúil The Sopranos bunaithe.
, i dtuaisceart Nua-Gheirsí, sna 1950idí.

Tá Nua-Gheirsí suite in oirthear Mheiriceá Thuaidh ar an gcósta thoir láir. Tá sé ag críochántacht le Cathair Nua-Eabhrac san oirthuaisceart, le Stát Nua-Eabhrac sa tuaisceart, agus le Pennsylvania agus le Delaware san iarthar. Tá Bá Delaware sa deisceart. Tá Nua-Gheirsí roinnte ina cheithre réigiún ó thaobh na geograife fisiciúla de. Is é Máchaire an Chósta Atlantaigh an réigiún is mó. Síníonn sé siar ón aigéan go dtí an Abhainn Delaware agus ó thuaidh ó Bhá Delaware go dtí líne idir Contae Mercer san iarthar go béal na Raritan san oirthear. Tá foraoisí péine (na Pine Barrens), riascanna sáile agus feirmeacha glasraí agus torthaí ann, chomh maith le bailte saoire feadh an chósta. Níl dlús mór daonra ann sa chuid is mó den réigiún.




#Article 35: Manhattan (138 words)


Manhattan a thugtar go hiondúil ar bhuirg Nua-Eabhrac, ceann de na cúig bhuirg atá i gcathair Nua-Eabhrac, agus ar an oileán ar a bhfuil sé suite. Is cuid den chathair é, maille le Queens, Brooklyn, Oileán Staten agus an Bronx. Tá daonra timpeall 1.4 milliún ar Manhattan féin, ach ar ndóigh bíonn ar a laghad cúpla chéad míle eile ann i rith laethanta gnótha, mar aon leis na mílte turasóirí.

Is ann atá ceantar gnó chathair Nua-Eabhrac. Is ann freisin atá na ceantair chlúiteacha caithimh aimsire. Bíonn raidhse mór drámaí agus ceoldrámaí i gcónaí sa cheantar drámadóireachta Broadway. Tá an Opera Meitreapólach, Bailé Chathair Nua-Eabhrac, agus Ceolfhoireann Fhiolármónach Nua-Eabhrac suite i Látharlann Lincoln. Bíonn raidhse mór de cheol claisiceach agus de gach sórt eile ag Carnegie Hall, agus bíonn drámaí nua i gcónaí ar off Broadway agus off-off-Broadway.




#Article 36: Lá Fhéile Pádraig (251 words)


Déanann pobal na hÉireann céiliúradh ar an 17ú lá de Mhárta ar Lá Fhéile Pádraig (nó Lá ’le Pádraig uaireanta). Deirtear gur cailleadh Naomh Pádraig, aspal náisiúnta na hÉireann ar an dáta seo.. Déantar ceiliúradh ar chultúr, teangacha, spórt, reiligiúin agus ceol na tíre. Tá an fhéile Seachtain na Gaeilge mar chuid den cheiliúradh.Déantar ceiliúradh ar Phádraig aon áit ar fud an domhain ina mbailíonn na hÉireannaigh le chéile. Ar na hócáidí is mó, áirítear an ceann i Nua Eabhrac, ina mbíonn paráid ollmhór chuile bhliain, ó Ardeaglais Naomh Pádraig suas an 5ú Ascal (5th Avenue) agus ceann Bhaile Átha Cliath. Anois i mBaile Átha Cliath tá feachtas seachtaine ann chun an lá a cheiliúradh. 

Is é Naomh Pádraig a thug an Chríostaíocht go hÉirinn. Nuair a bhí Pádraic ina bhuachaill óg, fuadaíodh é óna bhaile dúchais sa mBreatain Bheag agus tugadh anall go hÉirinn é, áit ar chaith sé blianta ag sclábhaíocht, agus é ag tabhairt aire do thréad caorach agus muc ar Shliabh Mis i gContae Aontroma. Oíche amháin bhí brionglóid aige faoi phobal na hÉireann agus gur cheart dó dul ina measc agus a chreideamh a chraobhscaoileadh. Chuaigh Pádraic ar bhord loinge agus sheol sé ar ais abhaile. Nuair a bhí sé urnaithe ina shagart, bhí brionglóid eile aige ina bhfaca sé muintir na hÉireann ag glaoch ar ais air chun an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh ann. Chaith Pádraic 40 lá agus oíche ag troscadh agus ag tréanas ar shliabh Mis i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo. 




#Article 37: Síciatracht (437 words)


Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhar nó galar intinne. 

Tugtar síciatraí ar dhochtúir leighis a chleachtann síciatracht. 

Tugtar síceolaí ar dhuine a traenáladh i ngnáth-shíceolaíocht agus i síceolaíocht galra meabhar, de ghnáth gan traenáil sa leigheas. Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le hothair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Pharkinson nó stróc.

Seachas galar meabhar ar nós schizophrenia nó mire thaghdach, bíonn freastal ag síciatrithe orthu siúd a mbíonn trioblóid míshuaimhneachas, trioblóid clainne, pósta nó cúpla orthu, chomh maith leo siúd a mbíonn dementia (gealtachas le cailliúnt scileanna agus cuimhne) nó mallintinneacht orthu.

Déanann síciatrigh áirithe speisialtiacht le hobair le gasúir agus leanaí, le sean-aoisigh, leo siúd atá trioblóid acu a bhaineann le drogaí nó le biotáille, nó leo siúd atá i dtrioblóid leis an dlí. Déanann cuid eile speisialacht ag obair le daoine a bhfuil tinnis coirp orthu, nó leo siúd atá i ndiaidh bheith i dtionóisc nó a raibh meall san inchinn acu a rinne dochar don inchinn.

Cuireadh tús leis an gcóras rangú atá inniu againn ag deireadh an 19ú haois, nuair a rinne Kraepelin na Gearmáine idirdhealú idir mire thaghdach agus dementia praecox. Is éard atá i gceist le dementia praecox ná meabharghalar a thosaíonn go luath agus lena dtéann an duine i léig de réir a chéile, go minic le  (delusion an Bhéarla) nó bréagchéadfaí (hallucinations an Bhéarla). Cuireadh leis an obair seo nuair a scríobh faoin hebephrenia agus Kahlbaum faoin katatonia. Freisin, rinne Schneider cur síos an-úsaideach ar siomptaim an dementia praecox, cur síos a húsáidtear go dtí an lá atá inniu ann. scitsifréine (Schizophrenia) an t-ainm a thugtar inniu ar an gcuid is mó díobh siúd a mbíodh dementia praecox orthu.

Ba á Sigmund Freud a chuir an sícanailís ar bun i Vín na hOstaire ag tús an 20ú Aois, córas teiripe a bhí an-tábhachtach i bhforbairt na síciatrachta, agus a bhaintear feidhm fós as, go háirithe ag teiripithe agus ag dochtúirí príobháideacha. 

Ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin, ní raibh morán leigheas cheart ar mheabhar ghalar, ach an duine a bhí tinn a chur in oispidéal nó in institiúd eile. Ach 'sna 1950aí, thángathas ar chlorpromazine , nó Largactil, sa bhFrainc, an chéad cheann des na drogaí frith-mhire, agus chuir sé sin athrú mór ar chleachtadh an síciatracht.

In Éirinn, i ndiaidh traenála ghinearálta san ollscoil i ndámh an leighis, is gá traenál ar feadh 4-6 bhliana sa bhreis agus scrúdaithe Choláiste Ríoga na Síciatraithe a phasáil chun cleachtadh mar chomhairlitheoir síciatrach.

Neamhoird mheabhracha




#Article 38: Tuaisceart Éireann (1686 words)


Is ionann Tuaisceart Éireann (Béarla: Northern Ireland; Ultais: Norlin Airlann) agus limistéar na sé gcontae úd Aontroim, Ard Mhacha, Doire, An Dún, Tír Eoghain agus Fear Manach a dealaíodh ón gcuid eile d'Éirinn nuair a tháinig an Conradh Angla-Éireannach i bhfeidhm sa bhliain 1922.

Tá Béal Feirste, Doire, Iúr Cinn Trá, An Ómaigh, Lios na gCearrbhach, Port an Dúnáin, Inis Ceithleann agus Droim Mór ar na cathracha is mó i dTuaisceart Éireann. Tá sé chontae i dTuaisceart Éireann, mar a leanas:

Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an tSruthail, an phríomhabhann in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.

Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.

Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúrí Briotanacha bás ann i rith na dTrioblóidí.

I gContae an Dúin aimsítear Loch Cuan. Tá an loch faoi chúig chiliméadar déag, a bheag nó a mhór, de Bhéal Feirste, agus é ag sroicheadh ó Bhaile Nua na hArda ar feadh 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann. Meastar go bhfuil ocht n-oileán is trí scór ar fad sa loch. Droimníní báite atá iontu. Is féidir leat Túr Scrabo, atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil.

Tá imeall an locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta, chomh maith le ceithre oileán déag sa loch. Is féidir le gach duine cuairt a thabhairt ar na hoileáin seo.

Eagraíonn maoir de chuid an Iontaobhais cuid mhór siúlóidí agus turais thart faoi Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar, agus eolas faoi shaol nádúrtha an locha á thabhairt do na cuairteoirí le linn na dturas.

Príomhalt: Contae Aontroma
Meallann Glinntí Aontroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirste, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae, agus an chuid eile di i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chondae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.

Príomhalt: Contae Fhear Manach

Príomhalt: Contae Dhoire

Tá cuid de na Speiríní suite i ndeisceart Chontae Dhoire chomh maith, agus Sliabh gCallann, ar an teorainn le Contae Thír Eoghain, ar phointe is airde an chontae. Is é lár an chontae an chuid is airde de, agus titeann an talamh agus duine ag dul uaidh sin isteach i ngleann an Fheabhail san iarthar nó i ngleann na Banna san oirthear. Baineann an contae le Loch nEathach ina chúinne oir-dheisceartach, agus aithnítear tuaisceart an chontae as aillte géara, córais dumhcha, agus tránna gainimh an chladaigh Atlantaigh.

Bhí corradh is 1.70 milliún duine ina gcónaí i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2001. Sa daonáireamh a rinneadh sa bhliain 2001, dúirt 45.5% den daonra gur Protastúnaigh iad, agus thug 40.3% le fios gur Caitlicigh a bhí iontu. Staon 13.3% den daonra ó aon chreideamh ar leith a admháil.

Ba é an tAcht um Rialtas na hÉireann ón bhliain 1920 a shainigh críocha agus teorainneacha an stáitín áfach, cé nach bhfuil teorainneacha cruinne gearrtha dó inniu féin, agus tá áiteanna ann nach féidir a rá fúthu go neamh-dhébhríoch cé acu sa Tuaisceart nó sa Phoblacht atá siad suite.

Baineann dhá thrian de Chúige Uladh le Tuaisceart Éireann, ach tá sé de nós ag na hAontachtóirí Cúige Uladh (Ulster) a thabhairt ar an stáitín. Státín féinrialaithe ann féin is ea Tuaisceart Éireann, nó go bunúsach, is slánaonad faoi fhéinrialtas é atá faoi fhorlámhas na Ríochta Aontaithe, murab ionann agus an chuid eile d'Éirinn. Mar sin, is féidir é a chur i gcomparáid le Sasana, leis an Bhreatain Bheag agus le hAlbain.

Go praiticiúil, áfach, cha raibh féinrialtas an Tuaiscirt ag obair ar feadh i bhfad. Bhí tionól nó dáil fhéinrialaitheach ann ar Chnoc an Anfa (Béarla: Stormont) go dtí na Trioblóidí, ach ar an 30 Márta 1972, chuir rialtas na Ríochta Aontaithe an féinrialtas áitiúil ar ceal agus thosaigh sé ag rialú an Tuaiscirt go díreach ó Londain.

De thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta, tháinig Tionól nua féinrialaitheach ar an fhód, ach nuair a chuaigh an díospóireacht faoi dhíchoimisiúnú arm na Sealadach ó smacht, cuireadh an tionól ar fionraí ar an gceathrú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 2002. Cé gurb iad an Páirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) agus Sinn Féin an dá pháirtí is láidre inniu, i ndiaidh an olltoghcháin ar an 30 Samhain 2003, d'éirigh leis an tionól cromadh ar obair arís, rud nach raibh mórán súile leis, ós iad an dá pháirtí a sheasann do mheon na dígeantachta is na neamhghéilliúlachta sa dá phobal.

Tá polaitíocht Thuaisceart Éireann bunaithe ar an teorainn eitni-reiligiúnda idir na Caitlicigh, a dhearcann orthu féin mar Éireannaigh is mar Ghaeil agus mar dhaonra bundúchasach, agus na Protastúnaigh, a dhearcann orthu féin mar shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe agus mar chosantóirí a dúchais. Tá sé de chlaonadh sna Caitlicigh a rá nó a shíleadh gur coilínithe agus grabálaithe talún iad na Protastúnaigh nár tháinig isteach ach de thoradh na plandála. Is náisiúnaithe (baintear úsáid as an leagan náisiúntóirí freisin sa Ghaeilge, nuair a bhítear ag trácht ar náisiúnaithe Caitliceacha an Tuaiscirt) iad an chuid is mó de na Caitlicigh, agus teastaíonn uathu an dá stát in Oileán na hÉireann a aontú in aon stát amháin. Ón taobh eile de, is dual do na Protastúnaigh a gcomhionannú a dhéanamh leis an mBreatain Mhór agus maíomh as a ndílseacht don Choróin agus don Rí nó don Bhanríon. Dearcann siad ar an nasc idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann mar urrús riachtanach dá gcearta reiligiúnaigh agus sibhialta, agus bíonn siad iontach mímhuiníneach as Poblacht na hÉireann, nó tá siad den tuairim go bhfuil an iomarca cumhachta ag an Eaglais Chaitliceach sa Phoblacht, rud a d'fhágfadh nach mbeadh stádas an tsaoránaigh chothroim ar fáil dóibh dá n-aontófaí Éire.

Is follasach go bhfuil an dá sheasamh seo doréitithe le chéile, agus mar sin, d'fhág an foréigean seicteach a shliocht ar Thuaisceart Éireann ó tháinig an stáitín ar an bhfód. Bhí na hAontachtóirí den tuairim, ar dtús, gur fealltóirí agus lucht tréasa ab ea na Caitlicigh go léir, ó theastaigh uathu an nasc leis an mBreatain Mhór a bhriseadh agus dul le Poblacht na hÉireann. Mar sin, choinnigh siad an rialtas fúthu féin, agus iad ag dul i muinín cleasa mí-ionraice go minic, ar nós claonroinnt na dtoghlach, lena chinntiú nach bhféadfadh na Caitlicigh teacht in aon chóngar don tromlach sna toghcháin dhaonlathacha. Chuir an chuid ba ghangaidí de na Caitlicigh cor in aghaidh an chaim trí thacaíocht a thabhairt d'fheachtas armtha an IRA leis an stáitín a scaradh ón Ríocht Aontaithe.

Íomhá:At the Wilson Homestead in Northern Ireland (4359826480).jpg|mion|O'Neill ag oscailt an Wilson homestead, anois an Ulster American Folk Park, Dearg Alt (Dergalt), An Srath Bán Íochtarach, Tír Eoghain
Sna 1960idí, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh leasuithe suntasacha polaitiúla ar na bacáin, nuair a bhain Terence O'Neill, polaiteoir Aontachtach a raibh dearcadh forásach nua-aimseartha aige, amach oifig Phríomh-Aire an Tuaiscirt. Bhí sé ag caint faoin rathúnas ábhartha mar leigheas ar an scoilt sheicteach, agus é sásta dul i dteagmháil le Seán Lemass, taoiseach Phoblacht na hÉireann san am céanna, a raibh dearcadh cosúil aige. Sa deireadh thiar thall, áfach, ní dhearna iarrachtaí Uí Néill ach an lasair a chur sa bharrach.

Go bunúsach, bhí cuid mhór de na hAontachtóirí barúlach go raibh an Niallach ag iarraidh iad a dhíol ar shladmhargadh leis an lucht tréasa a bhí ag rialú i mBaile Átha Cliath, agus na Caitlicigh míshásta leis nach raibh na leasuithe cuimsitheacha polaitiúla ag teacht sách luath.

Mar sin, phléasc an foréigean seicteach amach arís ó thús na seachtóidí i leith. Cuid de ghnáthshaol an stáitín ab ea na gníomhartha sceimhlitheoireachta go dtí gur cuireadh an chéad sos cogaidh fada i bhfeidhm sna nóchaidí, agus inniu féin, spreagann an faltanas seicteach daoine chun loitiméireachta, coirlosctha, dúnmharaithe, agus bruíonachais. Tá formhór na n-iar-sceimhlitheoirí, an tIRA Sealadach thar aon dream eile, éirithe as a leithéid, agus iad ag iarraidh leas a bpobail a dhéanamh ar bhealach éigin eile, ar nós obair fhóirithinte, Gaeilgeoireacht nó polaitíocht dhaonlathach.

Bhí 75,125 duine (4.164% de dhaonra Thuaisceart na hÉireann) ábalta Gaeilge a scríobh, a léamh, a labhairt agus a thuibheáil. Ní raibh aon eolas ar an Ghaeilge ag 89.7% den daonra. Bhí eolas ar an Ghaeilge ag 10.3% den daonra.

Sa scoilbhliain 2017-2018, bhí 5,261 dalta ag fáil a n-oideachais sa chóras lán-Ghaeilge, 1.7% de na daltaí ar fad.




#Article 39: Ogham (478 words)


Is aibítir sheanda í an tOgham (Sean-Ghaeilge Ogam), an t-oghamchraobh, a bhíodh in úsáid roimh theacht na Críostaíochta go hÉireann, sa tréimhse idir 300 A.D. agus 600 A.D. Tuairiscíonn na saineolaithe nárbh aibítir neamhspleách í, ach gur rúnscríbhinn de shaghas áirithe a bhí ann agus í bunaithe ar aibítir na Laidine. Faightear inscríbhinní in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i Sasana, agus ar Oileán Mhanann.

Nuair a bhí an tOgham gearrtha ar liag, ar ghallán nó ar chloch chuimhneachán, rith an téacs aníos ó bhun go barr na cloiche. D'úsáidtí poncanna do na gutaí mar seo a leanas: ponc amháin = a, dhá phonc = o, trí phonc = u, ceithre phonc = e agus cúig phonc = i. D'úsáidtí stróiceacha do na consain. Ghearrtaí an scríbhneoireacht seo ar imeall na cloiche nó ar lár líne ar a dtugtaí an 'fleasc'. Tá inscríbhinní dátheangacha Gaeilge agus Laidine ann freisin, a théann ó chlé go deas. Nuair a bhí an tOgham scríofa i lámhscríbhinní, lean an téacs gnáth-threo na Laidine (cothrománach agus ó chlé go deas), le stríoca ingearacha in áit eangaí greanta na n-inscríbhinní le haghaidh na ngutaí.
 

Maítear gur thosaigh an tOgham, in iar-dheisceart na tíre agus tá fáil ar 121 sampla de na galláin seo i gContae Chiarraí. Faightear 81 sampla i gContae Chorcaí agus 47 sampla i gContae Phort Láirge. Faightear 15 sampla sa Bhreatain Bheag agus tá an gallán oghaim is sia soir le fáil i Silchester i Sasana, rud a chiallaíonn gur bhog na daoine leis an scríbhneoireacht seo soir de réir a chéile, ó Chontae Chiarraí ar aghaidh.

Tá 25 bunlitir san Ogham.  Tugtar fid (fiodh, crann) ar an gcéad fiche litir, roinnte ina gceithre aicme ainmnithe as an gcéad litir sa sraith (Aicme Bheithe, Aicme Uatha, Aicme Mhuine, Aicme Ailme).  Cuireann an focal 'fiodh' in iúl an nasc idir crainn agus ainmneacha na litreacha.  Is taebomna, taobhomhna nó consain iad an chéad 15 díobh, agus gutaí simplí na 5 deireanacha.  Tugtar forfeda (airfheánna, litreacha sa bhreis) ar na litreacha eile.  Tá aon aicme oifigiúil amháin inniu ann, agus défhoghair atá ann, ach faightear forfeda eile, go háirithe Peith.

Ba scil ar leith í an córas scríbhneoireachta seo, mar sin, scríobhtaí é do dhaoine tábhachtacha, a cuireadh san áit ina seasann an gallán anois. Ainmneacha daoine mór le rá – ríthe, taoisigh agus daoine cumhachtacha eile – a scríobhtaí ar na galláin oghaim don chuid is mó.

De réir na miotaseolaíochta, ba é an dia Ceilteach Ogmios (dia na hurlabhra agus na foghlama) a cheap an córas scríbhneoireachta seo.

Tháinig deireadh le ré an oghaim le teacht na manach go hÉirinn mar d'úsáidtí aibítir na Laidine ó shin i leith agus bhíodh na manaigh ag scríobh ar phár. Cé gur tháinig deireadh lena ré sa seachtú haois faightear tagairt don ogham i leabhar Bhaile an Mhóta a scríobhadh san 11ú haois.




#Article 40: California (337 words)


Is stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é California nó an Chalafóirn mar a ghlaotar uirthi as Gaeilge uaireanta (cf. Calafóirniam nó Calafóirneach). Is é Sacramento príomhchathair Chalifornia, ach is é Los Angeles an chathair is mó sa stát (agus an dara is mó sa tír).

Tá sé suite in iarthar na tíre ar chósta an Aigéin Chiúin. Is é an stát is mó sa tír ó thaobh daonra de agus an tríú stát is mó de réir achair. 

Is é an Stát Órga leasainm oifigiúil an stáit. D´fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ór ar thángthas air sa bhliain 1848 (agus a chuir tús le Fuadar Óir Chalifornia) nó mar go bhfuil dath an óir, nach mór, ar go leor de thalamh an stáit sa samhradh. 

Úsáidtear an giorrúchán CA don phost, agus baineann an Associated Press feidhm as Calif. 

Daonra dlúth atá i ndeisceart na Calafóirne, agus is lú an líon daoine atá le fáil sa taobh thuaidh. Is é Los Angeles, sa deisceart, an chathair is mó sa stát agus is é an dara cathair is mó sna Stáit Aontaithe. Is é mórcheantar San Francisco, sa dtuaisceart, an dara ceantar uirbeach is mó sa stát. Maireann formhór an daonra laistigh de 50 míle (80 km) ón Aigéan Ciúin.

Creidtear go dtagann ainm an stáit ó Las sergas de Espladián (Eachtraí Spladian), úrscéal ón 16ú haois le Garci Rodríguez de Montalvo, a raibh oileán ann darbh ainm California a bhí ar nós Parthais. D'fhéadfadh sé go gciallaíonn an focal chomh te le hoigheann (cali  te, fornia  oigheann).

Ar an 24 Eanáir 1848 fuarthas an chéad píosa óir i gCalifornia. Chuir sé sin tús le Fuadar Óir Chalifornia.

Tá éagsúlacht mhór ag baint le tíreolaíocht Chalifornia ón gcósta thiar go dtí sliabhraon an Sierra Nevada thoir, agus ó dheas arís chun Gleann an Bháis sa deisceart - ceann de na háiteanna is teo ar domhain. Tá an Gleann Láir idir an t-aigéan agus na sléibhte agus is é seo an príomhshuíomh talmhaíochta sa stát.




#Article 41: Síceolaíocht (166 words)


Is í an tsíceolaíocht ná an brainse sin den eolaíocht a bhaineann le aireachtáil, smaoineamh, mothúcháin, agus iompar, agus mar a éiríonn siad as próisis orgánacha agus in imoibriú leis an timpeallacht nádúrtha agus shóisialta.

Tá naisc thábhachtacha idir í agus brainsí eile den eolaíocht nádúrtha (mar shampla, an bhitheolaíocht agus go háirithe an eolaíocht néarach) agus shóisialta (mar shampla, an tsocheolaíocht agus an eolaíocht pholaitiúil).

Tá brainse feidhmeach aici freisin, go háirithe an tsíceolaíocht chliniciúil, atá dírithe ar chothú sláinte intinne, agus an tsíceolaíocht gnó, atá dírithe ar fhadhbanna a bhaineann le dul chun cinn eagraíochta agus gnó. Uaireanta sa ghnáthchaint measctar síceolaíocht le síciatracht, ach ní hionann an dá rud. Is brainse leighis í an tsíciatracht agus is lia an tsíciatraí. De ghnáth ní bhíonn traenáil sa leigheas ag síceolaithe agus dá bhrí sin ní úsáideann siad cógais nó drugaí mar áiseanna theiripeach. Mar sin féin, is fíor go bhfuil gaol idir síciatracht agus síceolaíocht chliniciúil nuair atá scileanna síciteiripe i gceist.

Neamhoird mheabhracha




#Article 42: Dlúthdhiosca (127 words)


Is é atá i ndlúthdhiosca (DD) ná diosca a stórálann fuaim nó eolas digiteach. Tá sé thart ar 12 cm / 4.5 orlach ar leithead, agus 1 mm ar tiús. Eitseáilítear poill micreascópacha ar an dlúthdhiosca le húsáid ga léasair. Tá cód digiteach sna poill seo a léiríonn an fhaisnéis atá stóráilte. Ansin, cuirtear cóta alúmanaim ar an taobh eitre. Nuair a léitear an diosca sa tíomántán, léann ga léasair eile an cód agus déantar comharthaí leictreacha leo don ríomhaire. Déanann an ríomhaire atáirgeadh ar an bhfaisnéis mar íomhá, mar chód fuaime, nó i bhfoirmeacha eile le cabhair feidhmchlár.

Sheol Philips agus Sony an dlúthdhiosca i 1983.

Is é atá i ndlúthdhiosca fuaime ná saghas dlúthdhiosca a úsáidtear chun píosaí cheoil nó caint de ard-chaighdeán a thaifeadadh.




#Article 43: Wall Street (198 words)


Is sráid chúng i Manhattan íochtarach, i gcathair Nua Eabhraic, í Wall Street. Tá an tionscail airgeadais agus infheistíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá lonnaithe ar Wall Street agus sna sráideanna mórthimpeall.

Ar Wall Street atá an New York Stock Exchange (NYSE) agus an American Stock Exchange (AMEX), ar a bhfuil scaranna formhór chomhlachtaí na tíre á ndíol agus á gceannach. Is sa chathair freisin atá an National Securities and Exchange Quotient (NASDAQ).

Mar gheall ar mhéid an gheilleagair i SAM, chomh maith leis an méid trádala a dhéantar ar Wall Street, tá tionchar as cuimse ag Wall Street ar an ngeilleagar domhanda. Déantar faire ar an Dow Jones Industrial Average (DJIA) agus an NASDAQ ar ríomhairí agus ar scáileáin teilifíse ar fud an domhain. 

Bunaíodh Wall Street roimh neamhspleáchas na gcoilíneachtaí ag deireadh an 18ú haois.

Ar an 16 Meán Fómhair 1920, phléasc buama ar Wall Street, os comhair Bhanc Morgan i Manhattan i gCathair Nua-Eabhrac.

D'fhág an sceimhlitheoir, fear amháin is cosúil, buama i gcóiste capaill agus d'imigh sé leis. Maraíodh 38 duine agus capall amháin. Gortaíodh breis is 400.

Níor ghlac éinne leis an bhfreagracht. Caitheadh amhras ar na Galleanists, ghluaiseacht ainrialachais faoi stiúir Luigi Galleani.




#Article 44: Lucsamburg (156 words)


Is tír bheag thalamhiata í Lucsamburg (Lucsamburgais: Lëtzebuerg, Fraincis: Luxembourg, Gearmáinis: Luxemburg), go hoifigiúil Ard-Diúcacht Lucsamburg (Lucsamburgais: Groussherzogtum Lëtzebuerg, Fraincis: Grand-Duché de Luxembourg, Gearmáinis: Großherzogtum Luxemburg), in iarthuaisceart Mhór-Roinn na hEorpa.  Tá teorainn aici leis leis an bhFrainc, an Ghearmáin, agus an Bheilg. 

Is ballstát den Aontas Eorpach í ó thús.

Tá a dteanga dhúchais féin ag muintir Lucsamburg, Lucsambuirgis, atá an-ghar don Ghearmáinis ach a bhfuil rian den Fhraincis agus den Ollainnis le brath freisin uirthi. Mar sin féin, is í an Fhraincis an teanga is mó meas sa tír, agus is i bhFraincis atá an reachtaíocht go léir.  

Tá trí theanga oifigiúil ann: Fraincís, Gearmáinis agus Lucsambuirgis. De ghnáth, úsáideann muintir Lucsamburg

Úsáideann rialtas Lucsamburg Fraincis don chuid is mó. Tá 60% de dhaonra Lucsamburg ábalta Béarla a labhairt freisin.

Úsáidtear an Fhraincis agus an Ghearmáinis mar theangacha scríofa sa tír, ach le déanaí, tá an Lucsambuirgis ag éirí níos tábhachtaí mar theanga liteartha.




#Article 45: Oileáin Árann (766 words)


I gCuan na Gaillimhe atá Oileáin Árann nó na hÁrainneacha; is iad na trí phríomh-oileán ná Árainn (ar a dtugtar Inis Mór go minic), Inis Meáin agus Inis Oírr.

Tá Cill Rónáin, an baile measartha amháin atá ar na hoileáin, tuairim agus 50 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe. Ach níl Cill Rónáin ach tuairim is 12 km as Indreabhán i gConamara, agus 15 km as Dubhlainn i gContae an Chláir.

Tá cónaí ar os cionn míle duine ar na hoileáin inniu. Tá an pobal beag ag fás le 20 bliain anuas, tar éis meath mhall ar feadh tuairim is céad bliain roimhe sin.
Sí an Ghaeilge gnáth-theanga formhór na ndaoine i gcónaí. 

Turasóireacht agus iascaireacht na príomh shlite beatha ar na hoileáin. Tá an talamh an-bhocht, ach bhí ceangal daingean ag na hoileánaigh i gcónaí leis an bhfarraige. San am atá thart, bhí an-tábhacht le baint feamainne ar na hoileáin, go háirithe i gcóir táirgeadh Íodín. Sa samhradh, tá teacht ar na hoileáin go héasca le báid bheaga ó Chonamara agus Contae an Chláir, i mbeagán thar uair an chloig. Tá aerstrácaí, freisin, ar na trí hoileán, a thosaigh Aer Arann os cionn 30 bliain ó shin.

Idir 2002 agus 2006 thit daonra na n-oileán ó 1280 go 1218. I 2002 ar an oileán is mó, Inis Mór, bhí 831 duine, le 270 acusan i gCill Rónáin. Ní raibh ach 187 ar Inis Meáin, an dara hoileán is mó agus bhí 262 duine in Inis Oírr.

(Is ó Cheannáireamh 2002 na huimhreacha daonra ).

De reir an daoináireamh is deanaí (2016), tá 762 duine ina gcónaí ar Árainn (Inis Mór) faoi láthair, 281 ar Inis Oírr agus 183 ar Inis Meáin.  Tá laghdú beag tagtha ar líon na daoine ar na hoileáin ó 1251 i 2011 go 1226 duine i 2016. 

Cé gur leaca móra d´aolchloch a chlúdaíonn cuid mhór de na hoileáin i gcónaí, cruthaíodh a lán talún in am ghátair le feamainn, gaineamh, agus cré a baineadh as na scoilteanna idir na leaca móra. Fásann glasraí ar nós fataí, cairéidí agus meacain go láidir in Árainn, ach is tógáil eallach agus caoire is mó atá ar siúl ann faoi láthair.

Deirtear gurb iad na Fir Boilg a thóg na dúnta móra atá le feiscint ar na hoileáin. Tá cónaí ar an oileán ón am iargúlta sin chomh fada agus is eol dúinn. Ba i dtús ré na Críostaíochta in Éirinn a leath cáil na n-oileán arís, mar ar a raibh de mhainistir agus de naoimh orthu. Ina measc bhí Éanna, Rónán, Ciarán agus Caomhán, agus bhí cáil ar Árainn ar fud na hEorpa mar cheantar teagaisc i gcúrsaí creidimh agus sna hábhair eile a bhí á staidéar ag lucht léinn na hEorpa ag an am. Is uaidh sin a thugtar Ára na Naomh orthu fós.

Thréig a lán na hoileáin ó thús an 20ú hAois ar aghaidh, le dul ar an mórthír nó ar imirce. Ba go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Nua-Shéalainn a thug a lán acu a n-aghaidh. Ach seachas a lán d'oileáin bheaga eile in iarthar na hÉireann, bhí teacht éigin orthu fiú i rith an gheimhridh, mar go raibh bád mór as Gaillimh ag trial orthu trí huair sa tseachtain. Mar sin, ar ndóigh, níor tréigeadh aon cheann acu, agus tá borradh ar na hoileáin anois, a chuaigh i dtreise ós na 1980í nuair a thosaigh cuid mhór turasóirí ag triail orthu arís.

 
Tá cáil ar na hoileáin mar ar a bhfuil de bhaint acu le litríocht. Bhain cuid de seo leis an dlúthaithne a bhí ar an oileán ar an nGaeilge, agus go minic an Béarla lena thaobh. Bhíodh lucht ollscoile agus teangeolaithe eile ag triail orthu le staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge a bhí cuíosach glan fós ó thionchar an Bhéarla.

Chaith John Millington Synge tréimhsí fada ar Inis Meáin ag foghlaim na Gaeilge agus ag scríobh a chuid leabhar agus drámaí. B'é an dráma is cáiliúla a bhí aige ná The Playboy of the Western World, a bhí bunaithe ar scéal a chuala sé ó mhuintir Inis Meáin. Bhain Liam Ó Flaithbheartaigh cáil amach i dtús an fichiú chéad ar a chuid gearrscéalta agus úrscéalta. Cé gur scríobh sé scéalta i nGaeilge ar feadh blianta, is i mBéarla atá furmhór a chuid saothair. Tugann cuid acu léargas ar an saol chrua a bhí ag na daoine, agus cuid eile ar an dtuiscint a bhí aige don nádúr. Bhí Máirtín Ó Direáin ar dhuine de na filí ba mhó le rá sa fichiú haois, agus is i nGaeilge a scríobh sé ar fad, nach mór.




#Article 46: Conamara (274 words)


Conamara a thugtar ar cheantar in iarthar Chontae na Gaillimhe in iarthar na hÉireann. Tagann an t-ainm as Conmhaicne Mara, ceann de líon Conmhaicne sa tír, tailte a bhain le clann áirithe, agus bhí an ceann seo buailte leis an muir. Inniu deirtear amanta go gclúdaíonn sé an tír ó chathair na Gaillimhe siar go dtí an Chlochán. Ach is Cois Fharraige a thugtar i gceart ar an gceantar siar as Gaillimh, agus tosaíonn Conamara i gceart siar-aduaidh uaidh sin.

Is é an Clochán an baile is mó atá i gConamara. Tá an talamh garbh, ach tá meas ag go leor ar an taobh sin tíre mar go bhfuil sé fáiltiúil, go bhfuil radharcanna áille ar thír agus ar fharraige, agus go labhraítear roinnt Gaeilge fós ann. Ó dheas, tá oileáin i gCuan Chill Chiaráin ar chuid de Chonamara iad, m.sh. Garumna, Leitir Móir agus Leitir Mealláin. Tá Carna anseo freisin.

Lastuaidh ón gceantar tá Loch Coiribe, Loch Measca agus na Beanna Beola, sléibhte a shroicheann tuairim 730 méadar ar airde. Ó dheas, tá cuan na Gaillimhe agus Oileáin Árann agus siar agus ó dheas tá an Aigéan Atlantach. 

Tugtar Dúiche Sheoigheach go minic ar an gceantar i dTuaisceart Chonamara ina bhfuil An Sraith Saileach(Recess) ,An Teach Dóite (Maam Cross), An Mám (Maam), Corr na Móna (Cornamona) agus An Fhairche (Clonbur).

Bíonn rásaí currachaí ar siúl i gCeantar Chonamara gach Samhradh. Ina theannta sin, tagann na mílte scoláirí anseo gach Samhradh le freastal a dhéanamh ar Cursaí Samhradh ar nós Spleodar agus Coláiste na bhfiann. Tá na cursaí seo á reachtáil i gCamus, Ros Muc, Corr na Móna, Leitir Meallain agus i Leitir Móir.




#Article 47: Comhairleoir leighis (240 words)


Tugtar comhairleoir leighis ar dhochtúir leighis ar shaineolaí é i ngné den leigheas. De ghnáth is i mbailte móra a chleachtann sé. Tá comhairleoirí leighis a dhéanann an-chuid múinteoireachta agus taighde, go háirithe sna cathracha.

I ndiaidh sé bliana i ndámh an leighis san ollscoil i bPoblacht na hÉireann, nó cúig bliana i dTuaisceart Éireann, cáilíonn an mac léinn mar dhochtúir leighis, nuair a bhronnann ollscoil céim air agus nuair a ghnóthaíonn sé ceadúnas leighis ón gComhairle Leighis . 

Ansin déanann sé staidéar ar ghné den leigheas, chun a bheith ina shaineolaí in aon cheann de na saineolaíochtaí nó speisialtasaí leighis. Caitheann sé scrúdaithe bhreise a bhaint amach i ndiaidh oibriú sa ghné chéanna den leigheas, chun cáilíocht a thuilleamh ó cheann des na coláistí saineolaithe leighis. M.sh., le aitheantas mar lia chomhairlitheach a bhaint amach, bíonn ar dhochtúir leighis scrúdaithe Choláiste Ríoga um Máinliachta in Éirinn, i Sasana nó in Albain a bhaint amach.

Tá comhairleoirí leighis i bhfeighil beagnach gach gné den leigheas, ina measc máinliacht, leigheas nó miochán ghinearálta, cnáimhseachas, liacht ban, pédiatric nó liacht linbh, agus síciatracht. Tá saineolaithe i ngnéithe eile den leigheas nach mbaineann go díreach le freastal ar othair, mar shampla, paiteolaíocht, raideolaíocht, agus gnéithe áirithe den taighde.

In ospidéal, is é an comhairleoir a bhíonn i bhfeighil na foirne a dhéanann freastal ar na hothair, agus oibríonn dochtúirí sóisireacha, maraon le haltraí agus teiripithe, faoi chomhairle agus faoi ordaithe an chomhairleora leighis.




#Article 48: Cúige Uladh (1242 words)


Is é Ulaidh nó Cúige Uladh an cúige atá suite i dtuaisceart na hÉireann, agus tá naoi gcontae ann. Tá sé cinn acu á riaradh mar chuid den Ríocht Aontaithe, ar a dtugtar Tuaisceart Éireann. Na trí cinn eile, is cuid de Phoblacht na hÉireann iad. Tá 2.1 milliún daoine ina gcónaí ann.

Tabhair faoi deara go n-úsáidtear seantuiseal tabharthach an ainm Ulaidh sa teanga chaighdeánach i gcónaí. Is gnách i gCúige Uladh a rá, ar ndóigh, ach feictear an leagan in Ultaibh freisin.

Tá an loch is mó in Éirinn nó sa Bhreatain, Loch nEathach, in oirthear Uladh. Éiríonn an abhainn is mó in Éirinn, an tSionainn, i gContae Chabháin. Tá an lárphointe geografach an chúige gar do Chabhán an Chaorthainn, i dTír Eoghain. Is é Béal Feirste an chathair is mó.

Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an tSruthail, an phríomhabhann in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.

Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.

Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúrí Briotanacha bás ann i rith na dTrioblóidí.

I gContae an Dúin aimsítear Loch Cuan. Tá an loch faoi chúig chiliméadar déag, a bheag nó a mhór, de Bhéal Feirste, agus é ag sroicheadh ó Bhaile Nua na hArda ar feadh 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann. Meastar go bhfuil ocht n-oileán is trí scór ar fad sa loch. Droimníní báite atá iontu. Is féidir leat Túr Scrabo, atá ar chnoc ag barr an locha, a fheiceáil.

Tá imeall an locha faoi chúram an Iontaobhais Náisiúnta, chomh maith le ceithre oileán déag sa loch. Is féidir le gach duine cuairt a thabhairt ar na hoileáin seo.

Eagraíonn maoir de chuid an Iontaobhais cuid mhór siúlóidí agus turais thart faoi Loch Cuan ón earrach go dtí an fómhar, agus eolas faoi shaol nádúrtha an locha á thabhairt do na cuairteoirí le linn na dturas.

Príomhalt: Contae Aontroma

Meallann Glinntí Aontroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirste, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae, agus an chuid eile di i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chondae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.

Tá Contae Dhún na nGall ar an contae is sléibtí in Ultaibh, agus é foirmithe den chuid is mó de thrí shliabhraon beag: sléibhte Inis Eoghain san oir-thuaisceart, sléibhte Dhoire Bheatha san iar-thuaisceart, agus na Cruacha Gorma san iar-dheisceart. Is í an Earagail, i sléibhte Dhoire Bheatha, ná binn is áirde an chontae, agus 749m aici. Tá cósta an-bhearnach ag an chontae chomh maith, ina bhfuil go leor lochanna mara, arb iad Loch Feabhail agus Loch Súilí na cinn is tábhachtaí díobh. Tá aillte Shliabh Liag ar na séú cinn is áirde san Eoraip, agus is é Cionn Mhálanna an pointe is faide ó thuaidh ar mhórthír Éireann.

Tá dhá oileán a bhfuil buandaonra acu: Oileán Árann Mór agus Oileán Thóraigh, chomh maith le líon mór oileáin nach bhfuil ach lucht cónaithe neamhbhuan acu. Ritheann an dara n-abhainn is faide na hÉireann, an Éirne, isteach i mBá Dhún na nGall i ngar le Béal Átha Seanaidh, agus dambaí uirthi a ghineann leictreachas. Ritheann abhainn na Feabhaile freisin le taobh na cuid thuaidh de theorainn talún an chontae, dá scaradh de Chontae Dhoire agus Contae Thír Eoghain.

Príomhalt: Contae Fhear Manach

Príomhalt: Contae an Chabháin

Príomhalt: Contae Mhuineacháin

Príomhalt: Contae Dhoire

Labhraítear Gaeilge mar ghnáthurlabhra phobail inniu i nGaeltacht Thír Chonaill, i gContae Dún na nGall. Tá canúint ar leith á labhairt sa chúige, agus is minic a fhaigheann Gaeilgeoirí ó chodanna eile den tír Gaeilge Uladh sách deacair le tuiscint. Bíonn scríbhneoirí an chúige ag tarraingt ar thobar na canúna seo go minic, agus a cuma le haithint fiú ar a saothar siúd nach bhfuil an teanga ó dhúchas acu. Tá meon an neamhspleáchais ag baint le Gaeilgeoirí an tuaiscirt ar dhóigheanna eile, fosta. B'é an tAthair Lorcán Ó Muirí a chuir an chéad síol leis an meon sin, nuair a bhunaigh sé Comhaltas Uladh, an eagraíocht a dhéanann gnó Chonradh na Gaeilge sa Tuaisceart.

Tá gluaiseacht na Gaeilge láidir i dTuaisceart Éireann, agus is í cathair Bhéal Feirste an t-aon áit amháin lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta inar éirigh leis na Gaeilgeoirí leanúnachas na teanga a chinntiú ó ghlúin go glúin agus Gaeltacht nua a bhunú.

Níl a dhath fágtha de chanúintí traidisiúnta Oirthear Uladh, áfach, cé is moite d'fhoinsí scríofa, ar nós scríbhinní agus amhráin na bhfilí ón gcuid sin den chúige. Chuala an saol Gaeilge ar fad an t-amhrán Úirchill an Chreagáin, mar shampla. B'iad Ó Méith, Oileán Reachlainne agus Gleannta Aontroma na háiteanna deireanacha ansin ina labhraítí an Ghaeilge go nádúrtha. Bhí na canúintí seo cuíosach cosúil le Gaeilge na hAlban, go háirithe canúint Oileán Reachlainne. 

Tá Cúige Uladh saibhir i mbéaloideas Gaeilge, agus scéalta á n-insint sa chúige nach gcloisfí ar aon nós in aon chuid eile d'Éirinn, leithéidí na gceann faoi Bhalor nó faoi na Fomhóraigh. Díol suntais é, freisin, nach bhfuil Naomh Pádraig leath chomh tábhachtach i dtraidisiún an chúige agus atá Colm Cille, éarlamh Uladh. Tá lorg an bhéaloidis seo le haithint go soiléir ar shaothar scríbhneoirí Gaeilge an chúige, ar nós Shéamuis Uí Ghrianna agus a dheartháir, Seosamh Mac Grianna. 

Scríbhneoirí tábhachtacha Ultacha eile iad Seán Bán Mac Meanman agus Aindrias Ó Baoill, nó Fiach Fánach. B'iadsan, thar aon duine eile, a chuir Gaeilge Lár Thír Chonaill i míotar le haghaidh na nglúnta a thiocfadh ina ndiaidh. Inniu féin, tá cainteoirí dúchais ó Chúige Uladh ag saothrú na teanga ina gcuid scríbhinní liteartha, mar shampla Cathal Ó Searcaigh agus Pádraig Ó Baoighill.




#Article 49: Cúige Laighean (199 words)


Is é Cúige Laighean nó Laighin an dara cúige is lú in Éirinn, agus an cúige leis an líon is mó contaetha ann, dhá chontae déag. Is é an cúige leis an daonra is mó in Éirinn, áfach, mar gheall ar go bhfuil Baile Átha Cliath, príomhchathair na tíre, ann. 

Agus na Normannaigh tagtha i dtír in Éirinn, thosaigh na sean-chúigí ar a thugtaí Midhe agus Laighin ag aontú de réir a chéile, agus tionchar na Páile á imirt orthu.

Roinneadh Contae Bhaile Átha Cliath i gceithre chuid le gairid, mar a leanas:

Roimh theacht na Normannach, sheas Ríocht Laighean sa chuid seo den tír, agus í i bhfad níos lú ná cúige an lae inniu. Eascraíonn an chéad chuid d'ainm na ríochta ó Laighin (Laigin sa seanlitriú), treibh mhór a bhí lonnaithe sa réigiún. Is éard is brí leis an chuid eile, creidtear, ná an focal Gaeilge tír, nó an focal sean-Normannach staðr, focail a bhfuil an brí chéanna acu.

Aontaíodh treibheanna Laighean le chéile faoi smacht Úgaine Mór, ardrí a thóg an dún siúd Dún Ailinne, gar do Chill Chuilinn, meastar. Tá seans maith gurb eisean an chéad rí stairiúil ar Laighean, thiar sa 7ú chéad R.C.




#Article 50: Contae na Gaillimhe (155 words)


Tá Contae na Gaillimhe i gCúige Chonnacht in iarthar na hÉireann. Tá taobh thoir an chontae buailte leis an tSionainn, agus tá talamh measartha maith sa chuid sin den chontae agus i ndeisceart an chontae. Tá an talamh in iarthar an chontae garbh don chuid is mó, agus é buailte idir sléibhte agus an fharraige. In iarthuaisceart an chontae tá Loch Coiribe agus Loch Measca. Idir an dá loch seo tá Cunga Fheichín, agus aistear an-ghearr ón mbaile tá Maigh Tuireadh, áit ar troideadh cathanna ollmhóra san am réstairiúil. I measc na sléibhte áirgiúla tá na Beanna Beola agus Sléibhte Mhám Toirc. 

Tá a lán cladaí beaga ar an gcósta thiar, chomh maith le hoileáin intíre sa chuid sin ar a dtugtar Conamara. Tuairim agus 10 km ó dheas as Conamara, idir é agus Contae an Chláir, tá Oileáin Árann.

Is í cathair na Gaillimhe an baile is mó sa chontae agus i gCúige Chonnacht. 

 




#Article 51: Liam Ó Flaithearta (335 words)


Scríbhneoir Éireannach ba ea Liam Ó Flaithearta (28 Lúnasa, 1896 - 7 Meán Fómhair, 1984). I mBéarla a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, Dúil, agus scríobh sé dánta Gaeilge ó am go chéile. Tugtar Liam Ó Flaithbheartaigh, nó Liam O'Flaherty as Béarla, air freisin. Ba scríbhneoir freisin é Tom O'Flaherty, deartháir leis.

Tá an Liam and Tom O'Flaherty Society bunaithe, a eagraíonn Féile na bhFlathartach gach bhliain in Inis Mór. Tá  a thugann eolas agus tuairiscí ar na h-imeachta sa chumann. 

Rugadh an Flaitheartach ar an 28 Lúnasa 1896 i nGort na gCapall in Árainn. Chuaigh sé ar Coláiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann agus ar Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, agus ansin ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, cé nárbh fhada ann é. Chuaigh sé in arm Shasana sa Chéad Chogadh Domhanda, ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí thainig lé aige leis an gCumannachas agus bhí sé páirteach in agóid shóisialach sa Rotunda i mBaile Átha Cliath, rud nár mhair ach cupla lá. Chuaigh sé chun Stáit Aontaithe Mheiriceá ina dhiaidh sin, áit ar mhol a dheartháir Tom dó dul i mbun pinn, rud a rinne se i dtús báire d'iris Chumannach a bhí Tom a chur in eagar. 

Bhain sé an-cháil amach ó na fichidí amach air mar scríbhneoir ghearrscéalta agus úrscéalta. Scríobh sé roinnt filíochta freisin. 

Ar na úrscéalta a scríobh sé tá Famine, The Black Soul, Return of the Brute, The Informer, The Assassin, The Martyr, Land, The Pilgrim, Insurrection, The Wilderness, Thy Neighbour's Wife, Mr Gilhooley, agus Skerritt.   

Cuireadh trí leabhar beathaisnéise leis i gcló: I went to Russia, Two Years of my Life, agus b'fhéidir an ceann is suimiúla acu, Shame the Devil. 

Scríobh sé a lán gearrscéalta lena chois sin. Orthu sin tá Spring Sowing, Two Lovely Beasts agus cnuasaigh éagsúla eile, mar aon le cnuasach Gaeilge, Dúil. 




#Article 52: Gaillimh (691 words)


Cathair in iarthar na hÉireann is ea Gaillimh () agus tuairim is 79,934 duine ina gcónaí inti. Is í Gaillimh príomhbhaile Chontae na Gaillimhe. De réir cuntais Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, tagann ainm an bhaile ó Abhainn na Gaillimhe.

Tá calafort sa gcathair féin, ag béal chuain na Gaillimhe. Is féidir le báid an-mhóra dul ann de bharr go bhfuil an t-uisce domhain. Tá aerfort beag lámh leis an gcathair freisin, sa gCarn Mór, agus tá ceangal traenach go Baile Átha Cliath. Tá an-chaint le tamall ar an líne traenach as Sligeach go hInis i gContae an Chláir a athnuachan, rud a chuirfeadh feabhas mór ar an gcóras traenach. I mBaile Átha an Rí a bhí, agus a cheaptar go mbeidh an ceangal seo idir an dá líne. 

Daonáireamh (2011): Bhí 31,866 daoine in ann Gaeilge a labhairt, agus labhair 9,158 Gaeilge gach lá

Tá dul chun cinn déanta ag Gaelscoileanna na Gaillimhe le 10 mbliana anuas. Cé nach bhfuil an cháil chéanna ar Choláiste Éinne agus a bhíodh, tá dornán bunscoileanna lán-Ghaelacha anois sa gcathair féin, agus tá Coláiste na Coiribe ina mheánscoil lán-Ghaelach.
Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (a dtugtaí Coláiste na hOllscoile, Gaillimh uirthi cheana) suite sa gcathair le 150 bliain, chomh maith leis an bpríomhchraobh d'Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

Tá ardeaglais Chaitliceach sa gcathair a tógadh nuair a scoilteadh an chathair ó Dheoise Thuama, agus tá formhór lucht na cathrach ceangailte leis an eaglais sin. Tá líon beag Protastúnaigh sa gcathair, agus freastalaíonn cuid acu ar eaglais stairiúil San Niocláis.

Tá fás mór tagtha ar an gcathair le 20 bliain anuas, ó thosaigh tionscail ar nós an tionscal bogearraí ag cur fúthu ann. Bhíodh monarcha mór ag Digital Equipment as SAM ann, ach nuair a d'fhág siad an baile agus roimhe sin, bhí tionscail áitiúla tosaithe cheana féin.

Sruthann Abhainn na Gaillimhe (an Choirib ón mBéarla River Corrib) tríd an gcathair, agus tá iascaireacht bhreá ar Loch Coirib, aistear gairid ón gcathair. Bíonn an-chuid bádóireachta ar loch agus ar abhainn, agus bíonn báid seoil sa gcuan sa Samhradh, ach beagán sa nGeimhreadh mar gheall ar chruas na farraige. Tá turasóirí ag teacht go Bóthar na Trá, bruachbhaile ar iarthar na cathrach, le os cionn céad bliain, agus tagann siad i gcónaí le snámh, rince, agus turais lae chuig áiteanna mar Chonamara agus an Bhoireann in aice láimhe. Tá tithe leaba agus bricfeasta go fairsing, agus le cúig bliana déag anuas, tá an-chuid brúnna do thaistealaithe óga freisin.

Is eisceacht i measc cathracha na hÉireann í Gaillimh, mar ba iad na Gaeil iad féin ar dtús a thóg an chathair. Cuireadh caisleán ar bun sa 12ú chéad ar bhéal abhann ghearr na Gaillimhe. Níos déanaí, tháinig Normannaigh, agus ina ndiaidh siúd bhí an chathair faoi smacht Shasanach. B'iad na 'Treibheanna' a luaitear ag trácht ar Ghaillimh ná clanna, go minic de bhunadh Normannach, a chuir fúthu sa gcathair féin. Ní raibh cairdeas idir iad agus na Gaeil a bhí lonnaithe ar an gCladach, bruachbhaile iascaigh a bhí taobh amuigh de bhallaí na cathrach, agus sna ceantair máguaird. Béarla a bhí sa gcathair, agus Gaeilge i ngach áit eile mórthimpeall. Fiú i ndiaidh an Drochshaoil, áfach, de réir an daonáirimh sa bhliain 1851, bhí Gaeilge ag formhór mhuintir na cathrach.

Sa bhliain 1830 bunaíodh Bord Chuan na Gaillimhe agus trí bliana ina dhiaidh sin tosaíodh ar thógáil na ndugaí nua, le cabhair iasacht rialtais, agus cuireadh críoch leis na dugaí sa bhliain 1842.

Anuas ar limistéar an chalafoirt a fhorbairt, ba é a bhí sa mhórphlean i gcónaí riamh ná go gceanglófaí na córais uisce intíre ar fad a bhain le Loch Coirib agus le Loch Measca le chéile. Sa tslí sin d'fhéadfaí táirgí ó na ceantair seo a thabhairt chun calafoirt an bhaile i mbáid. Sa bhliain 1820 bhí Nimmo tar éis a mholadh go ngearrfaí canáil ar thaobh thoir an bhaile a nascfadh Barr an Chalaidh leis na dugaí a moladh, ach diúltaíodh don scéim seo agus ina áit sin cuireadh an chanáil ar thaobh thiar an bhaile. Tosaíodh ar an obair don tionscadal seo sa bhliain 1848 agus osclaíodh go hoifigiúil é ceithre bliana níos déanaí.




#Article 53: Cill Rónáin (227 words)


Is í Cill Rónáin (Kilronan as Béarla) an príomhbhaile in Árainn. 

Tagann báid isteach ina chalafort as Dubhlainn i gContae an Chláir agus as Ros a' Mhíl i gContae na Gaillimhe. Tá aerstráca in aice lámha i gCill Éinne. ´Siad na príomh-thionscail ná an iascaireacht agus an turasóireacht. Bíonn sluaite ag triail ar na h-oileáin sa samhradh ag tabhairt cuairt ar na dúnta agus ar na hiarsmaí eile. Tagann an-chuid daltaí scoile, freisin, chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge sna Coláistí Samhraidh ar an oileán. 

Tá cheithre theach tabhairne sa mbaile, is iad seo An American Bar, Tí Joe Mac, Tí Joe Watty agus an Lucky Star Bar. Tá príomh ollmhargadh an oileáin agus Ostán Árann lonnaithe ann freisin. 

Is i gCill Rónáin ann atá ionad leighis agus halla pobal Inis Mór freisin, Halla Rónáin.

Tá tionchar tionscal na turasóireachta le feiceáil ar fud an bhaile. Tá neart gnónna bheaga ag ofráil réimse seirbhísí agus táirgí do na mílte turasóirí a thugann cuairt an an oileán gach bliain. Tá siopaí ceardearraí, rothair ar chíos, lóistín de gach shaghas, turais mionbhus agus bialanna go leor le fáil i gCill Rónáin. Is baile fuinneamhach bríomhar a bhíonn inti i lár an tsamhraidh.

De réir an daonáirimh, bhí 270 duine ina gcónaí i gCill Rónáin sa bhliain 2002.  ach laghdaíodh an daonra go 259 idir 2002 agus 2006.




#Article 54: Contae an Chláir (521 words)


I dtuaisceart Chúige Mumhan atá an Clár nó Contae an Chláir. Tá teorainn aige le Contae na Gaillimhe ó thuaidh agus tá an tAigéan Atlantach ar an taobh thiar de. Tá Inbhear na Sionainne ar an dtaobh ó dheas, agus an tSionainn í féin agus Loch Dearg ar an taobh thoir. 

Is í Inis an t-aon bhaile mór atá sa chontae. Tá Aerfort na Sionainne tuairim is 20 km siar uaidh. Tá an t-aerfort an-tábhachtach do mhuintir na háite agus d'iarthar na hÉire ar fad - tá sé níos éasca ar thurasóirí cuairt a thabhairt ar iarthar na tíre, agus d'imircigh ón iarthar cuairt a thabhairt abhaile. Tá eastát tionsclaíochta an-tábhachtach in aice leis an Aerfort chomh maith, i mbaile na Sionnaine, baile nua a cruthaíodh thart ar daichead bliain ó shin.

Tá cáil ar an gcontae, leis, mar ionad don cheol traidisiúnta Gaelach. Gar do Inis atá an Tulach, agus is ann atá an grúpa ceoil cáiliúil 'Banna Céilí na Tulaigh'.

Tá tuaisceart an chontae clochach go maith, agus tugtar carst ar an sórt seo tíre, le leacacha móra d'aolchloch, pluaiseanna, agus blátha idir na craige nach bhfásann mórán sa chuid eile den tír. An Bhoireann a thugtar ar an gceantar sin, agus tá an sórt leagain amach céanna, nach mór, in oileáin Árann atá thiar uaidh thar farraige.

Tá cáil ar aillte an Mhothair leis, na haillte is airde sa tír, mar gheall ar na radharcanna breá amach ar chuan na Gaillimhe agus ar oileáin Árann uathu. Tá titim caol díreach síos uathu go farraige. 

Tá roinnt talún maith i ndeisceart agus in oirthear an chontae ar bhruach na Sionainne.

Sa daonáireamh deireanach(2011), bhí 53,853(48.1%) duine i gcontae an Chláir in ann Gaoluinn a labhairt, agus labhair 2,052(1.8%) duine Gaoluinn go laethúil lasmuigh don chóras oideachais. Labhair 10,711 duine sa chontae teanga eile seachas Gaoluinn nó Béarla sa bhaile. Ba í an Pholainnis an teanga ba chomónta de na teangacha seo agus 2,644(2.4%) cainteoirí ann.

Is baile measartha gnóthach í Inis le roinnt blianta anuas. Bíonn trácht as Gaillimh go hAerfort na Sionainne ag dul tríd agus mealltar roinnt turasóireacht ghinearálta freisin. Is ann freisin, a thionóltar ceann de na Fleánna Ceoil is mó na tír. Tá tránna breá i Leath Inse, i gCill Chaoi agus in áiteanna eile. Tá cáil idirnáisiúnta ar Leath Inse, freisin, mar láthair ghailf.
Is áit mhór shaoire, freisin, Lios Dúin Bhearna, agus bhain go leor de cheoltóirí móra traidisiúnta na tíre a gcáil amach ann. Is ann, freisin, a bhíonn féile 'chuile bhliain do bhaitsiléirí, timpeall an ama a bhíonn deireadh leis an bhfómhar. Feirmeoirí is mó a bhíodh ag dul ann, ach tagann go leor eile idir óg agus aosta anois.

Ón gcontae seo a tháinig Brian Bóirmhe, an ceannaire Gaelach a chloígh na Lochlannaigh i gCath Chluain Tarbh. B'as oirthear an Chláir Brian Mac Giolla Meidhre, údar Chuairt an Mheán Oíche, a thosaíonn le cur síos ar áit a bhí gar dá chroí, Loch Gréine. Ba sa chontae seo a tógadh Eamon de Valera, a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse, agus a bhí ina uachtarán agus ina Thaoiseach ar Éire. 




#Article 55: Cuan na Gaillimhe (121 words)


Cuan leathan domhain in iarthar na hÉireann atá i gCuan na Gaillimhe. Is í Gaillimh í féin an príomhchalafort ann. Ar a imeall thuaidh tá Cois Fharraige agus Conamara i gContae na Gaillimhe, agus ó dheas tá Contae an Chláir. Tá Oileáin Árann amuigh sa chuan, agus siar uathu sin, tá an tAigéan Atlantach. 

Ar na bailte agus na sráidbhailte eile atá ar chósta an Chuain tá an Spidéal, Bearna, Óran Mór agus Cinn Mhara i gCo. na Gaillimhe, agus Baile Uí Bheacháin i gCo. an Chláir.

Dhá theach solais atá ar chósta an Chuain - ag Ceann Boirne ar an gcósta theas agus ar Inis Caorach, amach ó Chathair na Gaillimhe. 'Loch Lurgan' a thugtaí ar an gCuan sa tseanaimsir.




#Article 56: An Eoraip (372 words)


Is ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir oll-ilchríoch na hEoráise a aithint.

Tá cónaí ar 742,452,000 duine san Eoraip, agus tá timpeall 50 tír neamhspleách ann. Ó mí Iúil 2013 ar aghaidh, tá 28 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.

Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscó siar go dtí an Mhuir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú haois ar aghaidh go dtí lár an 20ú haois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóibhéidigh. Ach le búnú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart géilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóibhéidigh mar a bhí, nó na Rúise an lá atá inniu ann.

Is san Eoraip atá na tíortha seo leanas:




#Article 57: An Afraic (141 words)


Is ilchríoch mhór í an Afraic. Is í an dara ilchríoch is mó sa domhan, tar éis An Áise. Tá achar de 30,244,050 km² (11,677,240 mi²) inti, a cuid oileán san áireamh. Clúdaíonn sí 20.3 faoin gcéad den achar iomlán an domhain. Tá thart ar 1.0 billiún daoine agus 54 tír ann. Is ann atá thart ar 15% de dhaonra an domhain. Ó thuaidh agus ó dheas tá aeráid mheánmharach inti, fásaigh ollmhóra taobh ó thuaidh de Thropaic an Phortáin, foraoiseacha báistí timpeall ar an Mheánlíne, agus tailte féaracha eatarthu. Rinne Eorpaigh agus Arabaigh slad ar an Afraic ar feadh na gcéadta bliain agus níor tháinig cuid ar bith di slán ó ionradh sa naoú haois déag agus sa bhfichiú haois.
Creidtear gur tháinig ann don chine daonna timpeall trí mhilliún bliain ó shin agus tá an-éagsúlacht cultúr agus teanga inti.




#Article 58: John Kerry (101 words)


Polaiteoir Meiriceánach is ea John Forbes Kerry. Seanadóir na Stát Aontaithe shóisearach ó Massachusetts a bhí ann ó 3 Eanáir, 1985 go dtí 1 Feabhra, 2013. Ba é iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh é i dtoghchán Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bliain 2004. Ina choinne bhí an tUachtarán, George W. Bush, rogha an Pháirtí Phoblachtaigh, a raibh a dhara théarma á iarraidh aige. Theip ar Kerry an toghchán a bhuachaint. Ceapadh John Kerry mar Stát Rúnaí na Stát Aontaithe ar an 1 Feabhra 2013. 

Is fear pósta é. Phós sé Teresa Heinz, an dara bean aige, sa bhliain 1995 i Nantucket, Massachusetts.




#Article 59: Máirtín Ó Direáin (291 words)


In Árainn a tógadh Máirtín Ó Direáin. Rugadh i bhFearann a' Choirce ar Inis Mór é i 1910, agus tar éis dó an scoil a fhágáil chaith sé tamall de bhlianta ag obair mar chléireach in ardoifig an phoist i nGaillimh. Ba bhall de Chonradh na Gaeilge é, agus chaith sé seal mar rúnaí air. Bhí se ina aisteoir in amharclann náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, ó 1928 go 1937. Bhog sé leis go Baile Átha Cliath níos déanaí, áit ar thosaigh sé ag scríobh agus 28 bliain slánaithe aige. Bhí baint aige le Cumann na Scríbhneoirí ó thús ann. Fuair sé post sa Roinn Oideachas, mar chláraitheoir do Choláiste Náisiúnta na nEalaíon.

D´fhoilsigh sé a chéad chnuasach filíochta,Coinnle Geala, i 1942, agus lean sé air ag cumadh filíochta anuas go dtí na hochtóidí. Scríobh sé cnuasach gearrscéalta freisin, Feamainn Bhealtaine, a chuir a shaothar in aithne dos na mílte dalta scoile. Is minic a thráchtann sé ar bhéasa is ar áilleacht oileán Árann is ar an meath a tháinig ar an saol traidisiúnta sin i mblianta deireanacha an fichiú h-aois. I 1952 d'aistrigh sé dráma leis an dramadóir Éireannach Teresa Deevy le haghaidh Radio Eireann ón leagan Béarla The King of Spain's Daughter don leagan Gaeilge Iníon Rí na Spáinne. Bhuaigh se móran duaiseanna liteartha agus ba bhall d'Aosdána é. Rinneadh clár fáisnéise faoina shaol is a shaothar An Charraig Stoite sa bhliain 2003 maoinithe ag TG4/Bord Scannán na hÉireann, scríofa ag Alan Titley agus leirithe is stiúrtha ag Mac Dara Ó Curraidhín.

Bhí sé pósta le Áine Colivet ó 1945 agus bhí iníon amháin acu, darbh ainmn Niamh. 

Fuair sé bás ar an 19 Márta sa bhliain 1988 i mBaile Átha Cliath.

Íomhá:Máirtín_Ó_Direáin_www.TG4.ie.jpg‎|thumb|border|right| An Charraig Stoite -  ó TG4  




#Article 60: Académie française (988 words)


Comhairle teanga is ea an Académie française (Gaeilge: 'Acadamh Francach') a stiúrann an Fhraincis. Ba é an Cairdinéal de Richelieu a bhunaigh í sa bhliain 1635, rud a dhein sé i gcaitheamh réimeas Louis XIII. Tá sí ar cheann desna hinstitiúidí is ársa sa Fhrainc. Tá 40 ball inti agus is iad na baill atá inti cheana féin a thoghann baill nua.

De réir alt XXIV desna Statuts, is é an phríomhfheidhm ag an Acadamh a bheith ag obair, chomh cáiréiseach is chomh dícheallach agus is féidir, chun rialacha chinnteacha a thabhairt dár dteanga agus chun fíortheanga líofa, teanga in ann na ceirdeanna agus na heolaíochtaí a chur síos, a dhéanamh di leis.

In aice leis an ailt thuas, bíonn an Académie française ag déanamh freastail ar an bhFraincis. Le cois an fheidhm sin, bíonn an tAcadamh ina pátrún ar an teanga leis. 

D'oibrigh an tAcadamh san am atá thart le caoi a chur ar an teanga, chun oidhreacht choitianta a dhéanamh di do mhuintir na Fraince ar fad, agus dóibh siúd ar fad a labhraíonn an Fhraincis. 

Sa lá atá inniu ann, is é gá ná a cuid tréithe a choinneáil agus feigheal a dhéanamh ar fhorbairtí riachtanacha. Cuireann an tAcadamh úsáid mhaith in iúl.
Déantar sin trí chruthú fhoclóir an Acadaimh Fhrancaigh (Dictionnaire de l'Académie française) a shocraíonn úsáid na teanga, ach freisin trína chuid comhairle agus tré bheith páirteach i gcoimisiúin éagsúla ar fhoclaíocht.

Cuireadh i ndán don eagraíocht an dara cuspóir - an phátrúnacht, nó coimirce ar obair liteartha - nár feiceadh a gá ag tús na heagraíochta, tré bhronntanais agus oidhreachtaí a tugadh di. Bronnann an tAcadamh tuairim is seasca duais litríochta 'chuile bhlian ar dhaoine.

Ba chóir Grand prix de la francophonie (Gaeilge: 'Duais Mór Réimse na Fraincise'), duais a bhronntar 'gach bliain ó 1986 i leith agus a thugann le fios suim leanúnach an Acadaimh i mbláthú na Fraincise sa domhain, a lua go háirithe.

Chomh maith leis sin, tugann an tAcadamh síntiúis do chumainn liteartha agus eolacha, do thograí charthanacha, do go leor clann i ngátar, do bhaintrigh, do dhaoine in ísle fabhair nó a rinne éacht lena dtabhairt féin suas ag cuspóir thábhachtach, chomh maith le roinnt sparáin (Sparáin Zellidja, Neveux, Corblin, Damade).

Chuir Cairdinéal de Richelieu an tAcadamh ar bun sa bhliain 1635. Cuireann na dlíthe agus rialacha a chuir an Cairdinéal ar aghaidh, chomh maith leis na lettres patentes a chuir Louis XIII a ainm leo sa bhliain 1635 agus a chláraigh an Pharlaimint sa bhliain 1637, a carachtar oifigiúil mar chomhlacht um fhir litreacha, a bhíodh ag teacht le chéile i mbealach neamhfhoirmiúil roimhe sin, ar bun.

B'é an misean a tugadh dó óna thús an Fhraincis a dhaingniú, rialacha a thabhairt di, agus í a fhágáil glan agus ion-tuigthe don uile dhuine. Uaidh sin, b'éigean dó tosú le foclóir a chumadh.

Foilsíodh an chéad eagrán de sin sa bhliain 1694, agus na cinn eile sna blianta 1718, 1740, 1762, 1798, 1835, 1878, 1932-1935, 1992. Tá an naoú cheann den fhoclóir á fhoilsiú faoi láthair.

Tionóladh an tAcadamh a chuid cruinnithe ar dtús i dteach duine éigin dá chuid ball, agus ina dhiaidh sin i chancelier Séguier ó 1639 ar aghaidh, sa Louvre ó 1672 ar aghaidh, agus ar deireadh i gColáiste na gCeithe Náisiún nó Collège des Quatre-Nations, ar deineadh ceannáras an Acadaimh de, ó 1805 go dtí an lá atá inniu ann.

I rith na dtrí gcéad bliain go leith atá sé ar an saol, d'éirigh leis a chuid institiúide a choinneáil beo, agus d'fheidhmigh siad go rialta, seachas an mhíshocracht idir 1793 agus 1803.

D'fógair an Cairdinéal de Richelieu mar chosantóir ar an Acadamh é féin. Ar a bhás, b'é an seansealéar Séguieran a thug an chosaint seo dó, agus ansin Louis XIV agus, as sin amach, na ríthe, impirí agus cinn stát ar fad ar an bhFrainc.

Tá 40 baill san Acadamh ar a mhéad agus is iad na baill atáid ann iad féin a thoghann ball nua más gá. Óna thús anall, ghlac sé le níos mó ná 700 ball.

Tugann sé le chéile filí, úrscéalaithe, fir amharclainne, fealsúnaithe, dochtúirí leighis, fir eolaíochta, eitneolaithe, léirmheastóirí ealaíne, saighdiúirí, fir stát, agus fir Eaglaise, agus rinne gach duine acu maisiú ar leith ar an bhFraincis.

Óna dhéantús éagsúil, tugann sé pictiúir fíor den taileann, den intleacht, den chultúr, den tsamhlaíocht litreach agus eolaíoch atá mar bhonn ag le génie de la France.

Ón gcomhartha agus mana (« À l'immortalité ») atá ar an gclaidheamh a thug bunaitheoir an Acadaimh, an Cairdinéal de Richelieu, don Acadamh a thagann leasainm na scoláirí, na Déithe Buana nó les immortels.

Bíonn cleachtadh acu, agus tá go fóill, ar bhreithiúnais soiléir a thabhairt ar úsáid cheart focal, agus as sin ar na coincheapa agus na luachanna a iompraíonn siadsin a shainmhíniú. Tá a n-údarás mórálta in ábhair teanga bunaithe in úsáid agus i dtraidisiún.

Dearadh an ionnar ghlas cháiliúil, a iompraíonn na scoláirí, leis an bicorne, an cába agus an chlaíomh, i rith suíomh shollúnta bliantúil an Acadaimh faoin Coupole, in aimsear an Consulat. Úsáidtear i measc baill go léir an Institut de France (Gaeilge: 'Institiúd na Fraince') é.
Meastar go minic gur sórt choisreacan thar chách é toghadh duine go dtí an tAcadamh. 

Is dínit atá buan ó aon athrú rialtas nó eile é feabhas scoláire. Ní féidir le haon duine éirí as an Acadamh. Ach is féidir leis an gcomplacht eisceachtaí a fhógairt mar gheall ar chúiseanna troma a lotann onór; b'fhíor-annamh na heisceachtaí le linn na staire.

Bhí go leor scríbhneoirí, cáiliúil go minic, nár éirigh leo ariamh dul trí gheataí an Acadaimh uasail, ar chúiseanna éagsúla, mar nárbh iarrthóirí riamh iad, mar nar glacadh lena n-iarratais, nó mar gur thóg an bás leis iad roimh a n-am. B'é Arsène Houssaye a cheap an ainm 41ú chathaoir chun na h-údair sin a chur i gcéill i L'histoire du 41ème fauteuil de l'Académie française in 1885.




#Article 61: Oideachas (194 words)


Is é an t-oideachas an léann nó scolaíocht a thugtar do dhuine, mar aon leis an traenáil agus an múnlú a chuirtear air. Sa domhan thiar, tá ceart ag gach duine, agus is é an gnás inniu, oideachas a fháil ó aois óg go haois idir 15 agus 18, de ghnáth 18 bliain d'aois.

San oideas foirmiúil, labhraítear ar thrí leibhéal: Bunoideachas, Meánoideachas agus Ardoideachas.

Sa bhunoideachas (bunscoileanna), isghnách do leanaí a bheith ann idir 5/6 bliain agus 11/12 bliain.

Leanann an meánoideachas (meánscoileanna) ó aois 11-12 go haois 17 nó 20, ag brath ar an gcóras agus ar an dlí.

Leantar d'ardoideachas in ollscoil nó i gcoláiste. Is gnách do scoláire in ardoideachas céim bhaitsiléara nó dioplóma a bhaint amach. Leagtar cúrsa oidis 3 nó 4 bliana amach do chúrsa bhaitsiléara, ach bíonn dioplóma le fáil i gcúrsaí gairmiúla áirithe tar éis bliana go leith nó dhá bhliain. Tugtar comhchéim (Associate's Degree) tar éis chúrsaí 2 bhliana sna Stáit Aontaithe Mheiriceá.

In Éirinn in aimsir na bPéindlíthe, bhíodh scoileanna chois claí ar bun faoin tír, mar go raibh an oiread sin coscanna i gcoinne na teangan Gaeilge agus i gcoinne an chreidimh Chaitlicigh.




#Article 62: Máinliacht (157 words)


Craobh den leigheas é an mháinliacht a bhaineann le galair a bhfuil leigheas orthu tré obráid, agus leis na modhanna a n-úsáidtear leis an leigheas sin a chur ar bun. Tugtar máinlia ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar a leithéid d'othair, agus a dhéanann na hobráid, go háirithe nuair is comhairleoir leighis é.

In ospidéil is mó a dhéanann máinlianna a gcuid oibre in Éirinn, ach i dtíortha eile, tugann máinlianna go leor comhairle agus déanann siad a lán obráid ina gcuid seomraí freastal féin, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Go traidisiúnta in Éirinn, dheineadh máinlianna ghinearálta an méid is mó obráid, ach de réir a chéile anois is saineolaithe a dhéanann cuid mhór den obair. Ag an am chéanna, táthar ag dúnadh oispidéil beaga agus ag cur roinn um mháinliacht speisialtach ar bun sna cinn a fhanann. Mar shampla, tá máinlianna ann nach ndéanann ach obráid ar an gcóras néarach, ar a dtugtar néaramháinlia.




#Article 63: Altra (119 words)


Tugtar altra (banaltra an fhoirm bhaineannach) ar chleachtaitheoir a thugann aire do othair agur ar féidir leis nó léi scrúdú teoranta a dhéanamh. 

I measc na rudaí a dhéanann sé nó sí tá piollaí a thabhairt don othar agus insteallaithe uaireanta, cuidiú le lia ag obráid, aire othar roimh agus i ndiaidh obráide, agus mórchuid den aire ghinearálta a thugtar d'othair san ospidéil.

Tá altraí ann freisin, a dhéanann a gcuid oibre i dtithe altranais, a chuirtear ar bun do dhaoine nach féidir leo ach an-bheagán aire a thabhairt dóibh féin, nó a dhéanann freastal ar othair ina mbaile féin.

In Éirinn, tógann sé trí nó ceithre bliana cáiliú mar altra. Déanann mic léinn áraithe traenáil mar altraí meabharghalar.




#Article 64: Hidrigin (1338 words)


Dúil cheimiceach neamh-mhiotalach is ea an hidrigin (Laidin: hydrogenium, ó Ghréigis: hydro: uisce, genes: ag cumadh, ag gineadh, ag cruthú). Is í an hidrigin an dúil is éadroime amuigh, is é H an tsiombail atá aici, agus is é a haon (1) an uimhir adamhach atá aici. Tá sí ina gás leis an ngnáth-theocht. Ó tá sí chomh héadrom, bhítí á húsáid sna héadromáin, ach ós rud é go bhfuil sí iontach so-adhainte, is iomaí timpiste a tharraing sí.

Níl dath sa hidrigin ná boladh aisti.

Níl ach aon phrótón amháin sa núicléas ag an ngnáth-hidrigin, nó an próitiam. Ach, tá dhá iseatóp eile ag an hidrigin, mar atá, an deoitéiriam agus an tritiam. Tá prótón amháin agus neodrón amháin ag an deoitéiriam, agus tá prótón amháin agus dhá neodrón ag an tritiam. Comhdhéanann deoitéiriam 0.015% den hidrigin nádúrtha. Iseatóp radaighníomhach is ea an tritiam, agus é an-annamh le fáil sa dúlra. Nuair a thagann meath radaighníomhach air, astaíonn sé béite-cháithnín (leictreon) agus é ag déanamh héiliam (³He, an t-iseatóp is éadroime den héiliam atá ar fáil sa dúlra). Tá an tritiam dhá bhliain déag agus thart ar cheithre mí ar leathré.

An chéad duine a d'aonraigh gás hidrigine agus a thug cur síos foirmeálta ar a shaintréithe, b'é Theophrastus Bombastus von Hohenheim nó Paracelsus é, agus é ar dhuine de cheannródaithe na ceimice. Mheasc sé miotail trí aigéid láidire, ionas gur saoradh gás so-adhainte, ach níor thuig sé go fóill gur dúil cheimiceach a bhí i gceist leis an ngás. Sa bhliain 1671, d'athfhionn Roibeard Ó Baoighill an dóigh seo le hidrigin a tháirgiú, nuair a chuir sé bruscar iarainn trí aigéad báite. Sa bhliain 1766, arís, fuair Henry Cavendish tuiscint nua ar nádúr an gháis mar shubstaint ar leith, go háirithe nuair a thug sé faoi ndeara go ndéanann an gás uisce nuair a dhóitear é. Tháinig sé trasna ar an ngás nuair a bhí sé ag baint trialacha as aigéid agus as airgead beo (mearcair). Shíl sé gur comhchuid shaortha de chuid an airgid bheo a bhí ann, ach cé go raibh an méid seo mícheart ar fad aige, bhí sé in ann cur síos cruinn a thabhairt ar phríomh-shaintréithe na hidrigine, go háirithe go n-iompaíonn sí ina huisce nuair a chuirtear trí thine í. Sa bhliain 1783, bhaist Antoine Laurent Lavoisier a hainm ar an dúil seo, agus dhearbhaigh seisean agus Laplace gur dual don hidrigin uisce glan a dhéanamh agus é ag imoibriú leis an ocsaigin.

Tá adamh na hidrigine as pabhar simplí ó thaobh an struchtúir de, nó níl ann ach prótón amháin agus leictreon amháin. Mar sin, bhí an-tábhacht leis an hidrigin, chomh maith le speictream an tsolais a astaíonn adamh na hidrigine nó a ionsúnn sé, i bhforbairt na teoirice i leith dhéanamh an adaimh.

Thairis sin, ós rud é go bhfuil móilín na hidrigine agus an caitian a fhreagraíonn dó, mar atá, H2+, iontach simplí freisin, chuidigh sé leis na saineolaithe tuiscint ní ba doimhne a fháil ar nádúr an naisc cheimicigh, go gairid i ndiaidh na tuisceana candam-mheicniúla ar adamh na hidrigine a forbraíodh faoi lár na bhfichidí.

Ceann de na chéad iarmhairtí candam-bhunaithe ar chuir na saineolaithe sonrú iontu, b'é an breathnú a rinne Maxwell leathchéad bliain roimh lá na teoirice iomláine candam-mheicniúla, ná go gcuireann saintoilleadh teasa na hidrigine i gcuimhne iompraíocht na ngás aonadamhach faoi theocht an tseomra, cé go bhfuil an gás hidrigine comhdhéanta as móilíní dé-adamhacha. De réir theoiric an chandaim, is é is cúis leis an iompraíocht seo ná go bhfuil leibhéil chandamaithe an fhuinnimh rothlaigh spréite go fairsing, toisc go bhfuil an móilín féin chomh héadrom.

Is í an hidrigin an dúil is coitianta san ollchruinne, nó is adaimh hidrigine iad naoi gcinn as gach deich n-adamh dá bhfuil ann. Tá flúirse hidrigine le fáil sna réaltaí agus sna gásfhathaigh - is é sin, i bpláinéid atá cosúil le hIúpatar agus Satarn. Fáisctear na réaltaí féin as néalta móilíneacha, is é sin, néalta hidrigine atá chomh tiubh is gur féidir do na hadaimh hidrigine iontu teacht le chéile ina móilíní dé-adamhacha (H2). Is í an hidrigin breosla na réaltaí freisin, agus í ag fuinnmhiú an imoibriúcháin chomhleá istigh sa réalta.

An chuid is mó den hidrigin san ollchruinne, is hidrigin aonadamhach í i staid an phlasma. Mar sin, tá sí thar a bheith difriúil leis an hidrigin dhé-adamhach ghásaithe arbh í gnáthstaid na hidrigine aonraithe í ar an Domhan. Nuair atá an hidrigin ina plasma, níl an leictreon agus an prótón ceangailte dá chéile, rud a fhágann go bhfuil an hidrigin in ann leictreachas a sheoladh go réidh agus speictream leanúnach solais a astú - is é sin, tá an cineál seo hidrigine ag luisniú ag gach tonnfhad solais nó ag gach minicíocht solais. Sin é an dóigh a gcruthaítear solas na Gréine féin. Na leictreoin agus na prótóin, is cáithníní iad a bhfuil lucht leictreach acu, agus iad ag idirghníomhú leis na réimsí leictreacha agus maighnéadacha. Is sruth plasma í an ghrianghaoth, go bunúsach, agus nuair a bhuaileann sí réimse maighnéadach an Domhain, feictear na saighneáin (aurora borealis, an chaor aduaidh) ag lasadh suas sa spéir.

Faoi ghnáthbhrú an atmaisféir agus leis an ngnáth-theocht, is í an staid is dual don hidrigin 
ar an Domhan ná an staid ghásaithe, dhé-adamhach - H2(g). Níl mórán den ghás seo in atmaisféar an Domhain, ós rud é go bhfuil sé chomh héadrom agus nach féidir le himtharraingt ár bpláinéid é a choinneáil ó éalú. Thairis sin, tá an-chlaonadh inti imoibriú leis an ocsaigin, ionas go gcruthaítear uisce. An chuid is mó den hidrigin atá ann ar dhroim an domhain, tá sí ceangailte i gcomhdhúile ceimiceacha, ar nós an uisce féin. Tógann sé cuid mhór fuinnimh na comhdhúile seo a leictrealú agus an hidrigin a aonrú.

Is féidir leibhéil fhuinnimh an adaimh hidrigine a oibriú amach sách cruinn de réir shamhail Bohr den adamh, is é sin, an tsamhail ina nglactar leis go bhfuil an leictreon ag timpeallú an núicléis ar an dóigh chéanna a bhfuil na pláinéid ag timpeallú na Gréine. Ní hionann an dá chás go hiomlán, áfach. Is í an imtharraingt an cineál fórsa a choinníonn na pláinéid ó éalú, ach is é an t-aomadh leictreamaighnéadach atá ag gníomhú idir an núicléas agus an leictreon. Deir meicníocht an chandaim go bhfuil an fuinneamh dealaithe ina phaicéid bheaga - ina chandaim - rud a chiallaíonn, sa tsamhail seo den adamh, nach féidir leis an leictreon an núicléas a thimpeallú ach ag fithisí áirithe, agus fad áirithe idir an leictreon agus an núicléas. Má théimid i dtuilleamaí na samhlach candam-mheicniúla den adamh, beidh muid ag baint úsáid as tonnchothromóid Schrödinger. Is é an rud atá ann ná cothromóid dhifreálach(cothromóid nach féidir a fhuascailt gan dul i muinín an chalcalais) a thugann dlús dóchúlachta an leictreoin timpeall an núicléis. Cáilíocht is ea an dlús dóchúlachta a thaispeánann cé chomh dóchúil atá sé an leictreon a fháil i bpointe áirithe i dtimpeallacht a núicléis. Má chaitear leis an leictreon mar seo, - is é sin, mar a bheadh tonn dhamhnach ann -, gheofar torthaí matamaiticiúla atá ag teacht leis na luachanna tomhaiste, níos cruinne ná na luachanna a thugann samhail Bohr den adamh.

Níl ach dhá uimhir ocsaídiúcháin ag an hidrigin: +I agus -I. Tá an gás hidrigine iontach so-adhainte, agus é measctha tríd an aer. Nuair a chuirtear hidrigin trí thine, faightear uisce, is é sin, ocsaíd na hidrigine (H₂O). Tá bladhairí na hidrigine beagnach dofheicthe, rud a chiallaíonn nach bhfuil sé éasca dóiteán hidrigine a aithint.

Is féidir leis an hidrigin dul i gcomhdhúile leis na miotail alcaileacha, ionas go ndí-ocsaídeofar go hian hidríde í, H-. Tugtar hidrídí ar na comhdhúile seo. Tá an t-ian hidríde an-éagobhsaí, áfach, agus mar sin, ní féidir na hidrídí seo a thuaslagan san uisce, ó imoibreoidh an t-ian leis an uisce, agus é níos bunata ná na móilíní uisce. Mar shampla, má fhéachtar le hidríd an photaisiam, KH, a mheascadh trí uisce, rachaidh sí ag imoibriú leis an uisce, ionas go n-aonrófar an hidrigin i bhfoirm dúile:




#Article 65: Tábla peiriadach (306 words)


Is éard atá i dtábla peiriadach na ndúl ceimiceach, ar a dtugtar tábla peiriadach Meindeiléiv uaireanta (nó clár peiriadach na ndúl), ná taispeántas táblach de na dúile ceimiceacha ar fad is eol dúinn a bheith ann. 

Cuirtear na dúile in ord de réir a struchtúir leictreonaigh, agus na saintréithe ceimiceacha agus fisiceacha ag athrú go rialta trasna an tábla. Liostáiltear gach dúil de réir a huimhreach adamhaí agus a siombaile ceimicí.Tá na dúile leagtha amach air ina sraitheanna cothrománacha (tréimhsí) de réir a n-uimhreacha adamhacha (arb ionann iad sin is a n-oiread prótón), agus ina gcolúin cheartingearacha mar ghrúpaí gaolmhara.

De ghnáth, dáiltear bosca ar gach dúil ann, mar seo:

Ba é an t-eolaí Dmítrí Meindeiléiv a chuir an chéad bhun leis an tábla peiriadach seo sa bhliain 1869. San am sin, ní raibh eolas ag na daoine go fóill ar struchtúr inmheánach an adaimh, agus mar sin, ní raibh de bhunús ag Meindeiléiv leis an tábla seo ach an meáchan adamhach. 

Ós rud é nach ionann i gcónaí ordú na ndúl de réir na huimhreach adamhaí agus de réir an mheáchain adamhaigh, b'éigean do mo dhuine ordú dhá dhúil i ndiaidh a chéile a athrú uaireanta. 

Is é an míniú a bhí aige ná nach raibh meáchain adamhacha na ndúl tomhaiste go cruinn go fóill.

Cé go raibh níos mó ná cuid den cheart ann aige ansin, is é an tuiscint atá againn inniu ar an scéal seo ná gurbh é líon na bprótón i núicléas an adaimh a insíonn, cé acu dúil lena mbaineann an t-adamh sin, seachas an meáchan adamhach. 

Mar sin féin, bhí Meindeiléiv in ann tátail thábhachtacha a bhaint as a leagan féin de thábla peiriadach na ndúl, nó thuar sé go raibh dúile áirithe ann, i bhfad sular tháinig na heolaithe turgnamhacha trasna orthu.

 

Cód datha do na huimhreacha adamhacha:




#Article 66: Héiliam (470 words)


Is é an héiliam an dara dúil is éadroime. Is é an ceann is éadroime de na triathgháis, leis, agus ós rud é nach bhfuil ach aon leictreonsceall ann, níl an t-ochtréad leictreonach aige ar an sceall is faide amuigh, nó ní thugann an K-sceall áit ach do dhá leictreon. 

Tá fiuchphointe agus leáphointe an héiliam níos ísle ná mar atá siad ag aon dúil eile, agus mar sin, ní bhíonn an dúil seo ar fáil ach mar ghás faoi ghnáth-imthoscaí. Le fírinne, ní féidir an héiliam a iompú ina sholad faoi ghnáthbhrú an atmaisféir. In áit sioc, is dual dó iompú ina leacht de chineál aisteach, ar a dtugtar forshreabhán nó Héiliam II. Tá an forshreabhán beagnach saor ó shlaodacht. Mar sin, ní féidir é a choinneáil i gcoimeádán oscailte, agus é ag dreapadh thar bhruach an tsoithigh as a stuaim féin. 

Cé gurb é an héiliam an dara dúil is flúirsí san ollchruinne, ní fhaightear mórán de ar an Domhan. Is é is cúis leis ná nach dtéann sé i gcomhdhúile ceimiceacha, mar thriathghás, agus tá sé chomh héadrom, mar ghás, is nach bhfuil imtharraingt an Domhain in ann é a choinneáil san atmaisféar thar na céadta bliain. Tá héiliam ar fáil sa ghás nádúrtha, áfach, agus soláthar leanúnach ann sa talamh, ós rud é go dtáirgíonn na dúile troma radaighníomhacha héiliam de réir mar atá an meath ag teacht orthu. Is amhlaidh gurb é an t-alfa-mheath is dual don úráiniam agus don tóiriam, na dúile radaighníomhacha is tábhachtaí agus is troime atá ar fáil sa dúlra, agus níl san alfa-cháithnín, go bunúsach, ach núicléas an iseatóip is coitianta de chuid an héiliam.

Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an héiliam, is é sin, Héiliam a Trí agus Héiliam a Ceathair. Tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin i núicléas an chéad cheann acu, agus dhá phrótón is dhá neodrón ag an dara ceann. Is é Héiliam a Ceathair is coitianta acu, nó níl ach iarsmaí beaga den iseatóp éadrom le fáil i héiliam an atmaisféir. Táirge don mheath radaighníomhach atá ann, chomh maith leis an iseatóp is troime, nó is dual don tritiam, iseatóp radaighníomhach na hidrigine, Héiliam a Trí a dhéanamh, agus béite-cháithnín a astú. 

Baintear leas as an héiliam sa chrióiginic, i ngléas ocsaigine le haghaidh domhaintumadóireachta, in éadromáin, agus mar ghás cosanta ilúsáideach. Mar thriathghás, ní féidir don héiliam imoibriú ceimiceach a dhéanamh leis na dúile eile, agus mar sin, ní oibríonn sé ar orgánach an duine ar aon nós ná slí. Ní nimh atá ann, mar sin. Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air go bhfuil an héiliam in ann duine a thachtadh, mura gcuirtear a dhóthain ocsaigine leis. Spéisiúil go leor, má mheasctar héiliam tríd an aer análaithe, cuirfidh sé cársán barrúil i nguth an duine ar feadh tamaillín.




#Article 67: Samuel Beckett (5591 words)


Úrscéalaí, drámadóir agus file Éireannach ba ea Samuel Beckett (13 Aibreán 1906 – 22 Nollaig 1989). Tugtar léiriú diúltach ar an staid dhaonna i saothar Beckett. Is é rí na Téatar na hÉigéille é.

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Beckett sa bhliain 1969 as a chuid scríbhneoireachta Toghadh Beckett mar Shaoi d’Aosdána sa bhliain 1984. Cailleadh é i bPáras de bharr fadhbanna riospráide.

Ba de bhunadh Úgónach muintir Beckett (Becquet ó thús) agus deirtear gur bhog siad go hÉirinn ón bhFrainc i ndiaidh chúlghairm Fhorógra Nantes sa bhliain 1685, cé go gceistítear fírinne na teoirice sin. Bhí muintir Beckett ina mbaill d’Eaglais na hÉireann. Ba theach mór le gairdín fairsing agus cúirt leadóige é Cúl Draighneach, teach a mhuintire, agus ba é athair an údair, William, a thóg é i mbruachbhaile Charraig an tSionnaigh i mBaile Átha Cliath. Luaitear an teach agus an gairdín, mar aon leis an gceantar máguaird ina ndearna sé siúlóidí lena athair, chomh maith le Ráschúrsa Bhaile na Lobhar, stáisiún traenach Charraig an tSionnaigh agus stáisiún Shráid Fhearchair ina chuid próis agus drámaí. Ba shuirbhéir cainníochta é a athair agus b’altra í a mháthair.

D’fhreastail Beckett ar naíonra áitiúil nuair a bhí sé cúig bliana d’aois agus b'ansin a cuireadh tús lena chuid oideachais sa cheol, agus bhog sé ansin go Scoil Theach Phort an Iarla i lár na cathrach gar do Shráid Fhearchair. Sa bhliain 1919, chuaigh Beckett go Scoil Ríoga Phort Abhla in Inis Ceithleann, Contae Fhear Manach – an scoil chéanna ina bhfuair Oscar Wilde a chuid oideachais. Ba lúthchleasaí nádúrtha é Beckett agus bhain sé barr feabhais amach ag imirt cruicéid mar shlacaí ciotógach agus mar bhabhlálaí ciotógach meánluais. Ina dhiaidh sin, bhí sé ar fhoireann Ollscoil Átha Cliath agus d’imir sé dhá chluiche den chéad scoth in aghaidh Northamptonshire. Mar thoradh air sin, ba eisean an t-aon laureate Nobel a luadh in Wisden Cricketer’s Almanack – “bíobla” an chruicéid.

Rinne Beckett staidéar ar an bhFraincis, ar an Iodáilis agus ar an mBéarla ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ón mbliain 1923 go 1927. Bhí an Dr A. A. Luce, scoláire Berkeley agus Berkelian mór le rá, i measc a theagascóirí fad is a bhí sé ag freastal ar Choláiste na Tríonóide. Bhain Beckett céim B.A. amach, agus – tar éis dó a bheith ag múineadh ar feadh tamaill i gColáiste Campbell i mBéal Feirste – thosaigh sé ag obair mar lecteur d’anglais in École Normale Supérieure i bPáras. Fad is a bhí sé ann, chuir Thomas MacGreevey, file agus dlúthchara Beckett a bhí ag obair ann chomh maith, an t-údar Éireannach mór le rá, James Joyce, in aithne dó. Níorbh fhada go raibh mórthionchar ag an bhfear sin ar Beckett óg, agus chabhraigh sé le Joyce ar bhealaí éagsúla, go háirithe le taighde ar an leabhar Finnegan’s Wake.

Sa bhliain 1929, d’fhoilsigh Beckett an chéad saothar dá chuid – aiste chriticiúil dar teideal Dante...Bruno. Vico...Joyce. Déanann an aiste saothar agus modh scríbhneoireachta Joyce a chosaint ó líomhaintí go raibh siad deacair agus doiléir d’aon ghnó, agus bhí sí mar chuid de Our Exagmination Round His Factification for Incamination of Work in Progress, leabhar aistí faoi Joyce ina raibh aistí ó phinn Eugene Jolas, Robert McAlmon agus William Carlos Williams, i measc daoine eile. Tháinig meath ar dhlúthchaidreamh Beckett le Joyce agus a mhuintir, áfach, nuair nár ghlac sé leis an tsúil a bhí iníon Joyce, Lucia, ag caitheamh air. Ba i rith na tréimhse sin freisin a foilsíodh an chéad ghearrscéal dá chuid, “Assumption”, i dtréimhseachán Jolas dar teideal transition. Bhuaigh sé duais bheag litríochta an bhliain dár gcionn as dán a chum sé go mear ar ar tugadh, “Whoroscope”, agus a bhain le beathaisnéis René Descartes, a bhí Beckett ag léamh ag an am, nuair a spreagadh é chun saothar a chur isteach.

Sa bhliain 1930, d’fhill Beckett ar Choláiste na Tríonóide mar léachtóir. Níorbh fhada, áfach, gur éirigh sé bréan dá ghairm roghnaithe acadúil. Chuir sé an mhídhúil a bhí aige ina leith in iúl le cleas a d’imir sé ar Chumann na Nuatheangacha, Baile Átha Cliath – léigh sé páipéar i bhFraincis faoi údar ó Toulouse, Jean du Chas, bunaitheoir de ghluaiseacht ar a tugadh 'Concentrism'. Ní raibh in Chas ná in 'Concentrism' ach cumadóireacht, áfach. Chum Beckett iad chun magadh faoi shaoithíneacht.

Chuir Beckett deireadh lena ghairm ghearr acadúil nuair a d’éirigh sé as a phost i gColáiste na Tríonóide ag deireadh na bliana 1931. Rinne sé comóradh ar an uair chinniúnach sin ina shaol le cumadh an dáin “Gnome”. Spreagadh é chun é a scríobh i ndiaidh dó Wilhelm Meisters Lehrjahre de chuid Johann Wolfgang von Goethe a léamh agus foilsíodh é faoi dheireadh in The Dublin Magazine i 1934:

Tar éis dó Coláiste na Tríonóide a fhágáil, thosaigh Beckett ag taisteal san Eoraip. Chaith sé roinnt ama i Londain chomh maith, áit ar foilsíodh Proust, staidéar criticiúil dá chuid ar an údar Francach, Marcel Proust, sa bhliain 1931.

Thosaigh sé ar chóir leighis a mhair dhá bhliain le síciteiripeoir ón Tavistock Clinic, an Dr Wilfred Bion, dhá bhliain ní ba dhéanaí, i ndiaidh bhás a athar. Thug Bion é chun tríú léacht Tavistock de chuid Carl Jung a chloisteáil, a chuaigh i bhfeidhm ar Beckett le blianta fada ina dhiaidh sin. Dhírigh an léacht ar an ábhar “never properly born,” agus ba léir gnéithe de i saothar Beckett ina dhiaidh sin, lena n-áirítear Watt agus Waiting for Godot.(nó Tagann Godot) Sa bhliain 1932, scríobh sé a chéad úrscéal, Dream of Fair to Middling Women, ach chinn sé ar é a fhágáil ar leataobh tar éis diúltú a fháil ó chuid mhaith foilsitheoirí. Foilsíodh an leabhar faoi dheireadh sa bhliain 1993. D’ainneoin nach raibh sé in ann é a fhoilsiú, bhí an t-úrscéal mar fhoinse le haghaidh cuid mhaith de luathdhánta Beckett, chomh maith lena chéad leabhar lánfhada, an cnuasach gearrscéalta More Pricks Than Kicks (1933).

D’fhoilsigh Beckett roinnt aistí agus léirmheasanna freisin le linn na tréimhse sin, lena n-áirítear “Recent Irish Poetry” (in The Bookman, Lúnasa 1934) agus “Humanistic Quietism”, léirmheas ar dhánta a charad, Thomas MacGreevey (in The Dublin Magazine, Iúil – Meán Fómhair 1934). Dhírigh an dá léirmheas úd ar shaothair MacGreevey, Brian Coffey, Denis Devlin agus Blanaid Salkeld, d’ainneoin nach raibh mórán bainte amach acu ag an am. Rinne sé comparáid dhearfach idir iad agus údair eile na hAthbheochana Ceiltí agus rinne sé tagairt do Ezra Pound, do T.S. Eliot agus do shiombalaithe na Fraince mar dhaoine mór le rá a tháinig rompu. Nuair a rinne sé cur síos ar na filí sin mar the nucleus of a living poetic in Ireland, bhí canóin filíochta nua-aoiseach agus Éireannach á bunú ag Beckett.

Sa bhliain 1935 – an bhliain chéanna a d’fhoilsigh sé cnuasach dá chuid filíochta, Echo's Bones and Other Precipitates – bhí sé ag obair ar a úrscéal Murphy. I mBealtaine na bliana sin, scríobh sé chuig MacGreevey ag rá go raibh sé ag léamh faoin scannánaíocht agus go raibh sé ag iarraidh dul go Moscó chun staidéar a dhéanamh le Sergei Eisenstein ag Institiúid Cineamatagrafaíochta Gerasimov i Moscó. I lár na bliana 1936, scríobh sé chuig Sergei Eisenstein agus Vsevolod Pudovkin á chur féin i láthair mar phrintíseach. Ní raibh toradh ar bith air sin, áfach, mar gur cailleadh litir Beckett de bharr choraintín Eisenstein le linn bhriseadh amach na bolgaí, chomh maith lena aird a bheith ar athscríobh scripte dá léiriú scannáin a bhí curtha ar atráth. Chríochnaigh Beckett Murphy idir an dá linn agus ansin, sa bhliain 1936, chuaigh sé ar turas fairsing timpeall na Gearmáine. Le linn na tréimhse sin, líon sé roinnt leabhar nótaí le liostaí d’ealaín shuntasach a chonaic sé agus scríobh sé faoin bhfuath a bhí aige d’fhiántas na Naitsithe a bhí ag scaipeadh ar fud na tíre an tráth sin. D’fhill sé ar Éirinn ar feadh tamall gearr sa bhliain 1937 le bheith ag faire ar fhoilsitheoireacht Murphy (1938). D’aistrigh sé féin an leabhar go Fraincis an bhliain dár gcionn. D’éirigh idir é féin agus a mháthair freisin agus chuir sin lena chinneadh cur faoi i bPáras (agus b'ann a chuir sé faoi uaidh sin amach tar éis bhriseadh amach an Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1939 toisc gurbh fhearr leis féin “France at war to Ireland at peace”). Níorbh fhada go raibh aithne air timpeall chaiféanna La Rive Gauche. B'ansin a neartaigh sé a chairdeas le Joyce agus a chruthaigh sé cairdeas nua le healaíontóirí ar nós Alberto Giacometti agus Marcel Duchamp – daoine a d’imir ficheall leis go minic. Ar feadh tamall gearr thart ar Nollaig na bliana 1937, bhí Beckett mór le Peggy Guggenheim a thug “Oblomov” air mar leasainm as pearsa eapainmneach úrscéil ó pheann Ivan Goncharov.

In Eanáir na bliana 1938 i bPáras, agus é ag diúltú seirbhísí máistir striapach míchlúiteach ar a raibh an t-ainm íorónta ‘Prudent’, sádh sa chliabh é agus ba bheag nár maraíodh é. Shocraigh James Joyce seomra príobháideach san ospidéal do Beckett. Ghabh poiblíocht ón eachtra sin aird Suzanne Dechevaux-Dumesnil. Bhí aithne éigin aici ar Beckett óna chéad chuairt ar Pháras; an uair seo, áfach, chuir an bheirt tús le cneasaíocht fad saoil. Ag réamhéisteacht, d’fhiafraigh Beckett dá ionsaitheoir cén tucaid a bhí leis an sá, agus d’fhreagair Prudent ar nós cuma liom, “Je ne sais pas, Monsieur. Je m’excuse” (“Níl a fhios agam, a dhuine uasail. Tá brón orm”). D’insíodh Beckett an eachtra ar nós scéal grinn scaití, agus chaith sé uaidh an cúiseamh in aghaidh a ionsaitheora ar deireadh – ar bhealach chun tuilleadh foirmiúlachtaí a sheachaint agus, chomh maith leis sin, mar thaitin béasaí agus carachtar Prudent leis.

Ghlac Beckett páirt i bhFrithbheartaíocht na Fraince tar éis fhorghabháil na Gearmáine i 1940. D’oibrigh sé mar theachtaire agus ba bheag nár ghabh an Gestapo é cúpla uair thar thréimhse dhá bhliain.

I Lúnasa na bliana 1942, rinneadh feall ar a aonad agus theith sé ó dheas de chois le Suzanne go sráidbhaile beag darb ainm Roussillon, in département Vaucluse i réigiún Provence Alpes Cote d’Azur, áit a a raibh siad sábháilte. Lean sé air ag cabhrú leis an bhFrithbheartaíocht ansin trí airm a stóráil i gcúlghairdín a thí. Le linn na mblianta a d’fhan Beckett in Roussillon, chabhraigh sé go hindíreach le sabaitéireacht Maquis d’arm na Gearmáine i sléibhte Vaucluse, cé nár labhair sé go rómhinic faoina chuid oibre i rith an chogaidh.

Bhronn rialtas na Fraince Croix de guerre agus Médaille de la Résistance ar Beckett as a chuid éachtaí ag troid in aghaidh fhorghabháil na Gearmáine. Go dtí deireadh a shaoil, thagródh Beckett dá pháirt le Frithbheartaíocht na Fraince mar “boy scout stuff”.[14] Dúirt sé gur lean sé ar aghaidh ag obair ar an úrscéal Watt fad is a bhí sé i bhfolach in Rousillon “in order to keep in touch” (b’úrscéal é seo a thosaigh sé i 1941 agus a chríochnaigh sé i 1945 ach nár foilsíodh go dtí 1953).

Sa bhliain 1945, d’fhill Beckett ar Bhaile Átha Cliath le haghaidh cuairt ghearr. Le linn dó a bheith ann, bhí taibhreamh aige i seomra a mháthar inar léiríodh a lántodhchaí liteartha. Rinne sé ficseanú ar an eachtra sin ní ba dhéanaí ina dhráma Krapp’s Last Tape (1958). Sa dráma, ceaptar go bhfuil taibhreamh Krapp suite ar an gCé Thoir i nDún Laoghaire (cé nach dtugann aon ní sa dráma bunús don smaoineamh sin) le linn oíche stoirmiúil, agus aithníonn roinnt criticeoirí Beckett i gcarachtar Krapp chomh mór sin is go gceapann siad go raibh eipeafáine ealaíonta Beckett féin san áit chéanna agus le linn an tsaghais chéanna aimsire. Bheadh an chuid is mó criticeoirí liteartha san airdeall faoi chomparáid a dhéanamh idir taithí carachtair agus taithí údair áfach. Tríd síos an dráma, éisteann Krapp le téip a rinne sé ní ba luaithe ina shaol. Ag pointe amháin, cloiseann sé é féin agus é níos óige ag rá: “...clear to me at last that the dark I have always struggled to keep under is in reality my most...” Cuireann Krapp an téip ar aghaidh, áfach, sula mbíonn deis ag an lucht féachana an taibhreamh ar fad a fháil amach.

Nocht Beckett le James Knowlson ina dhiaidh sin gurb iad “precious ally” na focail atá fágtha ar lár ar an téip (mar a luaigh Knowlson sa bheathaisnéis Damned to Fame). Ós rud é, áfach, go raibh míchlú ar Beckett as a bheith ag cur beathaisnéisithe agus criticeoirí amú, agus ós rud é go mbíonn cuma fhite shaoráideach ar nochtadh dá leithéid go minic, is dócha nach raibh buansmaoineamh ag Beckett féin maidir le céard ba chóir a bheith san abairt smuta. Léigh criticeoirí beathaisnéiseacha tábhacht sa scéal gur inis sé go Knowlson gur as a ghaol le James Joyce a tháinig cuid de spreagadh an taibhrimh sin. Ní bhaineann tábhacht leis seo do thaibheoirí ná do léitheoirí, áfach. Mhaígh Beckett gurbh fhéidir go mbeadh sé faoi scáth Joyce go deo agus nach mbeadh sé in ann é riamh a shárú. Bhí taibhreamh aige ansin, mar a deir Knowlson, a bhféachtar air mar phointe cinntitheach ina ghairm. Míníonn Knowlson an taibhreamh ansin mar a rinne Beckett cur síos air: “In speaking of his own revelation, Beckett tended to focus on the recognition of his own stupidity ... and on his concern with impotence and ignorance. He reformulated this for me, while attempting to define his debt to James Joyce: ‘I realized that Joyce had gone as far as one could in the direction of knowing more, in control of one’s material. He was always adding to it; you only have to look at his proofs to see that. I realized that my own way was in impoverishment, in lack of knowledge and in taking away, in subtracting rather than in adding.’” Míníonn Knowlson: “Beckett was rejecting the Joycean principle that knowing more was a way of creatively understanding the world and controlling it ... In future, his work would focus on poverty, failure, exile and loss – as he put it, on man as a ‘non-knower’ and as a ‘non-can-er.’”

Sa bhliain 1946, d’fhoilsigh iris de chuid Jean-Paul Sartre, Les Temps Modernes, an chéad chuid de ghearrscéal Beckett “Suite” (ar ar tugadh “La fin”, nó “The End” ní ba dhéanaí) ach ní raibh a fhios acu nár chuir Beckett ach leath den scéal chucu agus dhiúltaigh Simone de Beauvoir an dara cuid a fhoilsiú. Thosaigh Beckett ar a cheathrú úrscéal a scríobh freisin (Mercier et Camier) nár foilsíodh go dtí 1970. Thuar an t-úrscéal, ar chuid mhaith bealaí, an saothar is cáiliúla dá chuid, an dráma Waiting for Godot, a scríobhadh tamall ina dhiaidh sin, ach ní ba thábhachtaí fós, ba é an chéad saothar fada a scríobh Beckett díreach i bhFraincis, an teanga inar scríobh sé an chuid is mó dá shaothair ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an “triológ” úrscéalta a scríobh sé go luath ina dhiaidh sin: Molloy, Malone Dies agus The Unnamable. D’ainneoin é a bheith ina chainteoir Béarla ó dhúchas, roghnaigh Beckett scríobh as Fraincis mar – mar a mhaígh sé féin – b’éasca dó scríobh i bhFraincis “without style.”

Eascraíonn an chuid is mó de cháil choitianta Beckett ón dráma Waiting for Godot. In alt a luaitear go minic, scríobh Vivian Mercier gur éirigh le Beckett “theoretical impossibility” a bhaint amach, “a play in which nothing happens, that yet keeps audiences glued to their seats. What’s more, since the second act is a subtly different reprise of the first, he has written a play in which nothing happens, twice.” (The Irish Times, 18 Feabhra 1956, lch. 6.) Mar aon leis an gcuid is mó dá shaothair tar éis 1947, scríobhadh an dráma i bhFraincis i dtosach faoin teideal En attendant Godot. D’oibrigh Beckett ar an dráma idir Deireadh Fómhair na bliana 1948 agus Eanáir na bliana 1949. Foilsíodh é i 1952 agus léiríodh é den chéad uair i 1953. Tháinig an leagan Béarla ar an bhfód dhá bhliain ní ba dhéanaí. Bhí rath criticiúil, coitianta agus conspóideach ar an dráma i bPáras. D’oscail sé i Londain i 1955 agus bhí léirmheasanna diúltacha aige ar dtús, ach tháinig athrú ar an bport sin nuair a scríobh Harold Hobson in The Sunday Times agus ní ba dhéanaí, Kenneth Tynan, léirmheasanna dearfacha faoi. Níor éirigh leis sna Stáit Aontaithe in Miami, ach d’éirigh go measartha leis i Nua-Eabhrac. Ina dhiaidh sin, bhí an-tóir ar an dráma agus d’éirigh thar cinn le taibhithe sna Stáit Aontaithe agus sa Ghearmáin. Is minic a chuirtear i láthair é fós sa lá atá inniu ann.

Mar a dúradh, faoin am sin bhí Beckett ag scríobh i bhFraincis den chuid is mó. D’aistrigh sé a shaothair ar fad go Béarla é féin, ach chabhraigh Patrick Bowles lena aistriúchán ar Molloy. Le rath Waiting for Godot, d’éirigh le Beckett gairm a bhaint amach dó féin sa téatar. Chum Beckett roinnt drámaí rathúla lánfhada ina dhiaidh sin, lena n-áirítear Endgame (1957), an dráma réamhráite sin Krapp’s Last Tape (cumtha i mBéarla), Happy Days (cumtha i mBéarla chomh maith i 1960), agus Play (1963).

Bronnadh Duais Formentor na bhFoilsitheoirí Idirnáisiúnta ar Beckett i 1961, a roinn sé le Jorge Luis Borges an bhliain sin, mar aitheantas ar a shaothar.

Bhí athruithe i gceist leis na seascaidí ó thaobh cúrsaí pearsanta agus gairmiúla de. Phós sé Suzanne sa bhliain 1961 i searmanas sibhialta rúnda i Sasana ar chúinsí a bhain le dlí oidhreachta na Fraince den chuid is mó. Fuair sé cuirí teacht chuig cleachtaí agus léirithe ar fud na cruinne mar thoradh ar rath a chuid drámaí agus thosaigh sé ar ghairm nua mar stiúrthóir téatair dá bharr. Fuair sé a chéad choimisiún ón BBC Third Programme sa bhliain 1956 le haghaidh dráma raidió, All That Fall. Lean sé ar aghaidh ag scríobh le haghaidh an raidió go treallach, agus ar deireadh bhí sé ag scríobh le haghaidh scannán agus na teilifíse chomh maith. Thosaigh sé ag scríobh i mBéarla arís freisin, cé gur lean sé air ag scríobh i bhFraincis go dtí deireadh a shaoil.

Míníonn an t-aisteoir, Cary Elwes, ina dhialann físeáin den scannán The Princess Bride go raibh Beckett ina chónaí in aice le muintir Roussimoff agus go dtugadh sé síob ar scoil do mhac Roussimoff gach lá mar go raibh an buachaill rómhór le dul ar an mbus. Nuair a d’fhás André René Roussimoff aníos, bhí aithne air agus é ina choraí gairmiúil ar ar tugadh André the Giant.

Fuair Beckett amach gur bhuaigh sé Duais Nobel na Litríochta fad is a bhí sé ar shaoire in Tunis le Suzanne i nDeireadh Fómhair na bliana 1969. Thug Suzanne “catastrophe” ar an duais mar gur thuig sí go mbeadh a fear céile, a bhí ina dhuine fíorphríobháideach, faoi uallach an chlú uaidh sin amach. Cé nár thug Beckett mórán agallamh, uaireanta bhuaileadh sé le healaíontóirí, scoláirí agus lucht a leanúna i bhforsheomra óstán PLM St. Jacques i bPáras gar dá theach in Montparnasse.

Cailleadh Suzanne an 17 Iúil 1989. Agus é ina chlochrán i dteaghlach altranais, fuair Beckett bás an 22 Nollaig an bhliain chéanna tar éis dó a bheith thíos le heimfiséime agus, b’fhéidir, galar Parkinson. Cuireadh an bheirt le chéile in Cimetière du Montparnasse i bPáras faoi leac uaighe simplí eibhir amháin, rud a chomhlíon treoir Beckett go mbeadh sé ar dhath ar bith, ach é a bheith liath.

Go ginearálta, féadtar gairmréim Beckett a roinnt ina thrí thréimhse: a luathshaothair, go dtí deireadh an Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1945; a mheántréimhse ón mbliain 1945 go dtí na luathseascaidí, nuair a scríobh sé na saothair is mó clú dá chuid; agus an tréimhse dhéanach, nuair a d’éirigh a shaothair ní ba ghiorra de réir a chéile agus ní b’íosta, ó na luathseascaidí go dtí a bhás i 1989.

Creidtear go forleathan go raibh tionchar mór ag saothar a charad, James Joyce, ar luathshaothair Beckett. Tá cuma thar a bheith léannta orthu agus dealraítear go léiríonn siad léann an údair ar mhaithe leis féin. Feictear roinnt sleachta doiléire iontu dá réir. Tá samplaí den stíl sin le feiceáil ag tús an chnuasaigh ghearrscéalta More Pricks than Kicks (1934):

It was morning and Belacqua was stuck in the first of the canti in the moon. He was so bogged that he could move neither backward nor forward. Blissful Beatrice was there, Dante also, and she explained the spots on the moon to him. She shewed him in the first place where he was at fault, then she put up her own explanation. She had it from God, therefore he could rely on its being accurate in every particular.

Tá an sliocht lom lán de thagairtí do Commedia le Dante Alighieri a chuirfeadh mearbhall ar léitheoirí nach mbeadh eolach ar an saothar sin. Tá tuartha ann freisin, áfach, de shaothair Beckett a tháinig ní ba dheireanaí ina shaol: éighníomhaíocht fhisiciúil charachtar Belacqua; an chaoi a mbíonn an carachtar gafa lena aigne agus lena chuid smaointe féin; agus an greann mí-ómósach san abairt dheireanach.

Feictear na gnéithe céanna in Murphy (1938), an chéad úrscéal de chuid Beckett a foilsíodh. Ar shlí, pléitear téamaí na gealtachta agus na fichille chomh maith – téamaí a tháinig aníos arís is arís eile ina shaothair ina dhiaidh sin. Tá gaoth an éadóchais agus an ghrinn dhuibh – atá le feiceáil i gcuid mhaith de shaothair Beckett – i gcéad abairt an úrscéil. ‘The sun shone, having no alternative, on the nothing new’. Scríobh Beckett Watt nuair a bhí sé i bhfolach in Roussillon le linn an Dara Cogadh Domhanda. Tá na saghas téamaí céanna ann ach níl sé chomh flasach céanna ó thaobh stíle de. Pléitear gluaiseacht an duine amhail is dá mba iomalartú matamaiticiúil í san úrscéal sin chomh maith – gné a thuarann an aird faoi leith a bhí ag Beckett i ngluaiseacht mhionchruinn, a léirítear ina chuid úrscéalta agus drámaí ina dhiaidh sin.

Ba i rith na tréimhse sin freisin a thosaigh Beckett ag scríobh go cruthaitheach i bhFraincis. Ag deireadh na dtríochaidí, scríobh sé roinnt dánta gearra sa teanga úd agus is léir ó fhoclaíocht thearc na ndánta sin go raibh Beckett i mbun a stíl a shimpliú, cé go ndearna sé é sin trí mheán teanga eile. Is léir an t-athrú sin in Watt ina theannta sin, i gcodarsnacht le foclaíocht a chuid dánta Béarla ón tréimhse chéanna a bailíodh in Echo’s Bones and Other Precipitates (1935).

Chloígh Beckett le Fraincis ina chuid scríbhneoireachta tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Tháinig na saothair is marthanaí ó pheann Beckett mar thoradh air sin agus mar thoradh ar an “taibhreamh”, a luadh cheana, a bhí aige i seomra a mháthar i mBaile Átha Cliath – nuair a rith sé leis go mba chóir dá chuid saothair a bheith suibiachtúil agus sainiúil dá dhomhan inmheánach féin.

Chum Beckett ceithre mhórdhráma lánfhada don stáitse le linn na gceithre bliana déag a lean an cogadh:En attendant Godot (scríofa 1948–1949; Waiting for Godot), Fin de partie (1955–1957; Endgame), Krapp’s Last Tape (1958), agus Happy Days (1960). Meastar go minic, bíodh sin ceart nó ná bíodh, go raibh na drámaí sin bainteach le “Theatre of the Absurd” mar a thugtar air. Téann siad i ngleic leis na téamaí céanna is a phléann smaointeoirí eisíocha comhaimseartha trí mheán an ghrinn dhuibh, cé nach féidir Beckett féin a lipéadú mar eisí. Cheap Martin Esslin an téarma “Theatre of the Absurd” i leabhar leis an teideal céanna agus bhí Beckett agus Godot mar lárthéamaí sa leabhar. Mhaígh Esslin gur chomhlíon na drámaí sin coincheap Albert Camus den áiféis, nó “the absurd”. Go minic, déantar Beckett a lipéadú go lochtach mar smaointeoir eisíoch ar an gcúis sin. Cé go bhfuil cosúlachtaí ann ó thaobh cuid mhaith de na téamaí, ní raibh claonadh ag Beckett don eiseachas ar an iomlán.

Go ginearálta, téann na drámaí sin i ngleic le hábhar an éadóchais agus leis an toil chun maireachtála, in ainneoin an éadóchais sin, i gcoinne saoil nach dtuigeann agus, ar ndóigh, nach bhfuil sothuigthe. Déanann focail Nell – duine de bheirt charachtar Endgame atá i ngéibheann in araidí luatha agus a labhraíonn astu scaití – an achoimre is fearr a thabhairt ar théamaí drámaí Beckett ón meántréimhse:

Nothing is funnier than unhappiness, I grant you that. ... Yes, yes, it’s the most comical thing in the world. And we laugh, we laugh, with a will, in the beginning. But it’s always the same thing. Yes, it’s like the funny story we have heard too often, we still find it funny, but we don’t laugh any more.

Bhí sáréachtaí próis de chuid Beckett ón tréimhse sin i bhfoirm na dtrí úrscéal: Molloy (1951), Malone meurt (1951; Malone Dies) agus L’innommable (1953; The Unnamable). Tagraítear do na húrscéalta sin mar “thriológ” uaireanta, cé go bhfuil an nós sin in aghaidh thoil shainiúil an údair. Is féidir stíl agus téamaí aibí Beckett mar a fhorbraíonn siad a rianú sna húrscéalta sin, de réir mar a éiríonn siad níos gonta agus níos loime. Tá gnáth-thréithe úrscéil, ar nós ama, áite, gluaiseachta agus plota, fós le haithint in Molloy cuir i gcás, agus, ar ndóigh, is úrscéal bleachtaireachta é ar bhealach. Cuireann sé gluaiseacht agus plota ar leataobh den chuid is mó in Malone Dies, áfach, cé go bhfuil táscaire éigin fós ann d’áit agus d’imeacht ama. Is i bhfoirm monalóg inmheánach atá “aicsean” an leabhair. Ar deireadh, faightear réidh le gach ciall áite agus ama in The Unnamable agus is cosúil gurb é buntéama an téacs an choimhlint idir mian an ghutha leanúint ar aghaidh ag labhairt ionas go leanfaidh sé ar aghaidh ag maireachtáil, agus an dúil láidir atá aige ciúnas agus éaguimhne a aimsiú. Is mealltach an smaoineamh é macasamhail a dhéanamh den téama agus taithí Beckett agus a thuiscint ar an tionchar a bhí ag an gcogadh ar an domhan. In ainneoin na tuairime coitianta go bhfuil saothar Beckett diúltach go bunúsach, mar a léirítear in úrscéalta na tréimhse sin, is cosúil go bhfaigheann an dúil maireachtála an bua air sin ar deireadh iontu. Féach, mar shampla, líne dheiridh cháiliúil The Unnamable: ‘I can’t go on, I’ll go on’.

Bhí fadhb ag Beckett tar éis na dtrí úrscéal sin aon phíosa fada próis a scríobh, mar is léir ó na scéalta gearra a cuireadh le chéile ina dhiaidh sin in Texts for Nothing. D’éirigh leis ceann de na saothair phróis ba radacaí a chruthú ag deireadh na gcaogaidí, áfach – Comment c’est (1961, How It Is). Cuirtear eachtraí reacaire gan ainm, atá ag snámh tríd an bpuiteach le mála de channaí bia, os ár gcomhair sa saothar sin, agus scríobhadh é i bhfoirm sraith alt gan aon phoncaíocht ar nós stíl teileagraif:

you are there somewhere alive somewhere vast stretch of time then it’s over you are there no more alive no more then again you are there again alive again it wasn’t over an error you begin again all over more or less in the same place or in another as when another image above in the light you come to in hospital in the dark

Thóg sé beagnach deich mbliana eile air ina dhiaidh sin saothar próis neamhdhrámata a chur le chéile, agus meastar go forleathan gur tháinig deireadh le meántréimhse a ghairme mar scríbhneoir le How It Is.

I rith na seascaidí agus na seachtóidí, tháinig forbairt ar an gclaonadh i saothair Beckett – a bhí le feiceáil cheana i gcuid mhaith dá chuid oibre sna caogaidí – i dtreo na fuinteachta agus deirtear, dá réir, gur shaothair íostaigh a bhí á scríobh aige. Is sampla antoisceach é Breath (1969) den chlaonadh sin. Ní mhaireann sé ach 35 soicind agus níl aon charachtair ann (cé gur dócha gur thrácht íorónach a bhí ann ar Oh! Calcutta!, an revue amharclannach a raibh sé ina chuid tosaigh de).

Níl i gcarachtair dhrámaí Beckett sa tréimhse dhéanach ach na buneilimintí, agus ní raibh mórán carachtar sna luathdhrámaí ar aon nós. Tá trí charachtar sa dráma Play (1962) mar shampla, agus iad sáite i síothla móra chomh fada lena muiníl; sa dráma teilifíse Eh Joe – a scríobhadh don aisteoir Jack MacGowran – déanann ceamara fócasú ar aghaidh an phríomhcharachtair de réir a chéile go dtí go mbíonn sé an-ghar d’aghaidh an aisteora; agus níl mórán eile sa dráma Not I (1972) seachas, mar a deir Beckett féin, ‘a moving mouth with the rest of the stage in darkness’. Bhain cuid mhaith de na drámaí déanacha sin, ar nós Krapp’s Last Tape, leis an gcuimhne nó, go sonrach, le seanimeachtaí pianmhara a thabhairt chun cuimhne le linn nua-am socair. Ina theannta sin, chomh minic lena athrach, phléigh na drámaí déanacha sin téama an duine féin agus é i ngéibheann agus faoi imscrúdú, sa mhéad is go dtagann guth ón taobh amuigh isteach in intinn an phríomhcharachtair, ar nós Eh Joe, nó go ndéantar tuairisciú chiúin ar an bpríomhcharachtar ag carachtar eile, ar nós Not I. D’eascair Catastrophe (1982), an dráma is polaitiúla de chuid Beckett, tiomnaithe do Václav Havel, a phléigh téama na deachtóireachta go réasúnta soiléir, ó théamaí dá leithéid. Le linn na tréimhse sin, tháinig athbheochan ar fhilíocht Beckett tar éis tréimhse éighníomhaíochta le roinnt dánta an-ghonta i bhFraincis ar ar tugadh mirlitonnades. Ní raibh i gcuid acu ach sé fhocal. Chuaigh na dánta sin in aghaidh ghnáthghnás prionsabálta Beckett a shaothar féin a aistriú chuig an teanga eile. Rinne roinnt scríbhneoirí, Derek Mahon ina measc, iarracht aistriúcháin a dhéanamh orthu, ach níl sraith chríochnúil Bhéarla díobh foilsithe go fóill.

Cé go raibh Beckett ag scríobh i bhfad níos mó drámaí ná prós le linn na tréimhse déanaí – tá nod ina thaobh i dteideal an chnuasaigh de ghearrthéacsanna próis, Fizzles (1976); rinne Jasper Jones, ealaíontóir Meiriceánach, léaráidí don chnuasach – bhí athbheochan de shaghas éigin aige i 1979 leis an nóibhille Company, a leanadh le Ill Seen Ill Said (1982) agus Worstward Ho (1984), agus a bailíodh níos déanaí in Nohow On. Lean Beckett ar aghaidh ag díriú ar an gcuimhne agus ar thionchar na cuimhne ar an duine féin atá i ngéibheann agus faoi imscrúdú, chomh maith le hionad corp ar an láthair, trí mheán próis na scéalta spáis dúnta nó closed space stories mar a thugtar orthu, mar is léir ó thús Company.

A voice comes to one in the dark. Imagine.

To one on his back in the dark. This he can tell by the pressure on his hind parts and by how the dark changes when he shuts his eyes and again when he opens them again. Only a small part of what is said can be verified. As for example when he hears, You are on your back in the dark. Then he must acknowledge the truth of what is said.

Scríobh Beckett a shaothar deiridh, What is the Word (1988), ina leaba sa teaghlach altranais inar chaith sé an chuid deiridh dá shaol

 
Bhí tionchar ag Beckett ar scríbhneoirí ar nós Václav Havel, John Banville, Aidan Higgins agus Harold Pinter, ach bhí tionchar i bhfad níos leithne ná sin aige ar scríbhneoireacht thrialach ó na caogaidí i leith, is é sin, an ghlúin “Beat” agus ina dhiaidh sin. I gcomhthéacs na hÉireann, bhí tionchar mór aige ar fhilí ar nós John Banville, Derek Mahon, Thomas Kinsella, chomh maith le scríbhneoirí ar nós Trevor Joyce agus Catherine Walsh, a fhógraíonn a dtaobhú leis an traidisiún nua-aoiseach de rogha ar an bpríomhshruth réalaí.

Tá saothair cheoil cruthaithe ag cuid mhaith de mhórchumadóirí an 20ú haois bunaithe ar a chuid saothair, lena n-áirítear Luciano Berio, György Kurtág, Morton Feldman, Pascal Dusapin, Philip Glass agus Heinz Holliger. Ba thionchar é saothar Beckett chomh maith ar chuid mhaith amharcealaíontóirí, lena n-áirítear Bruce Nauman, Alexander Arotin, agus Avigdor Arikha. Bhí Arikha spreagtha ag domhan liteartha Beckett ach chomh maith leis sin, tharraing sé roinnt portráidí de Beckett agus rinne sé léaráidí le haghaidh roinnt dá shaothar.

Tá Beckett i measc na n-údar is mó a phléitear agus is mó a raibh meas air ón bhfichiú haois agus tá tionscal criticiúil spreagtha aige atá beagnach chomh fairsing céanna is atá spreagtha ag James Joyce. Tá tuairimí éagsúla criticiúla ann ina thaobh. Mhol roinnt criticeoirí luathfhealsúnacha é, ar nós Sartre agus Theodor Adorno – Sartre as a thaibhreamh den áiféis agus Adorno as diúltú criticiúil a chuid saothair de shimplíochtaí. Cáineann criticeoirí eile ar nós Georg Lukacs é as an easpa réalachais a bheith meatach nó ‘decadent’.

Láimhseálann eastát Beckett, atá faoi stiúir nia an údair, Edward Beckett, faoi láthair, gach ceart le haghaidh taibhithe a chuid drámaí óna bhfuair sé bás. Tá clú conspóideach ag an eastát as a bheith ag coimeád dlúthsmachta ar an mbealach a chuirtear drámaí Beckett i láthair agus ní bhronnann sé ceadúnais ar léiriúcháin nach gcloíonn go beacht le treoracha stáitse an údair. Sa bhliain 2004, tugadh cead do staraithe, a raibh suim acu i nginealach Beckett, staidéir mhóilíneacha seanchais a dhéanamh ar riansamplaí dá chuid DNA chun eolas cruinn ginealaigh a fháil amach.

Ghlac an grianghrafadóir, John Minihan, cuid de na grianghraif is cáiliúla a bhfuil ann de Beckett idir 1980 agus 1985, agus d’fhás caidreamh chomh dlúth sin eatarthu is go raibh sé ina ghrianghrafadóir oifigiúil dó, go bunúsach. Measann daoine áirithe go bhfuil ceann de na grianghraif sin i measc na dtrí ghrianghraf is fearr ón bhfichiú haois. Is cosúil gurbh é an grianghrafadóir téatair, John Haynes, áfach, a ghlac an íomhá is coitianta de Beckett. Tá sé le feiceáil ar chlúdach bheathaisnéis Knowlson, mar shampla. Glacadh an phortráid sin le linn cleachtaí in Royal Court Theatre i Londain, inar ghlac Haynes grianghraif de mhórán léirithe de shaothar Beckett.

Téatar

Raidió

Teilifís

Film (1965)

 

Úrscéalta

Nóibhillí

Scéalta

 




#Article 68: James Joyce (284 words)


Scríbhneoir a rugadh i mBaile Átha Cliath in Éirinn ab ea James Augustine Aloysius Joyce (gaelaítear a ainm mar Séamus Seoige scaití). (2 Feabhra 1882 – 13 Eanáir 1941). 

Ba i mBéarla a scríobh sé a chuid saothair, ach feictear ina mhórshaothair ar nós Ulysses (1922) agus Finnegans Wake (1939) go raibh an-eolas aige ar nua-theangacha na hEorpa, beagán Gaeilge san áireamh, chomh maith le Laidin, Gréigis, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis agus mórán eile nach iad. 

Tá easaontas i measc lucht litríochta ar fheabhas chuid den scríbhneoireacht sna leabhair sin, mar go bhfuil an teanga casta, le meascán teangacha, agus mar gur i bhfoirm sruth smaointe atá cuid mhór de. 

Is cur síos ar lá amháin i saol fhir óig an chuid is mó de Ulysses, agus ceiliúrann lucht liteartha Bhaile Átha Cliath agus a gcairde Lá Bloom (Bloomsday) ar 16 Meitheamh in ómós do laoch an leabhair, Leopold Bloom.

Chaith sé cuid mhór dá shaol san Eoraip, i bPáras na Fraince, i Zürich na hEilvéise, agus i dTrieste na hIodáile sa chuid ba mhó. 

Fuair sé post i mbanc sa Róimh fosta ach b'fhuath leis an chathair úd agus d'fhill seisean agus a theaghlach go Trieste i ndiaidh tamaill ghairid. 

B'as Gaillimh a bhean, Nora Barnacle. Bhí iníon agus mac acu. 

Ghoill an glácóma air, agus é ag druidim le deireadh a shaoil ach go háirithe, agus bhí an-deacracht aige léamh profaí a dhéanamh ar a chuid leabhar.

Fuair sé bás i Zürich nuair a tháinig cóma air i ndiaidh obráid ar othras bréifneach.

Is cinnte go raibh an-tionchar ag an stíl sin ar údair eile, agus go bhfuil an-éacht déanta aige i gcuid dá chuid cur síos.

I measc saothair James Joyce tá:




#Article 69: Cath Chionn tSáile (358 words)


Troideadh Cath Chionn tSáile i gContae Chorcaí, sa bhliain 1601, nuair a chloígh arm Shasana na tiarnaí Gaelacha agus fórsaí Spáinneacha.  

Ba é an cath ba mhó ó thaobh Chogadh na Naoi mBliana, agus freisin mar chuid den Cogadh Angla-Spáinneach (1585 -1604).  

Bhí an Bhanríon Eilís I ag iarraidh an tír a chuir faoi chois, ach throid na tiarnaí Gaelacha ina haghaidh, go háirithe Aodh Ó Néill, Aodh Rua Ó Dónaill, agus Ó Suilleabháin. 

Tháinig tháinig b'fhéidir 3,400 saighdiúir, faoi Don Juan de Aguila agus Don Diego Brochero, i dtír ar an 2 Deireadh Fómhair, 1601 i gCionn tSáile. Thóg na Spáinnigh an baile ach, d'fhan siad ann, agus tar éis tamaill bhí siad timpeallaithe ag na Sasanaigh. Bhí ar Eilís I Shasana agus na tiarnaí tuaisceartacha teacht ó dheas chun buaileadh leo, rud a rinne siad go luath i ndiaidh an t-eolas a fháil.

Ar an 24 Nollaig, bheartaigh siad ar na Sasanaigh a ionsaí. Bhí orthu siúil go barr Chnoc Ard Mháirtín, ag súil le cabhair ó na Spáinnigh. Ar an mbealach is dóigh, go raibh ceo ar an mbealach agus ní raibh Ó Dónaill in ann teacht ar an gcnoc in am. 

Bhí Ó Néill ar barr an chnoic agus cheap sé go raibh cuma tréan ar na Sasanaigh (in ionad iontas a bheith orthu) agus chúlaigh sé thar dhá abhainn agus réitigh sé a chuid fórsaí i tercios. 

Níl sé soiléir céard go díreach a tharla, ach is cosúil gur tháinig na Sasanaigh orthu agus gur scaip marcaithe na nÉireannach tar éis an dara ionsaí. 

Níor chorraigh na Spáinnigh. Is cosúil nach raibh arm na nÉireannach smacht go leor le troid faoin aer, agus nach raibh siad fiú tiomanta don troid.

Freisin, tá locht ar na Spáinnigh dá bharr; teacht i dtír sa deisceart, fad is a bhí príomh airm na hÉireann sa tuaisceart, an brú a chuir siad ar na hÉireannaigh troid, in ionad fán go dtí go bhfuair airm na Sasanach bás de bharr galair agus ocrais.

B'éigean dóibhsean teitheadh ina dhiaidh sin go dtí an Mór Roinn, rud a rinne siad sa bhliain 1607, agus ar a dtugtar Imeacht na nIarlaí.




#Article 70: Imeacht na nIarlaí (237 words)


Ainm coitianta is ea Imeacht na nIarlaí ar imeacht Aodh Uí Néill (Iarla Thír Eoghain) agus Ruairí Uí Dhomhnaill (Iarla Thír Chonaill), sa bhliain 1607  agus suas le 100 duine eile in éindí leo.  Chuir na huaisle Gaelacha fúthu ar an Mór Roinn, go háirithe i dtíortha Chaitlicigh na hEorpa, ar nós na Fraince agus na Spáinne.   Teitheadh na nIarlaí mar a thugtar air freisin. 

Éascaíodh Plandáil Uladh dá barr. 

Ba iad Aodh Ó Néill, iarla Thír Eoghain, agus Aodh Rua Ó Domhnaill na cinnirí a bhí ar na Gaeil le linn Chogadh na Naoi mBliana. 

Tar éis Chath Chionn tSáile i 1601, chúlaigh taoisigh na nGael go Cúige Uladh, agus ghéilleadar do na Sasanaigh i 1603.   

Lean na coilínithe orthu á gciapadh áfach mar gur shíl siad go raibh an Leasrí ró-bhog ar na daoine a chuir cogadh orthu, agus sa deireadh bheartaigh Ó Néill agus Ruairí Ó Domhnaill, a bhí ina chomharba ar Aodh Rua, ar imeacht as a dtailte. 

Ba é Cúchonnacht Mag Uidhir, Tiarna Fhear Manach, a d'eagraigh an turas. Tháinig long Bhriotánach go Loch Suilí i bhfíorthuaisceart na tíre, agus tugadh nócha duine ar bord chun na Spáinne. D'imigh Ó Domhnaill chun na Spáinne áit a bhfuair sé bás. 

Ar an 14 Meán Fómhair 1607, sheol na taoisigh deireanacha amach as Cuan Suillí Móire chun na deoraíochta.  Chuaigh siad as sin chun na Róimhe, áit a bhfuair Ó Néill bás i 1616. 




#Article 71: Litiam (586 words)


Is dúil mhiotalach é an litiam. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 3, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Li. Tá trí phrótón i núicléas an adaimh litiam, agus, dá réir sin, trí leictreon sa néal leictreon. Ceann de na miotail alcaileacha atá ann, agus cosúil leis na miotail alcaileacha eile, níl ach aon fhiúsleictreon amháin aige. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s1, nó tá an sceall is gaire don núicléas lán, agus aon leictreon amháin ar s-fhithiseán an dara sceall. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is dual dó ná +1. Tá adamh an litiam an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh leis na neamh-mhiotail, ionas go gcaillfidh sé an fiúsleictreon le hiompú ina ian deimhneach. Tá sé riachtanach litiam a choinneáil dealaithe ón atmaisféar, istigh san ola mar shampla, nó má oibríonn an ocsaigin air, tiocfaidh brat bán ocsaíde (Li2O, ocsaíd litiam) air go sciobtha. Is miotal é a bhfuil loinnir an airgid ann, a fhad is nach bhfuil an brat sin air. Oibríonn an t-uisce air ar an dóigh chéanna, cé nach bhfuil an t-imoibriú leis an uisce chomh tobann agus a bhíonn sé ag na miotail alcaileacha eile. Níl tréithe an mhiotail alcailigh chomh láidir ag an litiam agus ag na miotail eile sa ghrúpa seo, nó is é an ceann is airde leáphointe agus an ceann is deacra a ghearradh acu. Is féidir an litiam a ghearradh le gnáthscian, ach níl sé chomh bog leis an sóidiam, cuir i gcás.

Cé nach bhfuil an litiam chomh fíochmhar leis na miotail eile sa ghrúpa céanna ag imoibriú, baineann na dainséir chéanna leis. Iompaíonn sé ina hiodrocsaíd litiam nuair a thagann sé i dteagmháil leis an uisce, ionas go gcruthaítear tuaslagán an-bhunata ar féidir dó dochar a dhéanamh d'fhíocháin an choirp. Níltear sásta, an bhfuil na hiain litiam úsáideach don duine ar aon nós, fiú mar riandúil, ach má bhíonn farasbarr acu ann, beidh siad ina nimh don orgánach dhaonna. 

Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, tá an litiam an-éadrom, agus é ag snámh ar dhromchla an uisce. Le fírinne, tá sé níos éadroime ná aon mhiotal eile, nó fiú aon dúil eile atá ina solad le teocht an tseomra. Tá a leáphointe níos airde ná leáphointí na miotal alcaileach eile, ach mar sin féin, tá sé sách íseal: 180.54 °C, nó 453.59 K. Is é an fiuchphointe atá aige ná 1342 °C, nó 1615 K - níos ísle ná leáphointe an iarainn, cuir i gcás.

Ó tá an litiam ina dhí-ocsaídeoir láidir cosúil leis na miotail alcaileacha eile, níl sé le fáil sa dúlra ina mhiotal. Is iad na mianraí is tábhachtaí a bhfuil litiam iontu ná an spodaiméin, arb í sileacáit an litiam agus an alúmanaim í; an leipidilít (an míoca litia), a bhfuil sileacáití, alúmanáití hiodrocsaídí agus fluairídí an litiam, an photáisiam agus an alúmanaim measctha inti; an pheitilít nó an chastairít, cineál eile de shileacáit an litiam agus an alúmanaim; agus an amblagáinít, arb í fosfáit an litiam, an tsóidiam agus an alúmanaim í agus iain fhluairíde agus hiodrocsaíde measctha tríthi.

Baintear úsáid as an litiam i gcadhnraí (batairí) leictreacha, i ngléasra aistrithe teasa (tóstaeir, micreathonnáin), agus i gcóimhiotail éadroma, as a ndéantar eitleáin. Thairis sin, tá carbónáit an litiam tábhachtach mar shíceachógas, le maolú ar na mothúcháin. Ós rud é, áfach, go bhfuil nimhiúlacht áirithe ag baint leis na hiain litiam, ní mór súil a choinneáil ar a dtiúchan i bhfuil an othair atá ag fáil cóir leighis den chineál seo.




#Article 72: Vladímír Pútín (829 words)


Is é Vladímír Vladímírovits Pútín  (/ˈpuːtɪn/; Rúisis: Влади́мир Влади́мирович Пу́тин) Uachtarán ar Chónaidhm na Rúise ó 7 Bealtaine 2012. 

Rugadh Pútín i Leningrad (Cathair Pheadair anois) ar an 7 Deireadh Fómhair 1952. Bhain sé amach céim dlí in Ollscoil Stáit Leningrad sa bhliain 1975. 

Mar oifigeach i gCoiste na Státslándála KGB ón mbliain 1975 go dtí 1991 chaith Putin na blianta sa DDR (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine, 1985-1990). 

Ar an 28 Iúil 1998, d'éirigh  Putin ina cheannaire ar Sheirbhís Uile-Rúiseach na Slándála FSB (a lean an KGB). D'fhan sé sa phost sin go dtí Lúnasa 1999

Ba Phríomh-Aire ar an Rúis i rialtas Boris Eiltsin é ó mhí Lúnasa 1999. 

Mar phríomh-aire, bhí meas mór ag na Rúisigh ar Putin mar gheall ar an gcaoi a ndearna sé bainistíocht ar an ionsaí a rinne an Rúis ar an tSeisnia, nuair a d'fhógair muintir na tíre sin neamhspleáchas, agus iad ag iarraidh dealú a fháil ón Rúis. 

D'éirigh Eiltsin as a phost an 31 Nollaig, 1999, agus ceapadh Pútín mar Leas-Uachtarán (le feidhmiú mar Uachtarán) ar an Rúis. Bhuaigh Pútín an toghchán sa bhliain 2000.

Ar go leor bealaí, ceannaire as an ngnáth é Pútín. Bhí sé cuibheasach óg sa bhliain 2000, go háirithe i comparáid leis na seanfhondúirí a bhíodh ag rialú an stáit Shóivéadaigh. Staonann sé ón mbiotáille, agus tá an-suim aige i gcúrsaí spóirt — tá sé ag cleachtadh júdó óna chéad óige. Is ball den Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach é, agus deir formhór na dtráchtairí nach ag magadh a bhí sé nuair a thiontaigh sé ina Chríostaí. Chomh maith leis an Rúisis, tá Béarla agus Gearmáinis aige, agus é beagnach chomh líofa le cainteoir dúchais sa dá theanga. Tá bean agus beirt chlainne ag Pútín.Má d'fhéach Eiltsin le bua a bhreith ar oidhreacht spioradálta an Aontas Sóivéadach, tá a mhalairt dearcadh ag Pútín ar an tréimhse sin i stair na tíre. Fiú na hainghníomhartha a rinne an rialtas Cumannach, is cuid thábhachtach iad den stair as ar fáscadh Rúis an lae inniu, dar leis. Agus níl mórán fonn air ach an oiread locht a fháil ar an deachtóir brúidiúil úd Stalin. Cuid de na siombailí náisiúnta Sóivéadacha a caitheadh i dtraipisí i mblianta uachtaránachta Eiltsin, tugadh isteach arís iad le caoinchead Phutin, mar shampla an bhratach mhíleata dhearg, armas na Réalta Sóivéadaí agus an t-amhrán náisiúnta Sóivéadach (cé gur athraíodh na focail). 

Chuir Pútín in aghaidh an chogaidh san Iaráic sa bhliain 2003. Tar éis an chogaidh, d'iarr Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, George W. Bush, ar na Náisiúin Aontaithe na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na hIaráice a chur ar ceal, rud ar thaobhaigh Pútín leis, mar gur ghá go ligfí do choimisiún na Náisiúin Aontaithe a chuid oibre ag cuardach arm ollscriosta san Iaráic a chur i gcrích.

Bhain páirtí Pútín, Páirtí na Rúise Aontaithe mórbhua amach sna toghcháin pharlaiminte sa bhliain 2003. Dúirt tuairisceoirí eachtrannacha go raibh an toghchán é féin féaráilte, ach go ndearna lucht na meán cumarsáide, a bhíonn faoi thionchar an rialtais den chuid is mó, go háirithe an teilifís náisiúnta, bolscaireacht mhillteach ar mhaithe le páirtí an rialtais, gan cead cainte a fhágáil ag na páirtithe eile ach ar éigean.
An 24 Feabhra 2004, níos lú ná mí roimh na toghcháin, ruaig Pútín a phríomh-aire, Michail Kasianov, agus an chomh-aireacht Rúiseach ar fad as a bpoist, agus chuir sé Victor Christséincó ina áit mar phríomh-aire feidhmitheach. Ar 1 Márta, d'ainmnigh sé Michail Fradcov chun an phoist.

An 14 Márta 2004, reáchtáladh toghcháin Uachtaránachta, agus bhain Pútín amach an dara bua, nó ghnóthaigh sé 71% de na vótaí. Arís, bhí feachtas ollmhór ar an teilifís náisiúnta Rúiseach, ach deirtear go raibh an toghchán é féin cothrom. 

Ní cheadaítear faoi Bhunreacht na Cónaidhme dul don phobal den tríú huair. I ndiaidh thoghcháin pharlaiminte 2003 ghnóthaigh Putin móramh sách mór leis an mBunreacht a athrú, ach tugadh comhairle do Phutin gan a bheannacht a thabhairt don athrú seo ag an am.

Mar sin, ó 2008 go dtí 2012, bhí Putin ina Chathaoirleach na Cónaidhme.

Deirtear go bhfuil dhá dhream ag obair ar an gCreimlín anois: 

Is minic a bhíonn easaontas idir an dá dhream seo, mar shampla nuair a cuireadh an dlí ar Michail Chodorkovskí, an mórghróintín artola. Cuireann Pútín strus air féin gan a bheith róchóngarach do cheachtar den dá dhream, cé go bhfuil baint ag a thánaiste Alacsandar Volaisin leis an gClann. Meastar gur bhagair Volaisin go n-éireodh sé as a phost nuair a gabhadh Chodorkovskí. Ghlac Pútín leis an seasamh anuas, agus chuir sé Dimítrí Meidvedev, cathaoirleach Gazprom, an comhlacht stáit gáis, ina áit.

Duine eile atá ceangailte leis an gClann is ea an t-iar-Phríomh-aire Michail Kasianov. Chuaigh Kasianov i gcoinne rabhadh Pútín gan baint leis an scéal, agus chuir sé in iúl go raibh an-imní air faoin dlí a bheith á chur ar Chodorkovskí.

Iad sin atá claonta le Vladimir Pútín, is maith leo a áitiú gur chum déantóirí na scannán Harry Potter Dobby in íomhá an uachtaráin Rúisigh d'aon turas.




#Article 73: Contae Mhaigh Eo (468 words)


Tá Maigh Eo nó Contae Mhaigh Eo ar chósta thiar na hÉireann. I gCúige Chonnacht atá sé. Ó Mhainistir Mhaigh Eo, nó Maigh Eo na Sacsan, i lár an chontae a thagann an t-ainm, agus is éard is ciall leis ná machaire nó maigh le crainn eo nó iúir. Is é Caisleán an Bharraigh an príomhbhaile atá ann.

Tá Cnoc Mhuire, ina ndeirtear gur thaispeán an Mhaighdean Muire í féin do leanaí, gar do theorann Chontae Ros Comáin, agus tá basilica anois ann, le busanna cuairteoirí ar a thriall chuile bhlian. Tógadh aerfort an aice lámha i mBaile Chathail, tar éis feachtais a reachtaigh an Moinsíneoir James Horan, ar a dtugtar Aerfort Chnoic Mhuire nó Aerfort Horan.
In iarthar an chontae atá Cruach Phádraig, sliabh ar a ndeirtear go rinne Naomh Pádraig troscadh ar feadh 40 lá agus 40 oíche.
Bhí beagán Gaeilge sa chontae i rith an chéid seo caite, ach tá lagar mór tagtha ar líon na nGaeilgeoirí inniu. Mar sin féin, tá trí cheantar ann atá ina nGaeltachtaí oifigiúla, is iad sin, Tuar Mhic Éadaigh (agus na bailte máguaird ar iar-chladach Loch Measca), an t-oirthear Oileán Acla (araon le hInis Bigil), agus an chuid is mó d'Iorras. Tá fíor-Ghaeltachtaí fágtha i nDún Chaocháin agus ar an bhFál Mór/Eachléim.

Tá an turasóireacht tábhachtach in iarthar agus i dtuaisceart an chontae. Tá iascach maith sna lochanna, ar nós Loch Measca, agus sna haibhneacha i gcontae Mhaigh Eo, mar go bhfuil an t-uisce glan, agus tá cáil idirnáisiúnta ar an Muaidhe dá bharr. Ní raibh mórán tionscail trom i Maigh Eo ar feadh na céadta blian.
Bhí an t-ainm ar Mhaigh Eo le fada ar bheith bocht, agus is fíor go raibh an-chuid imirce ó Mhaigh Eo go dtí blianta beaga anuas. Deirtí faoi, Muigh Eo, Dia 'ár sábháil. Tá an talamh garbh go maith in iarthar an chontae, agus théadh cuid mhaith spailpíní as Maigh Eo go feirmeacha torthúla sa chuid eile den tír, go Sasana agus go hAlbain.

Tá cruthú ó thochailt i Machairí Chéide go bhfuil daoine ag cur fúthu sa chuid seo den tír leis na mílte blian.
In aimsir Eilís I, ba fhoghlaí mara í Gráinne Uí Mháille nó Gráinne Mhaol a raibh eagla agus ómós ag Gael agus Gall di.

Tháinig an Ginearál Humbert i dtír i gCill Ala sa bhlian 1798, le cuidiú leis an éirí amach, agus d'éirigh go maith leo ar dtús. Tugtar Rásaí Chaisleáin an Bharraigh ar ar éacht seo. Ar ndóigh tháinig arm Shasana i gceannas ar an éirí amach ar deireadh.

Ag deireadh an 19ú haois, bhí Mícheál Dáibhéad as an tSráid sa chontae ina cheannaire ar Chonradh na Talún, agus bhí an-aighneas idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún, mar gheall ar an gcruatan a bhí ar na gnáthdhaoine i rith ghortaí agus ina ndiaidh.




#Article 74: Caisleán an Bharraigh (304 words)


Is é Caisleán an Bharraigh (i mBéarla, Castlebar) príomhbhaile Chontae Mhaigh Eo, agus é suite i lár an chontae. Tá daonra timpeall 10,000 ann. Tá abhainn bheag a shruthaíonn tríd an mbaile.

Leath an baile timpeall chaisleáin de Barra san 11ú haois, agus cuireadh garastún Sasanach ann níos déanaí. Leanann beairic míleata sa bhaile inniu féin. Ní hionadh, mar sin, go raibh coimhlint airm i lár stair an bhaile. Bhí an scrios ar gharastún Sasanach an bhaile i rith Éirí Amach 1798, le cuidiú fhórsaí Francacha faoin nGinearál Humbert, chomh trom sin gur tugadh Rásaí Chaisleáin an Bharraigh air. Fógraíodh Poblacht Chonnacht an-ghairid i ndiaidh an bhuaidh, agus ainmníodh úinéir talún áitiúil, John Moore, mar uachtarán air. Tá a chorp curtha i gcoirnéal de fhaiche an bhaile, ar a dtugtar an Mall, an áit a raibh na ceannairí eile don cheannairc crochta.

Tá gnó mór táirgeála ag Baxter International sa bhaile. 
Sna nóchaidí, cuireadh craobh de Institiúid Teicneolaíochta Ghaillimh agus Mhuigh Eo ar bun sa bhaile. Cuireadh go mór le hospidéal an chontae, Ospidéal Ginearálta Chaisleáin an Bharraigh, sna nóchaidí. Leis sin go léir, tá forbairt thar an ngnás ar an mbaile le deich mbliana anuas, agus tá Aldi na Gearmáine, Tesco, Dunnes Stores, agus siopaí móra Shasana agus na mór-roinne anois sa bhaile. 

I  2006 bhí 11,308 ann i Cailsléan an Bharraigh. Bhí 5,248 (46.4%) ábalta Gaeilge a labhairt. Ach labhair 238 (2.1%) Gaeilge go laethúil.

Cuireadh Craobh Saoil Tíre de Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann ar bun sa Túrloch ar imeall an bhaile go déanach sna 1990í.

Tá líne traenach as Baile Átha Cliath, a leanann ar aghaidh go Cathair na Mart, le líne eile go Béal an Átha. Tá Aerfort Chnoc Mhuire, ar a dtugtar Aerfort Idirnáisiúnta an Mhonsignor Horan freisin, lámh le Baile Chathail, tuairim is 30 km soir ón mbaile.




#Article 75: Sruth na Maoile (137 words)


Tugtar Sruth na Maoile (Béarla: North Channel nó Straits of Moyle) ar an fharraige idir Tuaisceart Éireann agus Albain. Tá an aistear an ghearr (12 míle ag áit amháin), agus bhí an-chumarsáid idir iarthar na hAlban agus tuaisceart agus iarthar na hÉireann i gcónaí.

Tá dhá phríomh-bhealach bád thar Sruth na Maoile; idir Bhéal Feirste agus An t-Srón Reamhar (An Rinn Ramhar), agus fosta idir Latharna agus Machair an Sgithich (Cairn Rian). I rith an tsamhraidh, gluaiseann bád idir Baile an Chaistil agus Ceann Loch Chille Chiaráin agus idir Béal Feirste agus Doolish (Dubh Lios, Oileán Mhanann) chomh maith.

Tá Bá Dearg ar fháil i lár den cósta Contae Aontroma. Agus sé mhíle ón cósta ag Latharna, tá Na Maighdeanacha ar fháil. Ní theann an bád ó Latharna go Machair an Sgithich ach timpeall trí míle uathu.




#Article 76: Uachtarán na Stát Aontaithe (127 words)


Is é Uachtarán na Stát Aontaithe an t-oifigeach polaitiúil agus feidhmeannach is airde i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Ceann Stáit agus ceannaire na bhfórsaí armtha, agus feidhmíonn sé mar cheannaire ar thrí chraobh an rialtais. Is iad an t-uachtarán agus foireann a oifige an Chumhacht Fheidhmitheach. Is í an Chomhdháil (Teach Ionadaithe agus an Seanad) an Chumhacht Reachtaíochta, agus is í an Chumhacht Bhreithiúnach an córas dlí.

Rinne an bunreacht Ardcheannasaí ar na fórsaí armtha den uachtarán. Is téarma oifige 4 mbliana atá i gceist agus ón bhliain 1951 i leith ní féidir le huachtarán níos mó ná 2 théarma a chaitheamh sa phost.

Is é Donald Trump an t-uachtarán reatha. Toghadh sa bhliain 2016 é agus chuaigh sé i mbun dualgais ar 20 Eanáir 2017.




#Article 77: An Fhraincis (4706 words)


Is teanga Rómánsach í an Fhraincis (français, fuaimniú [fʁɑ̃sɛ]) a áirítear ar theangacha móra an domhain. Tá sí ó dhúchas ag 76 milliún duine, chomh maith le tuairim is 280 milliún duine a d'fhoghlaim ar scoil í. Tá pobal suaithinseach Frainciseoirí le fáil i gceithre thír is caoga ar fud an domhain, ach is í an Fhrainc an tír is líonmhaire cainteoirí dúchais, agus is ansin a tháinig an teanga ar an bhfód i dtús báire. Thairis sin, tá go leor cainteoirí i Québec i gCeanada, sa Bheilg, agus san Eilvéis.

As an Laidin a d'eascair an Fhraincis, ar nós na Portaingéisise, na Spáinnise, na hIodáilise, na Catalóinise, na Rómáinise agus na dteangacha Rómánsacha eile. Deirtear gurbh fhéidir gur tháinig Laidin chomónta na Gaille faoi anáil na Gaillise, rud a d’fhágfadh lorg ar an bhFraincis féin. Tháinig a lán focal nua isteach san Fhraincis ón teanga Gearmáinice a bhí á labhairt ag na Frainc, dream a rinne ionradh ar an tír nuair a mheath cumhacht na hImpireachta Rómhánaí. 

Teanga oifigiúil í an Fhraincis in aon tír déag is fiche, agus iad ina mballstáit de chomhphobal na náisiún Fraincise, La Francophonie. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis sna Náisiúin Aontaithe agus ina lán eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Tá an Fhraincis á saothrú mar mheán scríbhneoireachta ag a lán scríbhneoirí agus fealsúna san Fhrainc féin agus i dtíortha eile, agus ní háibhéil a rá go bhfuil sí ar ceann de na teangacha is tábhachtaí ó thaobh na litríochta de. Bhí Jean Racine ar dhuine de dhrámadóirí móra an domhain sa tseachtú haois déag. Bhí Voltaire ar an gcéad fhealsamh mór de chuid na hEagnaíochta, agus chuidigh áitiú a leithéidí le réabhlóidí mhóra an 18ú haois - réabhlóid Mheiriceá agus réabhlóid na Fraince - a chur ar siúl. Duine de mhórfhealsúna na fichiú haoise ba ea Jean-Paul Sartre, fear a bheartaigh fealsúnachtl an eiseachais. Bhí an-tionchar ag Charles Baudelaire , Arthur Rimbaud agus Mallarmé i gcúrsaí filíochta sa 19ú haois, gan trácht ar phrós-scríbhneoirí móra na linne. Scríbhneoirí suntasacha iad an Francach Michel Déon agus an Ceanadach Jacques Godbout inniu. 

De réir Bhunreacht na Fraince is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil amháin i bPoblacht na Fraince ón mbliain 1992 i leith, ach, le fírinne, tá an stádas sin aici le fada an lá. Is gnách a rá gurbh é Reacht Villers-Cotterêts thiar sa bhliain 1539 a bhronn stádas oifigiúil ar an teanga an chéad lá riamh. Roimhe sin, ba í an Laidin an teanga ab airde stádas san Fhrainc.

Tá polasaithe oifigiúla i bhfeidhm ag an Stát leis an teanga dhúchais a chur chun cinn agus le bac a chur ar thionchar an Bhéarla trí théarmaí dúchasacha a sholáthar. Cuireann náisiúnachas oifigiúil na Fraince an-bhéim ar an teanga mar shiombail d'aontas na tíre, agus dá bhrí sin bíonn an scothaicme pholaitiúil, intleachtúil agus riaracháin doicheallach go leor roimh theangacha réigiúnacha na Fraince, ar nós na Briotáinise.

Teanga oifigiúil í an Fhraincis san Eilvéis. Tá sí ar an dara teanga is mó a labhraítear san Eilvéis, agus í ó dhúchas ag duine as cúigear.

Teanga oifigiúil í an Fhraincis sa Bheilg chomh maith. Tá sí ó dhúchas as 40 % de mhuintir na tíre, agus í foghlamtha go maith ag 60 % den chuid eile.

Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil i Monacó, cé go bhfuil teanga ag muintir na háite atá níos cosúla le canúint Liguria san Iodáil ná leis an bhFraincis.

Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil Andóra, ach is í an Fhrainc a sholáthraíonn an teagasc scoile i gcuid mhaith de scoileanna Andóra, de réir na gconarthaí idir an Fhrainc agus an Spáinn faoi dheighilt na cumhachta sa tír. An curaclam Francach agus an teanga Fhraincise atá i bhfeidhm sna scoileanna sin, rud a fhágann go bhfuil Fraincis go paiteanta ag cuid mhór de mhuintir Andóra.

Teangacha oifigiúla iad an Fhraincis agus an Iodáilis in éineacht i nGleann Aosta in aice le teorainn na Fraince. Labhraíonn cuid mhór de mhuintir an ghleanna Franca-Phrovansáilis (nó Arpitan, mar a thugann lucht a hathbheochana uirthi inniu), ach ós rud é go nglacann a lán leis an teanga seo mar chanúint Fraincise, is é dearcadh oifigiúil na hIodáile gurb í an Fhraincis chaighdeánach is fearr a fhreastalaíonn ar riachtanaisí cultúrtha na ndaoine seo.

Tá trí theanga oifigiúla i Lucsamburg, mar atá, an Lucsambuirgis, an Ghearmáinis agus an Fhraincis. Is í an Lucsambuirgis teanga dhúchasach na Lucsamburgach, agus is canúint de chuid na Gearmáinise í. Ós rud é go bhfuil an Ghearmáinis an-chóngarach di, cleachtar mar theanga chultúrtha í, ach is í an Fhraincis an t-aon teanga amháin a úsáidtear i gcúrsaí reachtaíochta. Ainmneacha Fraincise amháin atá ar na forais phoiblí. Is í an Ghearmáinis teanga na nuachtán ach is í an Lucsambuirgis caint na ndaoine.

Bhíodh canúintí áitiúla Fraincise á labhairt in Oileán Gheirsí agus in Oileán Gheansaí ach is fada ag géilleadh don Bhéarla iad. Tá na canúintí seo á saothrú ag lucht athbheochana, agus baintear úsáid áirithe astu mar theangacha liteartha. Maidir leis an bhFraincis chaighdeánaithe, tá cineál stádas oifigiúil aici i gcúrsaí riaracháin. Tá difríochtaí áirithe idir Fraincis chaighdeánach Gheirsí agus caighdeán na Fraince: tá cuid mhaith téarmaí dlí dá gcuid féin ag muintir an oileáin, rud a chuirfeadh i gcuimhne duit an dóigh a n-úsáidtear téarmaí dlí Albanacha i mBéarla caighdeánach na hAlban.

Ba í an Fhraincis an dara teanga iasachta is mó labhairt mar phríomhtheanga tí in Éirinn sa bhliain 2011. Ba í an phríomhtheanga ag 56,430 duine (1.2% do daonra na tíre). Ba í an ceathrú teanga is mó labhairt san iomlán. De réir suirbhé a dhein Eurobarometer sa bhliain 2006 dúirt 20% go raibh ar a gcumas comhrá a bheith acu as Fraincis.  

Teanga oifigiúil í an Fhraincis i gCeanada, agus is í an t-aon teanga oifigiúil amháin i Québec ón mbliain 1974 i leith. Tá sí ó dhúchas ag ceathrar as gach cúigear i Québec féin, agus tá canúintí dá gcuid féin ag New Brunswick, ag Ontario, ag Manitoba, ag Albain Nua agus ag Oileán Phrionsa Éadbhard. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i New Brunswick, in éineacht leis an mBéarla, agus an teanga ó dhúchas ag aon duine amháin as an triúr ansin. Maidir le hOntario, tá leathmhilliún Frainciseoirí ansin, cé nach bhfuil stádas oifigiúil ag an teanga sa stát. Tá sé mhilliún cainteoir dúchais ina gcónaí i Québec, agus breis is dhá chéad míle i New Brunswick.

Cé nach bhfuil stádas oifigiúil ag an teanga ach i dhá chúige i gCeanada, cuireann na húdaráis caol orthu seirbhísí a sholáthar sa teanga in aon áit ina bhfuil pobal substaintiúil Fraincise le fáil. Tugann an trí Chríoch Thuaidh i gCeanada, mar atá Yukon, Nunavut, agus Críocha an Iarthuaiscirt, aitheantas oifigiúil don Fhraincis freisin, toisc go bhfuil rialtas Cheanada féin dátheangach go hoifigiúil.

Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil amháin i Háití, cé nach labhraíonn ach an uasaicme í. Is í an teanga úd Kreyòl caint na sráide. Is fásteanga í atá bunaithe ar an bhFraincis.

Cé go bhfuil an Fhraincis ar an tríú teanga is mó a labhraítear sna Stáit Aontaithe, níl stádas oifigiúil ar bith aici ansin. Tá sí ar an dara teanga is mó i New Hampshire, Louisiana, Maine, agus Vermont. Dhá chineál Fraincis atá á labhairt i Louisiana - Créole agus Cajun. Fásteanga í an teanga Créole agus í tar éis cuid mhór de ghramadach na Fraincise caighdeánaí a chailleadh faoi bhrú an Bhéarla, na Spáinnise, na dteangacha bundúchasacha agus na dteangacha Afracánacha. Is iad na Gormaigh is mó a labhraíonn í.

An chuid is mó d'Fhrainciseoirí an domhain, tá cónaí orthu san Afraic. De réir na tuairisce a d'eisigh eagraíocht idirnáisiúnta na dtíortha Fraincise (Organisation Internationale de la Francophonie), tá 115 mhilliún duine san Afraic a bhfuil Fraincis acu, ó dhúchas nó ón scoil. Tá cónaí orthu in aon tír déag is fiche ar fud na hilchríche.

De ghnáth caithfidh na hAfracánaigh an Fhraincis a fhoghlaim ar scoil mar theanga iasachta. In áiteanna, áfach, is féidir teacht ar chainteoirí dúchais. Tá an Fhraincis á labhairt mar theanga dhúchais timpeall ar Abidjan sa Chósta Eabhair agus i Libreville sa Ghabúin. Ní féidir a rá go mbeadh aon leagan amháin den Fhraincis ann a dtabharfaí Fraincis na hAfraice air. Tá leaganacha éagsúla den teanga ann, agus iad go léir faoi anáil na dteangacha bundúchasacha áitiúla.

Bhí an Fhraincis ina teanga oifigiúil sa Liobáin, nuair a bhí an tír á rialú ag an bhFrainc de réir shainordú Chonradh na Náisiún. Sa bhliain 1941 bhain an Liobáin amach neamhspleáchas ar an bhFrainc, agus ansin, níor bronnadh stádas oifigiúil ach ar an Araibis. Ina dhiaidh sin is uile, tá ardmheas ag muintir na Liobáine ar an bhFraincis i gcónaí, agus iad á foghlaim is á saothrú go dúthrachtach. 

Baintear úsáid éigin as an bhFraincis sa Chambóid agus i Laos. Oidhreacht choilíneach is cúis leis, ar ndóigh. Labhraíonn cuid mhaith seandaoine i Vítneam í chomh maith, ó bhí sí á saothrú ag an scothaicme, ach rachadh sé rite leat teacht ar Fhrainciseoirí óga anois.

Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i bPondicherry san India, an t-aon áit amháin a choinnigh na Francaigh acu féin sa tír tar éis do na Sasanaigh teacht i dtreis. Tá lycée, nó meánscoil Fhrancach, ann fós. Is í an Tamailis an teanga is mó atá i réim ansin, áfach.

Tháinig an Laidin go dtí an Ghaill le léigiúin Iúil Caesar, a d'fhorghabh an tír sna 50idí RC. Go dtí sin bhí canúintí Ceilteacha á labhairt sa chuid ba mhó den tír, agus dealraíonn sé fosta go raibh cineál sean-Bhascaise (Acatáinis) le cloisteáil sa deisceart. Thréig na Gailligh a gcuid Ceiltise de réir a chéile, áfach, agus níor mhair ach dornán focal Ceilteach san Fhraincis. Is ainmneacha iad ar ghnéithe den tír, ar phlandaí agus ar rudaí a bhaineann le talmhaíocht agus le feirmeoireacht. Maidir leis an gcineál Laidine a d'fhoghlaim na Gailligh, áfach, níorbh í Laidin ardnósach na scothaicme í ach caint chomónta na saighdiúirí. 

B’fhéidir go bhfuil tionchar na Ceiltise le haithint ar ghramadach agus ar chomhréir na Fraincise. Is minic an cuspóir á chur in iúl i dtús abairte ar son na béime mar a dhéantar i nGaeilge le cúnamh an chopail: c'est lui qui parle = is eisean atá ag labhairt. Is ionann an modh comhairimh sa dá theanga: quatre-vingt = ceithre fichid, nó ceithre scór (ar ndóigh, chloisfeá ochtó i nGaeilge an lae inniu freisin). 
Nuair a tháinig meath ar impireacht na Róimhe, shealbhaigh na Frainc (treibh a raibh teanga Gearmáinice acu agus í cosúil leis na canúintí ba thús don Ollainnis agus don Ghearmáinis) an Ghaill, agus bhunaigh siad ríocht ansin faoi cheannas Chlóvais. D'fhág siad a n-ainm féin ar an teanga - français - agus rinne siad dearmad dá gcuid canúintí féin. Fuair an tSean-Fhraincis a lán focal ó chaint na bhFranc, leithéid téarmaíocht chogaidh (maréchal = marascal, cf. marskálkur na hÍoslainnise, marsk nó marskalk na Sualainnise, Marschall na Gearmáinise), ainmneacha na ndathanna (bleu gorm, cf. blue an Bhéarla, blau na Gearmáinise, blár na hÍoslainnise, blå na Sualainnise), agus a lán eile. Sampla eile is ea guerre (cogadh), arb ionann é agus war an Bhéarla (chuaigh sé in éag sna teangacha Gearmáinice eile, áfach - styrjöld a deirtear as Íoslainnis inniu, Krieg an focal Gearmáinise, oorlog a deir na hOllannaigh). Tá gaol idir choisir (togh, roghnaigh) agus choose an Bhéarla nó erkiesen na Gearmáinise.

Breacadh an Fhraincis, nó canúint a bhí gaolmhar léi, síos den chéad uair i móidí Strasbourg sa bhliain 842, nuair a tháinig Laoiseach Gearmánach, a bhí ag rialú na leithe thoir de Ríocht na bhFranc, agus Séarlas Maol, rí an Iarthair, le chéile i Strasbourg. Is minic a shíltear gurbh é sin an chéad chonradh síochána a shínigh an Ghearmáin agus an Fhrainc le chéile. Seo é an leagan Fraincise - más féidir Fraincis a thabhairt uirthi - den mhóid a mhionnaigh Laoiseach:

I ndiaidh na móide seo, thosaigh an tSean-Fhraincis ag fás agus ag forbairt de réir a chéile. Ba iad na chansons de geste a rinne teanga liteartha di: laoithe eipiciúla laochais a rinne cur síos ar eachtraí na gCrosáidí, mar shampla.

Glactar leis gur tháinig deireadh leis an tSean-Fhraincis sa tríú haois déag. Is gnách Meán-Fhraincis a thabhairt ar an gcéad chéim eile i stair na Fraincise. Ba í sin an teanga chaighdeánach ar bronnadh stádas oifigiúil uirthi nuair a d'achtaigh an Rí Proinsias a hAon an reacht atá ainmnithe as Villers-Cotterêts thiar sa bhliain 1539. I gceann aon bhliain déag foilsíodh an chéad ghraiméar caighdeánach, Tretté de la Grammaire française (Tráchtas faoi ghramadach na Fraincise). Louis Magret a scríobh é.

Sa seachtú haois déag, bhí an Fhraincis chaighdeánach chomh cosúil le teanga oilte an lae inniu agus go bhfuil cuid de na teangeolaithe sásta Nua-Fhraincis nó Fraincis Nua-aimseartha a thabhairt uirthi. Is féidir Fraincis Chlasaiceach a thabhairt uirthi freisin - an cineál Fraincise a bhí á shaothrú ag scríbhneoirí na seachtú is na hochtú haoise déag. Sa seachtú haois déag a bhunaigh an Cairdinéal Richelieu Acadamh na Fraincise leis an teanga a phleanáil. Bhí an Fhraincis á saothrú taobh amuigh den Fhrainc agus í ina gnáth-theanga ag uaisle na Gearmáine agus na Rúise. Gach aon duine a rinne staidéar ar stair na Gearmáinise chuala sé trácht ar an litir a scríobh Voltaire sa bhliain 1750, agus é ar cuairt i gcúirt ríoga na Prúise: San Fhrainc atá mé anseo. Tá gach duine ag labhairt ár dteanga féin, agus an Ghearmáinis fágtha ag na saighdiúirí agus ag na capaill.

D’fhódaigh an Fhraincis í féin san Oileán Úr fosta, i gcoilíneacht na Nua-Fhraince a bhí ann sna blianta 1663-1763. Is éard a bhí sa choilíneacht seo oirthear Cheanada (na cúigí a dtugtaí Canada agus Acadie orthu as Fraincis) agus an chuid de Stáit Aontaithe an lae inniu atá suite timpeall na lochanna móra agus cois Mississippi - Louisiane. Bhí na críocha seo i bhfad ní b'fhairsinge ná stát Louisiana inniu, agus cheannaigh na Stáit Aontaithe an chuid ba mhó acu ó Napoléon Bonaparte i dtús na naoú haoise déag. Ní dhearna an Fhrainc mórán míntíreachais ar chríocha Louisiana riamh, agus dá bhrí sin ní mhaireann an Fhraincis ansin ach in áiteanna. Tá an teanga i bhfad níos láidre i Quebec, agus sin é an fáth a bhfuil stádas oifigiúil aici i gCeanada inniu in éineacht leis an mBéarla.

Go dtí le déanaí bhí a lán teangacha agus canúintí áitiúla á labhairt ar fud na Fraince, agus ní raibh an teanga chaighdeánach ach ag dornán beag daoine: bhí Ocsatáinis ag muintir an deiscirt, Briotáinis (teanga Cheilteach) ag muintir na Briotáine, canúintí Gearmáinise san Alsáis in aice leis an teorainn thoir, agus cineál Pléimeannaise nó Ollainnise cois na teorann thuaidh. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach. Ó laethanta na Réabhlóide anuas bhí na húdaráis ag iarraidh na teangacha réigiúnacha a dhíothú, agus thosaigh meath ag teacht orthu de réir a chéile, go háirithe nuair a d'fhoghlaim na fir go léir an teanga náisiúnta san Arm. Ar dtús níor éirigh leis na polasaithe seo ach go measartha, ach inniu is í an Fhraincis chaighdeánach an teanga is mó a labhraítear sa tír, agus na canúintí agus na teangacha mionlaigh ag lagú go tiubh téirimeach. Tá an Bhriotáinis, abair, á labhairt ag leathmhilliún duine ó dhúchas i gcónaí, ach seandaoine iad an formhór mór acu. Is díol spéise í, áfach, an athbheochan atá ar siúl i mbailte móra agus i gcathracha an réigiúin, rud a chuirfeadh rath na Gaelscolaíochta i do cheann.

Níl an Fhraincis féin faoi ghradam mar a bhí. Tháinig an Béarla faoi réim sa domhan san fhichiú haois, ach ní mór a admháil gur trí Fhraincis a dhéantar an dul chun cinn is suntasaí i gcúrsaí ardintleachta fós (ní gá ach cuimhneamh ar fhealsúna ar nós Baudrillard). San Afraic tá sí láidir go leor i gcónaí, agus tá draíocht chultúrtha ag baint leis an bhFraincis go fiú sa Bhreatain agus i Meiriceá.

Leis an aibítir Laidineach a scríobhtar an Fhraincis. Úsáidtear comharthaí idirdhealaitheacha áirithe: an agúid nó accent aigu, atá cosúil le síneadh fada na Gaeilge (é), an ghraif nó accent grave, atá cosúil le síneadh fada Ghaeilge na hAlban (à, ù), an cuairín nó accent circonflexe (ê), an déiréis nó an t-idirphonc atá cosúil leis an umlabht (ë, ï), agus an straithín nó cédille a chrochtar den c (ç). Thairis sin, úsáidtear dhá nasclitir - an t-æ agus an t-œ. 

Tríd is tríd, tá ceartlitriú na Fraincise sách deacair ag an gcainteoir dúchais féin, nó tá sé bunaithe ar fhuaimniú na teanga mar a bhí sé na cianta cairbreacha ó sin. Nuair a caighdeánaíodh an litriú, is minic a tugadh isteach litreacha stairiúla nach raibh bunús ar bith acu i bhfuaimniú na teanga. Mar shampla, bhí an focal doigt (méar) á scríobh gan -g- i ré na Meán-Fhraincise, ach nuair a caighdeánaíodh an Nua-Fhraincis tugadh an -g- isteach arís, ós rud é gurb é an focal Laidine digitus is tús dó. Tá sé díreach cosúil leis an dóigh a scríobhtar debt (fiacha) sa Bhéarla inniu, cé nach bhfuil a dhath fágtha den b sin san fhuaimniú: fuair an Béarla an focal ar iasacht ón bhFraincis agus an b sin imithe le fada, ach nuair a cruthaíodh ceartlitriú nua-aimseartha an Bhéarla, tháinig an b ar ais, ó bhí a fhios ag ligeadóirí agus casadóirí an chaighdeáin gurbh é an focal Laidine debitum a bhí ann i dtús báire.

Ní síneadh fada í an agúid san Fhraincis. Úsáidtear an comhartha seo os cionn na litreach e le taispeáint go bhfuaimnítear mar [e] é. I dtús an fhocail, is guta próistéiteach é go minic. Is é is brí le guta próistéiteach ná guta a cuireadh roimh chonsan ar leith i dtús an fhocail - agus, sa chás seo, mhair an guta próistéiteach i ndiaidh don chonsan imeacht. Sampla den é- próistéiteach é an focal écouter éisteacht, cloisteáil. Escouter an fhoirm a bhí ann ar dtús, rud is féidir a aithint ar an mbriathar gaolmhar Spáinnise fosta - escuchar.

Má úsáidtear an ghraif os cionn na litreach e, ciallaíonn sé go bhfuil an guta seo níos cosúila le ä na Gearmáinise san fhuaimniú. An ghraif a chuirtear os cionn na ngutaí eile, níl ann go bunúsach ach idirdhealán le focail aon fhuaime a aithint thar a chéile, cf ou nó agus où cén áit, mar shampla.

Maidir leis an gcuairín, athraíonn sé fuaimniú an ghuta beagáinín freisin, ach de ghnáth, tugann sé le fios gur ligeadh -s- nó guta éigin ar lár: sûr 

Níl aon tuiseal gairmeach nó tabhartach sa Fhraincis ach an oiread: mar atá sa Bhéarla, níl aon difríocht ghramadúil idir abairt ina cuirtear glaoch ar dhuine (a Sheáin, cuir an bosca ar an mbord! = Jean, pose la boîte sur le table!) agus abairtí eile (Chuir Seán an bosca ar an mbord' = 'Jean a posé la boîte sur le table.')

Cosúil leis an nGaeilge, tá dhá inscne ghramadúil sa Fhraincis: baininscneacht agus firinscneacht. Baineann an inscne leis an alt ar nósanna difriúla ná mar a bhaineann sa Ghaeilge, áfach: cosúil leis an nGaeilge, tá baint idir an ainmfhocal agus an alt a thógann sé, ach cé go bhfuil ról don tuiseal leis an alt a shocrú sa Ghaeilge (deirtear 'an mhuc' (bain.), ach 'bia na muice'), níl a leithéid sa Fhraincis. Mar sin, tógann ainmfhocal uatha baininscneach an t-alt baininscneach ('la') i gcónaí, agus vice versa do na hainmfhocail fhirinscnigh ('le'). Tá freisin alt iolra, 'les, nach n-aithríonn de réir na hinscne.

Chomh maith leis an alt cinnte (mar atá sa Ghaeilge), tá freisin an t-alt éiginnte, nach bhfuil sa Ghaeilge ach atá sa Bhéarla (an focal 'a' san abairt 'I ate a horse'. Sa Fhraincis, is é an leagan baininscneach de seo 'une', agus is é an firinscneach ná 'un'. Tá freisin leagan iolra, nach bhfuil sa Bhéarla, ar 'des é. 

 

Nuair a bhíonn ainmfhocal uatha a thosaíonn le guta agus alt cinnte le chéile, bánn an t-alt agus an t-ainmfhocal le chéile: dá bhrí sin, an damhán alla = l'araignée = la + araignée.

Leis an iolra a thaispeáint, cuirtear i gcónaí beagnach s ag deireadh an ainmfhocail scriofa, ach ní fhuaimnítear é mura dtosaíonn an chéad focal eile le guta. Go hiondúil, is leor na hailt 'les' agus 'des' le taispeáint gur iolra atá ann nuair a bhítear ag caint.

Tá trí aimsir briathra simplí (déanta d'aon fhocal amháin) sa Fhraincis, chomh maith le cuid mhaith aimsirí coimpléascach (déanta de dhá fhocal nó níos mó). Tá freisin ceithre mhodh ar éagsúil go gramadúil iad. Liosta díobh seo a leanas:

Modh briathair nach bhfuil i láthair sa Ghaeilge é an infinideach (cé go bhfuil sé sa Bhéarla). Tá sé an-chosúil leis an ainm briathartha sa Ghaeilge: más mian 'is maith liom úlla a ithe' a rá as Fraincis, deirtear j'aime manger des pommes (nó, sa Bhéarla, I like to eat apples'). Go neamhchosúil le hainm briathartha na Gaeilge, is é an t-infinideach (agus ní an modh ordaitheach, 'ith') a úsáidtear mar bhun leis na briathra a chur ina bhfoirmeacha eile. Sa Fhraincis, críochnaíonn gach infinideach le ceann amháin de thrí dheireadh: -er, -ir, nó -re.

Úsáidtear an aimsir láithreach ar an nós céanna mar a úsáidtear an dá aimsir láithreach sa Ghaeilge: deirtear 'Je mange une pomme' in áit 'Ithim úll' agus freisin in áit 'Táim ag ithe úill. Tá trí phatrún réimnithe ag na briathra Fraincise − de réir cineál deiridh an infinidigh − agus leis an aimsir láithreach a chruthú, cuirtear an deireadh seo ar ceal agus cuirtear na deiridh eile seo thíos ina áit:

Mar shampla, is ionann parler agus labhairt. Le 'labhraím' a rá, deirtear 'je parle' − leis an deireadh -er curtha ar ceal, agus an deireadh nua e curtha ina áit.

Sa Fhraincis, déantar an aimsir chaite de dhá fhocal le chéile: briathar cúnta (.i. avoir nó être) agus an participe passé, nó an rangabháil chaite (m.sh. J'ai fait [= Dhein mé] nó Je suis allé [= Chuaigh mé]). Tá participe passé na Fraincise cosúil le haidiacht bhriathartha na Gaeilge (mar shampla, ite don bhriathar ith), agus ar ionann é le past participle an Bhéarla (mar shampla, eaten don bhriathar to eat). Amhlaidh, le 'd'ith mé' a rá as Fraincis, déarfaí 'j'ai mangé', go litriúil I have eaten' sa Bhéarla (je = I, ai = have, mangé = eaten). Go neamhchosúil leis an mBéarla, áfach, úsáidtear an fhoirm seo fiú nuair nach ndéarfaí é sa Bhéarla: amhlaidh, aistreofaí'D'ith mé ceapaire inné' mar 'Hier j'ai mangé un sandwich', cé nach féidir 'I have eaten a sandwich yesterday' a rá sa Bhéarla. Tá na foirmeacha éagsúla den aimsir seo sa tábla a leanas:

Uair arís, úsáidtear an aimsir ghnáthchaite sa Fhraincis go cosúil mar sa Ghaeilge. I ngach cás ina n-úsáidfí an ghnáthchaite sa Ghaeilge, úsáidtear í sa Fhraincis; amhlaidh deirtear 'Labhraínn le mo chuid bréagán nuair a bhí mé óg' 'Je parlais avec mes jouets quand j'étais jeune (ní an passé composé, 'j'ai parlé...', atá i gceist). Áfach, úsáidtear an fhoirm seo freisin leis an modh coinníollach Gaeilge a aistriú ag barr frásaí a thosaíos le 'dá' as Gaeilge:

Si je tombais, je mangerais une pomme.

Dá dtitinn, ithinn úll.

Sa Ghaeilge, is sa mhodh coinníollach atá 'titinn', ach sa Fhraincis, is sa ghnáthchaithe atá 'tombais'. Sa fhrása seo, tá 'ithinn' freisin sa mhodh coinníollach, ach san áit seo úsáidtear an coinníollach fosta sa Fhraincis. Is ionann é seo agus an chomhréir Béarla: 'If I fell, I would eat an apple' (ní If I would fall...').

Seo hiad a leanas foirmeacha na haimsire seo:

Is féidir aimsir fháistineach simplí na Fraincise a úsáid beagnach go hionann le haimsir fháistineach na Gaeilge. Seo hiad a réimnithe:

Tá le cur faoi dheara, don aimsir seo, nach bhfuil ort an deireadh -er, -ir nó -re a chur ar ceal roimh an deireadh nua a chur ar an mbriathar.

Is féidir freisin an aimsir ghar-fháistineach a úsáid, go ginearálta do rudaí atá chun tarlú le gairid. Tá sí cosúil leis an nGaeilge 'bheith chun rud a dhéanamh'; sa Fhraincis, úsáidtear an briathar 'aller' ('téigh'), amhlaidh déarfaí 'tá mé chun úll a ithe' 'je vais manger une pomme (go litríocht, 'téim úll a ithe').

Tá modh coinníollach sa Fhraincis, ach go hiondúil ní an fhoirm seo a úsáidtear le modh coinníollach na Gaeilge a aistriú. Úsáidtear an fhoirm seo le haghaidh an dara cuid d'fhrasa 'dá' a aistriú:

Si je tombais, je mangerais une pomme.

Dá dtitinn, ithinn úll.

Seo hiad a foirmeacha:

Uair arís, don mhodh seo níl ort an deireadh -er, -ir nó -re a chur ar ceal roimh an deireadh nua a chur ar an mbriathar.

Mar atá sa Ghaeilge, tá modh foshuiteach san Fhraincis. Úsáidtear é sna háiteanna céanna mar a úsáidtear é sa Ghaeilge (Go dté tú slán = Que tu ailles bien; Sula n-ithe tú an t-úll sin = Avant que tu manges cette pomme-là), ach úsáidtear é níos minice in áiteanna ina n-úsáidtear an modh coinníollach sa Ghaeilge: le haghaidh rudaí ar hipitéiseach iad:

Ba mhaith liom go rachfá ar scoile = J'aimerais que tu ailles a l'école

Tá mé faoi eagla go n-íosfadh úll mé = J'ai peur qu'une pomme me mange

Úsáidtear an modh foshuiteach in áiteanna fiú ina nach bhfuil sé coitianta an modh coinníollach a úsáid sa Ghaeilge:

Tá uaim duine atá (nó: a bheadh) cairdiúil agus cineálta = J'ai besoin de quelqu'un qui soit amical et gentil

Seo hiad a foirmeacha − tabhair faoi dheara go bhfuil a lán deireadh go céanna leis an aimsir láithreach nó leis an aimsir ghnáthchaite:

Tá freisin méid tábhachtach briathra neamhrialta - briathra nach leanas iomlán na rialta réimnithe seo thuas. Ar , tá 475 iontráil, cé go bhfuil na briathra -re, a meastar gur patrún rialta iad san alt Vicipéid seo, freisin ar an liosta. I bhfírinne, is féidir an chuid is mó de na briathra neamhrialta seo a ghrúpáil le chéile i ngrúpaí a leanas na rialta céanna; mar sin, ní hé go bhfuil ar an bhfoghlaimeoir na céadta briathra neamhrialta a fhoghlaim ceann amháin faoi cheann amháin.

Tá seacht gcineál forainm phearsanta sa Fhraincis (cé nach ró-dhian an sainmhíniú seo). Seo hiad a leanas na seacht gcineál seo:

Úsáidtear an forainm ainmneach le hainmní an bhriathair − an duine nó an rud atá ag déanamh ruda − a thaispeáint. Sa Fhraincis, tá focal ar leith ar son gach pearsa, le feiceáil sa tábla thuas. Tá an focal on le nótáil go háirithe; tá dhá bhrí aige: an chéad cheann ionann leis an mbriathar neamhphearsanta sa Ghaeilge − mar sin, is ionann on dit qu'il y a une pomme dans l'arbre agus deirtear go bhfuil úll sa chrann − agus an dara ceann ionann le nous, nó muid/-mid sa Ghaeilge − mar sin, on est en route agus tá muid faoi bhealach. Níl aon ainmfhocal cuspóireach a bheadh ar comhbhrí leis an ainmfhocal ainmneach on.

Más 'cuspóir díreach' atá san ainmfhocal − is é sin, rud a bhfuiltear á dhéanamh − úsáidtear foireann forainmneacha (le feiceáil sa tabla thuas) a thagann i ndiaidh an fhorainm, ach roimh an mbriathar. Is sampla de seo é tu me manges ('itheann tú mé) − tagann an focal me roimh an mbriathar manges.

Úsáidtear na cuspóirí neamhdhíreacha nuair a bhítear ag rá go bhfuil duine/rud ag déanamh ruda à duine/rud éigin − is réamhfhocal Fraincise é 'à' ar ciall dó do, le nó ar, go ginearálta, sa Ghaeilge. Mar shampla, má táthar ag rá tá an bhean ag tabhairt ceachtanna don rang, deirtear:

la femme donne des leçons à la classe

agus má táthar ag rá tá an bhean ag tabhairt ceachtanna dóibh, deirtear:

la femme leur donne des leçons

Ar an dóigh céanna leis na cuspóirí díreacha, aistríonn an forainm go háit roimh an mbriathar. Is ionann iad na foirmeacha díreacha agus neamhdhíreacha don chéad agus don dara pearsa; is ach amháin sa tríú pearsa a bhíonn difríochtaí eatarthu. Tá a bhfoirmeacha-sa féin freisin sa tábla thuas.

Má táthar ag úsáid forainm in éindí le réamhfhocal nach 'à' é, úsáidfear forainm neamhspleách. Tá a foirmeacha freisin sa tábla thuas: nuair atáthar ag úsáid na bhforainmneacha seo, coinnítear fós an réamhfhocal agus cuirtear an forainm ina dhiaidh (go hionann leis an mBéarla). Mar shampla:

tu vas avec moi = téann tú liom   (Béarla: you go with me)




#Article 78: Contae Shligigh (111 words)


Tá Contae Shligigh i gCúige Chonnacht in iarthar na hÉireann.

Tá teorainneacha le Co. Mhaigh Eo (san iarthar), le Co. Ros Comáin (sa deisceart) agus le Co. Liatroma (san oirthear) ag Contae Shligigh.

Tá traidisiún láidir ceoil thraidisiúnta i gContae Shligigh. Tá cáil ar dheisceart Shligigh, go háirithe, mar gheall ar an gceol traidisiúnta, le laochra ceoil mar James Morrison, Michael Coleman, Paddy Killoran an banna 'Dervish' agus an seinnteoir feadóige stáin Carmel Gunning beirthe san áit sin. Tá neart fleánna ag an gcontae agus tá Scoil Samhradh Idirnáisiúnta na Banríona Maedhbh, scoil ceoil is rince cáiliúil, a bhíonn ar siúl chuile bhliain i Mí Mheán Fómhair i gcathair Shligigh aitheanta.




#Article 79: Contae Ros Comáin (249 words)


I gCúige Chonnacht atá Contae Ros Comáin, agus é ainmnithe as Comán, a thóg mainistir san áit ina bhfuil baile Ros Comáin anois. Bhí na daoine go hainnis ann le linn an Drochshaoil (1845-1848), rud a léirítear i Músaem an Ghorta i dTeach Bhéal na mBuillí.

Is é an t-aon chontae amháin i gCúige Chonnacht é nach bhfuil béal na farraige isteach ann. Is díol spéise é Baile Átha Luain, áit atá suite ar bhruach na Sionnaine, sa mhéid go bhfuil sé le fáil i lár baill na tíre, agus é i gContae Ros Comáin agus i gContae na hIarmhí araon. Tá an contae ag críochtantacht le Contae na Gaillimhe, le Contae Mhuigh Eo, le Contae Shligigh agus le Contae Liatroma i gCúige Connacht, agus (lastall den tSionainn) le Contae Uíbh Fhailí, le Contae Iarmhí agus le Contae Longfoirt i gCúige Laighean. 

Tá baint ag an gcontae leis na scéalta is sine in Éirinn: níl aon sráidbhaile is gaire do Ráth Cruacháin, baile na Bainríona Méibhe agus ríthe Chonnacht, ná Tuilsce. Tá cuid den dúlra is ársa sa tír le fáil ar an dá oileán is tríocha i Loch Cé i Ros Comáin Thuaidh.
 
Sa chontae seo a rugadh Dubhghlas de hÍde (1860-1949), bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, agus an chéad Uachtarán ar Éirinn. Is beag Gaeilge a bhí á labhairt ann agus é ag fás suas ann, agus bhí air dul á lorg. Fear eile de chuid an chontae a thuill clú ba ea Percy French, cumadóir cáiliúil amhrán. 

 




#Article 80: Balla (280 words)


Tá Balla (Balla as Béarla) i lár chontae Mhaigh Eo, agus tá timpeall 1000 duine ina pharóiste. 

Tá fás ar an mbaile le blianta beaga anuas, mar go bhfuil go leor anois ag taisteal chuile lá go Caisleán an Bharraigh, nó fiú go Gaillimh le obair, agus cónaí ortha anseo.

Tá daoine áirithe anois ag tabhairt Balla Álainn ar an mbaile, ach tá dabht go bhfuil aon bhunús stairiúil leis an ainm sin, agus mar sin moltar Balla mar ainm i mBéarla agus i nGaeilge. Luann Raifteirí an baile ina amhrán Cill Aodáin ('S i mBalla taobh thíos de thosós me ag ól)

Tá talamh sách maith timpeall an bhaile. Tá bunscoil agus meánscoil ann, cé gur thug na siúracha Laoiseacha suas an mheánscoil mar gheall ar easpa nuíosaigh ag dul isteach san ord.

Bhunaigh Naomh Crónán Mochua  mainistir i mBalla is cosúil.  Cinnte bhí mainistir ar shuíomh an bhaile go luath i ré na Críostaíochta, agus tá clogtheach i bhfoirm túir gar do lár an bhaile. 

Is i mBalla a rugadh Michael Lally, duine de bhunaitheoirí an Chumainn Lúthchleas Gael ag deireadh an 19ú haois.

Tá gnó dáileadh bianna ag MacWalters i lár an bhaile, agus tá siopaí poitegéara, earraí bídh, agus troscán ann. Tá sé theach tábhairne ar an mbaile, agus eaglais Chaitliceach. 

Tá séipéal freisin i mBaile an Chorra, atá mar leath-pharóiste aige. 

Bhí stáisiún traenach sa bhaile go dtí na hochtóidí, ar an líne as Baile Átha Cliath go Béal an Átha agus go Cathair na Mart, ach tá sé tréigthe anois.

Tá cúrsa 18 bpoll gailf ag an gCumann Gailf. Tá cumann gnóthach peil Gaelach freisin ag Balla, a imríonn ina ndathanna marún agus bán.




#Article 81: Baile Átha Cliath (1462 words)


Is é Baile Átha Cliath () príomhchathair na hÉireann agus é ar an gcathair is mó sa tír freisin. Tá sé suite in oirthear na tíre, cois Life agus ar imeall Mhuir Éireann. Tá breis is 1.6 milliún duine ina gcónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus deirtear go dtiocfaidh borradh agus fás ar an daonra sa todhchaí. 

Dhá áit éagsúla b'iad Baile Átha Cliath agus Duibhlinn a bhí gearr do lár na cathrach mar atá go comhaimseartha. Tugtar Bleá Cliath mar ghiorrúchán ar Bhaile Átha Cliath scaití. Baintear úsáid as Duibhlinn féin go hannamh. Áth Cliath nó Áth na gCliath a tugadh ar an áit go traidisiúnta sna foinsí Gaelacha.

Príomhalt: Stair Bhaile Átha Cliath 

Deirtí gurbh iad na Lochlannaigh a bhunaigh an chathair sa bhliain 988, ach is suntasach gur dhá ainm Gaeilge atá uirthi, agus nach bhfuil aon ainm Lochlannach uirthi. Lean na Normannaigh ag cur leis an gcathair nuair a tháinig siadsan chuig an tír. Ina dhiaidh sin, leath an Pháil, an chuid den tír a bhí faoi smacht na nGall, as Baile Átha Cliath amach. 

Ach in ainneoin cháil ghallda na cathrach, tá go leor fianaise ann go raibh an Ghaeilge á labhairt go flúirseach sa chathair agus go raibh pobal dúchais Gaelach ann go dtí deireadh an 19ú haois ar a laghad, go háirithe i gceantar na Saoirsí. Bhí ciorcal liteartha Gaeilge cáiliúil le fáil ann a bhí bainteach le Seán Ó Neachtain agus a mhac Tadhg sa 17ú agus san 18ú haois agus ba mhór a chuir siad seo le leánn na Gaeilge san Ardchathair.

Sa bhliain 1916, b'i mBaile Átha Cliath a cuireadh an chuid ba mhó de na cathanna le linn Éirí Amach na Cásca, agus cé gur theip ar an Éirí Amach agus nach mórán tacaíochta a bhí aige ag an am, de réir a chéile d'fhás an cás náisiúnach go dtí gur troideadh Cogadh na Saoirse, agus gur síníodh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921. Sa chogadh sin, bhí baint mhór ag an gcathair leis an troid. Ba i mBaile Átha Cliath a bhí Micheál Ó Coileáin agus a Scuad bunaithe freisin. Sa Chogadh Cathartha ina dhiaidh, thosaigh an troid i mBaile Átha Cliath, sna Ceithre Chúirteanna. Rinneadh a lán díobhála sa chogadh sin ar fud na tíre agus i mBaile Átha Cliath. Ba é sin an dara huair a scriosadh an chathair. Ina dhiaidh sin, bhí Baile Átha Cliath ina phríomhchathair ar Shaorstát Éireann agus ar Phoblacht na hÉireann.

Is í Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath an t-údarás áitiúil sa chathair. Tá 52 baill sa chomhairle agus tarlaíonn toghcháin gach cúig bhliain. Is é an tArdmhéara ceannaire an Chomairle, duine a chónaíonn i dTeach an Ardmhéara (Mansion House as Béarla). Tarlaíonn cruinnithe an Chomhairle i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath ach tá na príomhoifigeanna suite ag An gCé Adhmaid. Is í Hazel Chu Ard-mhéara na cathrach.

Mar príomhchathair na hÉireann, cuimsíonn Baile Átha Cliath Oireachtas na hÉireann. Tá trí cuid den Oireachtas ann- Uachtarán na hÉireann, Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Cónaíonn an Úachtarán ag Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce agus cruinníonn an Dáil agus an Seanad i dTeach Laighean ar Sráid Chill Dara. Tá Párlaimint na hÉireann bunaithe san áit sin ó bhunadh Saorstát Éireann i 1922.

Le haghaidh toghcháin, deighltear Baile Átha Cliath go sé toghlach- Baile Átha Cliath Láir, Baile Átha Cliath Lár-Thuaisceart, Baile Átha Cliath Lár-Dheisceart, Baile Átha Cliath Iar-Thuaisceart, Baile Átha Cliath Oir-Dheisceart agus Baile Átha Cliath Oir-Thuaisceart. Roghnaítear 22 Teachtaí Dála in iomlán.

Roinntear an chathair ag Abhainn na Life i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath agus i iDeisceart Bhaile Átha Cliath.

Tá trí Ollscoil ann: 

Tá trí institiúid teicneolaíochta ann:

Tá Baile Átha Cliath suite ar achar de 115 ciliméadar cearnach ar bhéal na Life. Tá an chathair suite ag ceann an chuain mar a dtagann ísealchríocha láir na tíre le chéile leis an bhfarraige ag bun shléibhte Bhaile Átha Cliath-Chill Mhantáin. Tá Sléibhte Chill Mhantáin mar theorainn aici ó dheas, agus talamh feirme cothrom ó thuaidh agus ó thiar. Tá an chathair roinnte ina dhá leath - Tuaisceart Bhaile Átha Cliath agus Deisceart Bhaile Átha Cliath - ag an Life. Roinntear siadsan fosta ag dhá mhionabhainn eile - an Tulcha a shníonn siar ó thuaidh ó Chuan Bhaile Átha Cliath agus an Dothra a ritheann siar ó dheas ó bhéal na Life. Tá ceartlár na cathrach timpeallaithe ag an Chanáil Mhór ó thuaidh agus an Chanáil Ríoga ó dheas, agus iad ag imeacht siar i dtreo na Sionainne.

Aeráid fhionnuarmheasartha aigéanach a bhíonn i mBaile Átha Cliath: geimhrí cineálta agus samhraí fionnuara. Ní bhíonn teochtanna as cuimse ann. Ní thiteann móran báistí i mBaile Átha Cliath i gcomparáid le codanna eile den tír mar gheall ar a shuíomh (in oirthear na tíre, faoi scáth shléibhte Chill Mhantáin. Is í 8 °C (46.4 °F) an mheánteocht i mí Eanáir agus is í 20 °C (68 °F) an mheánteocht i mí Iúil. Is iad Bealtaine agus Meitheamh na míonna is grianmhara: meán de 6 uair an chloig de sholas na gréine in aghaidh an lae. Is í mí na Nollag an mhí is fliche le 76mm báistí agus is í mí Feabhra an mhí is tirime le 50mm báistí.

Is é Baile Átha Cliath an fócas de gréasán bóthair na hÉireann. Tá an mótarbhealach M50 ann chun ceangal a dhéanamh idir bóithre náisiúnta agus áiteanna eile na tíre. Ritheann an M50 timpeall na cathrach, sa deisceart, san iarthar agus sa tuaisceart. Freisin, ceanglaíonn sé Calafort Átha Cliath agus Aerfort Bhaile Átha Cliath le chéile.

Tá córas iompair iontach sa chathair. Oibríonn Bus Átha Cliath breis is 200 bealach ar fud na cathrach agus tá Bus Éireann bunaithe ag Busáras i lár na cathrach freisin. Taistlíonn busanna BÉ go gach cearn den tír, gach lá.

Is iad Stáisiún Heuston agus Stáisiún Uí Chonghaile na príomhstáisiúin sa Bhaile Átha Cliath. 

Is córas Tram é an Luas, a eagraíonn Veolia Transport. Tá dhá slí Luas ann i láthair na huaire. Téann an Líne Dhéarg ó Thamlacht nó Teach Sagart go Íosta na Rinne nó Conghaile. Téann an Líne Uaine ó Gleann Bhríde go Droichead Broome. Rinneadh síneadh don chóras i 2017 ó Fhaiche Stiabhna go dtí Droichead Broome. Cruthadh ceangal idir na dá líne anois ag Ó Conaill - GPO (ó thuaidh) is ag Maoil Bhríde (ó dheas) ar an Líne Uaine agus ag Sráid na Mainistreach ar an Líne Dhearg. 

Is i mBaile Átha Cliath atá an chuid is mó de ceanncheathrúna na n-eagraíochtaí spóirt suite. Tá Cumann Lúthchleas Gael lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh, staid mór 82,500 suíochán gar do Dhroim Conrach. Tá an pháirc ar an 3ú staid is mó san Eoraip, tar éis Nou Camp Bharcelona agus Wembley Shasana. Imrítear cluichí móra peile agus iománaíochta sa staid i rith an tsamhraidh agus ar Lá Fhéile Pádraig. 

Imríonn foirne iomána agus pheile Bhaile Átha Cliath an chuid is mó dá gcluichí baile sraithe agus craoibhe i bPáirc Parnell, fód dúchais CLG sa chontae i nDomhnach Cearna. 

Imríonn foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann agus foireann sacair Phoblacht na hÉireann sa Staidiam Aviva. 

Tá cúig chlub sacair as Áth Cliath atá páirteach sa League of Ireland. Tá Bohemians F.C. lonnaithe i mBaile Phib, áit ina bhfuil a pháirc bhaile Páirc Cnocán Uí Dhálaigh suite. Imríonn Shamrock Rovers a gcluichí baile sa Staid Thamhlachta in iardheisceart na cathrach. In Inse Chór atá St Patrick's Athletic F.C. lonnaithe, le ceannceathrú acu ag Páirc Richmond. Tá cumann de chuid an Choláiste Ollscoile chomh maith, agus cluichí baile á imirt acu i mBabhla na hollscoile. Imríonn Shelbourne i bPáirc an Tulcha i Droim Conrach.

Deirtear go bhfuil os cionn 1,000 teach tábhairne i mBaile Átha Cliath.

Tá stair fhada ag an turasóireacht sa chathair. Tagann an líon is mó turasóirí ó Mheiriceá agus ó Shasana agus cé gur laghdaigh na huimhreacha as Meiriceá tar éis [9/11], tá siad ag méadú arís de réir figiúir ó Fáilte Ireland. Tugtar baile na míle fáilte air. Tá na mílte eolairí le fáil ar an idirlín, mar shampla . Mar gheall ar an doineann sa Gheimhridh, tagann an chuid is mó de na turasóirí sa Samhradh agus le linn na bhféilte, mar shampla Lá 'le Pádraig.

Tá cineál ar leith Gaeilge á labhairt i mBaile Átha Cliath. Tá 31 gaelscoil agus 8 ngaelcholáiste sa chathair, agus 10,469 dalta ag freastal orthu. Tá trí stáisiún raidió á chraoladh trí mheán na Gaeilge ar fud na cathrach chomh maith, mar atá Raidió na Life, Raidió Rí-Rá agus Raidió na Gaeltachta. Tá príomhoifig Chonradh na Gaeilge lonnaithe ar Shráid Fhearchair i ndeisceart na cathrach.

Is í Gaeltacht na Mí an Ghaeltacht is giorra don chathair, agus í 55 ciliméadar (34 míle) siar ó thuaidh ón chathair.

Baile Átha Cliath nasctha le háiteanna seo a leanas:




#Article 82: Contae Chiarraí (123 words)


In iarthar Chúige Mumhan atá Ciarraí nó Contae Chiarraí. Tá dhá pháirc náisiúnta sa chontae. Tá Corrán Tuathail, an sliabh is mó in Éirinn, suite i gCiarraí. Bíonn an féile The Rose of Tralee ar siúl i Mí Lúnasa. Is iomaí féilte a bhíonn ar siúl ann i rith na bliana. 
Is é an dTrá Lí an príomhbhaile sa chontae.

Bhí 64,105 duine ábalta Gaoluinn a labhairt. Labhair 13,109 daoine teanga eile seachas Béarla nó Gaeilge. Ba í an Pholainnis an teanga ba chomónta de na teangacha seo agus 3,942 duine á labhairt gach lá.

Tá stair fhada agus rathúil ag Contae Chiarraí maidir le peil Ghaelach. Is í foireann idir-chontae Chiarraí an fhoireann is rathúla sa tír sa lá atá inniu ann.




#Article 83: Contae Phort Láirge (660 words)


I ndeisceart Chúige Mumhan atá Port Láirge nó Contae Phort Láirge. Is é Port Láirge an 21ú contae is mó in Éirinn, leis an 20ú daonra is mó. An contae is lú, leis an daonra is lú, i gCúige Mumhan atá ann. Is é an t-ainm Sean-Lochlainnise Veðrafjǫrðr nó Vedrarfjord bunús ainm Béarla an chontae, Waterford.

Ba Ghaeil iad na Déise a chuir fúthu sa cheantar. Deir na seanscéalta go raibh ar na Déíse teitheadh ón tuaisceart (nó ón mBreatain Bheag) agus gur ansin a tháinig an treibh seo chun an cheantair. Úsáidtear an téarma Déise fos sa lá atá inniu ann agus is barúntachtaí in iarthar an chontae iad Na Déise laistigh den Drom agus Na Déise lasmuigh den Drom. Deirtear go raibh an Chríostaíocht ann sular tháinig Pádraig Naofa go hÉirinn, mar gheall ar an obair a bhí déanta ag Naomh Deaglán na hAirde Móire. Is ionann seanchríoch na nDéise agus deoise Chaitliceach an lae inniu, Port Láirge agus Lios Mór. Tháinig na Lochlannaigh go dtí an ceantar timpeall na bliana 800. Bhunaigh siad bailte, ina measc Port Láirge, Vedrarfjord, sa bhliain 853. Sin mar a fuair Baile na nGall agus Heilbhic a n-ainmneacha chomh maith.

Tá dhá shliabhraon suite i gContae Phort Láirge, Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh agus Sléibhte an Chomaraigh. An áit is airde sa chontae ná Cnoc Mhaoldomhnaigh (794 méadar). Is iomaí abhainn atá ann freisin, ina measc an tríú habhainn is faide in Éirinn, an tSiúir (194 ciliméadar), agus an ceathrú habhainn is mo in Éirinn, an Abhainn Mhór (168 ciliméadar). Tá breis is 30 trá suite ar chósta bolcánach an chontae.

Tá naoi mbarúntacht i gContae Phort Láirge (an bharúntacht go léir nó cuid di). Seo iad na barúntachta, i mBéarla agus i nGaeilge.

Is í Port Láirge an chathair is tábhachtaí in oirdheisceart na tíre í, agus í ar an séú ceann is mó sa tír. B'iad na Lochlannaigh a bhunaigh í sa bhliain 914, agus mar sin, an chathair is sine in Éirinn atá ann.

Is é Túr Raghnaill i bPort Láirge an foirgneamh cathrach is sine in Éirinn, agus é ainmnithe as bunaitheoir na cathrach, Raghnall nó Rögnvaldur as Íoslainnis.

Sníonn an tSiúir tríd an gcathair, agus b'í an abhainn seo a chuir tús le stair fhada na cathrach i gcúrsaí na farraige. Tá cuan Phort Láirge ar cuanta tábhachtacha na tíre le corradh is míle bliain, agus bhí an longcheártaíocht an-tábhachtach mar shlí bheatha sa chathair sa 19ú haois. 

Sa bhliain 2006, bhí cónaí ar 49,240 duine sa chathair. Bhí 45,775 duine acu ina gcónaí laistigh de chríocha na cathrach féin, agus 3,465 lonnaithe sna bruachbhailte atá suite ar thaobh Chontae Chill Chainnigh.

Tá Gaeltacht na nDéise suite ar chósta Chontae Phort Láirge sé mhíle siar ó dheas ó bhaile Dhún Garbhán. Cuimsíonn sí dhá pharóiste, an Seanphobal agus paróiste na Rinne. Tá giota beag de pharóiste na hAirde Móire mar chuid di freisin.Is í Gaeltacht na nDéise an dara Gaeltacht oifigiúil is lú in Éirinn: clúdaíonn sí achar de 6,110 heicteár (23.59 míle cearnach). Tá traidisiún láidir Gaelainne, ceoil, amhránaíochta, ealaíona agus spóirt sa cheantar.

Tá an-suim ag muintir Chontae Phort Láirge san iomáint. Bhain foireann na sinsear Craobh na hÉireann sna blianta 1948 agus 1959, agus ghnóthaigh siad Craobh na Mumhan sna blianta 1938, 1948, 1957, 1959, 1963, 2002, 2004, 2007 agus 2010.

Níl an pheil chomh fairsing leis an iomáint sa chontae. Ghlac foireann an chontae páirt i gcluiche ceanais na hÉireann sa bhliain 1898 ach buaileadh iad i gcoinne Átha Cliath.

I measc na n-imreoirí cáiliúla a rugadh nó a tógadh sa chontae tá Jim Beglin, John O'Shea, Daryl Murphy, Stephen Hunt agus Noel Hunt.

Glacann Port Láirge Aontaithe, foireann atá lonnaithe i gcathair Phort Láirge, páirt sa chéad roinn i Sraith na hÉireann. Bunaíodh an cumannn mar Waterford Football Club sa bhliain 1930, agus is ansin a d'imir siad i Sraith na hÉireann den chéad uair. Athraíodh an t-ainm chuig Waterford United sa bhliain 1982.




#Article 84: Contae an Chabháin (163 words)


I ndeisceart Chúige Uladh atá An Cabhán nó Contae an Chabháin. Log' a chiallaíonn an focal 'Cabhán' agus tá an baile den ainm sin suite i ngleann beag i lár na gcnoc. Ba iad clann Uí Raghaillaigh a thóg caisleán anseo sa tríú haois déag agus riailigh siad oirthear an cheantair ar ar tugadh 'Breifne'. Bhunaigh na Proinsiasaigh mainistir sa Chabhán ag an am céanna ach níl fágtha de sin anois ach túr an chloig. Ba sa bhliain 1579 a leagadh amach teorannacha an chontae. Rinneadh ionad margaidh den bhaile sa chúigiú haois déag, agus bhí tábhacht leis mar ionad traenach faoi dheireadh an naoú haois déag. Ba ionad tábhachtach é do thionscal an línéadaigh chomh maith. 

Tá iarsmaí ón chlochaois i leith ar fud an chontae go háirithe sa iarthar mar a raibh cónaí ar dhaoine le breis agus cúig mhíle bliain. Tá a lán locha ann agus ba mhinic a chónaigh daoine ar oileáin shaorga ar a dtugtar crannóga. 

Féach freisin:     




#Article 85: Contae Dhún na nGall (582 words)


In iarthuaisceart Chúige Uladh atá Dún na nGall nó Contae Dhún na nGall, ceann de thrí chontae in Uladh nach bhfuil i dTuaisceart Éireann. Úsáidtear an t-ainm Tír Chonaill ar an gcontae chomh maith, cé nach hionann an dá áit go stairiúil, toisc nach nglacadh an téarma Tír Chonaill Inis Eoghain, leathinis mhór in oirthuaisceart an chontae, san áireamh.

Is é Leifear príomhbhaile an chontae, ach is í Leitir Ceanainn an baile is mó atá ann, agus daonra 19,274 aici de réir daonáirimh 2016. Is é Bun Cranncha an dara baile is mó sa chontae, agus is é Baile Dhún na nGall an baile as ar ainmníodh an contae. 

Is í Gaeltacht Dhún na nGall an ceann is mó in Éirinn ó thaobh líon na gcainteoirí dúchais.

De réir achair, tá sé ar an chontae is mó in Ultaibh agus an ceathrú contae is mó in Éirinn. Go sainiúil as contaetha Phoblacht na hÉireann, níl teorainn aige ach le contae amháin eile sa Phoblacht: Contae Liatroma. Tá an chuid is mó dá theorainn talún roinnte le trí chontae sa Tuaisceart: Contae Dhoire, Contae Thír Eoghain, agus Contae Fhear Manach. Tá baint mhór eacnamaíochta agus sóisialta idir Dhún na nGall agus Cathair Dhoire, atá suite thart ar 10 gciliméadar uaidh ar taobh eile na teorainne. Go deimhin, bhí an áit a ndéanfaí Cathair Dhoire aisti ina cuid de Chontae Dhún na nGall, go hoifigiúil, go dtí 1610, bliain ina gcruthaíodh Contae Dhoire as chodanna Chontae Dhún na nGall agus Chontae Chúl Raithin (mar a bhí ag an tráth sin) ar thaobh eile an Fheabhail.

Tá ocht mbarúntacht stairiúil sa chontae:

Tá cuid mhór cheantar neamhfhoirmiúil a aithnítear sa chontae chomh maith. In oirthear an chontae, tá Gleann na Finne, arb é Bealach Féich a phríomhbhaile, agus in aice leis ó thoir, tá an Lagan, atá láraithe ar bhaile Ráth Bhoth. Tá cuid mhór cheantar Gaeltacht grinn go háirithe: san Iarthar, tá Na Rosa, agus Gaoth Dobhair agus an Clochán Liath ar a phríomhbhailte; óna thuaidh sin tá Cloich Chionnaola, suite timpeall baile an Fhál Charrach. Óna dtoir siúd tá trí leathinis: Ros Goill, Fánaid, agus Inis Eoghain, agus an pointe is faide ó thuaidh ar oileáin na hÉireann (Cionn Mhálanna) ag an cheann deireanach díobh seo.

Tá an contae ar an cheann is sléibtí in Ultaibh, agus é foirmithe den chuid is mó de dhá shliabhraon beag: sléibhte Inis Eoghain san oir-thuaisceart, sléibhte Dhoire Bheatha san iar-thuaisceart, agus na Cruacha Gorma san iar-dheisceart. Is í an Earagail, i sléibhte Dhoire Bheatha, ná binn is áirde an chontae, agus 749m aici. Tá cósta an-bhearnach ag an chontae chomh maith ina bhfuil go leor lochanna mara, arb iad Loch Feabhail agus Loch Súilí na cinn is tábhachtaí díobh. Tá aillte Shliabh Liag ar na séú cinn is áirde san Eoraip, agus is é Cionn Mhálanna an pointe is faide ó thuaidh ar mhórthír Éireann.

Tá dhá oileán a bhfuil buandaonra acu: Oileán Árann Mór agus Oileán Thóraigh, chomh maith le líon mór oileán nach bhfuil ach lucht cónaithe neamhbhuan acu. Ritheann an dara n-abhainn is faide in Éireann, an Éirne, isteach i mBá Dhún na nGall i ngar le Béal Átha Seanaidh, agus dambaí uirthi a ghineas leictreachas. Ritheann abhainn na Feabhaile freisin le taobh de chuid thuaidh teorann talún an chontae, í á scaradh de Chontae Dhoire agus Contae Thír Eoghain.

Chuir an iris idirnáisiúnta National Geographic an contae ag barr liosta d'áiteanna 'cool' an domhain le cuairt a thabhairt orthu sa bhliain 2017




#Article 86: Contae Chill Chainnigh (543 words)


Tá Cill Chainnigh nó Contae Chill Chainnigh i gCúige Laighean in oirdheisceart na hÉireann. 

Tagann ainm an chontae ó Cill Chainnigh, cathair atá suite i lár an chontae ar dhá bhruach na Feoire. Creidtear go bhfuil an chathair ainmnithe as Ardeaglais Naomh Cainneach, a tógadh in ómós do Naomh Cainneach (515/516 - 600). 

Ba chuid de Ríocht Osraí é an contae, ríocht a bhí ann idir an 2ú haois agus an 13ú haois. Tugtar Osraí ar an deoise sa cheantar fós (Deoise Osraí). Ar theacht na Críostaíochta tógadh go leor mainistreacha sa chontae.

Is iad na trí thréith a bhaineann le Contae Chill Chainnigh talamh gan phortach, tine gan deatach, talamh gan chósta. Déantar tagairt anseo don easpa móna agus cladaí atá ar an gcontae agus do ghual crua Chaisleán an Chomair.

In oirdheisceart Chúige Laighean atá Contae Chill Chainnigh suite, agus é ag críochantacht le Contae Laoise, le Contae Cheatharlach, le Contae Loch Garman, le Contae Phort Láirge agus le Contae Thiobraid Árann.

Is éard atá sa chontae Cathair Chill Chainnigh, baile contae, agus roinnt bailte móra eile: Béal Átha Ragad, Callainn, Caisleán an Chomair agus Gráig na Manach thuaidh, agus Móin Choinn agus Baile Mhic Andáin theas.

Tá dhá abhainn mhóra sa chontae, an Fheoir agus an tSiúir. Tá an Fheoir ag gabháil trí Bhéal Átha Ragad, trí chathair Chill Chainnigh agus trí na sráidbhailte Droichead Binéid, Baile Mhic Andáin agus Inis Tíog. Tá an tSiúir ina teorainn idir Contae Phort Láirge agus Contae Chill Chainnigh.

Is é Cnoc Bhréanail an pointe is airde sa chontae agus é 515m nó 1,690 troigh ar airde. 

 

De déir dhaonáireamh na bliana 2006, bhí 87,558 duine i gContae Chill Chainnigh, agus Gaeilge ag 35,669 acu. Bhí 39,809 duine ag obair ann, agus i mí na Lúnasa 2008 bhí 4,133 duine ar an mbeochlár. Sa bhliain 2007 rugadh 1,251 duine agus fuair 546 duine bás. 

Is é an Caitliceachas príomhchreideamh an chontae, ach tá baill d'Eaglais na hÉireann, Preispitéirigh, Meitidistigh agus Giúdaigh ann chomh maith.

Tá seirbhís iarnróid ó Bhaile Átha Cliath go Port Láirge agus í ag gabháil trí Stáisiún Mhic Donncha i gcathair Chill Chainnigh agus trí Stáisiún Bhaile Mhic Andáin. Tá Stáisiún Phort Láirge le fáil taobh istigh den chontae chomh maith.

Tá seirbhísí ag Bus Éireann ar fud an chontae.

Tá Aerfort Chill Chainnigh míle go leith siar ó chathair Chill Chainnigh. Tá sé aerárthach agus dhá fhaoileoir ann.

'Na Cait' a thugtar ar fhoireann iománaíochta an chontae agus bíonn an-rath orthu. Bhuaigh siad í ar Phort Láirge i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 2008 agus san iomlán rug siad an chraobh leo uair amháin is tríocha. Imrítear na cluichí is mó i bPáirc Uí Nualláin i lár na cathrach.

Tá ráschúrsa Pháirc Ghabhráin in aice le Gabhrán. Sa bhliain 1914 a bhí na chéad rásaí ann, agus inniu bíonn sé chruinniú dhéag ann in aghaidh na blaina. Ar na rásaí is mó tá an Thyestes Chase (Grand National an Deiscirt), ceann de na léimrásaí is iomráití in Éirinn. An capall cáiliúil Arkle a bhuaigh é sa bhliain 1964, agus bhí rath ar Hedgehunter agus Numbersixvalverde - beirt a bhuaigh an Aintree Grand National chomh maith. 

Bíonn an fhéile ghrinn Cat Laughs ar siúl i gCill Chainnigh gach bliain.




#Article 87: Contae an Longfoirt (144 words)


Tá An Longfort nó Contae an Longfoirt i lár na hÉireann, i gCúige Laighean. Cruthaíodh an contae sa bhliain 1564. Tá an chuid is mó de in abhanntracht na Sionainne agus cuid eile de in abhanntracht na hÉirne. Portaigh, locha, páirceanna féir agus riasca is mó atá sa talamh. Tá iarsmaí ón chlochaois le fáil in aice bhaile Ghránaird agus is iomaí iarsma atá sa chontae de mhainistreacha luathChríostaí. D'fhág na Normannaigh a lorg ar an áit chomh maith. Bronnadh na tailte ar chlann de Lacy, ach ní raibh siad ábalta an áit a ghabháil go buan agus ba í clann Uí Fhearghail a bhí i gceannas go ceann na gcéadta bliain. Bunaíodh an príomhbhaile, An Longfort timpeall 1400, agus ba ann a bhí ionad cumhachta Uí Fhearghail. Is ann atá lárionaid riaracháin an chontae faoi láthair. Timpeall seacht míle duine a chónaíonn ann. 




#Article 88: Contae Chill Dara (301 words)


Is contae í Cill Dara nó Contae Chill Dara atá suite in oirthear na hÉireann, i gCúige Laighean, ar an taobh thiar theas de Bhaile Átha Cliatha.
D'fhás daonra oirthir an chontae sna blianta beaga anuas; mhéadaigh an méid tí sna Solláin (bruachbhaile de chuid Nás na Rí) faoi sé ó lár na 90í.
Tá teorainneacha ag an gcontae le Ceatharlach, Laois, An Mhí, Uíbh Fhailí, Cill Mhantáin agus Contae Átha Cliath.

Is í Comhairle Chontae Chill Dara an t-údarás áitiúil.

Bhunaigh Naomh Eimhín a mhainistir sa 6ú haois i Mainistir Eimhín. Is é baile Chill Dara an baile is sine agus is stairiúla sa chontae. Rinneadh sír den chontae sa bhliain 1297 agus tá teorainneacha nua-aimseartha Chontae Chill Dara ann ón bhliain 1832 i leith.

Ba chuid den Pháil é an contae tráth, agus na nGearaltaigh suite ann le tamall fada.

Tá monarcha ollmhór ag an gcomhlacht Intel i Léim an Bhradáin. Bíonn cáil ar an Droichead Nua as ucht na siopaí atá ann.

Is é Nás na Rí príomhbhaile an chontae agus is ann atá Comhairle Chontae Chill Dara. 

Tugtar an leasainm na Lilywhites ar fhoireann CLG Chill Dara. Is tagairt í seo don dath bán a chaitheann na foirne agus atá ar bhrat an chontae.

Tá clú agus cáil ar an gcontae mar gheall ar na capaill d'ardchaighdeán a thagann óna graífheirmeacha. Bíonn féilte rásanna ar súil sa chontae gach bliain. Tá Graí Náisiúnta na hÉireann lonnaithe sa chontae freisin.

Tá 3 ráschúrsa i gContae Chill Dara

Is i Maigh Nuad atá ionad oideachais an chontae. Tá Ollscoil na hEireann Má Nuad agus Coláiste Naomh Phádraig, Maigh Nuad inti.
Tá scoileanna triú leibhéal sa chontae: 

Contae Chill Dara nasctha le háiteanna seo a leanas:

Tá siad an dá bailte mórlárionaid tionscal na gcapall folaíochta ina dtíortha faoi seach.




#Article 89: Contae na Mí (352 words)


Tá An Mhí nó Contae na Mí, i gCúige Laighean, Poblacht na hÉireann. Achar 2342 km². 162,621 an daonra a bhí ann de réir Daonáireamh 2006. Fadó bhí cúige den ainm seo ann 'Míde' a chiallaíonn an lár, agus ba ann de réir traidisiún a bhí ceanncheathrú Ard-Rí na hÉireann, i dTeamhair na Rí. Tá cuid de na láithreacha seandálaíochta is tábhachtaí agus is cáiliúla in Éirinn ar bhruach Abhainn na Bóinne. Is ann atá Sí an Bhrú, ionad oidhreachta domhanda. Tá talamh an-mhaith sa chontae agus rath ar fheirmeoirí na háite dá réir, agus ar na bailte margaidh a fhreastalaíonn orthu. Níl ach 26 ciliméadar de chósta ag Contae na Mí, ach tá cúpla trá ann ar nós Baile an Bhiataigh agus an Inse . 

Is i gContae na Mí atá Gaeltacht Ráth Chairn agus Gaeltacht Bhaile Ghib, lonnaíochtaí a cuireadh ar bun timpeall seachtó bliain ó shin le saol daoine in iarthar na hÉireann a fheabhsú. Tugadh isteach feirmeoirí beaga, as Conamara don chuid is mó, agus tugadh talamh dóibh in áit nach raibh Gaeltacht leis na céadta bliain.

Tá Stair na Mí, mar an gcéanna agus sean stair na hÉireann. Tá tuama na sean ríthe fós le feiceáil ar Bhrú na Bóinne, tuamaí a bhfuil níos sine ná na pirimidí san Éigipt. Tá stair abhainn na Bóinne freisin tábhachtach ó thaobh stair na tíre, ó Fionn Mac Cumhail, go Cath na Bóinne. Ba shuíocháin í do Ard-Rí na hÉireann é an Teamhair, agus bhí cónaí ar Naomh Pádraig san áit ar feadh tamaill. Chomh maith le sin troid Paidí Ó Donaghue as Cill Dhéagláin in Éirí Amach 1798, agus Tomás Ághas san áit céanna in Éirí Amach na Cásca.

Tá Contae na Mí lonnaithe ar chósta oirthir na hÉireann i gcúigiú Laighean. Tá teorann aige le Muir Éireann agus Contae Bhaile Átha Cliath san oirthear, le contaetha Lú, Muineachán agus an Cabhán sa tuaisceart, le Contae na hIarmhí san iarthar, agus le contaetha Uíbh Fhailí agus Cill Dara sa deisceart.

Is í an Bhóinn an phríomhabhainn sa chontae, agus ritheann sí trí Bhaile Átha Troim agus bhaile na hUaimhe.




#Article 90: Contae Bhaile Átha Cliath (178 words)


Tá Áth Cliath nó Contae Átha Cliath  i gCúige Laighean in oirthear na hÉireann. Is é Baile Átha Cliath nó Duibhlinn (Béarla: Dublin) príomhchathair na hÉireann, agus an chathair is mó sa chontae. Is dhá chathair mhóra eile sa chontae iad Dún Laoghaire agus Tamhlacht. 

De réir Daonáireamh na hÉireann 2016, bhí daonra 1,345,402 ag Contae Átha Cliath, a bhfuil 28.25% as daonra náisiúnta iomlán i bPoblacht na hÉireann. Méadú 9.5% ar thorthaí 2002 a bhí ann. Ba é 1,218/km² an tiús daonra a bhí ann. Ba 553,165 an daonra i mBaile Átha Cliath i 2016.

Maidir le torthaí daonáireamh 2006 ba é 35.6 bliain an aois airmheánach in 2006 agus 62% den daonra idir 20-64 bliain d'aois. Bhí an imirce ghlan chuig an chontae 48,000 idir 2002 agus 2006 agus an ráta nádúrtha breisiúcháin ná 33,000. 

Tá 10,469 daltaí scoile ag freastal ar na 31 Gaelscoileanna agus ar na 8 Gaelcholáistí sa chontae. Is féidir freisin go bhfuil breis is 10,000 cainteoirí Gaeilge as na Gaeltachtaí ar fad ag obair agus ag maireachtáil i mBaile Átha Cliath




#Article 91: Contae Ard Mhacha (231 words)


Is é Ard Mhacha nó Contae Ard Mhacha (Armagh as Béarla) é an contae is lú ó thaobh achair de i dTuaisceart Éireann. Tá sé suite i ndeisceart Chúige Uladh. Bhí cónaí ar Ríthe Chúige Uladh in Eamhan Macha, áit a raibh daingean ón 700 RC, agus de réir na nginealach ba í Macha Mongrua, a fuair bás i 667 RC, a thóg dún ann in aice le cathair Ard Mhacha fadó, agus is minic logainmneacha an cheantair luaite sa Rúraíocht. Ba in Ard Mhacha a thóg Naomh Pádraig a chéad eaglais cloiche in AD 444 agus tá ardeaglaisí ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus ag Eaglais na hÉireann sa chathair faoi láthair. Tá Brian Bóirmhe (Ború), a bhí ina Ard-Rí ar Éirinn go dtí 1014, curtha in Ard Mhacha

Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. 
Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. 
Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.

Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúrí Briotanacha bás ann i rith na dTrioblóidí.




#Article 92: Contae Thír Eoghain (409 words)


Is í Contae Thír Eoghain an contae is mó i dTuaisceart Éireann agus atá suite i lár chúige Uladh. Achar: 3,155 km² (1,218 mílte cearnacha).

Tá teorainneacha ag an chontae le cúig chontae eile; Doire sa tuaisceart, Ard Mhacha san oirdheisceart, Muineachán sa deisceart, Fear Manach san iardheisceart, agus Dún na nGall san iarthuaisceart. Ar a bharr sin, tá teorainn ag Tír Eoghain le hAontroim i lár Loch nEathach san oirthear.

Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus na Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha (388 km²/150 mílte cearnacha) an phríomhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an Shruthail, na príomhaibhneacha in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.

 

Roinntear Tír Eoghain i gceithre Chomhairí Ceantair:

Ní leanann teorainneacha na comhairlí ceantair teorainneacha an chontae go hiomlán, áfach. Tá roinnt de Chontae Dhoire i gComhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh, roinnt d'Ard Mhacha i gComhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Thír Eoghain Theas, agus tá roinnt de Thír Eoghain i gComhairle Ceantair Fhear Manach.
Is í Tír Eoghain an chontae is náisiúnaí i dTuaisceart Éireann; toghadh 47 gcomhairleoir náisiúnacha sna ceithre chomhairle le chéile sa toghchán sa bhliain 2005, i gcomparáid le 26 chomhairleoir aontachtacha agus beirt chomhairleoirí neamhspleácha. I dtoghchán don pharlaimint Westminster agus Tionól Thuaisceart Éireann, roinntear Tír Eoghain i dtrí thoghlach; Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, Iarthar Thír Eoghain, agus Meán-Uladh. Toghadh iarrthóirí Sinn Féin sna trí thoghlach seo sna toghcháin Westminster sna blianta 2001 agus 2005; Martin McGuinness i Meán-Uladh, Michelle Gildernew i bhFear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, agus Pat Doherty in Iarthar Thír Eoghain. Sa toghchán do Thionól Thuaisceart Éireann i 2007, toghadh na hiarrthóirí a leanas;

Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain:

Iarthar Thír Eoghain:

Meán-Uladh:




#Article 93: Contae Aontroma (815 words)


Tá Contae Aontroma (Béarla: County Antrim) suite i gCúige Uladh, ar chósta thoir thuaidh Loch nEathach, agus tá achar de 2,844 km² aige. Cónaíonn thart ar 616,000 daoine ann, rud a chiallaíonn go bhfuil an daonra is mó i dTuaisceart Éireann mar aon leis an darna ceann is mó in Éirinn aige. Tá sé mar pháirt de chúige Uladh.

Meallann Glinntí Aondroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirtse, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae agus tá an chuid eile dí i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chondae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.

Tá naisc mhaithe le fáil i gContae Aontroma le dul ar mhuir, ar iarnróid, nó ag eitilt.

Is é Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste an t-aerfort is gnóthaí i dtuaisceart Éireann agus tá sé lonnaithe in Aldergrove i ndeisceart an chontae, áit atá roinnte idir údaráis an aerfoirt agus an Fórsa Aeir Ríoga. Is é an t-aerfort réigiúnach is mó i leith lastais aeir sa RA. Bíonn seirbhísí rialta ann go dtí An Bhreatain Mhór, mór-roinn na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh.

Bíonn seribhísí aeir le fáil chomh maith ó Aerfort Chathair Bhéal Feirste George Best atá suite míle soir ó lár chathair Bhéal Feirste ar thaobh Chondae an Dúin den chathair, aerfort a athainmníodh i 2006 in ómós don imreoir sacair George Best.

Amharc fosta ar Chatagóir:Stáisiúin iarnróid i gContae Aontroma

Is iad na bealaí Iarnróid Thuaisceart Éireann de chuid Translink na príomhlínte idir Béal Feirste, Aontroim, an Baile Meánach, Cúil Raithin, Port Rois, Doire, Carraig Fhearghais is Latharna.

Tá dhá longphort de chuid na gcinn is tábhachtaí dá bhfuil i dtuaisceart Éireann le fáil sa chondae, .i. Latharna agus Béal Feirste.

Téid báid farantóireachta ó chalaphort Latharna, áit ónar féidir taisteal go Cairn Riain agus An Srón (An t-Sròn) in Albainmar aon le Fleetwood i Sasana. Bhíodh seirbhís ó Bhéal Feirste go dtí an Srón Ramhar (An t-Sròn Reamhar) go dtí 2010.

Is é Calaphort Bhéal Feirste príomhgheata mara Thuaisceart Éireann, agus tá sé ag iarraidh níos tábhachtaí fosta do gheilleagar Phoblacht na hÉireann de réir a théid na blianta ar aghaidh chomh maith. Is lárionad tionscadail agus gnó é agus fá'n am seo tá sé mar fhócas do ghníomhaireacht na lóistíochta sa réigiún. Is fríd an chalafort a théid dhá thríú de thrádáil mhara an Tuaiscirt agus ceathrú cuid de thrádáil an oileáin ina iomláine. Glacann sé tuairim is 6,000 long in aghaidh na bliana.

Cónaíonn 616,384 duine sa chontae de réir an eolais ó dhaonáireamh na bliana 2001 de chuid na Ríochta Aontaithe. Is é an condae is mó i gcúige Uladh agus an dara chontae is mó in Éirinn ó taobh líonn na n-áitritheoirí de.

Bhí cumas de shaghas éigeain ar an nGaeilge ag 8.4% do daonra chontae Aontroma. Sa scoilbhliain 2010-2011, bhí 1,260 daltaí ag fhreastal ar an dá ghaelscoileanna dhéag i gcontae Aontroma. Bhí 553 daltaí ag fhreastal ar an ghaelcholáiste i gcontae Aontroma.

Fosta, condae den dá chontae atá fágtha in Éirinn atá ann ina bhfuil bunús na ndaoine protastúnach (is é Condae an Dúin é an condae eile). Is é an Preisbitíreachas an claonadh creidimh is mó sa chondae. Leanann an Caitliceachas Rómánach sa darna áit, agus ina dhiaidh sin, Eaglais na hÉireann. Is é an t-aon chontae in Éirinn ina bhfuil sainchreideamh seachas an Caitliceachas mar sainchreideamh príomha. Is mar gheall ar nascanna láidre le hAlbain é an tionchar ón Phreisbitíreachas.

An baile condae traidisiúnta ná Aondroim fhéin. Níos deireannaí, rinneadh An Baile Meánach mar bhaile chondae agus mar shuí rialtais áitiúla. I 1973 stadadh condaetha Thuaisceart Éireann a bheith ina haonáin riaracháin go hoifigiúil, bliain i ndiaidh teipeadh rialtais tuaisceartaigh i Stoirmhonadh (nó Cnoc an Anfa mar a thugtar air fosta), le hathamharc a dhéanamh ar cúrsaí riaracháin áitiúla.
Gídh go maireann na condaetha beo go cultúrtha, i gcúrsaí reatha, agus I dtaca le cúrsaí dlí, chanfhuil siad ann daofa a thuilleadh maidir le cúrsaí riaracháin. Ina leabaidh sin, tá an réigiún roinnte eadar 26 cheantar. Tá na ceantair seo a leanas le fáil go hiomlán laistigh de limistéir an chondae:

Tá codanna de na ceantair seo a leanas le fáil taobh istigh den chondae:

Tá na toghcheantair seo a leanas suite go hiomlán taobh istigh de theorainneacha an chondae:

Tá codanna de na toghcheantair seo a leanas laistigh den chondae




#Article 94: Loch Coirib (118 words)


Tá Loch Coirib (nó An Choirib) ar cheann de mhór-locha na hÉireann, agus é suite in iarthar na tíre. Tá iascaireacht bhreá ar an loch agus san abhainn (Abhainn na Gaillimhe) ghairid a cheanglaíonn an loch le cathair na Gaillimhe agus Cuan na Gaillimhe. Is iondúil báid aeraíochta ar an loch freisin i rith an tsamhradh. 

Bhíodh an t-ainm Loch (n)Oirbsen ar an loch sa sean-am, de réir leabhair Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, ó 1684, agus is as sin a tháinig an ainm Loch Coirib, ó bhrú na litreacha le chéile. Ba ainm a bhí ar Mhanannán mac Lír é Oirbse nó Oirbsiu. Ní úsáidtear an ainm Loch Oirbsen anois i nGaeilge ná i mBéarla le tagairt don loch.




#Article 95: Iompar (616 words)


Tá córais iompair againn ó bhain an chéad duine feidhm as crann snámha nó ó d'iompair an chéad bhean a leanbh.

Tá trí phríomh-mhodh iompair ann, cuma más daoine nó rudaí atá i gceist: iompar ar uisce, iompar ar thalamh agus iompar san aer.

Ba iad na báid an gnáthbhealach iompair ar uisce riamh, agus iad i bhfad níos áisiúla ná aon rud eile i dtír a raibh a lán lochanna agus aibhneacha. Mar seo a bhí daoine agus earraí á n-iompar i gcuid mhór den domhan le fada an lá, go háirithe in Éirinn sular leagadh formhór na gcoillte. Tá an-tábhacht leis an bhfarraige fós i gcúrsaí uisce, mar atá i gcónaí le haibhneacha móra an domhain, cé gur baol dóibh siúd an ganntanas uisce a leanfaidh téamh na haeráide. Ba mhór an áis na haibhneacha i dtús Ré na Tionsclaíochta, nuair nach raibh bóithre iarainn ann ná bóithre maithe d’aon sórt eile go minic.

Ar feadh na n-aoiseanna cumadh an iliomad soitheach, idir bháid agus longa, chun imeacht ar bharr an uisce, agus chomh luath leis na 17ú haois bhí triail á baint as dul faoi uisce. Cumadh na chéad fhomhuireáin chearta sa 19ú haois, agus ba é an Gael-Meiriceánach John Phillip Holland, cainteoir dúchais Gaeilge, a bhí ar tosach sna gnóthaí sin. Is le cabhlaigh agus taiscéalaithe formhór na bhfomhuireán atá anois ann.

Murach áiseanna iompair ní bheadh tráchtáil ná rialtas ann. Go fiú in aois an Idirlín, nuair is féidir rudaí a cheannach ó áit ar bith, caithfear iad a sheoladh chugat. Ba é cumadh an rotha an rud ba thábhachtaí ar fad i stair an iompair, cé gur féidir cultúr casta agus ardsibhialtacht féin a chothú gan rotha ar bith: féach ar tharla i Meiriceá Theas roimh theacht na Spáinneach. Rud eile a raibh gá leis ba ea deis tarraingte – capaill, beithígh nó eile ar dtús agus ansin an t-inneall, rud a fhéadann a chuid cumhachta a fháil ó ábhar éigin nádúrtha. San 18ú haois ceapadh na chéad innill mhóra gaile agus gual acu mar bhreosla. Sa 19ú haois thosaigh tuiscint ag teacht ag daoine ar a bhféadfadh a dhéanamh leis an ola sna cúrsaí seo, agus ba ghearr nárbh fhéidir teacht gan é, go háirithe san Iarthar. Rinneadh an-dul chun cinn le húsáid an leictreachais freisin. Tá baint ag na foinsí cumhachta go léir le chéile ar shlí amháin nó ar shlí eile (an leictreachas a thiomáineann traein, mar shampla, is féidir é a ghiniúint le gual), ach anois is léir go gcaithfear foinsí nua cumhachta a aimsiú, agus a rian sin ar na gluaisteáin is déanaí.

Tháinig glaoch ar an mbalún mar áis thaistil agus shiamsa chomh luath leis an 18ú haois (féach na deartháireacha Montgolfier sa Fhrainc) ach níor ceapadh na chéad eitleáin go dtí deireadh an 19ú haois, a bhuíochas sin ar William Hargreaves san Astráil, na Deartháireacha Wright i Meiriceá agus eile. Tháinig an aerlong chun cinn freisin, cé gur tháinig droch-chlú uirthi mar áis iompair de bharr hidrigin, gás an-inlasta, a bheith á húsáid ag an am mar áis shnámha. Ba iad na heitleáin a rug bua, mar sin. Cumadh an chéad scairdeitleán roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus tar éis an chogaidh tháinig sé i réim i gcúrsaí tráchtála de réir a chéile agus i gcúrsaí troda go hanluath. Ach tá easpa breosla á tuar anois de bharr laghdú an méid ola, agus cuireann na scairdeitleáin go mór leis an méid dí-ocsaíde charbónaí, gás teaschaomhnaithe, san atmaisféar. Ó am go chéile déantar trácht ar an úsáid nua a d’fhéadfaí a bhaint as na haerlonga agus iad i bhfad níos sábháilte anois, ach ní cosúil go bhfuil deireadh le réim na n-eitleán go fóill.




#Article 96: An tSionainn (1085 words)


Is í An tSionainn an abhainn is faide in Éirinn. Tá sí timpeall 400km ar fhad óna foinse i gContae an Chabháin, in Ulaidh go dtí go dtagann sí ar an Aigéan Atlantach idir Rinn Chiarraí i gContae Chiarraí agus Ceann Léime i gContae an Chláir. Tagann taoide ón bhfarraige tuairim is 100km i dtír suas chuig cathair Luimní.

Ós rud é go roinneann sí formhór na hÉireann ina dhá chuid, tá tábhacht straitéiseach ar leith ag an Sionainn. Le linn riail na Sasanach, bhí garastúin móra i Luimneach agus in Áth Luain agus tá bearaicí míleata fós sna bailte sin.

Bhunaigh Naomh Ciarán an mhainistir Cheilteach is mó in Éirinn sa 7ú aois i gCluain Mhic nÓis (i gContae Uíbh Fhailí) idir Áth Luain agus Beannchor agus tá a h-iarsmaí fós le feiscint.

Bhunaigh na Lochlannaigh cathair Luimní timpeall na bliana 812 AD agus ba as a sheoladar nuair a bhíodar ag iarraidh a rial a leathnú níos domhaine i lár na hÉireann.

Tá trí loch mór i gcúrsa na habhann, Loch Ailinn, an Loch Riabhach agus Loch Deirg.

I measc na fo-abhainn a dtagann isteach inti óna bruach thiar, tá An tSuc (i gContae Ros Comáin) agus An Fheargas (i gContae an Chláir). Ón mbruach thoir, tagann An Inne (i gContae na hIarmhí), An Bhrosna (i gContae Uíbh Fhailí), An Mhaoilchéirn, An Mháig agus An Daoil (i gContae Luimnigh) agus an Fhéil (i gContae Chiarraí).

Ritheann an tSionna trí lár cothrom na hÉireann agus ní cailleann sí ach 6m d'airde idir Loch Ailinn agus Cill Dálua ar taobh theas Loch Deirg. Dá bhrí sin, is minic a bhíonn tuilte móra sa gheimhreadh ar bhruacha na h-abhann idir Cara Droma Rúisc agus Port Omna.

Sa limistéar idir Áth Luain agus Cluain Mhic Nois, na Callows, ní bhíonn talamh na móinéir tirim go leor chun an féar a bhaint le meaisín go dtí lár an tsamhraidh agus, dá bhrí sin, is ann tearmann is mó an traonaigh ar mhórthír na hÉireann, éan le glao sainiúil a bhí an-choitianta sa tír tráth.

Tá an-chuid portaigh ar bhruachanna na Sionnainne i gContae an Longfoirt, Contae Ros Comáin, Contae Uíbh Fhailí agus Contae na hIarmhí. Bhíodh stáisiúin ginte móna i mBaile an Liag agus i nDroichead na Sionainne ach tá siad á dhúnadh anois.

Is fadhb mór é an uisce a ritheann ó na portaigh isteach sa tSionainn agus in a fo-aibhne. Nuair a thagann an abha isteach sna locha, titeann an smúit móna go dtí an grinneall agus tá a lán de bailithe anois ar thaobh thuaidh Loch Deirg.

Titeann an abha tuairim 65m d'airde idir Cill Dálua agus Luimneach a bhfuil gan ach 20km i bhfad óna chéile.

Is í Luimneach (daonra 100,000) an chathair is mó ar bhruach na Sionainne agus, ag teacht aduaidh óna foinse, is iad Drom Seanbhó, Cara Droma Rúisc, Ruascaigh (Contae Liatroma), Tearmann Barra, Baile an Liag (Contae Ros Comáin), Cluain Dara (Contae an Longfoirt), Áth Luain (Contae na hIarmhí), Beannchor (Contae Uíbh Fhailí), Port Omna (Contae na Gaillimhe), Baile Uí Bheoláin, Scairbh, Cill Dálua, Droiched Uí Bhriain (Contae an Chláir), Drom Inbhir (Contae Thiobraid Árann) agus Caisleán Uí gConaig (Contae Luimnigh) na príomh-bhailte eile.

Ar Bhéal na Sionainne, tá Eas Géibhtine, Faing agus an Gleann (Contae Luimnigh) agus Tairbeart agus Béal Átha Longphoirt (Contae Chiarraí) suite ar an dtaobh theas agus Sionna, Caisleáin an Chláir, Baile na Cailleach, Leaba Síodach, Cill Íomair, Cill Rois agus Carraig an Chabhaltaigh (Contae an Chláir) ar an mbruach thuaidh.

Cuan doimhin atá i mBéal na Sionainne agus tá trí calafoirt ann, an príomhcheann í bhFaing i gContae Luimnigh, i gcathair Luimní agus i gCill Rois i gContae an Chláir. Ritheann bád farantóireachta trasna Bhéal na Sionainne idir Thairbeart agus Cill Íomair.

Tá Aerfort na Sionna suite gar do Bhéal na Feargasa, a osclaíodh faoi rialtas Sheáin Lemass. Tógadh baile nua ar a hinbhear freisin, i Rinn Eanna, leis an ainm Baile na Sionna faoin rialtas céanna. Roimh oscailt an aerfoirt, ba as Faing a d'eitil báid eitilte trasna an Atlantaigh.

Tá aithne, chomh maith, uirthi ó scéim na Sionna. Sa bhliain 1929, osclaíodh stáisiún ginte cumhacht uisce in Ard na Croise, an chéad mhór-scéim innealltóireachta a thógadh tar éis baint amach saoirse na hÉireann. Gineadh éileamh uile leictreachais na tíre in Ard na Croise ó oscailt an stáisiúin suas go dtí blianta na caogaidí.

Ar Bhéal na Sionainne i gContae Luimní idir Faing agus Eas Géibhtine, tá Alumina Eachinis, ceann des na scaglanna alumina is mó ar domhain. Idir Cill Rois agus Cill Íomair, tá an stáisiún ginte is mó in Éirinn.

Tá clú fós ar an Sionna mar ionad iascaigh bradán, breac agus éisc garbha, go mór mór i mbailte ar nós Caisleán Uí gConaig (Contae Luimní), Droichead Uí Bhriain agus Cluain Lára (Contae an Chláir), Tearman Barra agus Baile an Liag (Contae Ros Comáin) agus Cara Droma Rúisc (Contae Liatroma).

Ba iad an tSionna agus a canálacha an príomhcheangal idir Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge agus bailte móra Lár-Thír na hÉireann on 18ú aois agus teacht an iarnróid tuairim na bliana 1845. Thóg an Chomhlucht Canáil Mhóir na hÉireann canáil idir Baile Átha Cliath agus Cuan na Sionainne i gContae Uíbh Fhailí agus leathnaíodh an córas tríd an Sionna, Loch Deirg agus Canál an Abhainn Duibh síos go dtí Luimneach.

Tar éis tógáil an scéim ídre-leictreach, aistríodh an trácht idir Cill Dálua agus Luimneach ó Chanál an Abhainn Duibh go dti Canál Ard na Croise. Tá dhá chomhlán uisce móra i ndiaidh a chéile thart ar an stáisiúin ginte trínar féidir bád éirí nó ísliú 30m.

Dúnadh an Canál Mór do last-iompar sa bhliain 1961 ach ath-osclaíodh córas Íochtar na Sionainne do thrácht saoire sa bhliain 2001 nuair a thógadh córas nua chomhlán uisce idir Abhann na Mainistreach agus an tSionainn i gcathair Luimní. Faoi láthair na huaire, tá na ceangail canálacha seo a leanas ó Luimneach ar chóras na Sionainne:

Tá pleananna ann chomh mhaith chun an córas a nascadh le córas na Banna trí ath-oscailt Canáil Uladh idir Loch Éirne Uachtar agus Loch n-Eachadh agus, dá bharr, bailte ar nós Cúl Raithin, Port an Dúnáin agus Muineachán a cheangailt le Luimneach.

Ceaptar gurb i nDrom Inbhir ar bhruach Loch Deirg i gContae Thiobrad Árann a bhunaíodh an céad club seoltóireachta in Éirinn ar thús an 18ú aois. Tá clubanna eile anois ann i bhFaing, i gCill Rois, i gCill Dálua, i mBaile Uí Bheoláin, in Áth Luain, i gCara Droma Rúisc agus i mbailte eile ar bhruach na h-abhann.




#Article 97: Máirtín Ó Cadhain (2165 words)


Tá Máirtín Ó Cadhain (13 Feabhra 1906 – 18 Deireadh Fómhair 1970) ar dhuine de na scríbhneoirí próis is mó i stair litríocht na Nua-Ghaeilge. Foilsíodh trí úrscéal agus sé bhailiúchán gearrscéalta leis, chomh maith le hailt, aistriúcháin, léachtaí, béaloideas a bhailigh sé agus go leor eile. Cré na Cille an t-úrscéal an saothar is mó cáil a scríobh sé, agus aithnítear na gearrscéalta in An Braon Broghach go forleathan mar shárshaothair.

Ba mhúinteoir scoile, ball d'Óglaigh na hÉireann, agóidí, aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin agus ollamh le Gaeilge é freisin. Déantar staidéar ar a shaothar ar chúrsaí tríú agus dara leibhéal in Éirinn agus ar fud an domhain.

Rugadh ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gConamara é. Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine dhéag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí, agus dá bhean Bríd Ní Chonaola. Duine dá dheartháireacha ba ea Seosamh Ó Cadhain. Um Meitheamh 1911 thosaigh sé ag freastal ar Scoil Náisiúnta an Spidéil.

Bhuaigh an Cadhnach scoláireacht an Rí sa bhliain 1923 nuair a bhí sé ina mhonatóir ann ach, tharla é bheith ró-óg le dul isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, d’fhan sé bliain eile gur bhuaigh arís é. Chaith sé an tréimhse 1924–26 ag staidéar le bheith ina mháistir scoile i nDroim Conrach.

Ba dhuine teasaí, ceanntréan an Cadhnach. Bhí Ó Cadhain ina éan corr i gColáiste Phádraig is cosúil, cuireadh ó phost é ar an gCarn Mór de bharr go raibh sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann.

Múinteoir náisiúnta a bhí ann ón mbliain 1926 go dtí 1936 agus bhí sé ina rúnaí áitiúil don INTO sa bhliain 1930. Tar éis tréimhsí gairide ag múineadh i scoileanna i nDaighinis agus i gcathair na Gaillimhe ceapadh ina phríomhoide i gCamas é agus bhí ann go 1932. Níor éirigh leis, áfach, mórán faid a bhaint as an obair seo, nó bhí baint aige le hÓglaigh na hÉireann (IRA), agus suim aige sa Sóisialachas freisin.

Is lena linn a d’aistrigh an Cadhnach Sally Kavanagh le Charles Kickham faoin teideal Saile Ní Chaomhánaigh nó na huaigheanna folamha, 1932 (d’ullmhaigh an Dr Tomás de Bhaldraithe eagrán 1986).

Faoi 1926 bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc. Bhí a chéad ghearrscéal aige i gcló san iris sin um Shamhain, 1929. Má fhágaimid ailt, litreacha agus óráidí faoi staid na Gaeltachta as an áireamh, is ábhar béaloidis is mó a bhí á chur i gcló aige anuas go 1938; scéalaithe ba ea a athair, a mháthair, agus a uncail.

Bhí baint aige, agus é i gCamas go fóill, leis an IRA, é ina cheann feadhna ar na hÓglaigh ann. Mar sin, ní raibh sé ag réiteach go maith leis na sagairt ná le húdaráis eile. Briseadh as a phost é toisc baint a bheith aige leis na hÓglaigh. Chaith an Cadhnach ansin tréimhse mar spailpín agus mar thimire. Ag deireadh na dtríochaidí bhí sé mar oifigeach earcaíochta leis an IRA. B'eisean a thóg Breandán Ó Beacháin isteach san eagraíocht i measc daoine eile.  Bhí an-mheas aige ar an oidhreacht a fuair sé óna mhuintir An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol scaití, de mo bhuíochas.

I dtús an Dara Cogaidh Dhomhanda, tharraing an Cadhnach seantithe éigin anuas air, agus gabhadh é in éineacht le cuid mhaith daoine eile a raibh baint ar bith acu leis an IRA. Gabhadh é Meán Fómhair 1939 agus as sin go mí na Nollag bhí sé i ngéibheann i mBeairic Chnoc an Arbhair. Bhí Ó Cadhain mar Rúnaí an Fháinne sa bhliain 1939. Níos déanaí, sa champa imthreoranaithe sa Churrach féin ba mhó a raibh suaimhneas air, áit a bhí saor ó thionchar an ghnáthphobail. Go deimhin, ní raibh fonn air é a fhágáil is cosúil.

I Mí Aibreán 1940 gabhadh an Cadhnach tar éis dó aitheasc a thabhairt ag sochraid Tony Darcy, príosúnach poblachtach a fuair bás i bPríosún Mhuinseo ar stailc ocrais. Coinníodh i ngéibheann i gCurrach Chill Dara é le linn Ré na Práinne i rith an Dara Cogaidh Dhomhanda ós rud é go raibh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann ón mbliain 1918 anonn. In Aibreán a cuireadh i ngéibheann arís é, agus níor scaoileadh saor é go 26 Iúil, 1944. Bhain sé deis as an tréimhse seo le cur lena chuid léinn is léigh sé mórán i dtaobh stair na hEorpa agus an litríocht a roinn léi. Dar le roinnt tá feabhas le sonrú ar a chuid scríbhneoireachta tar éis dó an campa a fhágáil.

Deir Alan Titley: ‘Tá doimhniú agus leathnú agus siúráil i réimse, i scóp agus i láimhsiú a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh an chogaidh seachas mar a bhí roimhe. Níl mé cinnte nach raibh baint ag an iomtheorannú leis an scéal’. Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar Cré na Cille dó, na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh; ach bréagnaíonn an Cadhnach féin seo. . Spéisiúil go leor ach ní raibh fonn air an áit a fhágáil. níl tnúthán ar bith agam féin len a dhul amach…Bheinn chomh sásta istigh agus a bheinn amuigh.. Dar le léirmheastóirí tá atmaisféar na haimsire agus meon an ghéibheannaigh le brath ar na litreacha seo a chuir sé chuig Tomás Bairéad).

Thit an Cadhnach amach le ceannasaíochta an IRA agus é ann. Níor chreid Ó Cadhain gur chóir tús a chuir le feachtas buamála de bharr gur cheap sé nach raibh an eagraíocht ullamh le tabhairt faoi.

Thosaigh sé rang Gaeilge istigh chomh maith, agus is iomaí Óglach de chuid an IRA a d'fhoghlaim an teanga ón gCadhnach. Is ag Máirtín a bhí an t-ardrang Gaeilge agus deirtear gurbh iontach an múinteoir é. Lár na bliana 1943 ceapadh é ina chathaoirleach ar an gcoiste oideachais a raibh mar chúram aige na ranganna a eagrú. Níos deireanaí an bhliain chéanna bhí baint aige le coiste a chur ar bun chun straitéis a cheapadh don IRA, nuair a scaoilfí amach na príosúnaigh ag deireadh an chogaidh.

De bharr na moltaí a chuir Ó Cadhain chun cinn gur cheart na hairm a dhumpáil ar feadh píosa, caitheadh amhras air agus cuireadh ar fionraí é ón IRA in éindí le baill eile an choiste `pending court martial'. Le linn a fhionraíochta ón IRA sa champa géibhinn, bhí deis aige díriú ar a chuid scríbhneoireachta mar nach raibh dualgas air ná cead aige ranganna a mhúineadh a thuilleadh ná a eagrú. Tugadh bord agus cathaoir dó, cé nár iarr sé aon phribhléid, agus luigh sé isteach ar an scríbhneoireacht. Ceadaíodh dó a chuid scríbhinní a chur amach as an gcampa chomh maith. Le linn na tréimhse sin sa Churrach, chuir sé an díolaim gearrscéalta An Braon Broghach le chéile.

In alt lena chomhghéibheannach, Maitiú Ó Néill, in eagrán speisialta den iris Comhar, a foilsíodh bliain tar éis bhás Uí Chadhain, tugtar léargas ar an gcúis ar cuireadh an Cadhnach ar fionraí ón IRA sa bhliain 1944. Comhar, Deireadh Fómhair, 1971 Faoi Ghlas ag Gaeil le Maitiú Ó Néill; 

Fuair a athair agus a mháthair bás i rith an achair seo.

Sna 1930dí bhí lámh ag an Cadhnach san fheachtas a chuir Nua-Ghaeltacht ar bun i Ráth Cairn na Mí. Ghlac sé páirt i bhfeachtas agóide a bhí ag éileamh tailte níos méithe do mhuintir na Gaeltachta. B'é ba thoradh an fheachtais seo gur cuireadh Gaeltacht nua Ráth Cairn ar bun i gContae na Mí.

I bhFeabhra na bliana 1945 phós an Cadhnach Máirín Ní Rodaigh, oide scoile ó chontae an Chabháin, ach bhí lámh is focal eatarthu le fada roimhe sin. Iníon Philip Ruddy ba ea Máirín agus ba mhúinteoir í i scoil lán-Ghaeilge. Bhí cónaí uirthi féin agus Máirtín ag seoltaí eágsúla timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus ní raibh aon chlann orthu riamh.

Chuir sclábhaíocht an aistriúcháin sa Dáil as dá chuid scríbhneoireachta, áit a raibh sé ina aistritheoir cáipéisí dlí don Oireachtas ón mbliain 1947 go dtí 1956.

Bhí an Cadhnach ina cholúnaí seachtainiúil don Irish Times ó 1953 go dtí 1956 is bhí ina léachtóir sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1956.

Is ba mhinic é ag coimhlint le Fianna Fáil is Fine Gael i ngeall ar neamhshuim is naimhdeas i leith na Gaeilge faoi seach. Chuir sé troid orthu siúd agus ar an Language Freedom Movement ó thaobh na Gaeilge de, is níor éalaigh na Gaeilgeoirí féin, a bhí tar éis loiceadh, fiú. Cé go mba shóisialaí é ní raibh sé róthógtha leis na Cumannaigh. 

Chaith an Cadhnach na blianta deireanacha dá shaol ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Ceapadh ina ollamh le Gaeilge faoi 1969 é, agus ina chomhalta de chuid Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1970. Ainmníodh léachtlann ina onóir i gColáiste na Tríonóide, Téatar Mháirtín Uí Chadhain.

Ba é a bhunaigh Misneach, eagraíocht a bhí dírithe go diongbháilte ar athbheochan na Gaeilge, agus a d'eargraigh stailc ocrais ar son na teanga sa bhliain 1966.

Sa bhliain 1969 thug an Cadhnach an príomhléacht ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Aonach Urmhumhan. Go luath ina dhiaidh sin foilsíodh an léacht sin faoi chlúdach leabhair dar teideal Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Tá an aiste sin ar na cinn is tábhachtaí faoi scríbhneoireacht na Gaeilge dár foilsíodh riamh.

Ba scríbhneoir cruthaitheach Máirtín a rinne an-fhorbairt agus an-aclú ar an nGaeilge mar theanga liteartha. Thóg sé focail ó Ghaeilge na hAlban agus chum sé nua-fhocail amanna. Mar sin féin, chleacht sé gramadach a chanúna féin in áit na gramadaí caighdeánaithe in áiteanna.

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain ar an 18 Deireadh Fómhair 1970, go díreach nuair a bhí cor eile á chur de ag saol agus ag scríbhneoireacht na hÉireann. Bhásaigh sé in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath. Cuireadh i Reilig Chnocán Iaróm é. D'fhág sé go leor scríbhinní neamhfhoilsithe ina dhiaidh a nochtadh de réir a chéile.

Seo a leanas sliocht as óráid Chian Uí Éigeartaigh os cionn uaigh Mháirtín lá a adhlactha, an 20ú lá de Dheireadh Fómhair 1970.

Deir Alan Titley: ‘Nuair a fuair sé bás ... ba chliché é a rá gur chaill Éire an scríbhneoir ab fhearr a bhí aici...’ Chuir sé le Ciclipéid Ghearmánach na Litríochta Domhanda.

Cuireadh fáilte roimhe léachtaí a thabhairt ag Ollscoileanna timpeall na tíre. Níor tugadh cead don Chumann Seanchais agus Éigse i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe é a bheith ag caint leo ann. Luann Breandán Ó hEithir an eachtra seo ina leabhar Over the Bar.

Amach ó Chré na Cille, scríobh an Cadhnach dhá úrscéal eile nár tháinig i gcló ach i bhfad i ndiaidh a bháis, sna nóchaidí. B'iad sin Athnuachan agus Barbed Wire.

Scríobh an Cadhnach leabhair gearrscéalta freisin, ina measc Idir Shúgradh agus Dáiríre, An Braon Broghach, Cois Caoláire, An tSraith dhá Tógáil, An tSraith Tógtha agus An tSraith ar Lár.

I measc na n-ainmneacha pinn a bhí aige bhí; Aonghus Óg, Breallianmaitharsatuanógcadhanmaolpote, D. Ó Gallchobhair, Do na Fíréin, Micil Ó Moingmheara, M.Ó.C.

Áirítear na cnuasaigh ghearrscéalta Idir Shúgradh agus Dáiríre (ISD), An Braon Broghach (ABB), agus Cois Caoláire (CC) mar luathshaothar an Chadhnaigh. Braitheann roinnt léirmheastoirí go dtaispeánann ABB teacht chun aibíochta mar scríbhneoir. Deirtear leis go bhfuil teannas le braith i scealta seo an Chadhnaigh. Díríonn an Cadhnach sna scéalta seo ar phobail faoi leith, pobail iargúlta Ghaeltachta don chuid is mó, pobail ar nós an phobail inar rugadh agus tógadh an Cadhnach féin.

Bhí an Cadhnach gníomhach, chomh maith, mar iriseoir agus ag scríobh aistí, atá bailithe in Ó Cadhain i bhFeasta, Caiscín, agus Caithfear Éisteacht. Cuireadh amach comhfhreagras idir é féin san am a bhí sé i ngéibheann agus Tomás Bairéad faoin teideal As an nGéibheann. Bhí sé i gcruachás amanna, ó briseadh as a phost múinteoireachta é mar gheall ar a ghníomhaíocht Phoblachtánach.

Bhí drochmheas ag Ó Cadhain ar an bhfilíocht go pointe. Dar leis, b'fhearr ábhair a phlé sa phrós amháin agus fuair sé de locht ar Ghaeilge na hAlban nach raibh ach filíocht á scríobh inti ar an mórgóir. Bhí breis filíochta á scríobh sa Ghaeilge ná mar a bhí sa Bhéarla an tráth úd dar leis, ach níorbh fhiú faic an fhilíocht chéanna i gcomparáid le tathag an phróis.

Glacann an teannas idir daoine aonaracha agus éilimh an phobail ról fíorthábhachtach i scéalta an Chadhnaigh.

In Traidisiún Liteartha na nGael (1979) deir J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na Nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas.’

I mórán de scéalta ABB cleachtann Máirtín Ó Cadhain an réalachas sóisialta.

Ó Cadhain i dTír Chonaill 2007 Cnuasach bealoidis a bailíodh i dTír Chonaill sa bhliain 1957

Tá portráid de Ó Cadhain a rinne Seán O'Sullivan i seilbh phríobháideach, agus dealbh bhrád le James Power i gColáiste na Tríonóide. Tá a chuid scríbhinní i dtaisce sa leabharlann i gColáiste na Tríonóide.




#Article 98: Seamus Heaney (835 words)


File a rugadh i gContae Dhoire in Éirinn ab ea Seamus Justin Heaney (baintear úsáid as an leagan Gaeilge dá ainm scaití: Séamus Ó hÉannaí nó Ó hÉanaí; 

Bhí díolaim mór filíochta scríofa aige. Bronnadh an Duais Nobel na Litríochta air ar an 9 Nollaig 1995 i Stócólm, sa tSualainn.

Rugadh Heaney ar an 13 Aibreán 1939, i dteach feirme an teaghlach darbh ainm Mossbawn, idir An Seanmhullach agus Tuaim i gContae Dhoire, Tuaisceart na hÉireann. Ba é an chéad pháiste de naonúr.  

Maraíodh deartháir amháin dó nuair nach raibh sé ach ceithre bliana d’aois. Chuaigh sin go mór i bhfeidhm ar Sheamus agus blianta ina dhiaidh sin scríobh sé roinnt dánta faoi seo i gcuimhne ar a dheartháir.  

Sa bhliain 1953, bhog a chlann go Baile Eachaidh, cúpla míle ar shiúl, atá mar theach an teaghlaigh anois.  

Scríobh Heaney faoin saol sin faoin tuath ina chuid filíochta níos moille anonn ina shaol. 

Bhí a athair, Patrick Heaney, an ochtú páiste de dheichniúr agus ba iad James agus Sarah Heaney a thuistí. Ba fheirmeoir é Patrick ach ba é trádáil eallaigh a fhíorghrá, rud a thosaigh a uncail a thug aire do nuair a fuair a thuismitheoirí bás agus iad an óg leis. 

Tháinig a mháthair, Margaret Kathleen (1911-1984) ó mhuintir na McCann agus stíl beatha eile, agus tionchar ar a chuid oibre, a dúirt Heaney. Fostaíodh a uncail agus a gaolta eile sa mhuileann línéadaigh áitiúil. Bhíodh a haintín ag obair mar chailín aimsire ag úinéir an mhuilinn. 

D’fhreastail Heaney ar bhunscoil áitiúil agus ansin ar Choláiste Naomh Colmcille i nDoire.  

Sa bhliain 1957 chuaigh sé ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le staidéar a dhéanamh ar an Bhéarla. Is ansin a chuir sé spéis san fhilíocht den chéad uair. Bhain sé céim amach sa Bhéarla in 1961.  

Bhí suim aige sa mhúinteoireacht agus chuaigh sé ansin ar Choláiste Iósaf le cúrsa múinteoireachta a dhéanamh. Tá Coláiste Iósaf anois mar chuid de Choláiste Ollscoile Naomh Muire ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Mar chuid den chúrsa sin, chaith sé tamall ag teagasc i meánscoil áitiúil. 

Sa bhliain 1963 tháinig Heaney ar ais go Coláiste Iósaf mar léachtóir lánaimseartha. Faoin am seo, bhí Heaney ag scríobh filíochta go rialta.  

Foilsíodh a chéad bhailiúchán dánta sa bhliain 1965 dar teideal Eleven Poems mar chuid d’Fhéile Ollscoil na Banríona. Ach is é Death of a Naturalist, áfach, a aithnítear mar an chéad bhailiúchán ceart a scríobh sé. Bhain sé roinnt duaiseanna ar a shon sin agus is bailiúchán é a bhfuil dúil mhór ag daoine ann go fóill. Aithníodh ansin mar fhile dáiríre é. Ach bhí post lánaimseartha de dhíth air fosta, agus in 1966 fuair sé post mar léachtóir Béarla in Ollscoil na Banríona.  

Le linn an ama seo, d’oibrigh sé ar an fhilíocht chomh maith.Ansin in 1969 foilsíodh an dara bailiúchán aige dar teideal Door Into the Dark. D’éirigh go geal leis seo fosta.

Lean le Heaney ag léachtóireacht in áiteanna éagsúla agus é ag scríobh filíochta ag an am céanna. 

Sa bhliain 1972 chuaigh sé go Coláiste Dhún Carúin mar léachtóir, coláiste oiliúna do mhúinteoirí i mBaile Átha Cliath. Is sa bhliain sin a d’fhoilsigh sé an tríú bailiúchán aige dar teideal Wintering Out. 

Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus thaistil sé go minic go Sasana agus chun na Stát Aontaithe lena chuid filíochta a léamh. 

Is le linn an ama seo sna 1970í agus sna 1980í a scríobh sé an méid is mó agus b’fhéidir an méid is fearr dá chuid filíochta. D’fhoilsigh sé na bailiúcháin North agus Stations in 1975 agus Field Work in 1979, agus ansin Preoccupations sa bhliain 1980. 

I measc a chuid éacht d´fhoilsigh Heaney aistriúchán ar an eipic sa tsean-Angla-Sacsanais, Béowulf, agus chuir sé eagar ar dhráma de chuid Sofaicléis, Philoctetes, faoin ainm The Cure at Troy.

Mhair Heaney i nDumhach Thrá i mBaile Átha Cliath ó 1976 go dtí lá a bháis. Chaith sé seal i Harvard ó 1981 go dtí 2006 agus in Ollscoil Oxford ó 1989 go dtí 1994.

Bhuail stróc é agus  d'éirigh rudaí casta ina dhiaidh agus fuair sé bás i mBÁC ar an 30 Lúnasa 2013 agus a fhocail dheireanacha, téacsáilte chuig a bheanː “Noli timere” (Ná bíodh eagla ort), bunaithe ar an Laidin, “Habete fiduciam ego sum nolite timere.” (Matha 14:27, i nGaeilge: Bíodh misneach oraibh.  Mise atá ann.  Ná bíodh eagla oraibh).

Cé gur file mór an Bhéarla é Séamus Heaney, ní dhearna sé neamhshuim den Ghaeilge ná de chultúr na hÉireann riamh. Bhí sé breá eolach ar litríocht na Gaeilge agus bhí aistriúcháin déanta aige ar litríocht na Gaeilge chomh maith.  

Sa bhliain 2015, bhí póstaer scaipthe ar gach scoil dara leibhéal sa Stát ag COGG ar a bhfuil ráiteas spreagúil faoin nGaeilge a rinne an file Séamus Heaney.  

Níor sheachain sé stair thrioblóideach na hÉireann ach oiread. Scríobh sé Requiem for the Croppies i gcuimhne ar éirí amach 1798. Tá go leor faoi na trioblóidí in Éirinn le sonrú ina chuid filíochta fosta. 




#Article 99: Seathrún Céitinn (579 words)


Sagart, file agus staraí de chuid an 17ú haois ba ea Seathrún Céitinn. Rugadh é i gContae Thiobraid Árann timpeall na bliana 1569 agus cailleadh timpeall na bliana 1644. Tá a uaigh le fáil i reilig na Tiobraide i bparóiste Bhéal Átha Lúbaigh. Ba de shliocht na seanghall an Céitinneach agus scríobh se Foras Feasa ar Éirinn.

Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach ar an mBuirghéisigh in aice le Cathair Dhún Iascaigh i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.

Is dealraitheach go ndeachaigh sé ar scoil filíochta agus seanchais agus gur tugadh scolaíocht dó sa Ghaeilge agus sa Laidin. Is dócha go ndearnadh sagart de ina dhiaidh sin de réir shean-nós na hÉireann. I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an bhFrainc faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh i mBordeaux, áit a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis coláiste Éireannach a bhunú. B'fhéidir gur thug sé tamall in Rheims freisin. Bhain sé céim Dhochtúir Diagachta amach agus d'fhill ar Éirinn timpeall na bliana 1603. Ceapadh é mar shagart paróiste i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair. 

Bhí an-chlú air mar sheanmóirí, agus deirtear gur chuir seanmóin dá chuid olc ar bhean uasal a ghearáin sin le Donncha Ó Briain, Iarla Tuamhan, rud a thug ar an gCéitinneach dul ar a choimeád tuairim na bliana 1618. Fuair sé dídean óna chairde gaoil, agus b'fhéidir gur bhogaigh an tóir timpeall na bliana 1624, nuair a cailleadh an tIarla.

Bheartaigh sé ar leabhar a scríobh a bhréagnódh rudaí a bhí ráite faoi Éirinn ag eachtrannaigh, agus shiúil sé Éire ar thóir cáipéisí agus lámhscríbhinní chun cóipeanna a dhéanamh díobh. Bhí doicheall roimhe uaireanta toisc gur de shliocht Normannach é agus gur Mhuimhneach é. Foras Feasa ar Éirinn an toradh a bhí ar an saothar sin agus tháinig éileamh air. 

Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle Caitliceacha na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.

B'fhile é an Céitinneach, ach tríd an bprós is mó a tharraing sé clú air féin. Chríochnaigh sé Foras Feasa ar Éirinn timpeall na bliana 1634. Is éard atá ann meascán saibhir de sheantraidisiúin a bhaineann le stair, le bréagstair agus le finnscéalta na tíre, agus an t-iomlán scríofa go greanta ealaíonta. Ar nós a lán saothar Gaeilge eile scaipeadh é i bhfoirm lámhscríbhinne, agus b'fhada gur cuireadh i gcló é. Saothar nótáilte eile dá chuid ba ea Trí Bhior-Ghaoithe an Bháis.

Rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus stíl shoiléir shíodúil a shaothrú, cé go bhfuil lorg an léinn ar a shaothar. Ní dóichí rud ná gurb í soiléireacht úd a stíle a chuir na mílte á léamh le fonn. 

Aithnítear an Céitinneach mar dhuine de na filí Gaeilge is fearr den 17ú haois. Deirtear go bhfuair sé scolaíocht sa seanléann agus tá a rian sin ar ghreantacht a cuid filíochta. Mar ba ghnách ag an am, bhain sé tairbhe as an dán díreach agus as foirmeacha níos scaoilte. Ar na dánta a luaitear leis tá Óm sceol ar ardmhagh Fáil agus A Bhean lán de Stuaim.




#Article 100: Litríocht na hÉireann (499 words)


I nGaeilge agus i Laidin atá litríocht luath na hÉireann. Cé gurb í litríocht Bhéarla na hÉireann an ceann is mó clú anois, is mó go mór an tábhacht atá le litríocht na Gaeilge sa tréimhse is luaithe, agus í ar na litríochtaí iarchlasaiceacha is sine san Eoraip.

Is ón mbéaloideas a thagann an chuid is mó de sheanlitríocht phróis na Gaeilge: scéalta faoi Chú Chulainn, faoi Fhionn Mac Cumhaill agus faoi na Fianna, mar shampla. Chomh maith leis sin tá filíocht fíorálainn ann. Dealraíonn sé gurb iad na manaigh a thosaigh ag cur an ábhair seo ar pár agus gur ghearr go ndeachaigh an t-aos dána féin i mbun pinn. Tháinig traidisiún tréan liteartha ann agus Gaeilge na scol, canúint aontaithe liteartha, á húsáid chuige. Lasmuigh den traidisiún oifigiúil bhí dánta galánta grá á scríobh ag fir agus ag mná. Mar seo a lean an scéal anuas go dtí an 17ú haois, agus an fhilíocht ar tosach i gcónaí. Bhí Béarla á úsáid sna bailte móra, ach ar éigean a bhí tábhacht leis in Éirinn i gcúrsaí litríochta nó gur mheath cumhacht na seanuaisle agus gur daingníodh an Béarla níos forleithne sa tír. 

Fiú amháin sa 17ú haois bhí scoth litríochta á cumadh i nGaeilge, leithéid shaothar Sheathrúin Chéitinn, agus bhí bláthú éigin san 18ú haois féin, nuair a tháinig blas níos coitianta ar an litríocht, cé gurbh fhurasta rian na seanghalántachta a aithint fós uirthi. Ach lean an Béarla uirthi ag borradh sa 19ú haois, agus gan léamh agus scríobh na Gaeilge ag mórán faoin am sin. Thosaigh litríocht shuntasach Bhéarla ag teacht chun cinn. Faoi dheireadh na haoise, áfach, bhí gluaiseacht faoi lánseoil ar chuspóir di spéis na ndaoine sa Ghaeilge a mhúscailt arís, agus dá bhrí sin roghnaigh a lán daoine mar uirlis litríochta í. Socraíodh gurbh í caint na ndaoine an modh ceart scríbhneoireachta, agus sa chéad chuid den 20ú haois bhí scríbhneoirí an-nótálta ann, go háirithe Máirtín Ó Cadhain. Ach ba é an Béarla príomhtheanga na tíre agus na litríochta faoin am sin, agus gach údar eile faoi scáth an deoraí James Joyce (cé gur féidir an Cadhnach a chur i gcomparáid leis ina lán slite). 

Faoi láthair aithnítear ar fud an domhain go bhfuil litríocht shonrach Éireannach ann agus í scríofa i mBéarla. Is beag léitheoir a bhfuil a dhóthain Gaeilge aige chun blas a fháil ar litríocht na teanga úd, cé go bhfuil saothair á bhfoilsiú inti i gcónaí. Tá foinse dhomhain á cailleadh aici le meath na Gaeltachta, agus tá sí á hathdhaingniú sna cathracha fós. I gcás an Bhéarla, caithfidh scríbhneoirí Éireannacha, dá fheabhas iad, glacadh leis go ndéanann an teanga fhorleathan úd scríbhneoirí réigiúnacha díobh, rud nach bhfuil go dona ann féin. Is iomaí duine díobh a tharraing clú air féin, agus gan Joyce a lua ar chor ar bith - William Butler Yeats, James Joyce, Patrick Kavanagh, William Trevor, Seamus Heaney, Paul Muldoon agus Seán O'Casey. Tá Liam Ó Flaithearta orthu siúd a scríobh sa dá theanga. 




#Article 101: Peadar Ua Laoghaire (355 words)


Scríbhneoir próis agus sagart ab ea an tAthair Peadar Ua Laoghaire (nó Peadar Ó Laoghaire; 30 Aibreán 1839 – 21 Márta 1920, ).  B'é an scríbhneoir é is mó a mhúin an teanga agus is troime a d’fhág a rian ar scríobh na Gaelainne i dtosach na hathbheochana.

Do saolaíodh Peadar Ua Laoghaire i Lioscaragáin, i bparóiste Chluain Droichid, Contae Chorcaí é. Do tógadh le Gaelainn i nGaeltacht Mhúscraí é, rud a dh'fhág gur chuaigh Gaelainn an cheantair sin go mór mór i bhfeidhm ar Ghaelainn na bhfoghlamóirí. 

An réamhfhocal úd um, ná fuil beo ach i nGaelainn Mhúscraí, is cuid de Ghaelainn an mhaorlathais agus na dlí é inniu, agus is dócha gurbh as Gaelainn Uí Laoghaire a tháinig sé in úsáid chomh forleathan san. 

Fuair sé bás i 1920 i gCaisleán Ó Liatháin. 

Sa bhliain 1900 do scríbh Ó Laoghaire an dráma Tadhg Saor. Do léirigh Craobh na Paróiste Thuaidh de Chonradh na Gaelainne Tadhg Saor i Halla Mhuire, Corcaigh, Lá ’le Pádraig 1902 (tá cuntas ag Éamonn an Chnoic, nó Éamonn Ó Donnchadha, ar an léiriú sin in Banba, Bealtaine 1902).

Do chúm Peadar Ua Laoghaire an scéal  sna 1890í, agus é á insint mar scéal chois tine ag triúr cailíní óga. Tá gearreagráin ann a bhfuil fráma san na scéalaíochta bainte díobh. Is é is príomhthéama don scéal ná an margadh a shocraigh an gréasaí Séadna leis an bhFear Dubh. Cé go bhfuil an scéal préamhaithe in ithir an bhéaloidis a chloiseadh an scríbhneoir ó na seanchaithe cois teallaigh le linn a óige, tá dlúthghaol aige fosta leis an myth Gearmánach i dtaobh Faust. Do foilsíodh 'na shraithscéal ar irisí éagsamhla Gaelainne é an chéad uair.

Amach ó Séadna, scríobh Peadar Ua Laoghaire leabhar dírbheathaisnéise faoin teideal . Thairis sin, chuir sé Nua-Ghaeilge ar scéalta de chuid na seanlitríochta Gaelaí, cosúil le hEisirt agus An Cleasaí, agus chuir sé Gaeilge a cheantair féin ar leagan giorraithe de scéal Don Quixote, nó Don Cíochótae, as Gaeilge. Tháinig eagrán nua den leabhar i gcló le déanaí. 

Foilsíodh alt ina bhfuil 487 d'ailt agus de shaothair Ua Laoghaire le fáil in Celtica in 1954.




#Article 102: Pádraic Ó Conaire (515 words)


Scríbhneoir Éireannach ab ea Pádraic Ó Conaire (20 Feabhra 1882 - 6 Deireadh Fómhair 1928) a chum gearrscéalta agus aistí faoi shaol an imircigh Ghaelaigh i Sasana timpeall tús an 20ú haois. Bhí sé gníomhach, freisin, san iriseoireacht, rud a raibh an-bheagán di le fáil as Gaeilge ag an am.

Uaireanta, tugtar Sean-Phádraic Ó Conaire air le hé a aithint thar Phádhraic Óg Ó Conaire. Bhí Pádhraic Óg ag scríobh úrscéalta éadroma faoi shaol na tuaithe i gConamara.

Saolaíodh Pádraic Ó Conaire i nGaillimh sa bhliain 1882, áit ina raibh dhá theach ósta ag a athair agus a mháthair Kate McDonagh. Bhí beirt deartháireacha aige, Isaac agus Michael. 

Thug a athair a aghaidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a theip ar a ghnó i nGaillimh agus cailleadh é go gairid ina dhiaidh sin. Cailleadh máthair Uí Chonaire freisin sa bhliain 1893, agus dá bhrí sin bhí ar na dílleachtaí óga dul chun cónaithe lena n-uncail Patrick Conroy i Ros Muc.

Chuaigh Pádraic ar scoil i dTurlach Beag, sular bhog sé ar aghaidh go dtí Coláiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann agus Coláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath (áit a raibh Éamon de Valera in aon rang leis).

Bhog sé go dtí Londain sa bhliain 1899 agus ghlac sé post mar státseirbhíseach sa Bhord Oideachais ann. Chuir sé suim mhór i gcúrsaí Chonradh na Gaeilge. Bhí an Ghaeilge ina thimpeall i gcónaí i Londain fiú, agus chaith sé na hoícheanta agus na deirí seachtaine ag múineadh na teanga do Ghaeilgeoirí agus inimircigh eile.
 
Cé go raibh post aige sa Bhreatain, rinne sé iarracht maireachtáil ar a chuid scríbhneoireachta nuair a d'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1914, agus bhí an-ghean ag daoine air cé nár shaothraigh sé mórán airgid as a chuid saothar liteartha le linn a shaoil. Chaith sé an chuid is mó dá shaol fosta ina chónaí i nGaillimh, ag múineadh sna coláistí samhraidh sna Gaeltachtaí anois is arís.

Bhí sé pósta le Molly Ní Mhanais, agus bhí ceathrar clainne acu: Eileen (r. 22 Feabhra 1905), Patrick (r. 3 Samhain 1906), Kathleen (r. 24 Feabhra 1909) agus Mary Josephine (28 Iúil 1911–1922), a fuair bás de bharr diftéire. D'fhág sé a bhean agus a chlann agus chaith na blianta ag fánaíocht ar fud na hÉireann. 

Cailleadh é sna fichidí agus gan aige ach caoga bliain. Fuair sé bás in ospidéal i mBaile Átha Cliath i Mí Dheireadh Fómhair 1928 tar éis dó cuairt a thabhairt ar phríomhoifig Chonradh na Gaeilge.  

Bhí dealbh ina chuimhne sa bhFaiche Mór i nGaillimh ach aistríodh é go gairdín Chomhairle na Cathrach agus is ansin atá sé faoi láthair. Nuair a bheidh an t-athchóiriú atá á dhéanamh ar an bhFaiche Mhór curtha i gcrích, tá sé i gceist macasamhail den dealbh a chur ar ais ann. 

Tá sé curtha i Reilig an Bhóthair Mhóir i nGaillimh.

Scríobh sé dhá úrscéal, Deoraíocht agus Fearfeasa Mac Feasa, chomh maith le go leor aistí agus gearrscéalta. Tá cuid de na gearrscéalta seo ar fáil sa leabhar Scothscéalta atá ar an siollabas Ardteiste in Éirinn le fada an lá.




#Article 103: John Millington Synge (454 words)


Drámadóir Éireannach ab ea John Millington Synge (16 Aibreán 1871 - 24 Márta 1909). B'é an dráma ba cháiliúla a bhí ag Synge ná The Playboy of the Western World. Bhí ruaille buaille sa chathair ar oíche na hoscailte i 1907, ach d'éirigh go geal leis ina ainneoin sin. I measc a chuid drámaí eile, tá Riders to the Sea, Shadow of the Glen, The Well of the Saints, The Tinker's Wedding srl.

Tógadh Synge i Ráth Fearnáin lámh le Baile Átha Cliath.

Bhain sé céim (Baitsiléir Ealaíon) amach sna teangacha i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1892.

Chuaigh Synge go dtí an Fhrainc sa bhliain 1896. Chas sé le W. B. Yeats, a thug comhairle do Synge dul go hÁrainn.

Chaith Synge tréimhsí fada ar Inis Meáin in oileáin Árann ag foghlaim na Gaeilge agus ag scríobh a chuid leabhair agus drámaí faoi dhraíocht agus áilleacht an oileáin agus na farraige.

Thug Synge cuairt go h-Inis Meáin don chéad uair i 1898. D'fhan sé le muintir Uí Dhonnacha ar feadh tréimhsí fada agus mhair cosúil leo féin. Bhíodh sé ina shuí cois na tine/sa gclúid ag seinm an fhidil agus go minic ag bogadh an chliabháin ina mbíodh páiste le muintir an tí.

Chaith Synge go leor dá chuid ama ar an oileán ina shuí i bpúirín cloiche gan aon díon air, suite ar bharr na haille ar an taobh thiar den oileán. Ainmníodh 'Cathaoir Synge' ar an áit seo dá bharr. Tá radharc draíochtúil as an áit seo ar Inis Mór trasna an chuain, ar Chonamara ó thuaidh agus siar san Aigéan Atlantach.

Ní h-ionadh go bhfuair Synge inspioráid chun scríbhneoireacht a dhéanamh in Inis Meáin. Tar éis do Synge Inis Meáin a fhágáil, bhíodh sé ag scríobh chuig duine de chlann Uí Dhonnacha darbh ainm Máirtín. Bhíodh Synge ag scríobh litreacha i mBéarla chuig Máirtín agus bhíodh Máirtín ag scríobh ar ais i nGaeilge. Sa gcaoi sin bhí an bheirt acu ag foghlaim óna chéile.

Fuair John Millington Synge bás ar an 24 Márta 1909 ó liomfóma Hodgkin, aois 37.

Is féidir cóipeanna de na litreacha a scríobh Synge a fheiceáil in Inis Meáin anois. Tá an teach céanna faoi sheilbh duine de shliocht mhuintir Uí Dhonnacha, Treasa Ní Fhátharta ar thaobh a máthar. D'fhág a máthair an teach seo ag Treasa. Tar éis roinnt ath-chóirithe le cabhair urraíochta sna 2000idí, d'oscail an teach don phobal.

Tá an teach sa stíl traidisiúnta, ceann tuí taobh istigh agus taobh amuigh. Tá stór breá troscáin agus uirlisí le feiceáil san teach; mar shampla an tuirne lín, an drisiúr agus dorú a bhíodh in úsáid ag iascaireacht, a thugann léargas ar an saol sna sean-laethanta. Tá leabharlann agus ionad cónaithe do scríbhneoirí béal dorais.




#Article 104: Drámaíocht Éireannach (258 words)


Stair na Drámaíochta in Éirinn. I mBaile Átha Cliath a bhí an bhéim ar dhrámadóireacht don chuid is mó in Éirinn le céad blian anuas, ach tá amharclanna ar fud na tíre. 

Tá Amharclann an Gheata, Amharclann na Mainistreach agus agus Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath. Is í Amharclann na Mainistreach a bhain amach cáil di féin i gcéadbhlianta an stáit le drámaí John Millington Synge mar the Playboy of the Western World agus Sheáin O'Casey mar the Plough and the Stars. B'iad William Butler Yeats agus Lady Gregory a bhí i mbun bainistíochta ar Amharclann na Mainistreach i dtosach. 

Chuir Hilton Edwards agus Mícheál Mac Liammóir Amharclann an Gheata ar bun i 1928, agus taispeánadh réimse mór drámaí le húdair éagsúla Eorpacha ann. I 1924, freisin, a cuireadh Taibhdhearc na Gaillimhe ar bun, agus ba dhrámaí as Gaeilge is mó a bhí á dtaispeáint.

Maidir le grúpaí a oibríonn trí mheán na Gaeilge, bíonn mion-fhéilte agus Féile Náisiúnta Drámaíochta ann 'chuile bhliain i gceantair éagsúla á n-eagrú ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Tá roinnt de na drámaí Gaeilge a chuirtear ar stáitse timpeall na tíre á léiriú faoi bhrat an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta.

I measc dhrámadóirí móra na hÉireann, tá Oliver Goldsmith, Richard Brinsley Sheridan, Dion Boucicault, Oscar Wilde, George Bernard Shaw, Lady Gregory, George Moore, William Butler Yeats, Seán O'Casey, Austin Clarke, Denis Johnston, Thomas Kilroy, Tom Murphy, Hugh Leonard, John B. Keane, Brian Friel a scríobh i mBéarla, Brendan Behan (i mBéarla agus i nGaeilge) agus Samuel Beckett (i mBéarla agus i bhFraincís).




#Article 105: An Astráil (492 words)


Is tír í an Astráil atá le fáil idir an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach, agus í ar an oileán is mó ar domhan. Is é Scott Morrison an Príomh-Aire faoi láthair.
   
Tháinig daoine chun cónaithe sa tír timpeall 40,000 bliain ó shin ar a laghad, sinsir na mBundúchasach atá anois ann. Chruthaigh siad a lán cultúr casta, agus tá a gcuid teangacha ar na cinn is ársa ar domhan. De réir a chéile rinneadh fásach de chuid mhaith den tír, cé go raibh an t-oirthear torthúil go maith i gcónaí. 

Ar éigean a bhí eolas ag Eorpaigh ar an Astráil go dtí an seachtú haois déag. Ghlac an Captaen James Cook seilbh ar an tír in ainm na Breataine sa bhliain 1778, agus tugadh New South Wales ar an limistéar thoir mar a raibh an chéad choilíneacht. De réir a chéile bunaíodh coilíneachtaí eile timpeall na tíre, agus rinneadh aon tír amháin díobh, Comhlathas na hAstráile, sa bhliain 1901.

De bhunadh Shasanach agus Éireannach cuid mhór den daonra, ach pobal an-mheasctha atá ann anois, go háirithe sna cathracha, agus neart teangacha le cloisteáil, cé gurb é an Béarla an príomhtheanga. Ba mhór an babhta ar na Bundúchasaigh teacht na nEorpach, agus fuair mórán acu bás de ghalracha agus den lámh láidir, ach tugtar aitheantas anois dá ndúchas. 
 
Córas cónaidhme atá ann, sé stát agus dhá chríoch, agus cúpla oileán ina gcríocha spleácha. Tá timpeall os cionn 20 milliún duine sa tír, agus os cionn 70% de na daoine ina gcónaí i ndeich cinn de na cathracha. Is í an Bhanríon Eilís II ceann an Stáit go fóill, cé nach bhfuil sa Choróin ach comhartha stairiúil anois, agus súil ag mórán daoine go ndéanfar poblacht den Astráil feasta.

Tá beagnach leath na hAstráile ina fásach agus tá cuid mhaith den fhuílleach neamhthorthúil. Tír ársa shíonchaite atá i gceist, agus ní maith an fód atá ar an gcuid is mó di. Ní raibh ach 15% den talamh oiriúnach don fheirmeoireacht nuair a tháinig na hEorpaigh i ndeireadh an 18ú haois, agus ní bheadh ach 10% insaothraithe anois. San Oirthear atá an talamh is méithe agus an méid uisce is mó, ach rinne na chéad fheirmeoirí díobháil mhór don timpeallacht. Anois, áfach, tá feirmeoirí na hAstráile an-oilte ar thairbhe a bhaint as a gcuid talaimh. 

Bhíodh coillte móra in oirdheisceart na tíre, ach leagadh an chuid ba mhó díobh sa 19ú haois. Crainn eoclaipe (a dtugtar crainn ghuma orthu) an cineál is coitianta, agus iad ag cur go maith le tír thirim agus le tinte coille. In oirthuaisceart na tíre tá iarsmaí na gcoillte fearthainne. Meastar gur fhág modhanna cliste dóiteáin na mBundúchasach rian buan ar leagan amach agus ar nádúr na gcoillte. 

Tá aird ag an bpobal agus ag na polaiteoirí araon ar chúrsaí comhshaoil anois, ach is cosúil go mbeidh an tír thíos go mór leis an téamh domhanda, agus a laghad sin uisce ann. 

De réir na mblianta a leanas:




#Article 106: Dáibhí Ó Bruadair (322 words)


Bhí Dáibhí Ó Bruadair (c. 1625 - 1698) ar dhuine de na filí Gaeilge ba shuntasaí de chuid an 17ú haois. Scríobh sé dánta pearsanta agus dánta eile a chuir síos ar staid na tíre lena linn. Tá siad siúd ina bhfoinse tábhachtach eolais ar Éirinn ó aimsir Cromail amach, go háirithe i rith na tréimhse 1682 - 1691. 

Tá fianaise ann (lámhscríbhinn dar dáta 1793) gurbh ó Chnoc Rátha i mBarrachaibh Móra in oirthear Chorcaí dó, cé gur ar an gClaonghlais i gContae Luimnigh is mó a bhí cónaí air. Is dócha go raibh a mhuintir ina suí go te agus gur tugadh scolaíocht mhaith dó. Bhí Laidin aige agus is minic a scríobhadh sé míniúchán Béarla le hais a dhánta. Bhí an-spéis i gcúrsaí ginealaigh agus staire aige.

Lena gceantar féin a bhaineann na dánta is túisce atá againn uaidh, agus is cosúil gur timpeall na bliana 1660 a bhain sé Luimneach amach den chéad uair. Théadh sé ar ais go dtí Corcaigh ó am go chéile, agus sa chontae sin is mó a rinneadh cóipeanna dá shaothar. Bhí cuid d'uaisle Chorcaí, Chiarraí agus Luinmigh ina bpátrúin aige, agus chum sé dánta do Ghearaltaigh agus do Bhúrcaigh Luimnigh go háirithe. 

Tháinig bochtanas air timpeall na bliana 1674. Ba í sin tús na tréimhse inar chum sé an chuid is fear dá shaothar, ag cur síos ar a dhoch-chás féin agus ar an dímheas a bhí ar lucht léinn sa saol nua.

Bhí máistreacht ag Ó Bruadair ar shean-mheadrachtaí na scol agus ar na meadrachtaí aiceanta, agus as na cinn aiceanta is mó a bhain sé feidhm. Is cuid suntais í a chuid filíochta ar a fuinneamh, ar a déine, ar fhaobhar a friotail agus ar a greann garbh searbh. Tá éagsúlacht neamhchoitianta ag baint lena shaothar - marbhnaí, aoir, dánta cráifeacha agus dánta pósta. Ar na marbhnaí tá Truagh liom gol deise go dian, caoineadh ar chailín de na Gearaltaigh:




#Article 107: Aogán Ó Rathaille (412 words)


Ba fhile é Aogán Ó Rathaille (1670 – 1729), a chuir tús leis an ngné liteartha i bhfilíocht na Gaeilge ar a dtugtar aisling. Rugadh Ó Rathaille i Screathan an Mhil ( Béarla: Scrahanavee), Sliabh Luachra, Contae Chiarraí. Bhí a shinsir ina n-ollúna ag Clann Mhic Cárthaigh Mhóir. 

Fuair sé teagasc sa Laidin agus sa Bhéarla agus chuir sé aithne ar stair agus litríocht na Gaeilge. Ceann de na dánta ba cháiliúla dár chum sé ab ea 'Gile na Gile'. Thart faoin mbliain 1714 a scríobhadh an aisling Bharócach seo, san am céanna agus a chuaigh an rí Gearmánach Seoirse I (1660-1727) de rítheaghlach Hannover i seilbh choróin na Breataine. Gné thábhachtach den chineál filíochta a chumadh Aogán is ea an gaol a shamhlaigh sé, mar fhile teaghlaigh, a bheith aige féin le Clann Mhic Chárthaigh Mhóir. B'é an Cárthach Mór príomhghéag an teaghlaigh ríoga agus cé go raibh na Cárthaigh i réim i gCúige Mumhan anallód, bhí an cine 'tráite tréithlag' faoin am seo. Tugann a shaothar léargas ar mheath na nGael sa seachtú haois déag nuair a bhí uasalaicme na hÉireann á gcur as seilbh agus á ndíbirt thar sáile ag fórsaí na Breataine. In ainneoin na hoiliúna a bhí air, b'éigean d'Aogán dul ag obair mar spailpín ar fud chúige Mumhan.

Tá an file adhlactha i Mainistir Mhucrois, Eastát Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, Cill Airne, Co Chiarraí.

Is fada liom Oíche Fhírfhliuch
Is fada liom oíche fhírfhliuch gan suan, gan srann, gan ceathra, gan maoin caoire ná buaibh na mbeann;
anfa ar toinn taoibh liom do bhuair mo cheann,
's nár chleachtas im naíon, fiogaigh ná ruacain abhann.

Dá maireadh an rí díomhair ó bhruach na Leamhan
's an ghasra do bhí ag roinn leis lér thrua mo chall
i gceannas na gcríoch gcaoin gcluthar gcuanach gcam,
go dealbh í dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann.

An Carathach groí fíochmhar lér fuadh an mheang
is Carathach Laoi i ndaoirse gan fuascladh fann;
Carathach, rí Chinn Toirc, in uaigh 's a chlann,
's is atuirse trím chroí gan a dtuairisc ann.

Do shearg mo chroí im chlíteach, do bhuair mo leann,
na seabhaic nár fríth cinnte, agár dhual an eang
ó Chaiseal go Toinn Chlíona 's go Tuamhain thall,
a mbailte 's a dtír díthchreachta ag sluaghaibh Gall.

A thonnsa thíos is airde géim go hard,
meabhair mo chinnse cloíte ód bhéiceach tá;
cabhair dá dtíodh arís ar Éirinn bhán,
do ghlam nach binn do dhingfinn féin id bhráid.




#Article 108: Éirí Amach na Cásca (3792 words)


Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca (nó Éirí Amach 1916, nó Aiséirí na Cásca) ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc curtha ar ceal, níor ghlac ach tuairim is míle duine páirt san Éirí Amach, idir fhir agus mhná. Tháinig ceithre chéad duine le chéile le haghaidh an éirí amach in oirthear na Gaillimhe.

Léigh ceannaire an Éirí Amach, Pádraig Mac Piarais, amach Forógra na Poblachta ar an tsráid lasmuigh d'Ardoifig an Phoist, agus é ag gairm Poblacht neamhspleách den tír. Cuireadh na mílte saighdiúirí Briotanacha isteach sa chathair. Agus le cabhair ó ghunnaí móra na loinge cogaidh, HMS Helga, ar an Life, cuireadh an tÉirí Amach faoi chois laistigh de sheachtain amháin. Mar sin féin, chuaigh an tÉirí Amach go mór mór i bhfeidhm ar mhuintir na tíre, agus ba mhór an inspioráid é do lucht leanúna an náisiúnachais ar fud na hÉireann. B'é an iarracht ba threise é ó Bhliain na bhFrancach chun na Sasanaigh a dhíbirt as Éirinn. 

Ní raibh tacaíocht an phobail ag na hÓglaigh ar dtús. Nuair a bhí na saighdiúirí dearga ag seoladh na nÓglach go dtí an príosún, chonacthas cosmhuintir Bhaile Átha Cliath ag caitheamh anuas orthu agus á milleánú faoin léirscrios a rinneadh ar an gcathair le linn na gcathanna sráide. 

Lámhachadh an chuid is mó de na ceannairí faoi dheifir i mí na Bealtaine sa bhliain 1916, agus d'athraigh barúil an phobail i leith an Éirí Amach. Cuireadh na céadta i mbraighdeanas i bhFrongoch sa Bhreatain Bheag, agus chuaigh siad go tapa chun radacachais ansin faoi thionchar na n-imeachtaí agus an chineál cuideachta a bhí acu ansin. 

Nuair a tháinig siad abhaile, eagraíodh feachtas polaitiúil a spreag an pobal chun tacaíochta leis an náisiúnachas, agus bhain Sinn Féin, an páirtí ba bháúla leis na hÓglaigh, an tromlach amach in olltoghchán na bliana 1918. Ansin, in áit a gcuid suíochán a ghlacadh i bparlaimint Westminster, tháinig siad sin le chéile chun Dáil Éireann a bhunú agus an Phoblacht a bhí fógartha le linn an Éirí Amach a athbheochan. B'é sin a chuir tús le Cogadh na Saoirse in Éirinn, agus na Sasanaigh ag iarraidh an Dáil a chloí arís.

Cé gur baill d'Óglaigh na hÉireann a bhí ag troid, b'é Bráithreachas na Poblachta (IRB) a phleanáil an t-éirí amach. Nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, tháinig ceannairí an Bhráithreachais le chéile, agus iad ag pleanáil an dóigh a mbainfidís leas as cruachás na Breataine Móire ar mhaithe le hÉirinn. 

Ar an séala seo, cheap reachtaire an Bhráithreachais, Tomás Ó Cléirigh, Coiste Míleata ar leith leis an gceannairc a ullmhú. B'iad Pádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt, agus Seosamh Pluincéad a chuaigh ar an gCoiste ar dtús.Ina dhiaidh sin, chuaigh an Cléireach féin agus Seán Mac Diarmada leo. Baill den Bhráithreachas ab ea iad ar fad, agus amach ón gCléireach, Óglaigh a bhí iontu fosta. 

Ón lá a bunaíodh na hÓglaigh mar eagraíocht sa bhliain 1913, bhí an Bráithreachas á sealbhú de réir a chéile, agus iad ag cuidiú le chéile le céimíochtaí oifigigh a bhaint amach. Mar sin, nuair a tháinig bliain an Éirí Amach, bhí an chuid ba mhó d'oifigigh na nÓglach ag tacú le Poblachtánachas na láimhe láidre. I ngan fhios d’Eoin Mac Néill, shocraígh an IRB go n-éireoidh siad amach ar Dhomhnach Cásca.

Ní raibh Eoin Mac Néill, ceannaire na nÓglach, ar aon tuairim leo siúd, áfach. B'fhearr leisean staonadh ón reibiliún go dtí go mbeadh an cogadh críochnaithe, agus ansin, úsáid a bhaint as na hÓglaigh le brú a chur ar na Sasanaigh. Mar sin féin, bhí an Bráithreachas meáite ar é a chur ar mhalairt comhairle, sin nó droichead a dhéanamh de ar fad agus an t-éirí amach a thosú beag beann air. Níor éirigh go maith leo ceachtar den dá chomhairle sin a chur i gcrích.

De thaisme, bhí Séamus Ó Conghaile, an ceannaire Sóisialach, ag bagairt éirí amach dá chuid féin faoin am seo. Bhí sé i gceannas ar an Arm Cathartha, dream armtha na gceardchumannaithe agus na Sóisialaithe, nach raibh ach dhá chéad duine ann. Ní neart go cur le chéile, a shíl an Bráithreachas - b'fhearr an dá iarracht seo a chomhordú, nó dá rachadh an tArm Cathartha chun ceannairce ina aonar, ní dhéanfadh sé ach iarracht na nÓglach féin a chur ó mhaith, agus na díormaí Sasanacha a tharraingeodh sé go dtí an chathair. Mar sin, shocraigh ceannairí an Bhráithreachais agus an Conghaileach le chéile go raibh siad le comhoibriú, agus go raibh an t-éirí amach le tosú ar an gCáisc.

I dtús Mhí Aibreáin, d'eisigh an Piarsach orduithe faoi pharáidí agus faoi inlíochtaí ar fud trí lá ó Dhomhnach na Cásca ar aghaidh. Ó bhí sé ina Stiúrthóir ar eagraíocht na nÓglach, bhí údarás aige a leithéid d'orduithe a thabhairt. Is é an smaoineamh a bhí aige ná go n-aithneodh na Poblachtánaigh láidre, go háirithe lucht an Bhráithreachais, i measc na nÓglach céard a bheadh i gceist leis na paráidí, agus nach rithfeadh a dhath le hEoin Mac Néill ná leis na Sasanaigh. 

Mar sin féin, fuair Mac Mhic Néill boladh den rud a bhí sna fonsaí tógála, agus bhagair sé ar lucht leanúna an Phiarsaigh gach aon rud ab fhéidir a dhéanamh, ach amháin glao gutháin a chur ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, leis an scéim a stopadh. 

D'éirigh le Seán Mac Diarmada, ar dtús, malairt chomhairle a áitiú air, agus é ag tagairt don lastas armálacha a bhí ag teacht ón nGearmáin le Ruairí Mac Easmainn. An lá arna mhárach, áfach, chrom Mac Mhic Néill ar ais ar a sheandearcadh diúltach, nó chuala sé gur tháinig na Sasanaigh ar long na n-armálacha agus gur ghabh siad an tEasmannach. 

Le tacaíocht ó cheannairí eile a bhí ar aon tuairim leis, go háirithe Bulmer Hobson agus Mícheál Seosamh Ó Rathaille, d'eisigh sé frithordú leis an éirí amach a chur ar ceal. D'fhógair sé nach mbeadh paráid ar bith ar Dhomhnach na Cásca, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, ní dhearna sin ach moill lae a chur ar an gceannairce.

Bhí sé pleanáilte ag Séamas Ó Conghaile agus ag Seosamh Pluincéad beag beann ar a chéile foirgnimh in áiteanna straitéiseacha a shealbhú thall is abhus i mBaile Átha Cliath le daingean a dhéanamh den chathair in éadan ionsaí na saighdiúirí dearga. Dá mbeadh an t-ádh leis na reibiliúnaigh, bheidís i seilbh limistéar inchosanta de lár na cathrach, agus é teorannaithe ag na canálacha agus ag na sráideanna ciorclacha. B'é oighear an scéil, áfach, nach raibh a ndóthain Óglach ann le sin a dhéanamh. Mar sin, fágadh Caisleán Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide mar dhúnfoirt ag na Sasanaigh, agus na hÓglaigh scartha ó chéile ag na dúnfoirt seo. Mar sin, bhí na Sasanaigh ábalta na hÓglaigh a chloí de réir a chéile, díorma i ndiaidh díorma.

Bhí ceithre chathlán sa rannán a bhí ag na hÓglaigh i mBaile Átha Cliath, agus gach cathlán acu faoi cheannas ceannfoirt a bhí dílis do Bhráithreachas na Poblachta. Cuireadh cathlán breise i dtoll le chéile as fir a fuarthas ar iasacht ó na cinn eile. B'é seo an cathlán a cuireadh i gceann Ardoifig an Phoist, agus na ceannairí uile ag dul leis: Pádraic Mac Piarais, a bhí ina Uachtarán agus ina Phríomh-Cheannfort; Séamus Ó Conghaile; Tomás Ó Cléirigh; Seán Mac Diarmada; Seosamh Pluincéad; agus captaen óg darbh ainm Mícheál Ó Coileáin. Idir an dá linn, ghabh an Chéad Chathlán foirgneamh na gCeithre gCúirteanna agus iarthuaisceart na cathrach faoi chomandracht Éamoinn Uí Dhálaigh. Chuaigh Tomás Mac Donncha agus an Dara Cathlán ag sealbhú monarcha brioscaí Jacob ó dheas ó lár na cathrach. Bhí Éamon de Valera i gceannas ar an Tríú Cathlán a ghabh Muileann Uí Bheolain. Bhí Éamonn Ceannt i gceannas ar an gCeathrú Cathlán, agus fuair siad seilbh ar Aonacht Átha Cliath Theas, teach oibre in iardheisceart na cathrach. B'é an tArm Cathartha a ghabh Faiche Stiabhna agus Halla na Cathrach. Ó chuir an gabháltas seo an dlí agus an tsíocháin ar ceal, chuaigh na bochtáin ag creachadh na siopaí. D'ordaigh oifigeach amháin dá chuid Óglach urchair a scaoileadh leis na foghlaithe seo, ach ní raibh an Conghaileach, mar Shóisialaí, sásta leis seo, agus thug sé frithordú do na fir.

Ós rud é go raibh sé éirithe le Mac Mhic Néill an t-éirí amach a stopadh taobh amuigh den phríomhchathair, fágadh ardcheannasaíocht na reibiliúnach i bpáirc an áir faoin gConghaileach, a raibh sé de chlú air go raibh ciall mhaith aige don oirbheartaíocht. Goineadh go héag é, ach ina dhiaidh sin féin bhí sé in ann an cath a stiúradh is a dhíriú, agus a chuid fear á bhogadh ó áit go háit ina luí sa leaba dó. Mar ba dual don tSóisialaí, shíl sé nach mbeadh rialtas caipitlíoch Shasana fonnmhar maoin saolta dá gcuid féin a léirscrios le gunnaí móra airtléire, ach faraor géar, ní raibh an ceart aige ná geall leis. 

Ar dtús, bhí ceannfort na bhfórsaí Sasanacha sa phríomhchathair, an Ginearál Lowe, bhí sé mall go leor ag teacht chuige féin, nó ní raibh aige féin ach míle agus dhá chéad fear sa chathair - is é sin, fear amháin in aghaidh gach Óglach - agus ní raibh sé cinnte, cé mhéad reibiliúnach a bhí ann. D'fhógair sé dlí an chogaidh, agus chrom a chuid fórsaí ar shúil a choinneáil ar na bealaí isteach go dtí Caisleán Átha Cliath agus ceanncheathrú na reibiliúnach in Ardoifig an Phoist a scaradh ó na hÓglaigh eile. Tháinig an bád gunnaí móra, HMS Helga, chun fortachta, agus fuarthas airtléire machaire ó gharastún Átha Luain. Suíodh na gunnaí móra ar an taobh ó thuaidh den chathair ag Sráid na Prúise, Baile Phib agus Bóthar na Cabraí. An chuid ba mhó den tseachtain, bhí na gunnaí seo ag lámhach lár na cathrach, agus chuaigh cuid nár bheag de trí thine. Bhí Halla na Saoirse ar an chéad fhoirgneamh a bhí thíos leis, ach siúd is go raibh an foirgneamh seo ina cheanncheathrú ag na ceardchumainn agus ag an Arm Cathartha, bhí sé tréigthe ag na reibiliúnaigh roimh an éirí amach, agus ní raibh ciall ná réasún le bheith á lámhach. Spéisiúil go leor, b'éigean don bhád gunnaí móra Helga éirí as an lámhach, ó bhí a cuid urchar ag bagairt Lóiste an Leasrí i bPáirc an Fhionnuisce.

Tugadh tuilleadh fórsaí isteach ó Shasana, agus an Ginearál Maxwell i gceannas orthu. Bhí thart ar shé mhíle déag de shaighdiúirí dearga agus míle duine de shaighdiúirí dubha ann, le dul chun catha ar mhíle Óglach agus dhá chéad is caoga saighdiúir de chuid an Airm Chathartha. Is léir nach raibh na hÉireannaigh in ann an fód a sheasamh in aghaidh na sluaite síoraí seo. 

Ní raibh mórán cogaíochta ar siúl timpeall na ceanncheathrún. Cuireadh na cathanna ba troime thart ar an gCanáil Mhór. Bhí cuid mhaith reibiliúnaigh seadaithe in áiteanna ansin agus iad ag iarraidh a gcuid suíomh a chosaint. San am céanna, bhí na Sasanaigh ag féachaint leis an gcanáil a ghabháil, ó bhí sí ag teastáil uathu le fórsaí fortachta a thabhairt isteach ó Dhún Laoghaire. Rinne na Sherwood Foresters, reisimint de chuid Arm na Breataine, iarracht an Chanáil a thrasnú ag Sráid an Mhóta, ach fuair siad iad féin á lámhach ón dá thaobh níos mó ná uair amháin. Ní raibh ach dháréag Óglach ag seasamh an fhóid anseo, ach bhí siad in ann ascnamh na nGall a stopadh ar feadh i bhfad agus dhá chéad is dhá scór Sasanach a mharú nó a ghoin sa teagmháil. Maidir leis na hÓglaigh ag teach na hoibre (Aonacht Átha Cliath Theas), d'éirigh leo an-dochar a dhéanamh do na díormaí Sasanacha a bhí ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go dtí an Caisleán. Goineadh Cathal Brugha go tromchúiseach i bpáirc seo an áir. De réir a chéile, áfach, b'éigean do na reibiliúnaigh an suíomh seo a thréigean, nó bhí an lón cogaidh ag rith gann, agus ní raibh maolú ar bith ag teacht ar an gcith sliogán. Maidir le Faiche Stiabhna, d'fhág na reibiliúnaigh í, nuair nach raibh siad ábalta í a choinneáil a thuilleadh, agus na Sasanaigh ag cur snípéirí agus meaisín-ghunnadóirí ag obair sa chomharsanacht. Chúlaigh lucht cosanta Fhaiche Stiabhna - saighdiúirí de chuid an Airm Chathartha a bhí ann - faoi chomandracht Mhíchíl Uí Mhulláin go Coláiste Ríoga na Máinlianna, áit ar fhan siad go dtí gur ghéill siad iad féin do na Sasanaigh. 

Is beag a tharla in Ardoifig an Phoist le linn an éirí amach. Ar dtús, léigh an Piarsach Forógra na Poblachta os ard do na daoine ó staighrí oifig an phoist, agus ansin, dhaingnigh seisean agus a chuid fear iad féin san fhoirgneamh. Ó nach raibh siad in ann an chith sliogán a fhreagairt ar aon dóigh éifeachtúil, thréig siad Ardoifig an Phoist agus bhunaigh siad ceanncheathrú nua i Sráid Moore. Ar an naoú lá fichead de Mhí Aibreáin, arbh é an chéad Satharn i ndiaidh na Cásca é, thug an Piarsach ordú do na hÓglaigh éirí as an gcogaíocht agus iad féin a ghéilleadh do na Gaill. 

Fuath ba mhó a bhí ag an gcosmhuintir ar na reibiliúnaigh le linn an Éirí Amach. B'iad na hÓglaigh ba mhó a bhí á milleánú ag muintir na háite sa léirscrios a rinneadh ar an gcathair, gan trácht a dhéanamh ar na céadta sibhialtach a fuair bás idir dhá thine Bealtaine. Básaíodh míle dhá chéad duine. Fuair ceathrar Óglach is trí scór bás sna cathanna, agus cuireadh seisear déag eile chun báis i bPríosún Chill Mhaighneáin i ndiaidh an éirí amach. Maraíodh céad is dhá scór saighdiúir Sasanach, agus goineadh trí chéad ochtar déag acu. Maidir le Constáblacht Ríoga na hÉireann agus póilíní na cathrach, fuair seachtar déag acu bás. B'é Mícheál Seosamh Ó Rathaille an t-aon cheannaire amháin de chuid na nÓglach a bhásaigh i bpáirc an áir. 

Gabhadh trí mhíle ceithre chéad tríocha duine mar amhrasánaigh, agus cuireadh na ceannairí chun báis, go háirithe iad siúd a shínigh an Forógra. Bhí an Conghaileach gonta go héag cheana féin, agus é ag fulaingt go mór leis an dóigh a raibh an ghoimh ag dul chun donais. Ní raibh sé in ann seasamh suas, agus lámhachadh ina shuí é. Bhí go leor údarás áitiúil agus nuachtán, go háirithe an tIrish Independent ag éileamh tuilleadh básuithe den chineál chéanna. Nuair a bhí an tÉirí Amach thart, bhí míle ceithre chéad agus ocht scór duine i mbraighdeanas ag na Sasanaigh, agus nuair a tugadh go dtí an Bhreatain Bheag iad, bhí gnáthmhuintir na príomhchathrach ag caitheamh seileoige orthu le teann dímheasa.

Ina lán áiteanna, tháinig díormaí d'Óglaigh amach le páirt a ghlacadh san éirí amach, ach má tháinig, d'fhill siad abhaile nuair a fuair siad amach faoin rud a bhí ordaithe ag Eoin Mac Néill. Slógadh complachtaí iomlána i gContae Thír Eoghain agus céad tríocha is beirt fhear i mBóthar na bhFál i mBéal Feirste. Bhí Liam Ó Maoilíosa i gceannas ar thrúpa a thug ionsaí mírathúil faoi stáisiún na bpéas i nGaillimh. Mharaigh Seán Mac an tSaoi agus a chuid Óglach ó Chontae Lú péas agus séiléir. I gContae Loch Garman, shealbhaigh na hÓglaigh Inis Córthaidh de ghrá an tsiombaileachais go ceann cupla lá, sular ghéill siad iad féin do na Sasanaigh. Mar sin, ní éirí amach a bhí ann ach athchruthú na n-imeachtaí i mBliain na bhFrancach. Chruinnigh míle Óglach le chéile i gCorcaigh ar Dhomhnach na Cásca, ach ansin, chuala siad an t-ordú a tháinig ó Eoin Mac Néill agus scaip siad arís. Níor cuireadh cath ceart ach i gCill Dhéagláin. Ansin, mharaigh na hÓglaigh ochtar péas agus ghoin siad cúigear déag eile.

Mar chuid d'Éirí Amach chuaigh suas le 600 duine chun dualgais i gceantair Órán Mór, Ghoirt Inse Guaire agus Bhaile Átha an Rí i gcontae na Gaillimhe ar Aibreán 25, 1916 agus ar na laethanta dar gcionn. Ba bhocht an traenáil agus an t-armas a bhí orthu, ach ba é an taon iarracht cumasach d'aon tsórt a déanadh san éirí amach lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Tháinig athrú mór ar dhearcadh an phobail i leith na gceannairceoirí, nuair a cuireadh na cinnirí chun báis. Roimhe sin, b'é an meas a bhí ag formhór mór na nÉireannach orthu gur lucht tarraingthe achrainn a bhí iontu nach raibh ach ag déanamh dochair do chás na hÉireann. Na cimí a scaoileadh saor sa deireadh, thosaigh siad ag atheagrú agus ag athfhruiliú fórsaí Poblachtacha, agus fuair Sinn Féin tolgadh an deargnáisiúnachais uathu. Íorónta go leor, ní raibh Sinn Féin ag an am sin leath chomh radacach agus a shíl na Gaill. A mhalairt ar fad, bhí an páirtí sásta glacadh leis an monarcacht féin, agus níor ghlac sé páirt ar bith san Éirí Amach, mar pháirtí, cibé céard a chuir na nuachtáin Shasanacha ina leith. Na cinnirí náisiúnaíocha a tháinig slán as an Éirí Amach, d'insíothlaigh siad Sinn Féin agus chuir siad ruaigeadh ar an dream monarcach a bhí ina measc siúd i gceannas ar an bpáirtí roimhe sin.  Ba é Art Ó Gríofa an páirtí é a bhunaigh, sa bhliain 1905.

Inniu féin, is minic a chuirtear an cheist, cén cineál cor a chuirfeadh na Sasanaigh i gcinniúint na hÉireann, dá staonfaidís ó chinnirí an Éirí Amach a chur chun báis in Earrach na bliana 1916.

Bhain Sinn Féin amach formhór mór na suíochán in Olltoghcháin na bliana 1918, i Mí na Nollag. Ansin, tháinig an chuid ba mhó d'Fheisirí Shinn Féin le chéile i mBaile Átha Cliath, agus d'fhógair siad Éire ina Poblacht arís, ar an t-aonú lá fichead den bhliain 1919. In alt na huaire seo bhí Éamon de Valera i gcarcair i bpríosún Lincoln agus níorbh é ina shaoradh go dtí Mí Fheabhra. Tháinig sé slán as an Éirí Amach de thaisme, nó ós rud é gur chaith sé blianta a chéad óige sna Stáit Aontaithe, bhí an chuma ar an scéal go raibh sé ina shaoránach Meiriceánach, rud a chiallódh nach bhféadfaí é a bhású mar sin. Nuair a chinn na húdaráis ar é a chur chun báis i ndiaidh an iomláin, bhí deireadh tagtha leis na básuithe ar fad cheana féin. Toghadh é mar Uachtarán (Príomh-Aire) ar an 1 Aibréan 1919.

Iad siúd a cháineann an tÉirí Amach, fuair siad locht ar na ceannairí, toisc go raibh a fhios acu, nó ag cuid acu ar a laghad, nach raibh seans ar bith acu an báire a ghnóthú. Is é an chiall a bhain siad as an Éirí Amach nach raibh ann ach siabhrán rómánsúil de chuid an Phiarsaigh. Cé gur chuir an tÉirí Amach an chéad síol le Poblacht na hÉireann, ní raibh aon mhaith ann leis na hAontachtóirí Éireannacha a chur ar malairt intinne i leith an neamhspleáchais ná leis na Protastúnaigh Ultacha a mhealladh chun an chríochdheighilt a chur ar ceal.

Na staraithe Náisiúnaíocha, arís, is é an dearcadh a bhíonn acusan ná gur mhuscail an tÉirí Amach an náisiún, ar dhóigh is gur thosaigh an tír ar fad ag éileamh neamhspleáchais. De réir an dearctha seo, b'é an tÉirí Amach, chomh maith leis na himeachtaí a tharraing sé ina dhiaidh, a chuir ar chumas na nÉireannach Cogadh na Saoirse a chur agus an tsaoirse a bhaint amach don tír arís.

Tá an teoiric ann freisin go raibh an tÉirí Amach fite fuaite le comhoibriú na náisiúnaithe Éireannacha leis an nGearmáin. Dá mb'í an Ghearmáin a bhéarfadh bua ar an mBreatain Mhór, - a cheapann lucht leanúna na teoirice seo, - bheadh toscairí Phoblacht na hÉireann ina suí ag bord na gcomhchainteanna síochána i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda.

Is é an chiall is fearr leis na staraithe a bhaint as an scéal, ná go bhfuair na Sé Chontae Fichead neamhspleáchas idir an chéad lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1922 (nuair a chuaigh an chumhacht fheidhmitheach ó lámh na nGall go lámh na nGael de réir an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus é sínithe ag Rialtas na Breataine Móire agus toscairí na nÉireannach sa bhliain 1921, - nó b'é an Conradh seo a chuir bun le Saorstát Éireann) agus an séú lá de Mhí na Nollag sa bhliain chéanna (nuair a chuaigh an chumhacht reachtaitheach ó lámh na nGall go lámh na nGael). Mar sin, ní thugann siad aitheantas ar leith don Éirí Amach mar bhunchloch. Mhair an Saorstát go dtí an bhliain 1937, nuair a heisíodh Bunreacht na hÉireann. Ansin, ní raibh ach athrú ainm de dhíth le poblacht cheart a dhéanamh den tír. Sa bhliain 1949, tháinig an tOireachtas le chéile le Poblacht a ghairm d'Éirinn.

Uaireanta, deirtear gurbh é Éirí Amach na Cásca an chéad réabhlóid Shóisialach san Eoraip. Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an ráiteas seo. B'é an Conghaileach an t-aon duine amháin de na ceannairí a raibh dlúthbhaint aige le gluaiseacht idirnáisiúnta na Sóisialach. Cé gur thug an chuid eile acu le fios go raibh siad meáite ar stát Sóisialach a dhéanamh den Phoblacht, is é an chuma atá ar an scéal nach raibh ann ach cleas le tacaíocht an Chonghailigh a fháil don Éirí Amach. Réabhlóid i gcúrsaí an chultúir agus na polaitíochta a bhí ag teastáil uathu thar aon chineál réabhlóid eile. 

Bhí an Piarsach suite siúráilte, mar shampla, nach n-éireodh leis an Éirí Amach cibé, agus mar sin, bhí an chaint saor aige. Bheadh sé chomh maith aige réabhlóid Shóisialach a ghealladh, nó ní chaithfeadh sé beart a chur le briathar. B'fhollasach nach raibh mórán muiníne ag an gConghaileach as a chuid comhchogaithe a fhad is a bhí a dtiomantas siúd don tSóisialachas i gceist. Bhí sé ullamh cogadh na n-aicmí a chur orthu a thúisce is a thiocfadh an Phoblacht ar an bhfód. Thairis sin, ní féidir a rá ar aon nós gur Sóisialach a bhí in Éamon de Valera, arbh é an duine ba mhó le rá agus ba mhó tionchair is cumhachta i saol na hÉireann acu siúd a tháinig slán as an Éirí Amach. 

Mar sin féin, nuair a tháinig na Boilséivigh i gceannas ar an Rúis, thug siad aitheantas dioplómatúil don Phoblacht a bhí fógartha ag an bPiarsach agus curtha ar ceal leis an gConradh Angla-Éireannach. Bhí luiteamas ag Léinín leis an gConghaileach, agus nuair a bhí na Cumannaigh eile ag fáil lochta air siúd toisc gur chomhoibrigh sé le náisiúnaithe buirgéiseacha, cháin Léinín iad, agus é den tuairim go raibh an ceart ag an gConghaileach go hiomlán nuair a chuaigh seisean i gcomhghuaillíocht le haicmí míshásta eile. Bheadh comhghuaillíochtaí den chineál sin géar-riachtanach ag na Cumannaigh lena gcuspóirí a bhaint amach, arsa Léinín.




#Article 109: Antoine Raiftearaí (818 words)


File as Contae Mhaigh Eo ab ea Antaine Raiftearaí (30 Márta 1779 nó 1784 (?) - timpeall 24 - 25 Nollaig 1835). Bhí sé dall ó bhí sé ina bhuachaill beag, agus shaothraíodh sé a chuid ag casadh ar an bhfidil i dtithe móra i gContae na Gaillimhe. 

Dealraíonn sé gur tháinig Antoine Raiftearaí ar an saol i gCill Liadáin in aice le Coillte Mách, Co. Mhaigh Eo. Níltear ar aon bharúil faoi lá ceart a bhreithe, ná fiú an bhliain. Dúirt Dubhghlas de hÍde gur saolaíodh é timpeall na bliana 1784, ach is é an t-eolas a bhí ag Séamas Ó hArgadáin ná gurb ar an 30ú lá de Mhí na Márta sa bhliain 1779 a rugadh Raiftearaí, agus is é tuairim Chiaráin Uí Choigligh gurb é seo an t-eolas is údarásúla. 

B'as an gCéis, Contae Shligigh d'athair Raiftearaí, agus ina fhíodóir. Shocraigh sé síos i gCill Liadáin lena cheird a chleachtadh ansin. Bhí tagtha chun a bheith ag obair do na Táthaigh (muintir Taaffe) Phós sé bean áitiúil dar shloinne Ní Bhraonáin. 

Nuair a bhí Raiftearaí fós ina ghasúr beag, shiúil an bholgach an áit, agus fuair cuid mhór de na páistí bás. B'é an file an t-aon duine clainne amháin de chuid mhuintir Raiftearaí a fágadh beo, nó d'éag an t-ochtar eile acu ar fad, agus chaill Antoine radharc a shúl. Bhí sé cúig bliana nó naoi mbliana d'aois nuair a tharla seo.

Bhí muintir Taaffe, a raibh athair Antaine ag obair ina fhíodóir dófa, sásta a bhflaithiúlacht a thál ar an mbuachaill dall. D’fhostaíodh na Táthaigh é chun dánta a aithris agus chun ceol a sheinm nuair a thagadh daoine ar cuairt chucu. Mar sin chaith Antaine blianta a chéad óige ag seinm agus ag scéalaíocht do na daoine uaisle seo.  

Níl sé soiléir cén fáth ar imigh Raiftearaí as teach mór mhuintir Taaffe. De réir leagan amháin, mharaigh sé de thaisme an capall ab fhearr a bhí ag fear an tí, agus chaithfeadh sé imeacht leis i mbéal na séibe. Is féidir freisin go raibh muintir Taaffe féin éirithe ró-bhocht le slí bheatha a chinntiú don éigeas. 

Tá an ráfla ann, leis, gurbh í an pholaitíocht ba chúis leis, ó bhí luí ag Raiftearaí leis an bPoblachtánachas agus leis an rúnchumannaíocht.  Ar aon nós, tá sé le tuiscint ó na hamhráin pholaitiúla go raibh bá aige le heagraíochtaí réabhlóideacha. B’fhéidir go raibh sé ina bhall de na Buachaillí Bána nó de na Fir Ribín.Mar sin, chaith Raiftearaí an chuid ba mhó dá shaol ag fánaíocht i gContae na Gaillimhe, ag seinm ar an bhfidil agus ag amhránaíocht. 

Ní heol dúinn i dtaobh na mná a phós sé, má phós. Bhí bean aige is cosúil, Siobhán, agus rugadh mac agus iníon dóibh. Chuaigh an mac le fidléireacht sa sorcas níos déanaí.

D’éag Raiftearaí i dteach i gCnoc an tSeanleachta i gCreachmhaoil timpeall 24-25 Nollaig 1835. Tá sé curtha i reilig Chill Fhínín (Reilig na bhFilí). Tá eolas i dtaobh a bháis a bhailigh an Bhantiarna Gregory ó sheanfhear sna 1890idí. Cuireadh leac ar an uaigh ar 26 Lúnasa 1900 agus chomh maith le Augusta Gregory, bhí Dubhghlas de hÍde agus W.B. Yeats i láthair an lá sin.

Is iad Eanach Dhúin, Cill Liadáin, agus Mise Raiftearaí an trí dhán is mó a shamhlaítear leis an bhfile inniu. Ach íorónta go leor, dealraíonn sé nárbh é Raiftearaí féin a chum an tríú ceann acu ar aon nós.

Tá timpeall leathchéad dán ar fáil sna lámhscríbhinní a luaitear le Raiftearaí agus atá insamhlaithe leis.

Is dócha go bhfuil an dán seo bunaithe ar fhíor-bhéaloideas nó ar línte fánacha de chuid Raiftearaí féin, ach b'é Seán Ó Ceallaigh, nó Baile Chraoch, an chéad duine a d'fhoilsigh Mise Raiftearaí, a cheap an dán mar is eol dúinn inniu é.

Bhí tionchar ag tairngreachtaí Phastorini air agus tá mothú láidir seicteach le brath ar chuid dá amhráin. Bhí eolas aige ar stair thraidisiúnta na hÉireann mar is léir ar an dán fada ‘Seanchas na Sceiche

Is iomaí litriú a chuirtear i bhfeidhm ar ainmneacha na seanfhilí Gaeilge uilig. Ach is dócha gurb é Raiftearaí an duine is mó acu a bhfuil an fhadhb seo ag baint leis. Feictear idir Raftery, Raiftearaí, Raifteirí, agus fiú, Ó Raifteirí in úsáid.  

Is cinnte nach bhfuil an leagan deireanach acu ceart, ós rud é nach bhfuil ann ach an leagan Béarla den ainm a bhfuil Ó na Gaeilge curtha leis. Feictear Ó Reachtaire, Ó Reachtúra, agus Ó Reachtubhra(igh) freisin, agus iad i bhfad níos fearr mar Ghaeilge. 

Is é an breithiúnas a thugann Ciarán Ó Coigligh ar an scéal ina leabhar faoi Raiftearaí ná gurb é an leagan Béarla den tsloinne Ó Reachtaire nó Ó Reachtubhra a bhíodh ag an bhfear féin agus ag lucht a chomhaimsire. Mar sin, roghnaigh seisean an leagan Raiftearaí, ó bhí sé den bharúil gurb é an leagan ba chóngaraí d'úsáid an phobail.

Tugtar An Reachtúireach air scaití.




#Article 110: Filíocht (166 words)


Is saghas ealaíne scríofa í an fhilíocht ina n-úsáidtear teanga ar son a cáilíochtaí aeistéitiúla chomh maith le - nó in ionad - na tuairimí le tuiscint ó na focail. 

Dán is ea an téarma i nGaeilge ar phíosa filíochta a chruthaíonn an file. 

Go minic úsáidtear foirm chomhdhlúite i ndánta chun mothúcháin nó smaointe doimhne a chur in iúl don léitheoir nó don lucht éisteachta. Chomh maith leis sin tá deiseanna cosúil le hathrá agus comhfhuaim le cloisteáil chun éifeacht cheolmhar a chur i gcrích.  

De ghnáth, baineann filí an-fheidhm as íomhánna, meafair srl. chomh maith. Uaireanta is deacair dán a thuiscint de bharr íomhánna nó meafar casta. Bíonn níos mó ná brí amháin le tuiscint ón gcuid is mó de phíosaí filíochta. 

Tá stair fhada ag baint le filíocht atá i bhfad níos faide ná léitheoireacht nó scríbhneoireacht. Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir filíocht agus prós maidir leis an úsáid a bhaintear san fhilíocht as cáilíochtaí aeistéitiúla na focail, athrá, rithim agus meadaracht. 




#Article 111: Alasca (186 words)


Is é Alasca an stát is mó de Stáit Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.). Tá 1,717,854 km² achar ann. Tá sé suite in iarthuaisceart mór-roinne Mheiriceá Thuaidh agus é scoite amach ó na stáit eile (is í an t-aon teorainn atá aige ná le Ceanada). 

Bhí daonra 710,231 ann sa bhliain 2010, an tríú stát is lú sa tír. 

Is í Juneau príomhchathair Alasca, agus is iad Anchorage, Sitka agus Valdez cathracha eile atá ann. 

Is é Denali (a dtugtaí Sliabh McKinley tráth) an sliabh is airde i Meiriceá Thuaidh atá ann.

Tá sé réigiún sa stát. 

Tais agus ceomhar, cosúil leis an aimsire in Éirinn.  

Fuar agus sneachtúil (faoi sneachta seacht mí den bhliain). 

Titeann duartan sneachta go minic ann, ach níl sé chomh fuar leis an crios intíre. Tá Anchorage suite sa chrios seo, an chathair is mó in Alasca.  

Gaofar, tais agus stoirmeach. Tá go leor oileáin suite ann.

Tá dhá bhéal abhann ann: an Yukon agus an Kuskokwim.  

Níl ach cúig orlach báisti i mbliain i mBarrow (sráidbhaile atá ann). Níl solas sa gheimhreadh ann freisin, ach tá an spéir lán le solas sa samhradh.




#Article 112: Mars (pláinéad) (5937 words)


Is é Mars (uaireanta Máirt) an ceathrú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. Dearg an príomhdhath a aithníonn súil an duine ar Mhars, agus is minic a thugtar an pláinéad dearg air. Bheadh sé chomh maith againn an pláinéad rua a thabhairt air, áfach, nó is é rua na meirge atá i gceist dáiríre: tá dromchla Mharsa saibhir go maith in iarann. Tá uisce ar fáil ar Mhars, siúd is go bhfuil sé sioctha síos inniu. Ceist mhór í i gcónaí, an bhfuil, nó an raibh, aon chineál beatha ar Mhars riamh. An cineál arrachtaigh a d'fheicfeá ar leathanaigh na leabhar le H. G. Wells nó Edgar Rice Burroughs, is léir nach raibh siad ann riamh go bhfios dúinn, ach tá na saineolaithe i bhfad níos dóchasaí as beatha aoncheallach de chineál éigin, ar aon leibhéal le baictéir nó aiméibí, cuir i gcás.

Tá an pláinéad ainmnithe as Dia Rómhánach an chogaidh. Tugtar Ares ar an dia céanna as Gréigis, agus sin é an fáth go n-úsáidtear an téarma úd areolaíocht uaireanta, nuair atáthar ag trácht ar staidéar geolaíoch an phláinéid seo. Ós rud é go bhfuil a fhios ag an gcine daonna ó thús ama go bhfuil Mars ann—agus é ar ceann de na reanna neimhe is suntasaí amuigh—is iomaí sibhialtacht a bhaist ainm miotaseolaíoch dá cuid féin ar an bpláinéad. Mar shampla, tugann na Sínigh, na Cóiréigh, na Seapánaigh agus na Vítneamaigh Réalt na Tine ar Mhars, agus baint ag an ainm seo le Ciogal na gCúig nDúl (wǔxíng) i miotaseolaíocht na Síne.

Bhí a n-ainmneacha féin ag na scríbhneoirí ficsin eolaíochta ar Mhars. Mar shampla, Barsoom a thugadh áitritheoirí cogúla Mharsa ar a bpláinéad in úrscéalta Edgar Rice Burroughs faoi eachtraí John Carter. Malacandra an t-ainm a bhí ar Mhars in úrscéalta spáis C. S. Lewis. 

Is fada an lá ó thosaigh na daoine ag caint agus ag scríobh faoi thuras a thabhairt ar Mhars, go háirithe nuair a tháinig an tuiscint acu nach ponc solais amháin a bhí ann, ach corpán damhna. Nuair a húsáideadh teileascóp den chéad uair tugadh gnéithe tíreolaíocha faoi deara a bhí cosúil le gréasán de chanálacha, agus dá bharr sin is iomaí alt agus scéal a cumadh faoi shibhialtachtaí aduaine agus faoi chogaí idir na plainéid, agus rinneadh go leor scannán ficsean eolaíochta bunaithe ar na scéalta sin. De réir a chéile, áfach, agus na teileascóip agus an teicneolaíocht eile bhreathnóireachta ag dul i bhfeabhas, tuigeadh nach raibh i gceist leis na canálacha ach iomrall súl. Ní fheicfeá iad ar aon mhapáil comhaimseartha de Mhars. Ón taobh eile de, is léir go bhfuil tírdhreacha millteanacha ar Mhars nach dtiocfá ar a leithéid ar dhroim an Domhain, ar nós na gcainneon móra ar a thugtar Valles Marineris. Tá an sliabh is airde sa ghrianchóras suite ar Mhars freisin, mar atá, Olympus Mons, agus é leathmhíle de chiliméadair ar trastomhas agus seacht gciliméadar fichead ar airde.

Táthar ag súil le fada an lá go dtabharfaidh daoine cuairt ar an bplainéad seo, a bhíonn níos cóngaraí don Domhan de ghnáth ná plainéad ar bith eile i gCóras na Gréine, roimh lár na haoise seo, sula dtéitear ar aghaidh go ceann ar bith eile. Chuir údarás Spáis Mheiriceá, NASA, spáslong (spástaiscéalaí gan daoine) go Mars sa bhliain 1965 (Mariner 4) a rinne an-mhapáil ar Mhars. Ina dhiaidh sin, thuirling dhá spástaiscéalaí de shraith Viking air sa bhliain 1976, rud a chuir go mór leis an eolas a bhí ag na daoine faoin bplainéad, nó b'ansin a chonaic an cine daonna an chéad radharcra ó dhromchla Mharsa. Cuireadh spáslonga gan daoine go Mars ó Mheiriceá agus ón Eoraip sa bhliain 2004 agus is mó an fhianaise atá ann anois go bhfuil roinnt uisce faoin talamh sa phlainéad. Cé go bhfuil Mars i bhfad níos lú ná an Domhan tá an oiread céanna talún ann mar nach bhfuil aigéan ar bith ar a dhromchla.

Tá an t-atmaisféar an-tanaí agus bíonn Mars an-fhuar de ghnáth, le meánteocht 55 chéim celsius faoin nialas, ach is féidir leis an teocht ardú in áiteanna go 27 céim celsius os cionn an nialais i rith an tsamhraidh. Creidtear go raibh an-chuid uisce ar an dromchla tráth mar gheall ar an síonchaitheamh agus ar an gcreimniú atá le feiceáil go soiléir ar an tírdhreach.

Tá dhá mhionghealach ag Mars, atá ainmnithe as na cúnna cogaidh a bhí ag dia an chogaidh, Phobos agus Deimos. Tá na gealacha seo i bhfad níos lú ná ár nGealach féin i gcomparáid leis an phláinéad atá siad a thimpeallú. Níl iontu ach cnapáin mhírialta charraige agus uisce, agus creidtear gur astaróidigh ab ea iad ar dtús, go dtí gur cheap réimse imtharraingthe Mharsa iad, cosúil le 5261 Eureka, traíoch de chuid Mharsa. An ceann acu is cóngaraí do Mhars, mar atá, Phobos, tá sé ag cailleadh airde in imeacht na mílte bliain, de thoradh na bhfórsaí taoide. Creidtear, áfach, go streachlóidh na fórsaí céanna as a chéile é i bhfad sula mbuailfidh sé dromchla Mharsa. 

Ais leathmhór: 227,936,637 gciliméadar, 1.52366231 aonad réalteolaíoch

Imlíne na fithise: 1.429 Tm

Éalárnacht na fithise: 0.09341233

Peirihéilean (garphointe don Ghrian): 206,644,545 km, 1.38133346 aonad réalteolaíoch

Apaihéilean (cianphointe ón nGrian): 249,228,730 km, 1.66599116 aonad réalteolaíoch

Tréimhse fhithiseach (réaltbhliain): 686.9600 lá

Tréimhse shionadach (grianbhliain): 779.96 lá

Meánluas fithiseach: 24.077 km/s 

Uasmhéid an luais fhithisigh: 26.499 km/s

Íosmhéid an luais fhithisigh: 21.972 km/s

Claonadh: 1.85061°

Fad an nóid éirithigh: 49.57854°

Argóint an pheirihéilin: 286.46230°

Satailítí nádúrtha: dhá cheann

Trastomhas meánchiorclach: 6,804.9 km

Trastomhas polach: 6,754.8 km

Oblátacht: 0.00736

Achar an dromchla: 1.448×108 km2

Toirt: 1.6318×1011 km3

Mais: 6.4185×1023 kg

Dlús (meán): 3.934 g/cm3

Imtharraingt mheánchiorclach: 3.69 m/s2

Treoluas éalaithe: 5.027 km/s

Tréimhse rothlaithe: 1.025957 lá (24.622962 h)

Luas rothlaithe ag an meánchiorcal: 868.22 km/h 

Claonadh na haise: 25.19°

Ceartairde (ceartéirí, dronairde, dronéirí) an Phoil Thuaidh: 317.68143° (21 h 10 min 44 s)

Diallas: 52.88650°

Ailbéideacht: 0.15

Teocht ar an dromchla:

Brú an atmaisféir: 0.7-0.9 kPa

Dé-ocsaíd charbóin: 95.32 %

Nítrigin: 2.7 %

Argón: 1.6 %

Ocsaigin: 0.13 %

Aonocsaíd charbóin: 0.07 %

Gal uisce: 0.03 %

Aonocsaíd nítrigine: 0.01 %

Neon: 2.5 milliúnú cuid

Crioptón: 300 billiúnú cuid

Xeanón: 80 billiúnú cuid

Ózón: 30 billiúnú cuid

Meatán: 10.5 billiúnú cuid

Tá 10% de thoirt an Domhain i Mars, agus 25% dá achar dromchla. Tá atmaisféar ag Mars, ach tá sé fíorthanaí. Tá meánbhrú an atmaisféir ar dhromchla Mharsa timpeall ar 750 Pa, nó thart ar 0.75% de ghnáthbhrú an atmaisféir ar dhroim an domhain seo againn. Ón taobh eile, tá an t-atmaisféar seo ag tanú níos maille ná ár n-atmaisféar féin ag dul suas ó dhromchla an phláinéid. Dé-ocsaíd charbóin go príomha atá ann, nítrigin atá i 3% de, agus argón atá i 1.6%. Fosta, tá meatán agus ocsaigin i láthair, chomh maith le triathgháis eile seachas an t-argón—is é sin, neon, crioptón agus xeanón, nó níl imtharraingt Mharsa in ann gás chomh héadrom le héiliam a choinneáil ó éalú go dtí an spás. Ar an gcúis chéanna, níl hidrigin shaor le fáil in atmaisféar Mharsa ach an oiread.

Is é an phríomhchúis le fuacht Mharsa an t-atmaisféar seo, nó, ós rud é go bhfuil sé chomh scáinte sin, níl sé in ann teas a cheapadh ná a choinneáil.

Cé go bhfuil atmaisféar an phláinéid chomh tanaí sin, tá cuid mhaith dusta ag foluain timpeall. Na sonraí a bhailigh na gléasanna gluaisteacha taiscéalaíochta Spirit agus Opportunity ar dhromchla an phláinéid le déanaí, tugann siad le fios go bhfuil an dusta seo comhdhéanta as gráinníní atá thart ar 1.5 micriméadar (1.5 míliú cuid de mhilliméadar) trasna. 

Sa bhliain 2003, d'aithin teileascóip thíos ar an Domhan go raibh meatán le fáil in atmaisféar Mharsa, agus dealraíonn sé gur dheimhnigh an taiscéalaí Mars Express Orbiter an breathnú seo i Mí na Márta 2004. Tugann na torthaí tomhais le fios go bhfuil dlús an mheatáin in atmaisféar Mharsa thart ar aon bhilliúnú cuid déag (11 pbb). 

Cúis suntais é an meatán sin, nó tá an meatán chomh tomhais mar ghás is nach mbeadh sé ann murach go bhfuil foinse éigin á sholáthar taobh istigh den phláinéad. Níl sé scaipthe go cothrom tar éis an phláinéid, ach an oiread. Mar sin, caithfidh sé go bhfuil sé á scaoileadh saor in áiteanna áirithe, agus is í an cheist mhór a chuireann na saineolaithe orthu féin, ar ndóigh, an bhfuil beatha de chineál éigin—cosúil leis na miocrorgánaigh aircéacha ar a dtugtar meatánaiginí—ag táirgiú an mheatáin seo. 

Maidir le saintréithre eile an atmaisféir, bíonn siad claochlaitheach go leor. Sa gheimhreadh, nuair atá an chaidhp pholach fágtha i ndorchadas, éiríonn an dromchla chomh fuar is a chuireann sé an dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar ag sioc síos. Is féidir d'oiread is 25 % den atmaisféar iompú ina oighear tirim. Le teacht an earraigh agus an tsolais, iompóidh an leac oighir ina gás arís. Tabhair faoi deara nach leánn an t-oighear dí-ocsaíde carbóin—sin é an chúis a dtugtar oighear tirim air—nó is dual di néalú ina gás sula sroichfear an leáphointe. Ní féidir di bheith ina sreabhán (leacht) ach faoi bhrú an-mhór, rud nach bhfuil le fáil faoi atmaisféar tanaí Mharsa. Mar sin, le teacht an tséasúir the, néalaíonn an dí-ocsaíd charbóin go sciobtha de dhromchla na caidhpe polaí, agus cuireann an próiseas seo gaotha móra millteanacha ag séideadh—is féidir do stoirm den chineál seo luas ceithre chéad ciliméadar in aghaidh uair an chloig (400 km/h) a bhaint amach. Ansin, cruthaítear scamaill atá comhdhéanta as criostail bheaga oighir (is é sin, oighear uisce, seachas oighear tirim). Chuirfidís i gcuimhne duit cineálacha áirithe scamaill a d'fheicfeá ar an spéir anseo ar an Domhan. 

Níltear róchinnte an bhfuil aeráid Mharsa ag dul i bhfuacht nó ag téamh. Tá an dara bh'fhéidir ann: sna blianta 2002–2005, tháinig crapadh ar an gcaidhp pholach theas i ngach samhradh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus ní raibh an geimhreadh in ann an crapadh seo a stopadh. Tugann an fhorbairt seo le fios go bhfuil Mars ag téamh. Ina dhiaidh sin féin, tá sé níos fuaire ar Mhars inniu ná mar a bhí thiar sna seachtóidí, nuair a thuirling an dá Viking ansin.

 
Creidtear gur basalt atá sa chuid is mó de dhromchla Mharsa—is é sin, cloch bholcánach, nó laibhe a d'fhuaraigh síos na mílte de bhlianta ó sin. Tá an tuiscint sin bunaithe ar na dreigítí a tháinig ó Mhars go dtí an Domhan agus ar na breathnuithe a rinneadh ar an bpláinéad leis na spástaiscéalaithe. Is dócha go bhfuil níos mó silice sa bhasalt seo ná i mbasalt tipiciúil an Domhain. Mar sin, is féidir go bhfuil basalt Mharsa cosúil leis an aindéisít. Tá an chuid is mó den bhasalt seo clúdaithe, áfach, le dusta fíneáilte.

Na breathnuithe a rinne an spástaiscéalaí úd Mars Global Surveyor, tugann siad le fios go bhfuil baill áirithe de screamh an phláinéid maighnéadaithe, cosúil leis na stialltracha maighnéadaithe a fhaightear ar ghrinnill na n-aigéan ar an Domhan. Sa bhliain 1999, cuireadh an cheist an chéad uair, an teicteonaic phlátaí a d'fhág an maighnéadú seo ina diaidh—is é sin, an raibh screamh Mharsa comhdhéanta as plátaí ilchríochacha, tráth, agus iad ag gluaiseacht is ag imbhualadh faoina chéile, cosúil le plátaí ilchríochacha an Domhain. Níltear cinnte faoi seo go fóill, áfach, go raibh gluaiseachtaí teicteonacha ar siúl riamh ar dhroim Mharsa—níl ann ach teoiric, agus í mar ábhar conspóide i gcónaí ag na saineolaithe.

An spástaiscéalaí gluaisteáin Opportunity atá ag taisteal droim an phláinéid, fuair sé amach go bhfuil liathróidíní beaga bídeacha haemaitíte ar fáil ar Meridiani Planum. Níl na liathróidíní seo ach cupla milliméadar ar trastomhas, agus creidtear gur múnlaíodh mar shil-leaganacha carraige iad na billiúin iad ó sin, nuair a bhí an t-uisce ag sní ar dhroim an phláinéid. Fuarthas mianraí eile freisin a bhfuil sulfar, iarann nó bróimín iontu, cosúil leis an tsearóisít. Is é an tátal a bhain caoga saineolaí as an bhfianaise seo, agus iad ag scríobh ar an iris úd Science, ar an naoú lá de Mhí na Nollag, 2004, ná:

Tráth, bhí uisce leachtach ar fáil, go huaineach, ar dhroim Mharsa i dtimpeallacht Meridiani Planum, agus uaireanta, bhí sáithiú de tríd an bhfodhromchla. Ós rud é go bhfuil an bheatha ag brath ar an uisce leachtach, is féidir linn an tátal a bhaint as an scéal go raibh Meridiani ináitrithe, tráth éigin dá stair.

Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig saineolaithe eile ar an gconclúid go raibh an t-uisce ag Meridiani an-aigéadach, toisc an cineál mianraí a fuarthas sa timpeallacht. Ón taobh eile, tháinig an taiscéalaí Spirit ar ghóitít, mianra nach múnlaítear ach san áit a bhfuil uisce le fáil (rud nach dtiocfadh a rá faoin haemaitít), i gCnoic Columbia. 

Sa bhliain 1996, tháinig saineolaithe ar mhionstruchtúir ar cheann de na dreigítí ar an Domhan a chreidtear a bheith tagtha ó Mhars—Dreigít ALH84001—a raibh an chuma orthu, dar leo, gur rian i ndiaidh miocrorgánaigh a bhí ann. Ábhar eile conspóide atá ann i gcónaí.

Ábhar iontais é chomh difriúil agus atá an dá leath de Mhars le chéile ó thaobh na topagrafaíochta de. Tá na tailte sa tuaisceart mín réidh agus an dóigh ar chlúdaigh na tonnta laibhe iad. An leath dheisceartach den phláinéad, áfach, tá sí criathraithe ag na cráitéir a d'fhág na dreigítí uirthi fadó. Mar a fheictear Mars ar spéir an Domhain, mar sin, tá sé deighilte ina dhá limistéar dhifriúla ó thaobh na hailbéideachta de. Nuair nach raibh tuiscint cheart ag na daoine go fóill ar fhíor-nádúr an tír-raoin ar Mhars, shíltí gur ilchríocha ab ea na machairí geala agus iad clúdaithe ag dusta agus ag gaineamh atá saibhir in iarann. Mar sin, baisteadh ainmneacha ar na machairí seo cosúil le hArabia Terra nó le hAmazonis Planitia. San am céanna, ba nós leis na daoine a cheapadh gur farraigí iad na limistéir dhorcha, agus mar sin, fuair na tailte seo ainmneacha cosúil le Mare Erythraeum, le Mare Sirenum nó le Aurorae Sinus. Is é an ball dorcha is mó is féidir a fheiceáil ná Syrtis Major.

Tá caidhpeanna polacha oighir ag Mars agus iad ag athrú de réir theacht agus imeacht an earraigh is an fhómhair. Tá idir oighear uisce agus oighear tirim—is é sin, oighear dé-ocsaíde carbóin—iontu, agus an t-oighear tirim taobh amuigh, ar dhóigh is go néalaíonn sé leis nuair a thagann an t-earrach agus an teas, agus an t-uisce is an dusta faoi bhun an oighir thirim ag teacht chun solais. 

Is é an sciathbholcán úd Olympus Mons, agus é 26 ciliméadar ar airde, an sliabh is airde ar fud an ghrianchórais ar fad. Tá Olympus Mons suite i ngarbhchríoch Tharsis, agus tuilleadh seanbholcáin le fáil ansin, go háirithe an triúr ar a dtugtar Sliabhta Tharsis, nó Tharsis Montes—is é sin, Pavonis Mons, Arsia Mons agus Ascraeus Mons. Thairis sin, tá na cainneoin is mó sa ghrianchóras le feiceáil i Tharsis, mar atá, Valles Marineris, nó Gleannta an Mhariner. Tá na Gleannta seo ceithre míle ciliméadar ar fad agus seacht gciliméadar ar doimhneacht. 

Na dreigítí a d'imbhuail Mars fadó, d'fhág siad roinnt mhaith cráitéir thuinsimh ar an bpláinéad. Is é an ceann is mó acu ná an imchuach thuinsimh úd Hellas, agus í clúdaithe le gaineamh dhearg éadrom.

Tá tír-raon Mharsa i bhfad níos athraithí ó thaobh na hairde de ná an Domhan féin. Tá an difríocht airde idir barr Olympus Mons agus bun Imchuach Hellas beagnachas aon chiliméadar déag is fiche (31 km) ar fad, nó tá bun Imchuach Hellas ceithre éigin ciliméadar faoin bplána tagra. Maidir leis an Domhan, tá Sliabh Everest beagnach naoi gciliméadar os cionn na farraige agus Trinse Marianas beagnach aon chiliméadar déag faoina bun, ach má chuirtear le chéile an dá fhad sin, ní bhfaighfear ach fiche éigin ciliméadar. Nuair a chuimhnítear go bhfuil Mars i bhfad níos lú ná an Domhan, is léir go bhfuil na tailte i bhfad níos gairbhe ansin ná anseo. 

Ós rud é nach bhfuil farraigí ar Mhars, táthar i muinín modhanna atá bunaithe ar imtharraingt an phláinéid leis an bplána tagra, nó an nialasairde, a shocrú. Is é an sainmhíniú a úsáidtear ná go bhfuil an nialasairde ann san áit inarb ionann brú an atmaisféir agus 610.5 Pa (6.105 mbar, nó 0.6 % de mheánbhrú atmaisféir an Domhain) agus an teocht 273.15 K ann (is é sin, nialas na gcéimeanna Celsius). 

Tá meánchiorcal Mharsa socraithe cheana ag an nádúr féin, nó sainmhínítear é de réir rothlú an phláinéid timpeall ar a ais. Scéal eile ar fad é cá bhfuil Greenwich an phláinéid. Na réalteolaithe Gearmánacha Wilhelm Beer agus Johann Heinrich Mädler, d'eisigh siad an chéad mhapa córasach faoi thopagrafaíocht Mharsa thiar sna blianta 1830-32, agus iad tar éis ciorcal beag a aithint ar dhroim an phláinéid a shocraigh siad mar phointe tagartha don phríomh-fhadlíne. Sa bhliain 1877, ghlac Giovanni Schiaparelli leis an bhfadlíne seo agus é ag cromadh ar an obair thábhachtach a rinne sé ag léarscáiliú Mharsa. Nuair a fuarthas an chéad radharc ceart ar dhromchla Mharsa sa bhliain 1972, agus an spástaiscéalaí úd Mariner 9 ag tógáil grianghrafanna den phláinéad, shocraigh Merton Davies an cráitéar beag Airy-2 mar phointe tagartha don phríomh-fhadlíne. Tá an cráitéar seo suite i Sinus Meridiani, ar phríomh-fhadlíne Beer agus Mädler.

Bhí na daoine riamh faoi dhraíocht ag Mars, go háirithe nuair a tosaíodh ag creidiúint go raibh neacha beo, fiú neacha daonchosúla, ar fáil ar an bpláinéad. Sa bhliain 1877, shíl Giovanni Schiaparelli go raibh sé tar éis línte fíneáilte a thabhairt faoi deara ar dhroim Mharsa, línte ar bhaist sé canali orthu san alt ina ndearna sé an chéad trácht orthu. An focal Iodáilise a d'úsáid Schiaparelli, ciallaíonn sé idir chanáil dhaondéanta agus caolas nó abhainn nádúrtha, ach nuair a tháinig an t-alt i gcló sna teangacha eile, is é an ciallú a ba rogha leis na haistritheoirí gur canálacha saorga a bhí ann. Spreag an smaoineamh seo fantaisíocht na ndaoine, idir shaineolaí agus thuata, thar fóir ar fad. D'oibrigh Percival Lowell amach mapa de Mhars a bhí breac le mionchanálacha. Bhí Schiaparelli féin den bharúil nach raibh sa chuid ba mhó de chanálacha Lowell ach iomrall súl nó fantaisíocht. 

Na scríbhneoirí ficsin eolaíochta a scríobhadh scéalta faoi Mhars mar a samhlaíodh dóibh féin é, thug siad an-taithneamh do na canálacha. Is iomaí duine acu a bhain úsáid as móitíf na sibhialtachta seanársa a bhí go díreach ag fáil bháis de cheal uisce, agus í ag roinnt an bheagáin ar bhealach chomh cliste le córas casta de chanálacha. Is féidir an mhóitíf seo a aithint ag scríbhneoirí chomh difriúil le chéile le H. G. Wells agus Edgar Rice Burroughs.

Mar sin féin, ní raibh sna canálacha, nó an chuid ba mhó acu, ach iomrall súl. Cuid de na saineolaithe a rinne a staidéar ar Mhars nuair a bhí na canálacha faisiúnta, shíl siad go raibh an dúrud acu ann; an chuid eile, b'ar éigean a chonaic siad oiread is aon chanáil amháin. Mar sin, bhí sé ina ábhar conspóide thar na blianta fada an raibh siad ann ar aon nós.

Sa bhliain 1972, shocraigh an spástaiscéalaí Mariner 9 an scéal. Ní raibh na canálacha ann, ná aon rian eile i ndiaidh ardsibhialtachtaí teicneolaíocha. Má bhí beatha ar bith ar Mhars riamh, beatha thar a bheith simplí a bhí ann, ar aon leibhéal leis na miocrorgánaigh, na víreasanna nó na baictéirí.

Ar an 29ú lá de Mhí Iúil, 2005, tháinig an tuairisc ón mBBC go rabhthas tar éis loch leacoighir infheicthe a shonrú i gcráitéar i réigiún an phoil thuaidh ar Mhars. Na grianghrafanna den chráitéar a tógadh le ceamara steiréascópach ardtaifigh a bhí á iompar ag an spásárthach Mars Express de chuid údarás spás na hEorpa, taispeánann siad go soiléir leac leathan oighir i dtóin cráitéir gan ainm agus é suite ar an machaire timpeall ar an bpol thuaidh, is é sin, Vastitas Borealis. Is é an suíomh cruinn atá ag an gcráitéar ná seachtó céim go leith den leithne thuaisceartach agus céad agus trí chéim den fhad oirthearach. Tá an cráitéar féin tríocha cúig chiliméadar ar trastomhas agus dhá chiliméadar, a bheag nó a mhór, ar doimhneacht.

De réir an chéad aithne, tá droim na leice oighir thart ar dhá chéad méadar níos airde ná bun an chráitéir féin. Deir saineolaithe an ESA gur gaineamh is cúis leis an gcuid is mó den difríocht airde seo, agus cuid mhaith den ghaineamh sin le feiceáil, fiú. Cé gur fearr leis na heolaithe gan an focal sin loch a úsáid agus iad ag tagairt don leac oighir áirithe seo, ábhar suntais is ea i gcónaí teacht ar a leithéid de phaiste d'oighear uisce, agus é le feiceáil ó thús go deireadh na bliana. Is iomaí áit ar Mhars inar thángthas trasna ar shil-leaganacha uisce agus ar shraitheanna oighir.

Tá dhá ghealach ag timpeallú an phláinéid, mar atá, Phobos agus Deimos. B'é an réalteolaí Meiriceánach Asaph Hall ba thúisce a shonraigh iad, thiar sa bhliain 1877. Bhí bean chéile Hall, Angeline Stickney, ina matamaiticeoir, agus í ag tacú go dílis le hiarrachtaí a fir chéile gealacha Mharsa a fháil amach. D'ainmnigh Hall an cráitéar mór ar thaobh Phobos as a bhean chéile—cráitéar Stickney.

Murab ionann agus ár nGealach féin, níl sa bheirt sin ach astaróidigh bheaga agus iad ceaptha ag imtharraingt Mharsa ar a gcamchuairt. Níl siad sféarúil ná in aon chóngar do bheith sféarúil: is cnapáin mhírialta chloiche agus oighir iad. An breathnóir a bheadh ag amharc ar Deimos ó dhromchla Mharsa, ní aithneodh sé ann ach ponc solais, cosúil leis na réaltaí, ach amháin go mbeadh sé ag gluaiseacht trasna na spéire iontach sciobtha. Tá Phobos níos gaire do dhromchla Mharsa, ach mar sin féin, tá sé ag breathnú níos lú ná an Ghrian. (Coinnímis cuimhne air go bhfuil an Ghealach s'againn féin ag breathnú lán chomh mór leis an nGrian, mar a fheicimid féin í.) Tá an dá ghealach ag fithisiú chomh cóngarach do Mhars agus nach féidir iad a fheiceáil ó gach ball den phláinéad. 

Téann Phobos timpeall ar Mhars níos sciobtha ná an tsolasteorainn féin. Mar sin, feictear ag éirí thiar agus ag dul faoi thoir é. Níl Deimos chomh sciobtha céanna, agus mar sin, éiríonn sé ar an spéir thoir agus téann sé faoi ar an spéir thiar.

Tá na dosaein de spásárthaí scaoilte ag na Stáit Aontaithe, ag an Aontas Sóivéadach, ag Údarás Spáis na hEorpa agus ag an tSeapáin i dtreo Mharsa, agus is iomaí ceann acu nár tháinig a fhad leis an bpláinéad dearg riamh. Chuir trioblóidí de shórt éigin deireadh le dhá mhisiún as gach triúr sula raibh siad críochnaithe, nó, i gcuid mhór cásanna, oiread is tosaithe. Fadhbanna teicneolaíochta is cúis le go leor trioblóidí den chineál seo, ach, go minic, ní raibh sé indéanta an chúis a fháil amach. Mar sin, bíonn an lucht saineolais féin ag trácht, idir shúgradh agus dháiríre, ar thriantán Bhermuda sa spás, agus é comhdhéanta as an Domhan, Mars agus an Ghrian, nó ag tagairt do gheasa Mharsa nó d'arrachtach spáis agus é ag ithe spásárthaí. Mar sin féin, tháinig cuid mhaith spásárthaí thart leis an arrachtach le taighde fónta fiúntach a dhéanamh ar an bpláinéad, cosúil leis na taiscéalaithe Sóivéadacha Mars, leis na sraitheanna Meiriceánacha Mariner agus Viking, chomh maith le Mars Global Surveyor, Mars Pathfinder, agus 2001 Mars Odyssey. Tá an Surveyor tar éis pictiúirí a tharraingt a thugann le fios gur féidir foinsí uisce a bheith faoi dhromchla an phláinéid—uisce nach bhfuil sioctha síos ina leac oighir. Shocraigh an Mars Odyssey go bhfuil sil-leaganacha substainteacha uisce sa chuid is uachtaraí de reigilít Mharsa faoi 30° de phol thuaidh agus de phol theas an phláinéid.

Sa bhliain 2003, scaoil ESA an taiscéalaí Mars Express chun bealaigh, agus é comhdhéanta as dhá aonad, mar atá, an fithiseoir, an Mars Express Orbiter, agus an gléas tuirlingthe, Beagle a Dó. Cailleadh an gléas tuirlingthe, ach d'éirigh leis an bhfithiseoir go leor pictiúiri a thógáil agus sonruithe a dhéanamh.

Sa bhliain chéanna a leainseáil NASA dhá ghluaisteán cianrialaithe a bhí ceaptha le dromchla Mharsa a shiúl agus taighde a dhéanamh air—an Spirit agus an Opportunity. Thuirling an dá shiúlóir seo go sábháilte, agus chruthaigh siad i bhfad ní b'fhearr ná mar a shíltí. Ní raibh siad ach le trí mhí a chaitheamh i mbun oibre, ó Mhí Eanáir den bhliain 2004 anuas, ach bhí siad in ann leanúint i mbun a misiúin go deireadh na bliana 2005, ar a laghad, siúd is go raibh cuid den ghléasra tar éis dul ar ainghléas idir an dá linn. Thar aon rud eile, tháinig an dá mheaisín seo trasna ar thuilleadh fianaise go raibh uisce ann. Thairis sin, chuir an Spirit sonrú i gcuaifigh deannaigh—diabhail dusta, mar a thugtar orthu i mbéarlagair Mheiriceá—is é sin, cuaifigh ghaoithe agus iad ag fáil greama ar an deannach. Uaireanta, chuaigh cuaifeach den chineál seo thar cheann de na gluaisteáin seo, agus nuair a chuaigh, ghlan sé an dusta de na painéil ghréine.

Ar 14 Márta 2016 scaoil Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, i gcomhar le Roscosmos, Fithiseoir Riangháis ExoMars agus gléas tuirlingthe Schiaparelli. Cé gur éirigh leis an bhFithiseoir Riangháis dul i bhfithis timpeall Mharsa ar 19 Deireadh Fómhair 2016, thuairteáil Schiaparelli ar dhromchla an phláinéid san iarracht thuirlingthe.

Tháinig ainm Mharsa féin ó dhia cogaidh na Rómhánach, ó tá an pláinéad chomh dearg le braon fola thuas ar an spéir. 

B'iad Johann Heinrich Mädler agus Wilhelm Beer an chéad bheirt a chuaigh ag mapáil saintréithre geografacha (nó areografacha) Mharsa. Tá níos mó clú orthu inniu, áfach, de bharr na hoibre a rinne siad ag léarscáiliú na Gealaí ón mbliain 1830 anuas. Roimh aon rud eile, shocraigh siad nach raibh an chuid ba mhó de na saintréithre sin ag athrú, agus b'iadsan fosta a shocraigh an t-am a thógann sé ar Mhars rothlú amháin a chríochnú thart ar a ais. Sa bhliain 1840, tharraing Mädler an chéad mhapa de Mhars riamh, agus breathnuithe deich mblian mar bhunús aige leis. Níor bhaist siad ainmneacha ar na háiteanna, áfach, nó ní raibh acu ach litreacha len iad a shainiú. Sheas an litir a, mar shampla, do Sinus Meridiani.

Thar an chéad fiche bliain eile, nuair a bhí na hionstraimí breathnóireachta ag dul i bhfeabhas agus na breathnóirí féin ag éirí ní ba líonmhaire, bhí gach aon mhac máthara acu ag tabhairt ainmneacha dá dhéantús féin ar na miontréithre a d'aithin sé ar Mhars, rud a d'fhág logainmníocht Mharsa ina praiseach ar fad. Mar shampla, bhí Oculus—an tSúil Bheag—á thabhairt ar Solis Lacus, agus Muir an Orláiste nó An Scairp ar Syrtis Major. Sa bhliain 1858, bhaist an tÍosánach Angelo Secchi Canáil an Atlantaigh air. B'é tuairim Secchi go raibh an pháirt chéanna á déanamh ag an gcanáil áirithe seo i dtíreolaíocht Mharsa agus a bhí ag an Atlantach ar an Domhan—is é sin, an tsean-ilchríoch a dhealú ón oileán úr. B'é seo an chéad uair a baineadh úsáid as an téarma mí-ádhúil sin canáil a rinne an oiread sin dochair d'obair mhapála Mharsa ina dhiaidh.

Sa bhliain 1867, tharraing an réalteolaí Sasanach Richard Anthony Proctor mapa de Mhars agus é bunaithe ar na líníochtaí a rinne William Rutter Davis dhá bhliain roimhe sin. Is é an prionsabal a bhí aige, dar leis féin, agus é ag ainmniú na n-áiteanna ná ainmneacha na mbreathnóirí a rinne a staidéar ar shaintréithre fisiciúla Mharsa a thabhairt ar na saintréithre sin. Seo samplaí de na hainmneacha ar bhain Proctor úsáid astu:

Ina dhiaidh sin, is iomaí locht a fuarthas ar na hainmneacha a d'úsáid Proctor. Níorbh é an locht ba mhó ná gur thug sé ómós do na réalteolaithe Sasanacha thar aon dream eile: ba mheasa ná sin an ró-úsáid a bhain sé as ainm gach duine ar leith. Mar sin, tá idir Aigéan Dawes, Caolas Dawes, Farraige Dawes, Ilchríoch Dawes, Oileán Dawes, agus Bá Dhúbailte Dawes ar a mhapa-san. Mar sin féin, tús maith a bhí ann, siúd is nár mhair na hainmneacha.

Maireann cuid mhaith de na hainmneacha a tháinig ó Schiaparelli, áfach. B'eisean a bhaist Syrtis Major, mar shampla, ina mhapa, a foilsíodh sa bhliain 1877. Ar ndóigh, ó fuarthas amach nach raibh ina chuid canálacha ach iomrall súl, caitheadh ainmneacha na gcanálacha i dtraipisí leis na canálacha féin. Ón taobh eile de, rinneadh mionathruithe anseo agus ansiúd, má bhí sé tar éis ainm neamhoiriúnach a thabhairt ar áit éigin. Mar shampla, hathbhaisteadh Olympus Mons, nó Sliabh Olympos, ar an mball ar thug sé Nix Olympica, nó an Sneachta Oilimpeach, air.

Is gnách cráitéir mhóra a ainmniú as eolaithe tábhachtacha agus as scríbhneoirí ficsin eolaíochta. Mar shampla, fuair idir Phroctor féin, Schiaparelli agus Percival Lowell a gcráitéir féin ar Mhars. Baistear áitainmneacha de chuid an Domhain ar na cráitéir bheaga, ar nós Porvoo san Fhionlainn nó Kem' sa Rúis.

Uair in aghaidh na seacht gcéad ceithre scór lá (780 lá, nó uair in aghaidh an dá bhliain, na seacht seachtaine agus an t-aon lá amháin), téann Mars thart leis an Domhan faoi chorradh is ceithre scór mílliún ciliméadar (80,000,000 km) de. Ó tá an fhithis ar déanamh an éilips, ní hionann an fad seo gach uair. An té a chaithfidh súil ar Mhars gan aon ghléas cianradhairc a úsáid, aithneoidh sé dath buí, deargbhuí nó dearg air. Thairis sin, tá gile Mharsa an-athraitheach, nó nuair a shroicfidh sé an pointe is faide uainn ar a chamchuairt, beidh sé seacht n-uaire níos faide ná sa phointe is gaire dúinn. Ní féidir Mars a aithint thar bhladhairí na Gréine ar feadh na míonna a chaitheann sé taobh thiar den Ghrian uainn, ar ndóighe. Faoi dhó in aghaidh dhá bhliain déag is fiche, bíonn Mars chomh cóngarach dúinn agus gur féidir cuid mhór miontréithre a aithint le teileascóp. Ansin, bíonn na caidhpeanna polacha oighir le feiceáil fiú trí theileascóp réasúnta lag.

Ar an 27ú lá de Mhí Lúnasa, ag 9:51:13 (de réir an Ama Uilíoch), sa bhliain 2003, tháinig Mars ní ba ghaire don Domhan ná riamh le trí scór míle bliain (60,000 bliain) anuas. Ní raibh ach 55,758,006 chiliméadar dár ndealú ón bpláinéad dearg, ansin. Bhí Mars díreach i ndiaidh a urchomhaireacht agus a chianphointe don Ghrian a fhágáil—dhá rud a d'fhág inár gcóngar é. Leis an teagmháil seo a chur ina coimhthéacs, áfach, ní mór cuimhne a choinneáil air nach raibh an pláinéad ach céad milliúnú cuid níos gaire dúinn ná mar a bhí sa bhliain 1924. 

Ar an deichiú lá de Mhí na Samhna, 2084, tiocfaidh an Domhan idir an Ghrian agus Mars. Ar an lá sin, beidh trasdul an Domhain—is é sin, an Domhan ag dul trasna na Gréine—le feiceáil ó Mhars, má bhíonn daoine ansin le súil a choinneáil air. Is féidir, freisin, trasdul Mhearcair agus trasdul Véineas a fheiceáil ó Mhars.

 
Go dtí 3 Márta 2014 tá 132 dreigít faighte ar an Domhan a bhfuil an chuma orthu gurb as Mars a tháinig siad ar an chéad ásc. Ceaptar gurb as Mars iad mar tá siad de chumasc dúilí agus iosatóipeach cosúil le cumasc clocha agus gáis in atmaisféar Mharsa a rinne spásárthaigh anailís orthu ar an bpláinéad úd. Tá aithne baictéirí seanársa ar dhá cheann acu, mar a fheictear do chuid de na saineolaithe. Ar an 6ú lá de Mhí Lúnasa, 1996, d'fhógair údarás spáis na Stát Aontaithe go raibh ion-taisí i ndiaidh orgánaigh aonchillíneacha aitheanta ar an dreigít úd ALH84001. Ábhar conspóide is ea i gcónaí an ion-taisí a bhí ann dháiríre, agus an leor iad mar chruthúnas go raibh beatha, fiú aonchillíneach, ar dhroim Mharsa riamh.

Ar an gceathrú lá déag de Mhí Aibreáin, 2004, d'fhógair NASA gurbh ionann an chloch úd Bounce, a ndearna an gluaisteán cianstiúrtha úd Opportunity taighde uirthi,—gurbh ionann an chloch seo ó thaobh a comhdhéanta de agus an dreigít úd EETA79001-B ar thángthas uirthi san Antartach thiar sa bhliain 1979. Is dócha gur tháinig siad as an gcráitéar céanna ó thús, nuair a cruthaíodh an cráitéar sin, nó ó dhá chráitéar a bhí suite réasúnta gar dá chéile, ar a laghad.

Tá fianaise ann a thugann le fios go raibh Mars ní b'fhabhraí don bheatha anallód ná inniu, ach níltear cinnte go fóill, an raibh orgánaigh nó neacha beo ann dháiríre. Creideann cuid de na saineolaithe go bhfuair siad lorg i ndiaidh beatha i gclocha áirithe, mar a chonaic muid thuas, ach is ábhar conspóide é i gcónaí. Maidir leis an gcloch is spéisiúla acu, mar atá, an dreigít úd ALH84001, is é an chiall a baineadh as an taighde geolaíoch atá déanta ar an gcloch sin ná nár tháinig sí riamh in áit ina raibh uisce reatha le fáil, nó ní cheadódh an teocht ina timpeall é. 

Nuair a thuirling na taiscéalaithe Viking ar dhromchla Mharsa, bhí gléasra ar iompar acu a chuir ar chumas na saineolaithe trialacha agus turgnaimh a dhéanamh le miocrorgánaigh a chuardach agus a aithint. Bhí rath ar chuid de na turgnaimh, ach ní rabhthas sásta toiliú leis gur leor iad mar fhianaise, ina dhiaidh sin. Is féidir an meatán in atmaisféar an phláinéid a mhíniú mar thoradh ar ghníomhaíocht bhitheolaíoch ar an bpláinéad, ach tá mínithe eile ann freisin. 

Má théann na daoine choíche ag míntíriú is ag coilíniú pláinéid eile sa ghrianchóras seo, is é Mars an áit is fearr le sin a dhéanamh. Ní bheadh sé leath chomh furasta stáisiún seasta a bhunú ar Véineas ná ar Mhearcair, mar shampla.

Cé nach bhfuiltear ag bunú stáisiúin ná coilíneachtaí ar Mhars go fóill, tá bratach ann cheana féin a d'fhéadfadh muintir Mharsa a chur in airde. Trídhathach dearg, uaine agus gorm atá ann, agus is iad úrscéalta Kim Stanley Robinson faoi choilíniú Mharsa is bunús leis an dearadh seo. B'é Pascal Lee, innealtóir de chuid NASA, a dhear an bhratach. Tá Pascal Lee i gceannas ar an tascfhórsa atá ag pleanáil stáisiún seasta taighde ar an bpláinéad - FMARS, nó Flashline Mars Arctic Research Station. Seasann na datha don fhorbairt ar thug an scríbhneoir Robinson cur síos air ina chuid úrscéalta: ar tús, is pláinéad dearg seasc é Mars, ansin, agus an bheatha ag fréamhú ansin, tiocfaidh an dath glasuaine air, agus sa deireadh, beidh an pláinéad míntírithe go hiomlán, agus uisce reatha ag sní ar a dhromchla—i gcruth is gur féidir pláinéad gorm a thabhairt air. Tá an bhratach seo in úsáid ag Cumann Mharsa—The Mars Society—mar shuaitheantas oifigiúil. Eagraíocht neamhbhrabúis é Cumann Mharsa atá dírithe ar choilíniú Mharsa a chur chun cinn.

Nuair a bhí na saineolaithe féin ag tabhairt le fios go raibh gléas beatha agus, fiú, canálacha ar Mhars, tarraingíodh súil na scríbhneoirí ar an bpláinéad dearg, agus tháinig roinnt mhaith úrscéalta ar pár ag tabhairt cur síos ar shaol mhuintir Mhars mar a samhlaíodh do na húdair iad. Is iomaí scríbhneoir a shíl gur pláinéad sna céadéaga ab ea Mars, agus a mhuintir ag gearradh canálacha trasna a dhromchla leis an mbeagán uisce a bhailiú agus a roinnt ina measc chomh hiomlán agus ab fhéidir. Mar shampla, is cuid lárnach de radharcra Mharsa, nó Barsoom, ag Edgar Rice Burroughs na farraigí triomaithe atá á siúl ag na fir uaine. D'imir an smaoineamh seo a thionchar ar H. G. Wells, freisin, nuair a scríobh sé Cogadh na Reann. Scéal clasaiceach is ea é faoi arrachtaigh a d'fhéach le teacht slán óna bpláinéad leathmharbh féin agus socrú síos ar an Domhan, agus iad ag cur catha ar na daoine le gás nimhe agus le hairm nua-aoiseacha eile. Sa deireadh, fuair siad bás, ó nach raibh súil acu le baictéirí an Domhain. 

Nuair a fuarthas tuiscint níos fearr ar Mhars, d'éirigh na scríbhneoirí as scéalta den chineál seo. Ansin, d'éirigh sé faisiúnta scéalta a insint faoi dhaoine a théann ón Domhan go dtí Mars leis an áit a thabhairt chun míntíreachais agus le stát a bhunú ansin a bheidh beag beann ar an Domhan. Is féidir an téama seo a aithint sa tríológ faoi Mhars a scríobh Kim Stanley Robinson: Red Mars, Green Mars, agus Blue Mars.




#Article 113: Conradh Angla-Éireannach (323 words)


Sa bhliain 1921, tar éis Chogadh na Saoirse, shínigh ionadaithe na Chéad Dála agus rialtas na Breataine an conradh síochána ar a dtugtar an Conradh Angla-Éireannach. Bunaíodh Saorstát Éireann, a bheadh ina Tiarnas cosúil le Ceanada, leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn, agus thug sé rogha don pharlaimint Tuaisceart Éireann a bheith mar pháirt don Saorstáit nua nó le fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Idir sin agus an lá inniu, gaireadh Poblacht den tSaorstát go hoifigiúil, agus Tuaisceart Éireann fágtha sa Ríocht Aontaithe. Bhí Éire le fanacht laistigh de Chomhlathas na Breataine, agus bhí trí chalafort le fanacht in úsáid na Breataine, Baile Chaisleáin Bhéara, an Cóbh agus Loch Súilí. D'fhan Calafoirt an Chonartha seo faoi smacht na Breataine go dtí an bhliain 1938.

Síníodh an conradh ar an 6 Nollaig 1921 agus tháinig sé i bhfeidhm bliain amháin níos déanaí ar an 6 Nollaig 1922.

Tharla roinnt babhtálacha teasaí le linn na ndíospóireachtaí Mhaígh an dream a bhí i gcoinne an Chonartha nach raibh an t-aontú gairid go leor don phoblacht ardcheannasach ar throideadar ar a son. Dúirt Mícheál Ó Coileáin nach raibh the ultimate freedom that all nations aspire and develop to i gceist ann sa Conradh, ach go raibh the freedom to achieve it.” bainte amach ag lánchumhactóirí na hÉireannAn tOll. Michael Laffan, The Irish Revolution, lecture 9, Reaction to the Treaty and the lead up the the Irish Civil War: 

Dhaingnigh an Conradh sa Dáil ar an 7 Eanáir 1922. Tar éis an toraidh, shiúil Éamon de Valéra agus a leathbhádóirí, a labhair i gcoinne an Chonartha, amach as an seomra. 

Dhá lá ina dhiaidh sin, ar 9 Eanáir 1922, sheas Eamon de Valera síos mar Uachtarán. Toghadh Art Ó Gríofa ina Uachtarán nua ar an Dáil.

I ndiaidh an tsínithe, ní raibh na hÉireannaigh ar aon tuairim faoin gConradh. Tamaill ina dhiaidh, bhris Cogadh Cathartha amach idir lucht a thacaithe agus iad siúd a chuir ina choinne.




#Article 114: Risteard FitzGilbert de Clare, 2ú hIarla Penfro (613 words)


Ba d'aicme uasal Angla-Normannach agus Cambra-Normannach é Risteard FitxGilbert de Clare ailias Strongbow (Arc-Fort) (c. 1130 - 20 Aibreán 1176, Baile Átha Cliath),an 2ú hIarla Phembróic agus Cunta Striguil (sa Bhreataine Bheag) agus Iarla Laighean (in Éirinn), tiarna Bienfaite agus d'Orbec ( sa Normainn) a thosaigh ar choncas na Normannach ar Éirinn a bhaint amach.

Is é Strongbow, an t-ainm is fearr aithne ar Risteárd, ach ní dócha gur tugadh sin air ar feadh a shaoil. Bhí cognómain de na tiarnaí eile Chambra-Normannacha agus Normannacha i bhFraincis na Normannach, mar a labhair na huaisle Fraincis agus, le cúpla eisceacht, scríobhadh doiciméid oifigiúla i Laidin le linn na tréimhse seo. Is cosúil gur tháinig an mearbhall chun cinn nuair a bhí ainm Risteáird á aistriú go Laidin. Scríobhadh a ainm sa Liber de Wintonia idir 1300 agus 1304 (os cionn 120 bliain tar éis a bháis) mar Ricardus cognomento Stranghose Comes Strugulliae (Gaeilge: Richard Stranghose iarla Striguil). Chuir an croiniceoir seo Stranghose go hearráideach (luiteoga coigríche) ann mar cognóman, nuair atá sé i bhfad níos dóchúla gur litriú athraitheach nó trascríobh an logainm 'Striguil' a bhí i gceist a dtugtar Strangboge, Stranboue nó Stranbohe in athscríbhinní eile. Ní go dtí an ceathrú haois déag go bhfuil ainm Risteáird aistrithe mar Strongbow ar deireadh: Earl Richard son of Gilbert Strongbow [earl of Shropshire].

Ba mhac le Gilbert de Clare, céad Iarla Phembróic agus Isabel de Beaumont  é Risteárd. Fuair ​​athair Risteáird bás thart ar 1148, nuair a bhí sé tuairim is 18 mbliana d'aois, agus fuair Risteárd an teideal 'Cunta Striguil' Iarla Phembróic le hoidhreacht. Is dócha nár aithníodh an teideal seo ag corónú Anraí II sa bhliain 1154. 

Mar mhac an chéad 'iarla', tháinig sé i gcomharbacht ar eastáit a athar i 1148,  ach bhain Anraí II an teideal uaidh sa bhliain 1154 mar gur taobhaigh Risteárd leis an Rí Stiofán Shasana i gcoinne mháthair Anraí, an Banimpire Matilda. 

Thug a lucht comhaimseartha an t-ainm Cunta Striguil air, as ucht a thiarnas i dtailte teorann na Breataine Beaga i Striguil, áit a raibh dúnfort aige in áit ar a dtugtar Cas-gwent air anois, i Sir Fynwy mBealtaine ar an abhainn Afon Gwy.  Chonaic sé deis chun a fhortún a aisiompú i 1168 nuair a bhuail sé le Diarmait Mac Murchada, Rí Laighean.

Mar chúitimh, fuair Strongbow iníon Dhiarmada mar chéile agus rinneadh oidhre an rí de. Ach b'éigean dó géilleadh do cheannas Rí Shasana agus na Normainne, Anraí II agus ní raibh sé riamh ina rí ar Chúige Laighean.

B'iad Gilbert de Clare, Céad Iarla Phembróic agus Isabel de Beaumont a thuismitheoirí. Fuair a athair Gilbert bás nuair a bhí Risteárd thart fá ocht mbliana déag d'aois, agus fuair sé teideal a athair trí oidhreacht. Ach sa bhliain 1168 bhí seo caillte nó forghéillte aige.

Sa bhliain 1166 thug Diarmuid Mac Murchadha, Rí Laighean, a aghaidh ar Bhristó ( Béarla: Bristol), Shasana, chun bualadh le Roibéard FitzHarding, ceannaithe saibhir de chuid na cathrach. Thairg seisean comhairle do Dhiarmuid imeacht leis chun na Fraince agus a scéal ar fad do chur faoi bhráid Anraí II. Bhuaileadar le chéile áit éigin i nAquitaine, sa deireadh.
Ghlac Anraí Rí le Diarmuid ina ghialla dhó, agus tharraing sé cáipéis ag ceadú dó dhuine ar bith i dtailte na bPlantagenetach cabhrú leis chun a ríocht do bhuachaint ar ais.

Thosnaigh Diarmuid agus FitsHarding cuardach i measc na n-uasal Normannach féachaint cé a bheadh sásta troid le Diarmuid in Éirinn. 

Shochraigh Riocard de Clare, mac le Gilbert de Clare agus oidhre ar iarlacht Phembroic, nach raibh ann ach scáil, dul san bhfiontar le Diarmuid. D'ofráil Diarmuid a iníon Aoife dó le pósadh agus oidhreacht Laighean nuair a gheobhadh Diarmuid bás.




#Article 115: Mearcair (pláinéad) (2992 words)


Is é Mearcair an pláinéad is gaire don Ghrian sa ghrianchóras, agus is é is mírialta fithis i ndiaidh Phlútóin.

Pláinéad carraigeach é Mearcair a bhfuil croí iarainn ina lár agus maintlín de charraig shileacáite air. Tá Mearcair ar an dara pláinéad is lú sa ghrianchóras, má áirítear Plútón mar phláinéad ar aon nós. Tá méid dhealraitheach Mhearcair ag luainiú idir −0.4 agus 5.5, agus is é an fadú is mó a dhealaíonn ón nGrian ar an spéir é ná 28.3°. Is é is ciall dó seo go gcloíonn Mearcair leis an nGrian chomh cóngarach is nach féidir linn é a aithint ach le clapsholas. Níl muid ró-eolach ar Mhearcair, nó níor tháinig aon spásárthach nó spástaiscéalaí ina ghaire i ndiaidh Mariner 10. Mhapáil an ceann sin 40-45% de dhromchla Mhearcair sna blianta 1974-1975, ach ní dhearnadh léarscáiliú ar bith ar an gcuid eile den phláinéad.

Tá Mearcair cosúil go leor lenár nGealach féin, chomh criathraithe agus atá sé le cráitéir, agus ní féidir a mhaíomh go mbeadh atmaisféar aige. Níl aon satailít nádúrtha aige ach an oiread. Bíonn an teocht ar dhromchla an phláinéid ag luainiú idir 90 agus 700 K, is é sin, -180 agus 430 °C. Ós rud é go bhfuil croí iarainn ag an bpláinéad, agus é, fiú, réasúnta mór i gcoibhneas an phláinéid féin, tá réimse maighnéadach ag Mearcair agus é thart ar 1 % de réimse maighnéadach an Domhain. Is é an pointe foghréine an áit is teo, agus is iad na cráitéir timpeall na bpol na cinn is fuaire. 

B'iad na Rómhánaigh a bhaist an t-ainm Mearcair ar an bpláinéad seo, chomh sciobtha agus atá sé ag dul ar aghaidh ar an spéir, cosúil le Mearcair nó Mercurius, teachtaire na ndéithe, i miotaseolaíocht na sean-Róimhe. Roimh an gcúigiú haois roimh bhreith Chríost, shíleadh réalteolaithe na Gréige nach aon rinn neimhe amháin a bhí ann, ach dhá cheann. 

Is é an t-ainm atá ag na Sínigh agus ag a gcuid comharsan ar Mhearcair ná Réalt an Uisce, siúd is gur deacair aon áit a shamhlú a bheadh chomh gann in uisce le Mearcair. Rasoom a bhí ag Edgar Rice Burroughs ar Mhearcair ina chuid leabhar faoi John Carter, ach ní raibh aon ról ar leith ag an bpláinéad seo ina chuid leabhar. Is dócha nár chuir Mearcair riamh fantaisíocht na scríbhneoirí ag obair, ós rud é go bhfuil a fhios ag an saol le fada gur pláinéad tirim seasc atá ann.

Tá aithne ag an gcine daonna ar Mhearcair ó laethanta na réalteolaithe Suiméaracha ar aghaidh, ar a laghad. Bhí siadsan ag obair chomh fada siar leis an tríú mílaois roimh bhreith Chríost, agus is é an t-ainm a bhaist siad ar an bpláinéad seo ná Ubu-im-gud-ud. B'iad na Bablónaigh ba thúisce a rinne mionstaidéar ar ghluaiseacht Mhearcair ar an spéir, agus iad ag tabhairt Gu-ad nó Gu-utu air. Na sean-Eabhraigh, ansin, d'aithin siad go raibh an pláinéad seo ag cloí go dlúth leis an nGrian, agus is é an t-ainm a bhí acu air ná Kochav-hama, כוכב חמה mar a litrítear as Eabhrais é, a chiallaíonn Réalta na Gréine. Shíl na sean-Ghréagaigh, arís, gur dhá réalta éagsúla a bhí ann, mar atá, Apollo agus Hermes. De réir a chéile, áfach, tháinig an tuiscint acu nach raibh i gceist ach aon rinn neimhe amháin. B'é Piotagóras, fear na triantánachta féin, ba thúisce a thuig é. D'aithin Heiriclít, fiú, go raibh Mearcair agus Véineas ag timpeallú na Gréine, seachas a bheith ag fithisiú an Domhain.

Sa bhliain 1631, chuir Pierre Gassendi, roimh aon duine eile, sonrú i Mearcair le linn é a bheith ag dul trasna na Gréine ar an spéir. Bhí an trasdul seo tuartha ag Johannes Kepler roimh ré, ach b'é Gassendi an chéad réalteolaí a rinne breathnuithe ar a leithéid. Sa bhliain 1639, arís, d'éirigh le Giovanni Zupi, agus é i muinín teileascóip, a aithint go raibh céimeanna fithise ag Mearcair, cosúil le céimeanna Véineas agus céimeanna na Gealaí. Ba chruthúnas é sin go raibh Mearcair ag timpeallú na Gréine.

Tá an dromchla ar Mhearcair 456 K, nó 178.8 céim Celsius, ar meánteocht. Bíonn an teocht i bhfad níos athraithí ar Mhearcair ná ar an Domhan, áfach, agus í ag luainiú idir 90 K agus 700 K. Níl ach 150 K idir an íosmhéid agus an uasmhéid ar ár bpláinéad féin. Ar ndóigh, ós rud é nach bhfuil atmaisféar ag Mearcair a choinneodh an teas, is féidir don taobh nach bhfuil ag drannadh leis an nGrian éirí fuar feannta ar fad thar oíche fhada an phláinéid. Tá solas na Gréine sé oiread go leith níos láidire ar Mhearcair ná ar an Domhan.

Nuair a bhí sé á mhúnlú, agus ina dhiaidh sin féin, b'iomaí scuabréalta nó astaróideach a bhuail faoi Mhearcair. Níor tháinig deireadh leis an síorbhombardú seo ach 3.8 billiún bliain ó sin. Ós rud é nach raibh atmaisféar ag Mearcair a bhainfeadh de luas na ndreigítí seo, chriathraigh siad an pláinéad go hiomlán. San am sin, bhí an-bholcánachas ag croitheadh dhromchla an phláinéid, agus áiteanna cosúil le Caloris Planitia ag cur thar maoil le magma - cloch leáite - a bhí ag brúchtadh amach as an taobh istigh. Nuair a d'fhuaraigh an laibhe seo síos, d'iompaigh sí ina basalt. Mar sin, cruthaíodh machairí réidhe fairsinge atá cosúil le farraigí na Gealaí s'againn.

Tá na cráitéir ar fud an phláinéid, idir bheag agus mhór. Na cinn bheaga, níl siad ach na céadta méadar ar trastomhas; na cinn mhóra, is féidir do cheann acu bheith na céadta ciliméadar ar trastomhas. Is é an struchtúr is mó ar dhroim an phláinéid an imchuach ar a dtugtar Caloris, nó Caloris Planitia. Cosúil leis na gnáthchráitéir, is lorg i ndiaidh imbhuailteora - scuabréalta nó astaróidigh - í an imchuach seo, ach is léir go raibh an t-imbhuailteoir áirithe seo mór millteanach as an ngnáth, nó tá Caloris míle trí chéad ciliméadar ar fairsingeacht. Dealraíonn sé go ndeachaigh an t-imbhuailteoir glan trí screamh an phláinéid, ar dhóigh is gur chroith sé an laibhe amach chun solais. Thairis sin, áfach, chuaigh fuinneamh an imbhuailte seo tríd an bpláinéad mar thonnchrith seismeach, agus d'fhág sé scoilteanna i screamh an phláinéid ar an taobh eile de!

Tá dhá phríomhchineál tír-raoin le haithint ar dhromchla Mhearcair. Is iad na machairí basaltacha an cineál is óige, agus creidtear gur cruthaíodh iad nuair a bhí laibhe leáite ag brúchtadh amach as na cráitéir fadó. Tá siad cosúil, mar sin, le farraigí ár nGealaí féin, nó is machairí basailt iad chomh maith. Thairis sin, áfach, tá aithne an chraptha ar dhromchla Mhearcair. Is é sin, nuair a d'fhuaraigh croí iarainn an phláinéid síos, chrap sé isteach chuige féin, agus ansin, d'fhill dromchla an phláinéid ar a chéile in áiteanna. Na cráitéir a bhí ann cheana féin nuair a thosaigh an pláinéad ag crapadh, tháinig na fillte craptha anuas orthu, i gcruth is go ndeachaigh siad as a riocht.

Thairis sin, tá imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar an bpláinéad. Is iad na fórsaí taoidmheara atá i gceist. Go bunúsach, is iad na fórsaí céanna is brí le trá agus tuile na taoide ar an Domhan, is é sin, na teannais a chruthaítear taobh istigh den rinn neimhe, agus an imtharraingt ag oibriú níos láidre ar thaobh na Gréine den phláinéad ná ar an taobh atá iompaithe ar shiúl ón nGrian. D'fhág na fórsaí seo a n-aithne féin ar dhéanamh an phláinéid.

Tá croí iarainn ag Mearcair, agus i gcomparáid leis an bpláinéad féin, tá sé níos mó ná croí iarainn an Domhain. Miotal is ea 70% de Mhearcair, agus cloch shileacáite is mó atá sa chuid eile. Tá meándlús Mhearcair beagáinín níos lú ná meándlús an Domhain, áfach. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil an fiche oiread maise sa Domhan, agus mar sin, fáisctear croíleacan an Domhain níos dlúithe faoi mheáchan na gcodanna taobh amuigh de. Tá 42% de thoirt Mhearcair sa chroí iarainn, - ar son na comparáide, ní miste cuimhne a choinneáil air nach bhfuil ach 17% de thoirt an Domhain ansin. 

An maintlín atá thart timpeall ar chroíleacan Mhearcair, níl sé ach 600 ciliméadar ar dhoimhneacht. Creidtear gur bhain imbhualadh millteanach don phláinéad nuair nach raibh sé ach á mhúnlú, agus gur baineadh cuid mhór d'ábhar an mhaintlín de ag an am.

Ar dtús, shíl na heolaithe go raibh glas taoidmhear ar rothlú Mhearcair - is é sin, go raibh sé ag rothlú go sioncrónach, de réir mar a bhí sé ag dul timpeall na Gréine, agus é ag drannadh na haghaidhe céanna leis an nGrian an t-am ar fad. Sin é an cineál rothlú, dála an scéil, a dhéanann ár nGealach féin i gcoibhneas an Domhain, nó ní fheicimid ach aon taobh de riamh. Ansin, áfach, fuarthas amach, nach ionann sin agus scéal Mhearcair. Sa bhliain 1965, thug na breathnuithe radair le tuiscint go bhfuil athshondas 3:2 idir rothlú agus imrothlú an phláinéid, is é sin, go gcríochnaíonn sé trí rothlú timpeall a aise in aghaidh gach dhá imrothlú timpeall na Gréine. Fanann an coibhneas seo sách do-athraithe, chomh héalárnach agus atá fithis an phláinéid. Nuair a shíl na saineolaithe go raibh glas ar rothlú Mhearcair, ní raibh ann ach míthuiscint a bhí bunaithe ar an nganntanas eolais. Is é sin, nuair a bhaineadh Mearcair amach an pointe ab fhearr a d'fhreastlódh do na breathnuithe réalteolaíocha, bhíodh sé sa phointe chéanna de thréimhse an athshondais, is é sin, den trí rothlú nó den dá imrothlú, agus, mar sin, an taobh céanna de iompaithe leis an nGrian. 

De thoradh an choibhneasa atá idir an rothlú agus an t-imrothlú, tá grianlá Mhearcair - is é sin, fad an lae mar a fheictear don bhreathnóir ar dhromchla an phláinéid féin é - thart ar 176 lá Domhanda ar fad. Níl an réaltlá - is é sin, rothlú amháin an phláinéid i gcoibhneas réaltaí na spéire - ach 58.7 lá Domhanda ar fad. 

In áiteanna áirithe de dhromchla Mhearcair, bheadh an Ghrian ag éirí go dúbailte. Is é sin, d'fheicfí í ag éirí, ag stopadh, ag dul faoi ar ais agus ansin ag éirí go deifnideach. Is é is cúis leis seo, ná, ceithre lá Domhanda roimh an bpeirihéilean (garphointe na fithise don Ghrian), is ionann luas a imrothlaithe agus luas a rothlaithe, agus ansin, dearscnóidh luas a imrothlaithe thar an luas eile, i gcruth is go bhfeicfear an Ghrian ag dul ar ais ar an spéir. I ndiaidh an pheirihéilin, tiocfaidh moilliú ar an imrothlú arís, agus ceithre lá Domhanda ina dhiaidh, tosóidh an Ghrian ag éirí arís, mar is gnách.

Tá claonadh na haise rothlaithe an-bheag, gan ach 0.01 céim stua, i bhfad níos lú ná ar aon phláinéad eile ar fud an ghrianchórais. Is é Iúpatar an dara pláinéad is lú is aischlaonta, mar atá, trí chéim stua agus aon deichiú cuid (3.1 céim stua).

Tá fithis Mhearcair iontach éalárnach, níos éalárnaí ná fithis aon phláinéad inmheánach eile. Níl ach fithis Phlútóin níos éalárnaí. Tá peirihéilean na fithise ag luainiú ar bhealach nach bhfuil inmhínithe gan dul i dtuilleamaí theoiric coibhneasachta Einstein, agus a fhad is nach raibh ach meicnic Isaac Newton ar fáil le gluaiseachtaí na reann neimhe a oibriú amach, shíl na saineolaithe go gcaithfeadh sé go raibh pláinéad beag taobh istigh d'fhithis Mhearcair, agus a imtharraingt ag déanamh trasnaíochta ar ghluaiseacht Mhearcair. Bhí siad i bhfad ag iarraidh radharc a fháil ar an bpláinéad seo, agus é ainmnithe acu cheana: Bolcán. Nuair a d'fhoilsigh Einstein teoiric ghinearálta na coibhneasachta, mhínigh sí an luainiú seo go hiomlán. B'é sin ba phríomhchúis le chomh tapaidh is a ghlac na saineolaithe leis an teoiric.

Tá an taighde ag tabhairt le fios, freisin, go bhfuil éalárnacht fithise Mhearcair ag ascalú idir 0 (is é sin, fithis chiorclach) agus 0.47 thar na milliúin de bhlianta, agus is ascalú anordúil é, nó ní féidir a thuar roimh ré, cén bealach a rachaidh an t-athrú seo. Creidtear gurb é seo is cúis leis an athshondas aisteach idir an rothlú agus an t-imrothlú, nó is dóchúla dá leithéid teacht ar an bhfód le linn thréimhse na héalárnachta airde.

Cé go bhfuil Mearcair ag rothlú go mall, tá maighnéadsféar réasúnta láidir aige, cé nach bhfuil ann ach a haon faoin gcéad (1%) de réimse maighnéadach an Domhain. Tá sé incheaptha gur cruthaíodh an maighnéadsféar seo ar an dóigh chéanna agus maighnéadsféar an Domhain, is é sin, go raibh ábhar leáite ag dul timpeall sa chroílár, agus é ag oibriú mar dhineamó. Níl na saineolaithe cinnte, áfach, an bhfuil iarann leáite i gcroíleacan Mhearcair, cé go bhféadfadh sé fanacht leáite agus an dóigh a mbíonn na fórsaí taoidmheara ag streachailt an phláinéid ar a chamchuairt ar a fhithis éalárnach. Níl sé docheaptha ach oiread go bhfuil iarann an dineamó sin sioctha síos cheana, agus an t-iarann soladach fágtha maighnéadaithe..

Tá níos mó iarainn sa phláinéad seo ná in aon phláinéad eile, i gcoibhneas a mhéide ar a laghad. Cuireadh níos mó ná aon teoiric amháin chun cinn leis an bhfarasbarr seo a mhíniú. Deir teoiric amháin go raibh Mearcair comhdhéanta as miotal agus as cloch sileacáite cosúil leis an gcineál dreigítí a dtugtar coindrítí orthu. Táthar ag déanamh gurb ionann mais Mhearcair ag an am agus mais Mhearcair inniu méadaithe faoi 2.25, agus gur buaileadh Mearcair faoi imbhuailteoir a raibh aon séú cuid den mhais sin ann. Ansin, bhain an t-imbhualadh seo an screamh agus an chuid ba mhó den mhaintlín den phláinéad, i gcruth is nár fágadh mórán thart ar an gcroíleacan. Tá teoiric den chineál chéanna ann a deir gur mar seo a cruthaíodh an Ghealach s'againn féin, is é sin, gur bhuail an próta-Dhomhan faoi imbhuailteoir éigin agus gur scoilteadh an Ghealach de.

Tá teoiric eile ann a deir go raibh Mearcair ann sular chrap an chuid lárnach de réaltnéal na Gréine isteach chuici féin le hiompú ina Grian. Nuair a thosaigh an phróta-Ghrian ag crapadh, d'éirigh an teocht i ndlúth-thimpeallacht Mhearcair sách ard leis an gcloch shileacáiteach a leá agus a ghalú. Ansin, shéid an ghrianghaoth an gal ar shiúl den phláinéad, agus níor fágadh ach an chuid inmheánach de.

Tá an tríú teoiric bunaithe ar an smaoineamh gurbh í cúltarraingt an réaltnéil a bhí i gceist. Is é sin, nuair a bhí an néal ag fuilleamh le hiompú ina phláinéad, stop comhthoradh na bhfórsaí a bhí ag oibriú ar na cáithníní sa réaltnéal an chuid ab éadroime de na cáithníní ó bheith páirteach i bhfoirmiú an phláinéid.

Má theastaíonn uainn ceann de na teoiricí seo a fhíorú, caithfidh muid comhshuíomh ceimiceach an dromchla a fháil amach, nó tá a tairngreacht féin ag dul le gach teoiric maidir leis sin. Mar sin, tá an misiún úd MESSENGER meáite ar bhreathnuithe a dhéanamh ar Mhearcair le triail a bhaint as na teoiricí. 

Tá sé ráite freisin gur pláinéad ctónach é Mearcair, is é sin, gur gásfhathach cosúil le hIúpatar nó le Satarn a bhí i Mearcair ar dtús, agus gur baineadh an chuid gásach de i rith fhorbairt an Ghrianchórais. Mar sin, ní bheadh sa phláinéad atá againn anois ach an croíleacan cloiche atá fágtha den ghásfhathach.

Tá sé deacair breathnóireacht a dhéanamh ar Mhearcair ón Domhan, nó tá an pláinéad chomh cóngarach don Ghrian agus go bhfágann tinte dallraitheacha na Gréine dofheicthe ar fad é. Uaireanta, bíonn sé le feiceáil le camhaoir nó le clapsholas. 

Mar a fheicimid féin é, tá céimeanna aige cosúil leis an nGealach. Is ionann a chónasc íochtair agus a nua-ré, agus is ionann a chónasc uachtair agus a lán-ré. Ní bhíonn an pláinéad le feiceáil ag na hócáidí seo, áfach, agus é ag cloí chomh tiubh sin leis an nGrian, mar a fheictear dúinn féin é. Is féidir, áfach, Mearcair a fheiceáil ina leath gealaí nó ina leathphláinéad, nó is ansin atá Mearcair san áit is mó fadú. San áit is mó fadú thoir, is é is faide i ndiaidh Mhearcair a éiríonn an Ghrian, agus san áit is mó fadú thiar, is é is faide a fhanann Mearcair ar an spéir i ndiaidh don Ghrian dul faoi. Nuair a tharlaíonn Mearcair ina pheirihéilean san áit is mó fadú, feictear faoi 18.5° (ocht gcéim stua déag go leith) den Ghrian ar an spéir é, ach má shroicheann sé a apaihéilean san áit sin, tá an stua idir an dá rinn neimhe sin chomh mór le 28.3° (ocht gcéim stua fichead agus trí dheichiú cuid). 

Nuair atá Mearcair idir an chéad leathphláinéad agus an lán-ré, is é sin, nuair atá sé scothlán, is ansin is éasca é a thabhairt faoi deara. Is fíor go bhfuil sé ag dul i bhfad uainn ag an am sin, ach tá a fhithis chomh beag is nach bhfuil an difríocht rómhór. Tá sé níos tábhachtaí go bhfuil sé ag éirí níos gile, agus níos mó dá thaobh soilsithe ag iompú linn féin.

Ar meán, sroicheann Mearcair a chónasc íochtair uair in aghaidh gach 116 lá, ach bíonn sé éagsúil, chomh héalárnach agus atá a fhithis. Mar sin, bíonn an idirthréimhse seo ag luainiú idir 111 agus 121 lá. Ar gach taobh den chónasc íochtair, is féidir go bhfeictear dúinn Mearcair a bheith ag iompú ar ais ar a fhithis ar feadh 8-15 lá. Is í an fhithis éalárnach is cúis leis an ngluaisne chasiompaithe seo. 

Tá sé níos fusa Mearcair a bhreathnú ón leathsféar theas ná ón leathsféar thuaidh. Sroicheann sé an fadú is mó thoir nuair a bhíonn sé ina luathfhómhar ar an leathsféar theas, agus nuair a bhíonn sé san áit is mó fadú thiar, bíonn an geimhreadh ag druidim chun deireanais sa deisceart. Is é is toradh dó seo go bhfuil an stua idir Mearcair agus an t-éiclipteach ar an uasmhéid, rud a fhágann go bhfanann Mearcair uaireanta an chloig ar an spéir nuair a bhíonn sé dorcha. Ar an leathsféar thuaidh, ní bhíonn Mearcair os cionn na léaslíne riamh, nuair a bhíonn an geimhreadh ann agus an spéir dorcha.

Le linn urú iomlán na Gréine, bíonn Mearcair le feiceáil, chomh maith leis na réaltaí is gile.




#Article 116: Véineas (pláinéad) (1309 words)


Is í Véineas an dara pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. B'í Véineas bandia an ghrá agus na háilleachta ag na Rómhánaigh (Afradaíté ag na Gréagaigh, Ishtar na Babalóine). Ós í Véineas an plainéad is gile sa spéir, b'eol do dhaoine í a bheith ann ó thús ama. Tugadh Réalt na Maidne agus Réalt an Tráthnóna ar Véineas chomh maith. Níl gealach ar bith aige. Tá an lá níos faide ná an bhliain ann (243 lá de chuid an domhain), agus ós rud é go bhfuil Véineas ag rothlú thar a hais i dtreo chontrártha, feictear an Ghrian ag éirí san iarthar agus ag dul faoi san oirthear. Tá an pláinéad beagnach ar aon mhéid leis an Domhan agus tá an t-atmaisféar tiubh trom, 90 uair níos dlúithe ná atmaisféar an domhain. Is í dé-ocsaíd an charbóin an gás is flúirsí san atmaisféar, rud a chiallaíonn go bhfuil an iarmhairt ceaptha teasa i bhfad níos láidre ar Véineas ná ar an Domhan. Mar sin, tá an teocht an-ard ar fad ann, os cionn 400 °C. Gleannta míne is mó atá ar an dromchla. Ar ndóigh, tá sé róthe le farraigí ar bith a bheith ann. 

Cuireadh an chéad spáslong go Véineas sa bhliain 1962 agus is iomaí árthach eile a cuireadh ann ó shin, an spásárthach Venera 7 de chuid na Rúise, an chéad árthach a thuirling ar phlainéad choimhthíoch, ina measc. Taiscéalaithe gan daoine a bhí iontu ar fad, ar ndóigh. Rachadh sé rite le duine daonna coinníollacha Véineas a sheasamh, fiú dá gcaithfeadh sé culaith spáis.

Meánfhad ón nGrian: 	108,208,926 km, nó 0.723 331 99 aonad réalteolaíoch

Imlíne na fithise: 	680,000,000 km, nó 4.545 aonad réalteolaíoch

Éalárnacht na fithise: 	0.006 773 23

Peirihéilean (garphointe don Ghrian): 	107,476,002 km, nó 0.718 432 70 aonad réalteolaíoch

Apaihéilean (cianphointe ón nGrian): 	108,941,849 km, nó 0.728 231 28 AU

Tréimhse fhithiseach: 	224.700 69 lá (0.615 197 0 bliain)

Tréimhse shionadach 	583.92 lá

Meánluas fithiseach 	35.020 km/s

Uasmhéid an luais fhithisigh 	35.259 km/s

Íosmhéid an luais fhithisigh 	34.784 km/s

Claonadh na fithise 	3.394 71° (3.86° i gcoibhneas mheánchiorcal na Gréine)

Fad an nóid éirithigh 	76.680 69°

Argóint an pheirihéilin 	54.852 29°

Níl satailít nádúrtha ar bith ag timpeallú Véineas.

Trastomhas ag an meánchiorcal 	12,103.7 km (0.949 i gcomparáid leis an Domhan)

Achar an dromchla 	4.60×108 km2 (0.902 i gcomparáid leis an Domhan)

Toirt 	9.28×1011 km³ (0.857 i gcomparáid leis an Domhan)

Mais 	4.8685×1024 kg (0.815 i gcomparáid leis an Domhan)

Dlús (meán) 	5.204 g/cm3

Imtharraingt ag an meánchiorcal 	8.87 m/s2 (an tairiseach g méadaithe faoi 0.904)

Treoluas éalaithe 	10.36 km/s

Tréimhse rothlaithe 	−243.0185 lá (seasann an comhartha − do threo an rothlaithe: tá Véineas ag rothlú i dtreo atá contrártha le treo rothlaithe an Domhain)

Luas rothlaithe ag an meánchiorcal 	6.52 km/h

Claonadh na haise 	2.64°

Ceartairde an Phoil Thuaidh 	272.76° (18 n-uaire 11 nóiméad 2 shoicind) 

Diallas 	67.16°

Ailbéideacht 	0.65

Teocht ar an dromchla 	

íosmhéid 228 K (sna scamaill)

meán 737 K

uasmhéid 773 K 

Áirítear Véineas ar na pláinéid dhomhanchosúla, rud a chiallaíonn go bhfuil sí déanta as ábhar crua - as cloch agus carraig - cosúil leis an Domhan féin. Mar sin, níl sí cosúil leis na gásfhathaigh (Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Níl sí mórán níos lú ná an Domhan, agus mar sin, is gnách a rá gurb í leathchúpla an Domhain. Scéal eile, áfach, go bhfuil atmaisféar trom aici, agus imthoscaí ar a dromchla atá thar a bheith difriúil le himthoscaí an tsaoil ar an Domhan.

Níl mórán ar eolas againn ar an déanamh atá ar Véineas taobh istigh. Is féidir glacadh leis go bhfuil screamh, maintlín agus croí aici ar nós na bpláinéad domhanchosúil eile. Táthar ag déanamh go bhfuil an screamh beagáinín níos raimhre ná screamh an Domhain, agus go bhfuil an croí ábhairín níos mó. Is dócha gur cloch leáite - magma - atá istigh ansin, agus go dtagann cleitíní magma tríd an maintlín suas ar an dromchla ó am go ham le bolcáin a chruthú, cosúil leis na bolcáin ar an Domhan.

Machairí míne bolcánacha atá in ochtó faoin gcéad de dhromchla Véineas. (Nuair a deirtear gur machairí bolcánacha iad, ní hionann sin agus a rá go mbeidís criathraithe le bolcáin: tagann an téarma sin le fios gurb as laibhe nó magma bolcánach a bhí ag fuarú a múnlaíodh iad i dtús an ama. Tá farraigí na Gealaí cosúil leis na machairí seo.) An chuid eile den tír-raon, is mór-ranna iad, nó garbhchríocha. Tugtar Ishtar Terra ar an mór-roinn thuaisceartach, agus í ainmnithe as bandia an ghrá i miotaseolaíocht na mBablónach. Tá Ishtar Terra ar aon mhéid leis an Astráil. Tá an sliabh is airde ar Véineas, Maxwell Montes, suite in Ishtar Terra. Tá Maxwell Montes aon chiliméadar déag os cionn meánairde an tír-raoin i Véineas; níl an sliabh is airde ar an Domhan, Sliabh Everest, fiú naoi gciliméadar os cionn meánleibhéal na mara. Tá an mhór-roinn dheisceartach, Aphrodite Terra, ar aon mhéid le Meiriceá Theas, agus í níos mó ná Ishtar Terra, mar sin. Tá cuid mhór d'Aphrodite Terra criathraithe le cráitéir agus le héisc. 

Tá cráitéir thuinsimh, sléibhte agus gleannta coitianta ar Véineas cosúil le gach pláinéad domhanchosúil, ach thairis sin, is féidir teacht ar thréithe tír-raoin nach bhfeicfeá ar aon phláinéad eile. Ina measc seo, is fiú trácht a dhéanamh ar na rudaí ar a dtugtar farra. Go bunúsach, is pancóga cloiche iad, agus iad 20-50 ciliméadar ar trastomhas agus 100-1000 méadar ar raimhre. Is é an bolcánachas a chruthaigh iad. Thairis sin, tá struchtúir de bhristeacha gathacha ann ar a dtugtar novae, agus gréasáin de bhristeacha agus de scoilteacha a chuirfeadh téada damháin alla i gcuimhne duit. Aracnóidigh a thugtar orthu, freisin, ón bhfocal Gréigise a chiallaíonn damhán alla. Is é an bolcánachas is cúis leis na struchtúir seo ar fad, agus bíonn cuid mhaith bolcáin ar fáil ar Véineas, chomh maith. Tá 167 mbolcán ar Véineas atá níos mó ná céad ciliméadar ar trastomhas. Is é an t-aon struchtúr bolcánach amháin ar an Domhan atá inchurtha leis na fathaigh seo ná Haváí. 

An chuid is mó de na logainmneacha ar Véineas, tagraíonn siad do mhná na staire nó na miotaseolaíochta. Is iad na heisceachtaí is tábhachtaí Maxwell Montes, atá ainmnithe as James Clerk Maxwell, agus an dá réigiún úd Alpha Regio agus Beta Regio. Bronnadh na hainmneacha seo sular tháinig an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta ar an bhfód. Is é an tAontas a choinníonn cuntas ar logainmníocht an spáis inniu.

Dealraíonn sé gurbh é an bolcánachas a mhúnlaigh cuid mhór de dhromchla Véineas, ach má mhúnlaigh féin, ná síltear go mbeadh bolcánachas gníomhach ar obair go forleathan ar an bpláinéad i gcónaí. Is amhlaidh go bhfuil screamh Véineas i bhfad níos sine ná screamh an Domhain, ós rud é go bhfuil screamh an Domhain á hathchúrsáil gan stad gan staonadh ag an bhfodhuchtú, is é sin, an dóigh a mbíonn na plátaí teicteonacha ag sleamhnú isteach faoina chéile. Mar sin, ní bhíonn an tír-raon a fheicimid ar an Domhan inniu ach céad milliún bliain d'aois, ar meán, ach tá tír-raon Véineas cúig chéad milliún bliain d'aois, mar a mheastar.

Ina dhiaidh sin féin, is féidir go bhfuil bolcánachas beo sa chorráit ar Véineas féin. Nuair a bhí na spástaiscéalaithe Rúiseacha den tsraith úd Venera ag taighde an phláinéid, chuir siad sonrú i splancanna agus i dtóirneach nach raibh inmhínithe mar fheiniméin atmaisféaracha cosúil le splancarnach agus spéirlingí an Domhain. Nó níl báisteach ná fearthainn ar Véineas, agus is í an bháisteach is cúis leis an tóirneach ar an Domhan. Creidtear gurb é an luaithreamhán as na bolcáin is cúis leis na splancanna ar Véineas. Thairis sin, chaill an pláinéad 90 % den dé-ocsaíd shulfair a bhí san atmaisféar idir na blianta 1978 agus 1986, rud a thugann le fios go raibh mórbhrúchtadh bolcáin ann a d'ardaigh an leibhéal roimhe sin a chuir go mór mór le tiúchan na substainte sin. 




#Article 117: Iúpatar (pláinéad) (659 words)


Is é Iúpatar an cúigiú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus an ceann is mó de na plainéid ar fad. Ba é Iúpatar (Jupiter) Rí na nDéithe ag na Rómhánaigh. Is é Iúpatar an ceathrú réad is gile sa spéir agus bhí daoine ábalta é a fheiceáil ó thús ama. D'fhéach Galileo Galilei air trí theileascóp sa bhliain 1610 agus chonaic sé go raibh ceithre ghealach aige. Tugtar gealacha Galileo orthu sin i gcónaí (Io, Europa, Ganymede agus Callisto). Ba é seo an chéad uair a chonacthas go raibh rudaí ag dul timpeall ar phlainéad eile seachas an domhan agus ba athrú réabhlóideach é ar an léargas a bhí ag daoine ar an ollchruinne go dtí sin, mar gur creideadh go raibh an domhan i lár agus gach rud eile, an ghrian san áireamh, ag dul timpeall air.

Is plainéad gáis é Iúpatar, gan aon dromchla soladach, cé go bhfuil croílár cloiche istigh ann. Uaireanta, tugtar gásfhathaigh ar phláinéid den chineál seo sa ghrianchóras, agus tá ceithre cinn acu ann: Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún. Is iad na scamaill san atmaisféar atá le feiceáil ón domhan. Hidrigin (90%) agus héiliam (10%) ar fad atá sa phlainéad seachas blúirí bídeacha de gháis eile, uisce, agus amóinia. Tá Iúpatar 142,984 chiliméadar ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus 317.8 domhan. Bíonn sé 778 milliún ciliméadar ón nGrian, ar meán. Tá an lá an-ghearr – 9 n-uair agus 55 nóiméad, agus tá bliain Iúpatair cothrom le 11.86 bliana de chuid an domhain. -108 °C an mheánteocht atá ann.

Tagann níos mó fuinnimh as Iúpatar i bhfoirm radaíochta ná mar a fhaigheann sé ón ghrian. Tá fáinní beaga dorcha timpeall ar Iúpatar ach níl siad le feiceáil ón domhan mar atá cuid Satarn. 

Bhí 63 shatailít ag Iúpatar, nuair a seiceáladh an uair dheireanach é, ach bíonn cinn nua á n-aithint go minic. Is gnách folúsghlantóir an spáis a thabhairt ar Iúpatar, nó baineann sé den spás an chuid is mó de na scuabréaltaí agus de na hastaróidigh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Domhan. Chonacthas sampla maith den obair seo i Mí Iúil 1994, nuair a bhuail an scuabréalta úd Shoemaker-Levy 9 faoi Iúpatar.

Ceann de na gásfhathaigh sa Ghrianchóras é Iúpatar, is é sin, níl ach croí beag solaid ann agus gás nó leacht ina thimpeall. Is é an ceann is mó de na pláinéid sa Ghrianchóras, nó tá sé 142,984 chiliméadar ar trastomhas ag an meánchiorcal. Tá Iúpatar 1.326 g/cm³ ar dlús, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar an dara pláinéad is dlúithe de na gásfhathaigh, ach ar ndóigh, tá na pláinéid domhanchosúla (an Domhan, Mearcair, Véineas, agus Mars) níos dlúithe ná Iúpatar.

Tá uachtar an atmaisféir ar Iúpatar comhdhéanta as hidrigin agus héiliam - is í an hidrigin an comhábhar is mó, agus ní sheasann an héiliam ach do 8-12 % den chomhdhéanamh. Nó sin é an céatadán de réir líon na móilíní. Scéal eile é go bhfuil adamh an héiliam níos troime ná móilín na hidrigine. De réir mhais na n-adamh, tá 75 % hidrigin agus 25 % héiliam ann, a bheag nó a mhór. Ag tuirlingt anuas san atmaisféar dúinn, áfach, gheobhaidh muid romhainn comhdhéanamh is casta ná sin, nó tá dúile níos troime thíos ansin, timpeall ar 5 % den iomlán. Is féidir, mar sin, iarsmaí de chomhdhúile a aithint in íochtar an atmaisféir a bhfuil sileacan, fosfar, carbón, ocsaigin, nítrigin nó dúile eile iontu: meatán CH3CH3, uisce H2O, amóinia NH3, foisfín PH3, agus a lán eile. Amuigh ar fhorimeall an atmaisféir, arís, aithnítear criostail shioctha amóinia. Thaispeáin na gathanna ultraivialaite agus infridhearga go bhfuil hidreacarbóin sách casta, ar nóis na beinséine, ann chomh maith. 

Creidtear go bhfuil comhdhéanamh an atmaisféir ar Iúpatar an-chosúil le réaltnéal na gréine fadó - an réaltnéal as ar fáisceadh na pláinéid in imeacht na milliún bliain. Scéal eile, áfach, go bhfuil an neon i bhfad níos teirce ansin ná sa Ghrian, agus an héiliam féin beagáinín níos gainne. 




#Article 118: Satarn (pláinéad) (263 words)


Is é Satarn (arb ionann é mar fhocal agus Satharn nó Saturnus, dia na talmhaíochta ag na Rómhánaigh) an séú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus é ar an dara ceann is mó. Tá sé 119,300 ciliméadar ar trastomhas, agus ní mhaireann an lá ach deich n-uair a chloig go leith, rud a dhéanann cothromú ar na poil. Hidrigin is mó atá san atmaisféar agus bíonn stoirmeacha fíochmhara le feiceáil ón domhan. Cuireadh suntas ó thús i gcóras fáinní Satarn agus san iliomad gealach atá ag an bplainéad. Tá 31 cheann acu ainmnithe agus is é Tíotán an ceann is mó acu. Tá Tíotán chomh mór céanna le Gealacha Galileo, an ceathrar gealach mhóra atá ag timpeallú Iúpatair. Is é Tíotán an dara gealach is mó sa Ghrianchóras, agus é beagáinín níos lú ná Ganymede atá ar an gceann is mó de Ghealacha Galileo.

Thug na spástaiscéalaithe úd Pioneer 11 (1979) agus Voyager 1 agus 2 cuairt ar Shatarn agus anois, tá an taiscéalaí úd Cassini ag timpeallú an phlainéid (ón 1 Iúil 2004). 

Cosúil le hIúpatar, Úránas, agus Neiptiún, is gásfhathach é Satarn. Is é sin, tá an chuid is mó den phláinéad féin comhdhéanta as na gáis chéanna atá ina atmaisféar - hidrigin thar aon dúil eile. Mar sin, níl sé furasta a shainmhíniú go sásúil, cá dtagann deireadh leis an atmaisféar agus tús leis an bpláinéad féin. Is léir go bhfuil croíleacán cloiche taobh istigh, ach tá sé i bhfad níos lú ná an pláinéad ina iomlán.

Tá 62 gealach ag Satarn (as a bhfuil ainmneacha ar 53 ceann acu).




#Article 119: Úránas (pláinéad) (130 words)


Is é Úránas an seachtú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. Ba é William Herschel a chonaic é den chéad uair i 1781. Ba é an réalteolaí Gearmánach Johann Bode a bhaist Úránas mar ainm air, dia na spéire anallód. 

Tá trastomhas de 51,000 ciliméadar aige agus glacann sé 84 bliain de chuid an Domhain air turas amháin a dhéanamh timpeall na gréine. Bíonn sé beagnach 3,000 milliún ciliméadar ón Ghriain de ghnáth. Maireann an lá seacht n-uair an chloig déag. Tá 22 gealach ar a laghad aige. Hidrigin is mó atá san atmasféar agus léiríonn na pictiúir a tógadh le teileascóp ardchumhachta Keck II go mbíonn stoirmeacha fíochmhara ar an phlainéad. Tá fáinní timpeall ar an phlainéad mar atá ar Satarn. Tá Úránas claonta ar a thaobh timpeall 90 céim. 




#Article 120: Neiptiún (pláinéad) (346 words)


Is é Neiptiún an t-ochtú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, an 4ú pláinéad is mó. Bíonn Plútón níos gaire ó am go chéile de bharr a fhithis siúd a beith an-éalárnach (ach ní rangaítear é sin mar phláinéad a thuilleadh; is abhacphláinéad é).

Tá Neiptiún ag meánfhad 30.0 AD amach, agus tógann fithis iomlán 165 bliain. 

Tá trastomhas 34,800km aige. 

Rothlaíonn Neiptiún ar a ais le tréimhse 16.1 uair. 

As uisce is carraig leáite atá sé déanta, timpeallaithe le hatmaisféar de hidrigin, héiliam is meatán. 

Bíonn spotaí dorcha ar a aghaidh, ina measc an Spota Dorcha Mór sa leathsféar theas.  Taispeánann na spotaí neamhbhuana seo go bhfuil aimsir ghaofar chlamprach ar Neiptiún. 

Tá Neiptiún giota beag níos lú ná Úránas agus is cosúil le leathchúplaí iad a mbeirt.

In aonaid réalteolaíocha (is ionann 1 AD agus an fad ón domhan don ghrian), is iad seo na príomhphláinéid is a meánfhad amach ón ngrian:

ach tá Neiptiún 30 AD amach ón ngrian.

Má tharlaíonn aon chlaonadh ón rian éilipseach, ciallaíonn sé sin go bhfuil réad eile i gceist freisin. Sin a tharla sna blianta 1845/1846: díreach tar éis do na réalteolaithe claonadh a bhrath i bhfithis Úránais, fionnadh Neiptiún.

Sa bhliain 1845, réamhinis John Couch Adams go raibh an pláinéad Neiptiún ann ó anailís a dhéanamh ar neamhrialtachtaí i ngluaisne Úránais. Ag an am céanna, réamhinis Urbain Jean Joseph Le Verrier go raibh leithéid Neiptiúin ann sula bhfacthas an pláinéad.

D'fhionn Johann Gottfried Galle an pláinéad Neiptiún, agus é ag obair i Réadlann Bheirlín, ar an 23 Meán Fomhar 1846.

De réir dlíthe Newton, ba chóir d'Úránas bheith in áit eile agus mar sin bhí Galle de thuairim acu go raibh pláinéad mór eile ann taobh amuigh d'Úránas. Fuarthas amach níos déanaí gur de thaisme a tharla na an fionnadh seo.  

I 1989 ghlac an spásárthach Voyager 2 pictiúir shoiléire den phláinéad seo is a ghealacha. Chomh maith leis an dá ghealach a bhí ar eolas roimhe sin, Tríotón is Neiréid, fuarthas 6 cinn eile le fáinní. Faoi seo is eol go bhfuil 13 ghealach ag Neiptiún.




#Article 121: Plútón (abhacphláinéad) (1887 words)


Abhacphláinéad is ea Plútón atá suite ar imeall an ghrianchórais. Ó 1930 go 2006, thugadh an tAontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta agus na gnáthdaoine pláinéad air, ach athraíodh an cinneadh sin i mí Lúnasa 2006, ós rud é go bhfuil reanna neimhe sonraithe i gCrios Kuiper taobh thiar de atá ar aon mhéid leis. De réir dealraimh, tá Plútón cosúil le Tríotón, an ghealach is mó ag Neiptiún. 

Mar sin, is féidir nach bhfuil i gceist le Plútón ach an ceann is cóngaraí dúinn de reanna an chreasa seo. I ndáiríre, níl sé ag imeall an ghrianchórais mar a cheaptaí: taobh amuigh de, leanann réimse maighnéadach na Gréine agus. tá crios de na billiúin cóiméad i scamall Oort, cuid den bhunscamall as ar cumadh an grianchóras. 

Ceapann réalteolaithe gur ghealach de chuid Neiptiúin é lá dá raibh, ach gur tharla eachtra éigin chun é a chuaradh amach ina fhithis féin. 

Mar sin, tá Plútón ag timpeallú na gréine ar fhithis atá an-difriúil le fithisí na ngnáthphláinéad. Fithis an-chlaonta, an-éalárnach í. Mar sin, siúd is go raibh sé de nós ag na daoine a shíleadh gurb é Plútón an pláinéad is faide ón ngrian, chaith sé na blianta 1979-1999 taobh istigh d'fhithis Neiptiúin. 

Sa bhliain 1978, cuireadh an chéad sonrú i satailít Phlútóin, Carón. Tugadh dhá ghealach níos lú faoi deara sa bhliain 2005, mar atá, Nix agus Hydra. 

Déanta na fírinne, níl sé furasta a rá, ach an oiread, an satailít é Carón dháiríre. B'fhearr a rá gur córas imtharraingthe iad Plútón agus Carón in éineacht, agus go bhfuil an bheirt acu ag timpeallú meáchanlár an chórais sin. Tá an meáchanlár sin suite in aice le Plútón, ach níl sé taobh istigh de.

Tá Plútón fuar, le meanteocht -223°C, agus tuigtear gur as carraig, meatán is oighear atá sé déanta, le hatmaisféar éadlúth meatáin. 

Níl ach atmaisféar an-tanaí ag Plútón, agus é comhdhéanta as meatán go hairithe, nítrigin agus aonocsaíd charbóin. Tá na substaintí céanna ar fáil i bhfoirm sholadach ar dhromchla Phlútóin, agus an dóigh a bhfuil siad ag galú agus ag sioc arís, tá an-bhaint acu le cothromaíocht na teochta ar Phlútón.

Níl brú an atmaisféir ar Phlútón ach aon seacht míliú cuid de bhrú ár n-atmaisféir féin, ach mar sin, is féidir é a thabhairt faoi deara le linn urú. Nuair a bhogann Plútón amach óna gharphointe don ghrian, siocann tuilleadh den atmaisféar go solad, agus é ag titim ar dhromchla an phláinéid. 

Ag teacht níos gaire don ghrian dó arís, imíonn cuid den nítrigin reoite ina gás arís, rud a chuireann dromchla Phlútóin ag fuarú. Sin é an fáth go bhfuair na saineolaithe amach le déanaí go bhfuil an abhacphláinéad seo deich gcéim Celsius (nó Kelvin) níos fuaire ná mar a shíl siad roimhe sin.

Tá dromchla Phlútóin an-éagsúil. D'fhéadfá a rá go bhfuil dhá aghaidh ar Phlútón. Go bunúsach, an leath de Phlútón atá ag drannadh le Carón, tá sí níos saibhre sa mheatán sioctha, agus an nítrigin reoite agus an aonocsaíd charbóin níos tipiciúla ar an taobh eile de.

Níl Plútón ach 14m ar mhéid dhealraitheach, agus mar sin, ní féidir sonrú a chur ann gan teileascóp. Sna teileascóip mhóra féin, ní aithnítear Plútón ach mar phointe solais atá cosúil le réalta, agus dath buí nó donnbhuí ann.  

Nuair a tugadh Carón faoi deara an chéad uair, tuigeadh go raibh Plútón i bhfad ní ba lú ná mar a síleadh go nuige sin, agus go gcaithfeadh sé go raibh Plútón in ann i bhfad níos mó solais a fhrithchaitheamh, freisin. Mar sin, chuaigh meastacháin ailbéideachta Phlútóin in airde ansin. Inniu, glactar leis go bhfuil ailbéideacht Phlútóin beagnach chomh hard le hailbéideacht Véineas. 

Tá Plútón chomh fada ar shiúl uainn is nach bhfuil mórán saintréithe nó sonraí inaitheanta ar a dhromchla.

Tá trí shatailít ag timpeallú Phlútóin. B'é an réalteolaí Meiriceánach James Christy a d'aithin an chéad cheann acu, Carón, chomh fada siar leis an mbliain 1978, ach ní bhfuarthas amach faoin dá cheann eile ach sa bhliain 2005. I bhfarradh is na pláinéid eile agus an dóigh a mbíonn a gcuid gealach ag dul ina dtimpeall, tá na satailítí an-chóngarach do Phlútón.

Is gnách sféar Hill a thabhairt ar an réigiún sféarúil timpeall den phláinéad atá go hiomlán faoi imtharraingt an phláinéid féin, beag beann ar na réadanna neimhe eile. Ní sháraíonn fithisí na satailítí 3 % de gha an réigiúin seo, cé go bhféadfadh an tsatailít a fithis a choinneáil cobhsaí i bhfad níos faide amach ó Phlútón - 53 % de gha an sféir, nó fiú 69 %, dá mbeadh sí ag timpeallú Phlútóin sa treo contrártha. (Mar shampla, tá Psamathe ag timpeallú Neiptiúin ag 40 % de gha Hill.) 

D'fhéadfá a rá nach satailít nó gealach é Carón mar a shamhlaítear an coincheap sin dúinn de ghnáth, nó le fírinne, córas délárnach atá i gceist le Plútón agus Carón, agus iad ag dul timpeall ar bharalár (meáchanlár) an chórais sin. 

Tá an lárphointe seo suite taobh amuigh de Phlútón, cé go bhfuil sé an-chóngarach dó. (Ar mhaithe leis an gcomparáid, tá an domhan agus an ghealach ag timpeallú a gcomh-mheáchanláir freisin, ach tá an lárphointe sin suite taobh istigh den Domhan, cé nach ionann é agus lárphointe an Domhain féin.) Rud eile fós, tá glas taoide ar rothlú Phlútóin agus Charóin: is é sin, drannann Plútón an taobh céanna le Carón, agus a mhalairt. Mar sin, an té a bheadh ar aon taobh le Carón de Phlútón, d'fheicfeadh sé Carón suite sa bhall céanna den spéir gan éirí ná dul faoi, agus dá mbeadh an breathnóir ar a mhalairt de thaobh, ní bhfaigheadh sé an chéad radharc ar Charón choíche.

Ar an 15 Bealtaine 2005, haithníodh an chéad uair riamh go raibh dhá shatailít eile ag dul timpeall ar Phlútón, mar atá, Nix agus Hydra. Ba é Teileascóp Spáis Hubble a thóg na chéad ghrianghrafanna díobh, agus ansin, tháinig na saineolaithe a bhí ag obair ar na grianghraif seo, tháinig siad ar an tátal go raibh dhá ghealach eile seachas Carón ag timpeallú Phlútóin. 

Le bheith beacht, ar ndóigh, níl an dá ghealach seo ag fithisiú Phlútóin i gciall cheart an fhocail, nó cosúil le Carón agus le Plútón féin, tá siad ag dul timpeall ar mheáchanlár an chórais. 

Tá fithis Nix suite timpeall is 48,700 ciliméadar ón meáchanlár, agus fithis Hydra timpeall ar 64,800 ciliméadar ón meáchanlár. Tá fithisí an dá ghealach seo an-chosúil le ciorcal ceart.

Tá scéal fionnachtana Phlútóin fite fuaite le fionnachtain Neiptiúin. Sna 1840idí, agus iad i dtuilleamaí mheicníc Newton, d'oibrigh Urbain Le Verrier agus John Couch Adams amach suíomh Neiptiúin, nach raibh aimsithe go fóill, agus iad i ndiaidh anailís a dhéanamh ar an dóigh a raibh mais mhór mhillteanach éigin ag cur isteach ar ghluaiseacht Úránais ar a chonair. Thuig siad nach mbeadh ach imtharraingt ó phláinéad eile in ann a leithéid a dhéanamh, agus ceart go leor, tháinig Johann Gottfried Galle ar Neiptiún ar an 23ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1846.

Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, thosaigh na réalteolaithe ag déanamh go raibh conair Neiptiúin faoi thionchar den chineál chéanna, agus iad ag dul ar lorg pláinéad eile fós. Sa bhliain 1909, bhí William H. Pickering agus Percival Lowell ag moladh comhordanáidí éagsúla neamhaí don phláinéad sin. I Mí na Bealtaine sa bhliain 1911, d'fhoilsigh an réalteolaí Indiach Venkatesh Ketakar figiúirí ar bhullaitín na réalteolaithe Francacha inar thairngir sé suíomh an phláinéid nach raibh aimsithe fós. Cailleadh Percival Lowell sa bhliain 1916, ach níor tháinig deireadh leis na hiarrachtaí teacht ar an bpláinéad a bhí ag teastáil.

B'é an réalteolaí Clyde Tombaugh, agus é ag obair i Réadlann Lowell in Arizona, a chuir an chéad sonrú i bPlútón ar an 18 Feabhra 1930. Lean sé ar aghaidh ag cur grianghrafanna den spéir i gcomparáid le chéile.. Nuair a bhí tuilleadh grianghrafanna tógtha le Tombaugh an bhfiannachtain a dheimhniú, cuireadh an nuacht ar an teileagraf chuig Réadlann Choláiste Harvard ar an 13 Márta. Ina dhiaidh sin féin, haithníodh an pláinéad ar sheanghrianghrafanna ón 19 Márta 1915. Fuarthas amach go raibh sé ag dul ar aghaidh 39.48 aonad réalteolaíoch, nó 14.283 stuashoicind in aghaidh an lae.

Íorónta go leor, ní raibh Plútón in ann an oiread tionchair a imirt ar ghluaiseacht Neiptiúin agus a síleadh, nó níl sé in aon chóngar do bheith chomh trom sin. Is é is cúis leis na mírialtachtaí a sonraíodh i ngluaiseachtaí an phláinéid ná nach raibh mais Neiptiúin measúnaithe i gceart ag réalteolaithe na naoú haoise déag. Má chuidigh figiúirí Pickering, Lowell, agus Ketakar le Tombaugh teacht ar an lorg ceart, ní raibh ann ach comhtharlúint iomlán.

Scaoileadh New Horizons chun siúil ó lárionad spáis Cape Canaveral ar an 19 Eanáir 2006, ó lárionad spáis Cape Canaveral. D'eitil sé thar Plútón sa bhliain 2015 

B'é Vesto Melvin Slipher, stiúrthóir Réadlann Lowell, a fuair spreagadh chun ainm a bhaisteadh ar an bpláinéad nua sula ndéanfadh aon duine eile é, mar a dúirt Tombaugh. Thosaigh na mílte duine ó gach cearn den domhan ag moladh ainmneacha éagsúla ar Phlútón, Thairg Constance Lowell, baintreach Percival, na hainmneacha Zeus, Lowell, agus fiú Constance, ach ní raibh fáilte ar bith roimh na moltaí seo. Is iomaí ainm miotasúil de chuid na sean-Róimhe agus na sean-Ghréige a cuireadh chun tosaigh, ach má cuireadh, bhí cuid mhór acu úsáidte cheana féin, agus iad bronnta ar na hastaróidigh iomadúla.

An t-ainm a roghnaíodh, is é ainm an dé i seanreiligiún na Róimhe a bhí ag gardáil an Domhain Thíos. Thairis sin, cuireann an chéad dá litir an réalteolaí Percival Lowell i gcuimhne dúinn, an fear céanna a thuar go mbeadh pláinéad eile le fáil taobh thiar de Neiptiún. B'í Venetia Burney, cailín nach raibh ach aon bhliain déag d'aois, a mhol an t-ainm. Chuir sí an smaoineamh in iúl dá seanathair, a bhí ag obair sa Bhodleian Library, is é sin, leabharlann na hOllscoile in Oxford. 

Chuaigh an t-ainm ón seanathair go Herbert Hall Turner, Ollamh le Réalteolaíocht, agus b'é an tOllamh Turner a chuir an smaoineamh in iúl do na réalteolaithe i Meiriceá ar an teileagram. Sa deireadh thiar thall, baisteadh Plútón ar an bpláinéad go hoifigiúil, rud a fógraíodh don tsaol mhór ar Lá Bealtaine, 1930.

Níl Plútón ach dhá thrian mhéid ár ngealaí, cothrom le 1/500 mhais an domhain.

Trastomhas 	2306 ± 20 km
(18% de thrastomhas an Domhain)

Achar an dromchla 	1.795×107 km2
(0.033 d'achar an Domhain)

Toirt 	7.15×109 km3
(0.0066 de thoirt an Domhain)

Mais 	(1.305±0.007)×1022 kg
(0.0021 de mhais an Domhain)

Meándlús 	2.03±0.06 g/cm3

Imtharraingt ag an meánchiorcal 	0.58 m/s2
(0.059 den domhantarraingt)

Treoluas éalaithe 	1.2 km/s

Tréimhse rothlaithe 	−6.387230 lá (6 lá 9 n-uaire 17 nóiméad 36 soicind)

Treoluas rothlaithe 	47.18 km/h (ag an meánchiorcal)

Claonadh na haise 	122.54° (i gcomparáid leis an bhfithis)

Ceartairde an Phoil Thuaidh 	133.02° (8 h 52 min 5 s)

Diallas 	-9.09°

Ailbéideacht 	0.49–0.66

Teocht ar an dromchla:

íosmhéid 33 K

meán 44 K

uasmhéid 55 K

Ais leathmhór 5,906,376,272 km

Imlíne na fithise 36.530 Tm

Éalárnacht 0.248 807 66 

Peirihéilean (garphointe don Ghrian) 4,436,824,613 km

Apaihéilean (cianphointe ón nGrian) 7,375,927,931 km

Réalt-tréimhse fithise 90,613.3055 lá (248.09 bliain) 

Treoluas ar an bhfithis, meán 4.666 km/s, uasmhéid 6.112 km/s, íosmhéid 3.676 km/s 

Claonadh na fithise 17.141 75°
(11.88° i gcoibhneas mheánchiorcal na Gréine) 

Fad an nóid éirithigh 110.303 47°

Argóint an pheirihéilin 113.763 29° 

Satailítí: 3




#Article 122: Creideamh in Éirinn (219 words)


In Éirinn, is é an príomh chóras creidimh ná an Chríostaíocht. D'fhás an Chríostaíocht ó aimsir Naoimh Phádraig, go dtí gur bheagán de shean chreideamh na nGael a sheas i ndiaidh na meán aoiseanna.

Tá os cionn 95% de phobal i bPoblacht na hÉireann, in ainm a bheith ceangailte leis an gCaitliceachas (Eaglais an Chaitliceachais Rómhánaigh) le mionlaigh a bhaineann leis na heaglais Protastúnacha. Ina measc siúd tá an eaglais Phreispitéarach, an eaglais Mheitideach, Eaglais na hÉireann agus eaglaisí eile Phrotastúnacha. De réir Eaglais na hÉireann í féin, is Eaglais Chaitliceach Anglacánach atá inti. Tá méadú ag teacht ar phobail eile ó na 1990í i leith, é ar fad, nach mór, ag baint le hinimirce. Tá Giúdaigh, Muslamaigh agus Hiondúigh anois sa tír, maille le Búdaithe agus creidimh eile.

I dTuaisceart Éireann, ón 17ú hAois tá tromlach Protastúnach, le mionlach mór Caitliceach. Is iad na heaglaisí Protastúnacha chéanna, nach mór, agus a luaitear sa ghiota thuas, atá i dtuaisceart Éireann, le méad mór Preispitéirigh. Labhraítear go minic ar an eachrann idir Chaitlicigh agus Protastúnaigh ansin, ach ní hamháin cursaí creidimh atá i gceist, ach an ceangal atá aige seo le náisiúnachas agus le féin-íomhá na bpobal. Tá mórmhór na gCaitliceach i bhfábhar dlúthcheangail le Poblacht na hÉireann, agus formhór na bProtastúnaigh i bhfábhar fanacht i ndlúthcheangal leis an mBreatain.




#Article 123: Heilsincí (1678 words)


Is í Heilsincí (Fionlainnis: Helsinki, Sualainnis: Helsingfors) príomhchathair na Fionlainne agus an chathair is mó sa tír. Tá sí suite ar chósta theas na tíre, i gcúige stairiúil na Nualainne, agus í ag críochantacht le Vantaa, Espoo, agus Sipoo. 

B'é Gustaf Vasa, rí na Sualainne, a bhunaigh an chathair ar an 12ú lá de Mhí an Mheithimh 1550 le cuid den tradáil a bhréagadh ó Taillinn trasna na murascaille. D'ordaigh an rí do bhuirgéisigh na gcathracha úd Porvoo, Ulvila (in aice le Pori), Ekenäs, agus Rauma bogadh go dtí an chathair nuabhunaithe, ach ar dtús, bhí na seantraidisiúin tradála ní ba láidre ná briathar cumhachtach an rí féin, agus níor tháinig borradh ar an gcathair nua ach go mall.

Sa bhliain 1561, thit tuaisceart na hEastóine, in éineacht le Taillinn féin, leis an tSualainn, agus mar sin, níor iompaigh bunú Helsincí amach chomh tábhachtach agus a shíl an rí Gustaf ar dtús. Mar sin féin, tháinig sí isteach úsáideach mar bhunáit ag longa cogaidh na Sualainne.

An áit ina raibh an chathair suite ar dtús, ní raibh sí oiriúnach do longa móra na linne, agus mar sin, hathraíodh Heilsincí go háit ní b'fhearr sa bhliain 1640. Tréigeadh an tseanchathair a bhí suite i mbéal na habhainne úd Vantaanjoki. Inniu, tugtar Vanhankaupunginlahti nó Bá na Seanchathrach ar an áit sin, agus í suite idir na bruachbhailte úd Hermanni, Arabianranta, Viikki, Herttoniemi, agus Kulosaari. 

Nuair a bunaíodh Cathair Pheadair, agus Impireacht na Rúise ag cúngú isteach leis an mBailt, bhí Heilsincí thíos leis an bhforbairt seo. Le linn Chogadh Mór an Tuaiscirt sa chéad fhiche bliain den ochtú haois, agus an tSualainn is an Rúis ag cur troda ar a chéile, rinne na cathanna, na galair - go háirithe plá na bliana 1710 - agus an fhorghabháil Rúiseach an-léirscrios don chathair. Nuair a chaill an tSualainn daingin na teorainne don Rúis i ndiaidh Chogadh na Hataí sna 170idí, tógadh daingean nua, Sveaborg (Fionlainnis: Viapori go traidisiúnta, Suomenlinna inniu), ar cheann de na hoileáin os comhair Heilsincí. Chuidigh tógáil an daingin go mór mór le forbairt agus le hathbheochan na cathrach, agus an daonra ag fás go sciobtha.

Sna blianta 1808-1809, fearadh cogadh eile idir an tSualainn agus an Rúis de thoradh scéimeanna polaitiúla Napoleon. Le linn an chogaidh, rinne dóiteán mór an-léirscrios sa chathair, ach is féidir a rá go ndeachaigh an cogadh chun leasa do Heilsincí. Is amhlaidh gur fágadh an Fhionlainn ar fad ag an Rúis i ndiaidh an chogaidh seo - Cogadh na Fionlainne - agus ós rud é go raibh an tsean-phríomhchathair, Túrcú, suite róchóngarach do Stócólm, d'athraigh Alastair a Dó, Impire na Rúise agus Ard-Diúc na Fionlainne, feidhmeanna na príomhchathrach go Heilsincí. hOrdaíodh don ailtire Carl Ludwig Engel bail a chur ar lár na cathrach arís i ndiaidh an dóiteáin, agus dá thoradh sin, tá cuma Nua-Chlasaiceach ar fhoirgnimh tábhachtacha na cathrach inniu, agus í an-chosúil le Cathair Pheadair in áiteanna.

Sa bhliain 1827, bhí dóiteán mór i dTúrcú. An ollscoil a bhí fágtha ag obair sa chathair seo, haistríodh go Heilsincí í anois. Sa dara leath den naoú haois déag, tháinig borradh mór ar an bpríomhchathair nua, agus i dtús na fichiú haoise, bhí céad míle duine ina gcónaí i Heilsincí. 

Bhain an Fhionlainn amach a neamhspleáchas i Mí na Nollag 1917, ach i ndeireadh Mhí Eanáir sa bhliain dár gcionn, thosaigh cogadh cathartha na Fionlainne. B'iad na Dearga a shealbhaigh an chathair, agus d'éalaigh an rialtas dlisteanach go dtí Vaasa. Ansin, b'í Toscaireacht an Phobail, rialtas na Fionlainne Deirge, a bhí ag rialú i Heilsincí. I Mí Aibreáin, b'éigean don Toscaireacht an chathair a thréigean, agus ar an 13 Aibreán, ghabh trúpaí Gearmánacha faoi cheannas an Ghinearáil Rüdiger von der Goltz Heilsincí. Mí ina dhiaidh, ar an 16 Bealtaine, cheiliúir díormaí na Fionlainne Báine a mbua ar na Dearga sa chathair, agus hiompaíodh daingean Sveaborg ina champa géibhinn do na Dearga. Faoi bhrú an náisiúnachais, baisteadh ainm nua Fionlainnise ar Sveaborg, mar atá, Suomenlinna, nó Caisleán na Fionlainne, sa bhliain 1918. Go dtí sin, thugtaí Viapori ar an daingean as Fionlainnis. 

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhuamáil na heitleáin Shóivéadacha Heilsincí cupla babhta. I bhFeabhra 1944, hionsaíodh Heilsincí trí uair, agus Stailín ag iarraidh brú a chur ar an bhFionlainn éirí as an gcomhghuaillíocht leis an nGearmáin, ach ina dhiaidh sin féin, ní raibh an damáiste inchomparáide ar aon nós le hiarsmaí na mbuamálacha sa Ghearmáin san am céanna. B'iad Heilsincí, Londain, agus Moscó an trí phríomhchathair san Eoraip nár forghabhadh i rith an Dara Cogadh Domhanda, cé go raibh na tíortha féin páirteach sa chogadh.

Bhí cluichí oilimpeacha na bliana 1940 le reachtáil i Heilsincí, ach de dheasca an chogaidh, níor thosaigh na cluichí sin riamh. Fuair Heilsincí cluichí na bliana 1952, áfach. D'athraigh cuma na cathrach go mór, agus na foirgnimh nua-aoiseacha i stíl an Fheidhmiúlachais a tógadh le haghaidh na gcluichí sna tríochaidí, ar nós an Staidiam Oilimpigh, Phálás na Leadóige (Tennispalatsi), agus an Pháláis Ghloine (Lasipalatsi).

Sa bhliain 2003, bhí cónaí ar 559,330 duine sa chathair féin. Má chuirtear Espoo, Kauniainen, agus Vantaa san áireamh, is féidir a rá go bhfuil 1.2 milliún duine ina gcónaí i mórcheantar na príomhchathrach. Tá an tSualainnis ó dhúchas ag 6.2 % de mhuintir dhúchasach Heilsincí. Ón taobh eile de, rugadh 7.9 % d'áitritheoirí na cathrach i dtír choimhthíoch, agus saoránaigh de chuid tíortha eile is ea 5.2 % de na cónaitheoirí. An chuid is mó de na heasaoránaigh, is Eastónaigh, Rúisigh agus Sualannaigh iad. Tá teanga choimhthíoch dhúchais (teanga eile seachas an Fhionlainnis nó an tSualainnis) ag 7.0 % de mhuintir Heilsincí, agus is í an Rúisis an teanga atá ag duine as gach ceathrar acu siúd. I gcomparáid le príomhchathracha eile an Aontais Eorpaigh, níl ach Liospóin níos gainne i strainséirí ná Heilsincí.

Tá córas cuimsitheach iompair i Heilsincí, agus é á choinneáil ag imeacht ag HKL - Helsingin kaupungin liikennelaitos, nó Foras Iompair Bhardas Heilsincí. Tá idir bhusanna, tramanna, agus líne mearthraenach ag obair sa chathair. Tugtar metro ar an líne mearthraenach, ach murab ionann agus metro Phárais nó underground Londan, tá an chuid is mó de metro Heilsincí ag dul ar an talamh - níl an líne faoi thalamh ach in áiteanna, go háirithe i lár na cathrach. 

Thosaigh pleanáil na líne mearthraenach chomh luath leis an mbliain 1955, ach níor tháinig an líne in úsáid roimh an mbliain 1982, cúig bliana chun deiridh ar na pleananna. Thairis sin, bhain scannal breabaireachta leis na hoibreacha, agus sa bhliain 1985, ciontaíodh Unto Valtanen, a bhí i gceannas ar chúrsaí pleanála an mhetro, i nglacadh breibe. In ainneoin na ndeacrachtaí agus na moille, áfach, thug muintir na háite taithneamh don líne mearthraenach, agus cuireadh tuilleadh faid leis an mbunlíne in imeacht na mblianta.

Táthar ag iarraidh baint de thrácht na ngluaisteán príobháideach, agus níl ach 405 ghluaisteán ag gach míle duine sa chathair - sa tir ar fad, tá 521 ghluaisteán príobháideach in úsáid in aghaidh gach míle duine.

An t-aerfort a fhreastlaíonn ar mhuintir Heilsincí, tá sé suite i Vantaa, agus is é an t-ainm atá air ná Aerfort Helsinki-Vantaa. hOsclaíodh an t-aerfort sa bhliain 1952, agus ar ndóigh, b'iad na cluichí Oilimpeacha a bhí mar spreagadh don tógáil. An t-aerfort beag a bhí ann roimhe sin, mar atá, Aerfort Helsinki-Malmi, baintear úsáid as, ach go háirithe, le heitleoirí nua a oiliúint. Tá an Bardas ag pleanáil le fada an áit a chur as úsáid mar aerfort agus tithíocht a fhorbairt ansin, ach is ábhar conspóide é seo i gcónaí.

Foirgneamh mór millteanach is ea príomhstáisiún traenach Heilsincí, agus é ina shiombail d'iarnród na Fionlainne ar fad. Na fir chloiche os comhair aghaidh an stáisiúin, is móitíf thábhachtach iad i bhfógraíocht an chórais iarnróid ar fad. Mar sin féin, níl sa stáisiún seo ach críochstáisiún. Is é stáisiún Pasila, trí chiliméadar ó thuaidh ón bpríomhstáisiún, an t-acomhal inar féidir dul ó thraein go traein. Ós rud é gurb ionann leithead idir na raillí san Fhionlainn agus sa Rúis, bíonn na traenacha ag dul go Cathair Pheadair agus Moscó gan deacrachtaí.

Tá seacht scoil tríú leibhéal ag obair i Heilsincí: Ollscoil Heilsincí, Scoil Ghnó Heilsincí, Acadamh na nEalaíon, Acadamh Ceoil Sibelius, Scoil Ghnó Sualainnise Heilsincí (Svenska handelshögskolan), Ollscoil na nEalaíon agus na Dearthóireachta, agus Acadamh na hAmharclannaíochta. Tá 48,000 mac léinn ag staidéar sna hollscoileanna seo. Tá sé pholaiteicnic sa chathair freisin, go háirithe Stadia, Helia, agus Arcada, agus 19,000 dalta ag foghlaim a gceirde iontu. Thairis sin, cuirtear ranganna oíche agus aosoideachais éagsúla ar fáil.

I ndeireadh an tsamhraidh a thosaíonn Féile Heilsincí, nó Helsinki Festival as Béarla; is é an t-ainm oifigiúil atá ar an bhféile as Fionlainnis ná Helsingin Juhlaviikot, a chiallaíonn Seachtainí Féile Heilsincí. Dháiríre, maireann an fhéile cupla seachtain, agus í ag tairiscint imeachtaí éagsúla cultúrtha, idir cheolchoirmeacha, taispeántais ealaíne, amharclannaíocht agus eile. 

Is é an 12ú lá de Mhí an Mheithimh lá náisiúnta Heilsincí, agus is gnách é a cheiliúradh le siamsaíocht agus le cultúr den chineál éadrom. Is í an cheolchoirm i bpáirc Kaivopuisto an chuid is suntasaí d'imeachtaí an lae. Cuireadh tús leis an gceolchoirm sa bhliain 1985, agus bíonn an bhéim ar an rac-cheol. 

I Mí Iúil a cheiliúrann lucht leanúna an rac-cheoil throim Tuska-festivaali, nó Féile na Péine. 

Is í Rakkautta ja Anarkiaa (Grá agus Ainriail) an fhéile scannánaíochta is tábhachtaí sa chathair. Maireann an fhéile seo beagáinín thar aon seachtain amháin, agus í ag tabhairt spléachadh ar scannáin nach mbíonn le feiceáil ar na gnáthphictiúrlanna. 

Tá go leor forais thábhachtacha chultúrtha suite i Heilsincí, ar nós Ateneum, nó Dánlann an Stáit; Kiasma, arb é músaem na healaíne comhaimseartha; Áras Náisiúnta na Ceoldrámaíochta nó Suomen Kansallisooppera; agus a lán amharclann, go háirithe an Amharclann Náisiúnta, nó Kansallisteatteri, agus Amharclann Chathair Heilsincí, nó Helsingin Kaupunginteatteri. Bíonn Ceolfhoireann Chathair Heilsincí (Helsingin Kaupunginorkesteri) ag seinm in Áras Finlandia, ach thairis sin, tá ceolfhoireann chlúiteach phroifisiúnta eile ag obair sa chathair, mar atá, Ceolfhoireann Shiansach an Raidió nó Radion Sinfoniaorkesteri (RSO). An cuairteoir a rachadh ar lorg an rac-cheoil i Heilsincí, ba chóir dó aghaidh a thabhairt ar Chlub Tavastia thar aon áit eile.




#Article 124: Béal Feirste (4141 words)


Is é Béal Feirste (Béarla: Belfast) príomhchathair Thuaisceart Éireann, agus í ina príomhchathair thraidisiúnta fosta ar Chúige Uladh agus ar Chontae Aontroma. Tá an chathair féin scoilte idir Contae Aontroma (siar agus ó thuaidh) agus Contae an Dúin (soir agus ó dheas). Is é an dara cathair is mó in Éirinn, agus 277,391 duine ina gcónaí ansin de réir dhaonáireamh na bliana 2001. Is é sin daonra na cathrach féin, ach má chuirtear timpeallacht na cathrach ins an áireamh, is é an daonra a gheofar ná 579,554. Is é is impleacht dó seo ná go bhfuil Béal Feirste ar an chúigiú cathair déag is mó ar fud na Ríochta Aontaithe, agus go bhfuil timpeallacht Bhéal Feirste ar an aonú comhchathair déag is mó.

Tá rialtas Thuaisceart Éireann suite i mBéal Feirste. Tá Tionól Thuaisceart Éireann ag obair i bhfoirgnimh na Parlaiminte i Stormont, agus Rúnaí an Stáit do Thuaisceart Éireann i gCaisleán Chromghlinne, áit a gcónaíonn an Bhanríon na Sasana fosta, agus í ar cuairt ins an stáitín.

Fuair Béal Feirste a ainm as an Fhearsaid, is é sin, as an bhruach gainimhe ag béal na habhann. Tógadh Béal Feirste i mbéal abhainn an Lagáin an chéad uair riamh, ach inniu, tá abhainn na Feirste fágtha ag sní i lintéar faoin tSráid Ard.

Tá Béal Feirste suite ar inbhear chois Mhuir Éireann, in ascaill na gcnoc. Is iad na cnoic is cliúití acu ná an Sliabh Dubh, an Duibhis agus Beann Mhadagáin. Bheirthear Cavehill, nó Cnoc na hUaimhe, ar Bheann Mhadagáin as Béarla, agus is ar Ghaosán Napoleon is fearr a aithnítear an cnoc seo. Lomán basailt é an Gaosán, agus é ag dealú an chathair ó Ghleann Ghormlaí. Creidtear go mb'í Beann Mhadagáin a thug spreagadh do Jonathan Swift Gulliver's Travels a chumadh, nó b'fhacthas dó go rabh an cnoc cosúil le fathach a bheadh ina chodladh. Tá caoi curtha ar bhruacha an Lagáin le déanaí, agus táthar in éis cuid mhór den chathair a ghéilleadh do na coisithe.

Tá cuid mhaith foirgneamh ins an chathair atá maisithe le sáibhirne de dhealbha, go háithrid na foirgnimh ó ré Victeoiria agus ó ré Éadbhaird, cosúil le Halla na Cathrach, a tógadh ins an bhliain 1903, nó Ollscoil na Ríona, a tháinig ar an fhód thiar ins an bhliain 1849. Tá Banc Uladh, a théid siar go dtí an bhliain 1860, agus Banc an Tuaiscirt, a tógadh ins an bhliain 1769, ar na foirgnimh is scéimhiúla ins an chathair.

I mBéal Feirste atá an duga tirim is mó ar domhan, agus crainn mhillteacha longcheárta Harland and Wolff le feiceáil i bhfad i gcéin. B'ansin a tógadh Titanic fosta, agus dá réir sin, ceann de siombailí na cathrach í an long mhífhortúnach udaí. Bhí tábhacht mhór le tionscal an línéadaigh agus le déantús an rópa fadó, agus thig linn a rá go mb'é an línéadach a d'iompaigh an baile beag ina chathair mhór. Mar sin, is féidir Béal Feirste a chur i gcomparáid le Manchain i Sasana agus le Tampere ins an Fhionlainn - dhá áit eile nach mbeadh ina gcathracha móra inniu ach go bé go rabh gnoithe an línéadaigh ann. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach, nó chan fhuil a dhath fágtha de laetha caithréime an línéadaigh i mBéal Feirste inniu, amach ó Halla an Línéadaigh, áit a bhfuil an leabharlann is sine ins an chathair.

Tá campas ag Ollscoil Uladh ins an chathair fosta. Is í Scoil na nEalaíon agus na Dearthóireachta an chuid den ollscoil atá suite i gcampas Bhéal Feirste. 

Is iad na múrphioctúirí a thabhaigh a chliú, nó a mhíchliú, d'Iarthar Bhéal Feirste, nó díogha Bhéal Feirste, mar a deir an t-imeartas focal (is é sin, ghnítear Worst Belfast de West Belfast i mbéal na ngoineadóirí). Ar na múrphioctúirí a aithnítear sainchreideamh agus saindearcadh polaitiúil an bhunaidh áitiúil. Na múrphioctúirí a tchíthear ins na compail Albanacha, bíonn siad saibhir i móitífeanna a léiríonns urraim an phobail do Choróin na Breataine, d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF) agus do dhronga paraimíleata eile de chuid na nDílseoirí. Is é Bóthar na Seanchille an ceantar is mó Prodasnachais. Ón taoibh eile de, is iad na móitífeanna is ansa le péintéirí múrphioctúirí Bhóthar na bhFál na hÓglaigh de chuid na Sealadach a fuair bás i machaire an áir ar son athaontú na hÉireann. Mar sin, is iomaí pioctúir a thaispeánanns duine acu siúd - Roibeard Ó Seachnasaigh mar shampla - nó duine de na laochra is sine, cosúil le Pádraig Mac Piarais nó Séamus Ó Conghaile. Maille leofa siúd, bíonn tagairtí ann don chultúr Ghaelach agus don teangaidh Ghaeilge féin.

Tá dhá aerfort ins an chathair, is é sin, Aerfort Chathair Bhéal Feirste in aice leis an inbhear, agus Aerfort Eadarnáisiunta Bhéal Feirste, agus é suite láimh le Loch nEathach.

Tá fianaise an go rabh áitreabh daonna ins an áit a bhfuil Béal Feirste inniu ó laetha na Cré-Umhaoise anuas, agus iarsmaí so-aitheanta fágtha de ráth ón Iarannaois.

I dtús na 17ú haoise, tháinig lucht plandála ó Shasana agus ó Albain, agus sheadaigh cuid mhaith acu i mBéal Feirste. Cuid a bhí ann den phlean a bhí oibrithe amach ag an Ridire Arthur Chichester leis an cheantar a choilíniú le nua-áitritheoirí Prodasnacha. B'é oighear an scéil é go rabh Gaeil ann cheana féin, agus iad araiciseach chun troda in éadan na muintire isteach. Chuaigh siad chun cearmansaíochta ar na Gaill, go háithrid ins an bhliain 1641, nuair a d'éirigh siad amach in éadan na gcoilínithe. Shiúil éag mór ar na plandóirí Prodasnacha le linn na ceannairce seo, agus ghreamaigh cuimhne an ródaigh sin in intinn an phobail Albanaigh go dtí an lá atá inniu ann. I ndiaidh na chéad Phlandóirí, tháinig na hÚgónaigh ón Fhrainc a chur fúthu ins an chathair, agus an-tábhacht leofa i bhforbairt eacnamaíoch na cathrach, ó b'iadsan thar aon dream eile a chuir bun le gnoithe an línéadaigh.

Má tháinig rath agus bláth ar an chathair de réir is mar a bhí tionscal an línéadaigh ag bisiú, d'fhaibhrigh meon áithrid liobrálachais agus caoinfhuilsteana ins an áit dá réir. Mhaolaigh ar an drochamhras a bhí ar na hintleachtóirí Prodasnacha roimh na Caitlicigh, agus tháinig radacachas chun cinn i measc an phobail Phreispitéaraigh, ó bhí siad thíos leis na Dlíthe Peannaideacha comh maith leis na Caitlicigh féin. Chuir daoiní mar Liam Mac Néill, an ministir Gaelach Prodasnach, suim ins an Ghaeilg. Bhí cuid de na luath-Ghaeilgeoirí Prodasnacha seo inbharúla go mba chóir an teangaidh a shaothrú mar ghléas leis na Caitlicigh a iompó i leith an chreidimh Phrodasnaigh, ach an chuid eile acu, b'ábhar spéise leofa an teangaidh inti féin, comh maith leis na seanscéalta, na seanmhiotais agus na seandánta a bhí beo i gcónaí i mbéal na ndaoiní. Iontas na n-iontas, thig linn a ráidht go mb'iad Prodasnaigh Bhéal Feirste an dream ba mhó Gaelachais in Éirinn i ndeireadh na hochtú haoise déag agus i dtús na naoú haoise déag. B'i mBéal Feirste a tháinig an chéad eagraíocht ar a dtugtaí Óglaigh na hÉireann ar an fhód ins an bhliain 1778, agus b'ansin, fosta, a bunaíodh na hÉireannaigh Aontaithe. Cha rabh mórán bainte ag Béal Feirste le hÉirí Amach na bliana 1798, Bliain na bhFrancach, áfach, nó choinnigh na Gaill greim theann ar an chathair, agus eagla orthu roimh an réabhlóideachas ó ilchríoch na hEorpa.

B'ins an naoú haois déag ba mhó a chuaigh an áit chun cinn, áfach, i gcúrsaí geilleagair agus tionsclaíochta. I ndeireadh na haoise sin, fiú, bhí sí ní ba mhó ná Baile Átha Cliath féin ó thaobh an daonra de, ar feadh tamaillín. Bhí an línéadach ann cheana féin i dtús na naoú haoise déag, ach tháinig an longcheártaíocht, gnoithe an tobaca, agus an trominnealtóireacht chun saoil ins na sálaí aige. Nuair a bhí an longcheártaíocht i mbarr a maitheasa, bhí 35,000 duine ag obair do Harland and Wolff amháin. Thigeadh lucht imirce ar lorg oibre ó Albain agus ó Shasain féin, ach b'ó cheantair thuaithe Uladh a tháinig an chuid ba mhó acu, Caitlicigh ach go háithrid. Shocraigh an chuid ba mhó de na Caitlicigh in Iarthar Bhéal Feirste ón bhliain 1840 anuas. Ceantair Chaitliceacha eile iad Ard Eoin i dTuaisceart Bhéal Feirste agus Bóthar Aontroma. 

Bhí saol an lucht oibre go dona, agus na galair thromchúiseacha, an calar ach go háithrid, ag deachú bhunadh na bplodcheantar go gránna. Thairis sin, thoisigh an seicteachas a bhorradh i mBéal Feirste, agus bhí brilsce agus bruíon eadar an dá phobal - na Caitlicigh agus na Prodasnaigh - go mion minic. Ins an fhichiú haoise, cuireadh scéim chuimsitheach i bhfeidhm leis na slumanna a réitiú, agus bhisigh na cúrsaí dá réir.

Ins an 1920, d'achtaigh Parlaimint Westminster an Dlíodh um Rialtas na hÉireann, agus b'é an reacht seo a phronn stádas na príomhchathrach ar Bhéal Feirste i stáitín úr an Tuaiscirt. Daingníodh an stádas ins an bhliain 1922, ach eadar an dá linn, bhí trioblóidí móra ins an chathair, agus coimhthíos ag teacht ar an dá phobal roimh a chéile. Cha rabh mórán fóid déanta ag an IRA i mBéal Feirste, agus má mhairbh siad duine de na péas, d'agórfadh na Dílseoirí díoltas cruálach ar na sibhialaigh Chaitliceacha, agus uaireanta, gheibhidís cuidiú ó fhórsaí slándála an stáit. Fuair cúig chéad duine is dhá scór bás ins na trioblóidí seo. Mhaolaigh ar an fhoréigean aríst i Mí Iúil, 1922, ach is iomaí Caitliceach a thréig an áit le theacht slán ón tseicteachas.

Le linn an Darna Cogadh Domhanda, bhuamáil Aerfhórsa na Gearmáine an áit go trom, ós rud é gur targaidí straitéiseacha a bhí ins na longcheártaí agus ins an tionscal aerloingseoireachta. B'í Bliste Bhéal Feirste an t-ionsaí ba mheasa. Ar an 15ú lá de Mhí Aibreáin, 1941, rinne 200 eitleán buamála de chuid an Luftwaffe aer-ruathar ar an chathair, agus bhí ceantair an lucht oibre timpeall na longcheártaí go mór mór thíos leis an bhuamáil sin. Fuair corradh is míle duine bás i rith aon oíche amháin, agus fágadh cuid mhór eile gortaithe. Chaill duine as an cheathrar a theach nó a árasán, fosta. Agus an méid sin ráite, tháinig an-bhorradh eacnamaíoch ar an chathair le linn an chogaidh, ó bhí tábhacht straitéiseach le táirgí na tionsclaíochta áitiúla.

Go gairid i ndiaidh an chogaidh, bhí an saol sách suaimhneach i mBéal Feirste, ach má bhí féin, char chneasaigh goimh an tseicteachais riamh i gceart. I Mí Lúnasa 1969, phléasc scliúchais amach ar fud na cathrach. Nuair a loisc gluaisteán armúrtha de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh meaisínghunna le Caitlicigh i gceantar Árasáin Dhuibhise, cailleadh a lán daoiní, beirt pháistí óga ach go háithrid. Chuir na Dílseoirí Sráid Bombay le thine, ó ba cheantar Caitliceach é. Bhain an pobal Caitliceach an tátal as an scéal go rabh na péas ag tacú leis na Dílseoirí, agus mar sin, bunaíodh an tIRA Sealadach le bunadh Caitliceach an stáitín a chosaint. 

Chuaigh an foréigean i dtreise i dtús na seachtóidí, agus lucht an dá thaobh ag druileáil saighdiúirí paraimíleata le haghaidh troda. I mblianta na dTrioblóidí, cha rabh éaló ann ó na síorbhuamálacha, ón fheallmharfóireacht ná ón fhoréigean sráide. Ar an 21ú lá de Mhí Iúil, 1972 (Aoine na Fola), mhaidhm an tIRA dhá bhuama fichead i limistéar sách teoranta i lár na cathrach, agus fuair naonúr bás de thoradh na pléascarnaí seo. Cha rabh na Dílseoirí paraimíleata i gCumann Cosanta Uladh (UDA) agus i bhFórsa Óglaigh Uladh (UVF) mall ag tabhairt fhreagra. Mhuirfidíst aon duine a gheobhaidíst rompu agus an fonn orthu, ar acht gur Caitliceach a bheadh ann. 

I lár na seachtóidí, bhí drong as an ghnáth i gceann na hoibre seo - Búistéirí na Seanchille, mar a bheirtí orthu. Bhí siad bunaithe i ngeiteo Prodasnach na Seanchille, agus iad faoi cheannas Lenny Murphy, dearg-Dhílseoir agus ball d'Fhórsa Óglaigh Uladh, ach bhí duine de na búistéirí ina bhúistéir phroifisiúnta fosta, fear a mb'ainm dó William Moore. Bhainfeadh Moore úsáid as na sciana móra a bhí aige, mar bhúistéir, leis na híobartaigh a mharbhadh agus a gcorpáin a ghearradh, agus ba mhinic a d'fhág an sceanairt sin as aithne iad ar fad. Creidtear go rabh na búistéirí ní ba chosúla le sraithmharfóirí ná le saceimhlitheoirí. Is éadócha go mbeadh ruspa ar bith ag an phobal Phrodasnach leis na fir bhuile seo, ach go bé go rabh an stáitín ina chíor thuathail ag an sceimhlitheoireacht, i gcruth is go rabh d'áiméar acu fáil ar shiúl le hainghníomhartha comh suaithní sin.

Ó bhí saol an stáitín ag dul ó smacht ar lucht rialtais na Ríochta Aontaithe, chinn siad ar dhíormaí de chuid Arm na Breataine a imlonnú i dTuaisceart Éireann ins an bhliain 1969. Ón am sin i leith, ba chuid dhoscartha de shaol Bhéal Feirste iad na saighdiúirí. Tógadh beairicí móra daingnithe, go háithrid in Iarthar Bhéal Feirste, áit a rabh na Caitlicigh ina gcónaí. I dtosach báire, d'fháiltigh na Caitlicigh na saighdiúirí isteach faoi chroí mhór mhaith, ó bhí siad barúlach go mbeidíst mar sciath chosanta eadar iad agus na Dílseoirí. Ní mar a shíltear a bítear, áfach. Chuaigh caidreamh na gCaitliceach agus na saighdiúirí ó mhaith go háithrid i ndiaidh imeachtaí cosúil le Cuirfiú Íochtar na bhFál, a d'iompaigh ina chath trí lá eadar na Sealadaigh agus na saighdiúirí, i gcruth is gur marbhadh ceathrar ins an teagmháil. Char mhaolaigh ar an chogadh eadar an dá dhream seo i rith na seachtóidí, ach b'í Oibríocht Motorman barr an donais. Le linn na hoibríochta seo, thonn na céadta saighdiúirí isteach ins na ceantair Chaitliceacha i mBéal Feirste agus i gcathracha eile an stáitín le cumhacht na Breataine Móire a chur ar bun aríst, in áit chumhacht an IRA.

I dtús na seachtóidí, rinneadh athlonnú ar a lán de bhunadh na cathrach, agus mórchuid gach ceantar ag ruaigeadh an mhionlaigh as an chomharsanacht - na Prodasnaigh ag caitheamh na gCaitliceach amach agus a mhalairt. An chuid ba mhó acu siúd a chaithfeadh a seanáit a fhágáilt ina ndiaidh mar sin, ba Chaitlicigh iad. Tháinig meath ar eacnamaíocht na cathrach, nó thoisigh an tionsclaíocht déantúsaíochta a chailleadh a tábhachta ar fud na hEorpa i dtús na n-ochtóidí, agus cha rabh na Trioblóidi ag déanamh maitheasa don gheilleagar ach an oiread.

Bhí an coibhneas eadar an dá phobal eitnireiligiúnda ag athrú comh maith. Comh deireanach leis an bhliain 1971, b'iad na Prodasnaigh mórchuid bhunadh na cathrach, ach eadar an dá linn, chuaigh an mheá chun cothromaíochta. Chuidigh ráta ard torthúlachta na gCaitliceach leis na cúrsaí a athrú, comh maith leis an dóigh a mbíonn na Prodasnaigh ag tréigbheáilt na háite, cuid acu ag socrú síos in áiteanna eile i dTuaisceart Éireann cosúil le Tuaisceart Chontae an Dúin, an chuid eile taobh amuigh den stáitín, go háithrid in Albain.

Ins an bhliain 1981, chuaigh scaifte de phríosúnaigh Phoblachtánacha ar stailc ocrais ar lorg stádas an chime pholaitiúil, agus b'e Roibeard Ó Seachnasaigh an duine acu ba thúisce a shíothlaigh. B'as Baile na Mainistreach in aice le Béal Feirste dó. Spreag bás an tSeachnasaigh scliúchais mhóra ar fud Bhéal Feirste. B'ins an bhliain 1988 a chuaigh an chathair fríd na himeachtaí ba mhó a tharraing míchliú anuas uirthi i rith na n-ochtóidí. I dtosach báire, d'ionsaigh Dílseoir paraimíleata a mb'ainm dó Michael Smith lucht an tórraimh a bhí díreach ag adhlacadh an triúr Óglach de chuid na Sealadach, Mairéad Ní Fhearaíl, Seán Sabhaois agus Dónall Mac Cána, a marbhadh i nGiobráltar roimhe sin. Nuair a bhí íobartaigh an ionsaí seo á n-adhlacadh, chuir beirt cheannairí de chuid Arm na Breataine isteach ar lucht na sochraide de thaisme, agus himríodh dlíodh Uí Loingsigh orthu ins an chambús a tharraing siad.

I dtús na nóchaidí, chuaigh ainghníomhartha na bparaimíleatach an dá thaobh i méadaíocht, agus iad ag marbhadh sibhialaigh ón taobh eile comh maith le cath a chur ar a chéile. Bhí siad ag tabhairt cor in aghaidh an chaim dá chéile gan stad nó mórchónaí, ach ansin, tháinig an sos cogaidh. I dtosach báire, d'fhógair na Sealadaigh sos cogaidh i Mí Lúnasa, 1994, agus sé seachtaine ina dhiaidh sin, tháinig fógra den tseort chéadna ó Chomhcheannasaíocht Mhíleata na nDílseoirí (Combined Loyalist Military Command). B'é an t-ainghníomh ba mheasa ins an tréimhse seo ná an bhuamáil a rinne na Sealadaigh ar shiopa éisc i mBóthar na Seanchille i Mí Dheireadh Fómhair 1993. B'é ab aidhm leis an bhuamáil seo ná ceannasaithe na nDílseoirí paraimíleata a mharbhadh, ó fuair na Sealadaigh boladh de go rabh a leithéidí le dhul i ndáil chomhairle le chéile thuas an staighre ins an teach ina rabh an siopa éisc ag obair. Le fírinne, cha rabh a leithéid de chruinniú ar cois ins an teach nuair a phléasc an buama. Fuair naonúr Prodasnach bás nach rabh baint dá laghad acu le cruinniú na nDílseoirí móra, comh maith le fear an bhuama féin.

Gidh gur chuir sos cogaidh na bparaimíleatach deireadh leis an sceimhlitheoireacht, maireann an nimh ins an ghoimh a d'fhág blianta fada na dTrioblóidí ina ndiaidh. Ón bhliain 1969 anuas, fuair míle go leith de dhaoiní bás de thoradh an fhoréigin pholaitiúil. Cha mbíonn ach lucht aon chreidimh amháin ina gcónaí i gcomharsanacht áithrid, agus is minic a tchí siad iad féin faoi léigear ag an phobal eile. Compal imdhruidte den chineál sin í an Tráigh Ghearr in Oirthear Bhéal Feirste, mar shampla. Bíonn an foréigean paraimíleata ag pléascadh amach ó am go ham, ach anois, is é an t-imreas inmheánach is minicí a bíos ann. Mar shampla, bíonn na dronga éagsúla de Dhílseoirí ag ionsaí a chéile uaireanta, agus i Mí na Nollag den bhliain 2004, mhairbh na Sealadaigh fear a mb'ainm dó Robert McCartney. Caitliceach a bhí ann a fuarthas ina ghillire spréite i Sráid Chormaic i ndiaidh gnáthbhrilsce i dteach tábhairne i Sráid na Bealtaine i lár na cathrach. Bhí sé gonta go tubaisteach le sciana, agus shíothlaigh sé ina dhiaidh sin ins an otharlann. 

Ins an bhliain 1997, chaill na hAontachtóirí a lámh in uachtar ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste an chéad uair riamh. B'é Páirtí na Comhghuaillíochta a chuaigh mar mheá eadar na Náisiúntóirí agus na hAontachtóirí. Cha dtearn na toghcháin chomhairle ins an bhliain 2001 agus 2005 ach an suíomh seo a dhaingniú in athuair. Ón am sin i leith, bhí beirt Ard-Mhéaraí Caitliceacha i mBéal Feirste, duine acu ón SDLP agus an duine eile ó Shinn Féin.

Tá Béal Feirste suite i ngleann mór cóngarach do Mhuir Éireann. Fásadh an tionscadal sa chathair le cuidiú shuíomh Loch Lao ar chósta oirthear Uladh. Fiú sa lá atá inniu ann, tagann cuid mhór allmhairí Thuaisceart Éireann isteach tríd na duganna atá loinnithe ar bhéal an Lagáin. Bhí seanmhuintir na Feirste in ann taisteal go dtí an Bhreatain Mhór fá chionn lá taistil go héasca.

Tá seirbhísí mhaith traen sa cheantar fosta, ag nascadh na príomhchathrach le Doire, Carraig Fhearghais, Iúr Cinn Trá (agus ó shin ag trasnú na teorainne go Baile Átha Cliath sa Phoblacht) agus Beannchar. Péitear líne úr fá thalamh i dtólan idir Tuaisceart Éireann agus Albain le fada, ach chan fhuil spéis don tionscadal léirithe go ginearálta i measc na bpoiliteoirí.

Tá dhá aerfort suite cóngarach don chathair; is iad Aerfort Chathair Bhéal Feirste George Best (in oirthear na cathrach) agus Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste atá mar phríomhaerfort Thuaisceart Éireann (suite idir Croimghlinn agus baile Aontroma i ndeisceart Chontae Aontroma. Téann busanna ar bhun rialta síos go hAerfort Bhaile Cliath, ag imeacht ó lár na cathrach.

Is ar na bóithre a bhíonn an brú is mó ó thaobh chúrsaí iompair de, go háirid ar maidin agus um tráthnóna i rith na seachtaine. Níl Béal Feirste cosúil leis an chuid is mó de chathracha móra Eorpacha sa dóigh is nach bhfuil cuarbhóthar ar ard-chaighdeán ann. Tá saghas seachbhóthar ann, an A55, ach amháin ar chaighdeán íseal, go háirithe dtuaisceart agus in iarthar na cathrach, áit a leann sé seanbhóithre a bhí ann cheanna féin. Ina áit sin, leanann na piomhbhealaigh uilig chuig lár an bhaile, rud a chuireann strus ar an infastructúr. Cuireadh tús leis na mótarbhealaigh sna 1960aidí. Cuireadh deireadh leo i 1972, nuair a ghlac Rialtas Westminster seilbh ar chúrsaí iompair sa réigiún. I dtosach bhí sé ar intinn ag Rialtas Stormont thart fá 10 gcúrsa a fheabhsú thart fá'n chathair. Char éirigh leo ach 3 chinn a chur i gcríoch.

Imíonn an M2 agus an M3 ó Shráid Eabhraic, comh maith le Nasc an Iarthair. Tá an ceangal áirithe seo ar cheann de na háiteanna is measa dá bhfuil in Éirinn ann fá choinne tráchta ar maidin. Cluintear gach maidin áfach ar an raidió faoi easpa iompair ó threo Bheannchair (ag Cnoc na gCóiníní mar shampla), ar an Bhóthar Ormeau íoctarach (ón deisceart agus ó Dún Pádraig, Bóthar Aontroma (ón tuaisceart) agus Bóthar Bhaile Nua na hArda (ón oirthear). Bíonn brú ar an M1 i dtolamh, fiú ag an deireadh seachtaine. I láthair na huair táthar ag tógáil carrbhealach dúbailte (an A1) idir Béal Feirste agus Iúr Cinn Trá i dtreo Bhaile Átha Cliath.

Oscaíodh an chéad chuid den fhorbairt úrnua atá ag dhul ar aghaidh idir Sráid Eabhraic agus Lios na gCearrbhach go luath i 2008, agus táthar ag súil go bhfeicfimid laghdú ar fhabhanna tráchta ansin fá chionn tamaill bhig. Táthar ag plé Staidiam Náisiúnta Thuaisceart Éireann a thógáil le roinnt blianta anuas. Tá muintir dheisceart na cathrach ag tabhairt amach le fada fá dtaobh de na fabhanna a bheadh ann dá ndéanfadh an Rialtas i bPáirc Ormeau áfach - i gceantar atá faoi bhrú go fóill.

Ins an bhliain 2005, vótáil bunadh Bhéal Feirste isteach Comhairleoirí Cathrach de réir na scéime seo:

Chan fhuil Comhairle na Cathrach faoi smacht aon dream ar leith. Fríd na coistí sainiúla a ghnítear an chuid is mó de ghnoithe na Comhairle.

Tá ceithre thoghlach i mBéal Feirste ins na holltoghcháin agus i dtoghchán an Tionóil, is é sin, Béal Feirste Thuaidh, Béal Feirste Thiar, Béal Feirste Theas agus Béal Feirste Thoir. Sroicheann achan cheann acu amach thar theorainn na cathrach, agus iad ag cumhdach cuid den Chaisleán Riabhach, cuid de Lios na gCearrbhach, agus cuid de Bhaile Nua na Mainistreach. In ollthoghchán na bliana 2005, vótáladh beirt teachtaí ón Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach, teachta amháin ó Pháirtí Shóisialta agus Dhaonlathach an Lucht Oibre, agus aon duine amháin ó Shinn Féin isteach i bparlaimint na Ríochta Aontaithe. Ins an bhliain 2003, chuaigh seisear ón DUP, cúigear ón UUP, duine amháin ón PUP, duine amháin ón Chomhghuaillíocht, ceathrar ón SDLP agus seachtar ó Shinn Féin isteach ins an Tionól.

Ins an lá atá inniu ann, tá méadú ag teacht ar an Ghaeilg i mBéal Feirste, agus an teangaidh le cluinsbheáilt go forleathan i gcodanna áithrid den chathair, in Iarthar Bhéal Feirste thar aon áit eile. Thiar ins na seascaidí, chuir dream de Ghaeilgeoirí óga bun le scéim fhorbartha tithíochta as ar fhás Gaeltacht Bhóthar Shaw, arb í an chéad Ghaeltacht úrbhunaithe in oileán na hÉireann ar fad. Is í an phríomhdhifríocht eadar an Ghaeltacht seo agus Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí ná gur díograiseoirí teangtha, seachas cainteoirí dúchais ón tsean-Ghaeltacht, a bhí ins an chéad ghlúin a shocraigh síos i mBóthar Shaw. Inniu, áfach, tá an treas glúin ag fás aníos ins an chompal.

Bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste i mBóthar na bhFál ins na seachtóidí, agus í ar an chéad Ghaelscoil ariamh i dTuaisceart Éireann. B'iad na tuistí a chuir tús leis an Ghaelscoil seo, agus iad ag tógáilt a gclainne le Gaeilg.

I dtosach báire, cha rabh ach naonúr ag freastal ar Scoil Phobal Feirste. D'eitigh Rialtas na Ríochta Aontaithe an scoil fá aitheantas glan amach, agus cha rabh státmhaoiniú ag teacht don scoil ach an oiread, mar gheall ar an bheagán daltaí a bhí ag dul ar an scoil. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, tháinig Meánscoil Feirste ar an fhód, agus í ar an chéad mheánscoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Gidh go rabh an teangaidh ag dul i dtreise i rith na mblianta, cha rabh na Dílseoirí ná an Rialtas sásta fás na Gaeilge i mBéal Feirste a ghlacadh dáiríribh, a fhad is a bhí na Trioblóidí ar cois. Thug Sammy Wilson, comhairleoir cathrach de chuid an DUP, teangaidh na lucharachán ar an Ghaeilg, agus é ag tabhairt le fios gur teangaidh a bhí ann nach mbeadh fóirsteanach do riachtanaisí an duine chomhaimseartha.

Tá infreastruchtúr agus áiseanna na Gaeilge i mBéal Feirste an-láidir inniu. Tá an nuachtán laethúil udaí LÁ á fhoilsiú ansin, arb é an t-aon nuachtán laethúil amháin ins an teangaidh. Thairis sin, tá oifigí a lán eagraíochtaí Gaeilge ins an chathair: Pobal, Iontaobhas ULTACH, Foras na Gaeilge, Forbairt Feirste, agus Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, ina bhfuil Raidió Fáilte agus An Ceathrú Póilí suite. 

Bhí 349,618 I gcónaí i Béal Feiriste.Bhí eolas ar an Gaeilge ag 12.05% don daonra (Timpeall 42,000 daoine).

Ainmnaíodh Béal Feirste mar líonra Gaeilge. D'fhógair Foras na Gaeilge ag ndeireadh 2015 go mbeidh cúig cheantar aitheanta mar Líonraí Gaeilge in Éirinn. Is iad Cluain Dolcáin; Baile Locha Riach; Carn Tóchair agus Inis na líonraí eile timpeall an oileán.

Béal Feirste nasctha le háiteanna seo a leanas:




#Article 125: Tram (156 words)


Tá tábhacht leis an tram i go leor cathracha sa domhain fós, cé gur baineadh de na sráideanna iad sa chuid is mó de mhór chathracha an domhain. Ritheann sé ar rianta iarann ar nós traenach, ach go bhfuil na rianta sáite faoi bharr an bhóthair. Mar sin tugtar streetcar sa Bhéarla nó Strassenbahn sa Ghearmánais orthu. 
Tá córas breá traim ag Heilsincí, ar é an príomhchóras taisteal in ardchathair na Fionlainne é. Tá córas traim i San Francisco i gCalifornia le hos cionn céad bliain, agus éiríonn go geal leis ag tarraingt daoine suas a chuid sráideanna cnocacha.
Baineadh na tramanna de shráideanna Bhaile Átha Cliath in Éirinn sna 1950í. Ach táthar arís ag cur na tramanna chun cinn, agus thosaigh an freastal nua Luas sa bhliain 2003, ag iompar taistealóirí ó lár Bhaile Átha Cliath go dtí an Tamhlacht agus imeallbhailte eile na hardchathrach.

I measc buntáistí tramanna tá:

I measc na míbhuntáistí, tá:




#Article 126: Czesław Miłosz (883 words)


Bhí Czesław Miłosz (30 Meitheamh 1911 - 14 Lúnasa 2004) ina scríbhneoir aistí agus ina fhile liriciúil.  Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1980. 

Scríbhneoir Polainnise a bhí ann a rugadh i Šeteiniai (Szetejny an leagan Polainnise) sa Liotuáin. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Pholainn agus an Liotuáin nuair a bhain an dá stát seo amach a neamhspleáchas i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, agus i dtús na bhfichidí tháinig fórsaí armtha na Polainne á fhorghabháil faoi cheannas an Ghinearáil Żeligowski: b'ansin a fuair muintir Miłosz iad féin ina bPolannaigh. 

Bhí Polainnis ó dhúchas ag Czesław óg, agus mar a léirigh sé ina leabhar dírbheathaisnéise Rodzinna Europa, d'fhoghlaim sé Liotuáinis faoin tuath agus Rúisis le linn na dtrioblóidí réabhlóideacha i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, nuair a bhí saighdiúirí na Rúise ar fud an cheantair agus iad imithe i bhfiántas. Téama tábhachtach is ea é i scríbhinní Miłosz an caidreamh idir an trí náisiún a labhraíonn na teangacha seo. Chaith sé an chuid ab fhearr de laethanta a óige i Vilnius (Wilno, as Polainnis) agus i Vársá. Chuaigh sé ar scoil i Vilnius, a bhí forghafa ag na Polannaigh san am, siúd is nár thug na Liotuánaigh aitheantas don ghabháltas seo. Bhí sé de chlaonadh i Miłosz a gcás a thuiscint, agus é ag iarraidh na Polannaigh is na Liotuánaigh a thabhairt in araicis a chéile ina chuid scríbhneoireachta. Bhí dlúthchairdeas idir é agus Tomas Venclova, an file Liotuánach. Ós rud é go raibh dearcadh chomh hilnáisiúnta aige, níor thaithin an náisiúnachas cúng leis riamh. 

Thuig sé go raibh an t-ilchultúrachas i ndúchas na Polainne, agus chuir sé spéis fhiosrúil i mionlaigh náisiúnta na tíre - na Bílearúisigh, na hÚcráinigh, na Caraímigh, na Giúdaigh, na Tatáraigh, na Liotuánaigh - agus é ag iarraidh a gcultúr is a dtionchar ar an gcomhchultúr Polannach a léarscáiliú ina chuid aistí. 

Mar fhile, bhí sé faoi thionchar Oscar Venceslas de Lubicz-Milosz, an file Fraincise a bhí gaolmhar leis. Cosúil leis an bhfear óg, bhí Oscar Venceslas sách drochamhrasach i leith an náisiúnachais eisiaigh Pholannaigh, agus é ag roghnú na Liotuáine thar an bPolainn mar thír dhúchais, fiú.

Nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh an Pholainn sa bhliain 1939, bhí Miłosz i Vársá, agus nuair a forghabhadh an tír, ghlac sé páirt in obair an airm rúnda ag cur in aghaidh na nGearmánach.  

I ndiaidh an chogaidh, chaith Miłosz cúpla bliain ag obair don rialtas nua Chumannach, ach nuair a d'éirigh leis post taidhleora a bhaint amach, ní raibh mórán moille air seangú leis agus dídean a lorg san Iarthar. Mar sin féin, is iomaí ionsaí a rinne na heisimirceánaigh Pholannacha eile air, ós rud é nach raibh ann, dar leo, ach fealltóir nó tapadóir bradach, agus é ag comhoibriú le drong chomh suarach leis na Stailínigh. Is follasach dúinn inniu nach raibh Miłosz ag comhoibriú leis na Cumannaigh riamh ach amháin le bealach éalaithe a fháil, ach ós rud é go raibh cuid mhaith de na Polannaigh sin - cosúil leis an scríbhneoir Gustaw Herling-Grudziński, Solzhenitsyn na Polainne - i ndiaidh seal a chaitheamh i sluachampaí géibhinn Stailín sa tSibéir, ní raibh siad róshásta mórán tuisceana a léiriú do leithéid Miłosz.
Bhí Miłosz i gcónaí faoi thionchar na mblianta i seirbhís na gCumannach, nuair a chrom sé ar an mórshaothar aistíochta agus smaointeachais úd, Zniewolony umysł, nó An Intleacht i mBraighdeanas, a chur ar pár. Cur síos atá ann ar an dóigh ar chealg an rialtas Cumannach intleachtóirí, cosúil le Miłosz féin, chun comhoibriú. 

Tharraing Miłosz go mór mór ar shaothar an scríbhneora is an ealaíontóra avant-garde Stanisław Ignacy Witkiewicz, Witkacy (a chuir lámh ina bhás féin i Meán Fómhair na bliana 1939), ar lorg coincheapa agus téarmaí le tuiscint cheart a fháil ar an gCumannachas Polannach, agus b'é ba toradh leis gur mhuscail an saothar seo le Milosz spéis nua na bPolannach i leabhair Witkacy féin, údar bunúil sainiúil a bhí beagnach dearmadta go dtí gur tháinig Zniewolony umysł i gcló.

Bronnadh sochraid stáit ar Miłosz i ndiaidh a bháis, ar an 14 Lúnasa 2004, agus 93 in aois dó 

Is iad na dánta agus na haistí an chuid is tábhachtaí de shaothar Miłosz. Rinne sé féin neamhshuim den dá úrscéal a scríobh sé, mar atá, Dolina Issy, nó Gleann Issa, agus Zdobycie władzy, nó Forghabháil na Cumhachta. Úrscéal liriciúil is ea é Dolina Issy a phléann óige an scríbhneora faoin tuath sa Liotuáin. 

Maidir leis an gceann eile, is é is ábhar dó ná an dóigh ar smachtaigh na Rúisigh an Pholainn i ndeireadh an dara cogadh domhanda, agus na hiarrachtaí díomhaoine a rinne arm rúnda na bPolannach lena dtír a shaoradh ó bhráca na Gearmáine go neamhspleách, gan chuidiú ó na Sóivéidigh, le nach mbeadh siocair ag Stailín a chóras féin a chur i bhfeidhm ar an tír.

Sa bhliain 1980, bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Miłosz. B'ansin a daingníodh a stádas.

Ag an am céanna, tháinig Solidarnosc (nó an Dlúthpháirtíocht , ceardchumann neamhspleách i Gdańsk faoi cheannas Lech Wałęsa) chun cinn mar thoradh ar chur in éadan thitim eacnamaíoch agus pholaitiúil na Polainne.  Is léir go raibh tionchar éigin ag an bpolaitíocht ar an gcinneadh seo. Ach b'olc an mhaise a shéanadh go raibh an duais tuillte ag Miłosz, chomh saibhir, chomh hilghnéitheach agus atá a chuid scríbhinní.




#Article 127: Brian Mac Giolla Meidhre (197 words)


 
Rugadh Brian Mac Giolla Meidhre (Béarla: Brian Merriman) lámh le hInis Diomáin timpeall na bliana 1750.  Chum sé Cúirt an Mheán Oíche, an dán grinn is mó le rá dár cumadh in Éirinn riamh’, a dúirt Seán Ó Tuama

Is beag atá ar eolas faoina óige. 

I dtaca na bliana 1770 chuaigh Brian ag múineadh scoile go Cill Cláirín i bparóiste na Fiacaile. Bhí scoil aige ina dhiaidh sin ar an gCurrach sa bparóiste céanna. Chaith sé isteach is amach le tríocha bliain ar fad le múinteoireacht. Ba bhocht an saol é. 

Tugann Risteárd Ó Foghlú cur síos dúinn ar shaol crua an mhúinteora:“Bhí an saol crua go leor ar mhúinteoirí scoile i dTuamhumhain le linn Bhriain agus tamall ina dhiaidh sin: ba chaol an tuarastal do bhí ag dul dóibh ó dhaltaí bochta na háite, i dtreo go mbíodh ar an máistir bannaí, dintiúirí, srl., do scríobh do dhaoine chun cur lena fháltas, agus is minic do b’éigin don bhfear bocht ramhan agus sluasad do tharraingt chuige chun réal do thuilleamh.”Fuair Brian bás i Luimneach, mí Iúil, 1805. 

Trí chinn dá chuid dánta atá ar fáil anois, Cúirt an Mheáin Oíche, an Macalla, agus an Poitín.




#Article 128: Pádraig Mac Piarais (1215 words)


Oide, file, scríbhneoir, náisiúnaí agus gníomhaire polaitiúil Éireannach ab ea Pádraig Anraí Mac Piarais, An Piarsach, (as Béarla, Patrick Henry Pearse; (10 Samhain 1879 – 3 Bealtaine 1916), agus é ar dhuine de cheannairí Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. An teideal a bronnadh air ná Uachtarán an Rialtais Shealadaigh le linn an éirí amach, agus b'eisean a chur tús leis nuair a léigh sé Forógra na Poblachta agus iad ag glacadh seilbhe ar Ardoifig an Phoist. Gabhadh an Piarsach agus na fír eile nuair a theip ar an eirí amach, agus cuireadh eisean agus a dheartháir Liam chun báis.

Rugadh Pádraig Mac Piarais i dteach ag 27 Great Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh inniu) i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1879. Dealbhóir agus saor cloiche ó Bhirmingham Shasana ó dhúchas a bhí ina athair James, Protastúnach a chuir a ghnó féin ar bun sna 1850idí a bhain rath nach beag amach. Dá bhrí sin, clann compordach meánaicmeach a bhí iontu.

Fuair an Piarsach a chuid bunoideachais ó na na Bráithre Críostaí.  

Céimí de chuid Ollscoil Ríoga na hÉireann (BA sna Nuatheangacha 1901) ba ea é. Ag an am céanna glaodh chun Bharra na hÉireann sa bhliain ar bronnadh céim air.  

Níor láithrigh sé sa chúirt ach uair amháin áfach, sa bhliain 1905, nuair a bhí sé ina ionadaí (gan rath) do Niall Mac Giolla Bhrígde, duine ar cuireadh ina leith gur thaispeáin sé comhartha doléite ar an gcarr asail a bhí aige (is é sin le rá ceann a scríobhadh i nGaeilge). Cf. 𝙈𝙘𝘽𝙧𝙞𝙙𝙚 𝙫 𝙈𝙘𝙂𝙤𝙫𝙚𝙧𝙣 [1906] 2 IR 181). Cheap siad go raibh cás láidir acu ach chaill siad. Mhothaigh an Piarsach go ndearnadh éagóir sa chás. Réitigh an bharúil sin a bhealach i dtreo náisiúnachas na láimhe láidre. Agus níor spreag an cás sin é le dul leis an dlí mar cheann dá shlíte bheatha. 

Sa mbliain 1898 chaith an Piarsach agus John Milington Synge tamall ar oileáin Arainn ag foghlaim ó Mhairtín O'Conghaile. B’iomaí tréimhse a chaith sé i gConamara ag foghlaim na teanga, go dtí 1915.   

I mí an Mharta 1903 chur an Piarsach isteach ar phost mar eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis (iris Chonradh na Gaeilge) agus fuair sé é. Choinnigh sé an post sin go dtí deireadh na bliana 1909. 

I mí Aibreáin 1903 bhí air dul ar thuras go dtí Ros Muc don chéad uair ag obair mar scrúdaitheoir do Chonradh na Gaeilge. Bhí muintir na háite ag fanacht leis ag an stáisiún traenach ag an Teach Dóite. Nuair a tháinig an Piarsach chomh fada leo thug siad faoi deara nach mbeadh aon áit le fanacht aige, mar sin, shocraigh siad go bhfanfadh sé Tí Mháille áit a bhfuil an siopa agus Oifig an Phoist fós ann. 

Chaith an Piarsach an t-am san áit ag cur daoine faoi scrúdú Gaeilge. Chuaigh an áit go mór ar an bPiarsach agus gur fhan sé cúpla lá sa mbreis sa gceantar. Is ag an scoil a chur an Piarsach aithne ar Colm O’ Gaora a bhí ina príomhoide ag an am i scoil an Ghoirt Mhóir. (Ba fhear é a bhí an-pháirteach leis an éirí amach é Colm níos déanaí).  Thóg an Piarsach teach beag ceanntuí dó féin i Ros Muc (ar an Turloch, a bhí ag breathnú amach ar Loch Eiriulach agus Cnoc an Dámh áit a bhfuil an mhéanscoil, séipéal, stáisiún gardaí thíos faoi). Chuir sé aithne mhaith ar mhuintir na háite.  Sna 1910idí, nuair a cuireadh na hÓglaigh ar bun, bhí lámh aige san obair sin, freisin - bhunaigh sé buíon acu i Ros Muc.  

Bhunaigh an Piarsach Scoil Éanna sa mbliain 1908 i Raghnallach, arbh í an chéad scoil dhátheangach (do bhuachaillí am) sa tír le blianta fada. Léirigh sé a dhearcadh faoin oideachas ina leabhar 'The Murder Machine', agus b'í an Scoil Náisiúnta an meaisín a bhí i gceist aige, ó bhí sé barúlach gurb í an scoil sin a bhí ag déanamh cabhóg na Gaeilge. Bhí suim aige sa nGaeilge ó thús a óige. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge sa bhliain 1896 agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó nuair a bhí sé fiche bliain d'aois. 

Ba iad aidhmeanna na scoile ná: 

Scoil dátheangach buachaillí a bhí ann. D’fhoghlaim na daltaí Stair agus Tír Eolas na hÉireann, staidéar ar an dúlra, agus eolaíocht. Bhí an drámaíocht i bhfad chun tosaigh i gcomparad le scoileanna eile ag an am. 

Bhog an scoil go dtí Rath Farnáin sa mbliain 1910. Ar bhalla na scoile bhí nath cainte ó laoch na bhFiann Cú Chulainn

Baineadh úsáid as Teach Feadha Cuileann mar scoil dhátheangach do chailíní Scoil Íde (1910-1912).  

Bhain deacrachtaí airgid le gnó mheánscoileanna na linne sin. Chaith an Piarsach trí mhí (8 Feabhra-7 Bealtaine) sna Stáit Aontaithe ag bailiú thart ar £1,000. Ba é ‘Robert Emmet and the Ireland of Today’ ábhar na léachta a thug sé in Nua Eabhrach.  

Ba bhall gníomhach de Bhráithreachas na Poblachta (The Irish Republican Brotherhood) é an Piarsach.

I mí Iúil 1914 tháinig gúnnaí agus urchair isteach ag cuan Bhinn Éadair; is sa Scoil Eanna a cuireadh iad i bhfolach. 

Ar an 1 Lúnasa 1915 thug an Piarsach an óráid cháiliúil ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa, is i Ros Muc a scríobh:

Ghlac an Piarsach páirt in Éirí Amach na Cásca in Éirinn i 1916. Toghadh é ina uachtarán ar Phoblacht na hÉireann agus léigh sé Forógra na Poblachta lasmuigh de Ardoifig an Phoist ag tús an Éirí Amach.  
Mhair an tÉirí Amach ar feadh seachtaine tar éis nar cheap duine ar bith go mbeadh na hÓglaigh in ann fanacht chomh fada sin mar bhí rudaí ag dul in olcas. Ach nuair a chonaic an Piarsach an slad a bhí á dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath de bharr na troda chinn sé géilleadh d'Arm na Breataine.
Bhí ollscriosadh déanta ar chathair na tíre, agus is ar mhaithe leis na daoine gur ghéill an Piarsach “To prevent the further slaughter of unarmed people and in the hope of saving of our followers”. Ar an 29 Aibreán 1916 ag 3.30 ghéill siad d’arm Shasana. 

Daoradh an Piarsach chun báis; cuireadh é féin agus a dheartháir Liam (Willie) chun báis i gclós Phríosún Chill Mhaighneann chomh maith le dáréag eile de cheannairí an Éirí Amach.

An oíche a raibh sé ag fanacht lena bhás, scríobh sé litir chuig a mhatháir, chuig a dheartháir Liam, agus scríobh cuntas ar a thriall. Cuireadh chun báis é ar an 3 Bealtaine 1916 i bpríosún Chill Mhaighneann. Cuireadh a dheartháir chun báis an lá dár gcionn. Cuireadh é agus na Ceannairí Óglaigh eile i mBairic Mhileata sna glasáin.

Scríobh an Piarsach dánta agus scéalta agus drámaí i nGaeilge, m. sh. An Mháthair, Íosagán, an Rí, srl. Scríobh sé cuid mhaith i mBéarla, chomh maith, ag gríosadh na nGael chun troid a chur ar son na saoirse.

Bhí an-tóir ag an bPiarsach ar Iarthar na hÉireann agus feictear é sin ina chuid scéalta agus filíochta. 

Chreid an Piarsach go raibh dlúthbhaint ag an gcúltúr le féiniúlacht na tíre. Nath cainte a chloistear go fíormhinic ná ‘tír gan teanga tír gan anam’ cuireann sé seo go mór leis an meon deafach faoi Éirinn. Chun scoilt cuimsitheach a dhéanamh idir Éire agus Sasana ba cheart an dá chultúr a scaipeadh chomh fada óna chéile agus gur féidir. 




#Article 129: Gramadach na Gaeilge (2184 words)


Tá an léargas thíos bunaithe ar  agus leabhair eile.

Sa Ghaeilge, tagann an aidiacht sna sálaí ag an ainmfhocal: guth binn (nó guth bhinn, i nGaeilge Chúige Mumhan), bean shaibhir, uisce glan. Is féidir, áfach, úsáid na réimíre a bhaint as na haidiachtaí uaireanta, go háirithe i stíl fhileata: binnghuth, glanuisce. Ar ndóigh, séimhítear an t-ainmfhocal i ndiaidh na haidiachta i bhfocail chomhshuite den chineál seo. 

Tá réimíreanna ar leith ann nach n-úsáidtear riamh mar fhocail neamhspleácha, siúd is go bhfuil ciall aidiachta ag dul leo. Is iad dea- agus droch- an dá réimír is tábhachtaí acu. Is ionann dea-fhear agus fear maith, agus is ionann drochdhuine agus duine dona nó duine olc, ach is féidir difríocht áirithe a aithint idir duine olc agus drochdhuine: i bhfocail chomhshuite cosúil le drochdhuine, tá an t-olcas níos cóngaraí do nádúr do-athraithe an duine. Tá an méid sin soiléir ar an dóigh a n-úsáidtear sa chomhthéacs gramadaí iad: tá an duine seo go holc (an briathar tá, a úsáidtear le hainmfhocal a cheangal d'aidiacht), ach is drochdhuine é seo (an chopail, a úsáidtear le hainmfhocail agus forainmneacha a cheangal dá chéile). .

Cás ar leith is ea cás na haidiachta úd sean. Is féidir í a úsáid mar a bheadh gnáthaidiacht ann: tá sé sean, tá sé níos sine ná mise agus araile, ach is gnách úsáid na réimíre a bhaint aisti: seanfhear is ea é: Seanbhean is ea mise, agus cos liom san uaigh agus an chos eile ar a bruach, mar a dúirt Peig Sayers. Cinnte, ní dhearfadh sí *bean shean is ea mise - cé nach mbeadh a leithéid ag sárú rialacha na gramadaí ar aon nós, ní chluinfeá ag cainteoirí dúchais go rómhinic é.

Má thagann an aidiacht ar lorg ainmfhocal firinscneach uatha sa tuiseal ainmneach, ní bheidh claochlú tosaigh ar bith ar an aidiacht: an fear mór. Ar lorg an tuisil ghinidigh, áfach, caolófar consan deiridh na haidiachta, agus séimheofar an consan tosaigh: gluaisteán an fhir mhóir. Má tá an consan deiridh caol cheana féin, ní féidir é a chaolú tuilleadh, ar ndóigh: an buille réidh (tuiseal ainmneach), fear an bhuille réidh (tuiseal ginideach). Na haidiachtaí a bhfuil -ach ag crochadh díobh, déanfar -igh den -ach seo: an fear tuirseach - codladh an fhir thuirsigh; an múinteoir Éireannach - ceachtanna an mhúinteora Éireannaigh.

I ndiaidh ainmfhocal firinscneach iolra sa tuiseal ainmneach, áfach, cuirfear -a nó -e leis an consan deiridh. Ar ndóigh, tá sé ag brath ar chaoile an chonsain cé acu guta a chuirfear leis: an fear mór - na fir mhóra, an buille réidh - na buillí réidhe. Maidir leis an gclaochlú tosaigh, tá sé ag brath ar chonsan deiridh an ainmfhocail, cé acu a shéimheofar an aidiacht nó nach séimheofar: na fir mhóra (m séimhithe ar lorg an r chaoil), na mná móra (m gan séimhiú, ós rud é nach bhfuil consan caol ann). Is minic nach gcluintear mórán difríochta idir -í agus -igh an ainmfhocail iolra, ach mar sin féin, tá sé tábhachtach iad a choinneáil scartha ó chéile sa litriú, nó ní shéimheoidh ach ceann acu an aidiacht: na bealaí móra (m gan séimhiú) (ón bhfocal bealach), ach na hÉireannaigh mhóra (m séimhithe) (ón bhfocal Éireannach).

Ar lorg ainmfhocal baininscneach uatha sa tuiseal ainmneach, séimheofar an aidiacht: bean mhór, baintreach thuirseach, fuinneog bhriste, bliain fhada, teanga dhothuigthe, agus araile.

Ar lorg ainmfhocal baininscneach uatha sa tuiseal ginideach, ní shéimheofar an aidiacht ar aon nós. Scéal eile, áfach, go gcuirfear -e leis an gconsan deiridh, agus má tá an consan sin leathan san fhoirm a fuair tú san fhoclóir, caithfidh tú an consan sin a chaolú, leis: eachtra na mná móire ( fir, deireadh - deiridh, leabhar - leabhair, cat - cait, cogadh - cogaidh, scéal - scéil.

Úsáidtear an tuiseal tabharthach mar chuspóir  ag formhór na  réamhfhocal simplí, ach amháin 'gan' agus 'go dtí'. San  Chaighdeán, tá an tuiseal tabharthach i gcónaí beagnach comhionann leis an ainmneach nuair nach n-úsáidtear é leis an alt cinnte, ach i gcuid de na canúintí tá sonraí neamhspleácha ag na tabharthaigh sa dara agus sa chúigiú díochlaonadh. Fiú amháin sa Chaighdeán, tá tabharthaigh ar leithligh fós ag dornán focal (cosúil le Éire - Éirinn, Ulaidh -Ultaibh), agus tá tabharthaigh faoi leith i bhfrásaí áirithe seasta, mar shampla os cionn (ceann).

An Tuiseal Ainmneach: An Tuiseal Tabhartach

Úsáidtear an tuiseal gairmeach le daoine a ghairm nó a ainmniú mar an té lena bhfuiltear ag caint nó a bhfuiltear á ghairm. Mar shampla, sna habairtí Cad é mar atá tú, a Sheáin? agus a Sheáin, an mbeidh tú ag teacht liom? ainmnítear Seán mar an té lena bhfuiltear ag caint nó a bhfuiltear á ghairm. 

Le go bhfoirmítear an fhoirm ghairmeach fhirinscneach uatha cuirtear an mhír ghairmeach, a (séimhíonn sí an consan tosaigh ach mura bhfuil consan ann ní déantar faic ar an fhocal), roimh an ainmfhocail a bhfuiltear á ghairm is caolaítear é (Ní déantar faic mura bhfuil sé caol cheana féin nó mura bhfuil guta ar dheireadh an fhocail). Seo thíos cúpla sampla dá díochlaonadh.

Seán - a Sheáin

Éireannach - a Éireannaigh

Múinteoir - a Mhúinteoir

Le go bhfoirmítear an fhoirm ghairmeach fhirinscneach iolra cuirtear an mhír ghairmeach roimh an ainmfhocail mar a déantar san uatha, ach ar fhocail a ghlacann lagiolra san ainmneach cuirtear an iarmhír -a leis an fhoirm ainmneach uatha, mar shampla fir - a fheara. Ní déantar faic ar ainmfhocail a ghlacann tréaniolra san ainmneach.

Aidiacht a chinntíonn an t-ainmfhocal is ea an t-alt.
Is é an an t-alt deimhnitheach sa Ghaeilge san uimhir uathu. San uimhir iolra, cuirtear in iúl le na é. Níl aon alt neamhdheimhnitheach sa Ghaeilge. 

Cuireann an t-alt séimhiú le hainm baininscneach a thosaíonn le consan, agus ní athraítear ainm firinscneach leis, san uimhir uathu. M.sh. an bhean

Cuireann an t-alt 't-' roimh ainm firinscneach a thosaíonn le guta, ach ní athraíonn sé ceann baininscneach san uimhir uathu. M.sh. an t-alt

Cuirtear 't' roimh ainm baininscneach a thosaíonn le 's', ní chuirtear rud roimh ainm firinscneach a thosaíonn le 's'. M.sh. an tsail

San uimhir iolra, úsáidtear 'na' agus cuirtear 'h' roimh ainmneacha a thosaíonn le guta. M.sh. na huimhreacha

Déantar cumaisc den alt agus focail áirithe: Cén (cé an);
den ( de an) srl
Roimh a ainmfhocal agus cibé focail eile ata ag cáiliú an ainmfhocail a chuirtear an t-alt de ghnáth; an post; an tríú srl.

Go hiondúil is ionann uimhir, inscne agus tuiseal don alt agus dá ainmfhocal: An fear; hata an fhir; na fir; hataí na bhfear.
Eisceacht: Má luíonn trí,ceithre....naoi, deich idir an t-alt agus a ainmfhocal, úsáidtear iolra an ailt, cibé uimhir ata ag a ainmfhocal mura céad, míle, milliún é: na trí bhó; na cúig rothar déag: ach an trí chéad teach; an seacht gcéad fear.

Is é príomhfheidhm atá ag an alt ainmfhocal a dhéanamh cinnte a bheadh éiginnte gan é: Tháinig an Brianach; sa samhradh; go dtí an Cháisc; Bhí an Domhnach fliuch; An Seán Ó Murchú atá i Sasana.

Úsáidtear an t-alt freisin sna cásanna seo a leanas;
Le logainmneacha;
(a) na hilchríocha ( ach amháin Meiriceá) : An Eoraip srl
(b) tíortha na hEorpa: An Bhreatain Mhór, srl.
(c) roinnt bailte móra agus sráidbhailte: An Róimh, An Ómaigh srl.
(d) roinnt sléibhte: An tEargal; An Mhangarta, srl.
(e) beagnach gach abhainn: An Danóib; An Life, srl.
(f0 farraigí áirithe: An Mheánmhuir; An tAigéan Atlantach, srl.

Roimh ainm teibí agus roinnt ainmfhocal eile más le brí fhorleathan a úsáidtear iad: Tá an radharc go holc aige.

Le hainmneacha teangacha nuair atá a mbrí forleathan: Is í an Ghaeilge teanga ár sinsear: Tháinig an Béarla isteach: Bhí an Ghearmáinis go maith aige.

San Aimsir Chaite, cuirtear séimhiú ('h') ar an mbriathar, nó 'd' roimh ghuta agus f. Mar shampla Cuir - Chuir, Féach - D'fhéach

Chun foirm an chéad phearsa iolra (muid, sinn) a fháil, cuirtear 'amar' ag deireadh an bhriathair, más siolla amháin é. m.sh. Bhriseamar NÓ
Bhris muid i gcanúintí áirithe.

Má tá siolla amháin i gceist, cuirtear (e)ann ar deireadh an bhriathra. Mar shampla Tóg - Tógann.
Chun an form 'sinn' a fháil agus nuair atá sé siolla amháin, cuirtear (a)imid air. M.sh. Tóg - Tógaimid

Má tá dhá siolla i gceist, cuirtear (a)íonn ar gas an briathra. M.sh. Ceannaigh - Ceannaíonn
Chun an form 'sinn' a fháil agus tá sé dhá siolla, cuirtear (a)ímid ar gas an bhriathra. M.sh. Ceannaímid

Má tá siolla amháin i gceist, cuirtear 'f(a)idh' ar deireadh an bhriathra. m.sh. Cuirfidh
Chun an foirm 'sinn' a fháil agus nuair atá sé siolla amháin, cuirtear f(a)imid air. m.sh. brisfimid

Má tá dhá siolla i gceist, cuirtear eoidh nó óidh ar gas an bhriathra. Osclóidh sí
Chun an form 'sinn' a fháil agus tá sé dhá siolla, cuirtear óimid nó eoimid ar gas an bhriathra. Samhlóimid

Is iad seo a leanas na deireidh a chuirtear ar ghas an briathair chun an Modh Coinníollach a fháil:

An chéad réimniú:

An dara réimniú:

Baintear an síneadh fada as an o nuair atá e roimhe.
Chomh maith le sin, cuirtear séimhiú nó d' ag tús an briathair. Mar shampla, Cheannóinn, Chuirfeá, D'íocfadh sé, D'fhreastalóidís

Sa mhodh choinníollach agus san aimsir chaite, tá an fhoirm ba ag an gcopail.

Ní ionann comhréir sa Ghaeilge agus an chuid is mó de theangacha eile na hEorpa. Maraon leis na teangacha Ceilteacha eile, tá an fhoirm briathar-ainmní-cuspóir ar ghnáth-ráiteas. Mar shampla, is fear mé nó tá an cuairteoir anseo. Sa chéad abairt, úsáidtear an chopail, mar gur stádas buan atá i gceist, mar bhriathar, sé fear an t-ainmní, agus is é mé an chuspóir athfhillteach.

Maidir le sea nó 'sea, is giorrúchán de is ea é. Tugtar an chopail ar is, agus úsáitear í(copail-baininscneach) ag plé le stadais atá buan go maith, agus cuirtear ea leis le dearfú a chur i gciall. M.sh., An cailín í? – 'Sea, is cailín í. 
Úsáidtear sea leis le freagairt ar ghlaoch, mar shampla, A Pheadair!…Sea.

Is féidir sea, a úsáid as Gaeilge le rud a dhearfú. Ní hea an diúltach dó seo.
Ach nuair a chuirtear ceist ag úsáid briathair, úsáidtear an briathar céanna sa bhfreagra.
M.sh., Ar oscail tú an doras? – D´oscail nó d´osclaíos nó Ar tháinig Seán fós? – Tháinig. 
Freagraítear an briathar go haonfhoclach, is í seo an chúis gur féidir pearsa a chur in iúl le leaganacha táite na mbriathra agus nach féidir leis na leaganacha eile. Glactar leis gur treisiú aon forainm a chuirtear le briathar agus ceist á freagairt. Féach an sampla, An bhfuil tú réidh?, Tá mé!

Leis an mbriathar bí, úsáidtear tá, arbh é an fhoirm diúltach de ná níl.

Cuirtear séimhiú ina lán cásanna. Tar éis 'nuair é', san aimsir chaite, gnáthchaite agus sa mhodh choinníollach. Tar éis chuile réamhfhocal seachas ag, as, go, le, chuig, os agus thar. Tar éis 'don' agus 'den'. Cuirtear é le haidiachta tar éis ainmneacha bhaininscneacha agus focail firinscneach iolra, seachas nuair a bhíonn ghuta ag deireadh an ainm(Féach ar 'an aidiacht' chun níos mó eolas a fháil). Sa tuiseal ginideach, cuirtear é le focail firinscneacha uatha. Tar éis na huimhreacha go dtí a sé. Tar éis 'a', nuair atá ainm fir a leanas, caolaítear an consan deirneach freisin (a Sheáin, a Chéin).

(go minic cuirtear ‘a’ rompu seo… a haon, a dó, a trí, srl, ag déanamh comhaireamh shimplí.

Ansin 21 fiche a haon, 22 fiche a dó, 23 fiche a trí, agus mar sin ar aghaidh, ag cur h roimh uimhir ag tosú le guta.

Ar aonad amháin d´aon ní, deirtear bosca amháin, srl.
Le dhá (2) aonad, deirtear dhá theach, dhá hata.
Úsáidtear na huimhreacha simplí thuas chun na huimhreacha eile aonad go deich a chur in iúl.

Le níos mó ná deich naonad, is gnách an fhoirm bosca déag, trí ubh déag a úsáid.

Le daoine, úsáidtear foirm eile den uimhir, mar seo...duine, beirt, triúir, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr.

Ansin, duine déag, beirt déag, triúir déag, ceathrar déag...fiche duine.

Ar an gcaoi chéanna, duine is tríocha, beirt is tríocha……

Is ceadmhach comhaireamh leis an scór (20) freisin as Gaeilge. Mar shample, duine is scór, trí scór bliana.

Ar ndóigh, tá úsáid fós le dosaen (12) ar ábhair mar arán agus uibheacha.

Urú a thugtar ar ghlórú agus / nó shrónaíl túschonsan de réir phrionsabail ghramadaí na Gaeilge. Nuair a uraítear túschonsan neamhghlórach, glóraítear é; nuair a uraítear túschonsan glórach, déantar srónaíl air. Tar éis uraithe, scríobhtar an consan nua agus an bun-túschonsan san fhocal, cé nach bhfuaimnítear ach an consan nua.

Uraítear an túschonsan i ndiaidh focal nó frásaí áirithe. Don chuid is mó, uraíonn aon réamhfhocal nuair a cheanglaítear leis an alt uatha (an) é. Is iad na príomheisceachtaí ná na focail don, den, agus sa. Mar shampla, leis an mbád, ar an mbord, ag an bpáiste, faoin gcat, ach don chailín. Athraíonn rialacha an uraithe ag brath ar an nGaeltacht, áfach. I dTír Chonaill, mar shampla, ní uraíonn réamhfhocail + an, agus i gConamara, uraíonn an focal sa. I ngach Gaeltacht, áfach, uraítear an briathar tar éis an ailt bhriathartha cheistigh an, m.sh., an bhfuil sé?, an dtagann sí?, an bpósfaidh siad?




#Article 130: Copail (164 words)


Maidir le teangeolaíocht, is éard atá i gcopail focail a nascann an t-ainmní in abairt le faisnéis (comhlánú ainmnithe nó dobhriathar). Cé nach gcuireann sé féin aon ghníomh nó coinníoll in iúl, comhcheangalaíonn sé an ainmní le faisnéis atá gan aon tacaíocht aige féin ón abairt.

Úsáidtear an chopail ar shlite difriúla i dteangacha éagsúla.

Úsáidtear an chopail go minic as Béarla san aimsir láithreach: mar shampla, is féidir Bob is running a rá in áit Bob runs, an leagan a úsáideann an gnáthbhriathar.

Tá dhá fhoirm bhunúsacha ag an mbriathar a thagraíonn do bheith i nGaeilge. 
Úsáidtear an ghnáthfhoirm, .i. bí, le tagairt a dhéanamh do stádas éigin sealadach. Úsáidtear an chopail le tagairt a dhéanamh do stádas nach n-athraíonn de ghnáth; m.sh. is fear mé, is Albanach í. San aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach tá an fhoirm ba ag an gcopail.

Tá an abairt Tá sé fear anseo mar shampla de dhá bhotún bhunúsacha a dhéanann foghlaimeoirí na Gaeilge go minic. 




#Article 131: Cath Chnoc Fíodh na gCaor (214 words)


Cath a troideadh ar Chnoc Fíodh na gCaor, cnoc íseal lámh le hInis Córthaidh, Contae Loch Garman, 1798 ar an 21 Meitheamh.  

Bhí Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe (nó Éirí Amach 1798) ag teacht chun deiridh agus tháinig Arm na Breataine faoi cheannas an Ghinearáil Gerard Lake suas go campa na nGael ar an gcnoc. 

Bhí timpeall 20,000 saighdiúir faoina cheannas agus thimpeallaigh sé na Gaeil. Bhí mná agus páistí i measc an 20,000 Gael ar an gcnoc. 

Rinneadh ionsaí ar an gCnoc i mbáisteach throm le gunnaí móra ar feadh cúpla uair an chloig. Ní raibh ach pící ag go leor de na Gaeil, agus buaileadh iad gan stró.  

Theith formhór na meirleach ach rinneadh slad orthu siúd a bhí leonta agus ar mhná agus leanaí. 

Rinneadh ár uafásach ar fud Chontae Loch Garman tar éis an chatha agus cuireadh ceannairí an Éirí Amach chun báis: Bagenal Harvey, Cornelius Grogan, Mathew Keogh agus Anthony Perry. Baineadh na cloigne díobh agus sádh ar phící iad lasmuigh de theach na cúirte i mbaile Loch Garman. 

Gabhadh an tAthair Ó Murchú i gCeatharlach, baineadh a chuid éadaí de, tugadh lascadh dó, crochadh é agus dícheannadh é. Dódh a chorp i mbairille. 

Cuireadh cuid mhaith díobh siúd a ghlac páirt san Éirí Amach go dtí an Astráil.




#Article 132: Inis Córthaidh (250 words)


Baile i lár thuaisceart Chontae Loch Garman í Inis Córthaidh. Tá daonra timpeall 11,000 ann. Tá an baile suite ar an Sláine, agus tá dhá dhroichead thar an abhainn sa bhaile. Tugtar Paróiste Naomh Seanan ar an dtaobh thoir den bhaile. Tá sé an dara baile is mó i gContae Loch Garman.

Tá seirbhís rialta báid ón mBreatain Bheag agus ón bhFrainc go Ros Láir i ndeisceart an chontae, timpeall 25 ciliméadar ón mbaile. Tá líne traenach as Baile Átha Cliath a leanann go Ros Láir, a oscail ar 16 Deireadh Fómhair 1863.

Ritheann an N11 (párt den bóthair Eoraipeach E1).

Tá tábhacht ag cur agus baint sútha talún i gContae Loch Garman, go háirithe timpeall Inis Córthaidh, maille le biatas siúicre, cruithneacht, eorna, agus tógáil eallach agus ba bhainne.

In Inis Córthaidh a thosaigh Grúdlann Letts, agus tugadh athshaol don bheor sin i riocht Killians sna 1990í. Bhíodh monarcha sceanra uair lámh leis an mbaile, agus tá gnó beag déanta potaí le plandáil fós ann. Tá monarcha doirse adhmaid Premium International, a thosaigh sna 1970í, fós ar an mbaile.

Tá caisleán i lár an bhaile, ar aththógáil de chaisleán Normanach é don chuid is mó. Deirtear gur chum Edmund Spenser cuid den Faery Queene an fhaid a bhí cónaí air sa bhaile. Inniu is músaeim é an caisleáin, ach dún sé i 2007 agus osclófaidh sé arís i samhradh 2009.

Bhí Inis Córthaidh páirteach in Éirí Amach 1798, agus troideadh Cath Chnoc Fíodh na gCaor lámh leis an mbaile.




#Article 133: Dick Cheney (168 words)


Fear gnó agus iar-pholaiteoir Meiriceánach is ea Richard Bruce Cheney. Bhí sé ina 46ú leasuachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, nuair a bhí George W. Bush ina uachtarán.

Rugadh i Lincoln, Nebraska ar an 30 Eanáir 1941 é. Ba iad Richard Herbert Cheney agus Marjorie Dickey Cheney a thuismitheoirí. D'oibrigh a athair do Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe. Tá deirfiúr amháin agus deartháir amháin aige. D'fhás sé aníos i gCasper, Wyoming, agus bhuail sé lena bhean chéile, Lynne Cheney, san ardscoil, nuair nach raibh ach ceithre bliana déag slánaithe aige. Tar éis na hardscoile, bhuaigh Cheney scoláireacht chun freastail ar Ollscoil Yale sa bhliain 1959, ach d'fhág sé í de dheasca drochmharcanna ina chuid scrúdaithe. Sa bhliain 1963, chuaigh sé go dtí Coláiste Pobail Casper agus tar éis sin d'fhreastail sé ar Ollscoil Wyoming. Bhain sé céim baitsiléara amach sa bhliain 1965 agus máistreacht san eolaíocht pholaitiúil sa bhliain 1966. Bhí Cheney ina POF ar an gcomhlacht Halliburton go dtí an bhliain 2000. Ní chreideann sé sa téamh domhanda.




#Article 134: An Carn (141 words)


Sráidbhaile in oirdheisceart Chontae Loch Garman é an Carn, a bhain clú amach i 1977, nuair a chinn Rialtas na hÉireann, agus Desmond O'Malley an t-aire Fuinnimh, stáisiún ginte leictreachais núicléigh a bhunú ann, i gCeann an Chairn. Bhíothas i mbun agóide ag an suíomh agus ar fud na tíre sna blianta 1977-79. Tá cáil go fóill ar na mórchoirmeacha ceoil a eagraíodh Get to the Point (1978) agus Back to the Point (1979) agus bhí coirmeacha beaga in áiteanna eile chun aird an phobail a tharraingt ar chinneadh an rialtais. 

Bhí an-bhaint ag an gceoltóir Christy Moore leis an bhfeachtas. Mar gheall ar an agóidíocht ghéill an rialtas faoi dheireadh i 1979, ag rá nach raibh an tír sách mór do stáisiún núicléach. Ní dhearnadh aon fhorbairt ar an suíomh ó shin, agus tá Éire saor ó stáisiúin núicléacha fós.




#Article 135: Loch Garman (273 words)


Príomhbhaile chontae Loch Garman agus an baile is mó sa chontae é baile Loch Garman, le daonra tuairim is 15,000. Ar inbhear na Sláine atá sé, agus tá a chalafort leathan, cé nach bhfuil sé an-domhain.

Tá stáisiún traenach ar an líne as Ros Láir go Baile Átha Cliath sa bhaile. Níl calafort Ros Láir ach timpeall 15 chiliméadar as an mbaile. Tá an baile ar an N11, ceann de bóithre náisiúnta na tíre, a luíonn idir Baile Átha Cliath agus Ros Láir.

Tógadh ar dtús Loch Garman in am na Lochlannach, agus sa Bhéarla, tagann a ainm Wexford ó Waesfjord na Lochlannaise, ar é a bhrí ná fíord nó inbhear an lathaigh. Nuair a tháinig Oilibhéar Cromail go hÉireann, dhein sé slad ar an mbaile, agus tá an ghráin ag lucht an bhaile fós ar a chuimhne. Tá dealbh i lár an bhaile ag comóradh John Barry, fear a chuir cabhlach SAM ar bun.

Ospidéal Ginearálta Loch Garman a chuireann seirbhís leighis ar fáil don chondae agus don cheantar máguaird. Ospidéal ginearálta atá ann a chludaíonn roinnt sainréimsí; cnáimseachas, péidiatraic, gínéiceolaíocht chomh maith leis an míochaine agus an mháinliacht ghinearálta.

Tá cáil ar an limistéar ar imeall an chuain as líon agus le raidhse an éanlaith atá ann. Is baile stairiúil é Loch Garman, le sráideanna cúnga. Gar don bhaile, tá caisleán Ferrycarrig. Tá John F Kennedy Memorial Park, arboretum mór, tuairim agus 36.7 km siar uaidh. Tá tránna breátha i ndeisceart an chontae.
Tá Feis Opera Loch Garman ag cur opera i láthair sa bhaile le hos cionn 30 bliain, le béim ar shaothair atá ligthe i ndearmad, nó gar dó.




#Article 136: Lochlannaigh (307 words)


B'fhir gnó, coilínigh agus, mar is eol go leathan, foghlaithe mara iad na Lochlannaigh nó Uigingigh nó Vairingiaigh a shíolraigh as Críoch Lochlann. Idir na blianta 800 agus 1050, rinneadar coilíniú, réabadh agus trádáil ar fud chóstaí, aibhneacha agus oileáin na hEorpa agus fiú oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Thugadar Norðmenn (fir aduaidh) orthu féin. Tugann Lochlannaigh an lae inniu fós nordbor nó daoine aduaidh orthu féin.

Ó thart ar 800 AD ar aghaidh bhí Éire faoi ionsaí rialta ag foghlaithe Lochlannacha a chreachadh na mainistreacha saibhre agus a thug a meath sa deireadh. Na Lochlannaigh a bhunaigh poist thrádála in Éirinn a d'fhorbair ina dhiaidh sin ina mbailte móra agus i gcathracha amhail Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Port Láirge. Chreidtí gurb iad  na Lochlannaigh a thug Dubh Linn ar an gcathair, ach is léir ón ainm Gaelach go raibh áitreabh ann rompu.

Tá fios maith ar a gcrógacht agus a gcruas i gcogadh, ach thógadar bailte freisin, agus bhí bua acu le obair lámha agus le trádáil. Sa Rúis agus san Impireacht Bhiosántach, thugtaí na Vairingiaigh (Væringjar, ar bhrí leis ná fir geasa) ar na Lochlannaigh, agus thugtaí an Gárda Vairingiach ar fhir cosanta Lochlannach na hImpireachta Biosántaí. Thugtaí Danair, Gearmánaigh agus Normannaigh orthu freisin, agus as Gaeilge déantaí idirdhealú idir dubh-Lochlannaigh, nó Danair, agus Fionn-Lochlannaigh, nó Ioruaigh. Is iad na hIoruaigh, na Danair, na Sualannnaigh, na hÍoslannaigh agus oileánaigh Faró náisiún an lae inniu a shíolraíonn don chuid is mó ó na Lochlannaigh. Is de shíol Lochlannach cuid éigin den daonra i Sasana, in Albain, in oirthear na hÉireann agus i dtuaisceart na Fraince.

B'astu siúd a shocraigh síos i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na Normannaigh, arbh í an Fhraincis a dteanga, agus tháinig siadsan i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile in iarthar na hEorpa ón 11ú haois ar aghaidh.




#Article 137: Éamon de Valera (3180 words)


Triodaí saoirse agus polaiteoir ab ea Éamon de Valera (14 Deireadh Fómhair 1882 - 29 Lúnasa 1975) a bhí ina Thaoiseach agus ina Uachtarán ar Éirinn. Faoin ainm Edward George de Valera a rugadh é; uaireanta tugtar an t-ainm Gaelaithe Éamonn de Bhailéara air. Is iad na leasainmneacha atá air ná Dev, An Buachaill Ard (The Long Fella, as Béarla) agus An tAmadán Fada.

Ceannaire tábhachtach ab ea de Valera sa ghluaiseacht phoblachtach sa 20ú haois, agus chaith sé tréimhse an-fhada ón mbliain 1917 go dtí an bhliain 1973 i saol polaitiúil na tíre. Eisean a chum Bunreacht na hÉireann sa bhliain 1937, agus chaith sé a sheal ina Thaoiseach agus ina Uachtarán. Ba é Fianna Fáil, an páirtí a bhunaigh sé sa bhliain 1926, an ceann is mó sa tír go dtí 2011.

Saolaíodh Edward George de Valera i gCathair Nua-Eabhraic, Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1882. B'iad a thuismitheoirí an mháthair Éireannach Cáit Coll ón gCnoc Mór i gContae Luimnigh (ainm iomlán: Catherine Coll de Valera Wheelwright), agus an t-athair Spáinneach Juan Vivion de Valera. An t-aon eolas atá againn faoina athair, is ó de Valera féin a fuair muid é.  

Dúirt sé gur dealbhóir Spáinneach ab ea Juan Vivion a tháinig go dtí na Stáit Aontaithe agus a casadh ar a mháthair Kate ansin. Phós siad sa bhliain 1881, ach cailleadh Juan Vivion ceithre bliana ina dhiaidh sin. Níor éirigh le Tim Pat Coogan, a scríobh beathaisnéis chuimsitheach faoi de Valera, an t-eolas seo a dhearbhú sna foinsí oifigiúla, nó níl a leithéid de phósadh cláraithe iontu. Mar sin, creideann acadúlaigh áirithe go bhfuil seans ann gur leanbh tabhartha a bhí in Eamon agus gur chum sé féin an scéal faoi Juan Vivion de Valera leis an náire seo a choinneáil ceilte.  

De cheal eolais, ní féidir an teoiric seo a dhearbhú ná a shéanadh, ach is eol dúinn, ar fad, gur tógadh de Valera i gceantar bocht sa chathair mhór ar dtús, agus is dócha go raibh dea-chuimhní éigin aige ón tréimhse seo nó ar a athair, ar a laghad d'ainmnigh sé a chéad mhac féin, Vivion de Valera, as a athair. Nuair a fuair Juan Vivion bás, thug a uncail Ned é go hÉirinn, agus chuaigh de Valera chun cónaí ag a sheanmháthair Elizabeth Coll (máthair Cháit), ar fheirm i mBrú Rí, Contae Luimnigh. 

Bhí saol réasúnta compórdach ag an leaid óg ansin. Bhí sé ag obair ar an bhfeirm, ag freastail ar an scoil náisiúnta i mBrú Rí, ag éisteacht le scéalta seandaoine an tsráidbhaile, agus ag imirt rugbaí. Bhí an scoil ag éirí go maith leis, agus an mhatamaitic ag taitneamh leis thar na hábhair eile. Fuair sé a chuid meánscolaíochta ag na Bráithre Críostaí san Ráth i gContae Chorcaí, agus bronnadh scoláireacht air a cheadaigh dó aghaidh a thabhairt ar Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1898. Rinne sé dianstaidéar ar an matamaitic, agus rinneadh ollamh le matamaitic de i gColáiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1903. 

Bhain sé amach a chéim sa mhatamaitic ó Ollscoil Ríoga na hÉireann (Ollscoil na hÉireann inniu) sa bhliain 1905, agus d'fhill sé ar ais go Baile Átha Cliath le dul ag obair i gColáiste Belvedere. Fuair sé post nua sa bhliain 1906 i gColáiste Oiliúna Múinteoirí Carysfort sa Charraig Dhubh. Ní raibh an t-ádh air nuair a chuir sé isteach iarratas ar phost san Ollscoil, ach fuair sé post páirtaimseartha i gColáiste Mhá Nuad, agus tugadh sé léachtaí matamaitice ina lán coláistí i mBaile Átha Cliath.

Bhí athbheochan Ghaelach ar siúl sa tír ag an am seo, i mBaile Átha Cliath ach go háirithe, agus de Valera sáite san obair seo chomh maith le duine. Chaith sé a sheal féin ina Ghaeilgeor, agus chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, eagraíocht nua a bhí bunaithe ag Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill le sracadh nua a chur sa tseanteanga. 

Thosaigh de Valera ag freastal ar cheachtanna Ghaeilge sa chathair. An múinteoir a bhí aige ná Sinéad Ní Fhlannagáin, Gaeilgeoir ó Bhaile Brigín, agus í ceithre bliana níos sine ná de Valera. Thit siad i ngrá, agus chuaigh brat pósta orthu ar an 8 Eanáir, 1910 i séipéal ag Cé Arainn sa chathair. Ar an 25 Samhain 1913, chuaigh de Valera sna hÓglaigh. Bhí dúchas an cheannaire ann, agus rinneadh captaen de tar éis tamaill. San am sin, bhí na hÓglaigh faoi smacht Bhráithreachas na Poblachta (IRB), agus lean de Valera ar aghaidh san eagraíocht seo freisin.

 
Bhí na hÓglaigh agus Arm na Saoránach ag pleanáil éirí amach in Éirinn le tamall maith anuas, agus tháinig deis mhaith nuair a bhí an Chéad Cogadh Domhanda ar siúl. Thosaigh Éirí Amach na Cásca nuair a léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Poblachta amach ar Shráid Sackville (Sráid Uí Chonaill inniu) ar an 24 Aibreán sa bhliain 1916. 

Bhí de Valera agus an Tríú Cathlán, a bhí faoina cheannas, lonnaithe i Muileann Uí Bheoláin, ar Sráid na Canála Móire sa chathair. Bhí siad ábalta an áit a choimeád go dtí deireadh na seachtaine, ach tá tuairimí difriúla faoi pháirt de Valera i rith an Éirí Amach. Níl aon dabht gur ceannaire láidir cliste a bhí ann agus é ábalta pleananna a dhéanamh agus cinneadh a ghlacadh. Dúirt daoine eile, áfach, gur theip na néaróga air, ionas go raibh sé ag rith timpeall ag tabhairt orduithe aisteacha nó ag déanamh dearmaid d'eolas tábhachtach. 

Cé gur gabhadh i ndeireadh an Éirí Amach é, níor cuireadh chun báis é, mar a tharla do na príomhcheannairí i bPríosún Cill Mhaighneann. Glactar leis go coitianta go mbeadh an bás i ndán dó go cinnte, ach go bé gur saoránach Meiriceánach a bhí ann nach bhféadfaí a mharú mar sin gan trioblóidí dioplómatúla a fháil leis na Stáit Aontaithe. Bhí an Chéad Chogadh Domhanda díreach ar siúl, agus na Sasanaigh ag iarraidh na Meiriceánaigh a bhréagadh isteach go fóill. Mar sin, níor theastaigh trioblóid ar bith uathu leo siúd. 

Cibé scéal é, d'fhan de Valera faoi ghlas i bpríosún eile seachas Chill Mhaighneann, agus na húdaráis ag iarraidh ceist na saoránachta a réiteach. Nuair a tháinig freagairt láidir ón phobal tar éis na mbásuithe eile, cuireadh stad leis na básuithe go tobann. Chaith sé bliain fosta faoi ghlas i Sasana, agus ansin scaoileadh saor ina laoch é i mí Meitheamh, 1917.

Bhí tacaíocht Shinn Féin ag fás go géar gasta díreach tar éis an Éirí Amach. Ar dtús, bhí cosmhuintir na hÉireann in aghaidh na ceannairce, ach nuair a cuireadh chun báis é, d'athraigh an port acu. Thosaigh siad ag dearcadh ar cheannairí an Éirí Amach mar laochra, agus bhí de Valera in ann buntáiste a ghlacadh air sin, ó bhí sé ar an gceannaire ab airde céim a tháinig slán as na básuithe. 

I ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda, d'fhéach rialtas na Breataine an Coinscríobh a chur i bhfeidhm ar Éirinn, rud nár thaitin le Sinn Féin ar aon nós. Bhí de Valera ina bhall den pháirtí sin, agus toghadh ina Fheisire é ó dháilcheantar an Chláir in Olltoghchán na bliana 1918. 

Chuaigh sé i gceannas ar an bpáirtí freisin, mar Uachtarán. D'éirigh go gleoite le Sinn Féin san olltoghchán, nó bhain siad amach 73 cinn de na suíocháin Éireannacha, 104 cinn ar fad, agus 73 % den vóta. Ní dheachaigh aon duine de na Feisirí go dtí an Westminster, áfach. Ina ionad sin, tháinig siad le chéile i mBaile Átha Cliath, áit ar bhunaigh siad a bparlaimint féin, Dáil Éireann. 

Chruinnigh na Teachtaí Dála nua i dTeach an Ardmhéara sa chathair ar an 21 Eanáir sa bhliain 1919, agus cuireadh an Chéad Dáil ar bun. Gabhadh de Valera arís i mí Bealtaine 1918, agus dá thoradh sin, toghadh Cathal Brugha ina Phríomh-Aire ina áit. D'éalaigh de Valera as Príosún Lincoln i mí Feabhra sa bhliain 1919, agus ansin chuaigh sé i mbun a sheanphoist arís. Is í an chéim a bhí aige san am ná Príomh-Aire, agus b'é ba chiall leis an teideal sin ná ceann comhairle ar an bparlaimint - is é sin, ní raibh sé go díreach ina Cheann Stáit.

Ní raibh aon mhoill ar rialtas na Breataine a fhógairt gur pharlaimint neamhdhlíthiúil ab ea an Dáil. Ansin, chuaigh Seán T. Ó Ceallaigh go Páras ar lorg aitheantas idirnáisiúnta d'Éirinn. Theip ar an iarracht seo, áfach, agus dá dheasca sin, chaithfeadh de Valera féin dul go Stáit Aontaithe Mheiriceá le haitheantas, cabhair airgid agus tacaíocht a iarraidh don Phoblacht nua. D'fhan sé sa tír sin ó Mheitheamh sa bhliain 1919 go dtí Mí na Nollag sa bhliain 1920, nuair a bhí Cogadh na Saoirse á chur in Éirinn. B'é Mícheál Ó Coileáin a bhí i gceannas sa bhaile agus de Valera as láthair, nó bhí an Coileánach ina Aire Airgeadais ag an am.

I mí Lúnasa 1921, d'athraigh de Valera bunreacht na Dála chun oifig nua a chruthú dó fhéin - Uachtaránacht na Poblachta. Nuair a tháinig deireadh leis na cathanna ar an 11 Iúil 1921 le sos cogaidh, cuireadh toscaireacht go Londain le dul i gcomhchainteanna leis na Sasanaigh. Cé gurbh é de Valera a bhí i gceannas ar an bPoblacht thar aon rud eile, ní raibh sé ar an toscaireacht. Chuaigh cúigear fear eile go Sasana ina ionad. D'áitigh de Valera gur cheart dó fanacht in Éirinn le haire a thabhairt don tír ar feadh na tréimhse deacra seo. Cuirtear ina leith freisin, áfach, go raibh a fhios aige nach raibh ach drochsheans ag na hÉireannaigh neamhspleáchas iomlán a bhaint amach dá dtír, agus gurbh fhearr leis gan an fhreagracht pholaitiúil a ghlacadh air as aon droch-chonradh síochána. Síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921, ach ní raibh de Valera sásta leis ar chor ar bith. Níor thug sé aitheantas don Chonradh, ós rud é gur fhág sé srianta le neamhspleáchas na hÉireann, ar nós Calafoirt an Chonartha, an chríochdheighilt, agus an mhóid dílseachta don Rí a chaithfeadh na Teachtaí Dála a thabhairt. 

Bhí díospóireacht bhinbeach ar an Dáil faoin gConradh, agus sa deireadh, chuaigh ceist an Chonartha ar vóta ar an 7 Eanáir 1922. Chaill de Valera agus na frith-Chonraitheoirí an vóta, nó ní bhfuair siad ach 57 vóta in aghaidh 64 cinn a fuair an Conradh. Shiúil de Valera agus lucht a thacaíochta amach as seomra cruinnithe na Dála tar éis an vóta lena míshástacht a léiriú.

D'éirigh de Valera as an Uachtaránacht, agus ansin, thosaigh an Cogadh Cathartha in Éirinn. Bhí de Valera ag tacú leis na Poblachtánaigh, is é sin, iad siúd a bhí ag cur i gcoinne Arm an tSaorstáit, is é sin, na fórsaí armtha a bhí díreach á n-earcú agus á n-inleadh ag rialtas an stáit nua Éireannaigh. Thosaigh na cathanna ar an 28 Meitheamh 1922, nuair a ghlac na frith-Chonraitheoirí seilbh ar na Ceithre Chúirteanna i mBaile Átha Cliath. Cé gur thacaigh sé leis na frith-Chonraitheoirí, ní raibh aon chéimíocht oifigiúil ag de Valera san IRA agus mar sin liostáil sé san eagraíocht arís mar ghnáth-Óglach. Deirtear gur bhuail de Valera le Risteard Ó Maolchatha faoi rún i mBaile Átha Cliath ar an 8 Meán Fómhair sa bhliain chéanna, agus iad ag iarraidh stad a chur leis an troid. Theip orthu, áfach, agus lean an slad ar aghaidh. 

Bhí an chuma ar an scéal gurbh é de Valera a bhí ina cheannaire ar na frith-Chonraitheoirí, ach ní raibh mórán tionchair ná cumhachta aige i rith an chogadh. I bpáirc an áir, b'é Liam Ó Loingsigh, Ceann Foirne an IRA a bhí i gceannas, agus níor chuir de Valera a ladar sa ghnó seo. Ar an 25 Deireadh Fómhair, bhunaigh de Valera agus roinnt de na teachtaí dála frith-Chonartha eile rialtas Poblachtach dá gcuid féin, a bheadh i bhfeidhm mar rialtas sealadach. Ní raibh aon údarás aige arís, ámh. 

Lean an cogadh ar aghaidh, chomh fuilteach is a bhí sé riamh, agus cailleadh cuid de na ceannairí móra - Micheál Ó Coileáin, Art Ó Gríofa agus Robert Erskine Childers ina measc. I mí Márta 1923, ghlac de Valera páirt i gcruinniú an IRA agus rinne siad iarracht socrú a dhéanamh ar thodhchaí an chogadh. Ceaptar go raibh de Valera i bhfabhar le deireadh a chur leis, ach ní raibh aon vóta aige agus mhair an troid fós. Maraíodh an Loingseach ar 10 Aibreán, agus tháinig Proinsias Mac Aodhagáin i gcomharbas air mar Cheann Foirne. 

B'eisean a d'fhógair sos cogaidh ar an 30 Bealtaine, agus d'aontaigh de Valera leis an socrú seo. Thóg sé óráid cáiliúil ansin ina ndúirt sé: Ní féidir an Phoblacht a chosaint go rathúil as seo amach le bhur gcuid arm. Ag deireadh an chogadh, gabhadh a lán de na frith-Chonraitheoirí agus iad ag teacht abhaile ón troid. hAimsíodh de Valera féin i gContae an Chláir, agus cuireadh faoi ghlas é.

Nuair a bhí an tIRA éirithe as an gcogaíocht, bhí de Valera réidh chun dul le polaitíocht arís eile. Ar dtús, áfach, gabhadh arís é in Iúr Chinn Trá, nuair a thrasnaigh sé an teorainn isteach go Tuaisceart Éireann gan cheadúnas dlíthiúil. Chaith sé mí i mbraighdeanas aonair i bPríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste. Ar ais leis le Sinn Féin, agus dhearbhaigh Dev gur ba cheart dóibh bunreacht an tSaorstáit nua a ghlacadh, ar acht go gcaithfí an mhóid dílseachta i dtraipisí. Chuaigh an cheist ar vóta, ach ní raibh an bua aige an turas seo. 

Dá dheasca sin, d'éirigh de Valera as uachtaránacht an pháirtí. Ina áit sin, chuir sé bun le páirtí nua, mar atá, Fianna Fáil, sa bhliain 1926, agus chuaigh sé féin i gceannas air. D'éirigh leis an bpáirtí nua go maith ar fud na tíre, agus thosaigh de Valera ag cur i gcoinne na móide dílseachta arís. Bhain sé triail as na cúirteanna leis an móid a chur ar ceal. Tháinig athrú cuma ar na cúrsaí go léir ar an 10 Iúil, 1927 nuair a maraíodh Caoimhín Ó hUiginn, Leas-Chathaoirleach na hArdchomhairlí. Tar éis na heachtra seo, rith an rialtas bille nua a chuir d'fhiachaibh ar na Teachtaí go léir agus, fiú, ar na hiarrthóirí, an mhóid dílseachta a thabhairt. Ní raibh Fianna Fáil sásta leis, ach ní raibh an dara suí sa bhuaile acu. D'aontaigh de Valera agus Fianna Fáil an mhóid a thabhairt sa bhliain 1927, agus iad ag áitiú nach raibh ann ach briathar gan bheart. 

Sa bhliain 1932 b'é Fianna Fáil an páirtí ba láidre sa Dáil, agus toghadh de Valera ina Uachtarán ar an Ardchomhairle. Ní raibh an troid i gcoinne na móide thart ar chor ar bith, agus thosaigh de Valera ag iarraidh é a chur ar ceal go hiomlán. Cúis eile a bhí aige ná na hanáidí feirme a bhí le híoc leis an mBreatain Mhór. Chuir sé stad leis na híocaíochtaí seo, agus chuir na Breatanaigh smachtbhannaí eacnamaíocha ar onnmhairí Éireannacha mar dhíoltas. Cuireadh tús le Cogadh Eacnamaíoch idir an dá thír a mhair go dtí an bhliain 1938. 

Ba mhaith le de Valera fáil réitithe de Sheanascal Shaorstát Éireann freisin, nó siombail thábhachtach eile a bhí ann d'fhorlámhas na Breataine Móire. Bhí sé ag iarraidh an oifig a chur ar ceal nó an bonn a bhaint de i gcónaí. Nuair a d'éirigh Séamus Mac Néill as an bpost, fuair de Valera seans fear dá chuid féin a roghnú don tSeanasclacht. Roghnaigh sé Domhnall Ua Buachalla, seanlaoch Éireannach a throid in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ba mhaith le de Valera Mac Uí Bhuachalla a choinneáil i bhfad ó shúil an tsaoil mhóir, agus dá thoradh sin, bhí an tSeanasclacht féin ina ceap magaidh ag na daoine. Ansin, bhí sé furasta ag de Valera an post a ghlacadh dó féin níos déanaí.

Nuair a phléasc an Dara Cogadh Domhanda amach, cuireadh rialtas éigeandála i bhfeidhm ar Éirinn, agus is gnách Ré na Práinne a thabhairt ar thréimhse an chogaidh, i bhfianaise an dóigh a ndeachaigh an cogadh i gcion ar na hÉireannaigh. D'fhógair de Valera, áfach, go bhfanfadh an tír amach ón gcogadh, agus an tír ag cloí le polasaí dian na neodrachta. Chuir Winston Churchill agus rialtas na Breataine an-bhrú air dul chun cogaidh i gcoinne na nGearmánach. Meastar go raibh de Valera ag iarraidh a thaispeáint don tsaol mhór gur tír neamhspleách í Éire, agus mar sin, ní fhéadfadh sé comhoibriú leis na Briotanaigh. 

Ceaptar go raibh pleananna ag Adolf Hitler fórsaí armtha a chur ar garastún in Éirinn, agus is fíor go raibh craobh de chuid an IRA ag tacú leis an scéim seo. Bhí rialtas na hÉireann agus na Gearmánaigh i dteagmháil éigin le chéile leis an bhféidearthacht seo a phlé, ach sa deireadh thiar thall, chloígh de Valera leis an neodracht. Bhí a fhios aige go raibh seans ann go ndéanfadh na Gearmánaigh ionradh pé scéal é, agus dá réir sin, chuir sé na mílte Óglaigh de chuid an IRA faoi ghlas. 

Bhí bagairt eile ann freisin, mar atá, ionradh na mBriotanach. Pléadh an cheist seo sa Dáil fosta. Mhair neodracht na hÉireann go dtí deireadh an chogaidh. Ar an taobh eile, is féidir a rá nárbh fhíor-neodracht í in aon chor, ach neodracht i bhfabhar leis na Comhghuallaithe. Mar shampla:

Thosaigh cumhacht de Valera agus Fianna Fáil ag dul i laghad sna blianta iarchogaidh. Cuireadh as oifig iad sa bhliain 1948, agus tháinig an chéad chomhrialtas ar an bhfód ina dhiaidh sin. B'é Seán A. Mac Coisdealbha a bhí ina Thaoiseach ar an gcomhrialtas. Ag an am sin, bhí sé bliana déag caite ag de Valera i gceannas ar an tír, agus na hÉireannaigh ag éirí tuirseach de. D'fhill de Valera ar an Dáil ina cheannaire ar an bhfreasúra, agus é ag iarraidh ceist na Críochdheighilte a choinneáil os comhair an tsaoil mhóir sa bhaile agus i gcéin. Ar an 18 Aibreán 1949, gaireadh Poblacht d'Éirinn, agus d'éirigh an tír as an gComhlathas. 

Sa bhliain 1951, bhain de Valera amach oifig an Taoisigh arís, ach ní raibh tromlach aige sa Dáil. Meastar gurbh é sin an rialtas ba mheasa dá raibh sé air riamh, nó ní raibh ann ach na seanfhondúirí céanna nár rith aon smaoineamh nua leo idir an dá linn. Ní nárbh ionadh, chaill Fianna Fáil an t-olltoghchán sa bhliain 1954. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí de Valera ina Thaoiseach arís, agus é le fanacht i gceannas ar an tír an chéad sé bliana déag eile. Chuir Fianna Fáil beartas nua eacnamaíochta i bhfeidhm, an Chéad Chlár Forbartha Eacnamaíochta. Níor spáráil sé an lámh láidir ar an IRA ach an oiread, nó bhí sé sásta Óglaigh agus gníomhaithe Poblachtánacha a imtheorannú, is é sin, iad a chur faoi ghlas gan phróis cheart dlí. 

Sa bhliain 1959, toghadh de Valera ina Uachtarán ar an tír don chéad uair. Ar an 25 Meitheamh 1959 insealbhaíodh é mar Uachtarán Éireann..  Chaith sé dhá théarma san oifig. 

D'éirigh sé as sa bhliain 1973, agus é deich mbliana is ceithre scór d'aois.

Fuair sé bás dhá bhliain ina dhiaidh sin ar an 29 Lúnasa 1975, i dteach altranais ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath. 

Cailleadh a bhean Síle i mí Eanáir sa bhliain chéanna, agus cuireadh in aice le chéile iad i Reilig Ghlas Naíon.




#Article 138: Louis Stein (126 words)


Is é Louis Stein príomhcharachtar an úrscéil An Uain Bheo le Diarmaid Ó Súilleabháin (Sáirséal agus Dill, 1968). Bronnadh duais ar an leabhar in Oireachtas na Gaeilge i 1967, duais Acadamh Liteartha na hÉireann agus duais ón bhForas GaelMheiriceánach i 1969.

Mac léinn leithleasach macnasach é Louis, a athraíonn a phort nuair a thiteann sé i ngrá le hOrla Ní Cheallaigh, iníon le traenálaí capall as Currach Chill Dara. Spreagann an grá an t-idéalachas i Louis agus déanann sé iarracht a shaol a athrú. Faoi thionchar mhúinteoir Gaeilge as Béarra teann i dtreo an náisiúnachais cultúir agus teanga. Bánn sé Orla nuair a thiománann sé a charr isteach sa Life agus é ólta. Úrscéal casta é seo le duine de phríomhscríbhneoirí na hÉireann sa bhfichiú haois.




#Article 139: Diarmaid Mac Murchadha (303 words)


Rí Laighean idir na blianta 1126 agus bliain a bháis ba ea Diarmaid Mac Murchadha (1110 - 1 Eanáir, 1171). Bhí aighneas idir é féin agus Tighearnán Ua Ruairc, agus chaill sé a choróin sa bhliain 1166 dá bharr. Tháinig na Normannaigh go hÉirinn sa bhliain 1169, áfach, tar éis dó cuireadh a thabhairt do rí Shasana agus na Normainne Anraí II teacht i gcúnamh air. Mar gheall ar seo, tugtar Diarmaid na nGall air chomh maith. Gheall sé a iníon Aoife don Normannach Strongbow mar pháirt den bheart céanna.

Rugadh Diarmaid Mac Murchadha sa bhliain 1110 agus toghadh é ina rí ar Chúige Laighean nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d'aois, ach ní raibh an tArd-Rí sásta leis agus chuir sé an Ruarcach go Cúige Laighean leis an ríocht a bhaint de. Bhí Mac Murchadha ag troid ar feadh na mblianta as sin amach agus d'éirigh leis a ríocht a athghabháil faoi dheireadh sa bhliain 1133, agus bhí síocháin ina ríocht ar feadh na mblianta. Ach thosaigh an seanaighneas le Tighearnán Ua Ruairc arís agus chreach Diarmaid tailte Thighearnáin sa bhliain 1152. Chuaigh Bean Uí Ruairc abhaile le rí caithréimeach Laighean agus lean an t-aighneas ar aghaidh mar gheall air sin. Díbríodh Diarmaid i 1166, agus theith sé chun na Breataine. Gheall sé go mbeadh an té a ghabhfadh a ríocht ar ais dó ina oidhre air agus thug sé saighdiúirí Normannacha leis abhaile chun a thailte a ghabháil ar ais. D'éirigh go seoigh leis na saighdiúirí Normannacha faoi cheannas Strongbow. Ghabhadar Baile Átha Cliath agus pósadh Strongbow agus iníon Dhiarmada, Aoife, i dTúr Raghnaill, atá suite i bPort Láirge. Ón am sin ar aghaidh, d'fhan an chumhacht Ghallda in Éirinn, óir lean na Sasanaigh na Normannaigh i dtiarnas ar an bPáil, agus ar an tír ar fad ar deireadh.




#Article 140: Rásaí Chaisleáin an Bharraigh (109 words)


Ruaig ar fhórsaí Sasanacha i gCáisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, i mbun Éirí Amach 1798 in Éirinn a bhí i Rásaí Chaisleán an Bharraigh, ar an 27 Lúnasa 1798.

Le linn Éirí Amach 1798, tháinig 1,000 saighdiúirí Francacha, faoin Ghinearál Humbert, i dtír ar an 22 Lúnasa 1798 i gCill Chuimín (Cill Ala), le cuidiú leis an éirí amach.  

D'éirigh go maith ar dtús leis an gcomhaontas, agus tugadh Rásaí Chaisleáin an Bharraigh ar an éacht. 

Fógraíodh Poblacht Chonnacht agus ceapadh tiarna áitiúil, John Moore, ina uachtarán air. 

Ach ina dhiaidh sin, rinneadh scrios ar Ghaeil agus ar Fhrancaigh i mBéal Átha na Muice i gContae an Longfoirt.




#Article 141: Nua-Eabhrac (cathair) (1152 words)


Cathair le 8,622,698 (meastachán, 2017) duine í Cathair Nua-Eabhrac, atá suite ar chósta thoir thuaidh Stát Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.). Is í an chathair is mó daonra i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ina theannta sin, nuair a chuirtear daonra a mbruachbhailte léi, is gaire do 20 milliún atá inti (sa bhliain 2010). Ar oirthear inbhear an Hudson atá sí, le New Jersey ar an dtaobh thiar den abhann. Is í an chathair is mó i stát Nua-Eabhrac í.

I mí Aibreán 1524, tháinig Giovanni da Verrazzano ar an áit ina bhfuil Cathair Nua-Eabhrac inniu. Bhí ar an laghad 5,000 duine den phobal Lenape ina gcónaí ann cheana. Taiscéalaí Iodálach i seirbhís choróin na Fraince, bhaist sé Nouvelle Angoulême ar an áit. 

Tháinig na Spáinnigh sa bhliain 1525 chun an cósta a thaiscéaladh (Río de San Antonio a bhaist siad ar an Hudson). Sa bhliain 1609, tháinig Henry Hudson, taiscéalaí Sasanach i seirbhís Comhlacht Dúitseach na nIndiach Thoir, ar Chuan Nua-Eabhrac arís agus é ag iarraigh an Pasáiste Siar a aimsiú. Sheol sé thuas an abhainn a thabharfadh na hOllannaigh an Abhainn Thuaidh uirthi. (An Mhuiris a thug Hudson féin uirthi in onóir Muiris, Prionsa Oráiste.) Scríobh chéad mhata Hudson gur Cuan an-mhaith le haghaidh an uile ghaoth a bhí inti agus go raibh sí míle slí leathan agus lán d'éisc. 

Thosaigh an inimirce ón taobh amuigh sa bhliain 1614 nuair a chuir an chéad eachtrannach faoi i Manhattan, fear de shliocht Afracach agus Pórtaingéalach a rugadh i Santo Domingo darbh ainm Juan Rodríguez (Jan Rodrigues sna foinsí Ollannacha). Tháinig coilínigh ón Ísiltír ag tosnú sa bhliain 1624. Sa bhliain 1626 cheannaigh Peter Minuit, stiúrthóir na coilíneachta, an t-oileán Manhattan ó na Lenape. Níor thug sé mórán air: go traidisiúnta deirtear gur thug sé luach $24 d'earraí air. Athainmníodh an áit Nieuw Amsterdam (Amsterdam Nua) agus trádáil i bhfionnaidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch ba mhó a rinneadh ag an tús. Sa bhliain 1664, rinne na Sasanaigh ionraic ar an gcathair agus thug siad New York air in onóir Diúc Eabhrac agus Albany. Ag deireadh an Dara Cogadh Angla-Ollannach, fuair an Ísiltír smacht ar Shuranam, agus mar mhalairt, fuair na Sasanaigh teideal ar Nova Amsterdam.

Bhí tuarastal láir $38,293 in aghaidh an duine sa chathair sa bhliain 2000, agus tuarastal láir $41,887 in aghaidh an líon tí. Bhí tuarastal láir $37,435 ag fir, agus $32,949 ag mná. Bhí méanthuarastal $22,402 ag muintir na cathrach. Bhí 21% den daonra agus 19% de líonta tí faoin líne bhochtaineachta. Ón líon atá ag maireachtáil i mbochtaineacht, bhí 30% faoi bhun aois 18 mbliain agus 18% 65 mbliain nó os a chionn.

Sa bhliain 2000, bhí 8,008,278 duine, 3,021,588 líon tí, agus 1,852,233 clann ag maireachtáil sa chathair. Bhí dlús daonra 10,194/kmsup2; (26,403/misup2;) ann. Bhí 3,200,912 aonad tís, ag meándlús 4,074.6/kmsup2; (10,553/misup2;). Maidir le cine, Bhí 45% Bán, 27% Gorm , 0.5% de Mheiriceánaigh Dúchais (Indiaigh Mheiriceá Thuaidh), 10% Áiseach, 13% de chiníocha eile, agus 5% de dhá chine ar a laghad. Bhí 27% den daonra de bhunadh Easpáinneach, a d'fhéadfadh baint le cine ar bith. Bhí thart ar milliún go leath daoine de bhunadh Éireannach i Nua Eabhrac.

Bhí 3,021,588 líon tí, agus bhí leanaí faoi bhun 18 ag maireachtáil le 30% acu. Ba daoine aonair iad 32% de iomlán an uimhir líonta tí, agus bhí duine 65 mbliana ar a laghad ag maireachtáil le 10%. 2.6 an meán líon tí, agus 3.3 an meán líon clainne, tuismitheoirí san áireamh.

Sa chathair bhí 24% faoi bhun aois 18, 10% ó 18 go 24, 33% ó 25 go 44, 21% ó 45 go 64, agus 12% atá 65 bliain ar a laghad. 34 bliain ba ea an lár-aois. Bhí 100 bean in aghaidh gach 90 fear. Bhí 86 fear in aghaidh gach 100 bean os cionn 18 bliana.

Cúig bhuirg le chéile atá i Nua-Eabhrac, agus is contae de chuid stát Nua-Eabhrac gach ceann acu:

(Is as meastacháin 2014 na huimhreacha seo.)

Toghann gach ceann den chúigear Uachtarán Buirge, ach faoi chairt na cathrach tá cumhacht teoranta ag uachtarán—tá buiséad beag discréideach aige nó aici le caitheamh ar thionscadail laistigh den bhuirg. (Cuireadh deireadh leis an gcumhacht tábhachtach deiridh a bhí acu—ball de Bhord an Oideachais a cheapadh—leis an mbord féin, ar 30 Meitheamh 2002.) Faoi láthair, bíonn uachtaráin na mbuirgí mar bhaill ex officio ar bhoird agus choistí éagsúla.

Tugtar na Cúig Bhuirg go minic ar iomlán na cathrach, ag úsáid an téarma An Chathair nó The City le haghaidh Manhattan, an t-oileán lárnach. Tugtar na Buirg Lasmuigh (the Outer Boroughs) ar na ceithre cinn eile.

Freastalaíonn timpeall is 1.1 milliún páiste ar bhreis is 1,700 bunscoileanna agus ardscoileanna, agus is é an córas oideachais poiblí i gCathair Nua-Eabhrac an ceann is mó sna Stát Aontaithe. De sheanbhunús is ea na naoi scoil dara leibhéal speisialaithe a fhreastalaíonn ar mhic léinn a bhfuil talann faoi leith acu. Tá isteach is amach ar 900 scoil príobháideacha sa chathair, idir neamhsheicteach agus reiligiúnda.

Tá calafort mór ar a bruacha, ach tá go leor dá cuid gnó caillte ag Nua-Eabhrac le calafoirt eile, mar Elizabeth i New Jersey. Tá Aerphort Idirnáisiúnta John F. Kennedy i Nua-Eabhrac, chomh maith le haerfort intíre La Guardia, iad araon in Queens. Tá Aerfort Idirnáisiúnta Newark Liberty ar an taobh thiar de abhainn an Hudson, i New Jersey. Tá dhá stáisiún traenach mór inti, Grand Central Station, as a bhfágann traenacha Metro North, agus Stáisiún Pennsylvania, nó Penn Station mar a thugtar air de ghnáth, atá á úsáid ag an Long Island Railroad agus ag an gcóras Amtrak.

Bíonn an córas iompair poiblí i gCathair Nua-Eabhrac ar siúl 24 huaire sa lá, agus iompraíonn sé gach tríú paisinéir a úsáideann córas iompair poiblí sna Stáit Aontaithe.

Tá cáil ar an New York City Subway. Is é an córas iompair phoiblí is mó ar domhan ó thaobh an líon stáisiún ann agus fad na rútaí éagsúla. Ní stadann an subway thar oíche dála an chuid is mó de na córais ar fud an domhain. Sa bhliain 2015, baineadh úsáid as an gcóras subway 1.76 billiún uair. Is é Grand Central Terminal (Grand Central Station) an stáisiún traenach is mó ar domhan ó thaobh líon na n-ardán de.

Is ceantar gnó mór í Nua-Eabhrac. Ar Wall Street, ar dheisceart Manhattan, atá gnó an infheistíochta bunaithe, agus fostaíonn sé na mílte. 

Cathair mhór daorchluiche atá inti, ó laethanta na Brooklyn Dodgers i leith. Tá Nua-Eabhrac ina baile dúchais de dhá fhoireann a imríonn ag leibhéal na Sraithe Móire. Sa Staid Yankee sa Bhronx a imríonn na New York Yankees, agus na New York Mets i bPáirc Citi, Queens.

Ó thaobh na peile Meiriceánaí den scéal, tá dhá fhoireann de bhunadh na cathrach ag imirt ag an gcéim is airde (NFL) - mar atá, na New York Giants agus na New York Mets. Tá a gcluichí baile á imirt acu in aon staid amháin - Staid MetLife in Rutherford Oirthear, New Jersey.




#Article 142: Óglaigh na hÉireann (1913-1919) (426 words)


Eagraíocht mhíleata ba ea Óglaigh na hÉireann bhunaithe i 1913 ag na naisiunaithe Eireannach.  

Nuair a d'fhógair Rialtas impiriúil na Breataine go dtabharfaí Rialtas Dúchais d'Éirinn sa bhliain 1912, d'eagraigh na hAontachtóirí feachtas láidir ina choinne le cabhair ón bPáirtí Coimeádach. Tugadh airm agus armlón i dtír i Latharna agus bhagair Óglaigh Uladh cogadh fuilteach dá leanfaí ar aghaidh leis an Rialtas Dúchais. 

Nuair a chonaic náisiúnaithe na hÉireann an bhagairt seo, cuireadh Óglaigh na hÉireann ar bun.    

Féach: Tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair

Bheartaigh Erskine Childers cabhrú leo roinnt gunnaí a fháil mar fhreagra ar an mbagairt ó na dílseoirí. Ar an 26 Iúil 1914, tugadh airm i dtír ar an luamh Asgard i mBinn Éadair. Níos déanaí an lá sin, rinne rinne arm na Breataine iarracht na hairm sin a ghabháil agus maraíodh triúr sa scliúchas, ar Siúlán Bhaitsiléir, i mBaile Átha Cliath  (níor cuireadh in éadan Óglaigh Uladh ar an mbealach céanna).  

Níos déanaí, thosaigh Óglaigh na hÉireann ag earcú agus ag druileáil agus níorbh fhada go raibh na scórtha míle ball acu. 

Nuair a bhris an chéad chogadh domhanda, amach d'fhógair ceannaire na Náisiúnaithe Parlaiminteacha, Seán Mac Réamainn, go mbeadh na hÓglaigh sásta troid in aghaidh na Gearmáine, 'ar son saoirse na náisiún beag'. Lean formhór na mball a chomhairle ach bhí dream eile ann, faoi cheannas Eoin Mhic Néill agus Phádraig Mhic Phiarais a d'fhógair nach dtroidfidís ach ar son na hÉireann. Tugadh na hÓglaigh Náisiúnta orthu siúd a lean Redmond, agus Óglaigh na hÉireann ar an gcuid eile. 

Ghlac Braithreachas Phoblacht na hÉireann, grúpa réabhlóideach rúnda, ceannas chucu féin go héifeachtúil ar Óglaigh na hÉireann. Bhain siad úsáid astu chun dul i mbun éirí amach a phleanáil agus a stiúradh i 1916. Bhí na hÓglaigh seo páirteach in Éirí Amach na Cásca, 1916, agus throid siad i gCogadh na Saoirse. 

De réir a chéile, tar éis fhógairt na Poblachta sa bhliain 1919, tugadh Arm Poblachtánach na hÉireann (Irish Republican Army as Béarla, nó an tIRA) orthu chomh maith. I ndiaidh bhunú an tSaorstáit, mhair an tIRA mar arm mídhlíthiúil. De réir mar a ghlac cuid den IRA leis an stát Éireannach, agus iad ag dul le polaitíocht shíochánta, tháinig scoilt i ndiaidh scoilte ar an IRA, agus drong nua ag teacht ar an saol le leanúint leis an gcath, go háirithe in aghaidh chríochdheighilt na hÉireann.

Inniu, tugann arm an Stáit Óglaigh na hÉireann air féin, ach baineann an tIRA úsáid as chomh maith, ag tagairt dó féin, go háirithe ina chuid preasráiteas agus cáipéisí polasaí eile.




#Article 143: Arm Cathartha na hÉireann (136 words)


Ba é Arm Cathartha na hÉireann (as Béarla, Irish Citizen Army nó ICA) an eagraíocht mhíleata a bhunaigh Séamas Ó Conghaile chun cearta an lucht oibre Bhaile Átha Cliath a chosaint ar fhostóirí agus ar na póilíní. Bhí ceanncheathrú acu i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath.

Ba mar gheall ar stailc mhór Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann i 1913 (nó Frithdhúnadh 1913 mar a tugtar air anois) a cuireadh tús leis an arm seo. Mhóidigh an Conghaiileach nach mbeadh oibrithe na cathrach gan chosaint in aghaidh na bhfostóirí ná na bpóilíní feasta.

Ba é a mhana: 'Ní don Rí ná don Kaiser a thugaimid dílseacht, ach d'Éirinn'. Bhí dearcadh láidir sóisialach ag an gConghaileach, ach ba thírghráthóir é freisin agus chuaigh sé i bpáirt le hÓglaigh na hÉireann in Éirí Amach na Cásca.




#Article 144: An Opera Meitreapólach (203 words)


I dteach an Opera Meitreapólach tá complacht an Opera Meitreapólaigh agus Ceolfhoireann an Opera Meitreapólaigh. In Ionad Lincoln i Nua-Eabhrac atá sé, ar Broadway ag Sráid 63 i Manhattan. Tógadh Ionad Lincoln i 1962, agus tá ceannaireacht na complachta míshásta go maith leis an dteach, mar gheall ar an sórt scaipeadh fuaime atá ann, cúngas an tí le mór-opera, agus eile. Tá meas ginearálta ar ailtireacht an tí, mar sin féin. 

D'fhógair Joseph Volpe, bainisteoir ar éirigh go geal leis ó 1990 ar aghaidh, sa samhradh i 2004 go raibh sé le h-éirí as a phost ag deireadh mí Iúil 2005, agus go n-oibreodh sé lena chomharba, Peter Gelb, go dtí sin.

Tá an chomplacht ar cheann de mhór-chomhlachtaí opera an domhain. Tá James Levine tar éis éirí as a phost mar stiúrthóir ceoil, agus ´sé Zubin Mehta a chomharba.

Cuireann an chomplacht raidhse maith opera i láthair, gnás opera na hIodálaise, na Fraincíse, agus na Gearmánaise san áireamh.

Sa samhradh, bíonn ballet á chur i láthair fad agus a bhíonn an chomplacht opera ar saoire. Ach ní ar saoire ar fad a bhíonn siad - bíonn taispeántais opera i bpáirceanna poiblí ar fud na cathrach sa samhradh, agus iad saor in aisce.




#Article 145: Naomh Pádraig (748 words)


Is é aspal náisiúnta na nGael é Pádraig Mac Calprainn, ar a dtugtar Naomh Pádraig nó Pádraig Naofa (17 Márta, 461, 492 nó 493 a cailleadh é). Thug sé an Chríostaíocht go hÉirinn.Ceiliúrtar Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta, an lá a cailleadh é. 

Saoránach Rómhánach de bhunadh Briotanach a bhí i bPádraig. 

De réir an scéil, nuair a bhí Pádraic ina bhuachaill óg, fuadaíodh é óna bhaile dúchais sa mBreatain Bheag. Tugadh anall go hÉirinn é.  Cuireadh ag aoireacht ar Shliabh Mis i gContae Aontroma é, áit ar chaith sé na blianta ag sclábhaíocht.  Oíche amháin bhí brionglóid aige faoi bhád ag fanacht dó, agus d'éalaigh sé agus d'fhill sé mar sin ar a mhuintir.

Cúpla bliain níos déanaí, bhí Pádraic urnaithe ina shagart. Oíche amháin, bhí brionglóid eile ag Padraic faoi phobal na hÉireann. Chonaic sé muintir na hÉireann ag glaoch ar ais air. Ba cheart dó dul ina measc agus a chreideamh a chraobhscaoileadh. Bheartaigh sé mar sin an Chríostaíocht a thabhairt do mhuintir na hÉireann.

D'fhill Pádraic sa bhliain 432. Cé gur tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn ar dtús nuair a chuir an Pápa Ceilistín Palladius go hÉirinn i 430, ba é Pádraig an té ar éirigh leis an creideamh a scaipeadh, is cosúil. 

Insítear scéal faoin iarracht a bhí á déanamh ag Pádraig taoiseach a thabhairt chun na Críostaíochta. Sháigh Pádraig a chros de thimpiste i gcois an taoisigh, ach má dhein, níor labhair an taoiseach focal ná ní dhearna gearán. Ghlac sé féin agus a mhuintir leis an gcreideamh nua ag ceapadh gur chuid den searmanas a bhí sa sá.

Deirtear gur phioc Pádraig seamróg agus gur úsáid sé í leis an Tríonóid a mhíniú dá éisteoirí. 

Tá ról tábhachtach ag Pádraig i mbéaloideas na hÉireann agus na Gaeltachta, agus is iomaí scéal a d'insíodh seanchaithe an tseansaoil faoi.  

Chaith Pádraic 40 lá agus oíche ag troscadh agus ag tréanas ar Chruach Phádraig i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo. Deirtear gur dhíbir Pádraig ansin na nathracha nimhe as Éirinn. Ach tá amhras faoi seo, nó ní heol dúinn go raibh nathracha nimhe riamh sa tír. Is dóichí gur mar shamhail a húsáideadh an scéal seo don dóigh ar ruaig sé seanchreideamh na nGael, agus go seasann na péisteanna agus na nathracha nimhe don diabhal agus dá chuid mioscaise, is é sin, don tseanchreideamh féin. 

Chuala saol na Gaeilge iomrá ar an lá a casadh Pádraig agus Oisín, an fear deireanach de na Fianna, ar a chéile in Éirinn. Meafar iontach is ea an scéal seo don dóigh ar tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn agus an Phágántacht ag cúlú roimpi. 

Nuair a bhí lá na Féinne thart, phós Oisín banphrionsa ó Thír na nÓg agus chuaigh a chónaí thall ansin, ach i ndiaidh trí chéad bliain, tháinig cathuithe air i ndiaidh an tseanfhóid. Mar sin, d'fhill sé go hÉirinn ar mhuin chapaill draíochta, agus é curtha faoi gheasa gan baint d'aon rud ná titim anuas den chapall. Bhris sé na geasa, ar ndóigh, thréig an capall bán é, agus b'éigean dó fanacht in Éirinn agus bás a fháil ansin. 

Chuala Pádraig trácht air, áfach, go raibh fear de na Fianna clúiteacha fágtha sa tír, agus chuaigh sé i bhfianaise Oisín. Bhí sé dóchasach go n-éireodh leis Oisín a iompú i leith an chreidimh Chríostaí. Ní raibh aon mhaith ann, áfach, bheith ag caint le hOisín faoi Dhia, nó ní raibh ina bhéal siúd ach Goll. Ní chreidfinnse i nDia, ar seisean, go dtí go bhfeicfinn Eisean agus Goll ag coraíocht le chéile. Dá n-éireodh le Dia Goll a leagan ansin, chreidfinn gurb é Dia an fear is fearr acu. 

Ansin, thaispeáin Pádraig d'Oisín an dóigh a raibh na Fianna, nár chuala iomrá riamh ar Dhia ná ar Íosa, ag troid leis na diabhail in Ifreann. D'fhiafraigh sé d'Oisín, nárbh fhearr leis flaithis Dé a bhaint amach, in áit na troda síoraí sin, ach níorbh fhearr: bhí Oisín díreach mífhoighneach chun iall a chur i súiste Ghoill, mar a dúirt sé.

Is ainm pearsanta an-choitianta in Éirinn é Pádraig, ach níor baisteadh ar mórán leanaí é go dtí timpeall na 1880idí. 

Tá raidhse mór foirmeacha aige - Pádraig, Pádraic, Páraic (go háirithe san iarthar), Pa, Pat, Peaits nó Patch, Paddy, Patsie, Páid nó Paud, Patrice na Fraincíse agus Patrizio na hIodáilise.

(Athinsint ghairid é seo ar an scéal Mar a chuaigh Oisín go Tír na hÓige ón leabhar Seanchas Annie Bhán le Gordon W. MacLennan, Baile Átha Cliath 1997. ISBN 1-898473-84-6)




#Article 146: Cath Chluain Tarbh (1314 words)


Ag Cath Chluain Tarbh, a troideadh ar Aoine an Chéasta 23 Aibreán 1014 i gCluain Tarbh atá inniu i gcathair Bhaile Átha Cliath, chloígh na Gaeil slua Lochlann go hiomlán ar deireadh. Maraíodh Brian Bóirmhe, ceannaire na nGael, áfach, ag deireadh an chatha, agus é ag guigh ina théalta.

Bhí na Lochlannaigh is na Danair ag teacht i dtír in Éirinn ón 9ú aois, agus rinneadar an-réabadh ar bhailte agus mainistreacha na hÉireann. Bhí an chuid ba mhó den oileán faoi riail ag Brian Bóirmhe ón bhliain 1002, ach ní tír aontaithe a bhí ann ar chor ar bith, cé go raibh an teideal Ard-Rí na hÉireann bronnta air. Mar thoradh, bhí sé de sprioc ag Brian Bóirmhe talamh an oileáin ar fad a aontú faoina cheannas féin.

Bhuail Brian Bóirmhe agus a chéile comhraic Máel Sechnaill mac Domnaill - Rí na Mí agus Ard-Rí na hÉireann roimh Bhrian - le chéile i gCluain Fearta sa bhliain 997. D'aontaigh an bheirt go dtabharfaidís aitheantas don chuid den oileán a bhí á rialú acu ag an bpointe seo. Bhíodh Brian Bóirmhe ag ionsaí thalún Mháel Sechnaill ar bhun leanúnach, agus ghéill sé a chuid dóibh dá bharr.

Sa bhliain 1012, d'éirigh Rí Laighean Máel Mórda mac Murchada amach. Níor bhain Brian Bóirmhe feidhm as an lámh láidir ar an toirt, ach shocraigh sé póstaí tábhachta ina áit. Thug sé a iníon mar bhean do Sitric II, rí na Lochlannach i mBaile Átha Cliath, agus phós Brian féin Gormlaith, máthair Sitric agus deirfiúr Mháel Mórda). Níor mhair an socrú seo ró-fhad, áfach. 

Bhí Máel Mórda agus Sitric réidh chun troda arís sa bhliain 1013, agus Máel Mórda faoi bhrú ag a bhean Gormlaith dul i ngleic le Brian. Bhí slua maith de clanna na tíre a bhí éadmhar as cumhacht Bhrian, agus d'aontaigh iad go léir le chéile.

Mar fhreagra, chuir Brian Gormlaith faoi ghlas. Bhí airm aige lonnaithe i gContae Bhaile Átha Cliath, ó Meán Fómhair 1013 go dtí Nollaig. Ag an am seo, rinne Brian ionsaithe ar fud Bhaile Átha Cliath chun Gaeil na cathrach a choimeád as arm na Lochlannach. Ag an am céanna, sheol Gormlaith teachtaireacht chuig Sigurd Hlodvisson, iarla Lochlannach na nInse Orc.

Gheall Sigurd Hlodvisson cabhair do Ghormlaith, agus thóg sé Brodir ó Oileán Mhanainn ina éineacht mar chomhluadar. Bhí sé de phlean ag an bheirt an fear eile a mharú tar éis an chatha, agus coróin na hÉireann a thógáil dó féin. 

Sa bhliain 1014, d'éirigh arm Bhrian chun troda agus chuaigh siad amach i dtreo Bhaile Átha Cliath. Agus iad gar don chathair, tugadh buille do Mháel Sechnaill - iar-Rí na tíre - nuair a dhiúltaigh Gaeil na Mí dul i mbun troda le Gaeil Bhrian. Mar thoradh, ní raibh ag Sitric ach míle fear, i gcomparáid leis an ceithre go leith a bhí ag Brian. Shroich Brian an balla taobh amuigh den chathair, agus shocraíodar anseo don oíche.

Ar an oíche seo, fuair Brian an nuacht go raibh na Lochlannaigh imithe amach ar fharraige sna longa, ag fágáil Sitric ina ndiaidh. Ní raibh ann ach bob, áfach. Faoi dorchadas na hoíche, thiontaigh na Lochlannaigh thart agus tháinig siad i dtír ar an trá i gCluain Tarbh, míle ó thuaidh ón chathair, chun a bheith ann i ngan fhios d'éinne an lá dár gcion. 

Sna laethanta seo, bhí an chathair ar thaobh theas na Life amháin, agus ní raibh idir Cluain Tarbh ar an taobh thuaidh ach droichead amháin. Mar gheall ar seo, bhí na Lochlannaigh in ann teacht i dtír chun prapáil gan phriacail ar bith.

D'eagraigh na Lochlannaigh iad féin ina gcúig ranna ar ghort an chatha, le Sitric féin agus míle dá fhir ag fanacht réidh sa chathair. Bhí mac Shitric i gceannas ar ghrúpa de mhíle fear ón chathair ar an taobh clé den líne, agus bhí trí mhíle fir ó Laighin ag Máel Mórda eagraithe i dhá roinn. Cé go raibh slua mór acu, ní raibh siad armáilte chomh maith is a bhí na Lochlannaigh ar a ndá thaobh. Sheas míle de Lochlannaigh óna hInse Orc i lár na páirce, le míle eile faoi cheannas Brodir ar dheis, ar na dtránna.

Bhí Gaeil Bhrian eagraithe beagnach mar an gcéanna. Ar dheis (clé na Lochlannach), bhí míle saighdiúir tuarastail agus Lochlannaigh ón Oileán Mhanainn. Go díreach in aice leo, bhí míle go leith fear agus a ríthe as clanna Chonnacht, dhá mhíle laoch Mumhan faoi cheannas Mhurchad, mac Bhrian, chun tosaigh, míle agus ceithre chéad de Dál Cais ar chlé faoi cheannas Toirdhealbhach Ua Briain mhic Mhurchad cúig bhliain déag, agus deartháir Bhrian Cuduiligh.

Cuireadh tús leis an troid féin le roinnt maslaí pearsanta óna fir ón dá thaobh, agus beirt nó triúr dóibh ag dul amach i mbun troda pearsanta in amharc a chéile, leis na sluaite ag screadáil agus ag béiceadh. De réir a chéile, thosaigh na fórsaí ag druidim níos giorra dá gcéile, agus bhris an cogadh ceart amach go luath ar maidin.

Fuair na Lochlannaigh an ceann is fearr ar na nGaeil ag tús an chatha, agus a n-airm troma ag déanamh an-damáiste. Ach bhain Brian buntáiste as an méid seo chomh maith, leis a Lochlannaigh tuarastail ar dheis ag brúigh na fórsaí ann siar. Ar chlé dó, b'é Brodir féin a thosaigh an t-ionsaí agus d'éirigh leis píosa talún a ghoideadh, go dtí gur thug sé aghaidh ar Ulf Hreda, deartháir eile Bhrian. Cé nár éirigh le Wolf cathéide Bhrodir a bhriseadh, buaileadh chun talamh é agus theith Brodir ó bpáirc an chogaidh. Fágadh na Lochlannaigh gan cheannaire, le fir Mhurchad (fíor-mhuintir an Rí, mar a chreideadar) ag tabhairt aghaidh orthu, agus um tráthnóna bhí fórsaí Bhrodir ag teitheadh siar go dtí a longa.

I lár an chatha, áfach, b'iad na Lochlannaigh a bhí chun tosaigh, le Sigurd agus Máel Mórda ag déanamh slad ceart ar fhórsaí Mumhan. De réir an finscéal, thóg Sigurd bratach draíochtúil isteach sa chath leis, ceann a mheall na Gaeil chuig an té a bhí á iompar, chun é a mharú é sa deireadh. Ceapadh go mbainfeadh an bratach an bua amach don té seo, ach go marófaí é chomh maith. Mar gheall ar an scéal seo, níor phioc éinne eile é suas, agus maraíodh Sigurd láithreach bonn nuair a rinne seisean amhlaidh. 

Agus an lá ag druidim chun deiridh, agus roinnt shosanna tógtha, bhí droch-chuma ar an scéal do na Lochlannaigh. Bhí Sigurd marbh, bhí na fir ag teipeadh ar an dá eite agus bhí gach duine traochta. Ghlac na Gaeil seilbh ar na dtránna os comhair na longa, agus bhí ar roinnt Lochlannaigh snámh ar ais i dtreo na longa eile a bhí ag fanacht níos faide amach san fharraige. Fuair cuid mhaith dóibh bás san iarracht seo.  

Bhí sé sach soiléir gurb ag Brian a bhí an lámh in uachtar, agus shocraigh na Lochlannaigh éalú siar chuig an chathair. Bhain Máel Sechnaill fiedhm as an pointe seo chun teacht ar ais sa throid, agus dhún sé an bealach chuig an droichead agus sábhailteacht na cathrach. Leis na Lochlainnaigh sáinnithe, cuireadh gach uile duine dóibh chun báis. 

Sam idirlinn, tháinig Brodir ar Bhrian ag guí ina phuball, agus é faoi cheilt sna choillte gar do Bhaile Átha Cliath. Bhailigh Brodir roinnt dá fhir le chéile gan mhoill agus d'ionsaigh siad agus mharaigh siad an Rí agus a fhoireann. D'éalaigh siad láithreach, agus Brodir ag béiceadh Anois, inis do gach fear gurb é Brodir a mharaigh Brian. De réir thuairiscí na Lochlannach, gabhadh Brodir faoi deireadh agus fuair sé bás uafásach ag lámha Ulf, an laoch a bhuail sé leis níos luaithe ar pháirc an áir.

As an sé mhíle go leith agus seacht míle de Lochlannaigh agus a gcomhghuaillithe, meastar gur maraíodh sé mhíle dóibh, beagnach gach duine de na taoisigh san áireamh. Ó thaobh na nGael de, cailleadh timpeall ceithre mhíle, an Rí Brian agus an chuid ba mhó dá mhic.




#Article 147: Cluiche (145 words)


Tá cluichí (cluiche is ea an uimhir uathu) á n-imirt chomh fada siar agus a théann foinsí stairiúla agus seandálaíochta. Is iad na cluichí is simplí, ar ndóigh, ná comórtasaí nirt, luais, agus léimnigh, ar a dtugtar lúthchleasaíocht. Gaolmhar le rith agus léimnigh an duine, bíonn rásaí con agus rásaíocht chapall, seóléimneach chapall, rásaí snámha, seoltóireachta, iomramh agus rothar. Tugtar spórt orthu seo uilig, mar aon le cluichí eile aonair, beirte agus foirne.

Tá sórt eile cluichí ann, ar ndóigh, ar nós ficheall, táiplis, dartanna, júdó, mah jongg, Monopoly, agus iliomad cinn eile. Agus ar ndóigh, tá gach sórt cluiche cártaí le fáil ar fud an domhain. 

Tá glaoch i gcónaí ar chluichí cearrbhachais agus geall, agus féadtar geall a chur ar aon cheann de na cluichí thuas. Ach is i gcasinos a chaitear agus a dhéantar airgid mór le cluichí mar Blackjack agus Roulette.




#Article 148: Henri Cartier-Bresson (453 words)


Ba ghrianghrafadóir Francach é Henri Cartier-Bresson (* 22 Lúnasa 1908; † 3 Lúnasa 2004). 

Aithnítear Cartier-Bresson mar ghrianghrafadóir sa 20ú haois a bhí cumas ealaíne ar leith ann. Bhain Cartier-Bresson úsáid as ceamara rangefinder Leica 35 mm, ag úsáid gnáthlionsa 50 mm, nó lionsa teileafóto uaireanta. 

Sa bhliain 1947, bhunaigh Cartier- Bresson Magnum Photos le Robert Capa, William Vandivert, David Seymour agus George Rodger.  

Rugadh Henri Cartier-Bresson sa bhliain 1908 i Chanteloup-en-Brie na Fraince, de thuismitheoirí bourgeois. Chuir sé suim sa ghrianghrafadóireacht go luath. Agus é ina bhuachaill, bhí Box Brownie ag Cartier-Bresson. Níos déanaí, bhí ceamara 3 1/4 x 4 1/4 aige. 

Rinne sé staidéar ar phéintéireacht ar feadh dhá bhliain i stiúideó i bPáras.

I 1931, agus é 22 bliain d'aois, chuaigh Cartier-Bresson go dtí fásach san Afraic Thiar mar shealgaire. I ndiaidh bliana, d'fhill sé ar bhFrainc tar éis bheith tinn le blackwater fever, sórt malaria trom. Agus é ag dul i bhfeabhas is ea a tháinig an ghrianghrafadóireacht chuige i gceart. D'insíodh sé níos déanaí faoin gcaoi a dhéanadh sé faire sna sráideanna i gcaitheamh an lae, agus é ag aireachtáil mar a bheadh ainmhí fiáin ullamh chun fola, agus beart aige greim a bhreith ar an saol, chun an saol a choimeád beo tré shealbh a thógáil air.

Nuair a bhris an Dara Chogadh Domhanda amach, liostáil  Cartier-Bresson  in Airm na Fraince agus ghabh na Gearmánaigh é go gairid ina dhiaidh. Tar éis dhá iarracht gan ráth, d'éalaigh sé ó champa phríosúnaí cogaidh, agus d'oibrigh sé leis an Résistance go deireadh cogaidh.   

I 1947, chuidigh Cartier-Bresson an  comharchumann grianghrafadóireachta Magnum a chur ar bun. Thóg tionscnaimh a rinne sé do mhór-irisí trasna na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh] é, go dtí an India, an Rúis agus an tSín. 

Foilsíodh a lán leabhar dá chuid grianghrafanna sna 1950idí agus sna 1960idí; ba é The Decisive Moment (1952) an ceann ba mhó clú. Sa leabhar sin, dúirt Cartier-Bresson faoin nóiméad cinniúna sin: an taitheantas comhuaineach, i gcodán soicinde, de thábhacht tarlúna, chomh maith le hordú beacht na bhfoirmeacha a thugann don tarlúint sin a urlabhraíocht cheart... sa grianghrafadóireacht, féadann an rud is lú a bheith ina shárchuspóir. Féadann an sonra beag daonna a bheith ina leitmotif.

Céim mór dá chuid oibre a bhí san iar-thaispeántas ollmhór, le 400-íomhá, a chuaigh ar fud SAM i 1960. Thóg sé Craobh Hasselblad sa bhliain 1982.

Cailleadh Cartier-Bresson ag Céreste (Alpes-de-Haute-Provence, an Fhrainc) ar 3 Lúnasa 2004 agus 95 bliain air.

Thug Cartier-Bresson cuairt ar Éirinn sa bhliain 1962. Reáchtáladh taispeántas in Ard-Mhúsaem na hÉireann i 2019.   Sa bhliain 2006, eagraíodh taispeántas grianghrafadóireachta in Áras Nua-Ealaíne nahÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath ina raibh breis is 150 pictiúr ó chartlann Magnum, ina measc Henri Cartier-Bresson.




#Article 149: Spórt (414 words)


Is éard a bhíonn i gceist le spórt ná imeacht le hiomaíocht fisiciúil ar bhonn comórtais, siamsaíocht, aclaíocht nó féin-fhorbairt srl. 

Bíonn gníomhaíocht fisicúil in éineacht le iomaíochta, féinspreagadh agus córas scórála i gceist. Roinntear cineálacha spóirt de réir grúpaí: spóirt aonaracha, spóirt foirne, spóirt le scil nó spóirt le neart (mar shampla aclaíocht isiméadrach), luas srl. 

Is iad na spóirt is bunúsaí ná na comórtaisí nirt, luais, léimnigh, agus lúthchleasaíochta an duine. Chomh maith le sin, bíonn rásaí con agus capall, seóléimrigh capall, rásaí snámha, seoltóireacht, iomradh,cadhcáil, na healaíona míleata, marcaíocht mhaidhme, rásaíocht mótair agus rothar go forleathan ar fud an domhain. Tugtar spórt orthu seo ar fad, maraon le cluichí eile aonair, beirte agus foirne.

Tá an-bhaint ann idir spórt agus eolaíocht. Bíonn faid, airdí, agus amanna, le tomhas. Caithfidh lúthchleasaithe bheith an-aclaí, sláintiúil; cabhraíonn an eolaíocht leo na cúrsaí seo a thuiscint. Bíonn matáin láidre, croí láidir agus scamhóga láidre ag lúthchleasaí.

Ní fios cén uair a céad-imríodh spórt, ach tá fianaise ann go raibh na Sínigh ag imirt cineál éigin spóirt timpeall 4000 RCh

Ceiliúrtar ar 6 Aibreán gach bliain an Lá Idirnáisiúnta Spóirt ar son na Forbartha agus na Síochána.

Tá tábhacht inniu go fóill le comórtaisí luais, léimní agus nirt, ach tá níos mó béime ar chluichí foirne. Tá cluichí eile a imrítear ina mbíonn duine in aghaidh duine, nó i bhfoirne, a bhfuil scil nó deiseacht láimhe i gceist, mar atá dairteanna, leadóg, lámhach piléar agus saighead, caitheamh puc agus caitheamh casúir, scátáil, tumadh agus liathróid láimhe. Tá foirm ar leith de lúthchleasaíocht ann ina mbíonn an lúthchleasaí ag déanamh cleasa agus é ag casadh ar mhaide.

Tá an-ráchairt ar fud an domhain, freisin, ar spóirt gheimhridh, ar nós scíáil ailpíneach, scíáil Nordach, scátáil, scátáil figiúir, lúg, agus gluaiseacht chláir-sneachta.

Is minic a cloistear go bhfuil an spórt imithe as cúrsaí spóirt. 'Séard atá i gceist anseo na go ndéantar dearmad ar bhéasaí, ar luachanna agus ar an spraoi agus go ndírítear isteach ar an mbua. Céard a spreagann duine le páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt?  

An mar chaitheamh aimsire a fhéachtar air nó gné sóisialta, chun aclaíocht a dhéanamh nó forbairt pearsanta? Cé acu a bhíonn mar spreagadh, is cinnte go dteastaíonn scileanna comhoibrithe agus féin-smacht ionas go n-eireoidh leat i gcúrsaí spóirt. 

Scaití milleann brú na hiomaíochta an comhoibriú dearfach seo agus is féidir le foréigean a bheith mar thoradh. Measctar mothúcháin de dhílseacht nó ceiliúradh le fearg agus is minic dochar dá bharr.




#Article 150: Stair (115 words)


Cur síos ar an saol atá caite, agus ciall a bhaint aisti, atá i gceist le stair. Is ón Fhraincis Histoire a tháinig an focal go Gaeilge, agus tá a bhunús sa bhfocal Gréigise ἱστορία, historia, a chiallaíonn eolas a fuarthas trí imscrúdú. Is féidir stair réigiúin leathain agus cultúir ar fad a chur síos agus staidéar a dhéanamh orthu, nó is féidir dian-staidéar a dhéanamh ar thír, ar bhaile, ar dhuine, nó ar cheird nó aon gné eile den saol thar am.

Baineann stair an Domhain leis na heachtraí agus tréimhsí i bhforbairt an phláinéid ar feadh na 4.6 billiún bliain idir cruthú na cruinne agus an lá inniu. 

Roinntear an réamhstair mar seo:




#Article 151: Ceoldráma (315 words)


Dráma a chuirtear i láthair ina bhfuil an-chuid ceoil, de ghnáth i bhfoirm amhránaíochta, is ea ceoldráma. Cuirtear i láthair in amharclann nó faoin aer é. Cineál speisialta ceoldráma is ea opera.

Cineál ceoldráma atá in ceoldráma a chuirtear i láthair an phobail. Is gnách féitheanna agus sonraí áirithe a bheith i gceoldráma m.sh., bíonn réamhcheoil agus ceol idir chanadh ann, bíonn canadh amhrán aonair, beirte agus drongach ann, agus bíonn cur i láthair i bhfoirm dráma, go minic le feistis an-ghalánta agus cúlra an-mhaisithe.

Sa lá atá inniu ann, bíonn ceolfhoireann suite faoi bhun an ardán de gnáth, agus bíonn innealra agus iliomad cuiditheoirí agus ceardaithe fostaithe chun cúlraí agus feistis eile a ullmhú, agus ina dhiaidh sin iad a chur in áit le linn an taispeántais. Chomh maith leis sin bíonn gá le ceardaithe solais, maisitheoirí aghaidh agus gruaige, innealtóirí fuaim, agus lucht stiúrtha na n-éisteoirí, lucht díolta leabhrán, lucht díolta cló-cheadanna, agus lucht ullmhúcháin agus dáileadh bídh agus dí. Níl ceoldráma i mórán cathair mór, agus go minic is gá cuidiú ó rialtais chun ceoldráma a chur ar bun agus a dhaingniú i mbaile.

I measc mórchomhlachtaí ceoldrámaíochta an domhain, tá an Opera Meitreapólach agus Opera Cathartha Nua-Eabhraic i Nua-Eabhrac, an Liceu i mBarcelona, Ceoldráma Násiúnta Shasana i Londain, an Mariinsky i Moscú, an Opéra Nationale i bPáras, an Suomen Kansaalisooppera i Heilsincí, an Deutsche Oper agus an Staatsoper i mBerlin, agus Ceoldráma Náisiúnta na Breataine Bige i gCaerdíd.

In Éirinn, tá an Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann é roimh na comhlachtaí. Déannan sé in mBaile Átha Cliath agus thart ar an tír.

Tá Ceoláras i gCorcaigh, ach ní heol cathain a bhí ceoldrámaí riamh ann. Tá feis cheoldráma chlúiteach gach uile bhliain i Loch Garman, ar é a aidhm saothair atá beagnach ligthe i ndearmad a thabhairt chun cinn arís.

Liosta de phríomhthithe opera an domhain

Imeasc na gcumadóirí móra ceoldráma tá:




#Article 152: Leictreon (179 words)


Is éard atá sa leictreon (tugtar neigeatrón air freisin; is é e− an gnáthchomhartha) ná cáithnín fo-adamhach. Taobh istigh den adamh a fhaightear na leictreoin, i gcumraíocht leictreonach, ag timpeallú an núicléas (is de phrótóin agus de neodróin atá sé sin cumtha).

Tá an lucht leictreach is lú ag na leictreoin, agus gineann siad sruth leictreach agus iad ag taisteal. Toisc go bhfuil baint ann idir an méid leictreon atá ag adamh agus a chuid tarraingt chuig adaimh eile, is bunúsach an páirt a ghlacann an leictreon sa cheimic.

Bhí ﻿George Johnston Stoney, fisiceoir Éireannach, ar na chéad daoine a d’úsáid an focal ‘leictreon’ ar an gcainníocht bhunúsach luchta a fhaightear sa leictrealú. 

Ba é Robert Millikan, Meiriceánach, an chéad duine a rinne luach an luchta ar an leictreon a thomhas. D’úsáid sé turgnamh cáiliúil ar a dtugtar an turgnamh ola-bhraonach. Fuair sé amach go bhfuil lucht dar luach −1.6 × 10−19C (nó an luach sin iolraithe faoi shlánuimhir éigin) ar bhraon ola a luchtaítear go leictreastatach. Rinne sé amach gurb in é méid an luchta ar an leictreon.




#Article 153: An Bhreatain Bheag (1244 words)


Tír atá suite ar iarthar oileáin na Breataine í an Bhreatain Bheag. Tá dhá phríomhtheanga ann: an Béarla agus an Bhreatnais (ar a dtugtar freisin an Chomraig); agus sa Bhreatnais tugann muintir na tíre Cymru (fuaimnítear mar comraí, leis an mbéim ar an gcéad siolla) ar a dtír agus Cymraeg (fuaimnítear mar comráidhg, leis an mbéim ar an dara shiolla) ar a dteanga. Wales agus Welsh a deirtear i mBéarla. Tá Breatnais ag 20% den daonra, agus úsáideann suas le 10% an teanga ar bhonn rialta.

Tá 3,125,000 duine ina gcónaí sa tír, dar le meastachán de chuid rialtais na Breataine Bige ó Mhí Iúil 2017. Is é Caerdydd (Cardiff as Béarla) príomhchathair na tíre. I ndeisceart na tíre atá formhór an daonra, mar go ndeachaigh sé ar aghaidh leis an Réabhlóid Thionsclaíoch, mar gheall ar an ngual agus iarainn a fuarthas ann, agus mar gheall ar na calafoirt bhreátha atá sna bailte móra. Tá na trí chathair is mó, Caerdydd, Abertawe (Swansea) agus Casnewydd (Newport), suite i ndeisceart na tíre.

Tháinig Iúil Caesar go dtí an Bhreatain i Lúnasa 55 RC, ach níor éirigh leis na Rómhánaigh an Bhreatain a thabhairt faoi smacht go dtí timpeall céad bliain ina dhiaidh sin. Ag an am úd bhí treibheanna Ceilteacha na Breataine Bige rud beag cosúil leis na comharsana a bhí acu i ndeisceart na Breataine i dtaobh an chultúir a bhí acu. Bhí treibh na n-Ordovices ina chónaí i dtuaisceart na Breataine Bige ag an am, agus na Silures sa deisceart. 

Ghabh na Rómhánaigh smacht ar dheisceart na Breataine Bige chomh fada le Caerfyrddin (Maridunum). Tá fianaise ann go ndeachaigh siad ní b'fhaide chomh maith agus gur bhain siad Éire amach. Bhí siad gníomhach i dtuaisceart na tíre freisin. De réir finscéil Bhreatnaigh, phós Macsen Wledig nó Magnus Maximus, fear d'impirí deireanacha na Róimhe, Helen, iníon thaoisigh Bhreatnaigh Segontium (Caernarfon inniu). 

Níor éirigh leis na hAnglo-Sacsanaigh an Bhreatain Bheag a chur faoi smacht, cé gur bhris siad an ceangal talún a bhí idir an Bhreatain Bheag agus an tír ó thuaidh a bhí faoi smacht na mBriotanach go fóill i ndiaidh cath Chester (Caer as Breatnais) i 615 CE. Is de bharr nirt mhíleata an rí Bhreatnaigh a bhí sé sin, ach freisin de bharr crutha sléibhtiúla na tíre. Thóg Offa, rí Mhercia (ríocht a bhí suite i lár Shasana an lae inniu), pórt rátha mór as talamh fad an chríche idir an ríocht ab aigesean agus an mBreatain Bheag. Tá codanna de Phórt Rátha Offa le feiceáil inniu fiú. 

Níor stad an Bhreatain Bheag a bheith ina thír Chríostaí i ndiaidh do na treibheanna Sacsanach greim a fháil ar Shasana. Chuaigh Naomh Dáibhí ar oilithreacht chun na Róimhe sa séú haois, agus bhí sé ina easpag sa Bhreatain Bheag le fada sular tháinig Austin chun rí Kent a thiontú go Críostachais agus ceantar easpag Canterbury (Caergaint as Breatnais) a chur ar bun. Ach ní dhearna na Breatnaigh iarracht mhór Sasana thiontú go Críostachas, b'fhéidir de bharr an naimhdis idir an dá thír. Bhí ríthe Breatnach mar Rhodri Mawr agus Llywelyn ap Gruffydd láidir agus cliste go leor neamhspleáchais na tíre a chosaint. 

Ag deireadh na 1060í, tháinig na Normannaigh chun na Breataine Bige agus d'athraigh polaitíocht na tíre. Chuir siad daingneachán teorann ar bun idir an Bhreatain Bheag agus Sasana. Beagán ar bheagán ghabh siad greim ar an Bhreatain Bheag ar fad, beagnach, ach d'éirigh le Gruffydd ap Cynan agus Owain Gwynedd é sin a sheachaint. D'éirigh le Llywelyn Fawr (Llywelyn Mór) an Bhreatain Bheag a aontú. Gairmeadh an garleanbh a bhí aige, Llywelyn ap Gruffydd, mar Phrionsa na Breataine Bige ach lean ríthe Shasana orthu ionsaithe a thabhairt ar an Bhreatain Bheag i rith an ama sin. 

Maraíodh Llywelyn ap Gruffydd, prionsa neamhspleách deireanach na Breataine Bige, i gcath Cilmeri sa bhliain 1282 agus ghabh rí Eideard I Shasana greim ar an tír. Thóg Eideard sraith chaisleáin móra chun na Breatnaigh a choinneáil faoi smacht. Is iad Rhuddlan, Conwy, Caernarfon, Biwmares agus Harlech an dream is cáiliúla díobh. 

Tharla roinnt éirithe amach in aghaidh rialtas na Sasanach ó dheireadh na 13ú go deireadh na 15ú haoise, le Madog ap Llywelyn (1294-96) agus Llywelyn Bren (1316) mar shampla, agus bhí dúil go bhfillfeadh Owain Lawgoch sna blianta 1370 leis an tír a shaoradh. Rinne Owain Glyndwr éirí amach i 1400 agus gairmeadh é mar Phrionsa na Breataine Bige, ach tháinig an t-éirí amach seo chun críche beagán ar bheagán, fad is a bhunaigh rí Shasana údarás sa tír arís. 

Ar feadh cuid mhór den 15ú linn tarraingíodh an Bhreatain Bheag isteach i gCogadh na Rósanna, idir Teaghlach Lancaster (Caerhirfryn as Breatnais) agus Teaghlach Eabhrac (Efrog nó Caerefrog as Breatnais) le haghaidh choróin Shasana. Ach in ainneoin chomh híogair is a bhí an tír, bhí ráchairt mhór ar fhilíocht Bhreatnach, agus uaisle na tíre ag cur tacaíocht leis na filí. Ceann díobh seo ab ea Anraí Tudor, mac Owain Tudur de shliocht Ednyfed Fychain, a bhí ina oifigeach de chuid Llywelyn ap Gruffydd. Tháinig sé go tír i gContae Pheambróg in éineacht le harm Fhrancach. Chuir roinnt Bhreatnach tacaíocht leis agus fuair sé an bua ar Risteard III Shasana ar an 22 Lúnasa 1485 ag Cath Bosworth.  

Faoi riail Anraí Tudor, anois Anraí VII Shasana, cuireadh as do na hachtanna pionósacha a chuir rí Shasana ar na Breatnaigh ag tosú na haoise sin. Faoi riail Anraí VIII, a mhac, tugadh Acht an Aontais isteach. Chuir sé seo an córas dlí céanna sa Bhreatain Bheag isteach is bhí i Sasana, agus chuir sé cosc ar úsáid na Breatnaise i saol poiblí na tíre, cé nach raibh ach an teanga sin ag formhór an phobail ag an am. Ainneoin an achta seo, áfach, rinne an chéad aistriúchán ar an mBíobla go Breatnais i 1588, rud a chabhraigh go mór le hathbheochan liteartha a tharla sa Bhreatnais sa tréimhse seo. Ó Dhíscaoileadh na Mainistreacha, a tosaíodh i 1536 agus a tháinig chun deiridh cúig bliana ina dhiaidh sin, d'athraigh an Bhreatain Bheag ó thír Chaitliceach go tír Phrotastúnach i lár glúine nó dhó. 

Chonaic an 18ú haois tosaithe dhá athrú a mbeadh tionchar mór acu ar an mBreatain Bheag: athbheochan Modhachais na Breataine Bige, a rinne gur éirigh an tír níos neamhaontaí go seasta i gcúrsaí creidimh; agus an Réabhlóid Thionsclaíoch. I rith éirí Impireacht na Breataine, chonaic soir-dheisceart na Breataine Bige go háirithe tionsclú gasta agus ardú mór daonra mar thoradh ar an mborradh a tháinig ar na tionscadail guail agus iarainn. Sa 20ú haois, tháinig meath ar thionscadail na Breataine Bige, fad is a tháinig borradh ar an meon náisiúnach agus ar spéis i bhféinchinntiúchán na tíre. Fuair Páirtí an Lucht Oibre an lámh in uachtar ar an bPáirtí Liobrálach mar phríomhfhórsa polaitíochta na tíre sna 1920idí. D'imir an Bhreatain Bheag ról tábhachtach i gCogadh Domhanda I agus i gCogadh Domhanda II araon, agus buamáladh a cuid cathracha go mór i rith an dara ceann díobh sin. Fuair an páirtí náisiúnach Plaid Cymru móiminteam sna 1960idí, agus i reifreann sa bhliain 1997, vótáil an Bhreatain Bheag ar son tionóil díláraithe don tír, a chruinnigh don chéad uair sa bhliain 1999.

Is iad an Bhreatnais agus an Béarla na teangacha oifigiúla.

Cuireadh ocht gcontae na Breataine Bige ar bun idir na blianta 1974 agus 1996:

Cuireadh na 22 réigiún ar bun sa bhliain 1996, ar mhaithe le rialtas áitiúil.

Tá stádas cathrach ag cúig bhaile sa tír — Caerdydd, Casnewydd, Abertawe, Bangor agus Tyddewi (St David's).




#Article 154: Eaglais Chaitliceach Rómhánach (197 words)


Eaglais de chuid na Críostaíochta atá san Eaglais Chaitliceach Rómhánach. An Eaglais Chaitliceach an t-ainm a thugann sí uirthi féin.  

Ceann de na rudaí is léir láithreach sa Caitliceachas Rómhánach ná go bhfuil cumhacht lárnach ann, a thosaíonn leis an bPápa, agus a dháiltear go cúramach trí cheapadh easpaig ón Róimh féin. Is é Pápa Proinsias ceannaire na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí anois.

Is í an eaglais Chríostaí is mó ar domhan,agus cé go bhfuil Caitlicigh i mbeagnach gach tír ar domhan, is é an príomhchreideamh i gcuid mhór den Eoraip, de Mheiriceá Thuaidh agus go háirithe Meiriceá Theas agus Láir, agus áiteanna san Áise, mar na hOileáin Fhilipíneacha. 

De réir mar atá an daonra ag fás i dtíortha cosúil le na hOileáin Fhilipíneacha, tíortha éagsúla san Afraic agus i Meiriceá Láir agus Theas, tá cumhacht á leathadh de réir a chéile do na háiteanna sin. 

Ar an taobh eile den scéal, tá titim mhór i bpáirtíocht agus i gcleachtadh an chreidimh seo sna tíortha a bhí i lár staire an chreidimh, m.sh. sa Spáinn, san Iodáil, sa   Ghearmáin, sa  Fhrainc agus in Éirinn féin.

An chéad Chomaoineach

Ón nGréigis a thagann an focal Caitliceach, a chiallaíonn domhanda. 




#Article 155: Tíreolaíocht (1244 words)


Go ginearálta, ciallaíonn an tíreolaíocht nó an gheografaíocht (ón tSean-Ghréigis γεωγραφία - geographia - tuairisc a scríobh ar an domhan) an staidéar eolaíoch a dhéantar ar an Domhan agus a chuid tailte, tírdhreach, áitritheoirí agus feiniméan. Ba é an Gréagach Éarastaitéanas (276-194 R.C.) a chum an focal geografaíocht. Ó thaobh na staire de tá ceithre réimsí taighde i gceist sa gheografaíocht: spásanailís ar fheiniméin nádúrtha agus dhaonna (staidéar ar an dáileadh), staidéar ar cheantair (áiteanna agus réigiúin), staidéir ar ghaolmhaireachtaí saorga, agus taighde ar na domhaneolaíochtaí. 

Inniu is eolaíocht shóisialta í an tíreolaíocht, agus í ag scrúdú an spáis shóisialta de réir éagsúlacht fhisiceach agus dhaonna an domhain. Mar sin féin, is araíonacht ilchuimsithe í geografaíocht na linne seo agus tuiscint ar an domhan agus a gcoimpléasc go léir mar bhunús léi. Déanann an gheografaíocht nasc idir na heolaíochtaí daonna agus fisiceacha, agus í roinnte ina dhá leath - geografaíocht dhaonna agus geografaíocht fhisiceach.

Is fada na tíreolaithe, agus iad ag scrúdú an domhain, ag cur ceithre mhórcheist chun go bhféadfaidís cuntas a thabhairt agus anailís a dhéanamh: 

    
Ó thús na fichiú haoise tháinig athrú mór ar an scéal, sa mhéid nach í an tíreolaíocht féin ach an eolaíocht a dhéanann staidéar ar mhiosúr an spáis shóisialta. Chun dul amach ar an bhfeidhm a bhaineann pobail as an spás lena eagrú agus lena leagan amach, cuirtear buncheist thíreolaíocht an lae inniu: “An bhfuil an t-achar ann?” Má tá (maidir le poist, le tithíocht, le turasóireacht, le hacmhainní nádúrtha agus msd), baineann an tíreolaíocht leis an scéal, agus is cóir é sin a scrúdú i bhfianaise na bhfórsaí móra a théann i gcion ar an bpobal: an duine aonair, na sochaithe féin, na cumhachtaí, an teicníc, an Nádúr.

Cuireann an léarscáilíocht ar ár gcumas an spás a scrúdú, agus a mhíniú cén fáth a bhfuil rud áirithe le fáil anseo seachas ansiúd. Ligeann an tíreolaíocht dúinn a dhéanamh amach cé na cúiseanna atá leis, idir nádúrtha agus dhaonna, agus cén toradh atá ar na difríochtaí.

Ní furasta brainsí difriúla na tíreolaíochta a léiriú, ós iomaí difríocht atá ann de réir na tíre agus na ré, gan trácht ar na díospóireachtaí eipistéimeolaíocha. Is féidir, áfach, iad a leagan amach mar a leanas:

      

An tíreolaíocht réigiúnach, agus dianscrúdú á dhéanamh aici ar chomharthaí sóirt an réigiúin.

Ó na seachtóidí i leith, tá borradh ag teacht faoin méid brainsí nua idirdhisciplíneacha (a bhaineann leas as an eacnamaíocht, an matamaitic, an ríomheolaíocht agus as na heolaíochtaí polaitiúla agus socheolaíocha), de réir thíreolaíochtaí na Lochlainne, na Fraince, Mheiriceá Thuaidh agus na Breataine. Tá tábhacht ar leith leis na disciplíní a leanas:

I gcúrsaí tíreolaíochta ní foláir aird a choinneáil ar an scála; déanann an tíreolaí staidéar ar an domhan go léir nó ar chuid de – tíreolaíocht ghinearálta nó tíreolaíocht réigiúnach.

Is iad na Gréagaigh ba thúisce a rinne staidéar ar an tíreolaíocht, go bhfios dúinn, rud a rinne siad mar eolaíocht agus mar fhealsúnacht. Tailéas, Héireodatas, Éireatoistéanas (údar an chéad léarscáil is eol dúinn – meastachán ar imlíne an domhain), Hioparcas, Aireastotas, Tolamaes – daoine a chuir go mór le heolas an disciplín. Rinne na Rómhánaigh réigiúin nua a léarscáiliú agus iad ag cumadh modhanna nua chuige. 

Chum na chéad “tíreolaithe” seo ceithre bhrainse den tíreolaíocht a mhair go dtí an Athbheochan: 

Thosaigh an “Mheánaois” tar éis mheath na hImpireachta Rómhánaí sa 6ú haois, agus san Iarthar cailleadh spéis sa tíreolaíocht. San Ard-Mheánaois ní raibh inti ach ábhar suarach de chuid an oideachais – sin é, de chuid na saorealaíon. Bhí an réalteolaíocht le fáil sa quadrivium ach ní raibh an tíreolaíocht ann. 

D’ainneoin a ndearna Iseadór Sheiville chun roinnt éigin eolais a chaomhnú, is teoranta an léiriú a bhí le fáil ar an domhan: é ina dhroim cothrom, na mór-ranna taobh istigh de chiorcal agus iad timpeall T a bhí claonta i leith na láimhe deise, an Eoraip os cionn an bharra chothroim, an Afraic thíos agus an Áise ar thaobh na láimhe deise. (Ní raibh eolas ar Mheiriceá ná ar an Aigéine.) Sheas an barra cothrom don Mheánmhuir agus sheas an barra iongarach don Danóib agus don Níl, iad ceangailte le chéile mar dhea, an Áise ar an taobh thoir díobh, an Eoraip agus an Afraic ar an taobh thiar. I lár na croise, áit a ndeachaigh an dá bharra trasna ar a chéile, bhí Iarúsailéim, cathair naofa agus lárphointe an domhain. 
    
Mar sin féin, bhí eolas tíreolaíoch agus eolaíoch de chuid an tSeanreachta bailithe i lárionaid intleachtúla na sibhialtachta Araib-Mhoslamaí. Ó thaobh na tíreolaíochta de ba é an cultúr sin ab fhearr a bhí in ann an t-eolas a bhailiú agus é cóngarach do shibhialtachtaí na Gréige, na Measpatáime, na hIndia agus na hÉigipte. Agus ba mhó an gá a bhí ag an bpaidreoireacht Mhoslamach le heolas tíreolaíoch (cúig phaidir sa lá agus d’aghaidh ar Mheice) ná mar a bhí ag an Iarthar. Rinne na tíreolaithe Arabacha, leithéidí Idrisi (ar tháinig an chéad tíreolaíocht mhór den Iarthar óna lámh timpeall 1150), Ibn Battuta (1304-1370) agus Ibn Khaldun, an oidhreacht Ghréagach-Rómhánach. 

San Iarthar bhí a raibh ar eolas sna cúrsaí seo sa bhliain 1250 le fáil i gciclipéid (speculum naturale) Uinseann de Beauvais. San aois chéanna chuaigh misinéirí Proinsiasacha chun na hÁise; bhí Jean de Plan Carpin sa Mhongóil (1245-1247), agus bhí Guillaume de Rubrouck ann freisin (1253-57). Scríobh seisean cuntas Laidine ar a thuras a bhí lán d’fhaisnéis faoi chúrsaí tíreolaíochta, staire agus eitneolaíochta san impireacht Mhongólach. Cuireann staraithe éigin amhras sa chuntas cáiliúil ar an Áise (idir 1271 agus 1295) a chuirtear i leith Mharcó Póló. 
  
Beirt Phroinsiasach eile a thug a n-aghaidh ar an Áise:

Mhéadaigh go mór ar an tsuim a bhí ag muintire Iarthar Eorpa sa tíreolaíocht, rud a chuir léarscáileanna nua á ndéanamh. Sa bhliain 1410 scríobh an Cairdinéal Pierre d’Ailly Imago Mundi, leabhar a cuireadh i gcló sa bhliain 1478, agus cóip de ag Críostóir Colambas féin.

Sa 15ú haois agus sa 16ú haois is mó go mór a t-eolas a fuarthas ar an domhan de bharr an taiscéaladh mara, agus cuntas cúramach á thabhairt ar ar aimsíodh i gcúrsaí réalteolaíochta agus tíreolaíochta. Is fiú tagairt ar leith a dhéanamh do na turais seo: Vasco da Gama (an Afraic agus an India), Críostóir Colambas (Meiriceá Lárnach agus Muir Chairib), Magellan (Meiriceá Theas agus an tAigéan Ciúin), Jacques Cartier (Ceanada 1534). 
  
Ní nach ionadh, lean an léarscáilíocht uirthi ag dul chun cinn de bharr a raibh d’eolas úr ann ón taiscéaladh, agus de bharr na modhanna nua agus an bhunúis nua theoiriciúil (fortheilgean Mhercator sa 16ú haois). Tháinig léarscáileanna nua den domhan amach, dála na gceann a rinne Gerardus Mercator agus an Geographica Generalis a rinne Bernard Varenius. 

Sna blianta 1591 agus 1592 d’fhoilsigh Giovanni Botero sa Róimh na Relazioni Universali i dtrí imleabhar, rud a cuir tús le staitistic an Stáit: tíreolaíocht nua a d’fhreastail ar lucht riaracháin.

San 18ú haois rinneadh James Cook agus La Perouse taiscéaladh san Aigéan Ciúin. Bhí disciplín eolaíoch á dhéanamh den tíreolaíocht, ach níor tosaíodh á múineadh sna scoileanna go dtí an 19ú haois, tréimhse mhór na choilíneachais agus an náisiúnachais. Sampla cáiliúil is ea an téacsleabhar Francach a úsáideadh sna bunscoileanna : Le Tour de France par deux enfants.

Níorbh fhurasta, mar sin féin, an tíreolaíocht a chur i bhfeidhm mar dhisciplín ar leith sa réimse eolaíoch. Rinneadh a lán iarrachtaí difriúla ar an gceangal atá idir an duine agus an dúlra a thaispeáint, agus cuid acu níos éifeachtaí ná a chéile:

 

Eipistéimeolaíocht




#Article 156: Fásach (145 words)


I dtíreolaíocht, is éard atá i bhfásach ná sórt tíre nó réigiún a fhaigheann an-bheagán titim uisce. Mar gheall ar seo, bíonn an cháil ar fhásaigh nach féidir leo mórán beatha a choinneáil. I gcomparáid le réigiúin níos fliche féadann seo a bheith fíor, ach nuair a scrúdaítear níos doimhne iad, is minic a chosnaíonn na fásaigh saibhreas beatha a fhanann i bhfolach (go háirithe i rith an lae) chun taiseacht a choinneáil. Is fásach tuairim agus trian de dhromchla an domhain.

I bhfásach, bíonn a lán plandaí ar féidir leo uisce a choinneáil ar feadh blianta le héabhlóid. Bíonn craiceann céireach trom orthusan, agus stór mór uisce ina nduilliúr trom. Feictear é seo le cachtaisí, aigéiv agus aló íceach, mar shamplaí, ar nós plandaí áirithe cois mara in Éirinn, a chaitheann uisce a choinneáil nuair a imíonn an uisce tríd an ghainimh go mear.




#Article 157: An tAigéan Atlantach (122 words)


Clúdaíonn an tAtlantach (uaireanta an tAigéan Atlantach, nó An Fharraige Mhór) limistéar 100,000,000 km², agus é ar an dara haigéan is mó ar domhan ó thaobh acra de. Is ó scaradh mhór-roinne na hAfraice agus Mheiriceá na miliúnta blian ó shin a cruthaíodh é. An doimhne is mó atá aige ná 9,560m (ag scoilt Phórtó Rícó atá sé seo). Ina lár tá sraith sléibhte fo-mhuireach, an Droim Lár-Atlantach.
 
Síneann an tAtlantach ón Eoraip siar go Meiriceá Thuaidh, agus ó dheas idir Meiriceá Theas agus an Afraic. Clúdaíonn an t-aigéan an limistéar ar fad ón Artach ó dheas go dtí Antartaice. An tAtlantach Thuaidh a thugtar ar an gcuid ó thuaidh ón Meánchiorcal, agus an tAtlantach Theas ar an gcuid ó dheas uaidh.




#Article 158: Indreabhán (132 words)


Baile beag in iarthar Chois Fharraige is ea Indreabhán (Inverin as Béarla). Maille le hiascach, bíonn seirbhís rialta farantóireachta go hÁrainn nach dtógann mórán thar uair an chloig. Inniu, is é seo an bealach is coitianta le dul go hÁrainn, mar gur gaire i bhfad an aistear as Indreabhán ná as cathair na Gaillimhe.
Tá Indreabhán suite idir Abhainn an Spidéil agus Abhainn Chrumlinne, idir ceantair an Spidéil agus na Tulaí. Tá dhá scoil, dhá shiopa agus ceithre theach ósta sa gceantar. Is iad na scoileanna atá sa gceantar ná: Coláiste Cholmcille (scoil dara leibhéal), Scoil Sailearna (bunscoil). Freisin, tá dhá halla pobail sa gceantar, Coláiste Lurgan, a úsáidtear chun scoláirí Gaeilge a mhúineadh i rith an tsamhraidh, agus Seanscoil Shailearna, a úsáidtear chun cúrsaí agus drámaí srl. a chur ar fáil.




#Article 159: Beoir (196 words)


Is deoch mheisciúil í an bheoir (beoir, bain.) a dhéantar (coipeadh) le huisce, braich, lus an leanna, agus fungas ar a dtugtar giosta. I bhfoclóir an Athar Uí Dhuinnín, deirtear gur é an deoch ar ghile le Gaeil, agus ansin deir sé gur féidir beer, nó whiskey a bheith i gceist. Ach, ar ndóigh, is é an chéad cheann ar ghnách a bheith i gceist. 

Tá iliomad saghsanna beorach ann, m.sh. leann, leann dubh, pórtar, pilsener, lágar, bitter, beoir chruithneachta (Weissbier), beoir Mhárta, beoir gheimhridh, agus beoir le blasanna torthaí agus luibheanna.

Tá cáil domhanda ar ghrúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath, agus cé nach i seilbh Éireannach a thuilleadh é agus nó mbruitear i dtíortha eile é, meastar go leathan gur fearr Guinness na hÉireann. Déanann an chomhlacht chéanna lager Harp, mar aon le beoir eachtrannacha a bhruith agus a dháileadh faoi chonradh.

Grúdlann mhór eile, Smithwicks, tá sí suite i gCill Chainnigh. 

Tá grúdlann Murphys agus Beamish, atá ceangailte le comhlachtaí eachtrannacha leis, i gCorcaigh, agus tá leann dubh ar nós Guinness acu araon, ina nainm féin. 

Tá samplaí de mhionghrúdlainn againn in Éirinn, m.sh. Caffreys a tosaíodh sna 1980í, i gContae Chill Mhantáin.




#Article 160: Brian Bóramha (617 words)


Bhí Brian Bóramha mac Cennétig  (nó Brian Bóirmhe; Meán-Ghaeilge: Brian Bóruma; i mBéarla: Brian Boru) ina rí ar chúige Mumhan ó 976 agus ina Ard-Rí ar Éirinn ó 1002 go 1014.   D’éirigh le Brian náisiún a bhunú ón dúiche.

Cailleadh Brian Bóramha ar Aoine an Chéasta, an 23 Aibreán, 1014 i rith Chath Chluain Tarbh in aghaidh Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath. 

Bhuail Brian Bóirmhe agus a chéile comhraic Máel Sechnaill mac Domnaill - Rí na Mí agus Ard-Rí na hÉireann roimh Bhrian - le chéile i gCluain Fearta sa bhliain 997. D'aontaigh an bheirt go dtabharfaidís aitheantas don chuid den oileán a bhí á rialú acu ag an bpointe seo. Bhíodh Brian Bóirmhe ag ionsaí thalún Mháel Sechnaill ar bhun leanúnach, agus ghéill sé a chuid dóibh dá bharr.

Glactar leis go raibh Brian Ború aitheanta mar Ard-Rí na hÉireann i 1002 nuair a d’éirigh leis an ceann is fearr a fháil ar chlann Uí Néill. Bhíodh aithne air mar Brian Bóirmhe de bharr an chíosa a bhailigh sé ó thaoisigh beaga na hÉireann agus a d'úsáid sé chun na mainistreacha agus na leabharlanna a réab na Lochlannaigh a atógáil, más fíor.

Bhí an chuid ba mhó den oileán faoi riail ag Brian Bóirmhe ón bhliain 1002, ach ní tír aontaithe a bhí ann ar chor ar bith, cé go raibh an teideal Ard-Rí na hÉireann bronnta air. Mar thoradh, bhí sé de sprioc ag Brian Bóirmhe talamh an oileáin ar fad a aontú faoina cheannas féin.

Sa bhliain 1012, d'éirigh Rí Laighean Máel Mórda mac Murchada amach. Níor bhain Brian Bóirmhe feidhm as an lámh láidir ar an toirt, ach shocraigh sé póstaí tábhachta ina áit. Thug sé a iníon mar bhean do Sitric II, rí na Lochlannach i mBaile Átha Cliath, agus phós Brian féin Gormlaith, máthair Sitric agus deirfiúr Mháel Mórda). Níor mhair an socrú seo ró-fhad, áfach. 

Bhí Máel Mórda agus Sitric réidh chun troda arís sa bhliain 1013, agus Máel Mórda faoi bhrú ag a bhean Gormlaith dul i ngleic le Brian. Bhí slua maith de clanna na tíre a bhí éadmhar as cumhacht Bhrian, agus d'aontaigh iad go léir le chéile.

Mar fhreagra, chuir Brian Gormlaith faoi ghlas. Bhí airm aige lonnaithe i gContae Bhaile Átha Cliath, ó Meán Fómhair 2013 go dtí Nollaig. Ag an am seo, rinne Brian ionsaithe ar fud Bhaile Átha Cliath chun Gaeil na cathrach a choimeád as arm na Lochlannach. Ag an am céanna, sheol Gormlaith teachtaireacht chuig Sigurd Hlodvisson, iarla Lochlannach na nInse Orc.

Nuair a bhí an cath beagnach thart, tháinig Brodir ar Bhrian ag guí ina phuball, agus é faoi cheilt sna choillte gar do Bhaile Átha Cliath. Bhailigh Brodir roinnt dá fhir le chéile gan mhoill agus d'ionsaigh siad agus mharaigh siad an Rí agus a fhoireann. D'éalaigh siad láithreach, agus Brodir ag béiceadh Anois, inis do gach fear gurb é Brodir a mharaigh Brian.

Rugadh Brian Bóramha timpeall na bliana 941 (in aice le Cill Dalua i gContae an Chláir mar atá inniu air, nó Dál gCais mar a tugadh ar an gceantar fadó). Cennétig mac Lorcáin, rí Thuadhmhumhan ab ea a athair, Bé Binn ingen Aurchada, iníon Rí Iar-Chonnacht ab ea a mháthair.

Pósadh Briain ceithre huaire:

Cuireadh Brian Bóramha in Ard Mhacha.

D'éag a mhac agus a gharmhac i gCath Chluain Tarbh chomh maith, agus mar sin ní fhéadfadh a shliocht a gcumhacht a choinneáil mar Ardríthe.

Sa 12ú haois, d'fhoilsigh a chlann leabhar bolscaireachta, Cogadh Gaeil ré Gaill, ina ndearnadh móradh ar Bhrian agus ar na héachtaí a rinne sé i rith a shaoil.

De réir an tseanchais feictear Brian mar pholaiteoir glic ar éirigh leis seilbh a fháil ar thailte na tíre thuaidh, thoir agus theas.




#Article 161: Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh (252 words)


Taoiseach Gaelach a mhair sa 17ú haois ab ea Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh (Roderick O'Flaherty as Béarla). Ba é an taoiseach deiridh a bhí ar chlann Uí Fhlaithbheartaigh, agus bhí cónaí air gar don bPáirc in Iar-Chonnacht. Tógadh a chuid tailte uaidh in aimsir Chromail i 1653, agus mar gheall air sin agus na Péindlíthe fágadh beo bocht é don chuid eile dá shaol. Bhí cnuasach de shean-cháipéisí aige uair, ach ní fios arb éigin dó iad a dhíol nó conas ar chaill sé iad ar deireadh.

Cuimhnítear inniu air óna chuid scríbhneoireachta. Ba é an chéad scoláire Gaelach ar foilsíodh a chuid saothar i Londain Shasana. Tugann Ogygia agus Iar-Chonnacht (féach thíos don teideal iomlán) stóras mór de stair agus de thraidisiúin Chúige Chonnacht dúinn. Pléann Ogygia le fabhail, go háirithe an ceangal a dhéanann Plútarc le stair na hÉireann. Déanann se samhail d’Éireann, atá laistiar den mBreatain, don oileán sa bhfabhal Gréigeach a gcaitheann Odysseus seal ann le Calypso. Deir Plútarc go ndeachaidh Earcail go hÉireann agus gur chaith sé seacht mbliana i bpluais ann. Tugann Ogygia cuntas dúinn ar stair na hÉireann i gcoitinne ón Díl ar aghaidh, agus meastar ar na foinsí is tábhachtaí ar stair na tíre é, maraon le saothar Sheathrúin Chéitinn agus na gCeithre Maistrí. 

Tá cur síos cuimsitheach ar Iar-Chonnacht maraon le cuid mhór de chúige Chonnacht in A Chorographical Description of West or h-Iar Connaught, a céadfoilsíodh i Londain i 1684. Athfhoilsíodh Iar-Chonnacht i 1848, agus tá fáil air freisin anois ar an ngréasán.




#Article 162: An Bhreatain (323 words)


Is oileán í an Bhreatain Mhór atá suite ar an gcósta soir ó Éirinn, ar oirthearthuaisceart an Aigéin Atlantaigh Thuaidh. Is í an Bhreatain Mhór an naoú oileán is mó ar domhan, agus an t-oileán is mó de chuid na hEorpa. Le daonra de thart ar 59.6 milliún duine (i lár na bliana 2008), is í an tríú oileán is mó de réir daonra ar domhan. Tá na Bhreataine Mhór timpeallaithe ag os cionn 1,000 oileán beag agus insín. 

Bíonn ciall faoi leith ar an bhfocal Breatain (Breatain, ainmfhocal bain.). Tagann sí ón bhfocal Prydain sa Bhreatnais, a chiallaíonn an t-oileán ar a bhfuil Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain. Labhraítí foirm den Bhreatnais ar an gcuid is mó d'oileán na Breataine roimh theacht na Rómhánach, agus ina ndiaidh na hAngail agus Sacsain.

Inniu, úsáidtear an téarma an Bhreatain Mhór le tagairt don oileán ar fad, agus an Bhreatain Bheag le tagairt don chuid sin den oileán san iarthar inar fhan cuid mhaith de theanga agus de chultúr na mBreatnach, ar de bhunús Ceilteach iad. De ghnáth, ní bhaineann an focal Breatnach ach leis an Bhreatain Bheag. Ach ba in aimsir na banríona Victeoiria a tháinig úsáid an téarma Great Britain i mBéarla, nó an Bhreatain Mhór, ar ais in úsáid. 

Aithris a bhí ann ar nós na bhFrancach 'Grande Bretagne' a thabhairt ar an ríocht lena hidirdhealú ón mBriotáin ('Bretagne'). Uaidh sin, cuireadh an téarma in úsáid, freisin, le tagairt d'Impireacht na Breataine agus do Chomhlathas na Náisiún. Tugann saoránaigh na Ríochta Aontaithe British orthu féin, fiú cuid acu i dTuaisceart Éireann, ach ó theideal iomlán na ríochta, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ní chlúdaíonn an ainm Briotanach muintir Thuaisceart Éireann.

Tá líon mór daoine as Éire agus a sliocht lonnaithe ar fud na Breataine. De réir an daonáireamh 2011 tá 409,065 daoine le pas Éireannach acu ina gcónaí i mBreatain nó 10% an daonra sa Phoblacht na Éireann.    




#Article 163: Oilibhéar Cromail (627 words)


Polaiteoir agus saighdiúir Sasanach ab ea Oilibhéar Cromail, nó Cromail mar a thugtar air de ghnáth (as Béarla, Oliver Cromwell; 25 Aibreán 1599 - 3 Meán Fómhair 1658).  Bhunaigh sé deachtóireacht mhíleata sa 17ú haois agus rialaigh sé Sasana, Albain agus Éire mar Thiarna Cosantóra. 

Rugadh Cromail i Huntingdon i 1599. Ba le linn dó a bheith ina mhac léinn i Sidney Sussex College, Ollscoil Cambridge, a d'iompaigh sé ina Phiúratánach.  

Toghadh mar bhall Parlaiminte é i mí Aibreáin 1640. Bhí sí seo ar na Parlaimintí úd a rinne a ndícheall cumhacht an Rí a shrianadh. Baineadh a chumhacht den rí Séarlas I agus ghlac an Pharlaimint seilbh ar chúrsaí airgid na ríochta. 

Bhris cogadh cathartha amach agus ba lena linn a thuill Cromail cáil mar cheannaire míleata. D'éirigh go hiontach leis i gCath Marston Moor lena mharcshlua, ar ar tugadh 'Roundheads'  D’fhág seo a rian ar iompar na saighdiúirí, cé gur lean Cromail féin, tríd is tríd, na rialacha cogaidh mar a bhí siad ag an am: dá ngéillfeadh baile mór ar an bpointe, ní dhéanfaí díobháil dá raibh istigh ann.

Tháinig Cromail i dtír in Éirinn ar 15 Lúnasa 1649 ag an Rinn, gar do Bhaile Átha Cliath. Bhí 35 long in éineacht leis agus iad lán de shaighdiúirí agus de threalamh. Tháinig a chliamhain Henry Ireton ina dhiaidh le seachtó long eile. D'éirigh le fórsaí na Parlaiminte i mBaile Átha Cliath an chathair a chosaint faoi cheannas an Choirnéil Michael Jones agus bealach isteach a thabhairt do thabhairt do Chromail dá bharr. Bhí sé mar aidhm ag Cromail na bailte ba thábhachtaí a ghabháil, agus ba ghearr go raibh an chuid ba mhó den oirthear agus den tuaisceart faoi smacht fhórsaí na Parlaiminte. 

Ghéill mórán bailte móra, ach theip ar Chromail Port Láirge a ghabháil, agus chaill sé suas le 2,000 fear sa troid ag Cluain Meala i Mí Bealtaine, 1650, sular ghéill an baile mór. Ní raibh garastún Dhroichead Átha (a bhí faoi cheannas an tSasanaigh Chaitlicigh Arthur Aston) sásta géilleadh. Nuair a gabhadh an áit faoi dheireadh tar éis ionsaí trom le gunnaí móra, maraíodh beagnach 3,500 duine ar na sráideanna. I nDeireadh Fómhair 1649 tharla sléacht eile i Loch Garman, cé go raibh Cromail ag iarraidh socrú a dhéanamh ag an am. 

Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis do Chromail imeacht ar 16 Bealtaine 1650. Ghéill Gaillimh i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus má rugadh ar shagart, cuireadh chun báis ar an bpointe é. 

Meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar Caitlicigh nár d’aicme na gceardaithe agus na sclábhaithe iad a chur siar chun Connacht nó chun Contae an Chláir, agus ar éigean a fágadh breis is 8% de thalamh na tíre i seilbh na gCaitliceach. Baineadh feidhm as an ngorta chun na hÉireannaigh a chloí; scriosadh barra agus maraíodh eallach. 

Henry Ireton agus Edmund Ludlow a smachtaigh an tír tar éis Chromail, ach bhí na Sasanaigh á gcrá gan stad ag treallchogaithe (na “Tóraithe”), dream a fuair dídean ar na portaigh agus in iarsmaí na gcoillte tar éis gur briseadh airm an Chomhcheangail.

Creidtear go bhfuair Cromail bás le seipticéime nó maláire (nó fiú nimhiú é).

Cé gur ainmníodh a mhac Risteard Cromail, mar oidhre i gceannas an Chomhfhlaithis, ní raibh cion ar bith ag muintir na Breataine air agus cuireadh Séarlas II ar ais i gcoróin nuair a d'fhill sé ón bhFrainc sa bhliain 1660. Ar 30 Eanáir 1661, tógadh corp Chromail as a uaigh agus 'cuireadh chun báis' arís é ar ordú an rí nua, mar dhíoltas ar bhás an Rí Séarlas I.
Íomhá:Autograph-OliverCromwell.svg|mion]

Ná an abhairt béarla  to hell or to Connaught 




#Article 164: Ros Mhic Thriúin (244 words)


Baile in iardheisceart chontae Loch Garman i bPoblacht na hÉireann is ea Ros Mhic Thriúin. Tá an baile suite ar an abhainn. an Bhearú, gar do teorainn Chontae Chill Chainnigh.

Tá calafort ann, agus is é an tríú bhaile sa chontae i ndiaidh baile Loch Garman agus Inis Córthaidh. Dar le daonáireamh 2016, bhí 8,040 duine ina gcónaí ann.

Is baile suite ar an taobh eile den Bearú é Ros Bearrcon.

Is cosúil go síolraíonn an chuid is sine den bhaile, an cuan, ón ré roimh-Mheánaoiseach. An chéad lonnaiocht a thagtar ar sna chúinsí staire ná mainistir de chuid Naomh Abbán sa 6ú haois san áit a thugtar an Baile Gaelach inniu air.

Bhíodh Ros Mhic Thriúin mar chuid de chríoch Rí Laighean an lae Diarmaid Mac Murchadha agus tháinig an baile go mór chun cinn agus na hAngla-Normannaigh i mbarr a réime sa chearn seo den tír. Tháinig an ridire Normannach William Marshall agus a bhean chéile Isabella de Clare i dtír go luath sa 13ú haois.

Troideadh dhá chath aitheanta i stair na tíre sa bhaile. Sa bhliain 1643, d'éirigh le lucht an bhaile cur go láidir i gcoinne léigear de chuid James Butler, 1ú Diúc Urumhan le linn Chath Ros Mhic Thriúin (1643). Chuir Oilibhéar Cromail an baile faoi smacht na Sasanach in athuair, áfach, sa bhliain 1649.  Anuas ar sin, troideadh ceann de na cathanna ba fhuiltí d'Éirí Amach 1798 in Éirinn sa bhaile - Cath Ros Mhic Thriúin (1798).




#Article 165: Kansas (113 words)


Is stát é Kansas, agus eascraíonn an t-ainm as an bhfocal Lakota Kansa, gur bhrí leis ná muintir an ghaoith aneas, atá suite i Meániarthar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is í Topeka an phríomhchathair. Ta teagasc éabhlóid sna scoileanna conspóideach i Kansas mar tá neart Chríostaíthe bunúsacha ina gcónaí ann.

Shroich Francisco Vásquez de Coronado Kansas sa bhliain 1541.

Sa bhliain 2003, b'fhiú olltáirgeacht  an stáit $93 billiún. B'é luach mheánioncaim an duine ná $29,438. Is eallach, cruithneacht, sorghum, pónaire shoighe, muic and arbhar iad na táirgí talmhaíochta is mó. Is iad trealaimh iompar, aerárthach tráchtála agus priobháideach, bia próiseáil, foilsitheoireacht , táirgí cheimiceach, innealra, feisteas, peitriliam agus mianadóireacht na táirgí tionscailíochta is mó. 




#Article 166: Máire Mhic Giolla Íosa (319 words)


Ba í Máire Pádraigín Mhic Giolla Íosa (27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste a rugadh í) ina ochtú hUachtarán ar Éirinn ó 1997 go 2011.

Saolaíodh Máire Pádraigín Ní Lionnacháin in Ard Eoin i mBéal Feirste ar an 27 Meitheamh, 1951, an duine is sine de naonúr clainne: ba í an chéad uachtarán a rugadh agus a tógadh i dTuaisceart Éireann. Is Caitliceach í. Bhí na Trioblóidí faoi lán seoil agus í ag fás aníos, agus chuir dílseoirí iachall ar mhuintir Uí Lionnacháin ceantar Ard Eoin a fhágáil. Bhain Máire céim le dlí amach ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste sa bhliain 1973 agus glaodh chun Barra Thuaisceart Éireann í sa bhliain 1974. Sa bhliain 1975, ceapadh í mar Ollamh Reid le Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1976 phós sí an Dr. Máirtín Mac Giolla Íosa, cuntasóir agus fiaclóir. Tá triúr clainne orthu, Emma, a rugadh sa bhliain 1982 agus cúpla, Justin agus SaraMai, a rugadh sa bhliain 1985.

D'fhill sí ar Ollscoil na Ríona sa bhliain 1987 nuair a ceapadh í mar Stiúrthóir ar Institiúid an Léinn Dlí Ghairmiúil. Bhí sí ina hiarrthóir d'Fhianna Fáil in olltoghcán 1987, ach níor toghadh í. Sa bhliain 1994, ceapadh í mar an chéad Leas-Seansailéir Cúnta mná riamh ar Ollscoil na Ríona Béal Feirste.

D'oibrigh sí mar iriseoir cúrsaí reatha agus mar láithreoir raidió agus teilifíse le Radio Teilifís Éireann.

Sa bhliain 1997 bhuail Máire Mhic Giolla Íosa iar-Thaoiseach Ailbhe Mac Raghnaill agus roghnaíodh mar iarrthóir Fhianna Fáil don Uachtaránacht í. Toghadh í mar uachtarán sa bhliain 1997. Ar 11 Samhain insealbhaíodh Máire Mhic Giolla Íosa mar ochtú Uachtarán na hÉireann. Tháinig sí i gcomharbas ar Mháire Mhic Roibín. Droichid a thogáil an téama a bhain lena huachtaránacht dar léi.

Átoghadh Máire Mhic Giolla Íosa ar an 1 Deireadh Fómhair 2004: ba í an t-aon iarrthóir a bhí ainmnithe go bailí.




#Article 167: Damhna (106 words)


Go hiondúil, sa cheimic agus san fhisic tugtar damhna mar shainmhíniú ar aon rud a bhfuil mais aige agus a líonann spás, bíodh an rud sin gásach, leachtach nó soladach.

Ní chuirtear san áireamh ranníocaíocht i réimse fuinnimh ná fórsa, nach mbíonn aitheanta mar dhamhna ann féin (cé gur féidir leo cur
le mais rudaí). Tá mórán na cruinne inbhraiteach chomhdhéanta de dhamhna, cé nach meastar solas de gnáth a bheith san áireamh sa chomhthéacs seo. Ar an drochuair, i gcomhair cuspóirí eolaíochta, bíonn sainmhíniú scaoilte ag damhna. 

Is éard atá i ndamhna ná an t-ábhar nó an tsubstaint a mbíonn rud ar bith comhdhéanta as.




#Article 168: Ainmhí (730 words)


Is mórghrúpa orgánach iad ainmhithe. Déantar aicmiú orthu sa ríocht Animalia. Tá heiteratrófacht, illcheallacht agus mothálacht dá dtimpeallacht mar thréithe bunúsacha ag an ngrúpa seo. 

Tagann an focal  ainmhí ón bhfocal Laidineach  animale, a thig ó anima, leis an gciall anáil nó anam. De réir an aicmithe eolaíoch, déantar na hainmhithe uile a chur i Ríocht. Tugtar daoine san áireamh leis na hainmhithe eile, ach i ngnáthchaint na ndaoine, déantar idirdhealú idir daoine agus na hainmhithe neamh-dhaonna.

Tá tréithe ar leith ag ainmhithe lena ndéantar iad a idirdhealú ó bheothaigh eile. I dtosach báire, is eocarótaigh iad; sé sinn le rá go mbíonn cealla casta acu. Le heisceacht amháin,(Myxozoa) is bheothaigh ilcheallacha iad. Déanann na dhá tréithe seo iad a hindhealadh ó bhaictéir agus tromlach na bprótaisteach.
Freisin, tá siad uile heitreatrófach agus díleánn siad bia de gnáth i seoimrín inmhéanach, rud a indhealaíonn iad ó phlandaí agus algaí. Tá siad éagsúil ó na plandaí, algaí agus fungais mar ní bhíonn cillbhallaí acu. Tá gach ainmhí gluaisteach i gcéim éigin dá shaol.

Tá coirp tromlach na n-ainmhithe roinnte i bhfíocháin éagsúla, a bhfuil féin déanta suas de saghas ceall áirithe. Tá na néaróga mar fíocháin speisialta, a bhfuil le fáil i dtromlach na n-ainmhithe, a ligean dóibh mothálach cruinn is sách gasta dá dtimpeallacht a bheith acu go minic. Freisin, tá matáin le fáil ins na n-ainmhithe amháin. 
Freisin, mar go ndéanann tromlach na n-ainmhithe bia a dhíleá i seomrín inmheánach, is minic go mbíonn córas casta acu chun déileail leis an mbia seo. 

Baineann ainmhithe úsáid as an atáirgeadh gnéasach agus an atáirgeadh neamhghnéasach, cé gur fíor-anamh an rud é nach bhfaightear an atáirgeadh gnéasach i ngrúpa ainmhithe, fiú más neamh-ghnách an nós é. 
Tá tréithe eisiach ag ainmhithe ó thaobh forbairt de. I mbeagnach gach ainmhí, bíonn céim bhlastúil ag an suth, rud atá ina saintréith bhitheolaíochta eisiach ag ainmhí. Freisin, de bharr struchtúr a gcealla, baineann siad úsáid as go leor gluaiseacht cille i rith a bhforbairt ó ceall singil go suth, go ainmhí forbaithe.

Ó thaobh iarsamí de, thagann na n-ainmhithe ar an bhfód i dtosach báire i gclocha ó a bhfuil níos mó ná 600 milliúin bliain d'aois. Rinneadh an deighilt idir na grúpaí móra d'ainmhithe thart ar 542 millúin bliain ó shin agus tá siad fós ag athrú go dtí an lá inniu. Ní fios go fóil cé chomh gasta a raibh an deighilt seo agus cén cúis a bhí leis. Ach anois, tá na míllúin saghasanna difrúla d'ainmhithe ann, le réimse fíor-leathan slite beatha is gháthoga acu. Is féidir a rá gur mar dheall ar na trí treithe athluaite, an mothálacht ceadaithe ag an gcóras néaróige, an gluaiseacht gasta ceadaithe ag na matáin agus an féidreacht chun mórchuid foinsí funnimhe difrúla a úsaid ceadaithe ag an ndíleá inmheánach go raibh an cumas ag na n-ainmhithe chun an éabhlóid a dhéanamh sa slí seo.

Is féidir níos mó ná tríocha fileam d'ainmhithe a aimsiú, ach tá mórchuid d'illgnéitheacht na n-ainmhithe le fáil i measc dornán beag de ghrúpaí móra. I measc na grúpaí seo tá Chordata, Arthropoda, Mollusca, Annelida agus Nematoda. Tá go leor d'éagsúlacht an ghrúpa le fáil lasmuigh de na grúpaí móra seo áfach. 

Is iad seo na spúinsí mara, ainmhithe simplí gan aon eagraíocht casta, gan fíocháin agus gan siméadracht a mhaireann trí bhia a scagadh ón uisce.

Tá siméadracht ghathach agus eagraíocht bunaithe ar dhá chiseal d'fhíocháin mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá na smugairlí rón, na coiréalaigh agus na spíonáin mara mar bhaill den ghrúpa seo.

Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin agus forbairt an anas ón gcéad oscailt sa suth mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá na cordaigh agus na eicínideirmigh (crosóg mhara agus a gaolta) mar bhaill den ghrúpa seo.

Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin, forbairt an bhéal ón gcéad oscailt sa suth agus foladh craicin mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá Arthropoda agus Nematoda mar bhaill den ghrúpa seo.

Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin agus forbairt an bhéal ón gcéad oscailt sa suth mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá Mollusca (seilide agus a gaolta) agus Annelida (na péist deighilte) mar bhaill den ghrúpa seo.

Tá ról suntasach ag ainmhithe i ngnáthóga éagsula mórthimpeall na cruinne. 




#Article 169: Bitheolaíocht (1427 words)


Is í an bhitheolaíocht an brainse eolaíochta a dhéanann staidéar ar rudaí beo, ar nós na n-ainmhithe agus na bplandaí,  lena n-áirítear struchtúr, feidhm, fás, éabhlóid, dáileadh, agus tacsanomaíocht.

Réimse ollmhór agus eicléicteach is ea an bhitheolaíochta nua-aimseartha, comhdhéanta de go leor brainsí agus fodhisciplíní.

Mar sin féin, in ainneoin raon leathan na bitheolaíochta, tá coincheapa ginearálta agis i gcoiteann áirithe aici a rialaíonn gach staidéar agus taighde, agus a chomh dhlúthaíonn í isteach i réimsí aonaracha leanúnacha.

Go ginearálta, aithníonn an bhitheolaíocht an chill mar an t-aonad bunúsach den saol, géinte mar aonad bunúsach na hoidhreachta, agus an éabhlóid mar an t-inneall a thiomáineann  sintéis agus cruthú speiceas nua. Tuigtear freisin inniu go dtagann gach orgánach slán tré  fhuinnimh a ídiú agus a athrú agus tríd a dtimpeallacht inmheánach a rialáil sa chaoi is go mbeadh sí cobhsaí agus beoga.

Sainítear fodhisciplíní na bitheolaíochta tríd scála na n-orgánach a bhíonn faoi scrúdú, agus na modhanna a úsáidtear chun staidéar a dhéanamh orthu: scrúdaíonn an bhithcheimic an cheimic rudim uraiceacht  ceimic na beatha; an bhitheolaíocht mhóilíneach na hidirghníomhaíochtaí casta idir móilíní bitheolaíochta;  an luibheolaíocht  bitheolaíocht na bplandaí; an bhitheolaíocht na gceall bun-bhloic tógála an bheathra uilig, an chill; Scrúdaíonn an fhiseolaíocht feidhmeanna fisiceacha agus ceimiceacha na bhfíochán, na n-orgán, agus córas orgánach ar n-orgánach; Scrúdaíonn an bhitheolaíocht éabhlóideach na próisis a tháirgtear éagsúlacht na beatha; agus scrúdaíonn an éiceolaíocht conas a n-idirghníomhaíonn orgánaigh ina dtimpeallacht.

Ábhar taighde don bhitheolaíocht is ea é conas a bhíonn na horgánaigh bheo á n-iompar agus cad é an chosúlacht atá orthu, conas a thagann na speicis agus na hindibhidí ar an saol, agus cén cineál idirghníomhaíochtaí a bhíonn acu le chéile agus leis an gcomhshaol.

Roinntear na nithe beo ina dtrí phríomhghrúpa ar a dtugtar fearainn ón mbliain 1990 i leith. Roimhe sin, bhí córas na ríochtaí in úsáid. Ar dtús, ba nós dhá ríocht a aithint, mar atá, Ríocht na nAinmhithe agus Ríocht na bPlandaí. Téann an t-aicmiú seo siar go laethanta Linnaeus, ceannródaí Sualannach na bitheolaíochta agus na tacsanomaíochta. 

Le forbairt na micreascóp, aithníodh beothaigh de chineálacha nua nach raibh so-aicmithe mar ainmhithe ná mar phlandaí agus sa bhliain 1866 mhol Ernst Haeckel, bitheolaí Gearmánach, go dtabharfaí isteach an tríú ríocht - ríocht na bprótaisteach - mar chatagóir nua. Bhí an chuid ba mhó de na miocrorgánaigh aicmithe ina bprótaistigh, dar le Haeckel. 

Sa bhliain 1937, roinn Édouard Chatton na beothaigh ina dhá n-impireacht, mar atá, impireacht na bprócarót agus impireacht na n-eocarót. Ba iad na prócaróit na nithe beaga beo nach raibh carót, nó núicléas ceart, sa chill acu, ar nós na mbaictéar agus na víreas. 

Sa bhliain 1956, d'aithin Herbert Copeland ceithre ríocht, mar atá, ríocht na bplandaí, ríocht na n-ainmhithe, ríocht Monera agus ríocht na bprótaisteach. Dhearc Copeland ar na fungais mar phrótaistigh, nuair ba dhóigh le Haeckel gur plandaí a bhí iontu. An chatagóir nua a tháinig in úsáid, is é sin, Monera, b'ionann é agus na baictéir is na hArchaea.

Sa bhliain 1977, mhol Carl Woese córas nua filigineachta, inar scoilt sé ríocht na mbaictéar ina dhá leath, mar atá, na heobaictéir agus na hArchaea. Ansin, bhí sé ríocht ann, mar atá, ríocht na n-ainmhithe, ríocht na bplandaí, ríocht na bhfungas, ríocht na bprótaisteach, ríocht na n-eobaictéar agus ríocht na n-aircéabaictéar. 

An t-aicmiú filigineachta atá in úsáid inniu, áfach, tá sé bunaithe ar fhearainn in áit na ríochtaí, agus ba é Carl Woese a chuir bun leis fosta. Is í an tuiscint atá ag na bitheolaithe inniu ná go bhfuil trí phríomhghrúpa, nó trí fhearann, de nithe beo ann, mar atá, na heocaróit, hArchaea, agus na baictéir. Is iad hArchaea na beothaigh ar a dtugtaí aircéabaictéir roimhe seo nuair a shíltí gur sórt baictéir a bhí iontu. Fearacht na mbaictéar níl a gcuid aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) suite in aon núicléas ceart. Os a choinne sin, áfach, trascríobhann siad a gcuid ARN (aigéad ribeanúicléasach) ar bhealach atá níos cosúla le próiseas trascríofa na n-eocarót.

Brainse den eolaíocht is ea an bhitheolaíocht a bhaineann úsáid as an modh eolaíochta le heolas a bhailiú agus bailíocht na heolaíochta a thástáil. Is éard atá i gceist leis an modh eolaíochta ná eolas a bhailiú i gcaoi go mbeidh sé intomhaiste, intuartha agus bunaithe ar an taithí (eolas eimpíreach), agus gur féidir tátail a bhaint as an eolas sin de réir phrionsabail na réasúnaíochta.

Cé go mbíonn na horgánaigh bheo an-éagsúil óna chéile ó thaobh na cuma is na cosúlachta de, tá saintréithe áirithe i bpáirt acu go léir. Is é sin, an bheatha go léir a bhfuil aithne againn uirthi mar bheatha, tá sí bunaithe ar an gcarbón agus ar chomhdhúile an charbóin. Na himoibrithe ceimiceacha a choinníonn an bheatha ag imeacht, is é sin, an bhithcheimic, titeann siad amach idir móilíní a bhfuil slabhraí fada d'adaimh charbóin iontu. Is iad na móilíní sin na blocanna tógála as a bhfuil an t-orgánach beo déanta. Ar an dóigh chéanna, is é an t-uisce an buntuaslagóir sna beothaigh go léir. Sin a bhfuil le rá faoin mbeatha ar an Domhan, ach is féidir an cheist a chur, an gcaithfidh gach sórt beatha—beatha eachtardhomhanda ar phláinéid eile—más ann di ar aon nós—bheith i dtuilleamaí an charbóin ar an dóigh chéanna.

Le heolas géiniteach a choinneáil i dtaisce, baineann na horgánaigh bheo go léir úsáid as an dá mhóilín úd ADN agus ARN - an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach agus an t-aigéad ribeanúicléasach. Prionsabal uilíoch eile is ea go bhfuil na neacha beo go léir (cé is moite de na víris) comhdhéanta de chealla. Is féidir cosúlachtaí móra a aithint idir na próisis fhorbartha a bhíonn ag na beothaigh éagsúla chomh maith.

Is é is brí leis an éabhlóid i gcúrsaí na bitheolaíochta ná an dóigh ar tháinig na beothaigh ardfhorbartha chun cinn ó na neacha simplí a bhí ann rompu, agus go ndeachaigh an bheatha chun castachta agus chun éagsúlachta in imeacht na milliún bliain. Ba é Charles Robert Darwin (12 Feabhra 1809 — 19 Aibreán 1882) ba thúisce a chuir an tuiscint seo os comhair an tsaoil mhóir, nuair a d'fhoilsigh sé a leabhar cáiliúil On the Origin of Species by Means of Natural Selection (An Dóigh a bhForbraíonn na Speicis tríd an Roghnú Nádúrtha), sa bhliain 1859. Rinne an foilseachán seo athmhúnlú radacach ar na heolaíochtaí nádúrtha go léir, nó chuir sé an dearcadh dinimiciúil in áit na tuisceana stataí a bhí ag na daoine ar an mbeatha agus ar an saol go dtí sin. Is é sin, má chreid na heolaithe roimh lá Darwin go raibh an nádúr do-athraithe, is é an síor-athrú is bunchloch don tuiscint eolaíochtúil ar an nádúr agus ar an dúlra ina dhiaidh. 

Ba é Darwin an chéad duine a bhuanaigh an éabhlóid mar theoiric, ó bhí sé in ann fórsa a tiomána, is é sin, an roghnú nádúrtha, a mhíniú go sásúil, ach glactar leis go raibh an-lámh ag Alfred Russel Wallace i bhforbairt na teoirice chomh maith. Nuair a fuair na bitheolaithe nua-aimseartha amach faoin ngéineolaíocht, faoin ADN agus faoi mhacasamhlú an ADN, chuir siad míniú breise leis an scéal, mar atá, fánaíocht na ngéinte.

Úsáideann bitheolaithe an lae inniu córas rangaithe a bhunaigh an bitheolaí Sualannach, Carolas Linnaeus (1707—1778).

Rangaigh Linnaeus gach ainmhí agus plánda dá raibh ar eolas aige ina saghsanna, agus thug sé sainainm faoi leith ar gach saghas. 

Is í an Tacsanamaíocht an eolaíocht ina rangaítear rudaí beo.

Rangaítear na horgánaigh bheo de réír na gcosúlachtaí/na ndifríochtaí a bhíonn acu/eatarthu.

Go dtí le déanaí, bhí cúig phríomhrangú in úsáid (na Cúig Ríochtaí):

 
Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn formhór na n-eolaithe den tuairim go bhfuil an rangú seo míchruinn agus as dáta.

Rangaítear rudaí beo i dtrí Ríocht san tacsanamaíocht nua-aimseartha mar seo a leanas;

Archaea (i gcéaduair mar Archaebacteria) — Baictéir (i gcéaduair mar Eubacteria) — Eukaryota.

Grúpáiltear Géinis i bhFine, Finte in Ord mar seo a leanas;

Speiceas, Géineas, Fine, Ord, Rang, Fíleam agus Ríocht.

Rangaíodh daonnaithe uile an domhain in aon speiceas amháin, sé sin Homo sapiens.

Tá 'Homo sapiens' rangnaithe mar seo; Ríocht-Ainmithe, Fileam-Chordata, Rang-Mammalia, Ord-Primates, Fine-Hominidae, Géineas-Homo, Speiceas-sapiens.

Creidtear go bhfuil sinsearach uilechoiteann ag gach neach atá beo.

Is é is brí le 'hoimeastáis' ná an cumas oiriúnaithe atá ag córais oscáilte, timpeallacht inmheánacha a rialú agus coinníollacha atá cobhsaí nó seasmhach a bhaint amach.

Tagann an focal bitheolaíocht ó na focail beatha agus eolaíocht—ina bhfuil eolaíocht an t-ábhar a bhaineann le heolaí (duine a phléann le heolas). Tá sé cosúil leis na focail i roinnt teangacha Eorpacha eile a thagann ó na focail Ghréigise βιos bios (rud beo) agus λoγos, logos (cuntas réasúnta).




#Article 170: An tAontas Eorpach (4697 words)


Is eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta é an tAontas Eorpach (AE). Tá seacht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Tá daonra de thuairim is 447 milliún aige.

Is é Aontaithe san éagsúlacht a mhana. Is é an euro (€) an t-airgeadra i bhformhór na dtíortha san Aontas Eorpach. Déantar 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud an Aontais mar Lá na hEorpa.

Bunaíodh an tAontas Eorpach sa bhliain 1993 nuair a síníodh Conradh Maastricht. Ina dhiaidh sin, ba mhinic a n-úsáideadh an frása an tAontas Eorpach agus tagairt á dhéanamh don Aontas Eorpach agus don Chomhphobal Eorpach in éineacht. Is le Conradh Maastricht a athraíodh ainm an Chomhphobail ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa go dtí an Comhphobal Eorpach. Tháinig deireadh leis an idirdhealú seo nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm sa bhliain 2009.

Tá 27 dtír neamhspleácha ceannasacha san Aontas Eorpach agus tugtar “Ballstáit” orthu. Is iad na tíortha seo a leanas Ballstáit an Aontais Eorpaigh: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Ostair, an Rómáin, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSlóivéin, an tSualainn agus an Ungáir.

Glacadh leis an Ríocht Aontaithe mar bhallstát ó 1973 go dtí Eanair na bliana 2020 nuair a dh'fhágadar an tAontas.

Tá cúig thír ann atá ina n-iarrthóirí oifigiúla – sin iad an Íoslainn, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc. Thug an Albáin a iarratas don AE i Mí Aibreáin 2009, agus glactar leis an Bhoisnia-Heirseagaivéin go hoifigiúil mar iarrthóirí ionchasacha. Tá an Chosaiv luaite ag an gCoimisiún Eorpach mar iarrthóir ionchasach ach ní luann sé mar thír neamhspleách í mar ní thugann gach Ballstát aitheantas di mar thír neamhspleách atá scartha ón tSeirbia.

Caithfear coinníollacha áirithe a chomhlíonadh sula bhféadfaidh tír nua dul isteach san AE. Shocraigh an Chomhairle Eorpach na coinníollacha seo i 1993 agus tugtar Critéir Chóbanhávan orthu. Is iad na coinníollacha ná:

Ní shonraíonn an creat atá anois ann conas is féidir le tír imeacht as an AE (cé gur fhág an Ghraonlainn críoch na Danmhairge i 1985) ach tá nós imeachta foirmiúil ina leith sin i gConradh Liospóin.

Cé nach bhfuil an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis ina mBallstáit san AE, tá caidreamh comhlachais acu leis an AE: is páirt den mhargadh aonair iad an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua mar tá siad i Limistéar Eacnamaíochta na hEorpa agus tá naisc den chineál céanna ag an Eilvéis trí chonradh déthaobhach. Maidir leis na micreastáit Eorpacha, úsáideann Andóra, Monacó, San Mairíne agus Cathair na Vatacáine an euro.

Dh'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar an aonú lá is tríocha d'Eanair 2020, mar thoradh ar an reifreann a tharla i Meitheamh 2016 inar vótáil tromlach beag ar son an tAontas a fhágáil. San am i láthair glactar leis go mbeidh idirthréimhse ann idir Feabhra 2020 agus deireadh mhí na Nollag 2020, agus le linn an ama seo beidh idirbheartaíocht ar bun idir ionadaithe an dá thaoibh le go n-aontófar comhaontú trádála ionas gur féidir le comhlachtaí leanstan ar aghaidh lena gcuid ghnó as seo amach (trasna na teorainne idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann) mar a ghní siad faoi láthair.

Ní hionann críoch an AE agus críoch na hEorpa, mar tá cuid den mhór-roinn nach bhfuil san AE, mar shampla an Íoslainn, an Ríocht Aontaithe, an Eilvéis, an Iorua agus an Rúis Eorpach. Níl gach páirt de na Ballstáit san AE cé gur cuid de mhór-roinn na hEorpa iad (mar shampla Oileáin Fharó ar le Ríocht na Danmhairge iad ach nach cuid den AE iad). Cé go bhfuil roinnt críoch ann nach bhfuil i limistéar geografach na hEorpa ach a bhfuil socruithe comhlachais eatarthu agus na Ballstáit, níl siad san AE féin (mar shampla an Ghraonlainn, Aruba agus Aintillí na hÍsiltíre). Tá roinnt críoch thar lear ar cuid den AE iad cé nach bhfuil siad i limistéar geografach na hEorpa – mar atá na hAsóir, na hOileáin Chanáracha, Ceuta, Guáin na Fraince, Guadeloupe, Maidéara, Martinique, Melilla agus La Réunion.

Is 4,422,773 ciliméadar cearnach achar an Aontais Eorpaigh. Níl ach sé thír ar domhan níos mó ná críoch iomlán an AE. Is é Mount Blanc sna hAlpa an bhinn is airde san Aontas agus tá sé 4,807 méadar os cionn leibhéal na farraige. Tá 69,342 ciliméadar de chósta ag an AE. Is ag an Aontas atá an dara cósta is faide ar domhan (is é cósta Cheanada an ceann is faide). Roinntear teorainn an Aontais le 21 thír eile nach Ballstáit den Aontas iad. Tá 13,454 ciliméadar de theorainn ann – an cúigiú teorainn is faide ar domhan.

Agus críocha thar lear na mBallstát á gcur san áireamh, tá beagnach gach cineál aeráide san AE. Mar sin, ní féidir 'gnáthaeráid' a lua leis an AE ina iomláine. Go deimhin, tá cónaí ar fhormhór an daonra i limistéir ina bhfuil aeráid mheánmhuirí (Deisceart na hEorpa), aeráid mheasartha aigéanach (Iarthar na hEorpa) nó aeráid ilchríochach teo-shamhraidh (Oirthear na hEorpa).

Níl catalóg de chearta bunúsacha ag an AE i láthair na huaire. Ach tugann Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach breithiúnais faoi chearta bunúsacha a thagann as na traidisiúin bhunreachtúla atá i gcoiteann ag na Ballstáit agus is féidir léi reachtaíocht an AE a chur ó bhailíocht mura ngéilleann sí do na cearta bunúsacha sin. Cé gur féidir a rá go bhfuil cód neamhscríofa de chearta bunúsacha ag an AE, rinneadh iarracht ó am go chéile catalóg scríofa a bhunú. I 2000, d’ullmhaigh an AE an Chairt um Chearta Bunúsacha.

Cé gur coinníoll ballraíochta den AE é daingniú an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, níl an AE faoi chumhdach an choinbhinsiúin fós. Sa bhliain 2020, tá idirbheartaíocht ar siúl idir an dá thaobh. Níor stop sé sin, an Chúirt Bhreithiúnais ó aitheantas a thabhairt do na prionsabail atá i bpáirt ag na Ballstáit uile (i.e. an Coinbhinsiún um Chearta an Duine), agus is dealraitheach go mbíonn aird ag gCúirt Bhreithiúnais agus an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar rialuithe a chéile chun a áirithiú nach bhíonn a gcásdlí ar neamhréir lena chéile.

Tá ról ag an AE i mbeartas eachtrach agus mar sin seasann sé dá Bhallstáit san Eagraíocht Dhomhanda Trádála, ag chomhdhálacha G8 agus sna Náisiúin Aontaithe. Tá 22 thír den AE ina mbaill d’ECAT. Tá ról aige, chomh maith, sa réimse ceartais agus gnóthaí baile ina n-áirítear díothú rialaithe pas idir roinnt Ballstát faoi Chomhaontú Schengen.

Oibríonn an AE trí chóras croschineáil – sin meascán idir-rialtais agus fornáisiúnachais. I roinnt réimsí, braitheann an tAontas ar chomhaontú idir na Ballstáit. Ach tá eagrais fornáisiúnacha ann chomh maith agus is féidir leo cinntí a dhéanamh gan aontoilíocht idir gach rialtas náisiúnta. Tá Coimisiúin na hEorpa, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, An Chomhairle Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach go dtí 30/11/2009) agus an Banc Ceannais Eorpach ar na hinstitiúidí is tábhachtaí san AE. Toghtar an Parlaimint gach cúig bliana agus is iad saoránaigh an AE a vótálann.

Deirtear go minic go bhfuil 3 limistéar freagrachta ar an AE, nó colúin mar a dtugtar orthu. Is iad beartais bhunaidh an Chomhpobail Eorpaigh atá sa chéad cholún agus is é an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála atá sa dara colún. Ar dtús, ba ceartas agus gnóthaí baile a bhí sa tríú colún ach is comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla a dtugtar anois air, de bharr athruithe ar tugadh isteach le Conarthaí Amstardam agus Nice. D’fhéadfaí cur síos ar an dara agus an tríú colún mar cholúin idir-rialtasacha mar nach bhfuil ról mór ag an gCoimisiún, ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gCúirt Bhreithiúnais - ar institiúidí fhornáisiúnta iad - iontu. Sna colúin sin, tá ról ceannaireachta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh (nó Comhairle na nAirí, mar a dtugtaí uirthi) agus ag an gComhairle Eorpach (na ceannairí Stáit agus Rialtais), agus is institiúidí idir-rialtasacha iad sin. Déantar an chuid is mó de ghníomhachtaí an AE faoin gcéad cholún – colún an Chomhphobail. Tá an tionchar is mó ag na hinstitiúidí fornáisiúnta sa cholún sin agus déileálann an colún lena lán cúrsaí eacnamaíochta.

Tá gníomhachtaí an AE rialaithe trí roinnt institiúidí agus comhlachtaí. Comhlíonann siad na cúraimí agus na beartais atá sainithe sna conarthaí. Faigheann an AE a cheannasaíocht pholaitiúil ón gComhairle Eorpach, na ceannairí Stáit nó Rialtais i dteannta le hUachtarán an Choimisiúin. (Is é nó í an ceannaire Rialtais a dhéanann ionadaíocht ar an mBallstát de ghnáth, ach i réimsí áirithe (agus i gcás cúpla Ballstát) tugtar an t-údarás sin don cheannaire Stáit.) Tá cúnamh le fáil ag gach ionadaí Ballstáit ó Aire Gnóthaí Eachtracha a thíre féin. Úsáideann an Chomhairle a ról ceannaireachta chun conspóidí idir na Ballstáit agus na hinstitiúidí, mar aon le géarchéim agus easaontais pholaitiúla faoi cheisteanna agus faoi bheartais chonspóideacha a réiteach.

Is uachtaránach ar bhonn uainíochta a bhíonn ar an gComhairle – bíonn gach Ballstát, ina sheal féin, ina uachtarán ag an gComhairle ar feadh sé mhí agus le linn an ama sin eagraíonn siad cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Comhairle na nAirí). Is iondúil go dtapaíonn an Ballstát a bhíonn i gceann na huachtaránachta a dheis chun clár oibre áirithe a stiúradh – mar shampla leasú eacnamaíochta, athchóiriú an AE nó méadú agus lánpháirtiú Eorpach a chur chun cinn. Bíonn cruinniú ag an gComhairle Eorpach ceithre huaire sa bhliain ag Comhdhálacha Eorpacha, mar a thugtar orthu.

Ní hionann an Chomhairle Eorpach agus Comhairle na hEorpa, eagraíocht idirnáisiúnta atá neamhspleách ar an AE. Ach is comhalta de Chomhairle na hEorpa Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, tá coinbhinsiúin srl. Chomhairle na hEorpa ina gceangal go hindíreach ar an Aontas Eorpach.

Is é an Coimisiún Eorpach feidhmeannas an AE agus tá sé freagrach as reachtaíocht a thionscnamh agus gnóthaí an AE a reáchtáil ó lá go lá. Tá sé ceaptha go ngníomhódh an Coimisiún ar son leasa an AE ina iomláine, murab ionann agus an Chomhairle Eorpach nó Comhairle an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an claonadh iontu a bheith dílis dá leas náisiúnta féin. Deirtear gurb é an coimisiúin is údar spreagtha do lánpháirtiú na hEorpa. Faoi láthair, tá 28 gcoimisinéir (duine as gach Ballstát) sa Choimisiún agus tá a réimse freagrachta beartais féin ag gach duine díobh. Cuireann gach Ballstát a n-ainmniúchán féin don Choimisiún faoi bhráid na Comhairle (ag gníomhú di ina gceannairí Stáit nó Rialtais), agus bíonn de chúram ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle Eorpach Uachtarán an Choimisiúin, agus an 'coláiste' de Choimisinéirí a fhormheas. Sa lá atá inniu, is comhcheangal an láir, idir Páirtí Eorpach an Phobail (lár-dheas), Páirtí Sóisialta na hEorpa (lár-chlé), agus Comhaontas Liobrálach Daonlathach na hEorpa (lár-liobrálach), atá ag rialú sa Choimisiún, agus 62.3% suíomhanna (474 as 750 san iomlán) Pharlaimint na hEorpa acu.

Is í Parlaimint na hEorpa tionól díreach-tofa an AE. Is é a ról ná an Coimisiún Eorpach a fhormheas nó a scoireadh, in éindí leis an gComhairle Eorpach, agus reachtaíocht curtha roimpi ag an gCoimisiún a phlé agus a vótáil. Toghann saoránaigh an AE na 750 Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) go díreach gach 5 bliana. Cé go dtoghtar na FPE ar bhonn náisiúnta, suíonn siad de réir grúpaí pholaitiúla seachas de réir a náisiúntachta. Tá líon seasta feisirí ag gach tír. Ar thogra ón gCoimisiún, ritheann an Pharlaimint agus an Chomhairle (Comhairle an Aontais Eorpaigh) reachtaíocht go comhpháirteach i limistéir áirithe – tugtar an chomhchinnteoireacht air seo.

Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, tá réimse na comhchinnteoireachta seo leathnaithe go dtína lán réimsí eile. Go deimhin, is í an chomhchinnteoireacht a bheidh mar an 'gnáthnós reachtaíochta'. Tá de chumhacht ag an bParlaimint chomh maith an Coimisiún a cháineadh as míghníomh agus féadfaidh sí diúltú glacadh le buiséad an AE. Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a ghníomhaíonn mar Cheann Comhairle sa Pharlaimint agus déanann sí nó sé ionadaíocht ar an bParlaimint sa tsaol mór. Toghann na FPEanna an t-uachtarán agus na leasuachtaráin gach dhá bhliain go leith.

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh údarás reachtach an AE (a ngníomhaíonn an Pharlaimint i gcomhpháirt léi i réimsí áirithe). Déantar ionadaíocht ar gach Ballstát ar an gComhairle, tríd an Aire atá freagrach as an ábhar atá á phlé a bheith i láthair. (Tarlaíonn sé amanna go mbíonn feidhmeannaigh státseirbhíse i láthair thar ceann na nAirí.) Mar shampla, tá an Chomhairle Talmhaíochta comhdhéanta de na hAirí Talmhaíochta agus mar sin de. Cé go gcruinníonn an Chomhairle i gcomhdhéanaimh dhifriúla, meastar gur aon institiúid amháin í. Dá bharr sin, feidhmíonn an Chomhairle na feidhmeanna cur chun feidhme maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála.

Tá an chraobh bhreithiúnach déanta de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (CBE - Is Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar uirthi i gConradh Liospóin) agus Chúirt Chéadchéime. Le chéile, léirmhíníonn siad conarthaí agus dlí an AE agus cuireann siad i bhfeidhm iad. Déileálann an Chúirt Chéadchéime den chuid is mó le cásanna ó phearsana aonair agus ó chomhlachtaí agus déileálann an CBE le cásanna ó na Ballstáit, na hInstitiúidí agus cásanna a tharchuirtear chuici ó Chúirteanna na mBallstát. [Níl an dá abairt seo baileach cruinn - le ceartú!] Ní féidir achomharc a dhéanamh ó bhreith na Cúirte Céadchéime ach ar phonc dlí amháin. Tá Binse speisialta ann freisin a dhéileálann le cásanna na seirbhíse poiblí ar leibhéal na hEorpa.

Tá córas dlí an AE bunaithe ar shraith conarthaí. Is leis na conarthaí sin a cruthaíodh an Comhphobal Eorpach agus an tAontas Eorpach. Leasaíodh iad roinnt uaireanta le conarthaí leasaithe nó le conarthaí aontachais i.e. conarthaí a lig Ballstáit nua isteach sa Chomhphobal/Aontas. Conarthaí a thugann cumhacht atá iontu agus leagann siad aidhmeanna beartais leathana amach agus cruthaíonn siad institiúidí a bhfuil na cumhachtaí dlíthiúla is gá acu chun na haidhmeanna sin a chur i bhfeidhm. Cuimsíonn na cumhachtaí dlíthiúla seo an cumas reachtaíocht a achtú. Bíonn cuid den reachtaíocht seo infheidhme go díreach sna Ballstáit agus bíonn cuid eile di a shonraíonn creat a gcaithfidh na Ballstáit a ndlíthe féin a rith chun an sprioc iontu a chomhlíonadh. Ní mór do na cúirteanna náisiúnta na conarthaí atá daingnithe ag an mBallstát a fhorghníomhú agus dá réir sin, na dlíthe atá achtaithe faoi na conarthaí, fiú mura mbíonn siad ag teacht le dlíthe náisiúnta.

Is Rialacháin agus Treoracha príomhghníomhartha reachtacha an AE. Ní bhíonn ar Bhallstát beart feidhmiúcháin ar bith a dhéanamh chun go dtiocfadh rialachán i bhfeidhm ina gcríoch féin. Nuair a thagann siad i bhfeidhm, bíonn tús áite acu ar fhorálacha sa dlí náisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ar neamhréir leo. Maidir le Treoracha, bíonn ar na Ballstáit toradh áirithe a chur i gcrích ach fágtar fúthu féin an slí leis an toradh sin a chur i gcrích. Nuair a chaitear an tréimhse ama a bhíonn sonraithe chun treoir a thrasuíomh sa dlí náisiúnta, uaireanta agus faoi choinníollacha áirithe, gabhann éifeacht dhíreach leis an Treoir i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Gníomhartha dlíthiúla is ea cinntí agus dírítear chuig pearsana nó cuideachtaí sonraithe iad. Úsáidtear de ghnáth iad i nDlí na hIomaíochta nó rialuithe ar Chabhracha Stáit. Ach úsáidtear go minic iad le haghaidh cúrsaí nós imeachta nó riaracháin laistigh de na hInstitiúidí. Tá feidhm dhlíthiúil chothrom ag rialacháin, treoracha agus cinntí agus tá feidhm acu gan céimiúlacht fhoirmiúil.

Tá ról tábhachtach ag cúirteanna náisiúnta na mBallstát maidir le forghníomhú na ndlíthe AE. Deirtear sna conarthaí go ngníomhóidh an AE agus na cúirteanna náisiúnta “de mheon dlúthpháirtíochta”. Is féidir leis na cúirteanna náisiúnta iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar léiriú nó bailíocht reachtaíochta an AE má mheasann an chúirt go bhfuil gá le cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt. Ach is ag cúirteanna an AE amháin atá an ceart a dhearbhú go bhfuil reachtaíocht an AE neamhbhailí.

Tá margadh aonair ag an AE agus forbraíodh é sin trí chóras caighdeánaithe dlíthe atá i bhfeidhm i ngach Ballstát. Ráthaíonn na dlíthe sin saorghluaiseacht daoine, seirbhísí, earraí agus caipitil. Tá comhbheartas trádála, comhbheartas talmhaíochta, comhbheartas iascaigh chomh maith le beartas forbartha réigiúnaí i bhfeidhm san Aontas.

Chruthaigh an AE margadh eacnamaíochta aonair ar fud chríocha a Ballstáit. Faoi láthair, úsáidtear airgeadra aonair in 16 Bhallstát – limistéar an euro. Meastar gur eacnamaíocht aonair í eacnamaíocht an AE. I 2007, bhí oltáirgeacht intíre (OTN) ainmniúil de US$16.83 trilliún ag an AE – ba shin 31% de tháirgeacht eacnamaíochta iomlán an domhain agus mar sin tá an eacnamaíocht is mó ar domhan ag an AE de réir OTN ainmniúil. Is í eacnamaíocht an AE an dara bloc trádála eacnamaíochta is mó ar domhan ó thaobh luacháil PPP de OTN [?]. Chomh maith leis sin, is é an t-onnmhaireoir earraí is mó ar domhan é, an dara allmhaireoir is mó ar domhan, agus an páirtí trádála is mó do roinnt tíortha móra mar An India agus An tSín.

Aontaíonn na Ballstáit buiséad an Aontais Eorpaigh ar bhonn ilbhliantúil tar éis dóibh togra a fháil ón gCoimisiún Eorpach. D'imigh an buiséad deiridh in éag i 2006 agus caithfear buiséad nua a aontú do na blianta 2007-2013. Cuireadh tús leis na pléite ar an mbuiséad nua i 2004. Clúdóidh an socrú nua buiséad d'Aontas ina bhfuil seacht mBallstát is fiche le leibhéil éagsúla forbartha eacnamaíochta agus sóisialta bainte amach acu.

Maidir le forbairt talmhaíochta agus tuaithe de, tá an Comhbheartas Talmhaíochta, ar a dtugtar an CAP nó an Common Agricultural Policy as Béarla, á athchóiriú faoi láthair. Bunaíodh creat dleathach ar ar tugadh an Comhbheartas Iascaigh nó Common Fisheries Policy (CFP) i 1983. Seo an beartas faoina bhfuil forbairt na n-earnálacha iascaigh curtha i bhfeidhm. Rinneadh athbhreithniú agus athchóiriú air sa bhliain 1992 agus arís ag deireadh na bliana 2002. Tá an bhéim curtha ar chaomhnú agus ar fhorbairt stoic sa CFP.

Is iad seo institiúidí an AE, mar atá:

Faoi Chonradh Liospóin, déantar Institiúid freisin de:

Is iad seo comhlachtaí an AE, mar atá:

Measadh, i mí Eanáir 2009, go raibh 503,492,041 duine ina gcónaí sna 28 mballstát. In Eanáir na bliana 2020 bhí 446,834,579 duine ina gcónaí sna 27 mballstát.

Tá 5.76% de dhaonra an domhain ina gcónaí san AE ach ní chlúdaíonn an AE ach 3% de thalamh an domhain. Tá dlús daonra de 113km² (44 míle cearnach) ag an AE. Tá an trian de shaoránaigh an AE ina gcónaí i gcathracha a bhfuil thart ar milliún duine iontu agus cónaíonn 80% i limistéir uirbeacha go ginearálta. Tá níos mó cathracha domhanda san AE ná mar atá in aon réigiún eile ar domhan. Tá 16 chathair san AE a bhfuil daonra os cionn milliún duine iontu.

Chomh maith le cathracha móra, tá roinnt réigiún san AE a bhfuil dlús ard daonra iontu, áiteanna a bhfuil roinnt cathracha gar dá chéile agus a bhfuil limistéir mhóra ina gceart féin cruthaithe acu: Na réigiúin is mó ná Rhine-Ruhr (Köln, Dortmund, Düsseldorf srl.) ina bhfuil timpeall agus 10.5 milliún duine, Randstad (Amstardam, Rottardam, An Háig, Utrecht srl.) ina bhfuil timpeall agus 7 milliún duine, an Réigiún Frankfurt Rhein-Main (Frankfurt, Wiesbaden srl.) ina bhfuil timpeall agus 5.8 milliún duine, an muileata Pléimeannach (limistéar uirbeach idir Antwerpen, an Bhruiséil, Leuven agus Gent) ina bhfuil timpeall agus 5.5 milliún duine, Réigiún Tionsclaíoch na Siléisea Uachtair (Katowice, Sosnowiec srl.) ina bhfuil timpeall agus 3.5 milliún duine agus an Réigiún Oresund (Cóbanhávan, An Danmhairg agus Malmö, An tSualainn) ina bhfuil timpeall agus 2.5 milliún duine.

Tá 24 teanga oifigiúil agus oibre ag an AE: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, agus Ungáiris. Aistrítear doiciméid thábhachtacha, mar shampla reachtaíocht, go gach teanga oifigiúil. Déanann Parlaimint na hEorpa aistriúchán i ngach teanga ar dhoiciméid agus ar a seisiúin iomlánacha. Ní úsáideann roinnt institiúidí eile ach cúpla teanga mar theangacha inmheánacha oibre. Is iad na Ballstáit atá freagrach as an bpolasaí teanga, ach cuireann institiúidí an AE béim ar theangacha eile a fhoghlaim.

Is í an Ghearmáinis an teanga is mó a labhraítear mar theanga dhúchais (timpeall agus 88.7 milliún duine ó 2006), agus ansin leanann Iodáilis agus Fraincis (bhíodh an Béarla sa dara háit sular fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas in Eanáir 2020). Labhraíonn níos mó ná leath de dhaonra an AE (51%) Béarla agus mar sin is é an teanga iasachta is mó labhartha san Aontas é. Leanann an Ghearmáinis agus an Fhraincis. Is féidir le 56% de shaoránaigh Eorpacha comhrá a choinneáil i dteanga eile seachas a dteanga dhúchais.

Teangacha Ind-Eorpacha is ea formhór theangacha oifigiúla an AE, seachas an Eastóinis, an Fhionlainnis agus an Ungáiris den fhine Úralach agus Máltais ar teanga Seimíteach í. Scríobhtar an chuid is mó de theangacha oifigiúla an AE san aibítir Laidineach, seachas Bulgáiris a scríobhtar san aibítir Chirileach agus an Ghréigis a scríobhtar san aibítir Gréagach.

Chomh maith leis na 24 theanga oifigiúil, tá timpeall 150 teanga réigiúnacha agus neamhfhorleathana san Aontas á labhairt ag timpeall 50 milliún duine. As na teangacha sin, is féidir le saoránaigh comhfhreagras a dhéanamh le príomhinstitiúidí an AE i dteangacha réigiúnacha na Spáinne (Catalóinis, Bascais agus Gailísis), i nGaeilge na hAlban agus sa Bhreatnais. Cé go dtugann cláir an AE tacaíocht do theangacha réigiúnacha agus neamhfhorleathana, is ceist do na Ballstáit féin é cosaint na dteangacha úd.

Seachas na teangacha réigiúnacha, labhraíonn pobail imirceacha sna Ballstáit a lán teangacha ó chodanna eile den domhan: Tuircis, Araibis, Rúisis, Urdais, Beangáilis, Hiondúis, Tamailis, Úcráinis, Puinseáibis agus teangacha Balcánacha. Tá a lán seanphobal imirceach dátheangach. Níl aon aitheantas nó stádas foirmiúil ag teangacha imirceacha san AE nó i dtíortha an AE, ach ó 2007 tá na teangacha sin i dteideal tacaíocht a fháil ó rannóg teagaisc teangacha an AE, Clár Foghlama Saoil 2007-2013.

Is comhlacht tuata é an AE agus mar sin níl aon nasc foirmiúil aige le haon chreideamh agus ní luaitear aon chreideamh in aon chonradh atá faoi láthair ann nó atá beartaithe. I rith pléití faoi dhréacht-téacsanna an Bhunreachta don Eoraip agus níos déanaí Chonraidh Liospóin, bhí tograí ann chun An Chríostaíocht agus/nó Dia a lua i mbrollach an téacs, ach sa deireadh diúltaíodh do na tograí sin.

Is é an fáth go bhfuil béim mar sin ar Chríostaíocht ná gurb í an Chríostaíocht an creideamh is fairsinge san Eoraip, agus mar sin san AE. Cuimsítear na reiligiúin seo a leanas leis an gCríostaíocht: an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, iomad eaglaisí Protastúnacha (go háirithe i dtuaisceart na hEorpa) agus an Eaglais Cheartchreidmheach (in oirdheisceart na hEorpa). Tá creidimh eile san AE mar Ioslam agus Giúdachas. Measadh go raibh daonra Moslamach de 16 mhilliún duine san Eoraip i 2006 agus daonra Giúdach de níos mó ná milliún duine.

De réir pobalbhreitheanna Eurobarometer ó Eurostat, tá claonadh éigin i dtreo an chreidimh ag formhór shaoránaigh an AE, ach ní mheasann ach 21% díobh gur rud tábhachtach é. Tá an méid aindiachaithe i measc an phobail i gcoitinne san Eoraip ag méadú agus tá laghdú ag teacht ar an mballraíocht in eaglaisí agus freastal ar sheirbhísí diaga. Dar le Eurobarometer i 2005, as na 25 Ballstát ag an am sin, chreid 52% de na daoine i nDia, chreid 27% i spioradáltacht éigin agus ní raibh aon chineál chreidimh ag 18% de na daoine. Ba iad Poblacht na Seice agus An Eastóin na tíortha ina raibh an líon daoine ba lú creidimh (19% i bPoblacht na Seice agus 16% san Eastóin). Ba iad Málta, An Chipir agus An Rómáin na tíortha ba reiligiúnda (95% Caitliceach i Málta agus 90% de shaoránaigh na Cipire agus na Rómáine ag creideamh i nDia). Ar fud an AE, ba i measc na mban ba mhí a bhí creideamh le sonrú, agus is airde a céatadán de dhaoine a chreid sna catagóirí seo a leanas: daoine aosta, daoine a fuair oiliúint reiligiúnda, daoine a d'fhág an scoil ag 15 bliana d'aois le hoideachas bunúsach agus na daoine den eite dheas.

Creidimh tábhachtacha eile san AE is ea an Búdachas, an Hiondúchas agus an Saíceachas. Tá an Hiondúchas agus an Saíceachas an-láidir sa Ríocht Aontaithe.

Tar éis dheireadh an Dara Cogaidh Domhanda, ceapadh go mbeadh sé níos fearr an Eoraip a aontú chun éalú ón náisiúnachas antoisceach a scrios an mhór-roinn.

Ceann de na hiarrachtaí ba ea an Comhphobal Eorpach do Ghual agus do Chruach. Rialú lárnaithe na seantionscal náisiúnta guail agus cruach a bhí mar phríomhaidhm ag an gComhphobal, agus dearbhaíodh gurbh í an chéad chéim í chun Cónaidhm Eorpach a bhaint amach. Ba iad an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Ghearmáin Thiar na Ballstáit a bhunaigh an Comhphobal.

D'eascair an tAE as an gComhphobail Eorpach do Ghual agus do Chruach agus as Conarthaí na Róimhe. Bunaíodh an CEGC sa bhliain 1951 le sé thír agus síníodh Conarthaí na Róimhe sa bhliain 1957. Síníodh dhá Chonradh sa Róimh, an Conradh CEE agus Conradh Euratom. Ó shin i leith tá méadú ag teacht ar an AE agus ar an gcumhacht atá aige maidir le beartais nua.

Cruthaíodh dhá Chomhphobal eile i 1957: Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) a chruthaigh aontas custaim agus an Comhphobal Eorpach d'Fhuinneamh Adamhach a cruthaíodh chun chomhoibriú maidir le forbairt fuinnimh núicléach a chothú. I 1967, chruthaigh Conradh na Brúiséile sraith amháin institiúidí do na trí chomhphobal. Anois tugadh na Comhphobail Eorpacha ar na trí chomhphobal ach tugadh an Comhphobal Eorpach orthu go coitianta.

I 1973 mhéadaigh líon na mBallstát nuair a chuaigh an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe leis an gComhphobal. Tháinig an Iorua ar chomhréiteach ag an am céanna ach d’fhan sí as an gComhphobal de dheasca torthaí reifrinn. I 1979, bhí toghchán díreach, daonlathach do Pharlaimint na hEorpa ann den chéad uair.

Chuaigh an Ghréig, an Spáinn agus an Phortaingéil leis an gComhphobal sna 1980idí. I 1985, cruthaíodh Comhaontú Schengen lenar díothaíodh rialacha pas idir an chuid is mó de na Ballstáit. I 1987, thosaigh an CE ag úsáid na brataí Eorpaí agus shínigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais an Ionstraim Eorpach Aonair.

I 1990, tar éis don Chuirtín Iarainn treascairt, athaontaíodh an Ghearmáin agus mar sin chuaigh an Ghearmáin Thoir isteach sa Chomhphobal. Aontaíodh critéir Chóbanhávan, critéir a bheadh i le comhlíonadh ag na tíortha a bheadh ag iarraidh teacht isteach sa Chomhphobal Eorpach, mar a tugadh air an tráth sin.

Bunaíodh an tAontas Eorpach go foirmiúil nuair a tháinig Conradh Maastricht i bhfeidhm an 1 Samhain 1993.

Sa bhliain 1995 chuaigh an Ostair, an tSualainn agus an Fhionlainn isteach san AE.

Socraíodh rátaí malairte na n-airgeadraí náisiúnta leis an euro i dtíortha limistéar an euro ar an 31 Nollaig 1998 (ansin sa bhliain 2002 ghabh nótaí agus boinn euro ionad airgeadraí náisiúnta i 12 de na Ballstáit ag an am; tá méadú tagtha ó shin ar an limistéar euro agus anois tá 17 thír ann; ghlac an tSlóivéin leis an euro sa bhliain 2007).

Fógraíodh go raibh na deighiltí polaitiúla idir oirthear agus iarthar na hEorpa leigheasta ar deireadh tráth a tháinig 10 dtír nua isteach san Aontas Eorpach in 2004.

I 2004, tharla an méadú ba mhó go dtí seo nuair a chuaigh Málta, an Chipir, an tSlóivéin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Ungáir isteach san Aontas.

An 1 Eanáir 2007, chuaigh an Rómáin agus an Bhulgáir san Aontas.

Bhuail géarchéim airgeadais an geilleagar domhanda i Meán Fómhair 2008. Dhaingnigh tíortha uile an Aontais Eorpaigh Conradh Liospóin. Shín ceannairí Bhallstáit na hEorpa Conradh Liospóin i mí na Nollag sa bhliain céanna chun ionad Bhunreacht na hEorpa a ghabháil. Tháinig sé i bhfeidhm in 2009. Dá bharr sin, bhíothas in ann institiúidí nua-aoiseacha agus modhanna oibre éifeachtúla a chur ar bun don Aontas Eorpach.

Ar an 1 Iúil 2013, chuaigh an Chróit isteach san Aontas.

D'éirigh an Ríocht Aontaithe as ballraíocht an Aontais Eorpaigh ar 31ú Eanáir 2020, 3 bliana go leith i ndiaidh don reifreann ballraíochta i Meitheamh 2016 an cinneadh a dhéanamh scaradh ón chomhphobal Eorpach. Go nuige seo is í an RA an t-aon tír a d'fhág an tAontas. Beidh idirthréimhse bheartaíochta ar siúl idir seo agus deireadh 2020 chun teacht ar shonraithe chun margadh trádála a chur ar bun idir an RA agus an tAE feasta.




#Article 171: Planda (112 words)


Is éard is planda ann , ar a dtugtar freisin planda glas nó Viridiplantae sa Laidin, ná orgánach ilcheallach den ríocht Plantae. Cruthaíonn siad clád a fholaíonn na plandaí bláthanna, buaircínigh agus gimnispeirmí eile, raithneacha, garbhógaí, Anthocerotophyta, Marchantiophyta agus caonaigh, chomh maith, leis na algaí glasa, ag brath ar shainmhíniú.
Dhealaigh Arastotail gach uile rud beo i ndá dhream, plandaí, a bheith, de ghnáth gan baill céadfaigh agus gluaiseacht agus ainmhithe. D'aithin an córas Linnaeus dhá Ríocht, an Ríocht Vegetabilia (níos déanaí Plantae) agus an Ríocht Animalia. Ina dhiaidh sin áfach, rinneadh trí ríocht eile, Prokaryotae, Proctista agus Fungae ón Ríocht Plantae. 

Seo a leanas na ceithre phríomhfhíleam i Ríocht na bPlandaí.




#Article 172: Fungas (294 words)


Is orgánach eocarótach é an Fungas a bhaineann leis an ríocht Fungi. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar Eumycota (fíor-fhungais nó Eumycetes) orthu, agus iad difriuil leis na slam-mhúscáin (myxomycetes) agus na huisce-mhúscáin (oomycetes). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le lobhadh agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu freisin chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh. Tugtar an mhíceolaíocht ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a luaitear leis an Luibheolaíocht é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí. 

Tá an iliomad saghsanna ann. Tá cuntas foirmiúil le fáil ar thimpeall 100,000 spéiceas, ach níl láneolas againn fós ar éagsúlacht na bhfungas.

De ghnáth cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí spórú agus is minic sain-struchtúir nó spórthorthaí ann chuige. Chuaigh de chumas roinnt fungas struchtúr atáirgeach a chruthú, agus nuair a shíolraíonn siad ní bhíonn ann ach atáirgeadh fásúil.

Fásann an chuid is mó de na fungais mar hífí, filiméid atá idir 2–10 micriméadar trasna agus a fhéadann a bheith cúpla ceintiméadair ar fad. Fásann hífí as a mbarr agus tagann na hífí nua amach ina gcraobhacha, agus fásann mícéiliam, gréasán hífí, dá bharr. 

Is féidir le hífí a bheith fochrach nó céanaicíteach. Tá hífí fochracha roinnte ina ranna a bhfuil fochraí eatartha agus núicléas nó roinnt núicléas i ngach roinn. Tá póir idir na ranna a ligeann do chíteaplasma, d’organáidí agus do núicléis dul siar agus aniar. Os a choinne sin, is cealla ilnúicléacha iad na hífí céanaicíteacha.

Fungais Oirdheisceart na hAstráile




#Article 173: Nua-Eabhrac (stát) (1078 words)


Ceann de na 50 stát de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá is ea Nua-Eabhrac. Is é Albany príomhchathair an stáit agus is í Cathair Nua-Eabhrac an chathair is mó agus is aitheanta ann. Úsáidtear an giorrúchán NY don phost.

Tá Stát Nua-Eabhrac suite ar chósta an Aigéin Atlantaigh in oirthuaisceart na Stát Aontaithe. Tá Nua-Eabhrac ag críochantacht le Ceanada thuaidh, le Vermont, Massachusetts, agus Connecticut thoir, agus le New Jersey agus Pennsylvania theas.

Chuir daoine fúthu san áit ina bhfuil Stát Nua-Eabhrac anois timpeall 10,000 bliain ó shin. Treibheanna Algancacha a bhí i ndeisceart agus oirthear an stáit le fada an lá faoin am ar tháinig na chéad Eorpaigh. Bhí an pobal Lenape sa deisceart agus i ngleann an Hudson suas leath bealaigh go hAlbany, a bheag nó a mhór; agus bhí na Mahican ní b'fhaide soir ó thuaidh. Tháinig na hIroquois aneas as na sléibhte Apaláiseacha timpeall na bliana 800 agus chuir siad fúthu in iarthar agus i dtuaisceart Nua-Eabhrac. Cónaidhm de chúig threibh a bhí ann, mar atá (agus ag dul ó oirthuaisceart Nua-Eabhrac siar) na Móhácaigh, Oneida, Onondaga, Cayuga agus Seneca. Chónaíodh na Móhácaigh taobh thuaidh de na Lenape. Ar theacht na nEorpach, thréig na Tuscarora, treibh Iroquois eile, a ndúiche i Carolina Thuaidh agus chuir siad fúthu i Nua-Eabhrac mar an séú treibh den chónaidhm.

Thaiscéalaigh roinnt Eorpach an cósta Atlantach, agus ar an 11 Meán Fómhair 1609 rinne Henry Hudson, Sasanach i seirbhís na hÍsiltíre, a bhealach isteach i mBá uachtair Nua-Eabhrac. Cé go ndeachaigh na Francaigh isteach i dtuaisceart Nua-Eabhrac ar son taiscéalaíochta, fionnaidh agus na hIndiaigh a iompú ina gCaitlicigh, ba iad na hOllannaigh na chéad Eorpaigh a chur fúthu sa stát, ag Fort Orangie ar shuíomh Albany an lae inniu, sa bhliain 1624. Ba iadsan freisin a chuir cathair Nieuw Amsterdam (Amstardam nua) ar bun sa bhliain 1625, agus, más fíor, cheannaigh Peter Minuit oileán Manhattan ó na hIndiaigh ar bheagán áilleagán arbh fhiú $24 iad.

Ó 1609 go dtí 1701 bhí Cogadh na mBéabhar ar siúl, cogadh a tháinig as an gcoimhlint idir na treibheanna maidir le trádáil fionnaidh leis na hEorpaigh. Bhí an bua ag na hIroquois ar na treibheanna ar gach taobh díobh. Bhí ar na hIroquois géilleadh do na Francaigh i lár an 17ú haois ach d'éirigh eatarthu an athuair. Shínigh ceannairí na nIroquois conradh ar tugadh Síochán Mór Montréal air sa bhliain 1701, rud a chuir críoch leis an gcogaíocht eatarthu ar choinníollacha i bhfabhar na nIroquois. Bhí na Sasanaigh ag dul i neart sa réigiún faoin am sin agus chonacthas do na hIroquois go mbeadh an lámh in uachtar acu féin ach an dá ghrúpa Eorpach a chur in éadan a chéile.

Roimhe sin, thiar sa bhliain 1664, ghéill pobal Nieuw Amsterdam do fhórsa Sasanach. B'shin deireadh le smacht na nOllanach ar an gcoilíneacht ar fad, ó Delaware go dtí na bólaí taobh thuaidh de Fort Orangie. Thug na Sasanaigh New York ar limistéir an stáit mar atá sé inniu, le hómós do Dhiúc Eabhrac i Sasana.

Bhí Nua-Eabhrac ina phríomhchathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar feadh aistear gearr i ndiaidh Chogadh na Saoirse. Bhí an sclábhaíocht coitianta faoi riail na nOllannach agus na Sasanach araon i gCathair Nua-Eabhrac agus ina lán ceantar faoin tuath. Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht de réir a chéile i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus saoradh an duine deireanach díobh sa bhliain 1827.

Sa bhliain 1917 tugadh cearta vótála do na mná den chéad uair.

Ar an 11 Meán Fómhair 2001, fuair breis is 2,600 duine bás san Ionad Trádála Domhanda in Manhattan, an t-ionsaí sceimhlitheoireachta is mó i stair na Stát Aontaithe. 

In 2011 thug Tionól Reachtais an stáit cead do shaoránaigh an stáit daoine den inscne chéanna a phósadh.

Tá sléibhte na nAdirondack i dtuaisceart an stáit, agus cinn níos ísle ná iad, na Catskills, siar ó dheas as Albany i lár an stáit. Tá abhainn mhór an Hudson ag rith ó theorainn Cheanada go dtí cathair Nua-Eabhrac, agus seolann longa móra uirthi go dtí Albany. Ba é tógail an Chanáil Erie, go deimhin, a chur bun leis an gceannas a bhí le fada ag cathair Nua-Eabhrac i gcúrsaí tráchtála. Ba mhór an áis an chanáil chun earraí a thabhairt as gach cearn go dtí an cósta roimh aimsir na dtraenach.

Ba US$1.16 trilliún an olltáirgeacht instáit ag Stát Nua-Eabhrac sa bhliain 2010, rud a chuir an stát sa tríú háit sna Stáit Aontaithe, i ndiaidh California agus Texas.

Tá níos mó ceanncheathrúna institiúidí airgeadais suite i gCathair Nua-Eabhrac ná in aon chathair eile sna Stáit Aontaithe. Is iomaí duine atá ar fostú sna bancanna, comhlachtaí árachais, tithe bróicéireachta, agus stocmhalartáin sa chathair sin, go mór mór i gCeantar an Airgeadais i ndeisceart Manhattan. Is sa cheantar sin a bhfuil Stocmhalartán Nua-Eabhrac agus an Stocmhalartán Meiriceánach suite.

I measc thionscail an stáit, tá foilsitheoireacht, clóbhualadh, innealra agus feisteas tionsclaíoch, innealra leictreonach, turasóireacht, agus feirmeoireacht. Meastar é ar an seachtú háit maidir le táirgeadh tionscail. Tógtar eallach agus éanlaith clóis, agus fástar glasraí, torthaí agus min. Tá tábhacht, leis, le fás caora fíniúna agus déanamh fíona ar an Oileán Fada, i ngleann an Hudson agus in iarthar an stáit.

Roinntear cathair Nua-Eabhrac inniu ina cúig bhuirg:

Bhí daonra 8,008,278 i gcathair Nua-Eabhrac sa bhliain 2000, rud a thugann tús áite di i measc chathracha na Stát Aontaithe. Ba i gcathair Nua-Eabhrac a tháinig an-chuid inimirceach i dtír ón Eoraip anuas go dtí tús an fichiú haois, i ndeisceart Manhattan, in áit a dtugtar an Battery uirthi, agus trí Oileán Ellis ina dhiaidh sin. Tá an-éagsúlacht fós ag baint le pobal na cathrach. 

Sa lá atá inniu ann, tagann a lán imirceach i dtír in Aerfort John F. Kennedy in Queens, nó in Aerfort Newark, in New Jersey, atá suite 35 ciliméadar ón gcathair.

Tá An tOileán Fada ag síneadh soir as cathair Nua-Eabhrac. Tá sé os cionn 170 ciliméadar ar fad ach níl sé mórán thar 30 ciliméadar ar leithead in aon chuid de. De ghnáth, fágtar Queens agus Brooklyn ar lár agus An tOileán Fada á lua, mar go bhfuil siad i gcathair Nua-Eabhrac, cé gur chuid den oileán iad maidir le tíreolaíocht.

I measc chathracha móra eile an stáit, áirítear Buffalo (d. 292,648), Syracuse (d. 147,306), Yonkers (d. 196,086), agus Rochester (d. 219,773). Tugtar go minic Upstate ar an gcuid den stát atá ó thuaidh ó chathair Nua-Eabhrac agus ón Oileán Fada, .i. mórchuid an stáit. Downstate a thugtar ar chathair Nua-Eabhrac agus ar an Oileán Fada.




#Article 174: An tOileán Fada (137 words)


Síneann an tOileán Fada amach soir as cathair Nua Eabhrac. Tá sé os cionn 170 km ar fhad, ach níl sé mórán thar 30 km ar leithead in aon chuid de. De ghnáth nuair a luaitear an t-ainm, fágtar Queens and Brooklyn ar lár, mar go bhfuilid i gNua Eabhrac, cé gur chuid den oileán iadsan maidir le tíreolaíocht.

Tá an chuid eile den Oileán Fada roinnte idir Nassau County taobh leis an gcathair, agus Suffolk County soir uaidh.

Tá tránna breátha ar an oileán, agus ar an gcuid is faide soir tá na Hamptons, áit a bhfuil tithe móra galánta agus tránna breátha ina gcaitheann go leor as cathair Nua-Eabhrac cuid den samhradh, go háirithe daoine saibhre. Tugtar na Hamptons ar an gceantar mar gur Easthampton, Westhampton, Southamptom cuid de na príomhbhailte sa cheantar gainmhiúil seo.




#Article 175: Spéirlinn Jeanne (565 words)


Ba é Spéirlinn Jeanne an deichiú stoirm meánchriosach ar tugadh ainm dó agus an séú spéirlinn de shéasúr spéirlinn Atlantach na bliana 2004. Tá sé tar éis cur isteach ar Oileáin Maighdine na Stát Aontaithe, Pórtó Rícó, an Phoblacht Doiminiceánach, Haïti agus oirdheisceart na Bahámaigh.

Cuireadh Ísealbhrú Meánchriosach a hAon Déag ar an saol ó thonn meánchriosach 110 ciliméadar (70 míle) thoir-thoir-ó dheas ó Guadelúp déanach sa tráthnóna ar 13 Meán Fómhair 2004, agus árdaíodh a ghrád go Stoirm Meánchriosach Jeanne an lá dár gcionn. Ghluais sé ó dheas ó Oileáin Maighdine na Stát Aontaithe ar 15 Meán Fómhair, agus tháinig sé i dtír ag Yabucoa, Pórtó Rícó níos déanaí sa ló. I ndiaidh dó gluaiseacht thar Pórtó Rícó, shroich sé treiseacht spéirlinn 16 Meán Fómhair gar don talamh is faide soir sa Phoblacht Doiminicéanach ar oileán Hispaniola, ach thit sé arís go neart stoirme meánchriosaigh níos déanaí sa ló agus é ag gluaiseacht i dtír sa Phoblacht Doiminicéanach. Lean Jeanne uirthi go mall os cionn na Poblachta Doiminicéanaigh ar 17 Meán Fómhair sular fhág sé an oileán go déanach sa tráthnóna. Faoin am sin, bhí Jeanne tar éis laghdú céim eile, go neart ísilbhrú meánchriosaigh.

Ar 18 Meán Fómhair, agus an córas á leanúint gar do Inagua Mór, tháinig croílár nua ar an saol, achar mhaith thoir-ó thuaidh, agus chuaigh an iompú a bhí cheana ann i léig. Chuaigh an lár nua i dtreise arís go raibh ina spéirlinn ar 20 Meán Fómhair.

Ag 5 am AST ar 22 Meán Fómhair (0900 UTC]), bhí lár Jeanne tuairim 845 km (525 míle) thoir ó Abaco Mór agus é ag gluaiseacht aneas ag 6 km/u (3 míle san uair). Ba spéirlinn de Earnáil 1 le gaoithe 150 km/u (90 míle san uair) í Jeanne. 

De réir fáisnéisí, leanfaidh Jeanne a turas fada mar frithchíclóin, ag iompú siar agus ansin siar-aduaidh. Tugann na fáisnéisí is deireanaí le fios go bhfuil sí de gluaiseacht i bhfad níos faide siar, agus go mbeadh sí ag bagairt ar thuaisceart na Bahámaigh agus cósta thoir Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi dheireadh na seachtaine. Táthar ag brath ar thonnta agus ar shruthanna chontúirteacha ar chóstaí SAM agus na Bahámaigh le cupla lá fós, ach níltear ag brath ar Jeanne dul i dtreise mórán.

Fágadh gan chumhacht aidhléise an chuid is fearr de dhaonra 4 mhiliún Pórtó Rícó, agus fágadh 600,000 gan uisce reatha. Rinne titim talún an-dochar don dúlra i bhForaois Náisiúnta na Cairibe, agus maraíodh seachtar.

Agus é ag gluaiseacht thar thuaisceart na Poblachta Doiminiceánaigh, rinne an stoirm dochar d'an-chuid tithe i Samaná. Cuireadh bás 18 ar a laghad i leith Jeanne sa tír sin.

Bhí báisteach throm (suas le 33 cm ar fad (12 norlaí)) i sléibhte thuaiscirt Haïti a chuir tuilte móra agus titimplodaigh ar bun i gcríoch Artibonite na tíre, a rinne dochar ach go háirithe do chathair Gonaïves, áit ar chuir sé isteach ar 80,000 de dhaonra 100,000 na cathrach. Déanach dé Máirt, 21 Meán Fómhair, tuairiscíodh go raibh ar a laghad 691 marbh i Gonaïves, 40 ar a laghad gar dó i Port-de-Paix, agus 51 in áiteanna eile i Haïti. ,  . Tá oibreoirí cumhdaigh ag brath go mbeidh uimhir na marbh níos airde fós, mar go bhfuil ar a laghad 1,000 in easnamh. Tharla na tuilte tamall maith tar éis do chroílár an stoirm Haïti a fhágaint, agus lasmuigh den limistéar ar tugadh rabhadh stoirme dó.




#Article 176: Iosrael (160 words)


Tír sa Meánoirthear, ar bhruach thoir na Meánmhara é Iosrael. Bhí daonra  de 8,4 milliún duine sa tír sa bhliain 2006.

Tá móramh Giúdach in Iosrael, agus is stát Giúdach é. Ach bíonn lucht mór Arabach sa tír, maraon le mionlaigh eile. Tá dlúthbhaint ag tailte na bPalaistíneach le hIosrael maidir le cúrsaí airgid agus polaitíochta, mar go n-oibríonn an-chuid Palaistíneach in Iosrael, agus go bhfuil na céadta coilíneachtaí curtha ar bun ag Iosraelaigh den aicme chrua a dteastaíonn uathu seilbh a ghlacadh go hiomlán ar an 'Iosrael stairiúil'.

Ar 8 Nollaig 2017, d'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheirceá, Donald Trump, go raibh na Stáit Aontaithe chun aitheantas a thabhairt feasta go hIarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael

Ar an 5 Meitheamh 1967, rinne an Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Cuireadh tús le Cogadh na Sé Lá.

Tosóidh Iosrael ag tarraingt amach ó Stráice Gaza i samhradh na bliana 2005, de réir ráitis a chuir Airiél Searón, Príomh-aire Iosrael amach i Meán Fómhair, 2004.   




#Article 177: Teilifís (165 words)


Is é an rud atá i gceist leis an teilifís ná córas teileachumarsáide le pictiúir ghluaiste a chraoladh, ionas gur féidir iad a ghlacadh i bhfad ar shiúl ó áit a gcraolta leis an ngléas ar a dtugtar teilifíseán. 

Is iad na comhpháirteanna atá ag teastáil le craolachán teilifíse a dhéanamh ná:

Ní hé an feadán ga-chatóideach an t-aon teicneolaíocht is féidir a úsáid le híomhánna teilifíse a thaispeáint a thuilleadh. Is féidir úsáid a bhaint as cúlteilgeoirí teilifíse (RPTV) freisin, agus inniu, tá na teilifíseáin phlánacha, cosúil leis na teilifíseáin phlasma agus na teilifíseáin leachtchriostail, ag dul i bhfairsinge. Is féidir úsáid a bhaint as gléas taispeántais atá bunaithe ar na dé-óidí astaithe solais (na LEDanna) freisin, le haghaidh taispeántas mórphictiúir amuigh faoin spéir.

Ar an 10 Bealtaine 1928, cuireadh tús leis an chéad chraoladh rialta teilifíse i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac i Schenectady (W2XB)ta, agus é faoi smacht an rialtais. Gearrtar suim airgid de na féachadóirí mar thaille ceadúnais leis an gcraolachán a mhaoiniú.




#Article 178: Coronation Street (125 words)


Sobaldráma Briotanach is ea Coronation Street (nó Corrie go neamhfhoirmeálta uaireanta). Ba é Tony Warren a chruthaigh é, agus cuireadh ar an aer ar dtús é ar 9 Mí na Nollag 1960. Ba faoin dteideal Florizel Street a ceapadh ar dtús é, ach dúirt Agnes, freastalaí tae ag comhlucht teilifíse Granada (áit a táirgeadh Coronation Street) gur airigh Florizel ró-chosúil le buidéal glantóireachta. Tá Coronation Street suite i sráid déanta suas sa bhaile déanta suas ar ainm dó Weatherfield, bunaithe ar Salford, ar chuid anois de mhórchathair Mhanchuin é. Is é an clár teilifíse is láidre ar ghréasán ITV. Is é EastEnders an BBC an t-iomaitheoir is mó atá aige i measc operas galúnaigh.

Chraol an chéad eipeasóid ar an 9 Nollaig 1960 ag 7.




#Article 179: Eliel Saarinen (234 words)


 

Ailtire Fionlannach ab ea Gottlieb Eliel Saarinen (20 Lúnasa 1873 – 1 Iúil 1950) a bhain cáil amach as a chuid foirgneamh art nouveau i dtús an 20ú haois.

Leag sé amach plean forbartha do lár Heilsincí i stíl iarsmúil, plean nár cuireadh i gcrích riamh.

D'imigh sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1920í agus lean sé ag dearadh oifigí agus foirgneamh poiblí agus mar mhúinteoir ailtireachta. 

 

Rinne Saarinen a chuid staidéar ar ailtireacht agus péintéireacht i Heilsincí, agus bhain sé amach a theastas ailtireachta i 1897. Maraon de beirt dá chairde ón ollscoil, Gesellius agus Lindgren, bhí cleachtadh ailtireachta ar bun aige cheana féin faoi 1896. 

Ghlac Saarinen páirt sna comórtais idirnáisiúnta deartha le haghaidh Canberra, Budapest agus Taillinn (i1911–1913). Nuair a d'éirigh leis i gcomórtas le haghaidh an Túr an Chicago Tribune (1922) bhog Saarinen leis go Stáit Aontaithe Mheiriceá (1923). Imeasc mórthionscnaimh eile, d´fhorbair sé concheap agus dhear sé an láithreán ar fad ag an Cranbrook Academy of Art agus a scoil lámh le Detroit. Mhair sé anseo go dtína bhás i 1950. Le haghaidh seomra bídh uachtaráin an acadaimh (agus cé a bheadh ann ach é féin!) dhear sé an Chathaoir Shleasa chliútiúil, ceann dá shár-shaothair, agus le haghaidh stúidió a mhnaoi dhear sé an Chathaoir Ghorm (iad araon i 1929).

B'ailtire tábhachtach freisin mac Eliel Saarinen, Eero (1910–1961), duine de threoraithe na Stíle Idirnáisiúnta, mar a thugtar air.




#Article 180: Eero Saarinen (102 words)


 
Ailtire Meiriceánach de bhunadh Fionlannach ab ea Eero Saarinen (20 Lúnasa, 1910 - 1 Meán Fómhair, 1961) a bhain cáil amach lena chruthanna cuaracha áirseacha. Ceanglaítear go minic é leis an Stíl Idirnáisiúnta. Ba mhac leis an ailtire Eliel Saarinen é, agus rinne sé staidéar faoi threoir a athar ag an Cranbrook Academy of Art. Bhain sé B.Arch. amach ó Ollscoil Yale i 1934.

Imeasc a chuid saothar, tá:

Bhí Saarinen ar an gcoiste roghnaithe le haghaidh an chomórtais deartha do Theach Opera Sydney, agus meastar go raibh baint aige lena roghnú, dearadh a bhfuil cáil dhomhanda air a cheap Jørn Utzon.




#Article 181: Feithid (150 words)


Is dúile beo iad na feithidí i ríocht na n-ainmhí. Bíonn sciatháin ar a bhformhór, agus eiseachnámharlach, is é sin go mbíonn sliogán crua ar an taobh amuigh seachas cnámha inmheánacha mar a bhíonn ag mamaigh agus éin. Bíonn trí chuid sa cholainn, an ceann le péire adharc, an tóracs a bhfuil trí phéire cos air, agus an abdóman. 

Meastar go bhfuil 1 000 000 speiceas ar a laghad ann nó fiú suas le 10 000 000. Is iad na ciaróga na feithidí is coitianta agus is forleithne ar domhan, an ceathrú cuid de speicis bheo an domhain ar fad. Is beag cineál a mhaireann sa bhfarraige ach tá siad beagnach gach áit eile. Bíonn a lán acu níos lú ná 1 milliméadar ar fhad. Bíonn siad uafásach líonmhar: Thomhais saineolaí sa Bhreatain go raibh 400 milliún feithidí ina gcónaí ar acra amháin talún in aice le Cambridge i 1943. 




#Article 182: Euro (690 words)


Is é an euro an t-airgeadra i gcás mórchuid de mhuintir na hEorpa    

Baintear feidhm as an euro i naoi bhallstát déag den Aontas Eorpach (AE): an Bheilg, an Chipir, An Eastóin, Poblacht na hÉireann, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, An Laitvia, An Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an tSlóvaic, agus an Spáinn. Tugtar limistéar an euro ar an ngrúpa seo.

Tháinig an euro de thoradh an athchóiriú airgeadais ba thábhachtaí san Eoraip ón Impireacht Rómhánach i leith. Cé gur féidir an euro a mheas mar áis chun an Cómhargadh Eorpach a aontú trí shaorthrádáil idir na ballstáit a éascú, shíl lucht a bheartaithe go mbeadh dlúthbhaint aige le comhaontú polaitiúil na hEorpa.

Is iad na forais a riarann an euro an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a riarann an euro, agus príomhoifig aige in Frankfurt am Main sa Ghearmáin, agus bainc cheannais na mballstát mar chuid den Eorachóras. An CEBC amháin a shocraíonn an beartas airgeadais. Tá an tEorachóras freagrach as bualadh, clóbhualadh agus dáileadh an euro agus riar na gcóras íoctha san eorailimistéar. 

Chuir Conradh Maastricht na bliana 2002 iachall ar fhormhór na mballstát an euro a úsáid dá gcomhlíonfaí roinnt coinníollacha airgeadais agus buiséid, cé nach ndearna na ballstáit uile amhlaidh.

Tá céad ceint san euro. Tá dhá thaobh ar na boinn: taobh coiteann a thaispeánann léarscáil agus luach an bhoinn forshuite uirthi, agus taobh náisiúnta a thaispeánann íomhá a bhaineann le tír ar leith. Is féidir bonn euro de chuid ballstáit ar bith a úsáid in aon bhallstát eile. 

Tá íomhá choiteann ar gach taobh de na nótaí: tá a dhath féin ar gach nóta, agus tréimhse áirithe d'ailtireacht na hEorpa á léiriú ann. Bíonn fuinneoga nó geataí ar aghaidh an nótaí agus droichid ar a chúl. 

Shocraigh Comhairle an Aontais Eorpaigh na bunrátaí malairte de réir molaidh a thug an Coimisiún Eorpach i bhfianaise rátaí margaidh ar 31 Nollaig 1998. Socraíodh gurbh ionann aon Ionad Eorpach Airgeadra (ECU4) amháin agus euro amháin. Níorbh airgeadra é an ECU féin ach ionad cuntasóireachta de chuid an AE agus é bunaithe ar airgeadraí na mballstát. Níorbh fhéidir an socrú a dhéanamh níos luaithe toisc go raibh an IEA taobh le ráta malairte deiridh na n-airgeadraí neamh-euro (go háirithe an punt steirling) an lá sin. 

Malartaíodh nótaí agus boinn na sean-airgeadraí ar an euro ar feadh timpeall dhá mhí go dtí 28 Feabhra 2002. An dáta a stad na hairgeadraí úd de bheith ina n-airgead dlíthairgthe bhí sé de réir na mballstát féin. 
Ó tugadh an euro isteach tá sé ar an airgeadra cúlchiste is coitianta ar domhan cé is moite den dollar Meiriceánach.

Síleadh riamh gurb é an buntáiste is mó a bhainfeadh le hairgeadra aontaithe fáil réidh le costas malartaithe, rud a ligfeadh do lucht gnó tráchtáil a dhéanamh a bhí neamhthairbheach roimhe sin. 

Bhíothas ag súil freisin go mbeadh margaí airgeadais i bhfad níos leachtaí ná mar a bhí. Thaispeáin iarsmaí éigin de ghábh airgeadais na bliana 2008, áfach, go bhféadfadh deacrachtaí ballstát amháin drochrian a fhágáil ar an gcóras uile, go háirithe i gcás na Gréige. 

Ar 1 Eanáir 1999, seoladh an euro mar 'aonad cuntais' na hEorpa, in úsáid ar pháipéar in go leor oibríochtaí airgeadais. Ach nach raibh sé fós ar fáil in airgead tirim (nótaí bainc). Ar 4 Eanáir 1999, tháinig an euro ar mhalartáin airgeadais na hEorpa an chéad uair, mar airgeadra fíorúil, cé nach raibh sé ann go fóill i bhfoirm nithiúil. Tharla sé sin in Eanáir 2002.

Socraíodh rátaí malairte na n-airgeadraí náisiúnta leis an euro i dtíortha limistéar an euro ar an 31 Nollaig 1998. 

Is ionann euro amháin agus: 

Úsáidtear an euro chun fiacha a íoc i dtíortha Eorpacha lasmuigh den AE, leithéidí Mhontainéagró agus na Cosaive. 

An Franc na Fraince a bhí in úsáid i Monacó roimh theacht an euro, agus an lira a bhí á úsáid i San Mairíne agus i gCathair na Vatacáine agus i Andóra. As an euro a bhaintear feidhm sna tíortha úd anois, agus cead acu boinn euro dá gcuid féin a bhualadh, cé nach ballstáit den Aontas Eorpach iad. 




#Article 183: Arizona (395 words)


Is stát é Arizona sa Stáit Aontaithe Mheiriceá, in iardheisceart na tíre. Is é Phoenix príomhchathair an stáit, agus is é freisin an 5ú cathair is mó daonra sa tír, mar araon an chathair is mó sa stát. Úsáidtear an giorrúchán AZ don phost.

Tá achar 295,000 ciliméadar cearnach in Arizona agus 7,016,270 duine ina gcónaí inti (de réir meastacháin daonra 2017). Is é Arizona an 16u stát is mó daonra. Tá 21.7 duine sa chiliméadar cearnach. Is ann atá an Grand Canyon, cainneoin atá ar cheann de mhóriontaisí tíreolaíochta an domhain. Sléibhte agus fásaigh atá i gcuid mhór den talamh. Is é Sliabh Humphreys Peak (3,857m) an pointe is airde in Arizona agus tá cainneoin dhomhaine sna habhanntrachtaí. Is í an Colorado an abhainn is mó.

Is iad baill na Meiriceánaigh Dhúchasacha timpeall 6% den daonra, agus is iad na Navajo, Mohave, Apache, Hopi, agus Paiute na príomhnáisiúin.

Ní fios i ndáiríre cad as d'ainm an stáit, ach meastar go bhfuil baint ag 'airgead', an mianra, leis. Tá daoine sa cheantar le timpeall 20,000 bliain agus iarsmaí d'áitribh in uamhanna le fáil sa bhfásach. Tháinig na dúchasaigh atá sa stát faoi láthair, na Apache agus Navajo chun na háite timpeall seacht gcéad bliain ó shoin as Ceanada. Thosaigh na Spáinnigh ag teacht chun na háite sa séú haois déag, ach ba bheag a spéis ann mar go raibh talamh níos fearr in áiteanna eile. Bhí an ceantar faoi smacht Mheicsiceo nuair a fuair an tír sin a saoirse ón Spáinn in 1821. Thosaigh Meiriceánaigh ag teacht mar shealgairí ach ba bheag duine a chuir faoi sa réigiún. Tar éis an chogaidh idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo, sa bhliain 1848, ghabh SAM seilbh ar chuid mhór den tír agus ceannaíodh tailte eile. Thosaigh mianadóirí ag teacht isteach chun ór, airgead agus copar a bhaint as an talamh. Bhí cogaí éagsúla idir na Meiriceánaigh agus na Apache a bhí faoi cheannas Cochise agus Geronimo, ach faoi 1886 ghéill na dúchasaigh do na saighdiúirí geala. Aithníodh mar chríoch de chuid na Stát Aontaithe é sa bhliain 1863, agus rinneadh stát de sa bhliain 1912. Tá an phríomhchathair i Phoenix ó 1889 i leith.

Sa 20ú haois rinneadh uisciú ar thailte sa stát agus d'fhás an talmhaíocht. Táirgítear cuid mhaith glasraí agus feola sa stát anois. Tháinig an déantúsaíocht chun cinn le linn an Dara Chogaidh Domhanda.




#Article 184: Reifirméisean (582 words)


Tugtar an Reifirméisean (nó an tAthleasú Creidimh) ar ghluaiseacht a thosaigh sa 16ú haois le leas a chuir ar an Eaglais Chaitliceach, ach a d´fhág an Eoraip scoilte i dtaobh cleachtadh creidimh. 

B’iad seo na ceisteanna ba mhó a phléigh Mairtín Liútar ina chuid Téiseanna – cúig cinn déag agus ceithre scór díobh san iomlán (ar dhoras ardeaglais Wittenberg na Gearmáine sa bhliain 1517) – agus ba leor iad le tús a chur leis an ReifirméiseanMartin Luther, an Reifirméisean agus an Ghaeilge, 

Tugtar eaglaisí Protastúnacha, go ginearálta, ar na heaglaisí a scoilt ón gCaitliceachas as seo amach, ar nós Liútarachas, Anabaisteachas agus eaglaisí leasaithe Protastúnacha.Ba é an tAcht Athchóirithe, dá ngairmtear an Leasú Protastúnach, go sonrach as an Eaglais Chaitliceach a chuir Martin Luther tús leis. Lean John Calvin, Huldrych Zwingli, agus Athchóirithe Prótastúnacha eile san Eoraip sa 16ú haois ar aghaidh. 

De ghnáth, meastar gur thosaigh an Reifirméisean ar an 31 Deireadh Fómhair 1517 nuair a ghreamaigh Luther a chuid Téiseanna (fabhalscéal a atá ann; scríobh sé litir chuig easpag Mainz ar dtús). Mhair an Reifirméisean go dtí deireadh an Chogaidh tríocha bliain le Síocháin Westphalia i 1648.
Bhí iarrachtaí suntasacha déanta ann chun an Eaglais Chaitliceach a athchóiriú roimh Luther - mar shampla iad siúd Jan Hus, Peter Waldo, agus John Wycliffe.

Ansin thosaigh Luther ag cáineadh díolachán a dhíol, agus ag rá nach raibh aon fhoinse ag an teagasc Caitliceach ar fhiúntais na naoimh sa Bhíobla, srl. D'fhéadfadh an seasamh Protastúnach, áfach, athruithe foirceadail a ionchorprú, mar shampla go n-iontaofaí go hiomlán ar an Scrioptúr mar fhoinse creidimh chuí (scriptura amháin) agus an chreidiúint gurb é an creideamh in Íosa, agus nach oibreacha maith é, an t-aon bhealach chun pardún Dé a fháil do pheaca (sola fide). Bhí an spreagadh lárnach taobh thiar de na hathruithe seo diadheolaíoch, cé go raibh go leor fachtóirí eile mar chuid de, lena n-áirítear méadú ar náisiúntacht, Sásachas an Iarthair a chuir meath ar an gcreideamh sa Phápacht, an truailliú a bhí ar an Curia Rómhánach, tionchar an chine daonna, agus an fhoghlaim nua den Renaissance a cheistiú go leor smaointe traidisiúnta.

Tháinig an ghluaiseacht tosaigh laistigh den Ghearmáin éagsúlú, agus spreagadh athchóirithe eile go neamhspleách ar Luther. Chuir scaipeadh phreas clódóireachta Gutenberg ar fáil chun na hacmhainní reiligiúnacha a scaipeadh go tapa sa dúchasach. 

Ba iad na Liútaraigh agus na Cailvínigh na grúpaí is mó. Bunaíodh na heaglaisí Liútarach den chuid is mó sa Ghearmáin, sa Baltalt agus i gCeanacha Lochlann, agus bunaíodh na cinn athchóirithe san Eilvéis, san Ungáir, sa Fhrainc, san Ísiltír agus in Albain. Thionchar an ghluaiseacht ar Eaglais Shasana go déanach tar éis 1547 faoi Edward VI agus Elizabeth I, cé go raibh Eaglais Shasana neamhspleách faoi Henry VIII go luath sna 1530idí.

Bhí gluaiseachtaí athchóirithe ann ar fud na mór-roinne Eorpaí ar a dtugtar an tAcht Athchóirithe Radacach, rud a d'eascair na gluaiseachtaí Anabaisteach, Morávach, Diaigínteach srl. Rinne Athchóirithe Radacacha, seachas pobail a bheith lasmuigh de smachtbhannaí stáit, a úsáidtear go minic athrú doctrinal níos cruaiche, mar shampla diúltú na ndlúthchomhairleanna déag d'Nicaea agus Chalcedon.

D'fhreagair an Eaglais Chaitliceach le Frith-Athchóiriú a thionscnaigh Comhairle Trent. Rinne an t-ordú nua eagraithe de na hIosánaigh go mór le hobair ar an Protastúnach. Go ginearálta, tháinig Tuaisceart na hEorpa, seachas an chuid is mó d'Éirinn, faoi thionchar na Protastúnach. D'fhan an Deiscirt na hEorpa Caitliceach, agus b'ionann an Lár-Eoraip suíomh coimhlinte fíochmhar, rud a tháinig chun críche i gCogadh na Tríocha Bliana, rud a d'fhág sé go raibh sé díogtha.




#Article 185: Gaeilge na hAlban (2147 words)


Ceann de na teangacha Gaelacha í Gaeilge na hAlban (Gàidhlig (IPA: /ˈɡaː.ʎic/), mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Foghrúpa de chuid na dteangacha Ceilteacha is ea na teangacha Gaelacha, mar atá, Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann. Is iad na teangacha Briotánacha, mar atá, Breatnais na Breataine Bige, an Choirnis i gCorn na Breataine, agus an Bhriotáinis sa Bhriotáin, na trí theanga chomhaimseartha san fhoghrúpa seo. Taobh istigh de gach foghrúpa den bheirt, tá na teangacha sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is deacair, fiú, an gaol atá ag an dá fhoghrúpa le chéile a aithint gan tuiscint éigin a bheith agat don teangeolaíocht Cheilteach.

Is í Gaeilge na hAlban teanga na nGael in Albain, agus cé gur i nGarbhchríocha na hAlban atá a réimeas anois den chuid is mó, bhí sí i bhfad á labhairt sa chuid is mó den tír.

Tá áit ar leith aici i gcultúr na hAlban, agus aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hAlban é seo, idir Ghaeil agus Ghaill. Tá saibhreas beul-aithris sa Ghaeilge, óir ba í teanga chultúr na mbard sa Ghàidhealtachd ar feadh na gcéadta bliain. Chuaigh an teanga i léig nuair a tosaíodh ar ghéarleanúint a dhéanamh ar mhuintir na Gàidhealtachda agus ar a gcuid nósanna, go háirithe tar éis Chath Chùl Lodail agus Fhuadach na nGael.  

Inniu féin, tá dímheas ag cuid de mhuintir na hAlban ar an teanga, agus iad den tuairim nach bhfuil ann ach canúint gharbh gan úsáid liteartha. Teuchters a thuganns siad ar mhuintir na nGarbhchríoch, focal a bhfuil blas díspeagúil ciníochais air. 

Ba chirte Gaeilge na nGarbhchríoch agus na nOileán a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban inniu, nó chuaigh an teanga in éag ar fad in Ísealchríocha na hAlban le fada an lá. Labhraítí Gaeilge na nÍsealchríoch i bhfad theas in Albain, sular thosaigh an Albainis ag fáil na láimhe in uachtar uirthi. Teanga is ea an Albainis — Lallans nó Braid Scots — atá gaolmhar leis an mBéarla.

Tá córas litrithe Ghaeilge na hAlban sách cosúil le litriú Ghaeilge na hÉireann. Ní cuid de litriú na bhfocal seanfhréamhaithe nó dúchasach iad na litreacha úd j, k. q, v, w, x, y, ná z. Thugtaí ainmneacha crann ar na litreacha fadó, díreach cosúil leis an dóigh a ndéantaí sa Ghaeilge, ach idir an dá linn, chuaigh na hainmneacha sin as gnáthúsáid, agus is minicí a bhíonns na hainmneacha Béarla ar na litreacha inniu, cosúil leis an nGaeilge. 

Ní bhaintí úsáid ar bith as an litir H sa litriú traidisiúnta, nó chuirtí an séimhiú in iúl trí phonc a chur os cionn an chonsain shéimhithe.

Bíonn fuaim na gconsan ag brath i bpáirt ar na gutaí mórthimpeall orthu. Is iad e agus i na gutaí caola agus a, o agus u na cinn leathana, go díreach mar atá i nGaeilge na hÉireann. 

Cosúil le Gaeilge na hÉireann, is féidir gach consan a fhuaimniú caol nó leathan, de réir na litreach a scríobhtar in aice leis an gconsan. Is é sin, tá an riail úd caol le caol agus leathan le leathan i bhfeidhm i nGaeilge na hAlban freisin — caol ri caol agus leathann ri leathann i nGaeilge na hAlban. Bíonn fuaimniú Ghaeilge na hAlban níos coimeádaí, áfach: mar sin, na litreacha nach bhfuil ach sleamhnóga iontu sa Ghaeilge, is minic a fhuaimnítear mar ghutaí iad i nGaeilge na hAlban.

Sa bhliain 1976, chuir Bord Oideachais na hAlban athruithe áirithe i bhfeidhm ar litriú na teanga. Baineadh de dhéine na rialach sin caol le caol agus leathan le leathan, ionas go gceadaítear togte in áit togta inniu.

Na gutaí gearra nach bhfuil faoi bhéim, is féidir iad a fhágáil ar lár sa teanga scríofa, go háirithe i stíl neamhfhoirmeálta, m. sh.:

Tha mi an dòchas - Tha mi'n dòchas (tá mé i ndóchas, is é sin, tá dóchas agam, tá mé dóchasach). 

Tríd is tríd, tá litriú na Gàidhlig sách cóngarach d'fhuaimniú na teanga, níos cóngaraí fiú ná litriú Ghaeilge na hÉireann. Scéal eile é, áfach, nach dtuigeann na Béarlóirí prionsabail litrithe na teanga, agus is minic a fhuaimníonn siad ainmneacha Gaelacha go mícheart ar fad, go háirithe ainmneacha a bhfuil sleamhnóga iontu, cosúil le Seònaid nó Caitlìn.

An chuid is mó de na litreacha, is iomann a bhfuaimniú sa Ghàidhlig agus formhór mór na dteangacha Eorpacha. Is fuaimeanna déadacha iad, áfach, T agus D leathain Ghaeilge na hAlban, cosúil leis an dóigh a bhfuaimnítear iad i nGaeilge. Sna teangacha eile, ní féidir T agus D a fhuaimniú ach go hailbheolach; is é sin, fuaimnítear in aghaidh dhroim an drandail iad. Fuaimnítear na consain shéimhithe cosúil leis an nGaeilge, ach is féidir an TH a fhuaimniú (go háirithe idir dhá ghuta) mar /ʔ/, is é sin, mar phléascach glotasach. Ní fhuaimnítear an FH ar aon nós, ach amháin i dtrí fhocal eisceachtúla, mar atá, fhèin (nó fhìn), fhuair (fuair na Gaeilge) agus fhathast, a chiallaíonn fós (mar sin, ní hionann é agus fosta Ghaeilge Uladh, a chiallaíonn freisin). Is mar [h] a fhuaimnítear an FH sa trí fhocal seo. 

 	 	 	 	 

An chéad siolla is minicí a bhíonn faoi bhéim, m.sh. drochaid (/ˈdrɔ.xæʧ/) droichead. Na Béarlóirí nach bhfuil a fhios acu é, is iomaí logainm sna Garbhchríocha nach bhfuaimníonn siad mar ba chóir, m. sh. Mallaig — /ˈmæ.lɛk/. 

Déantar fuaimniú ar b, d agus g i dtús focla, ach ní dhéantar é i lár ná ag deireadh focla: 

duine — /ˈdu.ɲə/;

an duine agad — /ən ˈdu.ɲə ˈæ.kət/
Is binne í an Ghaeilge dá bharr seo.

Tá roinnt rudaí suntasacha i ngramadach Ghaeilge na hAlban:

Feictear béim ghramadaí i gcásanna eile freisin:

Tá níos mó ná alt deimhnitheach amháin sa Ghaeilge, ach níl aon alt neamh-dheimhnitheach ann:

Braitheann foirm an ailt (deimhnithigh) ar uimhir, inscne, chás agus chéadlitir an ainm.

(i). Le hainmneacha firinscneacha, ainmneacha, san uimhir uatha, úsáid an, am, agus an t-

(ii). Nuair ar féidir túschonsan an ainm a shéimhiú, baintear feidhm as (a') in dhá chás:

(iii). Sa bhaininscneach, ginideach, uimhir uatha, na agus na h- a úsáidtear:

(iv). Leis an iolra (ainmneach agus tabharthach), tá rudaí níos éasca. Is gnách na mar alt, ach na h- a bhíonn againn má thosaíonn an t-ainm le guta:

(v). Braitheann foirm an ghinidigh iolra (nan nó nam) de réir mar a thosaíonn an t-ainm le labial nó a mhalairt:

Tá Gaeilge na hAlban cosúil le Gaeilge na hÉireann, ach ní thuigfeadh formhór na gcainteoirí i dtír amháin mórán de chanúintí na tíre eile. Níl cuid de chanúintí Dhún na nGall chomh fada sin ó Ghaeilge na hAlban, mar a fheictear san abairt seo:

Tá roinnt difríochtaí tábhachtacha, ámh. An rud a fheictear láithreach, ná go scríobhtar an síneadh fada mar ghraif (`) in Albain, seachas agúid (´) in Éirinn. Scríobhtar an focal fáilte mar fàilte i nGaeilge na hAlban. In Albain, is é chan eil an (neg participle) san áit atá níl (giorrúchán de ní fhuil) in Éirinn an lae inniu, m.sh. (ceadaítear cha/chan in Éirinn fós, ach níl sé in úsáid ach in áiteanna i dTír Chonaill):

Tá a i roinnt focla i nGaeilge na hÉireann, acu u i nGaeilge na hAlban, m.sh, an focal Béarla agus Beurla faoi sheach. Tarlaíonn seo mar gheall ar an gcaighdeánú agus ar an athrú litrithe a chuir rialtas na hÉireann ar bun sa 20ú Aois. 

Tar éis neamhshuim agus dímheas ar feadh na gcéadta bliain ó rialtais éagsúla, tá Gaeilge na hAlban ag fáil roinnt aitheantais ar deireadh. Tá sí á múineadh sna scoileanna, ina measc scoileanna mar ar mheán teagaisc í. Tá feidhm á baint aisti freisin i rialtas áitiúil, Comhairle nan Eilean. Tá stáisiún raidió sa teanga ag an BBC, Radio nan Gàidheal (agus bíonn comhchraoltacháin go rialta aige le Raidió na Gaeltachta, seirbhís raidió Gaeilge na hÉireann) Bíonn cláracha teilifíse sa teanga ar an BBC agus ar stáisiún ITV, go minic le fotheidil as Béarla. Tá stiúidió i Steornabhadh ag Grampian Television, a chuireann seirbhís ITV ar fáil i dtuaisceart na hAlban. 

Mar sin féin, tá caint ar sheirbhís ar leith teilifíse i nGaeilge na hAlban, ar nós S4C sa Bhreatain Bheag agus TG4 in Éirinn. Mar a ceapadh sa Bhreatain Bheag, measadh nárbh fhearr na cláracha a shá isteach mar athraithe réigiúnda ar na príomhstáisiúin, mar nár leor é don 60.027 atá á labhairt, agus gur mhí-ádh é don 5.900.004 duine nach labhraíonn ach Béarla nó ´Scots´. Ach de réir dealraimh, níl sé soiléir gur 'mí-ádh' dóibh siúd é: taispeánann figiúirí féachana chlárach Gaeilge BBC amháin ar a laghad go mbreathnaíonn níos mó air ná Gaeilgeoirí na hAlban. Ná níl aon ghearáin á gcur ag an BBC mar gheall ar chláracha Gaeilge ar stáisiúin teilifíse an BBC, b'fhéidir mar go mbaineann daoine gan Ghaeilge ar bith taitneamh astu le fotheidil as Béarla.

Tá comharthaí bóthair Ghaeilge á gcrochadh ar fud na Gaeltachta de réir a chéile. Go minic níor ghá ach glacadh leis an litriú ceart desna logainmneacha, ach fiú leis seo, b'éigin dul i gcoimhlint le frith-Ghaelachas, atá láidir go maith fós in áiteanna. Déanann iriseoirí nuachtáin magadh go minic de chultúr agus de theanga na nGael, i mbealach nach gceadófaí maidir le haon ghrúpa eile, agus iarrann siad deireadh a chur le gach aon chúnamh ón rialtas. 

Rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis iarrachtaí le blianta beaga anuas botúin ar mhapaí a cheartú. D´fhógair siad i 2004 go ndéanfaidís iarrachtaí ceart a chur leis an aineolas a bhí ar an nGaeilge, agus cheapadar coiste le logainmneacha cearta a chur ar na mapaí.

Thar na blianta, ní bhfuair Gaeilge na hAlban an t-aitheantas céanna agus a fuair an Bhreatnais ó rialtas na Ríochta Aontaithe. Ach ó tháinig féin-riail chun saoil, tá níos mó suime á chur i gcúrsaí Albanacha, agus tá ré-bhille Gaeilge foilsithe ag Parlaimint na hAlban. 

Is iad príomhthréithe an Bhille ná:

Tar éis tréimhse comhairleacháin, nuair a cuireadh mórán iarratasaí chun an rialtais, an chuid is mó acu ag iarraidh an bhille a chur i dtreise, foilsíodh bille leasaithe, agus ba é an príomhleasú a deineadh ná go mbeadh treoir an Bhòird riachtanach anois de réir dlí (in ionad gan é a bheidh ach comhairleach).

Maíonn roinnt tráchtairí, mar shampla Éamonn Ó Gribín (2006) nach bhfágann Acht na Gàidhlig Gaeilge na hAlban ar chomhchéim agus ar chomhstádas leis an mBéarla nó fiú leis an mBhreatnais sa Bhreatain Bheag, agus go mbeadh duine amaideach nó saonta ag dréim go mbeidh athrú suntasach ann i dtaobh rathúnais na teangan mar thoradh ar iarrachtaí Bhord na Gàidhlig. 

Feictear inniu go ndearna Acht Oideachais 1872, a rinne neamhshuim iomlán den Ghaeilge, agus a d'fhág nár ligeadh do na glúnta Gaeil focal Gaeilge a labhairt sa seomra ranga, dochar mór don teanga. 

Osclóidh an chéad mheánscoil a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge i nGlaschú i 2005 (tá roinnt bunscoileanna lán-Ghaeilge agus meánscoileanna a dhéanann roinnt teagaisc as Gaeilge sa tír cheana féin).

Tá corradh is 500 go 1,000 cainteoirí dúchais in Alba Nua, ach tá a bhformhór aosta anois. I mí na Bealtaine 2004, d'fhógair an rialtas réigiúnda tionscnamh cistiúcháin le tacú leis an dteangan agus lena chultúr sa chúige. 

Shínigh rialtas na Ríochta Aontaithe an Carta Eorpach um Theangacha Réigiúnda agus Mionlach i dtaobh Ghaeilge na hAlban. 

Is eagras Iomairt Choilm Chille a dhéanann iarracht naisc a chothú idir Ghaeilgeoirí Éireann agus na hAlban.

Tá ainmneacha pearsanta Gaelacha ar leith ar nós Donnchadh, Dòmhnall. Tógadh ainmneacha ar iasacht ón Sean-Lochlannais, m.sh. Somhairle, Tormod. Tá foirmeacha ar leith d’ainmneacha ag a bhfuil ainmneacha gaolmhara i dteangacha eile na hEorpa, mar: Eòghan, Iain, Catrìona, Anna.

Tugann an fhoirm ghairmeach d’ainmneacha Gaelacha áirithe foirmeacha Béarla ar nós:

Is iad na sloinnte Gaelacha is coitianta in Albain ná iad siúd a thosaíonn le Mac, ar nós Mac Gille Eathainn (MacLean). Tosaíonn an fhoirm bhaininscneach le Nic, mar a tharlaíonn sa nGaeilge: Catrìona Nic a' Phì a bheith ar Catriona Nic an Phí as Gaeilge.

Is de bhunadh Cheilteach formhór na foclaíochta i nGaeilge na hAlban. Tá roinnt iasachtaí ón Laidin, go háirithe i gcúrsaí eaglasta (eaglais, Bìoball), ón Lochlainnis (eilean, sgeir), ón Scoitis (sgealp, briogais) agus, i gcoitinne le teangacha eile na hEorpa, is gnách nuafhoclaíocht a chumadh d’fhréamhacha Gréigise agus Laidine (telebhisean), fiú más tríd an mBéarla a tháinig siad. Cuireann fás in úsáid fhocla Béarla le gramadach Ghaelach orthu imní ar go leor. Mar shampla, is minic watchigeadh (faire) and catcheadh (breith) á úsáid ar Leòdhas, díreach mar a deireanns cuid de mhuintir Ghaeltachtaí na hÉireann matchannaí ar chipíní nó lasáin, agus ar mo bhicycle in áit ar mo rothar.

Ar an taobh eile den scéal, bhí tionchar ag an nGaeilge ar an Scoitis agus ar an mBéarla, go háirithe ar Bhéarla Caighdeánach na hAlban. 

I measc na bhfocla a shíolraíonns ó Ghaeilge, tá whisky, slogan, brogue, jilt, clan, strontium, mar aon le rudaí suntasacha i dtíreolaíocht na hAlban, mar shampla ben (beinn), glen (gleann) agus loch.

Foinse: An Etymological Dictionary of the Gaelic Language, Alexander MacBain.




#Article 186: Cathair na Mart (267 words)


Is baile í Cathair na Mart (Béarla: Westport agus Cahernamart) atá in iarthar Chontae Mhaigh Eo. Gar do Chuan Mó atá an baile.  

Tógadh Teach Chathair na Mart ar dtús ag Richards Cassels, ailtire Gearmáinis, sna 1730idí. Tá  doinsiúní an caisleán Uí Máille fós ann inniu. 

Is baile neamhchoitianta í Cathair na Mart in Éirinn, mar is baile pleanáilte í.  Rinne James Wyatt, ailtire cáiliúil Sasanach, plean don bhaile sna 1780idí. Chríochnaigh sé Teach Chathair na Mart, baile don Marquess den Sligeach. Ba le muintir Browne an teach le fada an lá, agus tá sé scailte don phobal óna 1960idí.

Cuireadh Teach Chathair na Mart ar an margadh i mí Feabhra 2016 agus luach €10m luaite leis. Is le comhlacht áitúil gnó faoi úinéireacht mhuintir Hughes atá sé anois.

Tugtar an t-ainm Covies ar na daoine áitiúla. Bhí an caniúnt Covey ann .. Go dtí an lá seo, tugann daoine in aice Cathair na Mart (Caisleán an Bharraigh san áireamh) an t-ainm Covey ar dhuine as an mbaile.

Tá teach tábhairne ag Matt Molloy (as The Chieftains) ar Sráid an Droichead, i gcroí an bhaile.

Tá roinnt féile ar siúl i rith na bliana:

Tá  nuachtán seachtainiúil saor in aisce ann, an Mayo News, a bhunaíodh sa bhliain 1892.  

Radharcanna is mó a mheallann daoine chun Cathair na Mart. I gcóngar: Conamara, Oileán Acla, Cuan Mó agus Cruach Phádraig. 

Tá cúrsa gailf le 18 poill ag Cathair na Mart.

Tá dhá séipéal i gCathair na Mart, Séipéil Holy Trinity (Eaglais na hÉireann) agus Séipéil Naomh Muire (Caitliceach). Bhí séipéal Modhach sa bhaile, ach is bialann é anois.
 




#Article 187: Iúil Caesar (3524 words)


Bhí Iúil Caesar (Caius Iulius Caesar an leagan Laidine dá ainm; 13 Iúil, 100 RC - 15 Márta, 44 RC) ina ghinearál, ina pholaiteoir agus ina scríbhneoir sa tSean-Róimh. Bhí sé ina bhall den chéad triúracht, agus ina dhiaidh sin, bhain sé amach deachtóireacht na Poblachta Rómhánaí. Bíonn staidéar á dhéanamh fós ag scoláirí Laidine agus ag staraithe míleata ar a chuid scríbhinní, go háirithe ar an leabhar a scríobh sé faoin gcogadh Gallach.

Fear de phór uasal ba ea Caius Iulius Caesar, agus baint aige le muintir Iúil nó gens Iulia, ceann de na teaghlaigh ba shine agus ab uaisle sa Róimh. Chreid muintir Iúil go raibh gaol acu le Ascanius-Iulus, mac Aeinéas. Ba é Aeinéas bunaitheoir na Róimhe, de réir mar a mhaígh seanscéal Rómhánach, agus ba í an bandia Véineas féin máthair Aeinéas, má b'fhíor don tseanscéal chéanna. Leis an nginealas diaga seo a urramú, thóg Iúil Caesar teampall nua don bhandia sin, nuair a bhí sé i gceannas ar an Róimh, sa bhliain 45 r.Chr.

Ní raibh fáltas ná tionchar polaitiúil ag roinnt leis an mórtas cine seo, mar, déanta na fírinne, ní raibh ag éirí go rómhaith le muintir Iúil i gcúrsaí polaitíochta ná eile. Sa bhliain 451 r. Chr. bhí fear darbh ainm Caius Iulius Iullus ar fear de na deichniúraithe nó decemviri, a bhí le malairt cuma a chur ar an Róimh. Sa chéad dhá chéad bliain eile, ní raibh ach beirt fhear de mhuintir Iúil ina gconsail. Bhí athair Caius Iulius Caesar ina phraetóir sa bhliain 92 r. Chr. 

Bhí gaolta Caesar ina gconsail agus ina gcinsirí (is é sin, ina ndaonáiritheoirí), freisin.

Sa bhliain 84 r. Chr. phós Iúil Caesar Cornelia, iníon an chonsail Lucius Cornelius Cinna, a raibh baint aige le páirtí na bPopulares.  Nuair a chuaigh Caesar le polaitíocht, ba é an ginealas a dheimhnigh go rachadh sé leis na Populares, le páirtí an phobail. Mar shampla, bhí a uncail Caius Marius ina ghinearál a chloígh an dá threibh bharbartha úd Cimbri agus Teutoni, agus é i gceannas ar pháirtí an phobail sa Seanad chomh maith.

Sa bhliain chéanna (agus sé bliana d'aois aige), bhain Caesar amach post mar Flamen Dialis, is é sin, príomhshagart Iúpatair. B'fhéidir leas polaitiúil a bhaint as an bpost seo. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh le Lucius Cornelius Sulla deachtóireacht a bhaint amach go gairid ina dhiaidh seo. Ó bhí Sulla ag tacú le páirtí na nOptimates, is é sin, páirtí na huasalaicme, bhí Caesar i bponc. Bhí sé pósta ar iníon Cinna agus gaol aige le duine tábhachtach eile de na Populares, mar atá, Marius. D'éiligh Sulla ar Caesar idirscaradh ó Cornelia ach ní raibh Caesar sásta tabhairt isteach dó. Ina ionad sin thréig sé an Róimh. Bhí cairde sa chúirt ag Caesar a d'fhéach chuige nach raibh dúnmharú polaitiúil á bhagairt air, ach mar sin féin, d'fhan sé ar a theitheadh taobh amuigh den phríomhchathair.

Bhí fáilte roimhe sna fórsaí armtha, ní nárbh ionadh, agus glacadh leis mar oifigeach foirne faoi cheannas an ghinearáil Marcus Minucius Thermus, a bhí ag faire chúige na hÁise (is é sin, iarthar na Mion-Áise, nó iarthar na Tuirce sa lá atá inniu ann) thar cionn Sulla. Nuair a bhí cathair Mytilene in oileán Lesbos faoi léigear ag saighdiúirí Thermus, bronnadh an corona civica nó coróin an tsaoránaigh ar Iúil Caesar—b'ionann sin is a rá go raibh sé tar éis duine dá chomh-Rómhánaigh a shábháil ar an mbás ar mhachaire an áir. Ó nach raibh deireadh ag teacht leis an léigear, cuireadh Caesar chuig rí na Bitine, Nicidéamas a Ceathair, duine de chomhghuaillithe na Rómhánach, le cuidiú a iarraidh air. Chaith sé tréimhse chomh fada ann gur cuireadh amach air go raibh caidreamh collaí ag Caesar leis an Rí.

Sa bhliain 78 r. Chr. fuair Sulla bás agus d'fhill Caesar ar an Róimh le dul le polaitíocht arís. Mar ba ghnách sa Róimh ag an am, rinneadh ionchúisitheoir agus mionstátseirbhíseach—duine de na vigintisexviri—de mo dhuine. Ina ionchúisitheoir dó chúisigh sé an t-iar-chonsal Cnaeus Cornelius Dolabella, duine de lucht leanúna Sulla. Thuig muintir na Róimhe as seo go raibh Caesar i ndeabhaidh le páirtí Sulla i gcónaí. 

Le teitheadh ó fhuath mhuintir Sulla, chinn Caesar ar an Róimh a thréigean arís, cé nach le saighdiúireacht a chuaigh sé. Is é an rud a rinne sé ná a aghaidh a thabhairt ar Oileán Ródas sa Ghréig le reitric agus deisbhéalaí a fhoghlaim ó mháistir aitheanta na ceirde, Mólan. Níor tháinig sé a fhad le scoil Mhólain riamh, áfach, nó ghabh foghlaithe mara ina phríosúnach é le hairgead a fhuascailte a éileamh ar a mhuintir. Deirtear gur chuala Caesar iad ag rá go raibh cuma an bhoic mhóir air agus go raibh siad le fiche tallann óir a éileamh. Bhí Caesar den tuairim nach rachadh sé a phraghas ceart ar fhiche tallann óir, áfach, agus é ag áitiú ar na foghlaithe gurbh fhiú dóibh caoga tallann a iarraidh. San am céanna, dúirt sé leis na foghlaithe go gcrochfadh sé gach mac mallachta acu ar chros dá mbeadh sé de dhíth céille acu é a scaoileadh saor ina bheo. Níor thug na foghlaithe aird ar an rabhadh seo; fuair siad an caoga tallann, agus nuair a d'éirigh le Caesar a dhóthain saighdiúirí a fháil chuige chuaigh sé sa tóir ar na fuadaitheoirí. Ghabh sé iad sa deireadh agus chuir sé beart lena bhagairt, nó chéas sé na foghlaithe mara ar chros. Ó bhí siad ina gceann maith dó i rith a bhraighdeanais, áfach, bhris sé a gcuid cos sular crochadh iad le nach mbeadh moill mhór ar an mbás.

I dtús na bliana 73 r. Chr. ceapadh Caesar ina dhuine de na Pontifices, is é sin, ina bhall de chomhairle na sagart. Tháinig sé i gcomharbas ar ghaol leis, Caius Aurelius Cotta, a bhí tar éis bás a fháil. Sa bhliain 69 r. Chr. d'éirigh leis céim an chaestóra a fháil. Ba í an chaestóireacht an chéim ab ísle de na poist fhíorthábhachtacha - an cursus honorum nó cúrsa na n-onóracha—sa tsean-Róimh. 

Sa bhliain 68 r. Chr. cailleadh Cornelia, bean chéile Chaesar. Thug sé grá na hailpe do chailín saibhir de mhuintir Sulla, Pompeia, agus é ag baint leasa as a cuid airgid le dul chun cinn sa pholaitíocht. Sa bhliain 65 ceapadh ina aedíleach curúlach é, agus sa bhliain 63 rinneadh Pontifex Maximus de—is é sin, ardsagart na ndéithe go léir (Inniu, ar ndóigh, tugtar Pontifex Maximus ar an bPápa, ach tá an chéimíocht níos sine ná an Chríostaíocht). 

San am seo bhí an Róimh ar coipeadh le ráflaí faoi chomhcheilg a bhí ar cois ag baicle rúnda a bhunaigh Lucius Sergius Catilina le teacht i réim sa Róimh. Bhí cuid mhór de mhaithe is de mhóruaisle na Róimhe sáite sa chomhcheilg, agus amhras ar na daoine faoi Iúil Caesar féin, ó bhí caidreamh éigin aige le Catilina roimhe seo. Mar sin féin, d'éirigh le Caesar an drochamhras a scaipeadh. Sa bhliain 62 bhain Caesar amach céimíocht an phraetóra, ceann de na poist ab airde i gcóras riaracháin na Róimhe. Bhain mí-ádh pearsanta dó, áfach, nó b'éigean dó dealú óna bhean chéile, Pompeia, i ndiaidh scannail a d'fhág amhras na mígheanmnaíochta uirthi.

Ba é an chéad phost tábhachtach a bhí ag Caesar taobh amuigh den Róimh ná próphraetóireacht na Spáinne. Chuir sé cogadh fíochmhar ar na hIbéirigh, rud a thuill clú an straitéiseora dó agus a chuidigh leis bail a chur air féin i gcúrsaí airgid, rud ba ghá agus é chomh báite sin i bhfiacha. Bhí sé in inmhe, mar sin, cur isteach ar an bpost ab airde i gcóras riaracháin na Róimhe, is é sin, an chonsalacht. 

Is iomaí Seanadóir a bhí míshásta le saint Chaesar sa chonsalacht, agus leis an ród a réiteach roimhe chuaigh Caesar i bpáirt le beirt sárachán eile, mar atá, Marcus Licinius Crassus agus Cnaeus Pompeius Magnus. Ba í seo an chéad Triúracht, nó an t-arrachtach tríchloigneach, mar a dúirt Varro. Tháinig an t-airgead (Crassus), an oirbheartaíocht mhíleata (Pompeius) agus an tionchar polaitiúil (Caesar) le chéile sa triúracht seo. Leis an gceangal a dhaingniú, phós Pompeius iníon Caesar, Iulia.

Bhí an triúracht in ann an chonsalacht a bhaint amach do Caesar sa bhliain 59 r. Chr. Bhí cuid mhór de na Seanadóirí ag cur ina aghaidh mar sin féin, agus d'fhéach siad fiú le hé a chur as a phost trí tháinseamh. Ós rud é gur bronnadh próchonsalacht cúig bliana air le go mbeadh sé in ann cogadh a chur ar na hIllírigh agus ar na Gallaigh, ní raibh seans ag a chuid naimhde an dlí a chur air mar ba mhian leo. Nuair a toghadh ina chonsal é phós sé arís. Calpurnia a bhí ar an mbrídeog, agus í ar an tríú bean chéile aige.

Is é is brí le próchonsalacht ná fad a cur le tréimhse na consalachta: de ghnáth ní mhairfeadh an chonsalacht thar aon bhliain amháin, ach bhí sé de nós ag na Rómhánaigh an chumhacht sin a thabhairt do na ginearáil go ceann tamaill eile. Chuir an phróchonsalacht ar chumas Caesar arm a earcú, rud a lig dó cogadh a chur ar na Gallaigh lena dtír a fhorghabháil don Róimh. 

D'éirigh leis an triúracht fad eile a chur le próchonsalacht Chaesar, nó bhí consalacht ag Crassus agus Pompeius araon sa bhliain 55 r.Chr. Chaith Caesar deich mbliana ar fad ina phróchonsal, mar sin, agus é ag cogaíocht sa Ghaill. D'éirigh le Caesar iomlán na Gaille a shealbhú, a fhad leis an Réin. Bhí sé in ann easaontas na nGallach a chur chun sochair dó féin, agus cuid mhaith de na treibheanna sásta dul i gcomhar le Caesar in aghaidh na gcomharsan. Dá thoradh sin, bhí Caesar in ann na Gallaigh a chloí de réir a chéile, gan cogadh a chur ar an iomlán dearg acu riamh. 

Bhí Caesar chomh dána dásachtach is gur rith leis sluaíochtaí míleata a dhéanamh go dtí an Ghearmáin agus an Bhreatain, rud a tharraing súil na Róimhe air, nó bhí na Rómhánaigh aineolach ar fad ar na críocha seo ag an am. Chinn Caesar sa deireadh gan gabháltas a dhéanamh orthu, agus níor thit an Bhreatain leis na Rómhánaigh ach céad bliain níos deireanaí. An teorainn a fheicimid idir an Fhrainc agus an Ghearmáin inniu, tá sí suite san áit ar fhág Caesar í, a bheag nó a mhór.

Is féidir a mhaíomh gur maraíodh milliún Gallach le linn an chogaidh a chuir Caesar ar an nGaill. Fágadh milliún eile i ndaoirse agus i ndaorbhroid. Thug Caesar cuntas ar a chuid eachtraí sa Ghaill sa leabhar is cáiliúla dá chuid, mar atá, Commentarii de bello Gallico—Tráchtaireacht ar chogadh na Gaille. An t-eolas atá againne ar chogaíocht na Rómhánach, tháinig cuid nach beag de chugainn ón leabhar seo. Leabhar bolscaireachta a bhí ann go bunúsach, lena chruthú don tSeanad go raibh údar ceart leis an gcogadh. Thairis sin de, ba í an leabhar seo a chuir ar a súile do na Rómhánaigh den chéad uair gur dhá phobal éagsúla ba ea na Ceiltigh agus na Gearmánaigh. Roimhe sin, shíl na Rómhánaigh nach raibh sna Gearmánaigh ach ceann de na treibheacha Ceilteacha.

Ba é Vercingetorix an taoiseach ba mhó a chuir in aghaidh Caesar, agus é ar aon chothrom le Caesar mar cheannsaí cogaidh. B'fhada Caesar ag troid le Vercingetorix, a bhris an cath air i nGergovia (in aice le Clermont-Ferrand an lae inniu). Sa deireadh thiar thall, fuair sé an ceann is fearr ar an taoiseach Gallach in Alesia (Alise Sainte-Reine an lae inniu), áit ar thug Vercingetorix é féin suas do Chaesar le comha níos fearr a thabhú dá mhuintir. Deirtear gur chaith an taoiseach Gallach a ghléas cogaidh le cosa Caesar, ach is féidir nach bhfuil i gceist ach teilgean cainte. Taispeánadh Vercingetorixdo mhuintir na Róimhe i mórshiúl caithréime Chaesar, ach ansin cuireadh chun báis é, nó bhí Caesar géarbharúlach gur namhaid dainséarach a bheadh ann dá n-éireodh leis éalú as an mbraighdeánas.

Is follasach go raibh leas polaitiúil le baint as an gcaithréim seo, chomh maith le rachmas saolta, agus bhain Caesar an-tairbhe as na heachtraí cogaidh agus é ag iarraidh cumhacht a bhaint amach sa bhaile.

Sa bhliain 53 r. Chr. maraíodh Crassus san Aisír, áit a raibh sé ag cur cogaidh ar na Pairtigh. Bhí Pompeius buartha faoi bhorradh Chaesar agus thosaigh sé ag déanamh mórtachais le Seanadóirí a raibh an colg céanna orthu. Bhí Caesar féin i ndeireadh na próchonsalachta agus é fágtha gan tacaíocht pholaitiúil de bharr chliseadh na Triúrachta. 

Ba bhaol dó comhar Phompeius agus an tSeanaid, agus an chuma ar an scéal go ngabhfaidís é ar theacht go dtí an Róimh dó. Shíl sé, mar sin, nach raibh de rogha air ach teacht i dtreis le lámh láidir. Chuir an Seanad cosc ar Caesar a chuid léigiún a thabhairt leis go dtí an Iodáil, ach nuair a bhain sé amach teorainn na hIodáile agus na Gaille, Abhainn Rubico, ar an deichiú lá d'Eanáir, 49 r.Chr., chuaigh Caesar chun diúnais ar an Seanad agus thug cúig mhíle fear leis. Deirtear gur ar an ócáid úd a chualathas na focail chlúiteacha—alea iacta est—á labhairt aige. Ós rud é go raibh an Ghréigis chomh líofa aige leis an Laidin, mar ba dhual do scothaicme na Róimhe ag an am, is dócha gurb as Gréigis a dúirt sé iad—anerriphtho kybos. Tá tagairt sa mhéid sin do dhráma le Menandros, drámadóir Gréagach.

Cibé scéal é, ghabh Caesar an Róimh gan mórán dua, agus theith Pompeius agus cuid mhór de na Seanadóirí go dtí an Ghréig roimhe.

Sa bhliain 48 r. Chr. bronnadh an chonsalacht ar Caesar in athuair, agus siúd anonn chuig an nGréig é le cogadh a chur ar a chuid naimhde. Mhaidhm an cath ar Phompeius ag Pharsalos i dtuaisceart na Gréige, agus lorg sé dídean san Éigipt. Ní raibh Tolamaes a Trí Déag, rí na hÉigipte, sásta tearmann a thabhairt dó, áfach: dúnmharaíodh Pompeius ar orduithe an rí. Ag teacht sna sálaí ag Pompeius dó, shroich Caesar Alexandria, príomhchathair na hÉigipte, agus casadh deirfiúr an rí, Cleopatra, air. De réir nós na nÉigipteach, bhí Cleopatra pósta ar a deartháir, ach níor stop sin í ó ghrá a thabhairt do Caesar, ná Caesar ó dhul ina haraicis. Más fíor féin gurbh é seo cumann grá na mílaoise, is iomaí trioblóid a tharraing sé. Rugadh mac di le Caesar agus Caesarion mar ainm air; bhí Caesar sásta a admháil gurbh é siúd a mhacsan, ach níor fhág sé dada ag an mbuachaill ina thiomna. Ní rithfeadh leis riamh Cleopatra a phósadh ach an oiread, nó bheadh a chnaipe déanta mar pholaiteoir sa Róimh, agus bhí sé pósta ar Chalpurnia i gcónaí. 

Ní raibh an cogadh cathartha críochnaithe go fóill, áfach. Bhí fórsaí an tSeanaid ag troid le Caesar i gcónaí, agus chuir sé cath orthu ag Thapsus i dtuaisceart na hAfraice ar an séú lá de Mhí Aibreáin, 46 r. Chr.. Chloígh sé Metellus Scipio agus Marcus Porcius Cato Óg, mac le Cato Mór. D'éirigh Cnaeus Óg agus Sextus, beirt mhac le Pompeius, amach ina aghaidh, ach d'éirigh le Caesar an cogadh seo—Cogadh na Spáinne - a bhuachan chomh maith. Tháinig deireadh leis i Mí na Márta den bhliain 45 r. Chr., nuair a chloígh Caesar mic Pompeius ag Munda. Chuir Cnaeus lámh ina bhás féin ach tháinig an deartháir eile slán.

Ní raibh an deachtóireacht bainte amach ag Caesar go fóill nuair a chrom sé ar reachtaíocht na Róimhe a leasú. Thug sé isteach roinnt mhaith dlíthe nua (Leges Iuliae), agus bhí rún aige slacht a chur ar na dlíthe go léir. Leasaigh sé an féilire agus bhí sé ag smaoineamh ar na Portaigh Phointíneacha a thriomú. 

Bhain Caesar amach an deachtóireacht ar dtús sa bhliain 46 r. Chr., i ndiaidh dó filleadh abhaile ón Éigipt. An uair sin bhí air éirí as an bpost i gceann deich mbliana, ach i ndiaidh dó bua a bhreith ar chlann mhac Phompeius rinne an Seanad dictator perpetuus nó buandeachtóir de. Bhí an deachtóireacht shealadach ag cur le bunreacht na Roimhe, nó bhí sé ceadaithe na cumhachtaí sin a thabhairt ar iasacht do ghinearál, mar shampla, ar feadh an chogaidh. Sampla de sin ba ea Cincinnatus, fear a bhí ina chomhartha ar shuáilcí an Rómhánaigh idéalaigh: fear simplí a ghlac le cumhachtaí an deachtóra leis an Róimh a tharrtháil agus a d'fhill ar a sheancheird ina dhiadh sin. Scéal eile ar fad ba ea an buandeachtóir, nó chuir sé an phoblacht féin i mbaol, rud a chuir olc ar mhórán agus ba chúis le comhcheilg i gcoinne Chaesar.

Níl na staraithe ar aon tuairim inniu féin faoi cé acu a bhí fonn ar Chaesar rítheaghlach a bhunú agus an phoblacht a threascairt nó nach raibh. Bhí cumhacht ríoga aige cheana ach thuig sé nach bhféadfadh sé an scéal a phlé os ard. Chuimhnigh sé ar chogaidh eile a thosú—na Pairtigh a ionsaí agus díoltas a agairt orthu as marú Crassus.

Dúnmharaíodh Iúil Caesar ar an gcúigiú lá déag de Mhí na Márta (Idus Martiae, de réir fhéilire na Rómhánach) den bhliain 44 r. Chr. Bhí sé tar éis teacht go dtí an Seanad agus suí síos mar ar ghnách leis nuair a chonaic sé an lucht comhcheilge ag nochtadh a gcuid arm (styli nó pinn mhiotail, is dócha) ina thimpeall. Ba é an sceanach ceart é agus gach duine ag iarraidh a chion féin den obair a dhéanamh. 

Ba é Publius Servilius Casca an chéad duine a ghoin Caesar. Is beag dochar a rinne sé. Cheap Caesar a lámh: Céard atá tú a dhéanamh, a Chasca, a bhithiúnaigh? Scairt Casca as Gréigis: Cuidigh liom, a dheartháir! (Αδελφέ βοήθει!) Sháigh deartháir Chasca a chlaíomh idir na heasnacha i Caesar, agus d'ionsaigh Cassius Caesar gur ghortaigh sé a aghaidh. Chuir Caesar sonrú i mBrutus agus deirtear gur labhair sé leis as Gréigis: Tú féin, a ghasúir? (Καὶ σὺ τέκνον). Is amhlaidh go raibh meas an chara agus an mhic altrama ag Caesar ar Bhrutus, siúd is go raibh an bheirt acu in achrann a chéile i gcúrsaí polaitíochta. Is é an dara leagan den scéal atá ann, áfach, ná nach raibh Caesar in ann mórán a rá faoin am seo, agus easpa fola air.

Ní raibh Marcus Tullius Cicero, máistir na deisbhéalaí agus na reitrice, sáite sa chomhcheilg, ach mura raibh, chonaic sé an dúnmharú le súile a chinn féin, agus bhí sé an-sásta go raibh deireadh curtha leis an tíorántacht. Bhí sé ar dhuine de na naimhde ba bhinbí a bhí ag Caesar i saol polaitíochta na Róimhe (cé gur bhreá leis prós Chaesar), agus níor cheil sé an ríméad a bhí air i ndiaidh an dúnmharaithe.

Níor tháinig deireadh le cogadh cathartha na Róimhe le dúnmharú Caesar, a mhalairt ar fad. Ar dtús, bhris Marcus Antonius (a bhí ina chomh-Chonsal ag Caesar sa bhliain 44 r. Chr.) agus Octavianus, garnia is mac uchta Caesar, an cogadh ar lucht na comhcheilge. Iadsan, in éineacht leis an nginearál Marcus Aemilius Lepidus, a chuaigh le chéile sa Dara Triúracht. 

I gceann tamaill chloígh Octavianus a chomh-Thriúraithe. Sa bhliain 31 r. Chr. bhí deireadh curtha leis an gcogadh cathartha aige agus é féin iompaithe ina Impire. Mar sin féin, bhí sé ag iarraidh dealramh na ríogachta a sheachaint, agus é ag caint ar 'athbhunú na Poblachta. Ní raibh ann féin, mar dhea, ach princeps, is é sin, an chéad saoránach. I ndáiríre, bhí an stát faoi smacht aige féin amháin. Ba iad na Seanadóirí a bhronn an leasainm Augustus (Ágastas)—urramach, mórga—ar Octavianus, agus is mar Ágastas a choinníonn na hannála cuimhne air.

Chomh luath le tús an dara triúracht, gaireadh dia d'Iúil Caesar—divus Iulius, Iúil Diaga. Sa bhliain 29 r. Chr., thiomnaigh Ágastas teampall d'Iúil Diaga sa Fhóram Rómhánach. Ba nós ag Ágastas freisin mac an duine dhiaga a thabhairt air féin.

Bhreac Caesar síos scéal a chogaidh i seacht leabhar an tsaothair úd Commentarii de bello Gallico (Trácht ar chogadh na Gaille). Ós rud é go bhfuil an saothar seo scríofa i Laidin shimplí shoiléir, gan ruthaig na reitrice, is gnách é a úsáid mar lón léitheoireachta do na scoláirí agus iad díreach ag éirí chomh heolach ar an Laidin is gur féidir leo an chéad leabhar a léamh. Is iomaí scoláire Laidine a d'fhoghlaim an chéad chupla abairt sa leabhar seo de ghlanmheabhair, ós rud é gurb iad na focail seo a d'oscail an geata go saol na Róimhe: Gallia est omnis divisa in partes tres, quarum unam incolunt Belgae, aliam Aquitani, tertiam qui ipsorum lingua Celtae nostra Galli appellantur—is é sin: Tá an Ghaill roinnte ina trí chuid, na Beilgigh ina gcónaí i gcuid amháin, na hAcatánaigh i gcuid eile acu, agus dream sa tríú cuid a dtugtar Ceiltigh orthu ina dteanga féin agus Gallaigh inár dteangana.

Creidtear gur riachtanais pholaitiúla ba mhó a spreag Caesar chun pinn, nó bhí sé ag iarraidh lucht a cháinte sa Seanad a chur ina dtost agus a chruthú gurbh fhónta an rud a rinne sé d'ainneoin ar chosain an cogadh d'airgead Rómhánach. 

Thairis sin de scríobh Caesar saothar beag, De bello civili, inar phléigh sé an chuid den chogadh cathartha a chonaic sé lena shúile cinn féin. Má tháinig aon saothar eile óna lámh níl a dhath fágtha de.




#Article 188: An tAscar (342 words)


Is luamh le rige geaifil é an tAscar (nó an Asgard i mBéarla), sé mhéadar déag ar a fhad. Bhí cáil ar an Asgard ó thabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair in 1914. Colin Archer, an t-ailtire cabhlaigh cailiúil as an lorua, a thóg.

Tógadh an luamh an tAscar i 1904/5. Tugadh é mar bhronntanas pósta do Molly (Mary) Osgood, óna tuismitheoirí, nuair a phós sí Erskine Childers i 1905, Sasanach a bhí an-dílis don impireacht ag an am, agus údar an leabhar Riddle of the Sands. 

Nuair a chonaic Childers go raibh Óglaigh Uladh á n-armáil féin agus ag bagairt foréigin in aghaidh Rialtas Dúchais d'Éirinn, thug Childers aird ar éileamh na nÓglach Náisiúnta. Bheartaigh sé cabhrú leo roinnt gunnaí a fháil mar fhreagra ar an mbagairt ó na dílseoirí.

Ar an 26 Iúil 1914 thug Erskine agus Mary, agus ceathrar eile, lastas de 900 raidhfil agus 25,000 piléar leo as Hamburg na Gearmáine go Binn Éadair, tar éis dóibh turas garbh a chur díobh tríd an Mhuir Thuaidh agus Muir Éireann.  

Níós déánaí, timpeall 4pm, rinne arm na Breataine iarracht na hairm a ghabháil i mBinn Éadair.  

Timpeall 6pm, bhris círéib amach i lár na cathrach, agus na saighdiúirí ag filleadh ar ais go dtí a mbeairicí. Maraíodh triúr sa scliúchas, ar Shiúlán Bhaitsiléir, i mBaile Átha Cliath.

Dhíol bean Childers an Asgard i 1926 agus bhí úinéirí éagsúla aige go dtí gur cheannaigh Rialtas na hÉireann é i 1961, le húsáid mar bhád traenála. Bunaíodh Coiste an Asgard i 1968 agus leanadh ar aghaidh dá úsáid chun an tseoltóireacht a theagasc do dhaoine óga na hÉireann go dtí 1974. Cuireadh an seanbhád ar taispeáint in Iarsmalann Stairiúil Phríosúin Chill Mhaighneáin i 1979.

Bhí bád eile ag Coiste an Asgard, ar a dtugtar an Asgard II a coimisiúnaíodh i 1981.  Baineadh úsáid as mar chéad shoitheach náisiúnta oiliúna seolta na hÉireann. Chuaigh an Asgard II go tóin poill ar an 11 Meán Fómhair 2008 i mBá na Bioscáine. Ar an 23 Feabhra 2009, d'fhógair rialtas na hÉireann nach n-ardófar arís é.




#Article 189: Úrscéal (1103 words)


Is iomaí ciall a bhaintear as an bhfocal úrscéal, agus is iomaí leabhar agus alt atá scríofa faoi. Go tipiciúil, áfach, is scéal fada eipiciúil é an t-úrscéal a bhfuil idir phlota agus laochra ann, agus na laochra curtha i láthair ar bhealach indibhidiúil, ionas gur féidir iad a aithint thar a chéile agus comhionannú a dhéanamh leo. Maítear gur cineál nua litríochta é a tháinig chun cinn tar éis an Renaissance, agus gurbh é Don Quixote (a ndearna an tAthair Peadar Ua Laoghaire leagan giorraithe Gaeilge de faoin teideal Don Cíochótae), a scríobh an Spáinneach Miguel de Cervantes sa séú haois déag, an chéad úrscéal de réir mar a thuigimid an téarma inniu. Ina dhiaidh sin bhláthaigh an seánra ar feadh na gcéadta bliain ó shin, go háirithe as Fraincis, as Rúisis, agus as Béarla. Deirtear freisin, áfach, go raibh úrscéalta á scríobh roimhe sin féin, agus luaitear leabhair sheanársa mar fhianaise, ar nós Satyricon, a scríobh comhairleoir an Impire Nero, Petronius, timpeall na bliana 61 i ndiaidh bhreith Chríost. 

Is é an sainmhíniú is simplí is féidir a thabhairt ar úrscéal ná saothar ficsin ina bhfuil aontas plota agus carachtar agus é fada go leor le cur i gcló mar leabhar. 

Áirítear gurb é Deoraíocht (1904) le Pádraic Ó Conaire an chéad úrscéal nua-aimseartha Gaeilge. Is scéal é faoi dheoraí Éireannach i Londain agus na heachtraí a bhain dó tar éis dó cúpla ceann dá ghéaga a chailleadh i dtimpiste. Scéal dorcha duairc traigéideach is ea é, agus is iad na príomhthéamaí atá ann ná coimhthíos an phríomhcharachtair roimh an domhan agus an fhearg atá air leis. Leabhar an-nua-aimseartha í a chuir tús fiúntach le litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Tá siad ann a deir gurb é  leis an Athair Peadar Ua Laoghaire an chéad úrscéal Gaeilge, ach le fírinne, bhí an tAthair Peadar an oiread sin i ngeimhle na scéalaíochta traidisiúnta is nár éirigh leis a leabhar a phlotáil mar ba chóir don úrscéal. Is féidir a rá gurb é seo príomhfhadhb na próslitríochta Gaeilge sa lá atá inniu féin ann.

Dhírigh cuid mhaith d'úrscéalaithe na Gaeilge ar léiriú idéalach maoithneach a thabhairt ar shaol na Gaeltachta, daoine ar nós Pádraig Óg Ó Conaire, Seán Ó Ruadháin, Séamus Ó Grianna agus scríbhneoirí Gaeltachta eile. Thug scríbhneoirí eile, Piaras Béaslaí, Éamonn Mac Giolla Iasachta, agus Seán Óg Ó Caomhánach faoi nithe seachas tírghrá agus saol traidisiúnta na tuaithe a léiriú ach ba bheag an rath a bhí ar a gcuid iarrachtaí agus is beag duine a léann a saothar anois. 

Carachtair gan doimhneacht a bhfuil a saol faoi thionchar na bpiseog, na dtairngreachtaí agus an tseanchais a bhí i scéalta Shéamais Uí Ghrianna an chuid is mó. San úrscéal is fearr a scríobh sé, Bean Ruadh de Dhálach (1966) tugann sé cur síos ar bhean a fhágann slán ag an dúchas agus a théann a bealach féin, duine neamhspleách láidir atá breá ábalta seasamh in aghaidh sheanghnátha a muintire. Ba é deartháir Shéamais, Seosamh Mac Grianna, áfach, an té a scríobh an saothar ba mhó indibhidiúlachta i lár na haoise seo caite, agus é go mór faoi thionchar Phádraic Uí Chonaire. Is é An Druma Mór, a tháinig ar pár sa bhliain 1934 ach nár foilsíodh go dtí 1969, an t-úrscéal is tábhachtaí ó pheann Sheosaimh, léargas ar bhaile beag tuaithe agus é ag dul i ngleic leis na hathraithe polaitiúla agus cultúrtha a tháinig le gluaiseacht na saoirse, agus carachtair réadúla ann a nochtann a laige agus a neart. 

Tháinig Máirtín Ó Cadhain chun cinn mar scríbhneoir i ndeireadh na 1930idí, agus áirítear a úrscéal Cré na Cille ar an saothar próis is cumasaí a scríobhadh sa Ghaeilge lena linn. Úrscéal is ea é a thugann léargas ar theannais shóisialta na Gaeltachta trína gcur á gcardáil ag marbháin na reilige, agus iad ag cur is ag cúiteamh go deo na ndeor faoin saol a bhí acu sula bhfuair siad bás. Chuirfeadh sé an chuid is fearr de litríocht Mheiriceá Theas i gcuimhne duit. Is féidir cuid de na scéalta fada leis a foilsíodh i gcnuasaigh ghearrscéalta a áireamh mar úrscéalta chomh maith, go háirithe Fuíoll Fuine, eachtra fir a bhfuil a bhean díreach tar éis bás a fháil. 

Úrscéalaí eile a bhí i Séamus Ó Néill, a rinne iarracht saol na cathrach a léiriú ach nár éirigh leis carachtair sách domhain a chruthú, agus Tarlach Ó hUid, scríbhneoir ionraic a bhí teoranta ó thaobh na teanga agus na samhlaíochta de. Is é an t-úrscéal is fearr le Séamus Ó Néill ná Máire Nic Artáin. Scéal grá é a thugann cur síos ar chleamhnas agus phósadh an chailín Chaitlicigh agus an bhuachalla Phrotastúnaigh i sochaí dheighilte an Tuaiscirt, agus d'fhéadfaí é a chur i gcomparáid leis na húrscéalta don aos óg a chum an scríbhneoir Albanach Joan Lingard faoi Kevin agus Sadie.

Úrscéalta doimhne machnamhacha iad Néal Maidine agus Tine Oíche(1964), agus An Branar gan Cur(1979) a scríobh Breandán Ó Doibhlin. Thug Eoghan Ó Tuairisc faoin úrscéal stairiúil i L'Attaque, sárinsint ar eachtraí feirmeora as Maigh Eo a ghlacann páirt in Éirí Amach 1798, agus Dé Luain (1966) iarracht ar an chéad lá d'Éirí Amach na Cásca 1916 a athchruthú trí shruthanna machnaimh na bpríomhcharachtar.

Is é Fonn a Níos Fiach (1978) an saothar is fearr de chuid Phádraig Uí Mhaoileoin, fear a scríobh Bríde Bhán freisin. Scríbhneoir Gaeltachta ó Chiarraí ab ea Pádraig, ach Gaeltacht eile ar fad a thaispeáin sé ina chuid leabhar seachas Gaeltacht Pheig agus an Oileánaigh. Bhí gaol dlúth aige leis an Oileánach, agus chuir sé an leabhar An tOileánach féin in eagar le haghaidh glúin nua léitheoirí.

Tá saothar an scríbhneora Diarmaid Ó Súilleabháin an-dúshlánach, go háirithe Caoin tú Féin (1967), An Uain Bheo (1968), Maeldún (1972) agus Lá Breá Gréine Buí (1984). Chuaigh an Súilleabhánach i ngleic leis an saol comhaimseartha agus é faoi thionchar mhórscríbhneoirí a linne san Eoraip. 

Scríobh Séamas Mac Annaidh trí úrscéal comhaimseartha ina bhfuil meascán den ghreann chomhfheasach agus den dianléargas ar shaol a linne. Cuaifeach mo Londubh Buí an chéad cheann agus an ceann is fearr acu.

Scríobh Alan Titley trí úrscéal, an chéad cheann an-chasta ar fad, Meirscrí na Treibhe. Is scéal uafáis faoi chanablaigh i mBaile Átha Cliath é Stiall Fhial Feola, agus is úrscéal stairiúil é An Fear Dána.

Maidir leis na húrscéalaithe Gaeilge a chuaigh i mbun pinn le déanaí, is dócha gurb é Joe Steve Ó Neachtain an duine is tábhachtaí acu. Bhain sé amach a cháil ina scriptscríbhneoir don tsobalscéal teilifíse Ros na Rún, ach ansin, d'fhoilsigh sé cnuasach gearrscéalta (Clochmhóin) agus, ina dhiaidh sin, dhá úrscéal soléite, Scread Mhaidine agus Lámh Láidir.




#Article 190: Iasar Arafat (118 words)


Bhí Iasar Arafat (24 Lúnasa, 1929 - 11 Samhain, 2004) a rugadh faoin ainm Mohammed Abdel-Raouf Arafat al-Qudwa al-Husseini () ina uachtarán ar an Údarás na Palaistíne.  

Bhí Arafat ina bhunaitheoir agus ina cheannaire ar FATA, chomh maith le bheith ina chathaoirleach ar an Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (ó 1969 ar aghaidh). Chomhbhuaigh sé Duais Nobel na Síochána sa bhliain 1994.

Ar an 20 Eanáir 1996,. toghadh Arafat ina uachtarán ar an Údarás Palaistíneach  (Palestinian National Authority). 

Tháinig tinneas dona air i nDeireadh Fómhair 2004.

Fuair sé bás in ospidéal míleata i bPáras na Fraince ar an aonú lá déag de Dheireadh Fómhair 2004 agus cuireadh ina cheanncheathrú é in Ramallah tar éis sochraide i gCaireo na hÉigipte.




#Article 191: Ollscoil (382 words)


Is institiúid ardoideachais agus taighde í an ollscoil, a bhronnann céimeanna acadúla. Cuireann ollscoil oideachas tríú leibhéal agus ceathrú leibhéal ar fáil. 

D´fhéadfaí a rá gurbh í an chéad ollscoil san iarthar an tAcadamh a bhunaigh Pláto, an fealsamh Gréagach, ar bun i 387 RC i gcoill Academos lámh le hAtain, mar ar thug sé ceachtanna fealsúnachta, matamaitice agus lúthchleasaíochta dos na mic léinn.

Cuireadh na céad ollscoileanna Eorpacha sna meánaoiseanna ar bun i mBologna na hIodáile agus i bPáras (an Fhrainc) sna meánaoiseanna le haghaidh staidéar ar dhlí, ar leigheas, agus ar dhiagacht.

I bhfad roimhe sin, bhí a leithéidí d'institiúidí cheana féin sa Pheirs agus sa domhain Ioslamach, go háirithe Acadamh Gundishapur agus níos deireanaí freisin in ollscoil Al-Azhar Chairó, arb í an ollscoil is faide i mbun léinn ar domhan. Tá Nalanda, i mBihar India, ar cheann de na hollscoileanna is tábhachtaí san Áise, seachas Acadamh Gundishapur, áit a raibh an fealsamh Búdíoch Nagarjuna i mbun léinn sa dara hAois tar éis Chríost. 

San Eoraip, lean fir óga ar aghaidh don ollscoil nuair a chríochnaigh siad staidéar ar an dtrivium: na healaíona ullmhúcháin arbh iad an gramadach, an reitric, agus an loighic; agus an quadrivium: uimhríocht, geoiméadracht, ceol, agus réalteolaíocht

Cuirtear ollscoileanna ar bun de ghnáth de réir dlí nó cairte. 

Sa bhFrainc, téann mic léinn freisin chuig na cours prepartoires agus grandes écoles, a bhfuil an-mheas agus clú orthu, agus a bhfuil comórtais an-déine le h-iontráil acu. . Sna Stáit Aontaithe, aithnítear ollscoil de réir dlí mar chorparáid ar nós aon chorparáid eile, cé go gcuireann stáit áirithe freagracht áirithe orthu maidir le leas na mac léinn. Mar nach gcuireann rialtas cónaidhme Mheiriceá eagar nó riaradh díreach ar na hollscoileanna, thosaigh eagrais réigiúnaí d'institiúidí ardléinn córais meastúcháin dá gcuid féin. Is eagrais neamh-shocair formhór mór ollscoileanna príobháideacha agus poiblí Mheiriceá, ach ó na 70í ar aghaidh, cuireadh go leor coláistí agus ollscoileanna le sochar ar bun chun tairbhe a bhaint as athraithe áirithe i gcláracha cúnaimh an rialtais chónaidhme.

Ó na 1980idí ar aghaidh, cuireadh roinnt oll-ollscoileanna ar bun, a thugann teagasc le córais múineadh ó i bhfad.

De ghnáth, úsáidtear an téarma ollscoil, nó university sa Bhéarla, le tagairt don tréimhse sin i saol duine, ach i Meiriceá Thuaidh, úsáidtear an téarma coláiste, nó, as Béarla, college.




#Article 192: Martin Luther (610 words)


 
B'é Máirtín Liútar (Gearmáinis: Martin Luther nó Martin Luder, Laidin: Martinus Lutherus. 10 Samhain 1483 - 18 Feabhra 1546) a chuir tús leis an Athleasú Creidimh, nuair a d'fhoilsigh sé na Cúig Théis Déag is Ceithre Scór i Wittenberg na Gearmáine ar an 31 Deireadh Fómhair 1517. B'eisean athair an Reifirméisin sa Ghearmáin. 

Tháinig Máirtín Liútar chun saoil in Eisleben ar an 10 Samhain 1483. B'é Hans Luder a athair, agus Margaretha Lindemann a bhí ar a mháthair. Baisteadh an buachaill ar fhéile Máirtín ó Tours. B'as an naomh seo a d'ainmnigh a thuismitheoirí é. 

Bhí a athair ina mháistir i bpoll mianaigh i Mansfeld, áit a rabhthas ag baint copair as an talamh, agus é in ann bia agus beatha a choinneáil lena theaghlach ionas nach raibh siad in aon chruachás. Theastaigh ó Hans státseirbhíseach a dhéanamh as a mhac, agus chuir sé ar scoil é. Fuair Máirtín a chuid scolaíochta i Mansfeld, Magdeburg agus Eisenach.

In aois a sheacht mbliana déag, sa bhliain 1501, chuaigh Máirtín ag staidéar in Ollscoil Erfurt. Bhain sé amach céim an bhaitsiléara sa bhliain 1502 agus céim an mháistir sa bhliain 1505. Is é an cineál léinn a roghnaigh sé san ollscoil ná an dlí, mar a theastaigh óna athair. 

I samhradh na bliana 1505, áfach, chuir cith tóirní cor ina chinniúint. Bhuail splanc thoirní an talamh in aice leis, díreach nuair a bhí sé ag dul chun na scoile. A Naomh Áine, a sciorr air a rá, cuidigh liom! Rachaidh mé sna manaigh! [Brecht, vol. 1, p. 48]. Ó shíl sé gurb í Naomh Áine a tháinig chun tarrthála dó an lá áirithe sin, chomhlíon sé an gheallúint a bhí tugtha aige, nó d'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé sna manaigh.

Nuair a bhí sé ina mhanach Agaistíneach, agus é ag obair ina ollamh le diagacht, thosaigh Liútar ag éirí míshásta leis an Eaglais Chaitliceach. Fuair sé locht ar éilliú agus ar lobhadh na hEaglaise Caitlicí, agus é ag éileamh go bhfillfeadh an Eaglais ar ais ar na foinsí agus ar bhunteagasc Íosa Críost. Theastaigh uaidh briathar Dé a scaipeadh i measc na ndaoine ina dteanga féin. 

Chuir Liútar tús le scoilt na hEaglaise Caitlicí agus le forbairt na hEaglaise Liútaránaí, arb í an chéad mhóreaglais Phrotastúnach a tháinig ar an bhfód. 

Is gnách glacadh leis gurbh é Máirtín Liútar a chuir bun leis an nGearmáinis scríofa mar is aithnid dúinn inniu íPanu Hoglund,  

Chuir Liútar Gearmáinis ar an mBíobla. Rinne sé a dhícheall le teanga nádúrtha na cosmhuintire – caint na ndaoine – a aithris ina stíl féin.  Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar theanga liteartha. 

Mar sin féin, bhí traidisiúin áirithe liteartha ann roimh a lá-san, agus Liútar ag tabhairt airde ar nósanna na dtraidisiún seo lena chinntiú go mbeadh glacadh chomh fairsing lena shaothar agus ab fhéidir. I gcomhthéacs amháin, ar a laghad, dúirt Liútar féin go raibh sé ag baint úsáid as teanga na Seansailéireachta Impiriúla, ar a dtugtaí Gemeines Deutsch nó an Ghearmáinis Choitianta, agus is léir go raibh tionchar nár bheag ag cleachtais na Seansailéireachta ar an nGearmáinis a scríobhadh sé. Pé scéal é, chuir sé casadh stíle ar an teanga seo a rinne i bhfad ní b’intuigthe ag an gcosmhuintir í, agus sin é an fáth gur glacadh lena aistriúchán Bíobla go fairsing forleathan.

Sa Ghaeilge, ba ghnách Clann Liútair a thabhairt, mar leasainm díspeagúil, ar na Protastúnaigh go léir, na Preispitéirigh Ultacha ach go háirithe. Is féidir samplaí den úsáid seo a fháil ag na hamhránaithe Seacaibíteacha agus ag Micí Mac Gabhann araon.




#Article 193: Der Ring des Nibelungen (176 words)


Sraith de cheithre opera a scríobh Richard Wagner is ea Der Ring des Nibelungen. Tá ceithre chinn acu ann, agus ba é Wagner é féin a chum idir cheoil agus liricí. Baineann siad le sean miotaseolaíocht na Gearmáine agus Chríoch Lochlann don chuid is mó, cé go bhfuil meascán de thréithe ón gCríostaíocht le sonrú ins na saothair seo freisin. Bhí trí roinn sa chruinne sa seanaimsir - Walhall nó Valhalla (neamh na sean-déithe Gearmánacha), Niebelheim faoi thalamh, mar ar mhair na Nibelungen, sort leipreacháin a chleacht obair miotail, agus na daoine ar dhromchla an domhain, ag a raibh saol teoranta. Baineann an scéal, arbh é Wagner féin a chuir cuid mhór de le chéile, leis an tslí ar bhain na Nibelungen ór na Réine (Rhine) ó mhaighdeana na Réine. Ina dhiaidh sin, fuair Wotan, ceann na ndéithe seilbh ar ar Rhinegold (ór na Réine). Ach idir an dá linn, bhí go leor suime aige i ngnóthaí na ndaoine, go háirithe Siegmund, agus a mhac ina dhiaidh, Siegfried.
Is iad na ceithre h-opera sa sraith ná:




#Article 194: Túrcú (1049 words)


Is í Túrcú (Turku i bhFionlainnis agus Åbo i Sualainnis, an dara theanga sa tír) in iardheisceart na Fionlainne an cúigiú chathair is mó agus an chathair is sine agus is stairiúla sa tír sin. Bhí sí ina príomhchathair ar an bhFionlainn go dtí an bhliain 1812, nuair a bronnadh an chéimíocht sin ar Heilsincí. Chuaigh an Fhionlainn ó lámh na Sualannach go lámh na Rúise i ndiaidh Chogadh na Fionlainne sna blianta 1808-9, agus glactar leis go coitianta go raibh sé de rún ag Impire na Rúise an Fhionlainn a scaradh ón tSualainn tríd an bpríomhchathair a athrú go háit ba chóngaraí don mháthairthír. Na hoifigí Rialtais a fágadh i dTúrcú, haistríodh iad féin go Heilsincí i ndiaidh an dóiteáin mhóir a rinne an-damáiste ar an gcathair sa bhliain 1827. 

D'fhás an t-áitreabh san 13ú haois timpeall ar Chnoc Unikankare, agus sa bhliain 1300, tógadh Ard-Eaglais ar an gcnoc. B'ansin a bhí lárionad an chreidimh agus na trádála san Fhionlainn le linn na Meánaoise. Bhí caisleán suite i gcóngar don Ard-Eaglais leis an áit a chosaint ar na foghlaithe iasachta, ach mar sin féin, chreach na Rúisigh ó Novgorod an chathair sa bhliain 1318, agus d'ionsaigh na Danmhargaigh í faoi dhó sa chéad leath den tséú haois déag. 

I ndiaidh na Meánaoise féin, bhí Túrcú ina príomhchathair ar an bhFionlainn. Bhí Eoin III, Rí na Sualainne, ina Ard-Diúc ar an bhFionlainn sular bhain sé amach ríchathaoir na Sualainne, agus sna blianta 1556-1563, bhí sé ag reáchtáil cúirte i gCaisleán Thúrcú i stíl mhaithe agus mhóruaisle na hEorpa. Bunaíodh a lán institiúidí agus forais thábhachtacha i dTúrcú sa tseachtú haois déag, nuair a bhí an saol síochánta, cosúil leis an Acadamh Ríoga sa bhliain 1640, an chúirt dlí sa bhliain 1620, nó oifigí an rialtais chúigiúil sa bhliain 1617. 

Sa chéad leath den ochtú haois déag, chuir an tSualainn agus an Rúis dhá chogadh ar a chéile - Cogadh Mór an Tuaiscirt (1700-1720) agus Cogadh na Hataí (1742-1743). (Is éard atá i gceist leis na Hataí ná an páirtí frith-Rúiseach i bpolaitíocht na Sualainne san am - is é an leasainm a bhí ar an bpáirtí eile ná na Caipíní.) I rith an dá chogadh, shealbhaigh na Rúisigh an Fhionlainn ar feadh tréimhse, agus a fhad is a mhair an fhorghabháil, bhí rialtas míleata na Rúiseach suite i dTúrcú. Is é an t-ainm a thug na Fionlannaigh ar an dá thréimhse forghabhála ná fearg - An Fhearg Mhór sna blianta 1713-1721, agus An Fhearg Bheag sna blianta 1742-1743.

Sa dara leath den ochtú haois déag, bhí an saol ní ba síochánta arís, agus thosaigh fás ag teacht ar an tionsclaíocht sa chathair, cosúil leis an longcheártaíocht agus le tionsclaíocht an tobac. Tháinig an cultúr sna salaí ag an eacnamaíocht, nó sa bhliain 1771, bunaíodh an chéad iris nó nuachtán sa chathair, Tidningar utgifne af et Sällskap i Åbo (Scéalta á bhfoilsiú ag cumann áirithe i dTúrcú), nó Åbo Tidningar (Scéalta Thúrcú). Bhí an iris á foilsiú go dtí an bhliain 1778 agus arís sna blianta 1782-85. Ba é Henrik Gabriel Porthan, a rinne an-taighde ar an mbéaloideas Fionlannach, a bhí ina phríomheagarthóir ar an iris. Go bunúsach, ba é Cumann Aurora, cumann liteartha agus tírghráúil, a bhí ag foilsiú na hirise, ach go praiticiúil, tháinig deireadh le hobair an chumainn i rith na mblianta, agus thit sé ar chrann Porthan an iris a choinneáil ag imeacht.

I ndiaidh chogadh na mblianta 1808-1809, thit an Fhionlainn ón tSualainn le hImpireacht na Rúise. Bhí an tImpire buartha faoi chomh cóngarach agus a bhí Túrcú do Stócólm, agus sa bhliain 1812, hathraíodh feidhmeanna na príomhchathrach soir go Heilsincí. Ar an 4 Meán Fomhair 1827, chuaigh Túrcú trí thine, nuair a bhí na tithe adhmaid triomaithe i ndiaidh an tsamhraidh the, agus na splancacha ag dul ó theach go teach go sciobtha. Fuair seachtar is fiche de dhaoine bás sa dóiteán, agus fágadh 11,000 duine gan teach gan dídean. Bhí an chathair léirscriosta chomh dona is gur chinn na húdaráis an chuid eile d'fheidhmeanna na príomhchathrach, go háirithe an tAcadamh, a aistriú go Heilsincí chomh maith. Fágadh Ard-Easpag Liútaránach na Fionlainne ag obair i dTúrcú, áfach, agus inniu féin, tá Túrcú ina príomhchathair reiligiúnach ar an bhFionlainn.

Tá Túrcú ar an mbeagán cathracha san Fhionlainn a tháinig ar an bhfód go nádúrtha, gan aon ordú oifigiúil faoi bhunú na cathrach. Is é is cúis leis sin ná an gheograife, nó tá inbhear breá isteach go lár na cathrach, rud a fhágann gur dual di bheith ina háit mhór trádála.

Níl ach caolas farraige idir Túrcú agus Stócólm, agus na longa paisinéirí ag dul eatarthu go tiubh. 

 

Labhraíonn 89.4% de dhaonra Thúrcú Fionlainnis mar theanga dhúchais. Tá stádas oifigiúil ag an tSualainnis chomh maith agus 5.2% de na daoine á labhairt mar theanga dhúchais.

Bunaíodh an chéad scoil i dTúrcú, mar atá, Scoil na hArdeaglaise (Katedralskolan i Åbo), i ndeireadh na tríú haoise déag. Bunaíodh an chéad Ollscoil (Acadamh Åbo) sa bhliain 1640, ach sa naoú haois déag, haistríodh go Heilsincí í chomh maith leis na hoifigí Rialtais. Tháinig dhá ollscoil nua ar an bhfód san fhichiú haois, mar atá, Åbo Akademi, an ollscoil Sualainnise, agus Turun Yliopisto, an ollscoil Fionlainnise.

I ndiaidh an dóiteáin féin, maireann go leor iarsmaí den Mheánaois i dTúrcú, rud is annamh san Fhionlainn, ó tá cuma an-nua-aimseartha - ró-nua-aimseartha b'fhéidir - ar go leor den tír. Is í an Ard-Eaglais suaitheantas Thúrcú, ach thairis sin, tá an Caisleán ann, cé go ndearna na buamaí Sóivéadacha an-dochar dó i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Ritheann Abhainn Aura (Fionlainnis: Aurajoki, Sualainnis: Aura å) tríd an gcathair, agus cuid de shaol samhraidh na cathrach é an dóigh a mbíonn lucht na spaisteoireachta ag trasnú na habhann ar an mbád traidisiúnta farantóireachta, Föri, cé go bhfuil go leor droichid ann chomh maith.

Tá roinnt iarsmalann ag oibriú sa chathair, ach is í Aboa Vetus  Ars Nova an ceann is nua acu. Ar dtús, ní raibh ach dánlann na healaíne nua-aimseartha - Ars Nova - le bunú ansin, ach nuair a bhí dúshraith á cur faoin músaem, tháinig na tógálaithe ar an oiread iarsmaí ón Meánaois gur hathraíodh an bunsmaoineamh, agus cuireadh Aboa Vetus - músaem Shean-Túrcú - ar bun san áit chéanna le hArs Nova. hOsclaíodh an dá mhúsaem sa bhliain 1995.




#Article 195: Guaire (275 words)


Is baile margaidh i dtuaisceart Chontae Loch Garman é Guaire (Béarla: Gorey), ar bhóthar N11 idir Baile Átha Cliath agus Loch Garman. Tá ceangal bóthar iarann freisin comhthreomhar leis seo. Dar le daonáireamh 2016, bhí 10,366 duine ina gcónaí ann.

Cúig chiliméadar ón mbaile tá Baile na Cúirte, ionad saoire le trá dheas, a dtagann cuairteoirí chuige as Baile Átha Cliath agus as bailte móra eile sa taobh sin tíre.

Bhí cónaí ar an údar Diarmaid Ó Súilleabháin sa bhaile ar feadh na mblianta go dtí gur éag sé i 1985. Bhí sé ina mhúinteoir i Scoil na mBráithre. Ba é Baile na Cúirte an múnla a bhí aige do Bhailethaca san úrscéal Maeldún, aor géar faoi staid na tíre sna seascaidí. 

Is as Guaire freisin do  ealaíontóir a rinne cuid de na clúdaigh ar leabhair Dhiarmada Uí Shúilleabháin.

Is iomaí áis atá ar fáil sa bhaile tá cúig bhunscoil Gaelscoil Moshíológ Guaire, Scoil Naomh Íosaif Guaire, Scoil Foghlaim Le Chéile Guaire, Scoil Loreto agus an 'central school'. 

Freisin tá dhá scoil dara leibhéil sa ￼￼bhaile. Pobalscoil Guaire atá mar an scoil is mó sa tír le breis is 1,600 dalta inti. De bharr an ró phlódú sa phobalscoil oscalaíodh coláiste an chraobhaí I 2011 tá thart ar 600 dalta inti. Freisin freastalaíonn roinnt mic léinn ar scoileanna eile sa cheantar ina measc Meánscoil Gharman in Inis Córthaidh, Gaelcoláiste na Mara san t-inbhear Mhór, Coláiste Bríd I gcarn an bhua agus an gairmscoil I gcill mhucraise. Freisin tá scoil ealaíne ar fáil  sa bhaile ar lána Mary Ward in aice leis an bpobalscoil.

I ndiaidh na blianta de ￼feachtais oscalaíodh leabharlann nua aimseartha I 2011.




#Article 196: Oileán Mhanann (1128 words)


Is spleáchríoch de Choróin na Ríochta Aontaithe í Oileán Mhanann nó Manainn (Gaeilge Mhanann: Ellan Vannin; Béarla: Isle of Man). I Muir Éireann atá sí suite agus í comhchóngarach d'Éirinn, d'Albain, do Shasana agus don Bhreatain Bheag. Deirtear gur ó Mhanannán Mac Lir, dia farraige na sean-Ghael, a thagann an t-ainm. Tá an oileán ina oidhre ar dhúchas Gaelach, agus dá chomhartha sin bhí Gaeilge Mhanann á labhairt mar theanga mhionphobail go dtí tús an 20ú haois, cé gurbh fhada Manainn faoi anáil na Lochlannach agus na Sasanach.

Is é an Béarla gnáththeanga an oileáin, cé go bhfuil Manainnis á foghlaim agus á húsáid fós d'ainneoin bhás na gcainteoirí dúchais deiridh (cailleadh an duine deireanach sa bhliain 1976). Cleachtann bunscoil amháin agus a lán naíscoileanna an teanga tríd an tumoideachas, agus tá Manainnis á múineadh mar theanga bhreise i scoileanna eile an oileáin. Tá comharthaí Manainnise le feiceáil ar bhóithre, ar thithe agus ar fheithiclí.

Pobal Gael-Lochlannach a bhí i Manainn ón mbliain 850 AD nó thart air sin, rud a d'fhág a lán logainmneacha agus an Tinbheal (Tynwald) féin mar oidhreacht. Bhí Manainn á rialú ag ríthe Shasana agus na hAlban gach re seach agus tháinig faoi smacht feodach Choróin Shasana; fuair an Choróin tiarnas an oileáin sa bhliain 1765, ach lean an t-oileán air á rialú féin. 

Cuireann Manainn stampaí agus nótaí dá cuid féin amach mar chomhartha ar í a bheith ina spleáchríoch chorónach agus gan baint bhunreachtúil aici leis an Ríocht Aontaithe. Ní ball ná ball comhaltais de chuid an Aontais Eorpaigh í ach oiread. 

Sa bhliain 979 a bunaíodh an Tinbheal. Bunaíodh oireachtais na hÍoslainne agus Oileáin Faró roimhe sin ach bhí siad ar ceal ar feadh tamaill sa 19ú haois. Bíonn tionól ann Mí Iúil agus tagtar tuairisc achomair ar na dlíthe a ritheadh an bhliain roimhe sin. Tá dhá theach sa Thinbheal, an Kiare as Feed (agus ceithre chomhalta thofa is fiche ann) agus an Chomhairle Reachtais (naonúr neamhthofa). Tá Comhairle Airí ann agus Céad Aire i gceannas uirthi. 

Is é Monarc Shasana, faoin teideal Tiarna Mhanann, an ceann stáit. Is minic rialtas Londan, mar sin, ag déanamh Orduithe sa Chomhairle i dtaobh ghnóthaí an oileáin. Anois is arís athraítear an dlí de réir dhlí Shasana nó, níos minice, de réir rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh. 

Tá saol polaitiúil an oileáin eagraithe de réir páirtithe. Tá Páirtí Lucht Oibre Mhanann nasctha le Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain. Tá Mec Vannin ('Mic Mhanann') ag éileamh neamhspleáchas iomlán don oileán, agus bhíodh páirtí Cumannach agus páirtí náisiúnach ann tráth. 

Feidhmíonn foghobharnóir ar son na Corónach, agus is í an Ríocht Aontaithe a phléann le gnóthaí eachtracha, cosanta agus dea-réire. Maidir leis an Aontas Eorpach, tá aontú teoranta ann i dtaobh imeacht na n-earraí.

Tá saoránacht i Manainn de réir dhlí na Ríochta Aontaithe. Eisítear pasanna a deir British Islands - Isle of Man, agus British Citizen mar stádas náisiúntachta. Ach níl na cearta céanna ag Manannaigh is atá ag saoránaigh Bhriotanacha eile i ngeall ar fhostaíocht agus ar bhun a dhéanamh san Aontas Eorpach, murar rugadh seanathair nó seanmháthair leo sa RA nó mura raibh siad féin ina gcónaí ann ar feadh cúig bliana as a chéile. Is féidir le saoránach Briotanach ar bith pas Manannach a fháil ach é a bheith ina chónaí i Manainn nó baint a bheith aige le Manainn. 

De réir dhaonáireamh sealadach na bliana 2006 tá 80,058 duine ina gcónaí i Manainn, agus 26,218 díobh le fáil i nDúglas, príomhbhaile an oileáin. Rugadh 47.6% den daonra i Manainn, 37.2% i Sasana, 3.4% in Albain, 2.1% i dTuaisceart Éireann, 2.1% i bPoblacht na hÉireann, 1.2% sa Bhreatain Bheag agus 0.3% in Oileáin Mhuir nIocht. 

Rinneadh an chéad lándaonáireamh sa bhliain 1821, agus tá siad á ndéanamh gach deichiú bliain ó shin: rinneadh an ceann deireanach sa bhliain 2001. Tá daonáirimh shealadacha á ndéanamh ón mbliain 1966 i leith.

Tá cnoic thuaidh agus theas, agus gleann eatarthu. Tá an chuid is faide ó thuaidh den oileán an-chothrom ar fad, agus fosuithe fágtha ag oighearshruthanna ó iarthar na hAlban ann. Tá tránna faoi dhuirling ann a rinneadh níos déanaí. Is é Sniaul (Snaefell) an sliabh is airde. 

Tá roinnt oileán in aice le Manainn, agus roinnt daoine ina gcónaí ar cheann acu, yn Cholloo. 

Tá tarraingt mhór turasóirí ar Mhanainn, daoine as Éirinn, as Albain, as Sasana agus as an mBreatain Bheag ag fanacht ar feadh cupla lá ar a laghad, agus an t-oileán chomh cóngarach sin dá dtír féin, gan trácht ar na tránna breátha. 

Meallann an Isle of Man TT na sluaite gach bliain agus na rásaí ag tabhairt chuairt an oileáin.

Is mór an gar do Mhanainn i gcúrsaí baincéireachta í a bheith scartha amach ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas Eorpach, agus baintear tairbhe as. Baintear brabach as an turasóireacht freisin. Cé gur mór é an costas maireachtála tá na tuarastail cuíosach íseal le hais na dtíortha máguaird. Tá tábhacht éigin leis an déantúsaíocht agus treise á cur anois ar an ardteicneolaíocht. Bhí tábhacht le talmhaíocht agus le hiascaireacht tráth, cé nach bhfuil iontu anois ach cuid an-bheag de gheilleagar an oileáin.

Muintir Mhéasailiotach a bhí ann ar dtús: iad ag úsáid dídean nádúrtha, ag seilg, ag iascaireacht agus ag cnuasach, agus uirlisí beaga breochloiche nó cnáimhe acu. Tháinig an fheirmeoireacht mar chuid den tréimhse Neoiliotach; tógadh leachtanna móra, dála Chaisteal an Ard (Cashtal yn Ard), agus bhí a lán cultúr áitiúil ann. 

Sa Chré-Umhaois tógadh leachtanna nua, ach in ionad na seantuamaí comhchoiteanna tháinig uaigheanna aonair, leaca cloiche istigh iontu agus soithí maiseacha. 

San Iarannaois tógadh dúnta móra ar bharr na gcnoc agus dúnta níos lú os cionn na n-aillte, agus taispeánann na hinscríbhinní oghaim go raibh Éireannaigh ina gcónaí ar an oileán faoi 700 nó thart air. Iadsan a thug leo teanga arb í an Mhanainnis anois í, agus gaol aici le Gaeilge agus le Gàidhlig.

I ndeireadh an 8ú haois tháinig na Lochlannaigh; bhunaigh siad an Tinbheal, rinne a roinnt féin ar an talamh agus d'fhág rúnscríbhinní ina ndiaidh. Bhí Manainn ar na Súðreyjar (oileáin theas) i gcomórtas leis na Norðreyjar (oileáin thuaidh) - Inse Orc, Sealtainn agus Inse Gall. 

Tháinig Manainn faoi smacht na hAlban agus Shasana sna meánaoiseanna. Sa bhliain 1866 tugadh breis cumhachta don Tinbheal, chuaigh an daonlathas i neart agus tháinig rath ar an oileán. Bhí campaí coinneála ann sa dara Chogadh Domhanda le haghaidh daoine a bhain leis an namhaid ar shlí éigin.

Ghlac an oileán páirt i ngach eagráin de na Cluichí Oileán. D'óstáil siad na cluichí sna blianta 1985 agus 2001. Thóg na Cluichí Comhlathais na nÓg ar súil ar an oileán sa bhliain 2011.

Tógann an Manx Trophy ar súil gach bhliain. Thosaigh sé sa bhliain 1936. Is as an oileán é Mark Cavendish.




#Article 197: Óglaigh Uladh (324 words)


Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain 1912 chun cur i gcoinne an Rialtais Dúchais d'Éirinn is ea Óglaigh Uladh (UVF, nó as Béarla, na Ulster Volunteers, agus ina dhiaidh sin an t-Ulster Volunteer Force, nó Fórsa Óglaigh Uladh).  

Bhunaigh an dlíodóir Edward Carson, James Craig, agus ceannairí aontachtaithe agus dílseacha i gCúige Uladh Óglaigh Uladh an chéad uair agus bhagair siad éirí amach fuilteach dá mbunófaí parlaimint i mBaile Átha Cliath. 

Home Rule is Rome Rule (is é Rialtas na Róimhe an Rialtas Dúchais) agus Ulster will fight and Ulster will be right (cuirfidh Ulaidh troid agus beidh an lá ag Ultaibh) na manaí a bhí acu. 

Shínigh breis is dhá chéad míle duine Cúnant Uladh lena dtacaíocht a léiriú d'Óglaigh Uladh, agus tháinig an eagraíocht ar an bhfód agus eagar míleata uirthi. Ceannaíodh na mílte gunnaí agus armlón as Hamburg sa Ghearmáin agus tugadh isteach go Latharna iad. Dhiúltaigh oifigigh de chuid Arm na Breataine in Éirinn gníomhú in éadan na bparaimíleatach seo, agus mar sin, cuireadh bun le Óglaigh na hÉireann (IRA an lae inniu) faoi cheannas cheannaire an Pháirtí Náisiúnta, John Redmond, mar fhreagra ar Óglaigh Uladh agus an dóigh a raibh siad ag bagairt an fhéinriail a chur ar ceal. 

Nuair a ceadaíodh an fhéinriail faoi dheireadh i 1920 rinneadh críochdheighilt ar Éirinn agus tugadh a bparlaimint féin d'aontachtóirí Uladh, agus flaitheas aici ar shé chinn de chontaetha Chúige Uladh.

Tháinig eagraíocht sceimhlitheoireachta sheicteach chun cinn sna 1960idí faoin ainm Ulster Volunteer Force (UVF), agus lucht leanúna na heagraíochta ag áitiú gurb ionann í agus sean-Óglaigh Uladh.

Bhí an tUVF go mór mór i mbun feallmharfóireachta agus pléascánaíochta leis an bpobal Caitliceach a chéasadh is a ghéarleanúint. Cuid de na hÓglaigh seo, bhí an-lámh acu i ngnáthchoirpeoireacht chomh maith, agus iad ag smugláil is ag díol drugaí.

Glactar leis gurb é an Páirtí Aontachtach Forásach an grúpa polaitiúil is cóngaraí don UVF faoi láthair,  sna toghcháin leis na blianta anuas.




#Article 198: Panu Petteri Höglund (235 words)


Tá Panu Petteri Höglund (17 Mí na Samhna 1966 a rugadh é) ina ghníomhaí teanga agus litríochta de chuid na Gaeilge agus teangacha eile. Fionlannach ó dhúchas é, ach baineann cuid dá mhuintir leis an mionlach Sualannach, agus é féin ag glacadh páirt ghníomhach i saol cultúrtha an mhionlaigh.  

In Kalvola in aice le Hämeenlinna na Fionlainne a rugadh é, ach is in Varkaus in oirthear na Fionlainne a chaith sé a óige. Chaith sé roinnt blianta ag staidéar ceimice; ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an léann Gearmánach, Polannach agus Rúiseach in ollscoil Åbo Akademi ina thír féin go dtí gur bhain sé amach céim M.A. sa bhliain 1997. 

Aistritheoir gairmiúil atá ann. Tá Fionlainnis, Sualainnis, Gearmáinis, Polainnis, Íoslainnis, Gaeilge, Rúisis agus Béarla aige, agus Fionlainnis curtha aige ar cheithre úrscéal Íoslainnise le hEinar Kárason.

D'fhoghlaim sé an Ghaeilge as a stuaim féin agus tá an-eolas ar litríocht agus ar chanúint Chúige Uladh aige. Tá suíomh idirlín fairsing ilteangach aige ina gcuireann sé cúis na Gaeilge chun cinn. Chomh maith lena chuid aistí faoi stair agus litríocht na Gaeilge tá úrscéal Tachtaimis an Grá Sin, gearrscéalta, cuimhní cinn, aistriúcháin agus aistí i dteangacha éagsúla scríofa aige. I Mí na Samhna, 2009, tháinig an t-úrscéal agus trí ghearrscéal i gcló faoi chlúdach aon leabhar amháin, .

Bhí an-bhaint aige leis an bhfeachtas poiblíochta chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.




#Article 199: Ríomhphost (164 words)


Is éard is ríomhphost ann ná seirbhís a chuirtear ar fáil thar an Idirlíon (is seirbhísí eile iad an Gréasán Domhanda, FTP, srl.). Is féidir teachtaireachtaí a sheoladh ó ríomhaire ar bith atá ceangailte leis an Idirlíon go dtí ríomhaire eile atá ceangailte leis.

Teastaíonn seoladh ríomhphoist ó dhuine má tá siad ag iarraidh teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a ghlacadh. Bíonn an chuma seo a leanas ar sheoladh ríomhphoist:

Is féidir seoladh ríomhphoist a fháil ó Sholáthraí Seirbhísí Idirlín (ISP) má chruthaíonn tú cuntas leo, nó is féidir seoladh ríomhphoist a fháil ó sheirbhís ríomhphoist gréasáin ar nós Yahoo Mail, Hotmail nó Gmail.

Is feidhmchlár é cliant ríomhphoist a húsáidtear le teachtaireachtaí ríomhphoist a chumadh, a sheoladh, a ghlacadh agus a bhainistiú. Seo a leanas roinnt samplaí de chliaint ríomhphoist: Microsoft Outlook Express, Microsoft Outlook, Eudora, Netscape Messenger. Bíonn gnéithe breise ag cuid de na cliaint seo a chuireann ar do chumas iad a úsáid mar eagraí pearsanta (m.sh. liosta teagmhálaithe, féilire, srl.). 




#Article 200: Grianghrafadóireacht (521 words)


Is éard atá i ngrianghrafadóireacht ná íomhá seasta a thaifeadadh ar ábhar solas-íogair go ceimiceach, go meicniúil nó go digiteach. Go bunúsach ciallaíonn an focal grianghrafadóireacht scríobh le solas na gréine.

Tosaíodh ar íomhánna a cheapadh i gcamera obscura, a theilg íomhá trí lionsa laistigh de sheomra dorcha. Ba mar chabhair líníochta d'ealaíontóirí a bhí sé. 

Le forbairt na ceimice tugadh faoi deara go raibh tionchar ag an solas ar cheimicí áirithe, go háirithe clóiríd airgid. Ba é Joseph Nièpce a rinne an chéad ghrianghraf i samhradh na bliana 1827. Ach ba é a chomhpháirtí Louis Daguerre a rinne forbairt ar dhóigh le plátaí grianghrafacha a tháirgeadh ionas go mbeadh íomhá buan ar fáil. 

Bhí an-ráchairt ar an bpróiseas nua láithreach bonn agus tosaíodh ar phortráidí agus ar thírdhreacha a ghlacadh ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Ba chuid riachtanach de ghiúirléidí na taiscéalaíochta é do chuid mhór de na daoine a bhí ag taisteal chuig na háiteanna ba iargúlta ar domhan. Bhí an próiseas an-chostasach áfach agus ní raibh ach íomhá amháin le fáil as.

D'fhorbair William Henry Fox Talbot an claonchló i 1835, rud a chuir ar chumas clódóirí macasamhla gan teoradh a dhéanamh de ghrianghraf ar bith. Ba ar pháipéar a bhí an claonchló ar dtús, ach bhí torthaí níos fearr ar fáil ar ghloine, agus de réir a chéile rinneadh forbairt ar scannáin (ceallafán) agus ní raibh an oiread céanna ama ag teastáil chun grianghraf a ghlacadh. D'fhéadfaí gluaiseacht a reo i ngrianghraf agus bhí an-tóir air an bpróiseas úr sna nuachtáin. 

Tháinig feabhas de réir a chéile ar chaighdeán na scannán agus b'fhéidir formáidí níos lú a úsáid. Ba mhinic claonchló 20 x 25cm á úsáid ag tús ama ach ba iad na formáidí 35mm agus 6 x 6cm na caighdeáin do ghrianghrafadóirí gairmiúla faoi lár an fichiú haois. Bhíodh ar na grianghrafadóirí fadó gach gné den phróiseas a fhoghlaim iad féin, staidéar a dhéanamh ar sholas agus ar lionsaí.

De réir a chéile d'fhás tionscal ollmhór a rinne forbairt ar réaladh na n-íomhánna, ar na scannáin agus ar luach nochtaithe na gceamaraí ionas gurbh fhusa go mór gnó an ghrianghrafadóra. 

Sna 1930idí, chuir grianghrafanna Dorothea Lange agus Walker Evans cló daonna ar an Spealaidh Mór agus bhí tionchar acu ar fhorbairt na grianghrafadóireachta faisnéise.

Sna 1950idí, fuair Henri Cartier-Bresson agus Robert Capa cáil amach mar gheall ar a gcuid grianghraif tuairisciúla don eagraíocht Magnum.

Rinneadh gnéithe uathoibreacha den nochtadh agus den bhfócas sna 1970idí agus tháinig a lán grianghrafadáin bheaga ar an mhargadh a bhí chomh cumasach le huirlisí an lucht gairmiúil. 

Le forbairt na ríomhaireachta, tháinig scanóirí ar an mhargadh a chuir ar chumas an ghnáthdhuine grianghraif a thaifeadadh mar cháipéisí digiteacha. Bhí an-tionchar ar fad aige sin ar an bhfoilsitheoireacht. As sin tháinig grianghrafadáin digiteacha atá anois (sa 21ú haois) inchomórtas ó thaobh gnéithe agus chaighdeán na híomhá is atá grianghrafadáin 35mm.

Ní raibh an ghrianghrafadóireacht mar mheán riamh chomh forleathan is atá sí anois inár saol. Is féidir linn uilig a bheith inár ngrianghrafadóirí na laethanta seo. Mar sin tá níos mó grianghraf á dtógáil anois ná mar a bhí riamh.




#Article 201: Dubhghlas de hÍde (310 words)


Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde ((Douglas Hyde as Béarla) nó an Craoibhín Aoibhinn (a ainm cleite): 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949). Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus b'in é an post a bhí aige idir na blianta 1938 agus 1945.

 
Mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann Arthur Hyde ba ea Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é, áit ar chuala sé Gaeilge á labhairt ag cuid de mhuintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide bhí Fraincis, Laidin, Gearmáinis, Gréigis agus Eabhrais aige.

Chuidigh sé le Conradh na Gaeilge a bhunú sa bhliain 1893 agus bhí sé tamall maith de bhlianta ina uachtarán air. B'fhearr leis an Conradh a choinneáil glan ar chúrsaí polaitíochta, agus d'éirigh sé as an gConradh ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan sa bhliain 1915 nuair a tháinig leithéidí Phádraig Mhic Piarais chun cinn. Bhí sé ina bhall de Choiste na Leabhar ó bunaíodh é sa bhliain 1928.

Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha: Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Ní raibh aon bhaint aige le Sinn Féin ná le gluaiseacht na saoirse, ach bhí sé sásta suíochán a ghlacadh i Seanad Éireann. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 1925. Nuair a chuir Bunreacht Oifig an Uachtaráin ar bun sa bhliain 1937, ba é de hÍde an chéad duine a toghadh.




#Article 202: Diarmaid Ó Súilleabháin (252 words)


Scríbhneoir Gaeilge ba ea Diarmaid Ó Súilleabháin. (29 Iúil 1932 – 5 Meitheamh 1985) a thug léargas ar shaol uirbeach a linne. Nuálaí ba ea é i scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge.  

Scríobh sé ocht leabhar do dhaoine fásta agus dhá cheann do dhéagóirí. Scríobh sé seacht ndráma gan foilsiú freisin. Toghadh é ina bhall den Irish Academy of Letters agus bhain sé Duais an Bhuitléaraigh agus duaiseanna Oireachtais. 

Ba úrscéal do dhéagóirí an chéad leabhar dá chuid a cuireadh i gcló, Súil le Muir. Ba é Dianmhuilte Dé, a bhí suite ina cheantar dúchais le linn Chogadh na Saoirse, an chéad mhórshaothar dá chuid (1964).

Tá leabhar scríofa faoina shaothar liteartha ag Iarla Mac Aodha Bhuí: Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis a d'fhoilsigh an Clóchomhar i 1992. 

Scríobh Seosamh Ó Murchú, atá anois ag obair mar Eagarthóir Sinsearach leis an nGúm, tráchtas ar shaothar Uí Shúilleabháin don MA sa Nua-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Má Nuad, i lár na n-ochtóidí. 

Súil le Muir, Cló Mórainn, 1959 (do dhéagóirí)

Trá agus tuileadh, Sáirséal agus Dill, 1967 (do dhéagóirí)

Caoin tú féin, Sáirseál agus Dill, 1967 

An uain bheo, Sárséal agus Dill, 1968 

Muintir, Sáirséal agus Dill, 1970 (gearrscéalta)

Maeldún, Sáirséal agus Dill, 1972 

Dianmhuilte Dé, Sáirseál agus Dill, 1973

Ciontach, Coiscéim 1983

Aistear, Coiscéim, 1983 

Bealach Bó Finne, Coiscéim, 1988 

Lá Breá Gréine Buí agus Oighear Geimhridh, Coiscéim 1994

Tá clár a shaothair in Iarla Mac Aodha Bhuí, Diarmaid Ó Súilleabháin: saothar próis, 1992. 

Ó Súilleabháin, Diarmaid (1932 – 1985), An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisní Gaeilge:  




#Article 203: Mícheál Dáibhéad (polaiteoir) (1092 words)


Bhí Mícheál Mac Daibhéid, Mícheál Dáibhéad nó Michael Davitt (25 Márta 1846 – 30 Bealtaine 1906) ina fheachtasóir sóisialta agus ina náisiúnach, as Contae Mhaigh Eo; ba é a bhunaigh Conradh na Talún.

Rugadh Mícheál Mac Daibhéid sa tSráid i gCo. Mhaigh Eo ag an tréimhse ba mheasa den Ghorta Mór. Ba é an dara páiste de chúigear clainne é a saolaíodh do Martin agus do Sabrina Daibhéad. Nuair a bhí Mícheál sé bliana d’aois díshealbhaíodh a mhuintir agus bhí ar a athair dul ar imirce go Sasana ar thóir oibre. 

Nuair a dhiúltaigh a bhean chéile agus a mhuintir dul isteach i dteach na mbocht, tháinig an sagart paróiste sa tSráid, An tAthair John McHugh, i gcabhair orthu agus thug sé dídean dóibh. Ar deireadh, i 1855, chuaigh Bean Dhaibhéid agus na páistí thar sáile go dtí an baile tionsclaíoch Haslingden i Lancashire mar a raibh Martin ina chónaí.

Ní raibh Mícheál ach deich mbliana d’aois nuair a chuaigh sé ag obair i muileann cadáis. Ach faoi cheann dhá bhliain, bhain timpiste le meaisín sníomhacháin dó agus b’éigean an ghéag dheas a bhaint de. 

I ngeall ar an ngortú sin, d’fhreastail sé ar scoil Wesleyan ar feadh dhá bhliain nó go ndeachaigh sé ag obair i gclólann. Is thart faoin am seo a chur sé spéis i stair na hÉireann.

Ba í an spéis seo a spreag é le dul isteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ), nó na Fíníní, i 1865. Dhá bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh sé as a phost le bheith ina Ard-Rúnaí ar na Fíníní i dTuaisceart na Sasana agus in Albain.

Gabhadh i Londain é i 1870 agus é ag fanacht le seilbh a ghlacadh ar lastas airm. Daoradh téarma cúig bliana déag príosúnachta air ach ní raibh air ach seacht mbliana a chur isteach. Ar 19 Nollaig 1877 ligeadh é féin agus na príosúnaigh pholaitíochta eile amach faoi choinníollacha áirithe. Ach lean sé dá chuid imeachtaí agus tamall ina dhiaidh sin ceapadh ar Ard-Chomhairle BPÉ é.

Nuair a scaoileadh saor é, chuaigh sé go Meiriceá ag lorg tacaíochta ó Ghael-Mheiriceánacha dá bheartas nua “The Land for the People”. Chuir sé faoi in Philadelphia in 1873 agus a mháthair agus triúr deirfiúr in éineacht leis. Ba le linn dó a bheith i bpríosún gur rith sé leis nach raibh de leigheas ar fhadhbanna na hÉireann ach ligean do mhuintir na tíre an talamh a shealbhú. 

Is minic a chualathas é ag rá a leithéid seo ag cruinnithe ina dhiaidh sin: “The land question can be definitely settled only by making the cultivators of the soil the proprietors”. I 1870 thug Rialtas na Breataine Acht Talún isteach a raibh “cíosanna cothroma” mar chuspóir aige: ach shíl Mac Daibhéad nár leor sin, mar ní bheadh dul chun cinn déanta ag cosmhuintir na hÉireann go dtí go mbeadh ceart acu ar a gcuid talún féin.

Ar theacht abhaile dó i 1879 bhí dálaí an ghorta ar Iarthar na hÉireann arís. Bhí sé ar cheann de na blianta ba fhliche riamh agus bhí teipthe ar bharr na bprátaí don tríú bliain as a chéile. D’fhreastail an Daibhéadach ar chruinniú mór ar an mBaile Gaelach, Co. Mhaigh Eo ar 20 Aibreán mar a leagadh síos pleananna le haghaidh ollfheachtas agóide a raibh sé mar aidhm aici cíosanna a ísliú. I gCaisleán an Bharraigh ar 16 Lúnasa 1879 bunaíodh Conradh na Talún Mhaigh Eo go foirmiúil le lántacaíocht ó Shéarlas Stíobhardach Parnell (Charles Stewart Parnell). Ar 21 Deireadh Fómhair ceapadh Parnell ina Uachtarán ar Chonradh na Talún agus bhí an Daibhéadach ar dhuine de na rúnaithe air. Anois bhí gach cuid den fheachtas agóide agus den ghluaiseacht faoi chearta talún faoi aon scáth amháin. Ba é a bhí de dhíth ar Cogadh na Talún ná cíos cóir, cinnteacht seilbhe agus ceart díola agus ón uair sin go 1882 tugadh faoin gcath le dúthracht.

Cuireadh an Daibhéadach i bpríosún arís in 1881 de bharr a chuid óráidí. 

Toghadh mar fheisire parlaiminte é do Chontae na Mí é sa bhliain 1882. Ach níor acmhainn dó freastal ar an bParlaimint de bharr gur i bpríosún a bhí sé ag an am.  

Scaoileadh saor é i mí na Bealtaine 1882. Nuair a ligeadh amach é in 1882 chuaigh sé i mbun feachtais le go mbeadh úinéireacht ar thalamh na hÉireann ag an Stát chomh maith le comhghuaillíocht a thionscnamh idir lucht oibre na Breataine, oibrithe na hÉireann agus feirmeoirí tionóntachta.  

Chuaigh sé go Meiriceá i mí Iúil  

In 1883 cuireadh i bpríosún arís é, ar feadh ceithre mhí, an uair dheireannach.  

Cé nach raibh sé féin agus Parnell ar aon tuairim faoi cheist na talún thug sé lántacaíocht don chomhghuaillíocht Liobarálach / Náisiúnach - fiú in 1890 nuair a bhí scoilt sa pháirtí de bharr cholscaradh Pharnell. Thaobhaigh sé leis an bhfaicsean frith-Pharnell sa Pharlaimint ach de réir a chéile ghéaraigh ar a mhífhoighne nuair a chonacthas dó an easpa cumais nó tola ag an institiúid sin le deireadh a chur leis an éagóir. Agus Dáil na Breataine á fhágáil ina dhiaidh aige in 1886 thuar sé “no just cause could succeed there unless backed by physical force”.

A bhuíochas d’iarrachtaí leanúnacha Mhíchíl Mac Dhaibhéid, tugadh tuilleadh achtanna talún isteach i ndiaidh an chéad Acht Talún de chuid Gladstone in 1870. Ba é an cheann ba thábhachtaí Acht na Talún 1881 a thug aitheantas ar deireadh do na 3C-anna (Cíos cothrom, Cinnteacht seilbhe, agus Ceart díol). 

I 1903 tháinig Acht Wyndham i bhfeidhm - acht a chuir ina luí go láidir ar Thiarnaí Talún a gcuid eastát a dhíol le Coimisiún na Talún. Ba iad anáidí feirme in ionad cíosa a bheadh le híoc ina dhiaidh sin. I ndeireadh na dála d’aistreofaí úinéireacht talún ó na tiarnaí talún go dtí na tionóntaí. Bhí cuspóir an Daibhéadaigh curtha i gcrích ar deireadh. D’easaontaigh sé le hAcht Wyndham toisc nár chóir tiarnaí talún a chúiteamh ar thalamh ar leis An Stát é, dar leis.

Nuair a d’éag an Daibhéadach i 1906, d’fhreastail Fear-Ionad an Rí ar an tsochraid, rud a léirigh an turas polaitiúil ar feadh tríocha bliain.

Tá sé curtha sa tSráid, a bhaile dúchais. Tá an droichead idir Oileán Acla agus an mórthír a bhaisteadh as Daibhéad.

Áirítear é leis ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Lucht Oibre na Breataine chomh maith le bheith ina inspioráid don Irish Land and Labour Association le D.D. Sheehan. Dúirt Mahatma Gandhi roinnt blianta ina dhiaidh sin go ndeachaigh An Daibhéadach agus Conradh na Talún go mór i gcion air agus an ghluaiseacht um léirsiú síochána á bunú aige san India.




#Article 204: Amharclann na Mainistreach (578 words)


Is amharclann i mBaile Átha Cliath, i bPoblacht na hÉireann í Amharclann na Mainistreach, glaotar Amharclann Náisiúnta na hÉireann air chomh maith a d'osclaítear don chéad uair ar an 27ú Nollag 1904. Cé gur cailleadh an bunfoirgneamh i dtine i 1951, tá sé fós gníomhach sá lá atá inniú ann. Ba í Amharclann na Mainistreach an chéad amharclann fóirdheonaithe ag an stát i ndomhan an Bhéarla; ó 1925 ar aghaidh fuair sí fóirdheontas bliantúil ó Saorstát Éireann. Tá an Máinistreach lonnaithe ag 26 Sráid Íochtar na Mainistreach, Baile Átha Cliath 1 ó mí Iúil 1966.

Bhí an amharclann an-bainteach le scríobhneoirí Athbheochan Liteartha na hÉireann ina blianta luath agus bhí go leor de na scríobhneoirí pairteach i mbunú an amharclann agus scríobh an cuid is mó dóibh dramaí a bhí ar siúl ann ag pointí áirithe. Bhí cuid mhaith de na scríobhneoirí agus aisteorí is mór le rá páirteach leis an Mainistreach, William Butler Yeats, Lady Gregory, Sean O'Casey agus John Millington Synge ach go háirithe. Tá sí an tábhachtach i dtionscal turasóireachta na hÉireann comh maith.

Ba iad W.B. Yeats agus Lady Augusta Gregory a bhunaigh Amharclann na Mainistreach i 1903. Roimhe sin, bhí Amharclann Liteartha na hÉireann agus An Cumann Drámata Náisiúnta ann chun drámaíocht a chur ar taispeáint do lucht féachana na hÉireann. Bhí Amharclann Liteartha na hÉireann bunaithe ag Yeats, Gregory agus ag Edward Martyn sa bhliain 1899 agus d'eascair Amharclann na Mainistreach as an gcompántas sin, agus í ag feidhmiú faoin ainm Cumann Náisiúnta Amharclannaíochta na hÉireann. Bhronn bean darb ainm Annie Horniman pátrúnacht ar an tionscnamh agus d'éirigh leo suíomh a cheannach don amharclann nua ar Shráid na Mainistreach agus osclaíodh na doirse don chéad seó ar 27 Nollaig 1904. Ba é On Baile's Strand, ar dhráma é le W.B. Yeats féin, an chéad dráma a cuireadh os comhair an phobail san amharclann nua. Bhronn an Saorstát nua fóirdheontas ar an amharclann náisiúnta i 1925 agus tá cáil uirthi mar gheall air sin, toisc gurbh í an chéad amharclann i saol an Bhéarla a fuair maoiniú stáit.

Tharraing cuid de na drámaí go leor achrainn ar lucht na hamharclainne i rith na mblianta. Bhí sé ina chíréib nuair a léiríodh The Playboy of the Western World den chéad uair in Eanáir 1907, toisc gur mheas cuid mhaith den lucht féachana go raibh an dráma ina mhasla do mhná na hÉireann. Tharla an rud céanna i 1926 nuair a léiríodh The Plough and the Stars le Seán O'Casey den chéad uair agus daoine áirithe den tuairim nár léirigh an dráma go leor urraime do cheannairí Éirí Amach na Cásca.

Scriosadh foirgneamh bunaidh na hamharclainne ar 16 Iúil 1951, nuair a réab tine tríd. Cuireadh áitreabh sealadach ar fáil don amharclann in Amharclann na Banríona ar dtús agus aistríodh an amharclann ar ais go dtí an seansuíomh ar 18 Iúil 1966, tar éis d'fhoirgneamh nua-aimseartha a bheith tógtha ar láthair stairiúil na hamharclainne, rud a bhí deartha ag an ailtire Michael Scott.

I mí Mheán Fómhair 2006, sheol rialtas na hÉireann comórtas idirnáisiúnta dearaidh chun foirgneamh nua buan a chruthú d'Amharclann na Mainistreach ar shuíomh nua ag Cé Sheoirse, ar thaobh theas na cathrach. Fógraíodh coiste moltóireachta an chomórtais seo i nDeireadh Fómhair 2007. Agus an comórtas seo á thabhairt chun críche, tá go leor uasghrádú agus athchóiriú déanta ag lucht na hamharclainne ag tús an 21ú haois, le cur le heispéireas amharclannaíochta an lucht féachana san fhoirgneamh a tógadh sna naoi déag seascaidí.




#Article 205: Annraoi Ó Liatháin (519 words)


Scríbhneoir Éireannach ab ea Annraoi Ó Liatháin (1917 - 1981). Bhí stíl chorraitheach éasca scríbhneoireachta aige a mheall go leor daoine óga i leith na léitheoireachta Gaeilge, go háirithe sa leabhar Laochra na Machairí, stair na Meiriceánach Dúchasach a throid in aghaidh ionradh na Stát Aontaithe ar a dtailte sa 19ú céad. Ní raibh sé ina chainteoir dúchais sa chiall is déine, ach is minic a chuaigh sé ar cuairt go Gaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge nuair a bhí sé ina pháiste. Tá blas na canúna sin ar go leor dár scríobh sé. Chaith sé seal ina óige ina bhall de Chraobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge, craobh a d'iompaigh ina heagraíocht neamhspleách pholaitiúil faoin ainm Glúin na Buaidhe (leagan Ghaeilge Uladh de Ghlúin an Bhua an Chaighdeáin). Ba bhall gníomhach é de Shinn Féin agus chaith sé seal ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.

Fuair Annraoi Ó Liatháin bás i dtús na n-ochtóidí. B'é Cois tSiúire (1981) an leabhar deireanach a chríochnaigh sé. Leabhar taistil ar cheantar na nDéise agus ar dheisceart Chontae Thiobraid Árann atá ann.

I measc a chuid saothair tá: 

De na leabhair thuas, is iad Luaithreach an Bhua agus Nead na gCreabhar an dá cheann is fusa atá ar fáil inniu, is dócha. Is é is ábhar leis an úrscéal Luaithreach an Bhua ná troid éadóchasach na bPoblachtach ar na Státairí in Éirinn le linn an Chogaidh Chathartha, nuair a bhí Mícheál Ó Coileáin tar éis an Conradh Angla-Éireannach a shíniú. Maidir le Nead na gCreabhar, scéinséir crua cranraithe is ea é a chuirfeadh Alistair MacLean i gcuimhne duit. Is í an phríomhdhifríocht idir an Nead agus na gnáthscéinséirí ná gur Sasanaigh atá sna bithiúnaigh, cineál spiairí agus iad imithe le fiántas in Éirinn. Tá sean-chliché an Éireannaigh fhiain iompaithe bun os cionn ag an scríbhneoir, mar sin. Déanta na fírinne, baineann Annraoi a chasadh leath-ghreannmhar féin as gach cliché de chuid genre liteartha na scéinséirí sa leabhar seo. Tá laoch an scéil cosúil le cuid mhór laochra i scannáin ar nós The Dirty Dozen: fear is ea é a chuir an iliomad craiceann de ag iarraidh a áit féin a bhaint amach sa saol, ach níor theip an tuathal air riamh sna hiarrachtaí seo. Cineál laoch ócáidiúil atá ann, mar sin, nó fiú frithlaoch. Ach ós rud é gur frithlaoch fíor-Ghaelach é, tá an tsagartóireacht ar ceann de na gairmeacha nár éirigh leis! Siúd is go bhfuil greann ciúin den chineál seo ag dul leis an leabhar, is furasta léamh an ghnáthscéinséara a bhaint as chomh maith, nó coinníonn Annraoi sceitimíní ar an léitheoir ó thús go deireadh an scéil. 

Suitear dha úrscéal leis le linn chogaí na nGael sa tréimhse 1641-1652. Baineann Buíon Éireannach in Albain le hionradh Éireannach ar Albain faoi cheannas Alastair mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill i 1645 agus ar an gcogadh a d'fhear Alastair mac Colla Chiotaigh agus Montose ar son an rí in aghaidh lucht na Cunúinte, agus baineann Dún na Cinniúna leis an gcosaint a rinne Féilim Ó Néill ar Dhún Chnoc Séarlais i 1651 in aghaidh arm Pharlaimint Shasana faoin nginearál Coote.




#Article 206: An Ostair (755 words)


Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair (Gearmáinis: Österreich), ar mar a dtugtar go hoifigiúl Poblacht na hOstaire (Gearmáinis: Republik Österreich). Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an tSeic, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, le Lichtinstéin agus leis an Eilvéis. Is é Vín príomhchathair na tíre.

Bhí daoine ina gcónaí i gceantar na Danóibe timpeall 80,000 bliain ó shin, ach níor tháinig aon fhorbairt ar stát ar bith sa cheantar go dtí gur ghabh na Rómhánaigh seilbh air timpeall aimsir Chríosta. Cúige ar theorainn impireacht Charlemagne a bhí san Ostair go luath sna meánaoiseanna, go dtí gur tháinig na Magyar, nó na hUngáirigh sa deichiú haois. Tháinig rítheaghlach Babenberg chun cinn agus bunaíodh stát lena phríomhchathair i Vín i 1116. Ba chuid d'impireacht naofa na Róimhe (impireacht Gearmánach i ndáiríre) í an Ostair as sin go ceann blianta fada. 

D'athraigh na hOstaraigh a ndílseacht ar feadh tamaill go rithe na Bóithéime agus de réir a chéile tháinig rítheaghlach nua i dtreis, ceann de na teaghlaigh ba chumhachtaí a bhí riamh san Eoraip, na Hapsburg. Bhí siad ina rithe ar an Ostair agus ar an Bhóithéim agus tháinig tailte eile timpeall ar an Ostair, agus i bhfad i gcéin (ríocht na Spáinne agus a tailte thar lear san áireamh) ina seilbh. Bhí iomaíocht ghéar idir í féin agus Impireacht Ottomach na Tuirce agus rinne na Turcaigh léigear ar Vín in 1529 agus i 1683. 

Bhí an Ostair ar cheann de mhórchumhachtaí na hEorpa go dtí gur cloíodh í sa Chéad Chogadh Domhanda, fiú tar éis do Napóilean an tír a ghabháil, agus a príomhchathair Vín (Wien) ar cheann de na cathracha ba thaibhsí sa domhan. D'éirigh leis na hOstaraigh an bua a fháil ar Napóilean i gcúpla cath, agus bhí lámh ag an gCunta Metternich, Seansailéir na hOstaire, i leagan amach teorainneacha na hEorpa in 1815. Bhí tréimhse fada síochána sa tír ansin go dtí gur dúnmharaíodh oidhre na ríochta, an tArd-diúc Franz Ferdinand i Sairéavó ar an 28 Meitheamh 1914, eachtra a chuir tús leis an Chéad Chogadh Domhanda. Chaill an Ostair a forlámhas ar fhormhór a himpireacht agus bunaíodh poblacht i 1918, ach níor mhair a neamhspleáchas i bhfad. Ghabh Adolf Hitler, Ostarach ó dhúchas, a tháinig i gceannas ar an Ghearmáin, seilbh ar an tír i 1936 agus ba mar chuid den Reich Gearmánach a ghlac sí páirt sa Chéad Chogadh Domhanda. Leagadh síos na teorannacha atá anois aici tar éis don Aontacht Shóivéideach í a ghabháil i 1945. Rinneadh ceithre chuid den tír, ach tugadh a neamhspleáchas di nuair a scríobhadh bunreacht nua a chinntigh neodracht na tíre agus bhí sí neamhspleách arís. 

Le cabhair ó Phlean Marshall tháinig forbairt mhear eacnamaíoch ar an tír tar éis an Dara Chogaidh Domhanda. Is ball iomlán den Aontas Eorpach ó 1995 i leith í.

Téann a lán turasóirí chuig An Ostair, ach go háirithe chun dul ag sciáil sna hAlpa in iarthar na tíre. Is cathracha iad Salzburg agus Innsbruck a bhfanann a lán sciálaithe iontu, iad cathracha deasa freisin. Is cathair mhór thurasóireachta é Vín chomh maith.

Tá clú agus cáil ar An Ostair le haghaidh a gcuid cácaí, is iad Sachertorte agus Apfelstrudel na cácaí is cáiliúla a bhfuil acu.

Is tír sléibhtiúil den chuid is mó é An Ostair mar gheall ar a suíomh sna hAlpa. As achar iomlán na hOstaire níl ach timpeall ceathrú ábalta a bheith measta mar íseal, agus níl ach 32% na tíre thíos 500 méadar.

Tá na sé sléibhte is airde na hOstaire:

Úsáidtear an euro mar airgeadra san Ostair. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hOstaire an 45ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 28ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 23ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ostair, é ar $49,247 don chónaitheach. 

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ostair an 17ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 10ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ostair an 12ú tír is sona, as 156 thír. 

I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 4.8%, an 12ú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.




#Article 207: Rothar (1048 words)


Is éard atá i gceist leis an rothar, nó leis an ngearrán iarainn (nó each iarainn uaireanta) (úsáidtear leaganacha truaillithe den fhocal Béarla bicycle go coitianta i gcaint na Gaeltachta, cosúil le badhsacail agus badhsalaic; focal oifigiúil é badhsacal i nGaeilge na hAlban) ná cóir thaistil an-áisiúil a bhfuil dhá roth fúithi agus iad á gcasadh ag matáin an duine atá a stiúradh an rothair, nó an rothaí. Tá an dá roth ceangailte d'fhráma an rothair, agus an rothaí ina shuí in airde ar an bhfráma.

An déanamh atá ar an rothar inniu (an dá roth ar aon mhéid le chéile chomh maith leis an slabhra tiomána) tháinig sé chun saoil sa bhliain 1895, ach bhí rothair den chineál eile ann roimhe sin féin. Chuaigh an rothar slabhrathiomáinte ar fud an domhain ó shin, agus inniu, tá an rothar dhá oiread chomh coitianta leis an ngluaisteán. Is é an rothar an príomh-mheán iompair ina lán réigiún ar an domhan, toisc go bhfuil sé saor i gcomparáid leis an ngluaisteán (mar shampla), agus is féidir leis an rothaí taisteal a dhéanamh beag beann ar na bóithre, má tá an tír-raon oiriúnach don rothaíocht. 

Caitheamh aimsire agus cleachtas aclaíochta atá sa rothaíocht freisin. Cuireann an rothar ar chumas an chathróra aghaidh a thabhairt ar an tuath ar lorg aeir ghlain, agus san am chéanna, coinníonn an rothaíocht féin na matáin, an croí agus na scamhóga ag obair go maith. Baineann póilíní, teachtairí agus daoine eile leas as an rothar ina gcuid oibre, agus is spórt comórtais í an rothaíocht freisin. Is dócha gurb é an Tour de France - an turas timpeall na Fraince - an comórtas rothaíochta is clúití ar domhan, agus tá cáil ar laochra móra an chomórtais seo, cosúil le Lance Armstrong agus Eddy Merckx.

Is féidir luas 50 ciliméadar san uair a bhaint amach ar rothar agus d'éirigh leis an gCeanadach Sam Whittingham 142.51 ciliméadar san uair a shroicheadh ar chúrsa rásaíochta. Is é seo an churiarracht do na feithiclí daontiomáinte ar fad.

An duine a thabharfaidh an iarracht chéanna agus a chaitheann an fuinneamh céanna, beidh sé ag gluaiseacht an trí oiread chomh luath leis an gcoisí. Le fuinneamh an bhia a thiontú go fuinneamh gluaiseachta, is í an rothaíocht an modh is feidhmiúla atá ag neach beo ar bith.

Is iomaí réamhtheachtaí a bhí ann don rothar. Deirtear gurbh é an Cúnta Mede de Sivrac a d'fhorbair an célérifère dérothach sa bhliain 1790 nó 1791, agus gur chuir sé os comhair an tsaoil mhóir í sa Phalais-Royal. Ní raibh ann ach dhá roth agus fráma adhmaid eatarthu, agus an rothaí ina shuí ar an bhfráma seo agus ag baint tacaíochta as an talamh. Ní raibh gléas stiúrtha ná tiomáint ann. Is é an tuiscint atá ag lucht na staire ar an scéal inniu nach raibh célérifère dérothach ann ar aon nós, agus gur gléas ceithre roth a bhí i gceist i ndáiríre. Ní raibh ann ach gur bhain an t-iriseoir clúiteach Francach Louis Baudry de Saunier an chiall chontráilte as na pictiúir chomhaimseartha nuair a bhí sé ag déanamh taighde ar stair na ngléas gluaiste seo céad bliain i ndiaidh lá an célérifère.

Ba é an Gearmánach Karl Drais von Sauerbronn a d'fhorbair an chéad dérothach daontiomáinte, an Laufmaschine, nó meaisín reathaíochta, mar a thug sé air. Thóg sé an chéad mheaisín sa bhliain 1817, agus fuair sé paitinn air sa chéad bhliain eile. Ba é dérothach Drais - ar a dtugtaí draisine nó draisienne freisin, is é sin, gléas Drais, nó velocipede, rothar coise - an chéad dérothach a raibh rath ceart air, ach sa deireadh, ba iad na timpistí a rinne cabhóg an rothair choise seo, nó is é an tátal a bhain a lán údaráis áitiúla astu gur gléas dainséarach a bhí ann, agus thosaigh cathracha móra ag cur coisc leis an rothar coise.

Ó na 1820idí go dtí na 1950idí, bhí forbairt á déanamh ar na feithiclí daontiomáinte. Scéal eile áfach gur bhain innealtóirí na linne deireadh súile den dearadh dérothach, ó bhí siad den bharúil go raibh teipthe ar rothar coise Drais agus gur chóir dearadh na bhfeithiclí daontiomáinte a bhunú ar an gcoincheap trírothach nó ceathair-rothach, nach raibh chomh dainséarach céanna, ó nach gcaithfeá a bheith ag coinneáil cothromaíochta.

Tosaíodh ar rotha cúitiuc a chur ar rothair in 1869 agus bhí siad níos sócúl ansin. Tosaíodh feidhm a bhaint as an shlabhra chun an ghluaiseacht a éascú leis an 'Rover' a chum J.K. Starley sa Bhreatain agus bhí an rothar i bhfad níos slána dá bharr sin, agus de bharr an dá roth a bheith ar aon mhéid. Thiomáin an slabhra an roth cúil a bhí ag casadh ar luas níos airde ná na troitheáin agus bhí an rothar níos tapúla dá bharr sin. Cuireadh feadán aeir sna rotha, rud a chuir tuilleadh feabhais ar socúlacht agus luas na gléasa. Tosaíodh ar an rothar a tháirgeadh ar bhonn thionsclaíoch agus bhí án-éileamh air mar mhodh taistil i mbailte agus faoin tuath, mar go raibh siad saor go leor don lucht oibre. 

Thug an rothar deis taistil do mhná chomh maith agus bhí gach cineál duine in ann dul níos faide ó bhaile. Chuaigh an capall i léag mar áis iompair ag an am céanna. Bhí an-tionchar ag an rothar ar an tionsclaíocht chomh maith, mar gheall ar an bhforbairt a rinneadh ar creathlaigh éadroma agus ar rotha miotail, agus bhí na deartháireacha Wright, mar shampla, ina ndéantóirí rothar sular thug siad faoi eitleáin a thógáil. Agus mar gheall ar an líon daoine a thosaigh ag taisteal na tíre bhí tionchar polaitiúil ag an rothar. Cuireadh eagraíochta turasóireachta agus taistil ar bun agus brúdhreamanna a d'éiligh feabhas ar bhóithre, ar lóistín agus ar an léarscáilíocht. 

In Éirinn, do bhain timirí Chonradh na Gaeilge agus na hÓglaigh feidhm as an rothar chun ranganna agus cruinnithe a eagrú. 

Tháinig an gluaisteán chun cinn ag an am céanna agus tháinig meath ar an rothair mar mhodh taistil idir cathracha, ach leanadh ar aghaidh á thaisteal ar i mbailte móra chun turais ghearra a dhéanamh, in áiteanna atá ró-chúng don ghluaisteán nó ina bhfuil locadh gluaisteán gann nó an-daor. De réir mar a d'éirigh daoine as an rothar mar phríomh-mhodh taistil tháinig sé chun cinn mar ghléas caitheamh aimsire, go háirithe ag déagóirí.




#Article 208: Binn Éadair (127 words)


Sráidbhaile cois farraige ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath í Binn Éadair. Tá an chuid is mó den bhaile suite ar leithinis i gCuan Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Ceann Bhinn Éadair. Cuid de Fine Gall atá ann. Dar le daonáireamh 2016, bhí 8,277 duine ina gcónaí ann.

Tá calafort iascaireachta agus seoltóireachta ann. 

Tá Binn Éadair suite 13 ciliméadar (8.1 míle) soir ó thuaidh ón ardchathair. Tá an sráidbhaile féin lonnaithe ar an bpointe den leithnis is faide ó thuaidh. Níl ach baile amháin eile in aice leis - mar atá, Cill Fhionntáin.

Tá caisleán de chuid an 15ú haois ann agus tuama réamhstairiúil a dtugtar Uaigh Aoidín air.  

Tugadh 900 gunna isteach anseo chun na hÓglaigh a armáil i mí Iúil 1914. 




#Article 209: Conradh na Gaeilge (3850 words)


Eagraíocht is ea Conradh na Gaeilge (seanlitriú: Connradh na Gaedhilge) a bunaíodh sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a choinneáil á labhairt agus a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís, agus an meath tubaisteach a tháinig uirthi sa 19ú haois. Is gnách dearcadh ar Dhubhghlas de hÍde mar phríomhbhunaitheoir an Chonartha, ós rud é gurbh eisean a chuir tús leis an ngluaiseacht Gaeilge lena chuid óráidíochta faoi ath-Ghaelú na hÉireann. Bunaitheoirí tábhachtacha eile ab ea Eoin Mac Néill agus Eoghan Ó Gramhnaigh.

B'é Eoin Mac Néill a chuir gairm chruinnithe ar na daoine nár chuma leo todhchaí na Gaeilge. Tháinig cruinniú bunaithe an Chonartha le chéile in uimhir a naoi, Sráid Sackville (inniu, Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath). B'é ba spreagadh d'Eoin Mac Néill féin ná an óráid a thug Dubhghlas de hÍde do Chumann na Gaeilge i Nua-Eabhrac faoi dhíghalldú na hÉireann, ar an 16ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1891, chomh maith leis an léacht a thug sé do Chumann Náisiúnta na Litríochta ar an 25ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 1892. B'í aisling de hÍde ná an tÉireannach a ath-Ghaelú le cuidiú leis cothromaíocht cheart a shaoil a fháil ar ais. Go bunúsach, bhí de hÍde den bharúil go raibh an tÉireannach ag déanamh aithrise ar theanga agus ar nósanna Shasana, agus gurb ábhar áthais dó, mar Éireannach, gach taisme nó tubaiste a d'éiríodh do Shasana. B'é tuairim de hÍde ná go mbeadh an tÉireannach ábalta dul i dteagmháil leis an Sasanach féin ar bhonn ní ba chothroime, dá mbeadh teanga dá chuid féin á labhairt aige agus nósanna dá chuid féin á gcleachtadh aige.

Na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ann roimh an gConradh, ar nós Aontas na Gaeilge agus Cumann Buan-Choiméadta na Gaeilge, níor dhírigh siad ar thábhacht na Gaeilge mar theanga bheo, mar a rinne de hÍde. Chuir lucht na gcumann seo i bhfad níos mó béime ar na sean-lámhscríbhinní agus ar an tseanfhilíocht, agus iad, fiú, ag díspeagadh na teanga labhartha, nó bhí siad inbharúla go raibh sí truaillithe cibé scéal é. B'í caint na ndaoine an chloch ba mhó ar phaidrín an Chonartha ó thús báire, agus theastaigh ó bhunaitheoirí na heagraíochta gluaiseacht phobail a dhéanamh de ghluaiseacht na Gaeilge, seachas gluaiseacht an lucht léinn.

Faoi thionchar léacht de hÍde, d'fhoilsigh Eoin Mac Néill alt faoi dhrochstaid na Gaeilge ar an Irish Ecclesiastical Record. Léigh Eoghan Ó Gramhnaigh, sagart óg, an t-alt, agus chuaigh sé i dteagmháil le hEoin Mac Néill, agus in éineacht, d'fhoilsigh an bheirt seo gairm shlógtha do chairde na Gaeilge ar Irisleabhar na Gaeilge, arb í iris Aontas na Gaeilge í. Toradh díreach don achainí seo ab ea bunú Chonradh na Gaeilge, nó Leug na Gaedhilge (is é sin, Léig na Gaeilge i litriú an lae inniu), mar a baisteadh ar an eagraíocht ar dtús.

Na daoine a bhunaigh an Conradh, daoine óga ab ea an chuid ba mhó acu. B'é Tomás Ó Néill Ruiséal, a raibh seacht mbliana is trí scór d'aois aige faoi seo, an duine ba sine acu. 

Níor ghlac Eoghan Ó Gramhnaigh páirt sa chéad chruinniú. Le fírinne, bhí sé ag éileamh le heitinn, agus cúpla bliain i ndiaidh bhunú an Chonartha, b'éigean dó dul ar imirce go California ar lorg bisigh. B'ansin a shíothlaigh sé, ach d'fhág sé téacsleabhar ina dhiaidh ar bhain glúin i ndiaidh glúine de Ghaeilgeoirí leas aisti mar áis teagaisc, Simple Lessons in Irish.

Ar dtús, bhítí ag lochtú an Chonartha toisc go raibh a chuid gníomhaíochtaí comhchruinnithe sa phríomhchathair amháin, ach de réir a chéile, thosaigh craobhacha ag teacht ar an bhfód ar fud na tíre. Ba mhinic a chuaigh an Conradh i dtuilleamaí na mboc mór áitiúil, má bhí siad sásta cúpla focal a labhairt go poiblí ar son na Gaeilge. I dtús báire, bhí na heaglaisigh sásta cuidiú agus comhoibriú leis na Conraitheoirí, ach de réir a chéile, tháinig drochamhras ar chuid acu i leith an Chonartha. Is amhlaidh go raibh na mná agus na fir ag freastal ar na ranganna céanna Gaeilge, rud nár thaitin le maoir na moráltachta ar aon nós. Le fírinne, eagraíocht cheannródaíoch ab ea an Conradh ó thaobh chearta na mban féin de. Bhí cead ag na mná páirt a ghlacadh i saol agus i saothar an Chonartha ar aon leibhéal leis na fir, agus mar sin, mheall an eagraíocht agus an Ghaeilge ina leith an chuid ab airde oideachais de mhná na hÉireann san am.

Is léir gur chuir lucht na himirce suim sa Ghaeilgeoireacht freisin. Mar shampla, chuaigh cumann liteartha na nÉireannach i Londain sa Chonradh mar chraobh. Ball den chraobh seo ab ea Pádraic Ó Conaire, a chuir tús le próslitríocht nua-aoiseach na Gaeilge.

B'é Cogadh an Oideachais an chéad mhórfheachtas a chóirigh an Conradh leis an nGaeilge a chur chun cinn. B'é an cuspóir a bhí acu ná oideachas dátheangach a chur ag obair ar scoileanna na Galltachta agus oideachas trí mheán na Gaeilge a chinntiú i scoileanna na Gaeltachta. Níor éirigh ach ar éigean leo. Is amhlaidh go raibh Robert Atkinson, Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, ag cur in aghaidh an fheachtais go poiblí. Bhí seisean den bharúil nach raibh aon mhaithe i litríocht na Gaeilge, nó dúirt sé nach raibh ach trí chineál litríochta ar fáil sa teanga: páistiúil, reiligiúnda nó mígheanmnaí. Dealraíonn sé nach raibh an tOllamh ró-eolach ar an nGaeilge é féin, nó is é an rud a dúirt an tAthair Peadar Ua Laoghaire ina léirmheas ar phríomhshaothar léannta Atkinson, eagrán scolártha de Trí Bhior-ghaoithe an Bháis le Seathrún Céitinn, ná nach raibh an tOllamh ábalta an difríocht idir is agus tá a thuiscint. B'fhéidir go raibh eagla ar Atkinson roimh ghluaiseacht na Gaeilge: dá n-éireodh leis an ngluaiseacht, ní thógfadh sé mórán ama go mbeadh na scórtha Gaeilgeoirí léannta timpeall, agus iad níos líofa sa teanga ná é féin.

Mar sin féin, níor theip a mhisneach ar de hÍde go fóill. Chuir sé gairm shlógtha ar na saineolaithe eachtrannacha a raibh ciall acu do chúrsaí an léinn Cheiltigh, idir Ghearmánach, Fhrancach, agus Bhreatnach, agus chabhraigh cuid mhaith acu leis. Mhínigh siadsan do na húdaráis an luach a bhí sa Ghaeilge don taighde agus don chultúr, beag beann ar Atkinson. Nuair a bhí an feachtas thart, sa bhliain 1901, bhí na húdaráis sásta oideachas dátheangach a thairiscint do na páistí Gaeltachta, ach fágadh an Ghaeilge gan saothrú i gcónaí i scoileanna na Galltachta.

I dtús an fheachtais seo a chuaigh Pádraic Mac Piarais sa Chonradh, agus chuir sé spéis i gceist an oideachais. Bhreac sé síos a aiste cáiliúil faoi mheaisín an mhurdair, is é sin, polasaí aonteangach Béarla na scoileanna náisiúnta a bhí ag marú na n-iarsmaí deireanacha den Ghaeilge, dar leisean. Leis an meaisín a stopadh, bhunaigh sé scoil chónaitheach lán-Ghaeilge dá chuid féin, Scoil Éanna, i mBaile Átha Cliath.

Thosaigh an dara cogadh oideachais sa bhliain 1905, nuair a d'eisigh Conradh na Gaeilge rún, inar cáineadh aonteangachas Béarla na n-ollscoileanna. Lochtaigh an Conradh curaclam ró-Ghallda Mhaigh Nuad freisin, rud a chuir an-fhearg ar na heaspaig, nó bhí siad den bharúil nár chóir do na tuataí a ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha an tseimineáir Chaitlicigh. 

Thuig na Conraitheorí nár mhór duine de chuid na hEaglaise féin a earcú leis na heaspaig a chur ar athrú comhairle. Bhí an tOllamh le Gaeilge i Maigh Nuad, Mícheál Ó hÍcí, sásta comhoibriú leo. Ag druidim chun deiridh don bhliain 1908, thosaigh sé ag cur brú ar na heaspaig le litreacha príobháideacha, agus é ag lochtú pholasaí Gallda Mhaigh Nuad go poiblí, fiú. Níor thaitin a leithéid sin leis na heaspaig, áfach. Tugadh bata agus bóthar dó as Maigh Nuad, agus fágadh ar an mblár fholamh é. Fuair sé bás i gceann cúpla bliain, i ndiaidh dó laethanta deireanacha a shaoil a chur amú ag iarraidh a phost a fháil ar ais. Is féidir a rá gurbh eisean an chéad mhairtíreach a thug a shaol ar son na Gaeilge.

Ó nach raibh ag éirí go rómhaith leis na feachtais oideachais, b'é an tátal a baineadh as an scéal gur chóir do lucht an Chonartha an t-oideachas Gaeilge a sholáthar as a stuaim féin. Is féidir a rá gur eagraíocht cheannródaíoch ab ea Conradh na Gaeilge in Éirinn, i bhfianaise an oiread oibre agus a rinneadh leis an oideachas aosach a chur chun cinn. 

Bhí páirt lárnach ag na timirí agus ag na múinteoirí taistil san obair seo. Thosaigh an Conradh á n-earcú chomh fada siar leis an mbliain 1898. Bhíodh na timirí ag rothaíocht ó bhaile go baile le soiscéal na Gaeilge a chraobhscaoileadh. Labhraídís leis na boic mhóra áitiúla faoi thábhacht na teanga. D'eagraídís craobhacha nua do Chonradh na Gaeilge. Dhéanaidís bolscaireacht ar son na teanga sna nuachtáin áitiúla. Mhúinidís an cúpla focal dóibh siúd a raibh a suim múscailte. Ba mhinic a fuair siad fáilte fhuar ó na sagairt agus ó na húdaráis áitiúla, agus ní raibh an náisiúnachas chomh fabhrach don Ghaeilgeoireacht agus a shílfeá. Nó má bhí fir óga na háite ar fad ag druileáil in Óglaigh na hÉireann, ní raibh am saor acu leis an nGaeilge a fhoghlaim. 

Sna blianta 1904-1912, bunaíodh fiche scoil le Gaeilge a mhúineadh do na hábhair mhúinteora. Ó tharla nach raibh scoileanna traenála ag an Stát le múinteoirí dátheangacha a oiliúint le haghaidh na Gaeltachta, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na húdaráis ach stádais oifigiúil a bhronnadh ar scoileanna samhraidh an Chonartha. Bhronn Ruairí Mac Easmainn suim mhór airgid ar an gConradh leis na scoileanna seo a mhaoiniú. Tháinig an smaoineamh ón mBreatain Bheag, áit ar osclaíodh an chéad scoil Breatnaise den chineál seo sa bhliain 1903. Chomh maith leis na múinteoirí bunscoile, d'fhoghlaim scoláirí Ceilteacha ó na tíortha iasachta, ar nós Julius Pokorny agus Kuno Meyer, a gcuid Gaeilge sna scoileanna seo.

Bhí go maith agus ní raibh go holc, go dtí gur tuigeadh do Bhráithreachas na Poblachta an leas a bhí le baint as an gConradh. Ar dtús, bhí Conradh na Gaeilge neamhpholaitiúil go hiomlán mar eagraíocht, agus Protastúnaigh is Aontachtóirí ag glacadh páirt dhíograiseach in athbheochan na Gaeilge. Ó bhí ceist neamhspleáchas na hÉireann ag éirí níos práinní in aghaidh an lae, is éadócha go bhféadfadh an Conradh fanacht slán ón bpolaitiú a bhí ag bagairt ar gach eagraíocht chultúrtha Ghaelach, go háirithe i bhfianaise an dóigh ar shealbhaigh na Fíníní Cumann Lúthchleas Gael roimhe sin.

Bhí cineál seicteachas ag baint le craobhacha áirithe den Chonradh, go háirithe Craobh an Chéitinnigh, ceann de na craobhacha a bhí ag obair sa phríomhchathair. Bhí an chraobh seo dírithe ar Ghaeilgeoirí ó Chúige Mumhan a earcú, agus bhí sé ina scéilín magaidh ag Gaeilgeoirí na linne go raibh gníomhairí rúnda de chuid Chraobh an Chéitinnigh ar síorgharda ar stáisiún na traenach ag fanacht le traein Chorcaí, chun gach duine le Gaeilge ón taobh sin den tír a fhruiliú dá gcraobh. Le fírinne, áfach, bhí an chraobh in ann dornán maith de dhaoine a mhealladh chuici a bhí le páirt thábhachtach a dhéanamh i saol na Gaeilge agus na hÉireann i ndiaidh imeacht na Sasanach. Baill den Chraobh ab ea Máire Ní Chinnéide, a chuir dírbheathaisnéis Pheig Sayers in eagar, agus an tAthair Pádraig Ua Duinnín, a scríobh an chéad mhórfhoclóir Gaeilge san fhichiú haois. Thairis sin, bhí ceathrar iarbhall de chuid na Craoibhe i measc na n-oifigeach ab airde in Arm an tSaorstáit nuair a bunaíodh é: Risteard Ó Maolchatha, Gearóid Ó Súilleabháin, Diarmuid Ó hEigeartaigh, agus Seán Ó Muirthile.

Dream ardnósach ab ea na Céitinnigh seo, agus iad suite siúráilte roimh ré go mbeadh cinniúint as an ngnáth i ndán dóibh nuair a gheobhadh Éire a saoirse. Scéal eile, áfach, nach gceadódh a gcreideamh dian Caitliceach dóibh mórán mórtachais a dhéanamh le Protastúnaigh an Chonartha, daoine ar nós Seosamh Laoide (Joe Lloyd) a bhí i gceannas obair fhoilsitheoireachta na heagraíochta.

Leis na Caitlicigh choimeádacha a ghiúmaráil, b'éigean do de hÍde uaireanta seasaimh a ghlacadh i gcúrsaí na polaitíochta cultúrtha nach bhfuil róchuma orthu agus iad á scrúdú le súile ár linne féin. B'é an sampla ba mhíchlúití den chineál seo ná an callán a tharraing an dráma úd Playboy of the Western World le John Millington Synge sa bhliain 1907. Bhí an dráma ina chnámh spairne idir na hintleachtóirí liobrálacha agus na daoine a raibh dearcadh ní ba choimeádaí acu, agus b'éigean do de hÍde taobhú leis an dara dream acu, rud nár mhaith William Butler Yeats dó riamh. Bhí de hÍde ag brath ar na deontais a d'fhaigheadh sé ó na Gael-Mheiriceánaigh leis an gConradh a choinneáil ag obair, agus dearcadh coimeádach acu siúd ar chúrsaí cultúrtha na hÉireann. Bhí an dráma féin bunaithe ar na hamhráin Ghaelacha a bhí foilsithe agus aistrithe ag de hÍde féin ina dhíolaim cháiliúil The Love-Songs of Connacht, agus b'iomaí duine sa Chonradh féin a shíl go mba chóir d'Uachtarán an Chonartha an Playboy a chosaint, seachas a ionsaí. Ar chúiseanna airgid, áfach, b'éigean dó an seasamh coimeádach a roghnú. Inniu féin, is minic a dhéanann naimhde na Gaeilge tagairt do scéal an Phlayboy, agus iad ag áitiú go bhfuil an Ghaeilge agus an coimeádachas cultúrtha pósta ceangailte go doscartha.

Sa bhliain 1913, bhí Baile Átha Cliath ar bharr lasrach, agus an cogadh idir an lucht oibre agus na fostóirí faoi lán an tseoil. Chuir na fostóirí frithdhúnadh i bhfeidhm leis na ceardchumainn a throid, agus iad ag tarraingt isteach sáraitheoirí stailce ó Shasana leis an obair a dhéanamh os comhair shúile an lucht oibre áitiúil. Ós rud é go raibh teaghlaigh na n-oibrithe Éireannacha ag fulaingt go mór mór le hocras faoi na himthoscaí seo, bhí an lucht oibre ar coipeadh le fearg agus le héadóchas. Bhí an chathair ar fad ina cíor thuathail, nuair a bhí an lucht oibre áitiúil ag iarraidh na sáraitheoirí stailce a imeaglú, agus na péas ag gabháil de smachtíní orthu. B'iad Séamas Ó Conghaile agus Séamas Mór Ó Lorcáin ceannairí an lucht oibre le linn na dtrioblóidí seo.

Daoine socúlacha meánaicmeacha ab ea tromlach na gConraitheoirí i ndiaidh an iomláin, agus ba leasc leo taobhú leis an lucht oibre sa choimhlint seo, go háirithe ó bhí an Eaglais Chaitliceach go tréan ag cosaint na bhfostóirí agus ag lochtú na n-oibrithe. Dá dheasca sin, is iomaí Gaeilgeoir de phór íseal a fuair é féin idir dhá thine Bhealtaine ag iarraidh dhá thrá na Gaeilge agus an tSóisialachais a fhreastal, ó bhí an chuma ag teacht ar an scéal nach bhféadfá an dá chuid a roghnú. B'ansin a chaill Seán Ó Cathasaigh, an drámadóir, a shuim sa náisiúnachas Éireannach agus sa Ghaeilge araon, agus an mealladh a bhain imeachtaí an fhrithdhúnta as. Bhí Cathal Brugha, cathaoirleach Chraobh an Chéitinnigh, go tréan in aghaidh an lucht oibre, mar shampla. Dealraíonn sé gurbh é Pádraig Mac Piarais an t-aon Chonraitheoir mór le rá a bhí sásta tacú leis an lucht oibre. Bhí aithne phearsanta aige ar Shéamas Ó Conghaile cheana féin, agus clann Uí Lorcáin ag dul ar Scoil Éanna.

Faoin am ar thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, chuaigh insíothlú na bhFíníní i dtreise sa Chonradh. B'é Tomás Ó Cléirigh a bhí i gceannas ar an ngníomhaíocht seo. Thuig sé an poitéinseal a bhí sa Chonradh do ghluaiseacht na Poblachta, agus d'fhéach sé chuige gurbh iad lucht a leanúna féin a shealbhódh an eagraíocht. Ní raibh mórán céille aige don Ghaeilge féin riamh. Sa bhliain 1915, nuair a tháinig lucht an Chonartha le chéile ag Ard-Fheis Dhún Dealgan, vótáladh iarrthóirí na bhFíníní isteach ar choiste gnó an Chonartha, ionas gur fágadh an eagraíocht faoina smacht. Ag an gcruinniú céanna, d'iompaigh siad an Conradh ina eagraíocht náisiúnaíoch trí rialacha na heagraíochta a athrú, ionas go raibh ruaigeadh na nGall as Éirinn mar chuspóir oifigiúil ag an gConradh feasta. 

Ní raibh de hÍde sásta leis an gcuma a tháinig ar na cúrsaí. Bhí sé riamh den tuairim gur chóir an pholaitíocht a choinneáil scartha ó obair an Chonartha, agus é cinnte go mbeadh gluaiseacht na Gaeilge in inmhe gach aon rud cothrom a rithfeadh léi a chur i gcrích, ar acht is go bhfanfadh sí slán ón bpolaitíocht. Mar sin, níor fágadh an dara suí sa bhuaile aige ach éirí as mar chathaoirleach. Ní raibh na Protastúnaigh ná na hAontachtóirí sásta fanacht ansin ach an oiread. Ina measc siúd a thréig an Conradh i ndiaidh na hArd-Fheise seo, bhí Seosamh Laoide (Joe Lloyd), a bhí i mbun na foilsitheoireachta sa Chonradh.

Ina dhiaidh sin, is féidir a rá go raibh an Conradh ag déanamh neamhshuime ar fad dá aidhm oifigiúil, nó chuaigh an náisiúnachas agus an ghleic armtha ar son shaoirse na hÉireann in áit na Gaeilge ar fad. Ghlac cuid mhaith de cheannairí agus de ghnáthbhallra na heagraíochta páirt in Éirí Amach na Cásca, agus mura bhfuair siad bás i bpáirc an áir nó os comhair fhoireann na mbásadóirí i bPríosún Chill Mhaighneáin, chaith siad tamall fada i bhFrongoch.

Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha anois: Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

I Mí na Nollag 1918, ghnóthaigh Sinn Féin an toghchán agus bhunaigh siad Dáil Éireann mar mhalairt ar an Westminster. An rialtas a fuair na cumhachtaí ón Dáil in Aibreán 1919, is ar éigean a bhí aon duine air nach raibh ina shean-Chonraitheoir. Is féidir a rá go raibh saol polaitiúil na tíre á chasadh timpeall Chonradh na Gaeilge san am sin. Baineadh úsáid áirithe as an nGaeilge mar chuid de nós imeachta na chéad Dála, ach b'é an Béarla ba mhó a chualathas le linn na díospóireachta. 

Ar an lá céanna ar tháinig an Dáil le chéile an chéad uair, thosaigh Cogadh na Saoirse, nuair a mharaigh dornán d'Óglaigh beirt saighdiúirí dubha ar an tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann. Bhí cuid mhaith Conraitheoirí i measc na nÓglach a rinne an obair, agus seantimire de chuid an Chonartha i gceannas orthu.

B'é Seán Ua Ceallaigh, Sceilg, a toghadh mar Uachtarán ar an 5 Lúnasa 1919. Sa bhliain sin, b'i gcathair Chorcaí a tháinig an Ard-Fheis le chéile, agus mar sin, ba toscairí ó Chúige Mumhan iad an chuid ba mhó dá raibh i láthair, ós rud é go raibh sé dainséarach an tír a thaisteal agus an cineál ama a bhí ann. Bhí an Ard-Fheis breá sásta go raibh Dáil Éireann tar éis stádas oifigiúil a bhronnadh ar an teanga in Éirinn, ach san am céanna, bhí go leor de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre ar nós cuma liom nó fiú diúltach i leith na Gaeilge. Bhí dearcadh na hEaglaise Caitlicí ina ábhar míshástachta, chomh maith leis an lucht gnó, ó bhí drogall orthu teanga mharbh neamhthrádálach cosúil leis an nGaeilge a úsáid.

Sa bhliain 1919 a thosaigh lucht rialtais Shasana troid a chur ar an gConradh i ndáiríre. Coisceadh Fáinne an Lae, iris an Chonartha, ar an 20 Meán Fómhair 1919, ach tháinig an iris nua, Misneach, ina leaba i Mí na Samhna. Bhí sé deacair, áfach, iris ar bith a scaipeadh, ós rud é go raibh an tír ina cíor thuathail ag an gcogadh. San am céanna, mar atá, an 25 Samhain 1919, d'fhógair rialtas Shasana go hoifigiúil gur eagraíocht antoisceach Náisiúnaíoch ab ea an Conradh, agus go raibh an stát lena chur de dhroim an tsaoil. 

Nuair a tháinig na Dúchrónaigh go hÉirinn an bhliain a bhí chugainn, chuir siad troid fhíochmhar ar an nGaeilge mar rud. Chuir siad tithe agus maoin eile de chuid an Chonartha trí thine, bhain siad anuas comharthaí Gaeilge aon áit a bhfaca siad a leithéidí, agus d'ionsaigh siad aon duine a chuala siad ag caint Gaeilge. Ní raibh de thoradh ar na hiarrachtaí seo ach amháin gur tharraing siad tuilleadh daoine i dtreo na Gaeilge agus na Gaeilgeoireachta.

Le teacht an tsosa chogaidh, bhí áthas ar go leor Gaeilgeoirí, ós rud é gur Conraitheoirí gníomhacha a bheadh i gceannas ar an tír feasta. Shíl siad go mbeadh an Ghaeilge slán sábháilte anois, agus gur dhual di an ceann ab fhearr a fháil ar an mBéarla.

Eagraíocht feasachta atá ann. D'eagraigh Conradh an feachtas polaitiúil agus sraith agóidí Dearg le Fearg, chun cur in aghaidh na n-ionsaithe a bhí á ndéanamh ar an Ghaeilge sa bhliain 2013.

Tháinig an Dream Dearg le chéile sa bhliain 2016 mar gheall ar an fhrustrachas i measc phobal na Gaeilge sa Tuaisceart faoi ionsaithe leanúnacha ar an Ghaeilge, is cosúil, ó rialtas agus ionadaithe pobail. Acht na Gaeilge sa Tuaisceart atá ag teastáil ón Dream Dearg, rud a chosnódh an Ghaeilge óna leithéid d'ionsaithe amach anseo, dar leo. 

Tugann 'Bunreacht Chonradh na Gaeilge' an méid seo le fios; an chraobh bunaonad na hEagraíochta
Deir sé ar shuíomh gréasáin na heagraíochta go bhfuil na craobhacha seo a leanas sa tír;

I ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann, bhunaigh Gaeilgeoirí an Tuaiscirt eagraíocht leath neamhspleách dá gcuid féin, mar atá, Comhaltas Uladh. Go hoifigiúil, is cuid den Chonradh é, cé gur féidir a rá go bhfuil polasaí agus próifíl dá chuid féin aige. Tháinig an Comhaltas ar an bhfód sa bhliain 1926, agus sagairt Chaitliceacha ab ea an chuid ba mhó de na bunaitheoirí. Sna blianta tosaigh, bhí an Comhaltas á stiúradh ag an Athair Lorcán Ó Muirí, náisiúnaí dian dásachtach, a chríochnaigh a staidéar diagachta i Minnesota, i ndiaidh dó bata agus bóthar a fháil ó Mhaigh Nuad toisc go raibh sé róghníomhach sna heagraíochtaí náisiúnaíocha.

Fágadh Cúige Uladh go léir, seachas Tuaisceart na hÉireann amháin, faoin gComhaltas, agus d'áirigh an tAthair Ó Muirí Contae Lú mar chuid de Chúige Uladh. B'as Lú dó féin, ach ón taobh eile de, an beagán Gaeilge a bhí á labhairt i Lú i dtosach na fichiú haoise, is follasach gur ceann de na canúintí Ultacha a bhí ann.

Bhí dearcadh an-chúigiúil ag an Athair Ó Muirí ar cheisteanna canúna, agus é ag cur béime ar thábhacht chanúint Chúige Uladh in obair an Chomhaltais. Sa bhliain 1935, ruaig an tAthair craobh i nDún Dealgan a bhí ag cleachtadh chanúint na Mumhan.

Ar feadh breis agus caoga bliain, leis an fhírinne a dhéanamh, ba é Comhaltas Uladh an t-aon eagraíocht sna Sé Chontae a bhí ag cosaint na Gaeilge. Bhí easpa iomlán tacaíochta ag an teanga ó rialtas a bhí go hiomlán naimhdeach don teanga. Is é Niall Comer, de bhunadh an Iúir ó dhúchas, agus atá ina léachtóir ollscoile i gColáiste Mhig Aoidh, Doire, atá ina uachtarán reatha ar an Chomhaltas.

Eagraíonn Conradh na Gaeilge an tOireachtas, féile a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona dúchasacha trí mheán na Gaeilge. Cuireadh tús leis an Oireachtas sa bhliain 1897, nuair a cóiríodh an chéad fhéile sa Rotunda i mBaile Átha Cliath. Féile aon lae a bhí ann san am. Inniu, maireann an fhéile deich lá ar fad, ach tá sí scoilte ina dhá leath, Oireachtas na Bealtaine agus Oireachtas na Samhna. Baineann an tOireachtas le beagnach gach gné den chultúr dúchais – amhránaíocht ar an sean-nós, amhránaíocht aonair, cóir, ceol traidisiúnta, rince, scéalaíocht, agallaimh bheirte agus litríocht na Gaeilge.




#Article 210: An Chríostaíocht (335 words)


Is creideamh aondiach í an Chríostaíocht atá bunaithe ar shaol agus ráitis Íosa Chríost sa Tiomna Nua. 

Na trí dreamanna sa domhan Críostaí ná an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, na eaglaisí Ceartchreidmheachas agus na sainchreidimh éagsúla Protastúnachas. 

Creideann Críostaithe gurb é Íosa an Slánaitheoir. Mar thoradh air sin, tugann siad an t-ainm An Críost air. Teagasc an Chríostaíocht go raibh Íosa ina Mhac Dé le linn a bheatha dhaonna, de shliocht Dháibhí, agus ina Mhac Dé le cumhacht ag a aiséirí, agus le spiorad na naofachta.  

Thosaigh an Chríostaíocht sa chéad aois mar sheict Ghiúdach. Roinneann sí a lán téacsanna reiligiúnacha leis an Ghiúdachas, go háirithe an Sean Tiomna. Cosúil leis an Ghiúdachas agus an tIoslam, aicmítear an Chríostaíocht mar reiligiún Abrahámach ós rud é go bhfuil na trí chreideamh bunaithe ar an traidisiún faoi Abrahám.

Bhí an t-ainm Críostaí (Gréigis: Χριστιανός) curtha ar na deisceabail don chéad uair in Antiógh, de réir Aicteanna 11:26. Deirtear gurb é Iogna ón Antiógh a bhain úsáid as an téarma Críostaíocht (Gréigis Χριστιανισμός) i dtús.

Leis an meath agus titim den Impireacht na Róimhe san iarthar, d'éirigh an phápacht sáite sa pholaitíocht, ag tosú leis an taidhleoireacht a rinne an Pápa Leo leis na Hunaigh agus na Vandail.  

Scoilt an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus Ceartchreidmheachas na Oirthear as a chéile sa Siosma Mór na 1054 AD. 

Tháinig Protastúnachas ina saol i rith an Reifirméisean Protastúnach sa 16ú haois, ag scoilteadh as an Eaglais Caitliceach Rómhánach. 

Samplaí sacraimintí ná an baisteadh, an Aifreann agus an Eocairist. Tháinig an focal as an Laidin sacramentum, cé a raibh é úsáidte a aistriú an focal Gréigis den 'rúndiamhair'.

Tá tuairim is 2.1 billiún Críostaí timpeall an domhain, rud a fhágann gurb í an chreideamh is mó sa chruinne í. Tá sí ar an bpríomh-reiligiún sa Mheiriceá Thuaidh, sa Mheiriceá Theas, san Eoraip, sna hOileáin Fhilipíneacha, san Aigéine agus i bpáirt mhóra na hAfraice. Tá an Críostaíocht ag fás go tapa san Áise, go háirithe sa tSín, sa Chóiré Theas, agus san Afraic Thuaidh.

 




#Article 211: Limistéar an euro (221 words)


Is críoch airgeadra í limistéar an eoró a thugann le chéile tíortha an Aontais Eorpaigh a ghlac leis an eoró mar airgeadra coitianta. Cruthaíodh an chríoch i 1999 le aon tír déag, agus tugadh isteach an Ghréig i 2001 mar gur lean siadsan i bprionsabal na treoracha a leagadh amach i Maastricht de easnamh poiblí (a mheasann roinnt tíortha lasmuigh de chaiteachas mhíleata) teoranta ag 3 % de Tháirgeadh Imtíre Brutto agus fiacha poiblí nach sáraíonn 60 % de Táirgeadh Imtíre Brutto .

I mí Eanáir 2004, ba iad na 12 ballstáit ar chríoch an eoró ná: an Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, Poblacht na hÉireann, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn. Cuir an tSlóvéin, Málta, an Chipir, an tSlóvaic, an Eastóin, an Laitvia, agus an Liotuáin isteach níos déanaí.

Chomh maith leo sin, tá ceithre mhion-stát, atá ceangailte leis an gcríoch mar gheall ar chonraí airgidis lena gcomharsain: Andóra, Monacó, San Mairíne agus an Vatacáin. Tá an scéal chéanna sa Chosaiv agus i Montainéagró, a bhaineann feidhm as an eoró mar airgead dlistineach. Bhaineadh sí feidhm as Mark na Gearmáine roimhe sin mar airgeadra.

Tá cupla tír san Aontas Eorpach nach mbaineann feidhm as an eoró:

Is é treoir-cháin chríocha an eoró, a shocraíonn Banc Ceannais na hEorpa, 3.25 %.




#Article 212: Ceanada (1069 words)


Is tír i Meiriceá Thuaidh é Ceanada (Béarla agus Fraincis: Canada), idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is ríocht dhaonlathach é Ceanada, a bunaíodh sa bhliain 1867 mar chónaidhm in Impireacht na Breataine. Tá thart ar 35 milliún duine ina gcónaí i gCeanada. Is iad Torontó agus Montréal na cathracha is mó, agus is é Ottawa príomhchathair na tíre. Béarla agus Fraincis na teangacha oifigiúla.

Tagann an t-ainm Canada (agus mar sin Ceanada i nGaeilge) ó kanata, focal a chiallaíonn baile beag nó lonnaíocht i dteanga de chuid na nIroquois. Ba é sin an focal a d'úsáid Lucht Bundúchasach na háite i gceantar Chathair Québec nuair a threoraigh siad Jacques Cartier chun Stacona, baile beag acusan. Thug Cartier an t-ainm sin ar an gceantar uilig a bhí faoi Donnacona, taoiseach na treibhe úd. Faoin mbliain 1545, bhí na hEorpaigh ag cur an ainm ar a gcuid léarscáileanna le haghaidh an réigiúin ar fad.

Is mór an tír í, le 9,984,670 km². Tá teorainn aici le Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Ceanada an dara tír is mó ar domhan.

Tá 10 gcúige i gCeanada:

Tá 3 dhúiche i gCeanada:

Taispeánann staidéir sheandálaíochta agus anailísí géiniteacha go dtéann an t-áitreabh daonna i gCeanada siar go 7500 R.Ch. ar an laghad. Cuid de shaintréithe na mbundúchasach iad lonnaíochtaí seasta, an talmhaíocht, céimiúlacht shóisialta casta agus gréasáin trádála. Measann roinn rialtais amháin go raibh timpeall is 500,000 duine sa tír ag deireadh an 15ú haois, is é sin go díreach roimh theacht buan na nEorpach. Chuir na Sasanaigh ruaig ar na hiascairí Bascacha agus Portaingéalacha ó thailte saibhre éisc na tíre go luath sa 16ú haois agus chuir siad coilíneachtaí ar bun ar Thalamh an Éisc. Cupids agus Ferryland na céad chinn (1610) díobh.

Tháinig na Francaigh go Ceanada sa bhliain 1534 nuair a sheol Jacques Cartier isteach san Abhainn St. Lawrence. Ar an 24 Iúil, rinne sé cros 10 méadar in airde a thógáil agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince. 

Bhunaigh na Francaigh baile den chéad uair i bPort Royal san Albain Nua, sa bhliain 1605, ait a raibh Na hAcadaigh ag an am. Samuel de Champlain ab ea Athair na Nua-Fhraince. Lean sé ar aghaidh chun Québec a thógáil freisin, príomhchathair an stáit nua.

Bhí sé ina chogadh ceithre huaire idir na Francaigh agus na hIndiaigh ar thaobh amháin agus na Sasanaigh ar an taobh eile idir na blianta 1689 agus 1763. I ndiaidh Chonradh Pháras sa bhliain 1763, ní raibh aon rud fágtha ag na Francaigh seachas Saint-Pierre-et-Miquelon, dhá oileán amach ó Thalamh an Éisc ar leis an bhFrainc iad go dtí an lá atá inniu ann. (D’fhan na Francaigh freisin i seilbh bhruach thiar na Mississippi taobh ó dheas ó Cheanada). Trí mheán Acht Québec (1774) tugadh aitheantas arís don Fhraincis, don chreideamh Chaitliceach agus do dhlí shibhialta na Fraince in Québec. Chomh maith leis sin, leathnaigh an t-acht achar Québec isteach i ngleann na hAbhann Ohio, rud a chuir le míshástacht na Meiriceánach sna 13 Choilíneacht a bhí cheana féin ar tí éirí amach i gcoinne smacht na mBriotanach. Le Conradh Pháras (1783), fuair na Meiriceánaigh an chríoch sin ar fad taobh ó dheas ó na Locha Móra. 

Roinneadh an choilíneacht Nova Scotia ina dhá leath: ar an 16ú Lúnasa cuireadh New Brunswick ar bun sa chuid thiar di. Le hAcht Bunreachtúil na bliana 1791, roinneadh Cúige Québec ina dhá leath freisin. Ceanada Íochtair a tugadh ar an gceann díobh ina raibh an Fhraincis ag an móramh (Québec an lae inniu) agus Ceanada Uachtair (Ontario inniu) ar an gceann ina raibh an Béarla níos coitianta. Bhí a thionól reachtach féin ag an dá chúige. Le hAcht Aontais na bliana 1840 cuireadh na Ceanadaí seo le chéile in aonad amháin a tugadh Cúige Cheanada air. Na críocha ollmhóra chun an iarthuaiscirt a bhí faoi smacht na mBriotanach - Rupert's Land agus an North-West Territory - tugadh iad faoi smacht an chúige aontaithe nua seo mar na Northwest Territories. 
 

Ar an 1ú Iúil 1867, cuireadh tiarnas feidearálach ar bun faoin ainm Ceanada, agus ceithre chúige ann, mar atá Ontario, Québec, New Brunswick agus Albain Nua. Bhí na Northwest Territories faoina smacht. Na coilíneachtaí ar chósta an Aigéin Chiúin, Oileán Victoria agus an Cholóim Bhriotanach, rinneadh aon choilíneacht amháin díobh sa bhliain 1866 mar an Cholóim Bhriotanach, agus sa bhliain 1871 chuaigh sí seo isteach i dtiarnas feidearálach Cheanada. San oirthear, rinne Prince Edward Island amhlaidh sa bhliain 1873. Rinneadh cúigí de chodanna de na Northwest Territories diaidh ar ndiaidh: Manitoba sna 1890idí agus Alberta agus Saskatchewan sa bhliain 1905. Rinneadh críoch faoi leith den Yukon le linn ruaig an óir ansin. De réir mar a bhí Ceanada ag forbairt mar thír, fuair sí tuilleadh féinrialais ón mBreatain Mhór chomh maith. Talamh an Éisc an cúige deireanach sa chónaidhm sa bhliain 1949. Tír neamhspleách í Ceanada anois.

Gné thábhachtach de stair Cheanada is ea an inimirceacht agus an síorbhrú isteach i limistéir a bhí i seilbh na mbundúchasach roimhe sin, chun an iarthair go háirithe. I ndiaidh Chogadh 1812, thosaigh a lán daoine a plódú isteach ón mBreatain Mór agus ó Éirinn. Idir 1825 agus 1846, tháinig 626,628 imirceach Eorpach go Ceanada; sa bhliain 1831 féin tháinig 34,000 Éireannach i dtír i gCathair Québec. Ceaptar go bhfuair an ceathrú cuid de na himircigh bás le galair éagsúla.

 
Tá an 11ú geilleagar is mó ar domhan ag Ceanada agus timpeall ar SAM$1.74 trilliún d'OTI ainmniúil ann. Is ballstát den G8 é Ceanada.

Tá trí ceathrú den gheilleagar san earnáil seirbhísí agus ceathrú eile san earnáil phríomhúil—ola agus lománaíocht, go príomha. Baintear a lán den ola as gainimh tarra an iarthuaiscirt. Táirgeann Ceanada cuid shuntasach de nicil, de chaidmiam, de shinc agus de mholaibdéineam an domhain chomh maith. Tá mianaigh diamaint ann agus is é Ceanada an tír tháirgthe síoróip maiple is mó. 

Tá Ceanada chun tosaigh maidir le teicneolaíocht agus eolaíocht. Sa bhliain 2011, caitheadh C$29.9 billiún ar thaighde agus fhorbairt sa tír. Tá 10 nDuais Nobel bronnta ar Cheanadaigh i bhfisic, i gceimic agus i leigheas.

Is iad Béarla agus Fraincís na teangacha oifigiúla. Is é Béarla an chéad teanga do 59.7% de mhuintir Cheanada. Is í Fraincís an chéad teanga do 23.2% de na daoine. Ní raibh ach Béarla ag 57.8% de dhaonra Cheanada. Ní raibh ach Fraincís ag 22.1% den dhaonra. Tá naoi dteanga bundúchasacha aitheanta i gCeanada chomh maith.




#Article 213: Stát (polaití) (278 words)


Is polaití é stát faoi chóras rialachais. Níl aon sainmhíniú gan chonspóid ar stát. Sainmhíniú a úsáidtear go forleathan, tagann sé  ón socheolaí Gearmánach Max Weber a dúirt gur polaití is ea stát a choinníonn monaplacht ar úsáid dlisteanach an fhoréigin, cé nach bhfuil sainmhínithe eile neamhchoitianta.
Is féidir leis an téarma tír a bheith mar thagairt do stát ceannasach agus d'aonáin pholaitiúla eile, mar shampla Cathair na Vatacáine, agus uaireanta eile ní féidir léi tagairt ach do stáit. 

Mar gheall ar chúinsí éagsúla na staire, tá an-éagsúlacht tíortha ar domhan. Tá cuid acu bunaithe ar náisiún nó treabh amháin, dream daoine a bhfuil teanga, creideamh nó cultúr ar leith acu. Samplaí díobh sin is ea an Íoslainn, an tSeapáin, Vítneam, Leosóta.  

Ach bíonn meascán go minic i dtíortha eile, an Eilbhéis mar shampla mar a labhraítear ceithre theanga oifigiúla, nó an Bheilg mar a bhfuil trí theanga agus tháinig ann do na tíortha sin de bharr na hiomaíochta idir impireachtaí nó tíortha níos mó ná iad ina labhraítear teangacha náisiúnta na tíre.  

Cruthaíodh teorannacha idir tíortha de bharr na gcoimhlintí idir náisiúin éagsúla, agus mar sin is minic a bhíonn mionlach i dtír nach bhfuil an teanga, creideamh nó cultúr céanna acu is atá an mhóraimh acu - lucht labhartha na Sualainnise sa bhFionlainn mar shampla, a thugann a ndílseacht don tír ina bhfuil siad in ainneoin na ndifríochtaí sin. 

Is minic a labhraítear an teanga chéanna i dtíortha difriúla, Ceanada agus na Stáit Aontaithe mar shampla, nó an Phortaingéil agus an Bhrasaíl, ach cuirtear an-bhéim ar neamhspleáchas na dtíortha sin óna chéile. 

Sa bhliain 2004, bhí tuairim is 180 tíortha ann, de réir na Náisiún Aontaithe.

 




#Article 214: Vítneam (1001 words)


Tír in oirdheisceart na hÁise is ea Poblacht Shóisialach Vítneam, agus í ag críochantacht leis an tSín, le Laos, leis an gCambóid agus le Murascaill Tonkin. Is í an Vítneaimis an teanga náisiúnta. Is í Ha Noi, i dtuaisceart na tíre, an phriomhchathair, ach is í Cathair Ho Chi Minh sa deisceart an chathair is mó sa tír.

Tá rialtas Cumannach i réim i Vítneam. Ach, cé go bhfuil an rialtas bunaithe ar an bhfealsúnacht Chumannach, tá fiontair ghnó go leor ar fud na tíre, go háirithe i limistéar Chathair Ho Chi Minh.

Ní cheadaíonn an páirtí Cumannach freasúra ar bith. Tá riarachán an-lárnaithe sa tír mar is dual d'fhealsúnacht na gcumannach. Tá pionós an bháis ann chomh maith, agus gearrtar é ar dhaoine a chiontaítear i gcoireanna tromchúiseacha, go háirithe i smuigleáil na ndrugaí. 

Tá an tír roinnte ina naoi gcúige agus caoga, agus í beagnach ar aon mhéid leis an Ghearmáin.

Le tamall de bhlianta anuas, tá múnla forbartha na Síne á leanúint sa tír, margadh saor don rachmas agus é pósta le córas diansmachta Cumannach, agus tá borradh mear ar an eacnamaíocht anois, cé go raibh stailceanna sa tír le gairid in aghaidh na gcoinníollacha oibre sna monarchana nua a chuir comhlachtaí eachtrannacha ar bun.

Cé go bhfuil an chuid is mó de mhuintir Vítneam ina mBúdaithe, tá níos mó ná 10% de na daoine ina gCaitlicigh, freisin. Tá líon beag Moslamach sa tír chomh maith.

Glactar leis go traidisiúnta go bhfuil cónaí ar mhuintir Vítneam sa tír le breis is ceithre mhíle bliain anuas, agus meastar gurb as an tSín a tháinig siad ar dtús. Bhí an limistéar faoi cheannas na Síne ar feadh i bhfad, ach sa bhliain 939 bhain Vítneam neamhspleáchas amach.  

D'éirigh leo cosc a chur le hionradh na Mongólach, rud a threisigh leis an neamhspleáchas go mór nuair a bhí formhór na hÁise á chreachadh ag Geingeas Cán agus a shliocht. Leathnaigh a gcumhacht ó dheas agus chuir siad ríocht Champa agus an chuid ba mhó d'impireacht na gCiméarach faoina smacht.  

Sa naoú haois déag tháinig na Francaigh agus chuir siad Vítneam agus a comharsana, an Chambóid agus Laos, faoina smacht. Ghabh na Seapánaigh seilbh ar an tír le linn an Dara Cogadh Domhanda. 

Bhí trí chogadh móra i Vítneam sa 20ú céad: An Chéad Cogadh Ind-Síneach inar throid muintir Vítneam i gcoinne na gcoilíneach as An Fhrainc a bhí i gceannas na tíre ar feadh timpeall céad bliain.  

Rinne an Fhrainc iarracht Vítneam a chur faoina smacht arís tar éis do na Seapánaigh seilbh a ghlacadh ar an tír sa Dara Cogadh Domhanda. Mhair an cogadh ar feadh naoi mbliana go dtí go raibh an bua ag náisiúnaithe Vítneam ar na Francaigh faoi dheireadh i gCath Dien Bien Phu sa bhliain 1954.  

Cé go raibh tacaíocht an phobail le buaiteoirí an chogaidh, Ho Chi Minh agus an ginearál Nguyen Giap, níor theastaigh ó thíortha an iarthair go mbeadh rialtas Cumannach i gceannas ar thír chomh tábhachtach agus rinneadh críochdheighilt ar an tír. Faoi bhrú ón Rúis agus ón tSín ghlac Ho Chi Min leis an gcríochdheighilt mar gur chreid sé go mbeadh an bua ag a lucht leanúna i dtoghcháin an Deiscirt agus go bhféadfaí an tír a athaontú go mear.  

Ach chruthaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá Poblacht Vítneam Theas agus chuir siad Ngo Dinh Diem i gceannas ansin. Chuir sé siúd i leith an tuaiscirt go raibh sé ar intinn acu an deisceart a chur faoi chois agus chuir sé tús le frithionsaí in éadan na gCumannach. De réir mar a mhéadaigh an cos ar bolg d'impigh Cumannaigh an Deiscirt ar rialtas an tuaiscirt airm a thabhairt dóibh chun dul i mbun treallchogaíochta. Ba sa dóigh sin a thosaigh An Dara Cogadh Ind-Síneach (idir Vítneam Thuaidh agus Vítneam Theas). Le ceadú ón Tuaisceart, bunaíodh an Fronta Saoirse Náisiúnta, is é sin, comhearaíocht na Náisiúnaithe is na gCumannach sa Deisceart le ruaigeadh a chur ar rialtas Diem, agus mhair cogadh géar fuilteach á fhearadh ar feadh cúig bliana déag eile. Ghlac na Meiriceánaigh, agus comhghuaillithe eile ar nós na hAstráile, páirt sa chogadh ar thaobh an Deiscirt, rinneadh buamáil throm ar chathracha, scriosadh bailte, sráidbhailte agus feirmeacha agus cuireadh na milliún i ngéibheann. Deirtear go raibh saighdiúirí as an tSín páirteach i gcosaint an Tuaiscirt 

Ní raibh ag éirí le ceachtar taobh an lámh in uachtar a fháil, ach le hionsaí Tet sa bhliain 1968 léirigh fórsaí an tuaiscirt agus an Fronta Saoirse nach bhféadfaí iad a chloí, agus mhéadaigh ar léirsithe i gcoinne an chogaidh ar fud an domhain, agus go háirithe i Meiriceá. De réir a chéile tharraing fórsaí Mheiriceá amach as an tír leis an gcogadh a Vítneamú, is é sin, é a fhágáil faoi na Vítneamaigh féin. Ar feadh dhá bhliain rinne rialtas an Deiscirt iarracht fórsaí na gCumannach a choinneáil siar. Chríochnaigh an cogadh nuair a thit cathair Saigon i mí Aibreáin 1975. Tháinig deireadh leis an gcogadh ar an 30 Aibreán 1975 (Lá na Saoirse i Vítneam inniu). 

Áirítear gur maraíodh os cionn trí mhilliún duine sa chogadh, timpeall 50,000 díobh as Meiriceá.  

Cé gur Cumannaigh ab ea ceannairí Vítneam go hoifigiúil, agus iad i dtuilleamaí na tacaíochta ón Aontas Sóivéideach agus ón tSín leis an gcogadh a bhuachan, níorbh fhada gur thit siad amach leis na Sínigh. Tugtar An Tríú Cogadh Ind-Síneach ar an gcogadh (idir Vítneam agus An tSín, 1978 – 1979). Rinne na Sínigh ionradh thar theorainn Vítneam ach ní raibh seans dá laghad acu in éadan saighdiúirí dea-oilte a raibh taithí na mblianta acu ar an gcogaíocht.

Sa bhliain 1979, tar éis do shaighdiúirí na Cambóide ionsaithe a dhéanamh thar teorainn, rinne Vítneam ionradh ar an tír sin agus ruaig siad an deachtóir Pol Pot. Cé go raibh réimeas Pol Pot ar cheann de na rialtas ba uafásaí a bhí sa domhan riamh, rinne SAM cáineadh géar ar ionradh Vítneam agus cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm in aghaidh na tíre a d'fhág nach raibh sí ábalta forbairt eacnamaíoch a dhéanamh go ceann i bhfad. 




#Article 215: Yu Ming Is Ainm Dom (467 words)


Tháinig an gearrscannán íorónta Yu Ming Is Ainm Dom ar an scáileán an chéad uair sa bhliain 2003. Ba é Daniel O'Hara stiúrthóir an scannáin.

.

 
Tá Yu Ming (Daniel Wu) ag obair ina ghiolla siopa sa tSín, agus é tinn tuirseach den obair. Lá amháin, buaileann sé isteach sa leabharlann, agus nuair nach bhfuil an leabharlannaí ann, cuireann sé an chruinneog ag casadh le ceann de na tíortha coimhthíocha a roghnú mar cheann scríbe.
 

 
Buaileann a mhéar Éire, agus cinneann sé ar theanga na tíre a fhoghlaim. Léann sé ar leabhar na mapaí gurb í an Ghaeilge an teanga oifigiúil in Éirinn, agus faigheann sé téacsleabhar Gaeilge leis an teanga a fhoghlaim. Feictear ag labhairt Gaeilge lena scáth scáileáin féin é, agus é ag bearradh a fhéasóige.
 
Ansin, tugann sé a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, agus feicimid an t-eitleán ag tuirlingt ar an aerfort ansin. Ar dtús, tá sé breá sásta na fógraí Gaeilge a fheiceáil ina thimpeall agus é in ann iad a thuiscint. Baineann sé amach lár na cathrach - agus an-áthas air nuair a aithníonn sé an focal An Lár ar an mbus - ach ansin, tosaíonn na deacrachtaí. Téann sé ag lorg leapa agus bricfeasta i dteach lóistín, agus an fáilteoir óg an-chairdiúil leis, ach is é an Béarla an t-aon teanga amháin atá aige, agus ní féidir le Yu Ming bun ná barr a dhéanamh den teanga sin. Ní aithníonn an fáilteoir go bhfuil Yu Ming ag labhairt Gaeilge, agus síleann sé gur Sínis atá i gceist. Iarrann sé ar fhear óg Áiseach teanga a dhéanamh dó, ach is as an Mongóil don stócach, agus é dall ar fad ar an tSínis.
 
Dóchasach is uile mar a bhí Yu Ming as Éirinn mar cheann scríbe i dtús an scéil, tá mealladh bainte as anois. Cuireann sé an locht air féin nach bhfuil sé in ann a dhath a thuiscint de chaint na ndaoine, cé go ndearna sé staidéar chomh dúthrachtach sin ar an teanga. Ansin, buaileann sé isteach i dteach tábhairne, agus faigheann sé an fhoireann ansin chomh dall céanna ar an nGaeilge agus muintir eile na cathrach. Ansin, áfach, labhraíonn seanfhear lách (Frank Kelly) leis as Gaeilge. Tá dreas deas comhrá ag an mbeirt acu le chéile, agus faigheann Yu Ming amach anois nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt ach sa chorr-áit in Éirinn.
 
I ndeireadh an scannáin, feicimid Yu Ming ag fáiltiú turasóirí isteach i dteach tábhairne i gConamara, meangadh mór gáire trasna a aghaidhe, agus an Ghaeilge go líofa ar bharr a theanga.
 
Chuaigh príomhaisteoir an scannáin, Daniel Wu, ar aghaidh go Coláiste na Tríonóide chun staidéar a dhéanamh ar an Dlí. Eisíodh an scannán ar dhlúthdhiosca físeáin (DVD) in éineacht le cúig ghearrscannán Gaeilge eile. Cuireadh cóip den dhlúthdhiosca ar fáil do gach scoil in Éirinn




#Article 216: Daniel O'Hara (137 words)


Is é Daniel O'Hara stiúrthóir an scannáin Yu Ming Is Ainm Dom agus scannáin eile. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é O'Hara agus chaith sé tréimhse ina chónaí sa Ghearmáin tar éis dó céim a bhaint amach sa Staidéar Gnó le Gearmáinis i lár na nóchaidí. Is é Fluent Dysphasia (2004), ina bhfuil an príomhról ag an aisteoir Stephen Rea, an scannán gearr is déanaí uaidh. Sa saothar seo, insítear scéal fir a dhúisíonn ar maidin tar éis oíche ar an drabhlás nach féidir leis ach teanga amháin, an Ghaeilge, a labhairt. Braitheann sé frustrachas as cuimse de bhrí nach dtuigeann aon duine ach a iníon céard atá á rá aige. Taispeánadh Fluent Dysphasia ag Féile Scannán Chorcaí i mí Dheireadh Fómhair 2004 agus bhuaigh sé gradam an lucht féachana don ghearrscannán is fearr Éireannach.




#Article 217: Turas Teanga (105 words)


Is scannán agus cúrsa oideachais é Turas Teanga a seoladh sa bhliain 2004, le Sharon Ní Bheoláin mar láithreoir. Tá dhá DVD agus leabhar amháin ann, agus craoladh na cláir atá sa scannán ar an teilifís ar TG4 agus Radio Telefís Éireann/RTÉ a hAon.

Tá an cúrsa roinnte ina 19 clár na seachtaine, agus tá abhár nua ag gach ceann acu. I ngach clár seachtanúil, tugann an láithreoir cuairt ar dhuine in áit eigin sa Ghaeltacht, nó áit sa Ghalltacht ina bhaintear úsáid as mar phríomhteanga.

Mar shampla, sa 10ú chlár, cuireann Sharon agallamh ar Bhreandán de Gallaí (rinceoir cáiliúil an Riverdance) in dTír Chonaill.




#Article 218: An Vítneaimis (1141 words)


Is í an Vítneaimis teanga náisiúnta Vítneam. Labhraíonn tuairim is 75 mhilliún duine ar fud an domhain an teanga seo. Cosúil lena lán teangacha in oirthear na hÁise, ar nós na Sínise mar shampla, is teanga thonúil í an Vítneaimis. Ciallaíonn an méid sin gur féidir nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal sa teanga seo ach an tuin a théann leo. Bíonn na tuineacha difriúla ag obair cosúil leis na fuaimeanna difriúla ag aithint focail dhifriúla thar a chéile, agus mar sin, tugtar tuinéimí orthu, díreach mar a thugtar fóinéimí ar fhuaimeanna éagsúla. 

Inniu, is teanga scoite í an Vítneaimis ó thaobh na bhfoirmeacha gramadaí de, is é sin, ní bhaintear úsáid as míreanna gramadúla a ghreamófaí de na focail, mar a dhéantar sna teangacha táite. Teangacha scoite iad an chuid is mó de theangacha Oirthear na hÁise. Dealraíonn sé, áfach, go raibh an Vítneaimis, i dtús a staire, i bhfad níos cosúla leis na teangacha Astráiseacha, is é sin, go raibh moirfeolaíocht infhillte aici chomh maith le grúpaí de chonsain. Faoi thionchar na timpeallachta, áfach, tháinig athrú mór ar na cúrsaí. Mar sin, tháinig an mhoirfeolaíocht scoite in áit na míreanna gramadúla, agus forbraíodh na tuineacha sa Vítneaimis, cé nach raibh a leithéidí ann ar dtús. Is féidir cosúlachtaí a aithint idir córas tuineacha na Vítneaimise agus an córas a úsáidtear i gcanúint Chantanach na Sínise, rud a thugann le fios go raibh páirt nach beag ag an gcanúint sin i bhforbairt an chórais sa Vítneaimis. 

Ó b'í an tSínis teanga na cumhachta polaitiúla sa chearn seo den domhan ón dara haois roimh bhreith Chríost anuas, thosaigh focail agus téarmaí ag tonnadh isteach ón tSín, go háirithe téarmaí a bhí ag baint leis na cúrsaí polaitíochta agus riaracháin. B'í an tSínis Chlasaiceach an t-aon teanga liteartha amháin a shaothraítí i Vítneam san am seo, leis. Dá thoradh sin, is focail Hán Việt (focail Shíneach-Vítneamacha) iad an chuid is mó d'fhoclóir na Vítneaimise inniu féin.

Is í an Vítneaimis teanga oifigiúil Vítneam. Cé go bhfuil sí á labhairt ag na Vítneamaigh leis na cianta cairbreacha anuas, ní bhfuair sí stádas ceart oifigiúil i gcúrsaí riaracháin na tíre roimh an bhfichiú haois. An chuid ba mhó den am, b'í an tSínis Chlasaiceach a rinne an gnó sin. Bhí an leagan Chữ Nôm den Vítneaimis á úsáid i gcúrsaí riaracháin nuair a bhí na rítheaghlaigh Ho (1400-1407) agus Tay Son (1778-1802) ag rialú na tíre. Nuair a choilínigh na Francaigh an tír, chuir siad an Fhraincis in áit na Sínise mar theanga oifigiúil riaracháin. Níor bronnadh an stádas oifigiúil ar an Vítneaimis sular fhág na Francaigh an tír.

Tá canúintí éagsúla ann sa Vítneaimis, ach má bhíonn duine in ann canúint amháin a thuiscint, is dócha go mbainfidh sé ciall mhaith as na canúintí eile fosta. Go ginearálta, tá an teanga roinnte idir trí chanúint mhóra: an ceann tuaisceartach nó an Taincínis (a labhraítear i Hanoi agus i dtuaisceart Vítneam), an chanúint láir nó an Ard-Annaimis (a labhraítear i nDanang agus i Hué, srl.), agus an ceann deisceartach nó an Chóitínis (a labhraítear sa cheantar in aice le Saigon/cathair Ho Chi Minh agus in áiteanna eile i ndeisceart Vítneam).

Cosúil leis an gcuid is mó de na teangacha a labhraítear in Oirthear na hÁise, tá gramadach na Vítneaimise bunaithe ar pháirteagail scoite seachas ar mhíreanna táite. Na feidhmeanna gramadúla a chuirtear in iúl leis an infhilleadh sna teangacha Eorpacha, is ar ordú na bhfocal agus ar na páirteagail a aithnítear iad sa Vítneaimis. 

Is minic a deirtear gur teanga aonsiollach í an Vítneaimis tríd is tríd, ach ní fíor an méid sin. Cé nach bhfuil ach aon siolla amháin i gcuid mhaith de na focail, is déshiollaigh iad an formhór acu. Is fearr a rá go bhfuil an chuid is mó de na moirféimí aonsiollach.

De réir mar a bhí sí ag fáil ardú céimíochta sa tsochaí timpeall ar thús na dara mílaoise i ndiaidh bhreith Chríost, chuaigh an Vítneaimis in úsáid mar theanga liteartha. Go bunúsach, ba iad na litreacha Síneacha a cuireadh i bhfeidhm ar an Vítneaimis - córas ar a dtugtar Chữ Nôm as Vítneaimis. Bhláthaigh an Vítneaimis mar theanga liteartha san ochtú haois déag, nuair a bhí filí clasaiceacha cosúil le Nguyễn Du (1765-1820) agus Hồ Xuân Hương (1772-1822) i mbun pinn. Ba é Nguyễn Du a chum eipic náisiúnta Vítneam, Truyện Kiều (Scéal Kieu). Chleachtadh na filí seo an córas Chữ Nôm, ar ndóigh.

Córas scothaicmeach ab ea Chữ Nôm, nach gceadódh don chosmhuintir scríbhneoireacht a fhoghlaim go héasca. Mar sin, chruthaigh na misinéirí Críostaí a gcóras féin, Quốc Ngữ mar a thugtar air inniu - an córas náisiúnta. Tá sé bunaithe ar an aibítir Laidineach, ach baineann sé úsáid as a lán comharthaí beaga idirdhealaitheacha, cuid acu le fóinéimí ar leith a shainaithint, cuid eile leis na tuinéimí a chur in iúl. Mar sin, is minic a bhíonn dhá chomhartha den chineál seo curtha le litir áirithe, rud ar a n-aithnítear an Vítneaimis go furasta.

Téann stair an chórais Quốc Ngữ siar go dtí an seachtú haois déag, nuair a thosaigh na misinéirí Portaingéalacha ag breacadh síos téacsaí Vítneaimise le haghaidh teagaisc agus leis an Soiscéal a chraobhscaoileadh. Ba é an tÍosánach Francach Alexandre de Rhodes a rinne an chuid ba mhó den obair, áfach. Chaith sé na blianta 1624-1644 ag obair i Vítneam, agus chum sé foclóir mór Vítneaimise inar tugadh míniú Portaingéilise agus Laidine ar na focail Vítneaimise. Bhí sé i dtuilleamaí foinsí Portaingéilise - na foclóirí a scríobh Gaspar d'Amaral agus Duarte da Costa roimhe - le bheith in ann a fhoclóir-sean a chur i dtoll le chéile, ar ndóigh, ach chuir sé a litriú féin i bhfeidhm ar an ábhar Vítneaimise a fuair sé sna foinsí seo.

Ní dheachaigh an córas Quốc Ngữ in úsáid go fairsing ach i dtús na fichiú haoise, nuair a thug na Francaigh isteach é go hoifigiúil. Bhí cuid de na ceannairí náisiúnta Vítneamacha drochamhrasach i dtaobh an chórais, agus iad ag iarraidh cur in aghaidh an choilíneachais Fhrancaigh, ach sa deireadh thiar, bhí an chuid ba mhó acu siúd féin sásta leis an gcóras nua, agus an dóigh ar cheadaigh sé an léitheoireacht a mhúineadh do na Vítneamaigh go léir. Mar sin, mura raibh ach an-chorrdhuine in ann an teanga a léamh roimh an bhfichiú haois, is ar éigean a thiocfá ar dhuine i Vítneam inniu nach mbeadh léamh agus scríobh na Vítneaimise aige.

Ní bhaintear mórán úsáide as an gcóras Chữ Nôm inniu, ach múintear é i gcónaí sna hollscoileanna mar eochair don tSínis agus mar chúrsa uraiceachta dóibh siúd a bhíonn ag staidéar léann Oirthear na hÁise.

Seo sliocht as an dán Truyện Kiều leis an bhfile Nguyễn Du (1765-1820). Scríobhadh an chéad leagan den dán síos sna litreacha Síneacha de réir an chórais Chu nom. Teagasctar sna scoileanna ar fud Vítneam anois é.

 




#Article 219: An Protastúnachas (218 words)


Tugtar Protastúnachas ar an dtréith sin den Chríostaíocht a tháinig ar an saol i ndiaidh an tAthleasú Creidimh, agus go ginearálta ar na heaglaisí a thagann ón am sin agus ina dhiaidh. Tugtar tús áite, go hiondúil, do Mairtín Liútar, manach Aibhistíneach sa Ghearmáin a bhí ag iarraidh athraithe a chur ar bun laistigh den eaglais Chaitliceach maidir le díol loghanna agus lochtanna eile a bhí le feiscint go trom san am sin ar an eaglais chéanna. I 1517, deirtear gur cheangail Martin Luther liosta de 95 gearán a bhí aige i gcoinne na hEaglaise le tairní ar dhoras Ardeaglais Wittenberg na Gearmáine, agus uaidh sin bhí scoilt le sonrú idir a lucht leanúna agus iadsan a chuir ina choinne. Bheadh ríochtaí na hEorpa roinnte óna chéile ar feadh blianta ina dhiaidh sin maidir leis na creidimh a bhí á gcur ar aghaidh iontu faoi seach, agus bheadh cogaí fada ar nós Chogaidh na dTríocha Blian bunaithe cuid mhaith ar theorannacha agus ar ghearáin creidimh.

Lean díograsóirí eile mar Eoin Cailvín i Zürich, Ulrich Zwingli, John Knox in Albain, agus John Huss sa Ríocht Sheiceach Luther, go minic ag cur d'iallach ar lucht a leanta saol an-simplí a leanúint. Mar shampla, ní cheadaítí ólachán, obair ar an Domhnach, nó aon sórt droch-chainte sna cathracha a bhí faoina smacht. 




#Article 220: An Ghearmáin (986 words)


Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin nó an Almáin (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí inti. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilvéis. Is í Beirlín an phríomhchathair, agus 3.4 milliún duine ina gcónaí ann.

Tar éis ré na Naitsithe agus an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann Meiriceánach, agus ceann na Breataine, le chéile ina Trizone, nó limistéar aontaithe, agus i 1949, d'iompaigh an Trizone ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nó an Iar-Ghearmáin. An chuid den tír a bhí faoi smacht na Sóivéadach, bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an Cumannachas i réim ann, is é sin, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na Poblachta Daonlathaí nó na hOir-Gearmáine, agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na n-ochtóidí. Daingníodh teorainn thiar na hOir-Ghearmáine leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na hOir-Ghearmáine ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í Bonn, cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain 1990. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí san Oir-Ghearmáin, le 63 milliún na Poblachta Cónaidhme, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.

Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa Chómhargadh sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta (SPD) ag rialú na tíre. Sa bhliain 2005, ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó CDU - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an CSU.

Poblacht fheidearálach, pharlaiminteach, agus dhaonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chuimsiú chreat atá leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm Grundgesetz (Dlí Bunúsach). Go ginearálta, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dlísheomra leis an Grundgesetz a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha an Grundgesetz, mar atá léirithe sna hairteagail a ráthaíonn dínit an duine, ná an scaradh cumhachtaí, an struchtúr cónaidhme, agus riail an dlí bailí go suthain.

Tá dhá dhlísheomraí ag an leibhéal feidearálach: an Bundestag, an teach íochtarach, agus an Bundesrat, an teach uachtarach. Is í an Bundestag an seomra is cumhachtaí díobh. Tá sé pháirtí polaitíochta a bhfuil ionadú acu inti i láthair na huaire: na Daonlathaigh Críostacha agus na Daonlathaigh Sóisialta, an dá pháirtí rialtais, atá ar lár-dheis agus lár-chlé an speictrim pholaitiúla faoi seach, chomh maith le Rogha Eile don Ghearmáin (an-deis), na Daonlathaigh Shaora (liobrálach, lár-dheis), An Eite Chlé (an-chlé) agus na Glasaigh (glas, lár-chlé).

Is é geilleagar na Gearmáine an ceathrú ceann is mó ar domhan de réir OTI ainmniúla agus an cúigiú ceann de réir OTI PCC, agus is í an earnáil seirbhíse an earnáil eacnamaíochta is mó; í ag cruthú 71% den OTI i gcomparáid le 28% ón earnáil tionsclaíoch agus 1% ón earnáil thalmhaíochta. Is í an Ghearmáin an triú onnmhairteoir earraí is mó ar domhan, Cuireann sé sin í ar an séú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh, áit amháin i ndiaidh Phoblacht na hÉireann. 

I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ghearmáin an 15ú tír is sona, as 156 thír.

I gcomparáid le tíortha móra eile san Aontas Eorpach, tá sciar réasúnta mhór dá hOTI déanta suas d'onnmharaithe: 47% sa bhliain 2017 dar le World Factbook an CIA, i gcomparáid le 31% sa Fhrainc agus san Iodáil araon agus 30% sa Ríocht Aontaithe. Ba iad innealra agus feithiclí na cineáil onnmhairithe is mó de réir luach airgid sa bhliain 2017.

Luaitear go minic an córas oideachais agus an bhonneagair mhaith atá ag an nGearmáin mar chúiseanna ar rath eacnamaíochta na tíre. Tá fócas láidir ar oilteachtaí gairme chomh maith le hoilteachtaí acaidiúla sa chóras oideachais, rud a chiallaíonn go bhfuil go leor daoine sa tír ar féidir leo obair a dhéanamh sna tionscadail déantúsaíochta atá ina gcuid thábhachtach de gheilleagar na Gearmáine. Tá an gréasán mótarbhealaigh is faide san Eoraip ag an nGearmáin, cé go bhfuil sé ráite ag roinnt beachtaithe nach bhfuil rialtas na Gearmáine ag déanamh a dhóthain le neart bonneagair na tíre a chothú.

Ba é marg na Gearmáine a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (Die Währungsreform) sa bhliain 1948 go dtí gur tugadh an euro isteach sa bhliain 2002.

Tá clú agus cáil ar fhoireann sacair na Gearmáine, a bhuaigh Corn an Domhain sna blianta 1954, 1974, 1990 agus 2014 agus Craobh na hEorpa sna blianta 1972, 1980 agus 1996. Tá sraith mhór ag an nGearmáin, an Fußball-Bundesliga.

Tá 16 stát nó Bundesländer (uatha: Bundesland) sa Ghearmáin. 




#Article 221: Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (641 words)


Cláirseoir agus cumadóir ceoil ba ea Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin nó Turlough O'Carolan (1670 – 25 Márta 1738). Chum sé neart fonn agus amhrán, agus tá rian cheol chlasaiceach a linne le haithint go soiléir ar a shaothar. Tá éileamh mór ar a chuid cheoil fós agus tá cuid mhaith de cóirithe le haghaidh uirlisí eile.

Rugadh Ó Cearbhalláin san Obair i gContae na Mí. Feirmeoir bocht ba ea a athair

Chaith sé os cionn daichead bliain ag siúl na tíre agus fáilte roimhe sna tithe móra.

Bhí ardmheas ag Jonathan Swift air, agus ba mhinic ag seinm do Swift é. Uair amháin, deirtear, cháin Swift é faoi bheith ar meisce ar an mbóthar agus dúirt an Cearbhallánach:

Meon meadhrach taghdach a bhí ag an gCarbhallánach. Ba bhreá leis scéalta agus áilteoireacht, agus bhí an-lámh aige ar an táiplis mhór. Bhraith sé riamh gur ar chomhchéim lena chuid pátrún a bhí sé.

Sa bhliain 1720, phós sé Máire Ní Dhuibhir ó Chontae Fhear Manach: rugadh seisear iníon dóibh agus mac. Fuair siad a gcéad tigín ar thalamh in aice le Maothail Manachain i gContae Liatroma. Chuaigh sé siúd le cláirseoireacht ach ní raibh fíorbhua na seanma ná na cumadóireachta aige. 

Cláirseach phrástéadach den seansaghas a bhí ag an gCearbhallánach. Bhíodh coim mhór ag a leithéid de chláirseach agus í déanta d’adhmad sailí. Thosaigh an Cearbhallánach i bhfad ródhéanach chun cumas ceart seanma a bhaint amach,ach bhí ardchumas cumadóireachta aige agus cuimhne fhíormhaith. Deirtí go ndéanadh sé cumadóireacht ar chnaipí a chóta, á samhlú mar línte agus spásanna.

Bhí tionchar mór ag ceol Iodálach a linne air. Dúirt a chara Cathal Ó Conchubhair: “Vivaldi charmed him and with Corelli he was enraptured”. Mar sin féin, is dócha go raibh meas aige ar an sean-nós seanma. 

I bhfoirm aonlíneach shéise is mó atá a chuid ceoil le fáil, ach tá fianaise ann gur chloígh sé go dílis leis na seanmhodhanna seanma. Tá cuid de sheanleabhar ann a bhfuil foinn de chuid Uí Chearbhalláin ann: áitíonn Gráinne Yeats gur iarsma é seo de leabhar a d’fhoilsigh mac an Chearbhallánaigh sa bhliain 1748 in éineacht leis an Dochtúir Delaney as Ollscoil Átha Cliath. 

Is díol spéise é an dord aonlíneach, agus i dtaca le comhcheol de is annamh dhá nóta á seinm le chéile. Is neamhchoitianta an dóigh a ngluaiseann an dord an t-am ar fad, é ina ochtaigh leis an tribil uaireanta, é ag teacht roimh an líne shéise uaireanta nó mar mhacalla ina diaidh.

Bhí an Cearbhallánach in ann amhráin a chumadh go gasta, greanta. I nGaeilge atá siad ar fad, beagnach. Níl ach amhrán Béarla amháin ann ar chum sé ceol dó: Carolan's Devotion, amhrán in ómós Iníon Fetherstone as Ardach i gContae an Longfoirt. 
 
I measc na n-amhrán Gaeilge tá ceann spreagúil a chum sé do Chian Ó hEadhra, a bhí ina chónaí i gCúil Mhuine i gContae Shligigh:

Amhrán de shaghas eile is ea an ceann a chum sé ag moladh an Dochtúra Seán Ó hAirt, sagart i gContae Shligigh:

Cailleadh Máire, a bhean, sa bhliain 1733 agus chum an Cearbhallánach dán á caoineadh.

Nuair nárbh fhada uaidh an bás, d’fhill sé ar Bhéal Átha Fearnáin. Deirtear gur fháiltigh Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua roimhe ag an doras agus go ndúirt sé: “Tháinig mé anseo tar éis a ndeachas tríd chun bás a fháil sa bhaile faoi dheireadh, mar a bhfuaireas an chéad fhoghlaim agus an chéad ghearrán”. 

Nuair a bhraith sé é féin ag lagú, tharraing sé chuige an chláirseach agus sheinn “Slán le Ceol”. Bhí sé ag saothrú an bháis ar feadh seachtaine sular rug an bás air, agus rinneadh tórramh ceithre lá air. 

Tá sé curtha i gCill Rónáin i gRos Comáin. Bíonn féile agus scoil samhraidh i gCéideadh ar siúl ann gach bliain in ómós dó. Deir Bunting go mbíodh a chloigeann i dtaisce i gcuas ann.




#Article 222: Raidió Teilifís Éireann (1725 words)


Is cuideachta leathstáit é Raidió Teilifís Éireann (RTÉ) agus is é RTÉ craoltóir seirbhíse na hÉireann agus tá sé ar cheann de na craoltóirí seirbhíse poiblí is sine atá ag feidhmiú ar fud an domhain. Foilsíonn sé liostaí seachtainiúla agus iris stíl mhaireachtála, 'RTÉ Guide'. Maoinítear RTÉ trí tháille ceadúnais teilifíse agus trí fhógraíocht. Táirgeann sé teilifís, raidió agus an idirlíon. Cuireadh tús leis an tseirbhís raidió an 1 Eanáir 1926 agus cuireadh tús le craoltaí teilifíse an 31 Nollaig 1961, ó shuíomh tarchuradóra Kippure gar do Bhaile Átha Cliath.Ar cheann de na nithe is díol spéise don sceideal oíche oscailte ná bhí scannán Teilifís Éireann a rinne Banphrionsa Grace ó Monaco ar an turas Éireannach. Tharla an t-achomharc go príomha mar gheall ar fhréamhacha Éireannacha Grace agus cáil níos luaithe mar réalta Hollywood, Grace Kelly. Bhí teacht seirbhís teilifíse Éireannach ina ábhar bróid agus spleodrach do mhuintir na hÉireann. I gcás go leor daoine, ba é seo a gcéad amharc ar chraoladh teilifíse beo. Maoinítear rté trí tháille ceadúnais teilifíse agus trí fhógraíocht.

Bunaíodh RTÉ an 1 Meitheamh 1960 (mar Radio Éireann) faoin Acht um Údarás Craolacháin 1960, atá fós inniu. Ba é Eamonn Andrews an chéad chathaoirleach ar Raidió Éireann agus ba é Edward Roth an chéad stiúrthóir. D'athraigh an tAcht Craolacháin 2009 (Alt 113) ainm na heagraíochta ó Radio Telefís Éireann go Raidió Teilifís Éireann, chun litriú caighdeánach reatha an ainm a léiriú i nGaeilge. Mar sin féin, tá Radio Telefís Éireann snoite i gcloch ag an eagraíocht fós ag an mbealach isteach chuig a ceanncheathrú i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath.

Faoin Acht um Údarás Craolacháin, 1960, d'fhéadfadh an tAire Poist agus Telegrafa treoir a thabhairt do RTÉ maidir leis an méid a chraolfadh sé. In 1917, d'eisigh Gerry Collins an chéad treoir do RTÉ gan aon rud a chraoladh a d'fhéadfadh aidhmeanna / gníomhaíochtaí aon eagraíochta a chur chun cinn agus rud ar bith a d'fhéadfadh foréigean a spreagadh. Bliain ina dhiaidh sin, craoladh tuairisc ar agallamh le Seán Mac Stíofáin, príomhfheidhmeannach an IRA. Cuireadh tuairisceoir an agallaimh, Kevin O'Kelly, i bpríosún go hachomair ón agallamh. I 1976 leasaigh an tAire Poist agus Telegrafa Alt 31 agus d'eisigh sé treoir nua. Cuireadh cosc ar RTÉ agallaimh nó tuairiscí ar agallaimh a chraoladh do Sinn Féin (an IRA Sealadach).

In 2012, fuair RTÉ € 180,894,000 de mhaoiniú poiblí ó tháille an cheadúnais. Fuair siad € 127,100,000 in ioncam tráchtála sa bhliain sin freisin. Ba é caiteachas iomlán RTÉ i 2012 ná € 327,023,000. Tháinig caillteanais don bhliain go € 65,147,000. 

Tá dhá phríomhfhoinse ioncaim ag RTÉ:

Cuireann ioncam tráchtála agus táille an cheadúnais le thart ar leath d'ioncam na heagraíochta.

Tharla an chéad chraoladh 2RN an 14 Samhain 1925 nuair a dúirt Seamus Clandillon, stiúrthóir an stáisiúin 2RN, 'Seo Raidió 2RN, Baile Átha Cliath ag tástáil'. Cuireadh tús le craoltóireacht raidió na hÉireann an 1 Eanáir 1926. Áfach, ní raibh an chuid is mó de mhuintir na hÉireann in ann comhartha radio (2RN) a fháil. Fuair ​​siad go leor gearán ó Chorcaigh faoin neamhábaltacht éisteacht isteach leis an stáisiún. Bunaíodh 6CK i gCorcaigh i 1927 ach dúnadh é sna 1950í. Bunaíodh stáisiún cumhachta ard i mBaile Átha Luain i 1932 agus bhí sé infhaighte ar fud na tíre ar fad. 'Radio Athlone' was then changed to 'Radio Éireann' in 1938. Rinne RTÉ iarracht gach cách a shásamh ar chainéal amháin ach mar thoradh air sin bhí polasaí clársceidealaithe sách coimeádach. Níor athraigh sé seo i ndáiríre go dtí go raibh Raidió Éireann saor ó smacht díreach rialtais sna 1960 idí. I 1973, bhog an tseirbhís raidió go hIonad Raidió nua ar champas Dhomhnach Broc ón Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath (áit a raibh sé ó 1928). Anois, tá líonra cumarsáide náisiúnta ag RTÉ le béim níos mó ar bhailiú agus ar nuachta réigiúnach. Soláthraíonn Radio 1 nuachta, cúrsaí reatha, ceoil, drámaíochta agus éagsúlachta, talmhaíocht, oideachas, reiligiún agus spórt, i mBéarla go príomha ach roinnt Gaeilge. Is cainéal ceoil coitianta é RTÉ 2fm a thosaigh mar RTÉ Radio 2 an 31 Bealtaine 1979. Is seirbhís eisiach Ghaeilge é RTÉ Radió na Gaeltachta a thosaigh den chéad uair ar an 2 Aibreán 1972 (Domhnach Cásca). Léirigh suirbhé a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go raibh an-éileamh ar stáisiún raidió Gaeilge a bhí dírithe ar lucht éisteachta níos óige ná mar a bhí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Le dúnadh Saor Raidió Chonamara léirionn seo an tábhacht agus léirigh sé feasacht ar an nGaeilge. Chuir sé seo iallach ar RTÉ aontú le bheith páirteach i Raidió na Gaeltachta, atá fós i láthair inniu.

Is iad RTÉ 1 agus RTÉ 2 príomhchainéil RTÉ chomh maith le bealaí beaga eile.

Cuireann RTÉ seirbhís ar fáil freisin inar féidir le lucht féachana féachaint ar RTÉ ag maireachtáil ar an idirlíon ag baint úsáide as seinnteoir RTÉ. Cé go raibh Éire ar cheann de na chéad tíortha san Eoraip a chuir seirbhís raidió ar fáil, níor úsáid Rialtas na hÉireann an teilifís go dtí an 31 Nollaig 1961. Bhí an Ríocht Aontaithe (1929), an Fhrainc (1935) agus an Iodáil (1954) ag baint úsáide as an teilifís i bhfad roimh Éirinn.

I 1950, bunaíodh Coiste Teilifíse agus é mar aidhm aige Seirbhís Teilifíse na hÉireann a bhunú gan mórán tacaíochta airgeadais ó rialtas na hÉireann.     I 1960, athraíodh Radio Éireann ó chuid den Roinn Poist agus Telegrafa go comhlacht leathstáit agus tugadh freagracht dó as an teilifís. Fuarthas suíomh nua ar Ionad Táirgeadh Teilifíse i 1959 agus cuireadh tús leis an tógáil i nDeireadh Fómhair 1960.1960

Thosaigh Telefís Éireann ag craoladh ag 19.00 ar Oíche Chinn Bhliana, 1961. D'oscail an t-uachtarán Eamon de Valera an cainéal. Ina dhiaidh seo, bhí ceolchoirm bheo agus comhaireamh ar an mBliain Nua, le feiceáil ó Patrick O'Hagan (athair Johnny Logan) agus ‘The Artane Boys Band’. Cuireadh tús leis an gcéad clár siamsaíocht 'The Late Late Show' i mí Iúil 1962 agus tá sé fós á chraoladh inniu. Chabhraigh cláir mar seo le tionchar a imirt ar struchtúr sóisialta athraitheach na hÉireann. Thosaigh RTÉ ag iniúchadh teilifíse na bpáistí sna blianta seo freisin.

I 1978 cheadaigh Rialtas na hÉireann an dara cainéal seirbhíse poiblí a sheolfaidh RTÉ - RTÉ2 a sheoladh (a athbhrandáladh ina dhiaidh sin mar ‘Network 2’ i 1988 agus a athainmníodh mar ‘RTÉ Two’ i 2004). Taispeánadh seónna ó SAM agus ón Ríocht Aontaithe ar an gcainéal seo.

Le linn na 1990 idí thosaigh RTÉ ag leathnú a chuid seirbhísí chun éagsúlachtaí réigiúnacha a sholáthar. D'fhorbair RTÉ an t-aon mhór-ionad stiúideo atá aige taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath i gCorcaigh agus osclaíodh é i 1995, agus d'éirigh go han-mhaith leis. I 1995, d'oscail RTÉ stiúideo craolacháin i Luimneach le craoladh i gceantar Luimnigh. I 1996, seoladh seirbhís teilifíse Gaeilge, TG4, i nGaillimh.

Thosaigh RTÉ ag leathnú a aschuir trí fhorbairt na teilifíse digití. Ón 23 Aibreán 2002, tháinig bealaí (18 Aibreán 2005 i dTuaisceart Éireann) ar fáil trí shatailít ar SKY; ach tá roinnt clár spóirt curtha in áirithe do lucht féachana Thuaisceart Éireann mar gheall ar cheisteanna coinbhleachta cearta sa Ríocht Aontaithe.2010
I mí na Nollag 2014, rinne RTÉ stair fógraíochta teilifíse tríd an gcéad fhógra HD riamh sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Bhí an fógra mar chuid d'fheachtas Nollag '3 mobile'.

Is cuid thábhachtach de RTÉ é Nuacht agus Cúrsaí Reatha agus tá sé freagrach as cláir nuachta ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne in Éirinn. Is é seo an fhoinse nuachta is mó agus is mó tóir in Éirinn - le 77% de phobal na hÉireann mar phríomhfhoinse nuachta na hÉireann agus an nuacht idirnáisiúnta araon. Craolann sé i nGaeilge agus i mBéarla, chomh maith le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann. Tá iomaíocht ag RTÉ News ó laistigh d'Éirinn agus thar lear. In Éirinn, cuireann 3News roinnt iomaíochta ar fáil agus soláthraíonn Nuacht BBC Newsline seirbhísí malartacha nuachta ó Thuaisceart Éireann. Táirgeann Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ breis agus 1,000 uair an chloig de chláir theilifíse agus 2,000 uair an chloig de chláir raidió in aghaidh na bliana.
 

Ar an Máirt 21 Aibreán 2009, sheol RTÉ a sheirbhís ar-éileamh don seinnteoir RTÉ. Ligeann an tseirbhís seo d'úsáideoirí i bPoblacht na hÉireann féachaint ar chuid de shraith teilifíse is fearr de chuid RTÉ. Ar an Déardaoin, 13 Meán Fómhair 2012 dheimhnigh RTÉ Digital go bhfuil comhaontú sínithe aige le Netflix. 

I mí na Nollag 2018, d'fhoilsigh RTÉ liosta na dtuarastal a íocadh lena 10 bpearsantacht is fearr in 2016:

Ryan Tubridy: € 495,000

Ray D'Arcy: € 450,000

Joe Duffy: € 389,988

 € 308,964

 € 300,617

Miriam O'Callaghan: € 299,000

Claire Byrne: € 216,000

Bryan Dobson: € 198,146

George Hamilton: € 186,195

Mary Wilson: € 185,679 

In 2004, fógraíodh go bhfeidhmeodh RTÉ faoi Chairt Chraolacháin Seirbhíse Poiblí. Ar 22 Feabhra 2006, ceapadh Mary Finan mar Chathaoirleach ar Údarás RTÉ. I 2006, mhol an rialtas go mbeidh RTÉ agus TG4 ina gcuideachtaí ar leithligh. Beidh dualgas dlíthiúil ar RTÉ anois cairt a aontú gach cúig bliana agus ráiteas gealltanas a fhoilsiú gach bliain. In Aibreán 2007, tháinig TG4 chun bheith ina chorparáid reachtúil neamhspleách, a bhí faoi úinéireacht RTÉ ó bunaíodh é. I mí Mheán Fómhair 2009, nocht RTÉ togra le haghaidh athghiniúint a fhoirgnimh eisigh a chosnóidh € 350 milliún. Ó shin i leith tá cead pleanála faighte ag RTÉ ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun iarratas a dhéanamh ar athfhorbairt shuíomh Dhomhnach Broc an stáisiúin. Ghlac comhairleoirí áitiúla leis an togra le haghaidh athfhorbairt an tsuímh Samhain 2009. Ceapadh Noel Curran ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ ón 1 Feabhra 2011 an 9 Samhain 2010 ar feadh cúig bliana. Fógraíodh an 1 Aibreán 2016 gurb é Dee Forbes an tArd-Stiúrthóir nua.

Bhí roinnt conspóidí i gceist leis an Late Late Show ó craoladh é den chéad uair ar an teilifís i mí Iúil 1962. Bhí an tsraith drámaíochta 'The Spike', a craoladh ar RTÉ i 1978, páirteach i scannal gnéis. D'eascair conspóid do RTÉ nuair a tháinig Gerry Ryan chun báis nuair a tháinig sé chun solais gurbh iad rianta de chóicín an “truicir is dócha” de bhás tobann an réalta ar 30 Aibreán 2010. Rinneadh agairt ar RTÉ mar gheall ar chlúmhilleadh i 2011 tar éis líomhaintí bréagacha a dhéanamh faoi shagart. Cuireadh síos ar an eachtra mar cheann de na botúin eagarthóireachta a rinneadh riamh i stair RTÉ.




#Article 223: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (322 words)


Cuireadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (Coláiste na hOllscoile, Gaillimh nó Coláiste Ollscoile na Gaillimhe go minic ) ar bun ar dtús sa bhliain 1845, mar cheann de thrí Choláiste na Banríona, maraon le Corcaigh agus Béal Feirste. De réir achta sa bhliain 1908, athainmníodh mar Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, í, agus í le bheith mar chuid de Ollscoil na hÉireann le Baile Átha Cliath agus Corcaigh. 'Sna nóchóidí, cuireadh eagar ar an ainm arís, agus anois 'sí a teideal oifigiúil ná Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá fás mór ar an ollscoil le blianta beaga anuas, agus tá os cionn 11,500 mic léinn lán-aimseartha anois ag freastal uirthi. Is cuid d'ollscoil chomhnasctha OÉ an ollscoil, maille le coláistí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach is ait nár athraigh siadsan a ngnáthainm go OÉ. Is é An Dr James Browne uachtarán na hollscoile faoi láthair. Tá an ollscoil rangaithe sa bharr 1% de ollscoileanna ar fud an domhain. 

Tugann lámhleabhair na hollscoile foirfiú na Gaeilge mar cheann de phríomhchuspóirí na hollscoile. ´Sna hochtóidí, bhí aighneas ar siúl ag mic léinn áirithe, mar nach raibh cúrsaí áirithe tíreolaíochta le fáil ach trí mheán na Gaeilge, cé nach raibh ach fíorbheagán de chúrsaí eile le fáil as Gaeilge. 

Tá an ollscoil suite gar do lár cathrach na Gaillimhe, agus mar go raibh a tailte ag leanúint ó thuaidh cois abhainn, bhí deis ag an ollscoil an-chuid tógála a dhéanamh in achar siúil cos don sean quad.

Tá dámhanna dlí, leighis, ealaíona, innealtóireachta, eolaíochta, agus léinn Cheiltigh ann, chomh maith le muireolaíocht.

D'oscail an ollscoil i 1849 faoin ainm 'Coláiste na Banríona, Gaillimh'.

Is ceann de na cumainn is mó agus is sine é an . Eagraíonn an Cumann Staire ceann de na himeachtaí bliantúla is mó san ollscoil, an , a bhíonn ar siúl gach Feabhra. Freastalaíonn thart ar 1300 daoine ar an mbál. Eagraíonn an Cumann Staire an chomhdháil staire idirnáisiúnta bhliantúil  freisin. 




#Article 224: An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) (1290 words)


Chuir rialtas na Breataine an tAcht um Rialtas na hÉireann i bhfeidhm ar 23 Nollaig 1920. Bhí an tAcht bunaithe ar an gCeathrú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. 

Bhí an tAcht bunaithe ar an tuiscint a bhí ag David Lloyd George agus Walter Long (ceannaire na nAontachtóirí i gCúige Uladh) ar pholaitíocht na hÉireann roimh an gcogadh. Ach idir an dá linn, d'athraigh an suíomh in Éirinn an oiread agus nár leor an tAcht leis na hÉireannaigh a shásamh. 

Bhí na Náisiúnaithe Éireannacha ag éileamh neamhspleáchais agus Poblachta faoin am seo. B'iad Sinn Féin an páirtí ba láidre in Éirinn, agus ní ghabhfaidís leor le Rialtas Dúchais de réir an tsean-sainmhínithe. Mar sin, ar an 23 Nollaig 1920, nuair a ritheadh an bille, bhí sé glan as dáta cheana féin.

Rinneadh a lán iarrachtaí i rith na naoú haoise déag agus i dtús na fichiú haoise le féinrialtas teoranta, nó Rialtas Dúchais, a bhaint amach d'Éirinn. Sa bhliain 1886, dhiúltaigh Teach na dTeachtaí don chéad Bhille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhrú na stocaireachta a bhí idir lámhaibh ag na hAontachtóirí agus na hOráistigh. Chuaigh scoilt ar an bPáirtí Liobrálach de dheasca an bhille seo. Sa bhliain 1893, rith Teach na dTeachtaí an dara Bille um Rialtas Dúchais, ach ansin, chros Teach na dTiarnaí é, agus ní dheachaigh sé ar leabhar na reacht riamh. Sa bhliain 1911, áfach, chaill Teach na dTiarnaí a chumhacht crosta, agus mar sin, nuair a chuir Páirtí Parlaiminteach na hÉireann an tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhráid na Parlaiminte sa bhliain 1912, ní raibh cead ag na Tiarnaí é a chur ar ceal a thuilleadh. Scéal eile é go raibh siad in inmhe é a chur ar fionraí go ceann dhá bhliain.

Bhí an chuma ar Éirinn go bhféadfadh cogadh cathartha briseadh amach ansin pé nóiméad, agus mar sin, d'fháiltigh Rí Seoirse a Cúig ceannairí na nAontachtóirí agus na Náisiúnaithe chuige i Mí Iúil 1914 le haghaidh comhchainteanna. Ní raibh toradh ar bith ar an gcruinniú seo (nó Comhdháil Phálás Buckingham, mar a thugtar air). Bhí na Náisiúnaithe ag éileamh Rialtas Dúchais d'oileán na hÉireann go léir (agus Liobrálaigh Shasana ag tacú leo) agus na hAontachtóirí ag éileamh go bhfágfaí Cúige Uladh taobh amuigh den fhéinrialtas. Nuair a cuireadh leasú leis an mBille a cheadaigh do mhuintir Uladh tarraingt as an Rialtas Dúchais go sealadach, tugadh Aontú an Rí don Bhille, agus chuaigh sé ar leabhar na reacht, díreach nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda tosaithe. Bhí an tAcht le cur i ngníomh i ndiaidh an chogaidh, agus dóchas ag gach duine nach mairfeadh an cogadh féin ach tamall beag.

Le linn an chogaidh féin, rinne an Príomh-Aire Herbert Henry Asquith dhá iarracht leis an Acht a chur i ngníomh. Ar dtús, i mBealtaine 1916, theip air aontú a bhaint as na hAontachtóirí. Ansin, sa bhliain 1917, chuir sé gairm chruinnithe ar Chomhdháil na hÉireann, comhthionól a raibh idir Aontachtóirí agus Náisiúnaithe air, agus John Redmond ina Chathaoirleach air. Ní raibh an Chomhdháil seo féin in ann ach tuairisc a eisiúint le moltaí faoin tuiscint cheart ar na cúrsaí conspóideacha. Bhí an Rialtas, a raibh David Lloyd George i gceannas air anois, dírithe ar an Rialtas Dúchais a chur i ngníomh pé scéal é, le taobhshúil ar thuairisc na Comhdhála. Cheap comh-aireacht na Ríochta Aontaithe coiste ar leith, Coiste na hÉireann, le marana a dhéanamh ar na ceisteanna seo, agus ba é Walter Long, polaiteoir Aontachtach, a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste. Mhol Coiste na hÉireann go mbunófaí dhá shlánaonad féinrialaitheacha in Oileán na hÉireann, mar atá, Deisceart Éireann agus Tuaisceart Éireann.

Chuir Teach na dTiarnaí an leasú seo leis an mBille, ach nuair a chuaigh an Bille faoi bhráid na Parlaiminte le haghaidh an Dara Léamh i Márta 1920, bhí cuid mhór de na Feisirí Éireannacha barúlach nach bhféadfaí comhréiteach ceart a bhunú ar mholtaí Choiste Long. Chaith an Pharlaimint tréimhse fhada ag díospóireacht faoi impleachtaí airgeadais an Bhille, ach ansin, thug formhór mór na bhFeisirí a bhfaomhadh don Bhille sa Tríú Léamh ar an 11 Mí na Samhna 1920. Dhiúltaigh a lán Feisirí Éireannacha don Bhille, ina measc an tAontachtóir Maurice Dockrell agus an Náisiúnaí Seosamh Ó Doibhlin.

Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, d'athraigh atmaisféar polaitiúil na hÉireann go mór. Sa bhliain 1916, d'éirigh Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann amach in aghaidh na nGall i mBaile Átha Cliath. Chuaigh aisfhreagra na Sasanach ar an Éirí Amach glan oscartha thar fóir, agus iad ag cimiú náisiúnaithe nach raibh baint ar bith acu leis an Éirí Amach. Dá réir sin, chuaigh meon na nÉireannach chun radacachais, agus chuir Géarchéim an Fhrithchoinscríofa 1918 tuilleadh luais léi. 

Tháinig Sinn Féin chun tosaigh, agus an Páirtí Parlaiminteach ag cailleadh tábhachta go tiubh mar ghuth an náisiúnachais Éireannaigh. In Olltoghcháin na bliana 1918, bhain Sinn Féin amach trí cinn déag is trí scór de na suíocháin pharlaiminteacha, cúig cinn thar chúig scór, a bhí ag dul d'Éirinn, agus tháinig siad le chéile beag beann ar pharlaimint Westminster, mar pharlaimint neamhspleách Éireannach, nó Dáil Éireann. Ghair siad stát neamhspleách d'Éirinn, nó Poblacht na hÉireann.

Ar a lán cúiseanna éagsúla chaith na Feisirí Aontachtacha go léir vóta in aghaidh an Achta. B'fhearr leo go bhfanfadh iomlán Chúige Uladh taobh istigh den Ríocht Aontaithe, agus níor ghlac siad le stáitín féinrialaitheach Thuaisceart Éireann ach amháin mar shop in áit na scuaibe.

Mar sin, nuair a tugadh an Rialtas Dúchais isteach, bhí a phort seinnte roimh ré. nó ní bheadh na Náisiúnaithe Éireannacha sásta ach le neamhspleáchas iomlán. Bhí, fiú, fórsaí armtha Phoblacht na hÉireann ag cur cogaidh ar na Sasanaigh cheana leis an gcuspóir seo a bhaint amach.

Ba é an tAcht seo a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd Béal Feirste agus Doire. Ba é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn.  

De réir an Achta, bheadh a rialtas féin ag Deisceart Éireann taobh theas, agus rialtas eile ag Tuaisceart Éireann, nó an sé chontae seo. 

Bhí sé ceaptha go mbeadh Fear Ionad an Rí - nó an tArd-Leifteanant - os cionn an dá stát in Éirinn ó thaobh na cumhachta feidhmithí de. Bheadh an t-údarás feidhmitheach dílsithe don Choróin, agus ní bheadh parlaiminteachas ar bith ann. Mar sin, bheadh Fear Ionaid an Rí ag ainmniú na nAirí Rialtais thar cionn an Rí, beag beann ar pharlaimint an dá stát. Bhí Comhairle ar leith - Comhairle na hÉireann - le cur ar bun freisin le caidreamh an dá pharlaimint a chomhordú.

Tháinig parlaimint an Tuaiscirt ar an bhfód de réir an Achta, ach nuair a vótáladh na feisirí isteach ar pharlaimint an Deiscirt, staon an chuid ba mhó acu ó chruinniú bunaidh na parlaiminte sin. Ní raibh ach beirt Aontachtóirí ó Choláiste na Tríonóide i láthair ansin. Chruinnigh na feisirí eile in áit dá gcuid féin, agus d'fhógair siad gurbh iadsan Dáil Éireann, nó parlaimint Phoblacht neamhspleách na hÉireann. 

Níor thionóil parlaimint an Deiscirt ina hiomláine ach aon uair amháin. Nó nuair a bhí an Conradh Angla-Éireannach sínithe, bhí faomhadh na parlaiminte seo ag teastáil ar chúiseanna foirmiúla. Mar sin, tháinig Teach Teachtaí Dheisceart Éireann le chéile aon uair amháin le glacadh leis an gConradh, agus ansin, scoireadh ar an toirt é le go bhféadfadh an Tríú Dáil teacht ina áit.




#Article 225: Fisic (148 words)


Is éard is fisic ann (ón tSean-Ghréigis, φύσις (physis), nádúr) ná eolaíocht nádúrtha a bhfuil mar chuspóir aici imscrúdú a dhéanamh ar dhamhna agus gluaisne an damhna trí spás agus am, mar aon le coincheapa atá bainteach leis amhail fuinneamh agus fórsa. Ag caint go forleathan, anailís an nádúir atá inti, chun teacht ar thuiscint ar iompar na cruinne.

Tá an fhisic suite idir an mhatamaitic is an cheimic. Déanann sí mionscrúdú ar dhlíthe na gluaiseachta mar a bhaineann siad le píosaí ábhar ag druidim faoi thionchar na neart difriúil. Meicnic a ghlaoitear ar an scrúdú seo. San fhisic meastar nach bhfuil ann ach ceithre neart - an leictreachas, an neart núicléach lag, an neart núicléach láidir, is an imtharraingt. Déantar staidéar freisin ar adaimh is a gcomhpháirtithe, na núicléóin is na leaptóin.

Fuaimnítear í mar [fɪʃəc]. Is botún coitianta é í a rá mar an Béarla, [fizɪk].




#Article 226: An Nollaig (2057 words)


Saoire i bhféilire na Críostaíochta is ea an Nollaig (ón Laidin: Natalis). Is é an ócáid a cheiliúrtar ar an lá ná breith Íosa Críost, agus í á comóradh ar an 25 Mí na Nollag. De réir na soiscéal, rugadh Íosa don Mhaighdean Muire sa Bheitheal, áit a raibh sí féin agus a fear céile Iósaf ar lóistín i ndiaidh dóibh an áit a bhaint amach le clárú i ndaonáireamh Rómhánach. De réir mar a deir lucht leanúna na Críostaíochta, tháinig tairngreacht na bhfáithe Giúdacha isteach fíor nuair a rugadh Íosa, nó bhí sé sa tairngreacht go dtiocfadh Slánaitheoir de theach agus de threabhchas Dháiví chun an saoil. Inniu, is saoire mhór phoiblí í an Nollaig ar fud an domhain, fiú ina lán de na tíortha nach bhfuil cónaí ar mhórán Críostaithe iontu. Ábhar mór díospóireachta é i gcónaí, cén t-am a saolaíodh Íosa i ndáiríre, nó níl na saineolaithe cinnte faoin mbliain cheart féin.

Sean-Ghaeilge Notlaic, ón Laidin Natalicia, ón mbriathar Laidine (g)nasci, ón bhfréamh Ind-Eorpaise *gen-.

Thosaigh iarrachtaí cearta ar dháta breith Chríost a shocrú timpeall dhá chéad bliain tar éis a bháis, agus an eaglais Chaitliceach ag socrú a cuid féilte agus traidisiúin. Ceiliúrtar an Nollaig anois ar 25 Nollaig sna heaglaisí Caitliceacha agus de bhunús Chaitliceach ar fad: na heaglaisí (Ceartchreidmheacha, Caitliceacha, agus Protastúnacha). Mar níor ghlac an chuid is mó de na heaglaisí Ceartchreidmheacha na hathraithe a bhain le Féilire Ghréagóra nó le Féilire Athchóirithe Iúil, is ar an dáta poiblí 7 Eanáir a thiteann 25 Mí na Nollag sa bhFéilire Eaglasta acusan sna blianta 1900 go 2099.

Tá difríochtaí freisin i gcomóradh poiblí na Nollag. I Sasana agus in Éirinn, tosaíonn dáréag lá na Nollag ar lá Nollag, agus déantar fleá agus féasta ar feadh an achair go dtí Nollaig Bheag nó Nollaig na mBan mar a thugtar freisin air.

Tá féile na Nollag imithe i bhfad i dtíortha áirithe, ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus Sasana, agus i SAM tosaíonn an ceannach agus an maisiú go díreach i ndiaidh Fhéile an Altaithe.  Leanann sé ón Nollag go dtí Lá Cinn Bliana, faoi cóisir ag baile agus ag obair, agus bíonn a chuid comóradh féin ag dul le Lá Cinn Bliana. In Albain, tugtar Hogmanay ar Oíche Chinn Bhliana, agus más aon ní, is mó an chomóradh a dhéantar ar an bhféile sin ná ar an Nollaig féin.
Tugtar Oíche Nollag ar 24 Mí na Nollag. Tugtar Boxing Day ar 26 Mí na Nollag i bhformhór na dtíortha ina labhraítear Béarla, ach Lá 'le Stiofán i dtíortha Chaitliceacha de ghnáth. Uaireanta tugtar Lá an Dreoilín air in Éirinn. San Ísiltír, sa Ghearmáin, i gCríoch Lochlann agus sa Pholainn, tugtar Céad lá na Nollag agus Dara lá na Nollag ar Nollaig 25 agus Nollaig 26 faoi seach (m.sh. Erster/Zweiter Weihnachtstag i nGearmáinis).

Tá an-chuid nósanna le bunús creidimh, pobail nó náisiúnta mórthimpeall na Nollag. Thosaigh an crann Nollag sa Ghearmáin. Tháinig nósanna eile ar nós Liamhás na Nollag, cuileann, agus tabhairt bronntanais ón bhféile lár-gheimhridh níos luaithe a bhí imeasc na bpágánach, Yule agus an cheiliúradh ar an ngrianstad a bhí bhí coitianta i dtuaisceart na hEorpa i bhfad sular tháinig an Chríostaíocht. Seachas cosc a chur leis na féilte seo, thug an Pápa Gréagóir I cead do mhisinéirí Críostaíochta míniú Críostaíocht a thabhairt dóibh, fad is a ligfí don chuid is mó de na nósanna a bhain leo leanúint ar aghaidh gan bhac. 1 Tá cúpla eaglais Críostaíochta, Finnéithe Iáivé ina measc, agus roinnt grúpaí Piúratánacha, a bhreathnaíonn ar an Nollaig mar fhéile págánach nach dtagann ón mBíobla, agus nach gceiliúrann í mar gheall air sin. 

Mar gur tháinig go leor de nósanna na Nollag i dtuaisceart na hEorpa, baineann go leor acu le geimhreadh an Leathchruinne Thuaidh, agus mar sin baintear an-fheidhm as rudaí geimhridh ar nós sneachta, cuileann agus a leithéid in ornáidí agus i bpictiúir de Dhaidí na Nollag. 

Tagann an choincheap de fhigiúr ceilte a thugann bronntanais do leanaí ó San Nioclás, easpag cineálta ón 4ú haois san Áise Bheag. Chuir muintir na hOllainne tús le San Nioclás a thugadh bronntanais ag a fhéile ar 6 Nollaig. I Meiriceá Thuaidh, ghlac coilínithe Sasanacha le cuid den cheiliúradh seo ina gcomóradh Nollag, agus rinneadh Santa Claus, de Sintaklaas na nOllannach. I dtraidisiún na mBéarlóirí seo i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar carr sleamhnáin arna tharraingt ag réinfhianna, dreapann sé anuas an simléir, agus fágann sé féiríní do leanaí, agus itheann sé an bia agus (gan amhras ar bith) an deoch a fhágtar lena choinne. Tá ceangal lárnach idir an carachtair seo agus an té Eorpach Daidí na Nollag. Tugann sé an bhliain ag déanamh bréagáin, agus ag coinneáil liostaí ar iompar na leanaí. I gcultúir áirithe, tagann Knecht Ruprecht, nó Peadar Dubh in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga i gcearta a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta. Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireachta agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in Éirinn agus sa Bhreatain, agus tagann páistí ag lorg bronntanais uaidh. 

I gcuid mór tíortha, is ar Fhéile San Niocláis a thugtar na bronntanais. Ina leithéid d´áiteanna, mar san Ísiltír agus go leor den nGearmáin, fágtar gur mó d´fhéile creidimh an Nollaig féin. Ach in Éirinn sa sean-saol, agus fós i dtíortha eile ar nós codanna den Ghearmáin, ba é an leanbh Íosa a bhíodh ag fágáil na mbronntanas.

Tugtar bronntanais i mbeagnach gach áit ina gceiliúrtar an Nollaig. I go leor tíortha, fágann leanaí soithí folmha Oíche Nollag le go líonfadh Daidí na Nollag le féiríní beaga iad, ar nós bréagáin, milseáin nó torthaí. Sna Stáit Aontaithe, crochann leanaí stoca Nollag ar an dtinteán, mar go dtagann Daidí na Nollag anuas an simléir an oíche sin le iad a líonadh. I dtíortha eile, fágann leanaí bróga folmha amuigh ag feitheamh lena chuairt. Ach ní hé Daidí na Nollag amháin a bhronnann féiríní, mar go mbíonn bronntanais ag cairde agus ag muintir dá chéile. 

Tá an-tábhacht ag cártaí Nollag sna SAM, in Éirinn agus sa Bhreatain, go minic le cairdeas a choinneáil le gaolta agus le cairde i bhfad i gcéin, maille le daoine a dhéanann gnó le chéile. Tugann a lán pictiúr an chlainne leis an gcárta, agus uaireanta airgead nó nuachtlitir a thugann a n-éachtaí agus a n-aistir ar feadh na bliana.

Déanann a lán daoine maisiú ar a gcuid tithe le crann Nollag le soilse agus ornáidí Nollag, agus crochann siad duilleoga agus craobhacha de chrainn a fhanann glas sa gheimhreadh, go h-áirithe cuileann agus drualus. I Meiriceá Thuaidh, agus anois sa Bhreatain agus in Éirinn, cuireann daoine go leor soilse ar an taobh amuigh dá gcuid tithe, agus iad go minic i bhfoirm fir sneachta, Daidí na Nollag agus a charráiste á tharraingt ag réinfhianna, agus íomhánna eile Nollag. 

Tá ceangal fada ag an poinséitia leis an Nollaig, maille leis an gcuileann, an amaryllis agus cachtas Nollag.

I go leor tíortha, bíonn cóisir agus damhsaí ag scoileanna, gnóthaí, agus ag pobail éagsúla. De ghnáth tarlaíonn siad i rith na coicíse roimh na Nollag. Bíonn drámaí Nollag ag grúpaí áirithe, mar shampla le breith an linbh Íosa. Téann complachtaí amach ag canadh carúil Nollag. In Éirinn tá an nós ann dul amach ar an dreoilín lá 'le Stiofán. Déanann daoine eile obair charthanacha, ar nós cuidiú le cistineacha a dhéanann freastal ar na mboicht, nó ag lorg síntiúis d´eagrais.

Tugann an t-amhrán Béarla Twelve Days of Christmas le fios go raibh nós in áiteanna bronntanais a thabhairt 'chuile lá ó Nollaig go Nollaig Bheag. Ach níl anseo ach ceann amháin de na nósanna le bronntanais. 

Sa chuid is mó den domhan, tugtar bronntanais ar oíche Nollag (24 Nollaig) nó ar maidin lae Nollag. I dtíortha ina n-aithnítear San Nioclás mar bhronntóir, déantar an bronnadh ar an 5 Nollaig nó ar an 6 Nollaig. Sa Spáinn, agus i dtíortha eile a leanann a nósanna, is iad na Trí Ríthe (nó an Triúr Eagnaithe) a thugann na bronntanais ar Nollaig Bheag. Sa Ríocht Aontaithe go dtí le gairid, thugtaí bronntanais do dhaoine lasmuigh den chlann ar Boxing Day, 26 Nollaig.

Ar lá Nollag, is gnáth béile mór le miasa Nollag ar leith a chur ar an mbord, agus tá a nósmhaireacht féin ag gach tír, nach mór. Tugtar milseáin, cnónna agus a leithéid don Nollaig go minic freisin. Ach, i dtíre eile bíonn an féile ar an 24ú Mí na Nollag cósiúil leis An Pholainn agus An Ghearmáin.

Tosaíonn na ceiliúrtha eaglasta leis an Aidbhint, le feitheamh le breith Chríost, ag deireadh mí Shamhna, agus bíonn seirbhísí eaglasta ar leith dó. Bíonn carúil Aidbhinte lena linn go minic. Baintear feidhm as féilirí Aidbhinte sa cheiliúradh freisin, agus milseáin agus seacláid iontu do leanaí. Díreach roimh na Nollag, bíonn go leor seirbhísí Nollag i séipéil, ina mbíonn iomainn Nollag agus carúil Nollag á sheinneadh. I gCambridge Shasana, reachtaítear an féile Nine Lessons and Carols. Ar Oíche Nollag agus Lá Nollag, ceiliúrtar, mar shampla, Aifreann na Gine nó Aifreann Bhreith Chríost. Tagann séasúr eaglasta na Nollag chun deiridh le féile Nollaig Bhig nó Oíche Chinn an Dá Lá Déag, an lá ar thug na cuairt ar an leanbh Íosa.

Tá a leithéid de thábhacht is de shult ag baint leis an Nollaig, go gcuireann creidimh eile a bhféilte geimhridh féin ar aghaidh ina choinne. Is é an ceann is soiléire díobh seo ná Chanukah an Ghiúdachais, lena mbaineann traidisiún bronnadh sa teallach ón 20ú haois ar aghaidh.

Sa Ríocht Aontaithe, tá an-ghlaoch ag teallaigh óga ar an bpantomime.

I dtíortha na leathchruinne ó dheas, ceiliúrtar an Nollaig i gcónaí ar 25 Mí na Nollag, cé go bhfuil sé i lár an tsamhraidh acusan. Ar ndóigh, ní cosúil leis an nós sa leathchruinne ó thuaidh é seo, agus bítear ag róstadh turcaí ar an trá agus ag iompar éadaí Daidí na Nollag san Astráil uaireanta. 

I measc na rudaí a chuireann muintir SAM suim iontu, tá an crann Nollag ollmhór agus an oighear scátála ag Láithreán Rockefeller i Nua-Eabhrac, agus na hornáidí Nollag sa Teach Geal in Washington, DC. Cé gur measa an brú díolachán i SAM ná beagnach aon áit ar domhain, is gnáth go bhfanann teallaigh go dtí Lá Tabhairt an Bhuíochais (Thanksgiving) chun tosú ag maisiú tí agus ag cur crann Nollag in airde.

Sa tSín, is é 25 Mí na Nollag dáta sínithe Bhunreachta Phoblachta na Síne i 1947. Ceiliúrtar an saoire oifigiúil ar an lá sin go leathan ar nós na Nollag. Ghlac an tSeapáin go leathan le Daidí na Nollag an domhain iarthair lena cheiliúradh seicteach ar an Nollaig, ach is saoire níos tábhachtaí é Lá Cinn Bliana.

Sa Ghearmáin agus san Ísiltír, is cosúil ceiliúradh Lá San Nioclás go luath i mí na Nollag le Nollaig domhain an Bhéarla. Tá Sinterklaasavond (tráthnóna San Niocláis) na hOllainne is níos tábhachtaí ansin ná an Nollaig, cé go bhfuil cuid de mhuintir na hÍsiltíre ag ceiliúradh Oíche Nollag le Daidí na Nollag chomh maith le cúpla bliain anuas. Tugann Sinterklaas, atá bunaithe ar San Nioclás na staire agus óna shíolraíonn ¨Santa¨ Shasana agus Mheiriceá, bronntanais sa tráthnóna ar Eanáir 5ú do gach páiste a bhí múinte. Caitheann sé éadach dearg easpaig, maraon le mitre dearg, agus déanann sé marcaíocht ar chapall bán thar mullach na dtithe, agus go leor cuiditheoirí mailíseacha leis ar a dtugtar 'zwarte Pieten' (Peadar dubha). In áiteanna sa Ghearmáin, san Ostair, agus san Eilvéis, tagann Knecht Ruprecht scanrúil freisin. 

Braitheann ceiliúradh na Nollag sa Ghearmáin ar an dúiche. Sa chuid is mó de na dúichí, ceiliúrtar Lá San Nioclás. Déantar mion-cheiliúradh ar Nikolaus de ghnáth. cuireann go leor leanaí búta, ar a dtugtar Nikolaus-Stiefel, lasmuigh dá ndoirse ar oíche 5 Mí na Nollaig. Sa deisceart, tugann an Christkind féiríní do leanaí ar maidin an 24ú de Nollaig, agus tugtar bronntanais eile nuair a nochtar an crann Nollag. Maidir le cúrsaí gnó, d´fhéadfaí ceantar táirgeadh bronntanais Nollag a thabhairt ar an Striezelmarkt, agus é ag tairiscint rudaí ar leith ó cheantar Dresden, idir chriadóireacht agus priontaí agus bianna blasta a sheoltar ar fud an domhain.

Cuireadh go leor dátaí ar aghaidh do cheiliúradh na Nollag. Ní ghlacann gach aoinne le h-aon míniúchán amháin ar an fáth a cheiliúrtar ar an 25ú lá de Nollaig í. Imeasc na dteoiricí tá siadso:




#Article 227: Constance Gore-Booth Markiewicz (1401 words)


Polaiteoir, náisiúnaí agus réabhlóidí Éireannach ab ea Constance Gore-Booth, níos deireanaí an Chuntaois Constance Markievicz (4 Feabhra 1868 Londain – 15 Iúil 1927 Baile Átha Cliath). An Chuntaois Dhearg a thugtaí uirthi mar gheall ar a cuid tuairimí sóisialacha. Áirítear ar laochra náisiúnta na hÉireann í. 

Saolaíodh Constance Georgine Gore-Booth i mBuckingham Gate i Londain, agus b'é Sior Henry Gore-Booth, an taiscéalaí Artach, a hathair. Bhí sí ar an iníon ba shine sa teaghlach. 

Murab ionann agus formhór mór na dtiarnaí talún in Éirinn, ní raibh Sior Henry ag dúshaothrú a chuid tionóntaí. Mar sin, más amhlaidh féin gur bean uasal ab ea Constance, d'fhoghlaim sí trócaire agus daonnacht i leith na mbochtán agus í ag fás aníos. 

Bhí eastát an teaghlaigh, Teach Lios an Daill, suite i gContae Shligigh in iarthuaisceart na hÉireann. 

Chuaigh Eva, deirfiúr Constance, le gluaiseacht an luchta oibre agus le gluaiseacht na mban, a bhí san am sin ag troid ar son chearta vótála na mban. Bhí an bheirt acu cairdiúil le William Butler Yeats, an file, agus é ag teacht ar cuairt go minic. D'fhág a chuid smaointeachais a lorg ar shaoldearcadh na ndeirfiúracha i leith na healaíne agus na polaitíochta.

Theastaigh ó Constance dul leis an ealaín. Sa bhliain 1893, chuaigh sí ag foghlaim ealaíontóireachta i Scoil Slade i Londain. Ina dhiaidh sin, thug sí aghaidh ar Pháras, áit ar casadh an Cunta Polannach-Úcráineach Kazimierz Markiewicz (Casimir Dunin-Markievicz) uirthi. Ealaíontóir ab ea é agus baint aige le teaghlach uasal saibhir Polannach, ach bhí sé pósta cheana féin nuair a fuair sé aithne ar Constance. Sa bhliain 1899, áfach, cailleadh a bhean chéile, agus phós sé Constance sa bhliain 1901. Mar sin, rinneadh an Chuntaois Markievicz di.

Chuir siad fúthu i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1903, agus bhain an Chuntaois clú nár bheag amach di ag dathú pictiúir de thírdhreacha. 

Sa bhliain 1905, bhunaigh Constance Club na nEalaíontóirí Aontaithe le gairm scoile a chur ar lucht ealaíon Bhaile Átha Cliath ar fad. San am sin, ní raibh baint dá laghad ag an gCuntaois le haon chineál polaitíochta, gan aon trácht a dhéanamh ar an bPoblachtachas. 

Ansin, sa bhliain 1906, thit rud éigin amach a thug uirthi saol na n-ealaíon a thréigean ar mhaithe leis an náisiúnachas Éireannach. Sa bhliain sin, fuair sí ar cíos bothán tuaithe in aice le Baile Átha Cliath, agus is amhlaidh gurbh é an file Pádraic Colum a bhí ina chónaí ansin roimpise. D'fhág sé ina dhiaidh seanchóipeanna de The Peasant agus de Sinn Féin. Foilseacháin réabhlóideacha ab ea iad seo a bhí ag éileamh go mbrisfí an nasc leis an mBreatain Mhór. Léigh an Chuntaois na hirisí seo, agus chuaigh siad go mór mór i gcion uirthi.

Sa bhliain 1908, chuaigh an Chuntaois go hoscailte le polaitíocht agus le náisiúnachas. Chuaigh sí isteach i Sinn Féin agus in Inghinidhe na hÉireann (Iníonacha na hÉireann, i dteanga chaighdeánaithe an lae inniu), is é sin, gluaiseacht na náisiúnaithe ban. 

Sa bhliain chéanna, bhí sí ina hiarrthóir don Pharlaimint. Reáchtáladh fothoghchán i ndáilcheantar Mhanchain, an áit a raibh Winston Churchill ina iarrthóir chomh maith. Chaill an bheirt acu, Churchill agus Markievicz, an toghchán, ach mar sin féin, ba mhillteanach an dul chun cinn agus an t-athrú saoil a bhí déanta aici. I rith dhá bhliain, d'iompaigh an Chuntaois ina polaiteoir déanta.

Sa bhliain 1909, bhunaigh sí Fianna na hÉireann (is minic a úsáidtear an leagan Na Fianna Éireann, cé nach bhfuil sé ag teacht le ceart na teanga). Bhí na Fianna an-chosúil le gluaiseacht na nGasóg, a bhí bunaithe ag an Tiarna Baden-Powell, ach má bhí féin, bhí cuma i bhfad ní ba mhíleata ar an ngluaiseacht Éireannach, agus na buachaillí ag foghlaim úsáid a bhaint as na hairm thine, mar shampla. B'é dearcadh Phádraic Mhic Phiarais go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis na Fianna agus le hÓglaigh na hÉireann, ar cuireadh bun leo sa bhliain 1913. 

Sa bhliain 1911, caitheadh an Chuntaois i dtóin phríosúin i ndiaidh di páirt ghníomhach a ghlacadh sna hagóidí in aghaidh chuairt an Rí Seoirse a Cúig ar Éirinn. Le linn an Fhrithdhúnta sa bhliain 1913, chuaigh sí in Arm Cathartha Shéamuis Uí Chonghaile, agus í ag reáchtáil cistin anraith le riaradh ar na hoibrithe nach raibh luach a mbia acu.

Sa bhliain 1913, thug a fear céile a aghaidh ar an Úcráin, agus níor fhill sé riamh. Is féidir go raibh baint éigin le gníomhaíochtaí a mhná leis an éalú seo. Cibé scéal é, bhí an Chuntaois páirteach in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, mar shaighdiúir in Arm Cathartha na hÉireann, agus ghoin sí snípéir de chuid Arm Shasana is cosúil. 

B'é a col ceathair féin a chimigh í i ndiaidh na gcathanna, agus gearradh breith an bháis di. Ós bean a bhí inti, áfach, mhalartaigh an Ginearál Maxwell pionós an bháis ar phríosúnacht saoil.

Scaoileadh an Chuntaois saor ón bpríosún arís sa bhliain 1917, nuair a thug rialtas na Breataine Móire ollmhaithiúnas dóibh siúd a throid in Éirí Amach na Cásca. Faoin am seo a d'athraigh an Chuntaois a creideamh ó Eaglais na hÉireann go Caitliceachas.

Sa bhliain 1918, príosúnaíodh arís í, mar gheall ar an pháirt a bhí aici san fheachtas in aghaidh an choinscríofa. 

Sa toghchán ginearálta i mí na Samhna 1918, ba í an Chuntaois Markievicz an chéad bhean a toghadh (ar 28 Nollaig 1918,  roinnt seachtainí níos déanaí) ina Teachta Parlaiminte de Theach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe. Níor ghlac sí a suíochán in Westminster riamh, chomh maith le dháréag iarrthóir is trí scór eile de chuid Shinn Féin. Ó bhí Sinn Féin ar fad ag staonadh ón bparlaimint, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán a bhí bainte amach aici.. 

Ina ionad sin, chuaigh sí le Dáil réabhlóideach na bliana 1919. Bhí an Chuntaois ar dhuine acu siúd a tháinig le chéile i mBaile Átha Cliath le Dáil Éireann a fhógairt an chéad uair riamh. Ba í an chéad TD mná sa Dáil sin.
Bhí sí ina Teachta Dála ar an Dara Dáil chomh maith, i ndiaidh an toghcháin sa bhliain 1921. Bhí sí ar dhuine de na chéad mhná ar domhan a raibh ról sa chomhaireacht aici agus í ina hAire Oibreachais, ó Mhí Aibreáin 1919 go Mí Eanáir 1922, ar an Chéad Rialtas agus ar an Dara Rialtas de chuid na Dála. Bhí sí ar an chéad bhean riamh a bhí ina hAire Rialtais in Éirinn (agus níor ceapadh an chéad Aire mná eile roimh an mbliain 1979, nuair a rinneadh Aire na Gaeltachta de Mháire Geoghegan-Quinn).

D'éirigh an Chuntaois as an rialtas i Mí Eanáir 1922 in éineacht le hEamon de Valera agus an chuid eile acu siúd nár ghlac leis an gConradh Angla-Éireannach. Throid sí chomh maith le duine sna hÓglaigh in aghaidh an Chonartha. Tar éis an chogaidh, chuaigh sí ag taisteal Mheiriceá. Níor vótáladh isteach í i dtoghchán na bliana 1922, ach sa chéad bhliain eile, toghadh í do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas. De réir pholasaí staonaireachta Shinn Féin, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán. Thuill a dearcadh dearg-Phoblachtach seal i bpríosún di arís, agus istigh ansin di, chuaigh sise agus dháréag bhanphríosúnach eile is ceithre scór ar stailc ocrais. I gceann míosa, bhí sí saor arís. Ba chuimhin le lucht rialtais an tSaorstáit i gcónaí an náire shaolta a tharraing stailceanna ocrais na Sufraigéidí ar rialtas na Breataine Móire roimh an gcogadh.Chuaigh an Chuntaois i bhFianna Fáil a thúisce is a bunaíodh an páirtí sin, sa bhliain 1926. Bhí sí ina cathaoirleach ar chruinniú bunaidh an pháirtí in Amharclann La Scala. 

Toghadh ina Teachta ar an gcúigiú Dáil í i Mí an Mheithimh, 1927, ach fuair sí bás sula raibh de sheal aici glacadh leis an suíochán. Galar tobann a thug a bás. B'fhéidir go raibh sí tar éis eitinn a tharraingt ó na bochtáin a raibh sí ag freastal orthu, murarbh é an t-aipindicíteas é. In Ospidéal Sir Patrick Dun i mBaile Átha Cliath, a shíothlaigh sí. 

Gan phingin a bhí sí i ndiaidh a hacmhainn a thabhairt do na bochtáin. hAdhlacadh í i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Is é Markievicz gnáthlitriú a sloinne a úsáidtear in Éirinn sa lá atá inniu ann, ach is é an litriú a úsáidtear sa Pholainnis ná Markiewicz, nó is mar v an Bhéarla a fhuaimnítear w na Polainnise. Nuair a scríobhadh an chéad bheathaisnéis Polainnise fúithi, ba é an leagan a d'úsáid an t-údar ná Konstancja Markiewiczowa.




#Article 228: Airgeadra (325 words)


Tugtar airgeadra ar an saghas airgid a mbaintear feidhm as i dtíortha éagsúla an domhain. De ghnáth, bíonn airgeadra oifigiúil i dtír a bhaintear feidhm as le fiacha a íoc go dleathúil. 

Sa stair, bhí iliomad airgeadraí ar domhain, agus ní hamháin nach raibh sé éasca coinneáil suas le rátaí malartúcháin agus leis na bhfoaonaid a bhí bunaithe ar chodáin éagsúla de réir tíre, ach ní i gcónaí a bhí an meáchan nó an ábhar chéanna sna boinn. Ba ar mhiotail luachmhara a bhí an airgeadra bunaithe ar feadh an chuid is mó den ré stairiúil san iarthar, go háirithe ór agus airgead.  

Bhaintí, agus baintear fós, feidhm as miotail de luach níos ísle le haonaid níos lú. Lean an scéal mar seo go dtí tús an fichiú haois, nuair a thréigh SAM caighdeán an óir ar an 15 Lúnasa 1971. 

I go leor tíortha, ámh, bhí córais eile malartúcháin ar bun. Dheintí malairt ar ábhar nó earra amháin le hobair nó le earra eile, agus tá a leithéid de chórais ar bun fós in áiteanna áirithe ar domhain. In Éirinn fadó, mar shampla, ba le beithígh a íoctaí fiacha, cáin, agus spré.

Ba é Napoleon ar dtús a chuir córas airgeadra láidir a bhí bunaithe ar an gcóras deachúil ar bun, ag an am céanna ar chuir sé an córas deachúil ar bun le meáchan agus toirt. 

I measc mór-airgeadraí an domhain faoi láthair, tá an euro, atá in úsáid i 25 tír de chuid an Aontais Eorpaigh, dollar na Stát Aontaithe, punt na Ríochta Aontaithe, agus an rúbal Rúiseach. 

Mar go bhfuil airgeadraí laga ag go leor tíortha eile, baintear feidhm as na haonaid thuas go neamhoifigiúil le ceannach i dtíortha éagsúla ina mbíonn a lán turasóireachta. 

Is i ndollar na Stáit Aontaithe, de ghnáth, a dhéantar ceannach agus díol ar ola agus ar bhunearraí eile go hidirnáisiúnta. Is é an dollar ar an airgeadra cúltaca is mó ó na 1920idí ar aghaidh.




#Article 229: Na Náisiúin Aontaithe (487 words)


Bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe (nó Na Náisiúin Aontaithe de ghnáth) sa bhliain 1945. Fóram is ea na Náisiúin Aontaithe inar féidir leis na 193 ballstát ceisteanna deacra a ardú agus a phlé, fadhbanna cogaidh agus síochána ina measc. Chomh maith leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothú ar domhan, cosnaíonn Eagraíocht na Náisiún Aontaithe cearta an duine, tugann sí cabhair dhaonnúil, cuireann sí an fhorbairt inbhuanaithe chun cinn agus seasann sí leis an dlí idirnáisiúnta. 

Sa bhliain 1919, cuireadh Conradh na Náisiún ar bun mar thoradh ar phlean Woodrow Wilson, Uachtarán na Stát Aontaithe, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Ach ar ndóigh, níor éirigh leis an eagraíocht sin cogadh domhanda eile a sheachaint. 

Baineadh úsáid as an ainm ‘Na Náisiúin Aontaithe’, a chum Franklin D. Roosevelt, Uachtarán na Stát Aontaithe, den chéad uair ar an 1 Eanáir 1942, le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a gheall ionadaithe ó 26 náisiún go leanfadh a rialtais orthu ag troid le chéile i gcoinne Chumhachtaí na hAise (an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSeapáin). 

Bhí an saol réabtha ó bhonn tar éis scrios an Dara Chogaidh Dhomhanda. Bhí rún ag na bunaitheoirí nach ligfí dona leithéid de shlad tarlúint arís. D’aithin ceannairí domhanda go raibh gá le heagraíocht dhomhanda a chuideodh leis an tsíocháin a chothú agus lena chinntiú nach dtarlódh cogaí feasta. 

Síníodh cáipéis bhunaidh na Náisiún Aontaithe, Cairt na Náisiún Aontaithe, ar an 26 Meitheamh 1945, i San Francisco. Tháinig Cairt na Náisiún Aontaithe i bhfeidhm ar an 24 Deireadh Fómhair 1945. Anois ceiliúrtar Lá na Náisiún Aontaithe ar an 24 Deireadh Fómhair gach bliain.

Tá formhór thíortha an domhain ina mbaill ar an eagraíocht.

Tá a ceanncheathrú suite i Nua-Eabhrac, agus tá 193 ballstát aige. Tá 6 teangacha oifigiúla aige: Béarla, Fraincis, Spáinnis, Araibis, Sínis agus Rúisis.

Íocann baill na Náisiún Aontaithe as gach rud a dhéanann an eagraíocht, de réir scála measúnachtaí a chomhaontaíonn gach tír. Tá an scála sin bunaithe ar chumas íoca tíre, ar a hioncam agus ar dhaonra na dtíortha éagsúla.

Chuaigh Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1955. 

Tá trúpaí de chuid na hÉireann ina gcoimeádaithe síochána ar fud an domhain faoi bhratach na Náisiún Aontaithe le breis agus 50 bliain anois – ó 1958 i leith, in áiteanna deacra dúshlánacha ar nós an Mheánoirthir, an Chongó agus na hAfraice Thiar agus na hAfraice Thuaidh. Is ag Éirinn atá an teist is faide gan bhriseadh ó thaobh coimeádaithe síochána de chuid na Náisiún Aontaithe: tá breis is 70,000 turas dualgais curtha díobh ag fir agus mná de chuid Óglaigh na hÉireann. 

D’fhóin Mary Robinson, iar-Uachtarán na hÉireann, mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ó 1997 go 2002. 

Toghadh Éire chun fónamh ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine le linn na tréimhse 2013-2015.

Sa bhliain 2020, bhí suíochán gnóthaithe ag Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar feadh dhá bhliain (2021-2022). 




#Article 230: Ailtireacht (691 words)


Ealaíon agus eolaíocht ar dhearadh foirgnimh atá san Ailtireacht. Chlúdódh sainmhíniú níos leithne dearadh na timpeallachta, ó leibhéal macraiphleanáil bailte, dearadh cathartha, agus ailtireacht tírphictiúra go leibhéal micri-dhearadh troscán nó dearadh táirgí. 

De réir an chéad saothar faoin ábhar a bhfuil teacht againn fós air, De Architectura le Vitruvius, ba chóir go mbeadh Áilleacht (Venustas), Buaine (Firmitas) agus Áisiúlacht (Utilitas) ag baint le foirgneamh maith; féadtar a rá gur cothromú agus comheagrú na príomhthréithe a bhaineann leis an ailtireacht agus gan aon cheann acu ag sárú aon chinn eile. Cuireann sainmhíniú nua-aoiseach béim ar conas mar a phléitear le ceisteanna aestéiticúla, structúrtha agus feidhmiúla.

Gnó ilghéitheach is ea an ailtireacht, agus baineann sí feidhm as an matamaitic, an eolaíocht, an ealaíon, an teicneolaíocht, na heolaíochtaí sóisialta, an bpolaitíocht, an stair, an bhfealsúnacht agus gnéithe eile nach iad. I bhfocail Vitruvius, Is éard atá san ailtireacht eolas atá maisithe le cineálacha éagsúla léinn agus a chuidíonn le breith cheart a thabhairt ar a ndéantar trí cheirdeanna eile (architecti est scientia pluribus disciplinis et variis eruditionibus ornata, cuius indicio probantur omnia quae ab ceteris artibus perficiuntur opera). Maíonn sé gur chóir d´ailtire a bheith oilte ar cheol, réalteolaíocht agus ábhair eile. Cuirtear béim ar leith ar an bhfealsúnacht; cluintear caint go minic ar fhealsúnacht ailtirí ar leith, nuair is é a bhealach oibre atá i gceist. 

Ba dheacair an iomarca béime a chur ar thábhacht na teoirice agus an cleachtadh i gceist, cé gur beag ailtire a bhacann le teoiric. Mar a deir Vitruvius: As an gcleachtadh agus as an teoiric a fháisctear an ailtireacht. Is éard atá sa chleachtadh machnamh fada leanúnach a dhéanamh ar an déantús, agus na lámha ag oibriú air i dtreo go gcuirtear an obair i gcrích le chuile shaghas ábhair. Is éard atá sa teoiric an míniú agus an soiléiriú is féidir a dhéanamh ar oiriúnacht na rudaí a beartaíodh (ea nascitur ex fabrica et ratiocinatione. Fabrica est continuata ac trita usus meditatio, qua manibus perficitur e materia cuiuscumque generis opus est ad propositum deformationis. Ratiocinatio autem est quae res fabricatas sollertia, ratione proportionis demonstrare atque explicare potest).

Is iomaí duine a chuir suim sa difríocht atá idir tógáil agus ailtireacht. Deir Nikolaus Pevsner, stairí Eorpach a bhí beo i dtús na 20ú hAois, Is foirgneamh é cró rothar, is saothar ailtireachta í Ardeaglais Lincoln. Ach níl an deighilt chomh soiléir sin, dar le saineolaithe an lae inniu. Thug an leabhar cáiliúil Architecture Without Architects ó lámh Bernard Rudofsky raidhse samplaí de struchtúir a rinne gnáthdhaoine le cois a chéile i ríocht na hailtireachta. I ré áirithe bíonn daoine ar aon intinn faoi céard is ailtireacht ann ach meathann an tuairim sin le himeacht aimsire agus déantar an scéal a sholéiriú ar bhealach eile. Má mheasaimid gurb éard atá san ailtireacht tógáil mhaith, mar a deir Vitruvius, an amhlaidh nach bhfuil a leithéid de rud ann is droch-ailtireacht? Leis an scéal seo a shocrú, go háirithe agus an oiread sin foirgneamh nua ann, d´fhéadfaí an ailtireacht a shainmhíniú mar cheird an ailtire. Chuirfeadh sé seo béim ar fhorás na hailtireachta agus an ailtire.

D'eascair an ailtireacht as an gcaidreamh a bhí idir riachtanais na ndaoine, na hábhair a bhí ar fáil agus cumas an lucht tógála. 

De réir mar a aithníodh riachtanais éagsúla eile, b’fhacthas nach raibh san ailtire ach duine mar dhaoine eile a raibh gá lena gcuid oibre. Amanta is é an fear stiúrtha é, agus amanta ní hé.

Is iad na foirgnimh an fhianaise is mó ar ghnó na bhfear. Ach sna tíortha is boichte is iad na daoine iad féin nó na saoir chloiche a dhearann iad, rud a dhéantar le táirgí caighdeánaithe sna tíortha forbartha. Fanann an t-ailtire ar imeall na tógála féin. Ní bhíonn iarraidh ar scileanna an ailtire ach i bhfoirgnimh casta nó sna cinn ar samhailchomharthaí cultúrtha nó polaitiúla iad. Ach sin é an meas atá ag an bpobal ar an ailtireacht. Níl buntábhacht leis an ailtire agus ní bhíonn sé neamhspleách. Bíonn idirghabháil i gcónaí idir an ailtire agus an pobal. Agus an rud a thagann as seo, féadtar ailtireacht a thabhairt air—már tháirgeadh nó mar ghné eolais.




#Article 231: The Notorious B.I.G. (126 words)


Ba rapcheoltóir cáiliúil as Brooklyn i Nua Eabhrac i lár na 1990idí Christopher Wallace (21 Bealtaine, 1972 - 9 Márta, 1997), ar a tugadh Biggie Smalls mar leasainm, nó The Notorious B.I.G. níos minice. Ina chuid amhráin rapála, d'úsáid sé an leasainm Frank White chomh maith.

I measc a chuid amhrán, is dócha gurb iad Big Poppa agus One More Chance an dá amhrán ba cháiliúla a rinne sé.

Ar an 9 Márta, 1997, maraíodh Wallace i Los Angeles, California i SAM. Bhí troid leanúnach aige le rapcheoltóir eile, Tupac Shakur. Measann roinnt daoine gur ghlac Biggie páirt i ndúnmharú  Tupac cúpla mhí roimh ré. Mar sin b'fhéidir gur bhain duine éigin díoltas amach. 

Bhí albam iarbháis, Life after Death, eisithe ar an 23 Márta 1997.




#Article 232: Teangeolaíocht (193 words)


Ciallaíonn teangeolaíocht an staidéar eolaíoch a dhéantar ar theanga. Tugtar teangeolaí ar dhuine a dhéanann an saghas seo staidéir.

Is féidir go bhfuil anailís fhoirm theanga, bhrí theanga, theanga i gcomhthéacs agus anailís na dtosca sóisialta, cultúrtha, stairiúil agus polaitiúil a fhágann lorg ar theanga i gceist leis an obair de chuid theangeolaí.

Go traidisiúnta, anailísíonn na teangeolaithe an teanga dhaonna trí scrúdú an cheangail idir fhuaimeanna agus bhrí. Is féidir staidéar a dhéanamh ar bhrí ina foirm dhíreach a scríobhtar nó a labhraítear go díreach trí réimse na séimeantaice, le cois ina foirm indíreach le teanga na colainne agus comharthaí trí disciplín na pragmataice. Tugtar 'fóinéim' gach cáithnín fuaime na cainte. An chaoi na fóinéimí a n-eagraítear chun brí a chur in iúl a bhraitheann ar phatrúin agus struchtúir theangeolaíoch éagsúla. Is teangeolaithe teoiriciúla a gcuireann síos arna phatrúin agus struchtúir seo, agus anailísíonn siad iad.

Trí an staidéar moirfeolaíochta (a bhaineann an chaoi a gcuirtear focail le chéile trí “mhoirféimí”), comhréire (an chaoi a leagtar na habairtí amach), agus fóineolaíochta (staidéar phatrúin na bhfuaimeanna) a fhaightear cuid den phatrúin fuaime agus brí seo.

D'fhéadfadh na freagraí a bheith casta go leor.




#Article 233: Damhsa (317 words)


Ealaíon chorportha é an damhsa le gluaiseachtaí comhordaithe, a bhíonn rithimiúil de ghnáth agus á chleachtadh i bpáirt le ceol. Is ón bhfocal 'danse' sa bhFraincís a thagann an focal Gaeilge 'damhsa'. Tugtar 'rince' air freisin, agus deirtear gur ón seanrann Béarla do pháistí 'Ring a Ring a Rosy' a tháinig an focal sin.

Tá fianaise ann go raibh daoine ag damhsa ó thús ama, ó ré na seanchlochaoise i leith. Bhain an damhsa le deasghnátha, is é sin le rá, ba chineál teanga nó comharthaíochta é chun caidreamh a dhéanamh le cumhachtaí osnádúrtha. Bhítí ag damhsa chun an bháisteach a spreagadh, chun misneach a fháil roimh chath nó seilg, nó chun guí chuig na déithe. Is féidir leis an damhsa támhnéall a chur ar dhaoine freisin agus is cosúil go raibh an staid sin á lorg ag daoine ó thús ama chomh maith. 
De réir mar a tháinig creideamh eagraithe chun cinn chuaigh gnéithe deasghnácha an damhsa i léig, agus ba mar chaitheamh aimsire nó mar chuid den chaidreamh idir fhir agus mhná ag ócáidí sóisialta a leanadh den damhsa. Bhíodh daoine ag damhsa ag ócáidí ceiliúrtha agus féilte. 

Tháinig an damhsa chun cinn mar ealaíon san Eoraip le linn aimsir na hAthbheochana, faoi thionchar uaisle ar nós Catherine de Medici. Tháinig an damhsa chun cinn mar ealaíon chomh maith san Ind, sa Rúis, sa tSeapáin agus i ngach sibhialtacht eile ar domhan ag amanna éagsúla. Is é an Bailé (ballet) an damhsa is mó a bhfuil forbairt déanta air mar ealaíon i dtíortha an iarthair, go háirithe sa Rúis agus sa Fhrainc. 

Tugtar Damhsa Gaelach ar dhamhsa a tháinig chun cinn in Éirinn ón ochtú haois déag i leith, faoi thionchar láidir na ndamhsaí a bhíodh ag na tiarnaí talún ina dtithe móra. 

Tá 'damhsa ar an sean-nós' ann chomh maith agus téann foinsí an damhsa sin siar i bhfad go dtí an tréimhse réamhChríostaí.




#Article 234: An Bhrasaíl (6271 words)


Tír i Meiriceá Theas í an Bhrasaíl (Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, go hoifigiúil). Is í an tír is mó in ilchríoch Mheiriceá Theas í, agus í ag clúdach réimse ollmhór talún idir shléibhte na nAindéas agus an tAigéan Atlantach. Tá timpeall 180 milliún duine ina gcónaí sa Bhrasaíl. Ritheann Abhainn na hAmasóine trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhantrach ar cheann de na réigiúin is tábhachtaí ar domhan ó thaobh na bithéagsúlachta de, chomh maith le tábhacht na gcoillte don atmaisféar. Is í Brasília príomhchathair na tíre, ach is iad São Paulo agus Rio de Janeiro na cathracha is mó sa tír.

Tá daoine sa tír le breis agus 6,000 bliain, ach ní raibh trácht uirthi sa stair go dtí gur tháinig taiscéalaithe Portaingéalacha i dtír inti sa bhliain 1500, agus iad faoi cheannas Pedro Álvares Cabral. Chuir Portaingéalaigh fúthu sa tír agus ghearr siad an t-adhmad. Bhí an-tóir acu ar adhmad as an gcrann brasaíle, agus deirtear gur ainmníodh an tír as an adhmad sin. Tá an tuairim ag roinnt daoine áfach gur ainmníodh an tír as an oileán samhalta Uíbh Bhreasail, a bhí ann de réir finscéalta na nGael, áit éigin amuigh san fharraige mhór taobh thiar d'Éirinn. Chuaigh an siúcra i dtábhacht mar bharr de réir a chéile, agus tugadh na sluaite sclábhaithe as an Afraic chun na Brasaíle ar mhaithe le saothrú na talún. 

Bhunaigh na Portaingéalaigh an chéad chathair sheasta, São Vicente, sa Bhrasaíl sa bhliain 1531. Trí bliana ina dhiaidh sin, roinn Eoin a Trí, rí na Portaingéile, cósta na Brasaíle ina chaptaenachtaí, trí cheann déag acu ar fad, agus bhronn sé gach captaenacht ar dhuine uasal éigin, le go rialódh sé í mar fheod príobháideach. De réir a chéile, áfach, d'iompaigh sé amach nach raibh ag éirí leis an bpolasaí seo, agus sa deireadh, bhain an rí na captaenachtaí ar ais de na glacadóirí. Ansin, bhunaigh sé trí choilíneacht mhóra — Maranhão, Grão Pará, agus an Bhrasaíl. Bhí gach coilíneacht á rialú ag a gobharnóir ginearálta féin, agus mionghobharnóirí i gceannas ar na captaenachtaí a bhí ann roimhe sin.

An chuid ba mhó den am, ní raibh an Phortaingéil ag coinneáil greim ródhocht ar na coilíneachtaí seo. Tháinig cathracha ar an bhfód de réir a chéile, agus bardais á rialú agus ag cur orduithe ón rí i bhfeidhm orthu. Faoin tuath, áfach, ba iad na captaein mhóra nó na coirnéil a bhí i mbun na gcúrsaí, agus iad sách neamhspleách ar an mbardas agus ar an ngobharnóir.

Rinne cumhachtaí coilíneacha eile cúpla iarracht cúngú ar thailte na Portaingéile sa Bhrasaíl. Sna 1550idí, bhunaigh na Francaigh coilíneacht na Fraince Antartaí (France Antarctique) san áit a bhfuil Rio de Janeiro inniu, ach ní raibh teacht aniar ar bith sa choilíneacht. Ghabh na Portaingéalaigh an Fhrainc Antartach sa bhliain 1567 agus chuir siad cathair dá gcuid féin ar bun ansin.

Sa bhliain 1580, chuaigh an Phortaingéil agus an Spáinn in aontas pearsanta faoi aon rí amháin, nuair a cailleadh Sebastião, Rí na Portaingéile, gan oidhre nó ríchomharba a fhágáil ina dhiaidh. Bhí an fhadhb ag dul leis an aontas seo ná go bhfuair na Portaingéalaigh trioblóidí leis na hOllannaigh, arbh iad sean-naimhde na Spáinneach iad. Roimhe sin, bhí an caidreamh idir an Phortaingéil agus an Ollainn cairdiúil go maith, agus iad ag déanamh an-trádála le chéile. Tháinig deireadh leis seo, agus d'fhorghabh na hOllannaigh cuid mhór de choilíneachtaí na Portaingéile sa Chian-Oirthear. D'fhéach siad, fiú, an Bhrasaíl a sciobadh ó na Portaingéalaigh. Ghabh Jacob Willekens agus Piet Hein Bahia, príomhchathair na gcoilíneachtaí Portaingéalacha i Meiriceá Theas, sa bhliain 1624. Sheol fórsa millteanach Spáinneach go Bahia le ruaigeadh a chur ar na hionróirí, ach má chuir féin, tháinig siad ar ais sa bhliain 1630. Bhunaigh na hOllannaigh coilíneacht i bPernambuco agus thosaigh siad ag sealbhú tailte Portaingéalacha timpeall na háite.

Rinne na hOllannaigh seadú maith i bPernambuco. Thosaigh siad ag tógáil cathracha agus ag forbairt na coilíneachta s'acu. B'é an siúcra an tráchtearra ba mhó a bhí ann, agus b'iad na daoir ón Afraic a bhí á tháirgiú.

Sa bhliain 1640, fuair na Portaingéalaigh dealú ón Spáinn arís, agus ocht mbliana ina dhiaidh sin, d'fhorghabh siad Luanda, an cuan trádála san Afraic trína bhfaigheadh Pernambuco an chuid ba mhó de na daoir. Bhí trádáil na ndaor faoi smacht na bPortaingéalach anois, agus ó bhí coilíneacht Pernambuco ag brath ar na daoir Afracánacha leis an gcána siúcra a shaothrú, fuair na hOllannaigh ansin iad féin i gcruachás eacnamaíochta. Ní raibh suim ag lucht rialtais na hÍsiltíre i gcoilíneacht nach raibh airgead ag teacht aisti a thuilleadh, agus sa bhliain 1662, dhíol siad iarsmaí na coilíneachta leis an bPortaingéil. Na hOllannaigh a bhí ina gcónaí ansin, bhog siad go dtí coilíneachtaí eile na hÍsiltíre.

Anois, agus rítheaghlach Bragança ag rialú na tíre, bhí an Phortaingéil ag éirí mór le Sasana, agus an trádáil idir an dá thír seo ag dul chun tábhachta. Ar ndóigh, b'iad táirgí na Brasaíle na honnmhuirí ba mhó a bhí an Phortaingéil a dhíol le Sasana.

Bhí an Bhrasaíl á fairsingiú siar, agus cathracha nua á mbunú i bhfad isteach ón gcósta, go háirithe Manaus, a tháinig ar an bhfód sa bhliain 1674. Bhí páirt lárnach ag São Paulo san fhairsingiú seo. Bhunaigh na hÍosánaigh Misinéireacht Naomh Póil sa bhliain 1532, agus d'fhás cathair timpeall an stáisiúin mhisinéireachta—São Paulo. Lucht trádála daor ba mhó a shocraigh síos i São Paulo, agus iad ag eagrú bandeiras nó cineál díormaí paraimíleata le breith ar na daoir Afracánacha a d'éalaigh ó na coilíneachtaí agus le troid a chur ar na bundúchasaigh. Ba mhinic a rinne na bandeirantes—na saighdiúirí paraimíleata—an-ródach orthu siúd.

Ní raibh an Eaglais sásta leis an dóigh a raibh na bandeirantes—baill na mbandeiras—ag rith damhsa sna cúlriasca, nó choisc an Pápa sa bhliain 1640 an daorthrádáil leis na bundúchasaigh Mheiriceánacha. Ní raibh an toirmeasc seo inchurtha i bhfeidhm, áfach. A mhalairt ar fad, b'éigean do na hÍosánaigh éalú ó São Paulo agus ó chúpla cathair eile, nó bhí an oiread sin feirge ar na bandeirantes le haon duine a raibh baint ar bith aige leis an Eaglais.

Sa bhliain 1680, bhunaigh na Portaingéalaigh coilíneacht nua, Colônia do Sacramento, in aice le Buenos Aires. Ní raibh na bandeirantes féin ábalta an choilíneacht seo a chosaint ar na Spáinnigh. Bhí an choilíneacht ag dul ón bPortaingéil go dtí an Spáinn agus ar ais, agus muintir an dá thaobh ag cur fúthu ansin. Sa bhliain 1724, bhunaigh na Spáinnigh cathair Montevideo ansin, ar imeall an áitribh Phortaingéalaigh.

I ndeireadh na seachtú haoise déag, thosaigh an ruathar óir go dtí an Tuaisceart, agus de thoradh an ruathair seo tháinig áitreabh nua ar an bhfód san áit a bhfuil stát Minas Gerais inniu. Is é is brí le Minas Gerais ná Na Mianaigh Ghinearálta. Tharla cúpla ruathar óir eile sa chéad leath den ochtú haois déag, agus chuir na ruathair seo tús leis an áitreabh i nGoiás agus i Mato Grosso. Cé go ndearna lucht na mianadóireachta iarrachtaí a gcuid táirgí a smuigleáil as an tír beag beann ar an gcustam, is follasach gur chuidigh na fionnachtana óir go mór mór le heacnamaíocht na Brasaíle ar fad.

Le fírinne, bhí an t-airgead ró-bhog, ró-shaoráideach sa chéad leath den ochtú haois déag. Má bhí teacht isteach maith ag an mBrasaíl, níor bhac aon duine de na gróintíní is na boic mhóra le geilleagar na coilíneachta a fhorbairt ná le bun a chur le tionsclaíocht.

Sa bhliain 1750, tháinig an Rí Seosamh I (José I) i gcomharbacht ar Eoin V (João V). Fear beartach gníomhach ab ea Seosamh, agus theastaigh uaidh an Phortaingéil agus an Bhrasaíl a fhorbairt. Bhronn sé cumhachtaí fairsinge ar Sebastião José Carvalho e Mello, Marcas Pombal, le geilleagar agus córas riaracháin na tíre is na gcoilíneachtaí a leasú go cuimsitheach. Sa Bhrasaíl, threisigh an Marcas le bailiú na gcánach, le go bhfaigheadh an choróin an deachú ba dual di. Rinneadh príomhchathair na Brasaíle de Río de Janeiro. Le saol gnó an tuaiscirt a athbheochan, bhunaigh an Marcas comhlachtaí nua le freastal ar Grão Pará, Maranhão, Pernambuco agus Paraíba, agus fuair na gnólachtaí seo cearta monaplachta. Chabhraigh na comhlachtaí monaplachta le forbairt an áitribh, na talmhaíochta is na curadóireachta gan aon agó, ach b'éigean don Mharcas na seanghildeanna tráchtála a throid agus a scor, ó bhí a mballra an-mhíshásta leis an monaplú. Theastaigh ón Marcas na bundúchasaigh a thabhairt chun sibhialtais agus chun Eorpachais, agus bhí sé barúlach gur chóir cleamhnais mheasctha a spreagadh idir na hIndiaigh agus na daoine de phór na hEorpa.

San am seo, bhí sé ina chnámh spairne i gcónaí, cá raibh teorainneacha na Spáinne is na Portaingéile ag rith san Oileán Úr. Sa bhliain 1750, shínigh na Spáinnigh agus na Portaingéalaigh Conradh Mhaidrid leis an easaontas a shocrú. De réir an Chonartha seo, d'fhág an Phortaingéil uaithi Colônia do Sacramento, ach ón taobh eile de, fuair sí seilbh ar limistéar na Seacht Misiún, mar a thugtaí air san am - is é stát feidearálach Río Grande do Sul atá ansin inniu. Na bundúchasaigh a bhí ina gcónaí timpeall na misin Íosánach seo, ní raibh siad sásta leis na Spáinnigh ná leis na Portaingéalaigh mar mháistrí coilíneacha, agus sa bhliain 1754-56, d'éirigh siad amach in aghaidh an dá chumhacht le cuidiú ó na hÍosánaigh. Bhí an Marcas agus na hÍosánaigh in adharca a chéile, toisc go raibh an-chumhacht, an-tailte agus an-fháltas ag Cumann Íosa. Thairis sin, dhiúltaigh na hÍosánaigh cáin, cíos nó deachú a íoc le coróin na Portaingéile, ó bhí cearta eistíre acu ón bPápa. Sa bhliain 1759, d'éirigh leis an Marcas na hÍosánaigh a ruaigeadh scun scan as tailte na Portaingéile.

Sna blianta 1756-63 bhí Cogadh na Seacht mBliana á fhearadh ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil ar a chéile, agus bhí Colônia do Sacramento ina cnámh spairne arís, beag beann ar Chonradh Mhaidrid. Le fírinne, bhí Colônia ag dul ón Spáinn go dtí an Phortaingéil agus ar ais ó sin. Níor tháinig deireadh le tionlacan na n-óinseach seo roimh na 1820idí, nuair a gaireadh poblacht neamhspleách, Poblacht Oirthearach Uragua, de Colônia.

Fiú nuair a thosaigh tréimhse na gcoilíníochtaí ag druidim chun deireanais i Meiriceá Theas, ní raibh an scarúnachas leath chomh láidir sa Bhrasaíl agus a bhí sé i gcoilíníochtaí na Spáinne. Bhí na longa ag teacht agus ag imeacht go tiubh téirimeach idir an Phortaingéil agus an Bhrasaíl. B'iad na dlíthe céanna a bhí i bhfeidhm sa dá thír.

Is é is cúis le dílseacht fhadsaolach na mBrasaíleach don Phortaingéil ná go raibh dhá leath na hImpireachta cothrom le chéile. Ní fhéadfá a rá go raibh an Phortaingéil ag glacadh buntáiste ar an mBrasaíl agus ag teacht i dtír uirthi. Sa deireadh thiar, áfach, shroich an scarúnachas an Bhrasaíl féin. Ní raibh ollscoil dá gcuid féin ag na Brasaíligh, agus mar sin chaithfidís dul go hOllscoil Coimbra sa Phortaingéil ar lorg ardoideachais. Mar sin, nuair a thosaigh réabhlóid na Fraince ag eascairt, ní raibh na hidéanna ba bhun leis an réabhlóid i bhfad ag teacht an Bhrasaíl féin. Sa bhliain 1789, ghabh na húdaráis baicle d'intleachtóirí agus de bhuirgéisigh i gcúige Minas Gerais, tar éis dóibh súil an ghobharnóra áitiúil a tharraingt orthu leis an dóigh a mbídís ag teacht le chéile le comhrá a dhéanamh faoi chúrsaí poblachtánachais agus réabhlóideachais. Scaoileadh cuid mhór den bhaicle saor i ndiaidh tamaill bhig, ach má scaoileadh féin, ní bhfuair a gceann feadhna, oifigeach airm darbh ainm Joaquim José da Silva Xaver, trua ná trócaire ó na húdaráis. Cuireadh chun báis é mar thréatúir. Nuair a bhain an Bhrasaíl amach a neamhspleáchas, gaireadh mairtíreach agus laoch náisiúnta de Silva Xaver, nó Tiradentes. Sin é an leasainm a bhí air—Fear Tarraingthe na bhFiacal—ó bhí sé ina fhiaclóir san Arm.

Níorbh é sin bás na ceannairceoireachta, áfach. Sa bhliain 1798, tháinig gluaiseacht chriticiúil eile chun solais i mBahia, agus í i bhfad ní ba radacaí ná lucht leanúna Tiradentes. I mBahia, bhí Gormaigh páirteach sa ghluaiseacht, agus iad ag éileamh go gcuirfí deireadh le daoirse an chine ghoirm agus go dtabharfaí cothrom na Féinne do na Gormaigh sa tsochaí.

Chuir na húdaráis stop tobann le gluaiseacht Bahia chomh maith, ach b'fhollasach go raibh an port ag athrú sa Bhrasaíl. Ní raibh an choilíneacht chomh spleách ar an bPortaingéil agus a bhíodh. Thairis sin, bhí scothaicmí na tíre ag foghlaim teangacha iasachta—ní raibh sé deacair teacht ar dhuine a raibh Fraincis líofa aige, mar shampla—agus mar sin, bhí siad ábalta leabhair na hEorpa a léamh agus smaointeachas na hEorpa a thuiscint. 

Sa bhliain 1808, rinne Napoléon ionradh ar an bPortaingéil. Ansin, b'éigean don Rí Eoin (João) agus rítheaghlach na tíre ar fad teitheadh go dtí an Bhrasaíl. Chuir Eoin agus a chúirt fúthu i Rio de Janeiro, agus ó bhí sé an-fhonnmhar sochaí na Brasaíle a fhorbairt is a fheabhsú, bhí muintir na coilíneachta breá sásta leis mar Rí. Mhaolaigh dearcadh forásach Eoin ar an radacachas sa Bhrasaíl. Bhí cuid mhór de bhunadh na tíre den bharúil go raibh an Bhrasaíl ag fáil a cirt ó Eoin. Ní raibh sé ag déanamh éagóra ar mhuintir na coilíneachta ná ag glacadh buntáiste orthu. 

Bhain Eoin an Bhrasaíl amach i Mí Eanáir 1808. A thúisce is a bhí sé socraithe thall ansin, chrom sé ar na leasuithe sóisialta a chur i ngníomh. Chuir sé deireadh leis na monaplachtaí trádála agus bhunaigh sé an chéad bhanc sa Bhrasaíl. Faoin am céanna, tháinig an chéad nuachtán i gcló sa Bhrasaíl, Gazeta do Rio de Janeiro. Chuir Eoin feabhas mór ar an oideachas, nó bhunaigh sé scoileanna nua. Tháinig borradh mór ar thrádáil na Brasaíle le Sasana, agus bronnadh cearta eistíre ar na trádálaithe Sasanacha sa Bhrasaíl—is é sin, dá ndéanfadh duine acu coir nó míghníomh sa Bhrasaíl, chaithfeá dlí Shasana a chur air, seachas dlí na Brasaíle.

Sa bhliain 1815, hardaíodh an Bhrasaíl ar aon leibhéal leis an bPortaingéil taobh istigh den ríocht. Tugadh Ríocht Aontaithe na Portaingéile, na Brasaíle agus na nAlgarves (Reino Unido de Portugal, Brasil e Algarves) ar an ríocht seo anois. Faoin am seo, áfach, tháinig deireadh le tíorántacht Napoléon sa Phortaingéil, agus muintir na tíre sin ag éileamh ar an rí filleadh abhaile. Ansin, d'éirigh na Brasaíligh buartha faoi thodhchaí a dtíre agus faoin stádas a bheadh acu sa mhonarcacht aontaithe feasta, dá rachadh Eoin ar ais go dtí an mháthairthír. 

Sa bhliain 1820, phléasc réabhlóid amach sa Phortaingéil. Chuir na Portaingéalaigh deireadh leis an monarcacht absalóideach a bhí i bhfeidhm go dtí sin, agus d'achtaigh siad bunreacht a chuir srianta cúnga le cumhacht an rí. Chaithfeadh Eoin filleadh abhaile anois le hiarsmaí a chumhachta a shábháil sa Phortaingéil. D'fhág sé a mhac Peadar, nó Dom Pedro, i Rio de Janeiro mar fhear ionaid. Ní raibh i bPeadar ach fear óg san am.

Tháinig sé chun solais go gairid ina dhiaidh sin nach raibh rialtas bunreachtúil na Portaingéile cineálta ná cairdiúil leis na Brasaíligh. Theastaigh ó na Portaingéalaigh an Bhrasaíl a iompú ina coilíneacht arís, na monaplachtaí a chur i bhfeidhm in athuair agus leasuithe sóisialta Eoin a chur ar ceal. B'fhearr leo fosta go dtiocfadh Dom Pedro ar ais ón mBrasaíl.

Is follasach nár thaithin an chaint seo leis na Brasaíligh. D'iarr siad ar Pheadar fanacht sa Bhrasaíl agus an tír a chosaint ar éilimh na bPortaingéalach. Is é an freagra a fuair siad ná fico—fanfaidh mé. Anois, chuaigh Peadar i gceannas ar na Brasaíligh ag cur catha ar son na saoirse. Ar an 7 Meán Fómhair 1822, d'fhógair Peadar chois Abhainn Ipiranga gur tír neamhspleách a bheadh sa Bhrasaíl feasta. Is iad na focail a labhair sé, de réir an mhiotais thírghráúil, ná Independência ou Morte!—an neamhspleáchas nó an bás! Chuir an forógra seo—an Gháir ó Ipiranga—tús leis an troid ar son na saoirse. Le cuidiú na Sasanach, chloígh na trúpaí Brasaíleacha iarsmaí an gharastúin Phortaingéalaigh i rith na bliana 1823. Bhí stát nua bunaithe anois—Impireacht na Brasaíle, nó Império do Brasil.

Ar ndóigh, ní raibh na Portaingéalaigh sásta neamhspleáchas na Brasaíle a admháil. B'iad na Stáit Aontaithe ba thúisce a thug aitheantas don Bhrasaíl. Rinne na Sasanaigh eadráin idir an Bhrasaíl agus an Phortaingéil, go dtí gur lig an mháthairthír a saoirse leis an iar-choilíneacht go hoifigiúil sa bhliain 1825.

Bhí ceist Uragua (Banda Oriental, nó Colônia do Sacramento) le socrú go fóill. Ar dtús, gaireadh cúige Brasaíleach de Colônia. Sa bhliain 1825, ámh, d'éirigh muintir an chúige amach le cuidiú ón Airgintín (nó Cúigí Aontaithe Río de la Plata, mar a thugtaí ar an Airgintín san am seo). Chuir an Bhrasaíl agus an Airgintín cogadh i ndiaidh cogaidh ar a chéile faoin gcúige, ach mar is léir dúinn inniu, ní bhfuair ceachtar acu é sa deireadh. Sa bhliain 1828, bhain an tír amach neamhspleáchas mar Phoblacht Oirthearach Uragua, República Oriental de Uruguay.

Cé go raibh Peadar a hAon go bunúsach ina Impire bunreachtúil, d'éirigh leis an-chumhacht a chruinniú chuige féin. Sa bhliain 1823, tháinig comhthionól le chéile le bunreacht a dhréachtáil is a achtú, ach nuair a d'éirigh idir an tImpire agus a Phríomh-Aire, José Bonifácio de Andrada, scoir an tImpire an comhthionól. Ansin, cheap sé coiste dá rogha féin le malairt bunreachta a chumadh a d'fhágfadh an focal deireanach ag an Impire i gcúrsaí rialaithe na tíre. 

Má bhí meas ag muintir na Brasaíle ar Pheadar ar dtús, d'athraigh an port sin go sciobtha de dheasca na ngeáitsí tíoránta seo. Sa bhliain 1831, chuir na Brasaíligh ruaigeadh ar Pheadar as an tír ar fad. D'fhan a mhac, Peadar Óg, thiar sa Bhrasaíl mar ríchomharba. Ní raibh an prionsa beag ach cúig bliana d'aois san am, ach d'fhéach lucht a choimirce chuige go bhfaigheadh sé oiliúint agus oideachas maith a chuirfeadh ar a chumas an tír a rialú go críonna ciallmhar.

Go gairid i ndiaidh imeacht Shean-Pheadair, áfach, d'éirigh na cúigí amach in aghaidh an rialtais lárnaigh. Le maolú ar an scarúnachas seo, bhronn an rialtas parlaimintí beaga nó tionóil reachtaíochta dá gcuid féin ar na réigiúin, ionas go bhféadfaidís a gcúrsaí féin a stiúradh. Mar sin féin, bhí an saol polaitiúil sách corrach sa tír, agus sa deireadh, tugadh a choróin do Pheadar Óg, le go rachadh sé féin i gceannas ar an mBrasaíl. Ní raibh sé ach cúig bliana déag ar lá a chorónaithe. 

Chaith Peadar Óg beagnach leathchéad bliain ag rialú na Brasaíle. Tríd is tríd, ní mór a rá go raibh an saol ní b'fhearr sa Bhrasaíl san am ná i dtíortha eile Mheiriceá Theas. Bhí síocháin, suaimhneas agus seasmhacht ag baint le rialtas Pheadair, nuair a bhí an chuid eile den ilchríoch á rialú ag caudillos gearrshaolacha. Bhí iarsmaí na gceannairceoirí ag éirí amach in áiteanna: sa bhliain 1841 i Maranhão, sa bhliain 1842 i Minas Gerais agus i São Paulo, agus bhí muintir Rio Grande do Sul ag dul chun cearmansaíochta ar an rialtas ón mbliain 1836 anuas. B'é an Ginearál Luís Alves de Lima e Silva a chloígh na ceannaircí seo, agus bhronn an tImpire diúcacht ar an nGinearál lena bhuíochas a chur in iúl.

Sna 1840idí, baineadh fuil as seancholm Uragua arís eile. Bhí deachtóir na hAirgintíne, Juan Manuel de Rosas, tar éis dul i gcomhghuaillíocht le coimeádaigh Uragua, agus trúpaí Airgintíneacha ar garastún i Montevideo. D'éirigh na Brasaíligh buartha, agus an chuma ag teacht ar na cúrsaí go raibh na hAirgintínigh tar éis a gcuid féin a dhéanamh d'Uragua go buan. Mar sin, chuaigh na Brasaíligh i gcomhar le Liobrálaigh Uragua leis na hAirgintínigh a chaitheamh amach as an tír. 

Sa bhliain 1852, chloígh na Liobrálaigh agus a gcuid comhghuaillithe Brasaíleacha na hAirgintínigh faoi cheannas Justo José de Urquiza, ionas gurbh éigean don deachtóir Rosas imeacht ón Airgintín. Níor chuir an bua seo deireadh leis an dóigh a mbíodh an Bhrasaíl agus an Airgintín in adharca le chéile faoi Uragua, áfach, ach ar a laghad, bhí siad sásta conradh a shíniú sa bhliain 1859 le neamhspleáchas iomlán Uragua a admháil is a aithint.

San am seo, bhí an Bhrasaíl i gcónaí ag trádáil le sclábhaithe Afracánacha. Ón mbliain 1845 anuas, bhí na Sasanaigh ag iarraidh deireadh a chur leis an ngnó náireach seo. Bhí sé de nós ag longa cogaidh na Breataine Móire longa sclábhaithe Brasaíleacha a stopadh amuigh ar an teisclinn mhór agus dlí Shasana a chur ar an gcaptaen. De réir a chéile, d'éirigh an Bhrasaíl as an trádáil seo, ach ina dhiaidh sin féin, bhí caidreamh na Brasaíle le Sasana curtha ó mhaith. I dtús na 1860idí, bhí an dá thír ar tí cogadh a fhógairt dá chéile, ach sa deireadh thiar, d'éirigh le rí na Portaingéile an dá thaobh a thabhairt in araicis a chéile agus an caidreamh eatarthu a thabhairt chun síochántachta arís.

Sna blianta 1864-70, d'éirigh ina chogadh—Cogadh na Trípháirtíochta—idir Paragua ó thaobh amháin de agus an Bhrasaíl, an Airgintín agus Uragua ón taobh eile de. Ar chrann na mBrasaíleach a thit sé an chuid ba mhó de na trúpaí a sholáthar. Chuir na Paraguaigh troid éadóchasach ar na naimhde, ach sa deireadh, maraíodh Francisco López, deachtóir Pharagua, i gcath Cerro Corá i Márta 1870. D'fhan na trúpaí Brasaíleacha i bParagua go dtí an bhliain 1875, nuair a síníodh conradh na síochána. Fuair an Bhrasaíl críocha thuaidh Pharagua in éiric an chogaidh. 

San am seo, bhí borradh maith ag teacht faoi gheilleagar na Brasaíle. Bhí tráchtearraí nua á n-easpórtáil i mbreis ar an tobac agus ar an siúcra, cosúil leis an mairteoil, an caife agus an cúitiúc (amhábhar an rubair). Thosaigh an tionsclaíocht ag forbairt, agus nuair a bunaíodh Banc Ceannais don Bhrasaíl, tháinig lucht infheistíochta ón gcoigríoch le hairgead a shuncáil i ngnóthais Bhrasaíleacha.

Thosaigh lucht inimirce ag tonnadh isteach ón Eoraip. Cuid mhór de na hinimircigh, chuaigh siad ag obair i bplandálacha móra caife mar thionóntaí. Go bunúsach, chaithfeadh na tionóntaí seo aire a thabhairt do chuid áirithe den phlandáil, agus d'fhaighidís leath na mbarr a d'fhásfadh ar na toir chaife a bhí faoina gcúram.

Ní raibh sé furasta, á fach, lucht oibre a bhréagadh isteach i dtír ina raibh an sclábhaíocht i bhfeidhm i gcónaí. Ar dhóigheanna eile freisin, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go gcaithfeadh an Bhrasaíl éirí as an daoirse. Sa bhliain 1871, reachtaíodh Dlí Rio Branco. Shaor an t-acht seo sclábhaithe an Stáit ó bhráca, ionas nár fágadh sclábhaithe ach ag úinéirí príobháideacha. Maidir le clann na sclábhaithe príobháideacha, chaithfidís fanacht ag obair ar fheirm an úinéara go dtí go slánóidís bliain is fiche d'aois. I ndiaidh an dlí seo, bhí ré na daoirse ag druidim chun deiridh go tiubh téirimeach. Sa bhliain 1888, saoradh na sclábhaithe deireanacha ó bhráca, agus faoin am seo, bhí na húinéirí féin breá sásta leis an smaoineamh, ó bhí a ndóthain ama acu dul ina thaithí. Thairis sin, d'fhan cuid mhór de na hiarsclábhaithe ag obair dá gcuid iarúinéirí cibé scéal é.

In éineacht le fuascailt na ndaor, bhí bunú na poblachta á chaibidil ag na Brasaíligh. Bhí na Liobrálaigh ag éirí míshásta le Peadar a Dó, go háirithe nuair a scoir sé rialtas agus parlaimint Liobrálach sa bhliain 1868. Ón taobh eile de, bhí na Coimeádaigh barúlach go raibh sé ag ligean an iomarca scóid leis na Liobrálaigh. Sa deireadh, b'iad na saighdiúirí a shocraigh an scéal. Bhí smaointeachas an phoblachtánachais ag dul i bhfairsinge san arm féin. Sa bhliain 1889, cheap Peadar polaiteoir Coimeádach mar Phríomh-Aire, cé go raibh na Liobrálaigh ina dromlach sa pharlaimint. Ansin, thug an Ginearál Manoel Deodoro da Fonseca fógra deiridh do Pheadar: chaithfeadh sé a ríchathaoir a thabhairt suas, nó d'éireodh an t-arm amach ina aghaidh. Ar an 15 Samhain 1889, d'éirigh Peadar as, agus gaireadh Uachtarán sealadach den Ghinearál Fonseca. Thug an t-iar-Impire a aghaidh ar an bhFrainc, áit a bhfuair sé bás go gairid ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 1891, fuair an Bhrasaíl bunreacht forásach feidearálach a bhí go mór faoi thionchar bhunreacht na Stát Aontaithe. Tugadh, fiú, Stáit Aontaithe na Brasaíle ar an tír féin. Reachtálfaí toghcháin an Uachtaráin uair in aghaidh an cheithre bliana, agus bheadh parlaimint , nó Comhdháil, dhá theach ann le srianta a choinneáil le cumhacht mhór an cheann stáit. Scéal eile ab ea é, áfach, an rabhthas ábalta an bunreacht a leanúint. Ní raibh féith na dioplómaitiúlachta san Uachtarán Fonseca, agus nuair a d'éirigh idir eisean agus an Chomhdháil, d'ordaigh sé dá chuid saighdiúirí an Chomhdháil a scor scun scan. Ní raibh na Brasaíligh sásta le gothaí seo an deachtóra, agus b'éigean do Fonseca éirí as agus an Uachtaránacht a fhágáil ag an Aimiréal Floriano Peixoto. Bhí nósanna míleata ag Peixoto chomh maith le Fonseca féin, agus mar sin, ní raibh mórán foighne aige leis an bhfreasúra. Ní hamháin go raibh deacrachtaí aige leis na Liobrálaigh, nó thairis sin, chuaigh lucht an mhonarcachais chun ceannairce air. Bhí cuid mhaith monarcaithe sa chabhlach a d'éirigh amach in aghaidh Peixoto i Meán Fómhair 1893. Ba gheall le cogadh cathartha é, agus na ceannairceoirí ag druidim isteach le São Paulo go bagrach. Mar sin féin, chloígh Peixoto iad, ach i ndeireadh na bliana 1894, d'éirigh sé as an uachtaránacht, cé gur threisigh a bhua ar na monarcaithe ar an muinín a bhí ag muintir na Brasaíle as.

B'é Prudente de Morais Barros a tháinig i gcomharbas ar Peixoto. B'eisean an chéad Uachtarán nach raibh ina fhear míleata. Dlíodóir a bhí ann, agus b'as São Paulo dó, an cúige a d'éirigh saibhir ar an gcaife, Sna blianta 1889-1930, bhí an tír á rialú ag an gcaife le bainne, nó café com leite as Portaingéilis. B'é Stát São Paulo an caife, agus b'é Stát Minas Gerais an bainne, nó b'é an t-eallach an fhoinse ioncaim ba tábhachtaí ansin. Ní raibh an tionchar céanna ag na cúigí eile ar pholaitíocht na tíre, nó b'é Epitácio Pessoa (ina Uachtarán sna blianta 1919-1922) an t-aon Uachtarán amháin a vótáladh isteach sna blianta sin nárbh as ceann den dá stát sin dó. B'as stát Paraíba do Pessoa.

Nuair a bhí an caife agus an bainne ag rialú na tíre, bhí neamhshuim á déanamh ag lucht rialtais na Brasaíle de na cúigí bochta. Bhí siad faoi chois na heaglaise, na dtraidisiún, na bpiseog is na dtiarnaí talún. Ní raibh mórán tuisceana ag na bochtáin do sheoraí cainte an phoblachtánachais, a mhalairt ar fad: is iomaí duine dealbh daibhir faoin tuath a shíl gurbh é an Diabhal féin a chuir ruaigeadh ar an Impire agus a bhunaigh an phoblacht.

Sa bhliain 1896, d'éirigh seict mhílaoiseach amach in aghaidh na n-údarás san iargúltacht i Stát Bahia. Cupla bliain roimhe sin, shocraigh an tseict seo - timpeall ar dheich míle duine ar fad—síos i gCanudos i mBahia faoi cheannas an fháidh Antônio Conselheiro, nó Antoine na Dea-Chomhairle. Bhí pobal Canudos ábalta trí ionsaí armtha a chosc, ach sa bhliain 1897, chuaigh ocht míle saighdiúir ar fad go Canudos leis an bpobal a chloí. D'imshuigh na saighdiúirí Canudos, ach b'éigean dóibh an pobal a choinneáil faoi léigear mí i ndiaidh míosa leis an misneach a bhaint de na fíréin fhanaiceacha seo. Níos deireanaí, scríobh Euclides da Cunha aiste staire agus socheolaíochta faoi imeachtaí Canudos Os Sertões. Lenár linn féin, bhreac Mario Vargas Llosa síos an t-úrscéal La Guerra del Fin del Mundo (Cogadh Dheireadh an Domhain, nó Cogadh na gCríoch Déanach) faoi imeachtaí an éirí amach seo.

Sa bhliain 1910, d'fhéach an t-arm le ladar a chur i gcúrsaí polaitíochta. Bhí an tUachtarán Afonso Pena básaithe roimh dheireadh a théarma. Sna toghcháin a lean, thacaigh an t-arm le Hermes da Fonseca, nia le Deodoro da Fonseca. B'é Ruy Barbosa an t-iarrthóir ba láidre, áfach, agus é ag canbhásáil ar fud na tíre - b'é sin an chéad fheachtas nua-aoiseach toghchánaíochta riamh i stair na Brasaíle. B'fhollasach do chách gurbh é Barbosa a ghnóthaigh na toghcháin, ach mar sin féin, cuireadh Fonseca isteach mar Uachtarán. 

Nuair a bhí sé ag rialú na tíre, tháinig cúlú ar an ngeilleagar. Sna blianta roimhe sin, bhí an cúitiúc—amhábhar an rubair—ag saothrú an-airgid don Bhrasaíl, ionas go raibh borradh faoin eacnamaíocht taobh amuigh de stáit an chaife is an bhainne freisin. I rith théarma uachtaránachta Fonseca, áfach, fuair tionsclaíocht chúitiúic na Brasaíle an-chéile iomaíochta san Áise, agus tháinig deireadh leis an mborradh, go háirithe nuair a thit praghas an chaife féin, agus an iomarca den earra sin á tháirgeadh ar fud an domhain.

Nuair a d'éirigh na daoine amach in aghaidh an rialtais in áiteanna, tuigeadh do na fórsaí armtha nach raibh an oiread suilt ag baint leis an gcumhacht is a shíl siad ar dtús. Ní raibh fonn orthu ladar a chur sa chéad toghchán eile. Sa bhliain 1914, b'é Venceslau Brás Pereira Gomes a vótáladh isteach mar Uachtarán.  

Bhí an t-arm sásta a bhua a ligean leis, agus tríd is tríd, thiontaigh sé amach ina Uachtarán maith, cé go raibh an t-ádh leis: bhí an Chéad Chogadh Domhanda fabhrach do thrádáil na Brasaíle, agus amhábhair ag teastáil ón mBreatain Mhór agus ón bhFrainc. Ní raibh táirgí tionsclaíochta ar fáil ó na tíortha sin le linn an chogaidh chomh flúirseach agus i mblianta na síochána, ach ó bhí an easpórtáil ag tabhairt barr maith airgid, thosaigh stát na Brasaíle ag forbairt tionsclaíochta d'aon turas.  

Sa bhliain 1917, d'fhógair na Brasaíligh cogadh don Ghearmáin, nuair a shuncáil fomhuireán Gearmánach longa Brasaíleacha. B'í an Bhrasaíl an t-aon tír amháin i Meiriceá Theas a ghlac páirt sa Chogadh. Níor chuir na Brasaíligh trúpaí go dtí an Eoraip, ach ar a laghad, bhí siad ábalta géarleanúint a dhéanamh ar na hinimircigh ón nGearmáin agus ó Impireacht na hOstaire is na hUngáire agus maoin shaolta na n-inimirceach seo a choigistiú. 

I ndiaidh bhlianta an chogaidh, bhí eacnamaíocht na tíre ag dul ar gcúl, agus thosaigh na Brasaíligh ag cur suime in idé-eolaíochtaí antoisceacha, nuair a bhí an chuma ag teacht ar an saol nach bhféadfadh an daonlathas rath ná bláth a chinntiú do gheilleagar na tíre. Bhí oifigigh óga na bhfórsaí armtha faoi thionchar an Fhaisisteachais san Iodáil, agus bochta na tuaithe ag claonadh i leith na heite clé agus an Chumannachais.

Bhí deachtóireacht de shórt éigin ar na bacáin, agus sa bhliain 1930, chuir na fórsaí armtha Getúlio Vargas, gobharnóir Rio Grande do Sul, i gceannas ar an mBrasaíl. Bhí Vargas leis an tír a rialú, a bheag nó a mhór, go lá a bháis sa bhliain 1954.

Chuir Vargas lámh láidir an deachtóra i bhfeidhm ar an mBrasaíl, ach san am céanna, theastaigh uaidh an Bhrasaíl a fhorbairt is a leasú. Sa bhliain 1933, d'eagraigh sé comhthionól le bunreacht nua a achtú. Baineadh de chearta na mballstát, ach ón taobh eile, ceadaíodh don lucht oibre dul ar stailc. 

Ní raibh Vargas foighneach ná fulangach i leith na heite clé, áfach. Bhí a chuid saighdiúirí ag déanamh géarleanúna ar an bpríomhpháirtí clé, Aliança Libertadora Nacional (Comhghuaillíocht Fhuascailte an Náisiúin). Faoi dheireadh na bliana 1935, d'éirigh an eite chlé amach in áiteanna, ach ní raibh gar ann. Mar is iondúil ag ócáidí den chineál seo, níor éirigh leis an réabhlóid, ach spreag an cheannairc an deachtóir chun srianta ní ba déine ná roimhe sin a chur leis an bhfreasúra polaitiúil. D'fhógair Vargas éigeandáil, agus leis na cumhachtaí a bhí aige de réir na ndlíthe éigeandála, rinne na fórsaí slándála ciolar chiot den eite chlé. Is iomaí gníomhaí polaitiúil clé a maraíodh, a céasadh nó a caitheadh i dtóin phríosúin gan phróis chuí an dlí.

Cé go raibh Vargas ag rialú na tíre mar a bheadh deachtóir ann, bhí sé, de réir na tuisceana a bhí ag saol polaitiúil na tíre, leis an gcumhacht a fhágáil uaidh i ndiaidh an chéad toghchán eile. I Mí na Samhna 1937, chinn Vargas ar an gcumhacht a choinneáil aige féin beag beann ar thoil na cosmhuintire. Le cuidiú na fórsaí armtha, scoir sé an pharlaimint, chuir sé na toghcháin ar fionraí agus bhunaigh sé An Stát Nua—O Estado Novo—a bhí cosúil go leor le deachtóireachtaí comhaimseartha na hEorpa. Choisc sé na páirtithe polaitiúla freisin.

B'í an mheánaicme a bhí ina crann taca don Stát Nua. Ón taobh eile de, bhí lucht saibhir gnó an chaife agus an bhainne sách criticiúil ina leith. Cé go raibh an frith-Chumannachas fite fuaite le deachtóireacht Vargas, b'iad na hIntegralistas—baill den pháirtí úd Ação Integralista Brasileira; cineál gluaiseacht fhaisisteach a bhí iontu—an t-aon dream a d'éirigh amach in aghaidh an Stáit Nua. I Mí Bealtaine 1938, d'ionsaigh siad Áras an Uachtaráin, ach sa deireadh, chloígh na saighdiúirí iad.

Is deacair a rá, an stát Faisisteach a bhí i gceist leis an Estado Novo. B'iad na hIntegralistas an dream ba mhó a bhí cosúil leis na Faisistigh i mBrasaíl a linne, ach mar a chonaic muid, cé go raibh sé sásta a leas féin a bhaint astu in aghaidh na gCumannach, ní raibh Vargas faoi shotal ar bith dóibh nuair a tháinig an scéal go cnámh na huillinne. Ón taobh eile de, is léir go raibh Vargas ina thuathghríosóir mór cosúil le Hitler, agus go raibh sé ag cur an-bhéim ar leas na bhfórsaí armtha agus ar an téisclim chogaidh. Ar ndóigh, bhí na nuachtáin faoi chois ag an gcinsireacht, agus ní raibh mórán cead cainte ag aon duine nach raibh ródhoirte do Vargas.

Maidir leis an nGearmáin, bhí Vargas sásta trádáil a dhéanamh leis na Naitsithe a fhad is a cheadaigh leas na Brasaíle é. Bhí sé i bhfad ní ba tábhachtaí aige, áfach, gan an caidreamh leis na Stáit Aontaithe a chur ó mhaith. Nuair a d'éirigh ina chogadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe, ní raibh Vargas ábalta síocháin a choinneáil leis na Naitsithe a thuilleadh. Throid, fiú, cúig mhíle fichead de shaighdiúirí Brasaíleacha in aghaidh thrúpaí Mussolini san Iodáil.

Nuair a ghlac an Bhrasaíl páirt sa chogadh in aghaidh na Naitsithe, tháinig athrú ar atmaisféar polaitiúil na tíre, agus an eite chlé ag dul i dtreise. Tapadóir go smior a bhí i Vargas, agus ní raibh sé rómhall ag iarraidh an deis áirithe seo a thapú ach an oiread. Chuir sé cuma na heite clé air féin agus thosaigh sé ag tabhairt isteach d'éilimh an lucht oibre. Cheadaigh sé na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla, ach san am céanna, bhunaigh sé páirtí clé dá chuid féin le vótaí an lucht oibre a cheapadh, mar atá, Partido Trabalhista Brasileiro, Páirtí Lucht Oibre na Brasaíle. Ní páirtí radacach a bhí ann, ar ndóigh - bhí sé múnlaithe ar Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana.  

Bhí Vargas sásta, áfach, geimhle a bhaint den eite chlé radacach féin, nó sa bhliain 1945, scaoileadh saor le Luís Carlos Prestes, cathaoirleach an Pháirtí Chumannaigh, a bhí i dtóin an phríosúin le fada. Le fírinne, is beag buíochas a ghlac Prestes le Vargas as a shaoirse nua, nó idir an dá linn, bhí bean chéile Prestes, bean Ghiúdach darbh ainm Olga Benário, ruaigthe go dtí an Ghearmáin, áit ar tachtadh le gás í i gceann de champaí báis an Uilelosctha. 

Bhí an tArm den bharúil, áfach, go raibh Vargas ag dul thar fóir ag iarraidh an eite chlé a ghiúmaráil. I Mí Dheireadh Fómhair, 1945, chuir na ginearáil brú ar Vargas éirí as an Uachtaránacht, rud a rinne sé. I Mí na Nollag, chuaigh muintir na Brasaíle chun toghcháin, agus d'éirigh leis na Cumannaigh féin go measartha. Mar sin féin, bhí sé i ndán don Bhrasaíl casadh ar dheis arís, nó b'é an Ginearál Eurico Gaspar Dutra a vótáladh isteach mar Uachtarán.

Nuair a bhí Dutra ina Uachtarán, d'fhill an Bhrasaíl ar na polasaithe a bhí i bhfeidhm roimh lá Vargas, cé go raibh Dutra féin ina chomhghuaillí ag Vargas ag tógáil an Stáit Nua i ndeireadh na dtríochaidí. Chuir Dutra béim ar an gcaife i gcúrsaí eacnamaíochta, agus ní raibh suim aige i bhforbairt na tionsclaíochta. Chuir sé an eite chlé faoi smacht arís, nó choisc sé an Páirtí Cumannach. 

Níor éirigh go rómhaith le Dutra, nó sa bhliain 1950, bhí na Brasaíligh sásta Uachtarán a dhéanamh de Vargas arís eile, agus sin i dtoghcháin dhaonlathacha. Chuir Vargas béim ar ról an stáit i gcúrsaí eacnamaíochta, agus d'fhéach sé le tionsclaíocht na hartola a náisiúnú. D'ardaigh sé tuarastail an lucht oibre lena chuid geallúintí a chomhlíonadh, ach ní raibh na hoibrithe sásta leis an méid a fuair siad, agus sa deireadh, thosaigh siad ag dul ar stailc fud fad na tíre. Nuair a bhronn an rialtas ardú pá eile orthu, bhí na fostóirí scanraithe, agus cháin Uachtarán na Stát Aontaithe féin, Dwight Eisenhower, polasaithe míréasúnta na Brasaíle. 

Ansin, tháinig sé chun solais go raibh gardaí slándála Vargas tar éis iarracht a dhéanamh an t-iriseoir Carlos Lacerda a mharú. Dealraíonn sé nach raibh a fhios ag Vargas féin é, ach mar sin féin, ós rud é go raibh Lacerda ar dhuine de na hiriseoirí ba mhó a bhí ag lochtú Vargas, bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh baint éigin ag an Uachtarán leis. Mar a d'iompaigh an scéal amach, tháinig Lacerda féin as an iarracht gan ghránú, ach bhuail an piléar an duine a bhí á thionlacan. Oifigeach de chuid Aerfhórsa na Brasaíle a bhí ann agus é sásta bheith ina gharda cosanta ag Lacerda go deonach, saor in aisce.

Bhí na fórsaí armtha ag éirí bagrach ar Vargas roimhe sin féin, nó ní raibh siad róshásta lena chuid polasaithe. Ghlac siad marú an oifigigh aerfhórsa go pearsanta, áfach, agus chuir siad in iúl do Vargas go neamhbhalbh go gcaithfeadh sé éirí as chomh luath in Éirinn agus a thiocfadh leis. Ghéill an tUachtarán don éileamh seo, ar dhóigh, nó chuir sé lámh ina bhás féin.

Is í Brasília an phríomhchathair. De réir bhunreacht na bliana 1988, is poblacht dhaonlathach ionadaíoch chónascach uachtaráin í an Bhrasaíl. Is é an tUachtarán ceann an rialtais agus an stáit, agus córas ilpháirtithe i bhfeidhm leis an tsaoirse pholaitiúil a chinntiú do na saoránaigh.

Tá 26 stát agus aon Cheantar Cónaidhme amháin sa Bhrasaíl




#Article 235: An tAigéan Ciúin (137 words)


Is é an tAigéan Ciúin, nó an Ciúin-Aigéan, an mhuir is mó ar domhan. Clúdaíonn sé an tríú cuid de dhromchla an domhain, agus tá achar 179.7 milliún km² (69.4 milliún míle cearnach) aige. Leathann sé 15,500 km (9,600 míle) ó Mhuir Bheiring san Artach go himeallacha reoite Mhuir Ross san Antartach. Tá a leithead is mó soir siar timpeall cuig ghrád ó thuaidh, áit a leathann sé mórthimpeall 19,800 km (12,300 míle) ón Indinéis go chois fharraige na Colóime. Meastar go minic gurb é Caolas Mhalacca an áit is faide siar san Aigéan Ciúin. Tá an áit is ísle ar dhromchla an domhain—an Trinse Máirianach—san Aigéan Ciúin.

Tá tuairim is 25,000 oileán san Aigéan Ciúin (níos mó ná mar atá i muireacha eile an domhain le chéile), agus a bhformhór ar an taobh theas den Mheánchiorcal.




#Article 236: Nokia (157 words)


Ceann de mhórchomhlachtaí ríomhaireachta an domhain é Nokia, agus is sa bhFionlainn atá sé bunaithe. Is ar ghutháin soghluaiste is mó anois atá a cháil, i ré ina dtáirgtear go leor de ghutháin an domhain san Áise. Imeasc a chuid gutháin soghluaiste, tá an 3650, ar a bhfuil sé ar a chumas grianghraif agus físeáin ghearra a thógáil, chomh maith le ceangal idirlíne a thógáil ar an aer.

Bunaíodh an comhlacht i 1865, agus bhí baint aige le hobair adhmaid, ansin le rubar níos déanaí. Bhí táirgeadh ríomhairí agus ábhar le cumarsáid ar siúl ag an gcomhlacht ar feadh na mblianta, agus ba ón mbaile Nokia a thóg an comhlacht a ainm. Sna nóchaidí, agus é i ndrochchúis le fiacha, chuir Nokia an bhéim ar ghutháin soghluaiste agus innealra a bhaineann le córais gutháin soghluaiste. Scar sé le gnónna ríomhaireachta, mar shampla. Ag deireadh 2004, ní raibh tuairiscí gnó Nokia chomh láidir agus a bhíothas ag súil.




#Article 237: Fón póca (302 words)


 Saghas gutháin is ea an fón póca (nó uaireanta teileafón póca, fón siúil, guthán soghluaiste) atá soghluaiste ar feadh limistéir mhór.

Tháinig an fón póca (i mBéarla, is gnách Cellphone a thabhairt orthu i Meiriceá Thuaidh, agus Mobile in Éirinn agus sa Bhreatain) go láidir ar aghaidh sa saol sna 1990idí, agus anois tá gutháin soghluaiste ag formhór an daonra i go leor tíortha sa domhain forbartha (tá suas le trí mhilliún fón póca i bPoblacht na hÉireann mar a bhfuil daonra de ceithre mhilliún), chomh maith le roinnt mhór tíortha bochta. Sa ghnáthchaint tugtar fón póca orthu go hiondúil.

I measc na ngléasanna is mó úsáid, tá cinn 
Apple, Motorola, Nokia, Samsung, Sagem, Siemens agus Sony Ericsonn. De ghnáth, cuireann comhlachtaí eile náisiúnta, agus anois idirnáisiúnta chomh maith, seirbhís ar fáil do dhaoine a thógann conradh amach leo, agus a íocann de réir an nóiméid nó a íocann praghas áirithe ar líon áirithe neomataí sa mhí. I measc na gcomhlachtaí in Éirinn a chuireann seirbhís ar fáil tá Three Ireland, eirMobile agus Vodafone Ireland. 

Is gá don ghléas a bheith ullamh le gathanna a ghlacadh ón gcomhlacht gutháin soghluaiste lena bhfuil conradh ag sealbhóir an ghutháin. Mar shampla, úsáideann go leor comhlachtaí san Eoraip córas GSM, ach í Meiriceá Thuaidh, ní bhaineann ach cupla cheann acu, ar nós T-Mobile, feidhm as. Is ar mhaithe le teachtaireachtaí téacs is mó a úsáideann déagóirí an fón póca agus tá an-tionchar ag na giorrúcháin a úsáideann siad ar a nósanna scríbhneoireachta. 

Sna laethanta inniu, bíonn ceamara mar chuid de ghuthán póca agus is féidir na grianghrafanna a sheoladh go gutháin eile nó a íoslódáil go ríomhaire.

Tá cosc curtha le gutháin póca a úsáid go minic i scoileanna agus in áiteanna eile mar gheall ar an gcur isteach a dhéanann siad ar an bpríobháideachas.




#Article 238: Bacstaí (128 words)


Tugtar bacstaí nó steaimpí ar cháca fataí a dhéantar a chócáil ar an bhfrioctán nó ar an ngrideall, agus is minic a dhéantaí san iarthar agus i dTír Chonaill in Éirinn iad.

Seo oideas amháin chun bacstaí a dhéanamh:

 
Scíob na fataí amha agus measc leis na fataí briste iad. Cuir an salann, an piobar agus an plúr leis seo. Buail na huibheacha agus cuir leis an meascán iad le díreach dóthain bainne le meascán a dhéanamh a thitfidh de spúnóg. Cuir ar an ngrideal nó ar an bhfriochtán spúnóg boird san am é, agus déan cócaireacht air le teas measartha ar feadh 3-4 nóiméad ar gach taobh. Féadtar iad a chur ar fáil le bricfeasta Gaelach (bagún, ispíní, uibheacha agus putóg dubh friochta nó le hanlann úll.




#Article 239: Sasana (876 words)


Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana (Béarla: England; Coirnis: Pow Sows). Is é Sasana an tír is mó sa Ríocht Aontaithe.

Tá sé ag críochantaíocht le hAlbain sa tuaisceart agus leis an mBreatain Bheag san iarthar. Go hoifigiúil, is cuid de é Corn na Breataine, ach níl Oileán Mhanainn ná Oileáin Mhuir nIocht suite i Sasana. Is é Sasana an náisiún is mó sa Ríocht Aontaithe. Fuair sé a ainm ó na Sacsanaigh, a chuir an tír ar bun. Thángadar go dtí an Bhreatain ó mhór-roinn na hEorpa. Thugadar a dteanga leo go dtí an Bhreatain, an Sacs-Bhéarla nó an Béarla mar is gnách a thabhairt air anois. Scaipeadh teanga agus cultúr Shasana ar fud an domhain le linn ré Impireacht na Breataine, a mbíodh críocha ollmhóra faoi smacht aici i ngach mór-roinn.

Timpeall ar thrí chúigiú achair na Breataine Móire atá i Sasana, chomh maith le roinnt oileán eile, de shaghas Inis Iocht agus Na Scillí. Chomh maith le bheith ag críochantaíocht leis an mBreatain Bheag agus an Albain, tá Sasana scartha ón Fhrainc ag dorchla mara de 34 chiliméadar, agus tollán iarnróid á gceangailt idir Folkestone agus Calais. Tá cóstaí ar cheithre fharraige ag Sasana: ar an Aigéan Atlantach, ar Mhuir Éireann, ar an Muir Thuaidh, agus ar Mhuir nIocht.  

Is iad Felixstowe agus Grimsby and Immingham na poirt is mó i Sasana Is iad Mí Eanáir agus Mí Feabhra na míonna is fuaire, an dara ceann go háirithe ar an gcósta, fad is gurb í Mí Iúil an mhí is teo. Tá an fliuchras spréite ar fad na bliana, cé go mbíonn an samhradh níos tirime go ginearálta ná an geimhreadh. 

I measc na dtosca is tábachtaí ar aeráid Shasana, tá an chóngaracht atá aige leis an Aigéan Atlantach, a dhomhanleithead tuaisceartach, agus téamh na farraige i Sruth na Murascaille – na tosca céanna a shocraíonn aeráid na hÉireann, cé go bhfuil gach ceann acu beagán níos lú láidre. Is sa Lake District, san Iarthuaisceart, atá na háiteanna is fliche sa tír. Ó tosaíodh cáipéisí na haimsire, is í 38.5°C an teocht is airde ar a ndearnadh cuntas, ar 10ú Mhí Lúnasa 2003 ag Brogdale, Kent, agus is í −26.1°C an teocht is ísle, ar 10ú Mhí Eanáir 1982 in Edgmond, Shropshire.

Is í Londain, an phríomhchathair, cathair is mó Shasana – má thomhaistear de réir daonra sa líomatáiste faoi fhoirgnimh, tá thart ar 10 milliún duine inti. Ina diaidh, tá Manchain (2.5 milliún), Birmingham (2.5 milliún), Leeds (1.8 milliún) agus Learpholl (800,000).', nó An Ríocht Aontaithe mar ghearrúchán.

I ndiaidh na réabhlóide tionsclaíochta, bhí an Ríocht Aontaithe ag rialú ar impireacht coilíneach, an ceann is mó a bhí ariamh sa stair thaifeadta. Tar éis próisis déchóilíneachta san 20ú haois, d'éirigh beagnach gach dúiche thar lear den impireacht seo neamhspleách di. Ina ainneoin sin, tá tionchar chultúrtha Shasana go leathan agus go domhain i gcuid mór acu go fóill.

Is iad an St George's Cross agus armas na Three Lions príomhshiombailí Shasana. Úsáídtear siombailí eile freisin, mar shampla an dair agus an rós. Is é Lá Naomh Seoirse (23 Aibreán) an lá náisiúnta.

Is daonlathas parlaiminte de facto í an Ríocht Aontaithe, a bhfuil Sasana ina chuid de, cé go bhfuil ceart de jure ag an mbanríon diúltú le dlí ar bith as an bparlaimint. Toisc go nglactar de réir a chéile nach gceadófaí leis an mbanríon diúltú le dlithe na parlaiminte i ndáiríre, is féidir a mhaíomh gurb ag an bparlaimint amháin atá an chumhacht ardcheannasach sa Ríocht Aontaithe – tá an tír neamhchoiteann ar an nós nach bhfuil bunreacht scríofa aici; mar sin, is féidir leis an bparlaimint dlí ar bith a athrú ach amháin le tromlach simplí i vóta parlaiminte. Tá parlaimintí cineachta ag Tuaisceart Éireann, ag an Albain, agus ag an mBreatain Bheag (faoi réir dheireanach na parlaiminte in Westminster), ach níl a leithéid ag Sasana féin.
Is é an Páirtí Coimeádach an páirtí a fuair an méid is mó vótaí i Sasana san olltoghchán is deireanaí (47.3%); ina dhiaidh sin bhí Páirtí an Lucht Oibre (33.9%), an Páirtí Daonlathach Liobrálach (12.3%), an Páirtí Glas (3.0%), agus Pairtí an Bhreatimeachta (2.0%). Úsáideann an Ríocht Aontaithe córas vótála 'céad duine abhaile' () ina cuid olltoghchán, ar fud 650 toghcheantar a thoghann feisire amháin gach aon: tugann sé seo buntáiste mór do na páirtithe móra i bpolaitíocht Shasana. I vótáil an Bhreatimeachta sa bhliain 2016, ba é Sasana an tír a vótáil ba mhó i bhfabhar an Bhreatimeachta i measc ceithre náisiún na Ríochta Aontaithe: 53% de vótóirí i Sasana thar n-ais 52% sa Ríocht ar fad. 

Tá dhá chineál riaracháin áitiúla i Sasana: sna réigiúin níos tuaithiúla, bíonn dhá leibhéal rialtais go ginearálta: comhairlí contae taobh thuas agus comhairlí áitiúla fúthu sin; sna réigiúin níos uirbí, bíonn leibhéal amháin de ghnáth, ar a dtugtar unitary authority ('údarás aonadach') sna réigiúin níos tuaithiúla díobh sin, nó borough ('buirg') sna ceantair is uirbí ar fad.

Ceaptar geilleagar Shasana go ginearálta mar gheilleagar atá ag leanúint na heiseamláire Angla-Shacsanaí, mar an gcéanna le Poblacht na hÉireann – is éard is brí leis sin: leibhéil ísle de rialacháin agus de chánacha, agus beag seirbhísí á soláthar ag an earnáil phoiblí. Is é an punt steirlinn an t-airgeadra oifigiúil i Sasana.

 (bord turasóireachta)




#Article 240: John McCormack (182 words)


Teanór Éireannach de chlú domhanda ba ea John McCormack (14 Meitheamh, 1884 - 16 Meán Fómhair, 1945),  

Chuaigh a chuid amhránaíochta i gcion go mór ar an bpobal. Bhí cáil air mar gheall a ghuth láidir binn, a chuid foclaíochta agus an smacht a bhí aige ar a anáil.

Rugadh John Francis McCormack in Áth Luain. Thosaigh sé ag canadh go gairmiúil i 1904. Rinne sé méid mór taifeadadh ó 1904 ar aghaidh. Ba mhó an díol a bhí ar an sraith a rinne sé a thaifeadadh le Victor Talking Machine Company sna 1910idí agus na 1920í ná aon chinn eile. Cuireadh ar an raidió go rialta, freisin, é, agus bhí sé i roinnt scannán. 

I 1917 thóg sé saoránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá.

I 1928 bhronn an Pápa Píó XI an teideal Cúnta air mar aitheantas ar an méid oibre ar rinne sé do ghrúpaí carthanacha Caitliceacha. Ach mar shaoránach Meiriceánach, níor ceadaíodh dó aon teideal a ghlacadh ó rialtais nó ó eagair eachtracha.

D´éirigh McCormack as an dtaifeadadh i 1944, agus cailleadh an bhliain dár gcionn i mBaile Átha Cliath é.




#Article 241: Miotaseolaíocht na nGael (225 words)


Baineann an t-alt seo le miotaseolaíocht na nGael.

Bhí miotais dá gcuid féin ag na sean-Ghaeil, agus tá roinnt mhaith eolais againn faoi. Bhí éagsúlacht sna déithe agus na creidimh eile ar fud na hEorpa in airde réim na gCeilteach, ach bhí aitheantas leathan ag déithe áirithe, m.sh, Lugh, Manannán mac Lir. Bhí déithe eile a raibh baint níos láidre acu le áit áirithe, m.sh, Crom Dubh in Éirinn.

Is féidir an cineál de chuid is mó de seanscéalta Gaelacha a aithint lena chéad fhocal, mar a leanas:

Ó thaobh roinnt téacsanna de, is deacair a rá cén cineál is ea iad, mar shampala acallam (agallamh).

Sa chuid seo, cuimsítear scéalta faoi bhunús agus iar-dhéithe na nGael, agus an tagann an chuid is tábhachtaí den eolas ón Dindsenchas agus Leabhar Gabhála na hÉireann. Bréag-stair na hÉireann atá sa Leabhar Gabhála, a leagann síos sinsearacht na nÉireannach siar ó Maois. Déantar cur síos ar na gcogaí idir na Fir Bolg agus Tuatha Dé Danann sa Cath Maighe Tuireadh, agus tá an scéal cáiliúil Clann Lir mar pháirt den ghrúpa seo chomh maith. 

Creidtear go bhfuil eachtraí na Rúraíochta suite timpeall tús ré na Críostaíochta, agus is i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht atá na scéalta bunaithe. I measc na gcarachtar is mó atá ann ná Rí Uladh Conchúr Mac Neasa, agus an sár-laoch Cú Chulainn.




#Article 242: Eaglais na hÉireann (336 words)


Craobh de chuid na hEaglaise Críostaí, agus cúige neamhspleách den Chumann Anglacánach is ea Eaglais na hÉireann. Ordaithe ar bonn Uile Éireann, tá sí ar an dara eaglais is mó ar an oileáin, i ndiaidh na hEaglaise Caitlicigh Románaigh. Mar an gcéanna leis na heaglaisí Anglacánacha eile, tá tréithe ón ré réamh-Reifirméisean coimeádta aici, go háirithe a polaití easpagóideach, cé go ndiúltaíonn sí príomhaíocht an Phápa. Dar le cúrsaí diagachta agus liotúirge, tá an-chuid prionsabal den Reifirméisean, ach go háírithe iad siúd ar bhain leis an Reifirméisean Sasanach. Fograítear ag an eaglais go bhfuil sí caitliceach agus Leasaithe mar an gcéanna. I measc na heaglaise, bíonn difríochta ann idir iad siúd atá níos tugtha don traidisiúin Caitliceach (Eaglais Ard), agus iad siúd atá níos tugtha don tradisiúin Leasaithe/Protastúnach (Eaglais Ísil). Ar chúiseanna traidisiúnta agus stairiúla, meastar gur eaglais Protastúnach atá in Eaglais na hÉireann.  

Tá an eaglais eagraithe i 422 paróiste trí 12 deoisí. Tá 350,000 míle ball ann ar fud na hÉireann, 275,000 i dTuaisceart Éireann agus 75,000 i bPoblacht na hÉireann.  

Tá dhá chúige ag an eaglais, Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath. Tugtar Príomhach na hÉireann ar Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, agus Príomhach Uile Éireann ar Ardeaspag Ard Mhacha. 

Bhí Eaglais na hÉireann aitheanta ag rialtas na Breataine mar eaglais oifigiúil na hÉireann ó aimsir an tAthleasú Creidimh sa 16ú haois go dtí gur díbhunaíodh í sa bhliain 1869. Ar an 26 Iúil 1869, rith Parlaimint Shasana an tAcht chun Eaglais na hÉireann a dhíbhunú 

Cuireadh béim ó thús ar theanga na ndaoine a úsáid i searmanais agus i bpaidreacha. Dá bhrí sin rinneadh aistriúchán ar Leabhar na nUrnaithe Coitianta agus ar an Tiomna Nua go Gaeilge. 

Tá Leabhar na nUrnaithe Coitianta ar fáil i nGaeilge i gcónaí, agus rinne baill ghníomhacha na hEaglaise an-obair chun ábhar creidimh agus eile a sholáthar i nGaeilge ó thús. Chuir Coslett Ó Cuinn aistriúchán nua den Tiomna Nua ar fáil i 1970.

Tá cumann fá choinne na Gaeilge in Eaglais na hÉireann, Cumann Gaeilge na hEaglaise.




#Article 243: Cuáit (189 words)


Tír bheag i Murascaill na Peirse (nó na hAraibe) is ea Cuáit. Bhí an rítheaghlach Al-Sabah i gceannas ann faoi chosaint na Breataine ó 1899 go dtí gur baineadh neamhspleáchas amach i 1961. Tá teorainneacha aici leis an Iaráic agus leis an Araib Shádach. 

Níl san achar iomlán ach 17,820 ciliméadar cearnach. Níl abhainn ná loch ar bith sa tír agus is fásach beagnach cothrom an talamh ar fad. Ola, éisc, agus gás nádúrtha na príomhtháirgí. Tá timpeall 10% de ola an domhain faoin talamh inti. Tá timpeall dhá mhilliún go leith duine ina gcónaí sa tír, ach is eachtrannaigh níos mó ná a leath. 

Ríocht atá sa tír agus is é an t-Eimír Jabir al-Ahmad al-Jabir Al Sabah atá i gcumhacht ó 1977 i leith. Cé go bhfuil parlaimint ann ní cheadaítear aon pháirtí polaitiúíl. Rinne an Iaráic faoi cheannas Saddam Hussein ionradh ar an gCuáit sa bhliain 1990 ach ruaigeadh a chuid saighdiúirí nuair a chruinnigh comhghuallaíocht ollmhór faoi cheannas na Stát Aontaithe ar theorainn na hAraibe Sádaigh. Ceithre lá a mhair an cogadh a chuir fórsaí na hIaráice amach as an tír i mí Feabhra 1991.




#Article 244: An Laidin (564 words)


B'í an Laidin an teanga a labhraítí i Latium (Lazio) fadó agus a chuaigh chun fairsinge sna sálaí ag saighdiúirí na hImpireachta Rómhánaí. Tháinig an teanga chun cinn i gceantar tíre na Laidineach timpeall ar chathair na Róimhe, agus leathnaigh sí amach de réir mar a ghlac na Rómhánaigh seilbh ar leithinis na hIodáile, agus na tailte go léir timpeall ar an Meánmhuir. Breacadh an teanga síos an chéad uair timpeall ar 550 bliain r. Chr., agus b'aistriúcháin ón nGréigis a bhí sa chuid ba mhó de litríocht na Laidine ar feadh tamaill fhada. Tugtar an tréimhse chlasaiceach ar na blianta 100 RC - 150 AD, nuair a bhí an Impireacht in ard a réime. San am sin a mhair scríbhneoirí cáiliúla ar nós Cicearó, Caesar, Veirgil agus Tacatas, chomh maith leis an bhfile Oivid. 

San Iarthar, ghlac na Críostaithe leis an teanga mar theanga liotúirgeach agus cuireadh an Bíobla ar fáil as Laidin. Is í an Vulgáid an t-aistriúchán Laidine den Bhíobla a bhí in úsáid ag an Eaglais go dtí go ndeachaigh lucht an Reifirméisin siar go dtí na foinsí Gréigise agus Eabhraise. Rinne manaigh ar fud na hEorpa agus i dtíortha na Meánmhara staidéar ar an teanga. Mar theanga labhartha, áfach, chuaigh athruithe difriúla i bhfeidhm ar an Laidin i réigiúin éagsúla, agus d'iompaigh na canúintí ina dteangacha éagsúla, ar a dtugtar teangacha Rómánsacha: an Fhraincis, an Iodáilis, an Spáinnis, an Rómáinis, an Phortaingéilis agus mar sin de. Tá an Laidin ina teanga oifigiúil sa Vatacáin i gcónaí. Thairis sin, craolann Raidió na Fionlainne nuacht as Laidin gach seachtain ón mbliain 1989 ar aghaidh.

Teanga tháite nó infhillte is ea an Laidin. Cuirtear iarmhíreanna le tamhain na bhfocal chun inscne, uimhir agus tuiseal a chur in iúl sna haidiachtaí, na hainmfhocail agus na forainmneacha. Tá cúig dhíochlaonadh ag na hainmfhocail, agus ceithre réimniú ag na briathra.

Is iad sé thuiseal na n-ainmfhocal ná:

Ina theannta sin, tá tuiseal áitreabhach ag roinnt ainmfhocal a úsáidtear lena léiriú cá bhfuil an duine nó an rud suite. In áit an tuisil seo, áfach, is gnách dul i dtuilleamaí réamhfhocail éigin, ar nós in, a éilíonn go n-úsáidfear an tuiseal ochslaíoch ar a lorg. Iarsma seanársa ón bprótatheanga Ind-Eorpach is ea an t-áitreabhach, agus ní féidir, de ghnáth, ach logainmneacha a dhíochlaonadh san áitreabhach. Fiú i laethanta na Laidine Clasaicí, bhí daoine ann nach mbacfadh leis an áitreabhach ar aon nós, an tImpire Ágastas, mar shampla, agus iad ag scríobh in Rōmā (in áit Rōmae) = sa Róimh. 

Ceann de na teangacha Iodálda is ea an Laidin, agus í á scríobh leis an aibítir Laidineach, atá bunaithe ar an aibítir Shean-Iodálda. As an aibítir Ghréagach a d'eascair an aibítir sin. Creidtear gur tháinig an Laidin, nó an chanúint Iodálda, go dtí Latium thart ar ocht nó naoi gcéad bliain roimh bhreith Chríost. Aduaidh a tháinig lucht labhartha na Laidine, agus mar sin, d'fhág na teangacha Ceilteacha agus an Eatrúiscis - seanteanga neamh-Ind-Eorpach na hIodáile - a sliocht ar an Laidin is sine dá bhfuil ann. 

Scríobhadh an chuid is tábhachtaí de litríocht na Laidine sa teanga shaorga ealaíonta ar a dtugtar an Laidin Chlasaiceach. B'iad an dá chéad bliain timpeall ar bhreith Chríost ré órga na Laidine Clasaicí. San am céanna, bhí an chosmhuintir ag labhairt gnáthchaint Laidine, a bhí sách difriúil leis an teanga Chlasaiceach ó thaobh na gramadaí agus an stór focal de. 




#Article 245: Cosslett Ó Cuinn (352 words)


Scoláire, teangeolaí agus sagart ba ea an tOllamh Cosslett Ó Cuinn (27 Feabhra 1907 - 6 Nollaig 1995) ,

Rugadh Cosslett Ó Cuinn i nDoire Eachaidh, Contae Aontroma. Ba é Charles Edward Quin, reachtaire Dhoire Achaidh, a athair agus ba í Edith Isobel Wadell a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha aige.

Bhí sé ar scoil i nGráinseach na Morna i gContae an Dúin ó 1916-20. Chuaigh sé go dtí Coláiste Campbell, Béal Feirste agus ina dhiaidh go dtí Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Fuair sé an chéim BD (Bachelor of Divinity) i 1940.

Cara leis sa Choláiste, Seoirse Mac Canna, a mhúscail a shuim sa Ghaeilge. Thug sé faoi staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge Uladh agus is minic a bhíodh sé in Oileán Ghabhla agus sna Doirí Beaga. D’fhoilsigh sé ailt in Éigse ar chaint Reachlainn agus ar shampla de Ghaeilge Chill Chainnigh.

Rinne deagánach de sa bhliain 1931 agus é ag obair i mBéal Feirste agus in Inis Eoghain. Fuair Ó Cuinn béaloideas ó sheanchainteoirí dúchais agus bhailigh ábhar i dToraigh agus in Árainn Mhór. Ó 1940 amach bhí postanna aige ina lán áiteanna ar fud na hÉireann, agus ceapadh é ina chanónach de chuid Ardeaglais Phádraig i 1966. D’éirigh sé as an ministreacht sa bhliain 1971.

Ceapadh Ó Cuinn ina ollamh le Gréigis an Bhíobla i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1961.  Is dóigh gurb é an saothar is mó dá chuid Tiomna Nua ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost, 1970 a d’aistrigh sé ón ‘standard revised version’ agus ón nGréigis.

D’fhoilsigh sé dánta in Comhar agus foilsíodh dán fada leis, Slánú an tSalachair, sa bhliain 1978.

D’aistrigh Ó Cuinn leagan Béarla de ‘Cúirt an Mheán Oíche’ (The Midnight Court: a New Translation, 1982) agus de dhánta Sheáin Uí Ríordáin (in The Pleasures of Gaelic Poetry, Seán Mac Réamoinn,1982). D’aistríodh sé ábhar ó Spáinnis agus ó theangacha eile freisin.

Ó Cuinn, Cosslett (1907–1995) in 

Tá scéal a bheatha scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Cosslett Ó Cuinn (1996).

Tiomna Nua: ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Chríost. Cumann Gaelach na hEaglaise i gcomhar leis an Hibernian Bible Society, 1970




#Article 246: Theobald Wolfe Tone (894 words)


Duine aithnidiúil ar son neamhspleáchas na hÉireann ab ea Theobald Wolfe Tone (20 Meitheamh 1763 – 19 Samhain 1798) ar a dtugtar Wolfe Tone go minic, nó Bhulbh Teón ar uairibh. Ba phríomhphearsa réabhlóideach é agus ceann de bhunaitheoirí Cumann na nÉireannach Aontaithe. Bhí sé mar cheannaire ar Éirí Amach na hÉireann 1798.

Feictear air mar Athair an Phoblachtánachais in Éirinn.

Saolaíodh Theobald Wolfe Tone i mí an Mheitheamh 1763. Ba de shliocht clann Protastúnach Francach é a theith go Shasana ón nGascogne sa 16ú aois chun géarleanúint ar bhonn reiligiúin a sheachaint.

Shochraigh brainse den chlann i mBaile Átha Cliath sa 17ú aois. Ba dhéantóir cóiste de chuid Eaglais na hÉireann é a athair, Peter Tone. Bhí feirm aige gar do na Solláin, i gContae Chill Dara. Tháinig máthair Theobald ó chlann ceannaí Caitliceach a d'athraigh go Phrotastúnachas tar éis gur rugadh Theobald. Ba chaptaen é a sheanathair ar thaobh a mháthar ar long thrádála sna hIndiacha Thiar.

Baisteadh é mar Theobald Wolfe Tone in onóir ar a athair baistí, Theobald Wolfe ón Halla Dubh, Contae Chill Dara, col ceathar ar Arthur Wolfe, 1ú Viscount Kilwarden. Mar sin fein, creidtear go leathan gur mac Theobald Wolfe é Tone agus más an rud é go raibh sin fíor ba leath-dearthar é ar an bhfile Charles Wolfe.

I 1783, fuair Tone post mar thionchascóir ar Anthony and Robert, leath-dhearthaireacha ar Richard Martin, teachta pharlaiminte i nGaillimh, a thug tacaíocht go Fuascailt na gCaitliceach.

Thit Tone i ngrá le bean chéile Martin, ach níor tháinig aon rud as. I rith an tréimhse seo bhí sé ag smaoineamh faoi ghairm sna healaíona mar aisteoir.

Rinne Tone staidéar ar dlí i gColáiste na Trínóide i mBaile Átha Cliath, áit a bhí sé gníomhach i gCumann Stair an Coláiste, club díospóireachta, agus tógtar é mar reachtaire ar an gcumann i 1785. Fuair sé céim BA i Feabhra 1786.

Cáiligh Tone mar abhcóide i King's Inn agus é 26 agus d'fhreastal sé ar Óstaí na Cúirte i Londain. Mar dhalta, d'éalaigh sé le Martha Witherington, iníon le William agus Catherine Witherington (née Fanning) as Baile Átha Cliath. D'aistrigh sí a ainm go Matilda mar a d'iarr Tone uirthi.

Bunaitheoir Chumann na nÉireannach Aontaithe ab ea Tone. Chaith sé tamall mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus cháiligh mar dhlíodóir. Ina óige theastaigh uaidh coilíneacht a bhunú san Aigéan Ciúin ach ní raibh duine ar bith sásta tacú leis. Dhírigh sé ar pholaitíocht na hÉireann ansin agus bhí an-éileamh ar na paimphléidí a scríobh sé faoi chás na tíre lena linn. Bhí an poblachtánachas ag teacht chun cinn ag an am, agus Preispitéirigh Chúige Uladh go háirithe ag teacht faoi thionchar Réabhlóid na Fraince. Bhí Tone ag agairt ar Chaitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí teacht le chéile chun poblacht a bhunú in Éirinn, agus sa bhliain 1791, i gcomhar le Thomas Russell agus Napper Tandy agus daoine eile, chuir sé Cumann na nÉireannach Aontaithe ar bun. De réir a chéile tháinig baill na heagraíochta ar an tuairim nach raibh réiteach ar bith ar chás na hÉireann ach poblacht neamhspleách a bhunú le fórsa agus tosaíodh ar chraobhacha den eagraíocht a bhunú ar fud na hÉireann.

Ceapadh Tone ina rúnaí lánaimseartha ar Choiste na gCaitliceach in earrach na bliana 1792 agus bhí sé i mbun feachtais chun cliarscoil a bhunú in Éirinn ionas go mbeadh sagairt na tíre á n-oiliúint ina dtír féin. De réir mar a chonacthas nach ngéillfeadh Rialtas na Breataine d'éileamh na nÉireannach Aontaithe chuathas i muinín na réabhlóideach sa Fhrainc. Iarradh ar na Francaigh fórsaí a chur go hÉirinn chun an réabhlóid a chur i gcrích.

Fuair na húdaráis amach go raibh an chomhcheilg seo ar bun agus gabhadh cuid mhaith de cheannairí na nÉireannach Aontaithe. Tugadh cead do Tone an tír a fhágáil agus d'imigh sé lena chlann go Philadelphia sna Stáit Aontaithe ar feadh tamaill. Ach níor thaitin na Meiriceánaigh leis, ní raibh i Washington dar leis ach high-flying aristocrat agus ní raibh na Meiriceánaigh chomh ceanúil ar an daonlathas agus a mhaígh siad, dar leis.

Chuaigh Tone go Páras chun an Stiúrthóireacht a spreagadh chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Sheoil cabhlach mór le 14,000 fear as calafort Brest ach theip go tubaisteach ar an iarracht teacht i dtír i gCuan Bheanntraí i 1796. Chaith Tone tamall ina oifigeach in arm na Fraince agus rinne sé cúpla iarracht eile ionradh a eagrú i gcomhar leis na Francaigh agus na hOllannaigh.

Thosaigh Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe in Éirinn i 1798 agus Tone thar sáile, agus arís rinne sé a dhícheall chun ionradh Francach a eagrú. Cuireadh fórsa beag go Maigh Eo faoi cheannas Humbert ach bhí formhór na tíre ceansaithe ar Arm na Breataine faoin am sin agus níor mhair an feachtas sin i bhfad.

Chuaigh Tone é féin le cabhlach beag go Loch Súilí ach chloígh cabhlach na Breataine go héasca é agus gabhadh Tone.

Daoradh chun báis é, ach ghearr sé a scornach le scian póca ar an 12 Samhain 1798. Tháinig sé slán as agus dúirt sé, is cosúil, I ‘m sorry I’ve been so bad an anatomist, Ach fuair sé bás i bpríosún cúpla lá ina dhiaidh sin, ar an 19 Samhain 1798.  Tháinig ionfhabhtú air,.. b'fhéidir.

Bhí an-tionchar ag scríbhinní agus gníomhartha Wolfe Tone ar ghluaiseacht na saoirse agus na poblachta in Éirinn ó lá a bháis.




#Article 247: Contaetha na hAlban (100 words)


Is ranna stairiúla agus cultúrtha d'Albain iad Contaetha traidisiúnta na hAlban.

Ní ag an am céanna a tháinig na teorainneacha go léir ann; mar shampla, níor tharraing Cromba a theorainn stairiúil air féin go dtí an bhliain 1685. Rinneadh Ros agus Cromba a riaradh le chéile mar Ros agus Cromba. Seachas na ranna seo, bhí contaetha cathartha ann ar feadh na céadta bliain.

Nuair a cuireadh comharlaithe contae ar bun in Albain sa bhliain 1889 bunaíodh iad ar na contaetha traidisiúnta. Tugadh blúirí scaipthe le chéile, agus cuireadh Ros le hiarsmaí Chromba le Ros agus Cromba a chumadh.

Malairt ainmneacha:




#Article 248: Dún Éideann (433 words)


Is é Dún Éideann (Béarla agus Albainis: Edinburgh; Gaeilge na hAlban: Dùn Èideann) príomhchathair na hAlban, agus an dara chathair is mó. Tá dún ar chnoc ard os cionn an bhaile, áit a bhfuil iarsmalann míleata inniu uirthi.  

Tá suíomh an rialtais arís i nDún Éideann ó athbhunaíodh Parlaimint na hAlban le féinrial teoranta a thabhairt don tír. Is é suite i gComhairle Cathair Dhún Éideann. 

Ba é Dún Éideann a príomhchathair i bhfad roimh an Acht Aontais le Sasana i 1707, ach lean neamhspleáchas áirithe in Albain i gcúrsaí dlí agus oideachais go háirithe.  

Is daoine gairmiúla iad 43% de mhuintir Dhún Éideann, an céatadán is airde sa Ríocht Aontaithe. Ainmníodh Dún Éideann mar an mórchathair is iomaíche sa Ríocht Aontaithe. 

Sa 19ú aois, bhí clú agus cáil ar gheilleagar Dhún Éideann mar gheall ar bhaincéireacht, foilsitheoireacht agus grúdaireacht. Sa lá atá inniu ann, tá an geilleagar bunaithe go príomha ar sheirbhísí airgeadais, taighde eolaíoch, ardoideachas agus turasóireacht. I Mí an Mhárta 2010, ba é an leibhéal dífhostaíochta sa chathair ná 3.6%, figiúir atá measartha íseal. Bíonn an leibhéal dífhostaíochta i nDún Éideann níos ísle ná an meán náisiúnta i gcónaí, is é sin 4.5%. Is é Dún Éideann an cathair is mó a thugann turasóirí cuairt air sa Ríocht Aontaithe i ndiaidh Londain.

Bunchloch an gheilleagair is ea í an bhaincéireacht ar feadh os cionn 300 bliain, ó bhunaíodh Banc na hAlban (Bank of Scotland) in 1695. Is mar gheall ar an earnáil shéirbhísí airgeadais gurb é Dún Éideann an dara lárionad airgeadais is mó de chuid na Ríochta Aontaithe. D'oscail Royal Bank of Scotland ceanncheathrú idirnáisiúnta nua in iarthar na cathrach i 2005. Chomh maith leis sin, tá ceanncheathrúna eile suite i nDún Éideann, ar nós Virgin Money, Tesco Bank, TSB Bank agus Sainsburys Bank.

Imríonn turasóireacht tionchar mór ar an gheilleagar sa chathair chomh maith. Mar Láithreán Oidhreachta Domhanda, tugann turasóirí cuairt ar áiteanna ar nós Caisleán Dhún Éideann, an tSeanbhaile agus an Nuabhaile. Tagann borradh ar leith ar líon na dturasóirí gach bliain i Mí Lúnasa le linn fhéilte Dhún Éideann. Meallann na féilte sin 4.4 milliún turasóir chuig an chathair agus saothraíonn siad os cionn £100 milliún don gheilleagar áitiúil.

Is é Dún Éideann lárionad chóras rialtais na hAlban agus de bharr sin, tá ról lárnach ag an earnáil phóiblí i ngeilleagar na cathrach. Tá cuid mhór de ranna rialtais na hAlban suite sa chathair. Fostóirí suntasacha is ea iad NHS agus an rialtais áitiúil.

In iomlan: 459,366; Eaglais Albain 23.9%'  Caitliceach Rómhánach 12%;   Chríostaí eile 7.0%
Moslamach 2.7%
Reilgiún eile 2.2%
Gan reiligiún 44.9%
Not stated7.1%




#Article 249: Glaschú (217 words)


Is í Glaschú (Gaeilge na hAlban: Glaschu) an chathair is mó in Albain. Ceantar mór tionscail a bhí ann tráth. Tá cáil ar Ollscoil Ghlaschú i go leor disciplíní acadúla. Ba i nGlaschú freisin a thosaigh an dearthóir Charles Rennie Mackintosh a aistear. 

Tá dhá fhoireann sacair ghairmiúla cháiliúla i nGlaschú, mar atá Glasgow Celtic agus Glasgow Rangers, agus seachas an choimhlint nádúrtha a thagann lena leithéid de chomórtas, bíonn aighneas idir lucht leanúna Rangers, agus a mbunús Protastúnach agus Oráisteach, agus iadsan a luíonn le Celtic, agus a mbunús Caitliceach.

Sa bhliain 2011 bhí 5,878 duine (1% den daonra) ábalta Gaeilge na hAlban a labhairt i gcathair Glaschú. Bhí 8,899 duine (0.8%) ábalta Gaeilge na hAlban a labhairt i mórcheantar Ghlaschú. Tá stiúideo ag BBC Alba agus Radio nan Gàidheal sa chathair, na haon stiúideonna Gàidhlig taobh amuigh den Ghàidhealtachd.

Tá craobh de Chonradh na Gaeilge i nGlaschú, , atá ag dul go láidir le thart fá ciad bliana anuas.  Cuireann sé ar dóigh ranganna Gaeilge agus imeachtaí soisealta.  Tá nasc láidir idir Glaschú agus Tír Chonaill go háraithe, cuid mhór de dhaoine ag bogadh anonn agus anall go minic.

Nürnberg, an Ghearmáin       
                 
Rostov na Donu, an Rúis

Dalian, an tSín

Havana, Cúba 

Torino, an Iodáil

Marseille, an Fhrainc

Lahore, an Phacastáin 

Beitheal, An Bruach Thiar 




#Article 250: Iomáint (517 words)


Cluiche foirne atá san iomáint (nó iománaíocht) ina mbaintear feidhm as maide ar a dtugtar camán agus liathróid ar a dtugtar sliotar. Tá bunús réamhstairiúil ag an spórt, a imrítear in Éirinn don chuid is mó, agus deirtear go bhfuil sé ar cheann de na cluichí foirne is sciobthaí ar domhan. Ceann de na cluichí Gaelacha atá ann, agus is é an Cumann Lúthchleas Gael a reachtálaíonn an spórt. Tugtar an chamógaíocht ar an leagan den chluiche a imríonn mná.

Is é cuspóir an chluiche ná níos mó pointí a bhaint amach ná an taobh eile. Déantar pointe nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Tá trastomhas 65mm (2.55 orlach) ag an sliotar agus tá sé clúdaithe le leathair. Déanta as adhmad na fuinseoige, tá an camán idir 26–40 orlach i leith, le ceann leata ar a dtugtar bas. Tá an bas níos mó ar chamán an chúl báire, chun é a bheith ábalta an sliotar a stopadh. Nuair a bhuailtear an sliotar, is féidir é a thiomáint ag 150 km/h agus suas go 100m ar fhad.

Tá baint ag an iomáint le camanachd nó iomain (shinty i mBéarla), cluiche a imrítear don chuid is mó in Albain.

Tá réimse leathan ainmneacha a thugtar ar an gcluiche sa Ghaeilge.

Tá an pháirc imeartha 140 méadar (153 slat) ar fhad, le péire cuaillí ar gach taobh. Tá cuma H ar na cuaillí, ar nós cuaillí rugbaí ach tá líon ag a mbun mar atá i sacar. Tá na cuaillí 6.4 méadar (7 slat) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 2.13 méadar (7 dtroigh) os cionn na talún. Tá línte trasna na páirce ag 13 méadar, 20 méadar agus 65 méadar ó na cúl-línte. Is í an pháirc imeartha céanna a úsáidtear i bpeil Ghaelach.

Tá cúig imreoir déag i ngach foireann, agus úsáidtear an leag amach céanna i gcónaí. Tá cúl báire amháin (uimhir 1), seisear cosantóir (uimhreacha 2-7), beirt imreoir lar-páirce (uimhreacha 8 agus 9) agus seisear ionsaitheoir (uimhreacha 10-15). Bíonn an cúl báire gléasta i ndath difriúil ó na himreoirí eile. Tá cúigear fear ionaid déag (uimhreacha 16 agus ar aghaidh), agus is féidir cúigear a úsáid in aon chluiche amháin.

Chun an sliotar a bhogadh ó áit amháin go dtí áit eile, is iad na rudaí atá ceadaithe ná:

Is iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:

Déantar pointe nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Buaitear cúl, le luach trí phointe (nó cúilíní), nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna. Léiríonn an moltóir brat glas nuair atá cúl déanta. Buaitear pointe amháin (cúilín) nuair a chuirtear an sliotar thar an trasnán, agus taispeánann an moltóir brat bán. Taispeántar na scóranna san fhormáid {cúl}-{cúilíní}. Mar shampla, i gcás cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006, b'é an toradh deiridh Cill Chainnigh 1-16 Corcaigh 1-13 (bhí an bua ag Cill Chainnigh, lé trí chúilín). 

Roghnaíodh Foireann na Mílaoise sa bhliain 1999 as na h-imreoirí is fearr a d'imir an spórt idir 1884 agus an bhliain 2000. B'iad an CLG agus na h-iriseoirí spóirt a roghnaigh an fhoireann.




#Article 251: Féile Mhuire gan Smál (171 words)


Is ar an 8ú de mhí na Nollag atá Féile Mhuire gan Smál (nó Féile Ghiniúint gan Smál na Maighdine Muire). De réir sin, rugadh an Mhaighdean Mhuire gan pheaca. agus spáráladh Muire ó mhallacht Ádhaimh 

Tugann Críostaithe onóir do Mhuire toisc gurb í máthair Íosa í

Cruthaíodh Muire saor ó pheaca ar bith, ón gcéad nóiméad dá marthain. Ciallaímid leis an Deastógáil gur tugadh Muire isteach I nglóir na bhflaitheas idir chorp agus anam tar éis a báis

D´fhógair an Pápa Pius IX an Ghiniúint gan Smál mar dhogma i 1854. 

Dúirt an Mhaighdean Ghlórmhar le Naomh Bernadette (Bernarde Soubirous) ar an 25 Márta 1858, ‘Is Mise An Ghiniúint Gan Smál’.

Sa bhliain 1898, rinne an Naomh Barney Solanus Casey nóibhéine mar ullmhúchán d’fhéile Ghiniúint Gan Smál na MaighdineLe cead a oide faoistine, ghlac Barney móid phríobháideach gheanmnaíochta. Tar éis dó an mhóid a ghlacadh, chuaigh Barney ar a ghlúine ag paidreoireacht agus bhraith sé go daingean go raibh an Mhaighdean Mhuire taobh leis agus dúirt sé leis “Téigh go Detroit”.




#Article 252: Helmut Kohl (269 words)


Bhí an Dr. Helmut Josef Michael Kohl ina Sheansailéir ar an nGearmáin ó 1982 go dtí 1998. I ndiaidh an bháis, dúirt Jean-Claude Juncker an méid seo: “Ní hé amháin gur cheann urra aontacht na Gearmáine a bhí in Helmut Kohl. Rinne sé a chion – cion níos mó ná a rinne daoine eile – chun stair na hEorpa agus geografaíocht na hEorpa a thabhairt chun réitigh le chéile

Rugadh Kohl i Ludwigshafen na Gearmáine ar an 3 Aibreán 1930 agus shíothlaigh sé ar 16 Meitheamh 2017 in Oggersheim, sa Ghearmáin. 

Bhí Kohl páirteach sa Dara Cogadh Domhanda agus é fós ina dhéagóir. 

Chuaigh Kohl le polaitíocht go luath ina shaol, agus bhí ina bhall den Pháirtí Críostaí Daonlathach ó 1947. Ghnóthaigh sé céim dochtúra sa stair.

Tar éis tamall a chaitheamh i bpolaitíocht stáit, toghadh é chuig an Pharlaimint Fheidearálach. Bhí sé ina cheannaire ar an bhfreasúra ó 1973 ar aghaidh. 

Tar éis vóta mímhuiníne sa Seansailéir Helmut Schmidt rinneadh Seansailéir de Kohl. Cé go raibh na meáin chumarsáide ag magadh faoi agus go raibh freasúra láidir ina choinne, bhí tréimhse cumhachta níos faide ag Kohl mar Sheansailéir ná mar a bhí ag duine ar bith sa Ghearmáin ó aimsir Otto von Bismarck. D'fhan sé i gcumhacht go dtí gur bhuaigh an Páirtí Daonlathach Sóisialta toghchán na bliana 1998.

Cuimhneofar ar Helmut Kohl mar gheall ar athaontú na Gearmáine a tharla le linn a thréimhse in oifig, nuair a theip ar an gCumannachas in oirthear na hEorpa.

Bhí scannal mór airgeadais ann áfach tar éis dó éirí as oifig, rud a fhágann smál ar a cháil mar pholaiteoir.




#Article 253: Antartaice (1285 words)


Ilchríoch atá timpeall ar an Pól Theas is ea an Antartaice. 200 milliún bliain ó shin bhí an Antartaice i lár sár-ilchríche a dtugtar Gondwana anois uirthi. 180 milliún bliain ó shin thosaigh an ilchríoch sin ag dealú ó chéile go ndearnadh na hilchríocha atá anois ann agus iad ag scaradh go mall lena chéile ar dhroim na leac teicteonach, rud a lean ar feadh 150 milliún bliain. Is mór an t-eolas atá le fáil ó charraigeacha agus ó iontaisí na hAntartaice agus rian na seanaeráidí teo agus an tseanfhásra thiubh go soiléir orthu. D’fhuaraigh an Antartaice nuair a thosaigh an Sruth Im-mholach ag dul i gceann siúil, agus sin mar atá an scéal inniu.

Tá an spéis atá ag daoine san Antartaice ag méadú ón 19ú haois i leith. Bhí An Bhreatain agus An Rúis ag déanamh taiscéalaíochta ann i dtús na haoise sin, agus ba é an tIoruach Roald Amundsen an chéad duine a shroich an Pol Theas féin. Rinne seacht dtír éileamh ar limistéir ann, éileamh nár réitíodh riamh, ach tá Conradh i bhfeidhm ó 1961 i leith chun bun dleathach a chur le ghnó na dtíortha a bhfuil bunáiteanna acu ar an ilchríoch. 

Tá an ilchríoch 14 milliún m² ar leithead.

Ní raibh daoine ina gcónaí go buan sa réigiún seo riamh, ach is iomaí stáisiún taighde atá ann anois. Ag seo cuid de na tíortha a bhfuil baint acu leis an Antartaice: an Airgintín, An Astráil, An Bheilg, An Bhrasaíl, an Bhulgáir, An tSile, an tSín, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an India, an Iodáil, an tSeapáin, An Chóiré Theas, an Ísiltír, an Nua-Shéalainn, an Pholainn, an Rúis, an Afraic Theas, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is fada an Antartaice á hiniúchadh ag na heolaithe de bharr a ndéanann sí de léiriú ar réanna geolaíocha eile agus ar a bhféadfadh a bheith i ndán dúinn san am atá le teacht, go háirithe i ngeall ar athrach na haeráide. Chomh maith leis sin, tá fonn ar a lán tíortha dul ar thóir mianraí sa réigiún, rud ar mór an t-ábhar conspóide é. Faoi láthair meallann an Antartaice a lán turasóirí: déantar iarracht ar gan díobháil ar bith a dhéanamh don timpeallacht, ach ní leithne an t-aer ná an timpiste. 

Ó thaobh na staire de, athraíonn daoine cibé rúd a mbaineann siad dó, agus is minic a mhilleann siad é. Is cinnte go bhfágfaidh an t-athrach aeráide a rian ar an Antartaice go léir; ní fios fós céard a tharlóidh má chuirtear ladar go díreach sa mhias.

Níl aon áit is fuaire ná an Antartaice: ar 21 Iúil 1983 thit an teocht go dtí -89.2 céim C, de réir mar a thomhais stáisiún Vostok na Rúise í. Níl aon ilchríoch is tirime ná an Antartaice ach oiread: ní fhaigheann fásaigh theo an domhain níos mó báistí ná í. Agus tá sí ar an ilchríoch is airde agus is gaofaire. Is mór an tábhacht atá leis na sonraí aeráide a bhailíonn stáisiúin thaighde san Antartaice agus in áiteanna atá gar di, agus ríomhshamhlacha á ndéanamh chun athrach aeráide a thuar.

Tosaíonn na hoighearshruthanna ar an taobh istigh den ilchríoch agus imíonn leo go han-mhall i dtreo an chósta – chomh mall sin go mb’fhéidir go dtógfadh sé na mílte bliain ar an oighear ciumhais na farraige a bhaint amach. Is é Oighearshruth Lambert an ceann is mó dá bhfuil ann, agus é 40 cm ar leithead agus 400 cm ar fad – an t-oighearshruth is mó ar domhan.

Cuireann áilleacht agus méid na gcnoc oighir iontas i gcónaí ar dhaoine, agus is baol do longa anois féin iad. Níl an mhórchuid de na hoighearshruthanna chomh dlúth iontu féin leis an oighear glan toisc go bhfuil beagán aeir istigh iontu. Ar bharr na n-oighearshruthanna “táblacha” tá sraith sneachta bhrúite atá tiús 50 m inti nó os a chionn, ach níl an sneachta sin chomh dlúth le hoighear glan ach oiread.

Sa gheimhreadh reonn cuid mhaith den fharraige timpeall na hAntartaice agus téann uisce an-fhuar síos sa duibheagán, áit a dtéann sé i bhfeidhm ar shruthanna na n-aigéan. Téann an t-oighear go mór i bhfeidhm ar an atmaisféar freisin agus oibriú na n-aigéan á mhaolú aige. Bacann sé malartú na ngás (ocsaigin, dé-ocsaíd charbóin, gal uisce agus eile) agus bíonn sé ina insliú idir an fharraige agus an atmaisféar: is lú an méid teasa a chailleann an t-uisce. Chomh maith leis sin, frithchaitheann an t-oighear solas agus teas na gréine.

Is lú an salann atá san oighear mara ná mar atá sa sáile, agus an salann nach bhfuil gafa ag an oighear méadaíonn sé salandacht agus dlúithe na farraige. Is féidir leis seo dul i bhfeidhm ar chomhiompar agus ar ghluaiseacht an uisce agus cothaithigh a thabhairt aníos. Nuair a leánn an t-oighear san earrach scaoileann sé uisce níos glaine uaidh, ag cruthú sraith dhaingean uachtarach nach mbíonn chomh goirt sin. 

Tá mórán algae istigh san oighear nó thíos faoi, agus borraíonn siad sa tsraith ghlanuisce a thagann ann agus an t-oighear ag cúlú sa samhradh. Itheann cril an fíteaphlanctan atá ag brath ar an oighear mara, agus bíonn an chril á hithe ag míolta móra, ag rónta, ag piongainí agus eile. Síolraíonn roinnt rónta agus piongainí ar an oighear agus is féidir leis a bheith ina áit dhídine acu. 

Ní bhíonn ach an chuid is lú den oighear daingean – an chuid is gaire don tír. Oighear briste is mó a bhíonn ann, é ina ngrúim de gach saghas agus iad ag méadú i gcónaí. Is minic a bhíonn stráicí d’fharraige ghlan eatarthu.

Tá an tAigéan Antartach lán de bheatha: péisteanna ollmhóra, portáin mhóra, damháin mhara atá chomh leathan le mias. Tá an seilide snámha limacina helicina ann agus toirt pónaire ann; tá dreancaidí feoiliteacha ann, míolta móra críona, seilidí glébhuí agus spúinsí feoiliteacha, agus pelagonemertes rollestoni, ainmhí trédhearcach a bhfuil a ghoile buí spréite ina gcraobhacha ag cothú gach cuid dá chorp. In áiteanna tá gach orlach den ghrinneall ceilte ag rudaí beo. 

Is iad na rudaí beo is fearr a thugann léargas ar athrú timpeallachta, dála aicídiú na farraige. Tarlaíonn sin de bharr méadú dé-ocsaíde carbóin san aer, rud a bhacann fás na gcnámh. 

Tá taighde á dhéanamh ar an ngaol atá idir na rudaí beo san fharraige éadomhain agus rudaí eile atá ina gcónaí sna hísleáin is doimhne. Deirtear go ndearna speicis dhifriúla imeascadh de bharr leathnú agus chúlú an oighir sna réanna a chuaigh thart. Fáisceadh mórán speiceas tuaisceartach as an Aigéan Antartach de bharr theacht agus imeacht na n-oighearshruthanna ar feadh na milliún bliain. Is féidir mórán saghsanna ochtapas a rianú siar go dtí sinsear Antartach.

Tá an-chosúlacht idir speicis áirithe sa Mhol Thuaidh agus sa Mhol Theas, agus tá an DNA á scagadh lena fháil amach an ionann iad speicis éigin atá scoite amach ó chéile anois agus an mbíonn speicis éigin ag imeacht idir an dá mhol fós sna sruthanna doimhne.

Idir an dá linn, tá a lán speiceas (agus a lán ainmhithe gan chnámh droma san áireamh) ag tabhairt a n-aghaidhe ar na Moil ar thóir uisce níos fuaire. Ach ní thig leis na speicis atá ann cheana a mhalairt d’áit a fháil, agus beidh na gnáthóga féin ag athrú. Tá fianaise ann nach féidir leis na hainmhithe úd maireachtáil má mhéadaíonn teocht an uisce (atá an-fhuar faoi láthair) níos mó ná cúpla céim. Sna caoga bliain seo caite d’éirigh an teocht timpeall 1 °C. Beidh an chril i mbaol mar nach féidir leo pórú agus an t-uisce ró-the, rud a laghdóidh cothú na míolta móra agus eile a itheann iad. 

Cúis imní eile is ea na speicis neamhdhúchasacha a d’fhéadfadh an tAigéan Antartach a bhaint amach ar longa agus an fharraige á téamh.




#Article 254: Seán Ó Lúing (126 words)


Ba scríbhneoir Éireannach é Seán Ó Lúing, a rugadh i mBaile an Fhirtéirigh, Contae Chiarraí, sa bhliain 1917.Fuair a chuig meánoideachais i gCill Airne agus rinne staidéar ar Laidin agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé tamall mar mhúinteoir agus bhí an stair ar cheann de na hábhair a mhúin sé. Mhéadaigh a spéis sa stair agus rinne sé taighde ar shaol chuid de thírghráthóirí móra na hÉireann, John Devoy, Ó Donnabháin Rosa, agus Art Ó Gríofa go háirithe. Foilsíodh na beathaisnéisí a scríobh sé fúthu seo, chomh maith le cuntas ar thréimhse a chaith sé ag obair sa Bhruiséal don Rannóg Aistriúcháin, áit a raibh sé ag obair tar éis dó éirí as an múinteoireacht. 
Fuair sé bás sa bhliain 2000.




#Article 255: Cearbhall Ó Dálaigh (381 words)


Ba é Cearbhall Ó Dálaigh cúigiú hUachtarán na hÉireann (12 Feabhra, 1911 - 21 Márta 1978).  Bhí sé ina Uachtarán ar an gCúirt Uachtarach agus ina bhreitheamh i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach sular ceapadh ina Uachtarán é.  

Rugadh Cearbhall Ó Dálaigh i mBré, Contae Chill Mhantáin. Duine de cheathrar clainne a bhí ann, mac le siopadóir gan mórán suime sa pholaitíocht. Bhí deartháir ní ba shine aige, Aonghus, agus beirt dheirfiúr ní b'óige, Úna agus Nuala. D'fhreastail sé ar scoil Náisiúnta Naomh Crónán. Agus é ina mhac léinn ag Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach agus ar an gCumann Liteartha agus Stairiúil sa choláiste. Ar ball ceapadh ina eagarthóir Gaeilge é le Scéala Éireann.

Aisteoir díograiseach a bhí ann ina luathshaol, eisean agus dlúthchara dó Cyril Cusack. Nuair a shroich an scannán de chuid Disney Darby O'Gill and the Little People na pictiúrlanna in Éirinn, rinne an bheirt acu agóid le chéile, mar gheall ar an droch-steiréitíopa d'Éireannaigh a bhí curtha i láthair.

Fuair sé bás an 21 Márta 1978.

Tacadóir tiomanta de Fhianna Fáil i gcónaí a bhí ann, agus chuaigh sé i mbun oibre ar Fheidhmeannas Náisiúnta an pháirtí sna 1930idí agus céim bainte amach aige ón ollscoil. Ceapadh ina Ard-Aighne é i 1946, an ceann ab óige ag an am, agus Éamon de Valera ina Thaoiseach. Chaith sé dhá théarma sa phost, idir 1946-48 agus arís idir 1951-53. Chuir sé a ainm isteach mar iarrthóir le haghaidh toghchán Dála agus Seanaid araon, ach theip ar an dá iarracht.

Rinne Breitheamh de sa Chúirt Uachtarach i 1953. Bhí sí ina Phríomh-Bhreitheamh agus ina Uachtarán ar an gCúirt Uachtarach ó 1961 go 1973. 

D'éirigh sé ina bhreitheamh ar an gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (1973/1975), an chéad breitheamh na hÉireann sa chúirt sin. Fuair Ó Dálaigh stádas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na Cúirte nuair a chuaigh Éire isteach san Aontas ar 1 Eanáir 1973.

Rinneadh Uachtarán na hÉireann ar 19 Nollaig 1974.  An rud is tábhachtaí agus is measa, bhí an tAire ag labhairt os comhair oifigeach Airm na hÉireann i Muileann gCearr.

An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac an Taoiseach, Liam Mac Cosgair, le héirí as oifig Donegan.




#Article 256: Seán T. Ó Ceallaigh (834 words)


Polaiteoir Éireannach ab ea Seán Tomás Ó Ceallaigh, (25 Lúnasa, 1882 – 23 Samhain, 1966). Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Shinn Féin agus bhunaigh sé chomh maith an páipéar The Nation. Bhí sé ina bhall de Bhárdas Bhaile Átha Cliath ó 1906 go dtí 1924. Toghadh go Dáil Éireann é i 1918 agus bhí sé ina Theachta Dála go dtí 1946. Bhí sé ina Cheann Comhairle sa Chéad Dáil, idir 1919 agus 1921. Bhí sé ina Leas-uachtarán ar rialtas an tSaorstáit ó 1932 go dtí 1938; ina Aire Rialtas Áitiúil agus Sláinte Poiblí 1932-1939; ina Thánaiste 1937-1945 agus ina Aire Airgeadais 1939-1945. Toghadh é mar Uachtarán na hÉireann i 1945. Fuair sé bás ar an 23 Samhain, 1966.

Rugadh Seán T. Ó Ceallaigh i gcathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1882, ar Shráid Capel i dtuaisceart na cathrach. D'fhreastal ar Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Richmond. Sa bhliain 1898, ghlac sé post mar chúntóir leabharlainne sóisir i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Sa bhliain chéanna, chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge. Bhí sé ina bhall den bhord rialaithe sa bhliain 1910 agus sa bhliain 1915 bhí post an Ard-Rúnaí bainte amach aige.

Ghlac Ó Ceallaigh áit i Shinn Féin, díreach tar éis é a bhunú mar pháirtí dé-mhonarcachta caipitleach sa bhliain 1905. Rinneadh rúnaí oinigh de i 1908, post a choinnigh sé go dtí 1925. Sa bhliain 1906, toghadh é go Bárdas Bhaile Átha Cliath, áit ina fhan sé go dtí 1924.

I mí Márta na bliana 1915, chuaigh Ó Ceallaigh ar thuras go dtí Cathair Nua-Eabhraic, chun pleananna don éirí amach a bhí déanta ag Óglaigh na hÉireann a chur i bhfios do Clann Na nGaedheal. Cheap Pádraig Mac Piarais é ina Chaptaen Foirne, chun a bheith réidh nuair a bhrisfeadh an troid amach.

Tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, gabhadh, scaoileadh saor agus ath-ghabhadh Ó Ceallaigh. D'éalaigh sé as choinneáil i Fairfield sa Ríocht Aontaithe agus d'fhill sé abhaile.

Bhuaigh Ó Ceallaigh suíochán in olltoghchán na Breataine sa bhliain 1918. Dhiúltaigh sé an suíochán i Westminster a ghlacadh, mar a rinne na baill ar fad ó Shinn Féin. Ina áit, bhunaigh siad parlaimint nua i mBaile Átha Cliath ar a tugadh Dáil Éireann uirthi. Sa Chéad Dáil, roghnaíodh Ó Ceallaigh mar Cheann Comhairle, an chéad cheann nua-aimseartha i stair na hÉireann.

Ina theannta sin, chuaigh sé i mbun oibre mar thoscaire ón bpoblacht Éireannach nua, ag iarraidh aitheantais a fháil ón bpobal idirnáisiúnta ag an gcomhdháil síochána i Versailles.

Ba dlúthchomhlach é Ó Ceallaigh de hÉamon de Valera - a bhí ina Uachtarán ar Dháil Éireann idir mí Aibreáin 1919 agus mí Lúnasa 1921 agus Uachtarán na Poblachta idir mhí Lúnasa 1921 agus mí Eanáir 1922. Bhí an bheirt in aghaidh an Conradh Angla-Éireannach a bhí sínithe ag an dhá rialtas i mí na Nollag 1921.

Nuair a d'éirigh de Valera as uachtaránacht na Poblachta ar 6 Eanáir 1922, tháinig Ó Ceallaigh ar ais ó Pháras ag lorg comhréitithe a thabharfadh an post ar ais dó. Dhiúltaigh de Valera glan dó - níor thaitin an smaoineamh leis - agus seoladh díreach ar ais go Páras é. 

Coinníodh Ó Ceallaigh faoi ghlas go dtí mí na Nollaig 1923, nuair a bhí an Cogadh Cathartha ar siúl. Chaith sé an dá bhliain ina dhiaidh sin ag obair mar thoscaire chuig na Stáit Aontaithe. 

Nuair a shiúil de Valera amach as Sinn Féin sa bhliain 1926 chun a pháirtí poblachtach féin (Fianna Fáil) a bhunú, lean Ó Ceallaigh ina dhiaidh. Nuair a bhain Fianna Fáil tromlach amach in olltoghchán na bliana 1932, ceapadh de Valera mar Uachtarán na hArd-Chomhairle (Príomh-Aire an tSaorstáit) agus roghnaigh sé Ó Ceallaigh mar Aire Rialtais Áitiúil. San aireacht seo, thuill sé clú conspóideach dó féin mar gheall ar a iarrachtaí chun Seanascal Shaorstát Éireann James McNeill a náiriú go poiblí. Mar shampla, tarraingítí Armbhanna na hÉireann siar as ócáidí oifigiúla ina raibh McNeill i láthair, agus uair mí-chlúiteach eile shiúil Ó Ceallaigh agus Aire Cosanta Proinsias Mac Aodhagáin amach as ócáid taidhleoireachta ina raibh McNeill ann mar aoi oinidh ag an Leagáideacht Fhrancach. Rinne an eachtra seo dochar do cháil agus d'íomhá phoiblí Uí Cheallaigh.

D'fhoilsigh McNeill go leor de na sonraí faoin ábhar, rud a chuir cuma amaideach ar de Valera. D'fhág McNeill an post, agus bhí ar de Valera seanascal nua a fháil, cé go raibh sé ag iarraidh gach uile baint leis an oifig seo a sheachaint. Níor ainmníodh Ó Ceallaigh féin don phost, rud a chuir iontas ar a lán daoine. Níl eolas cruinn ann, ach meastar go raibh amhras ar de Valera faoin bhaint a bhí ag Ó Ceallaigh leis an eagraíocht Caitliceach Rómhánach den eite dheis Knights of Columbanus. Bhí de Valera den tuairim go raibh foinse éigin ag an dream seo sa chomhaireacht, agus ba chosúil go raibh Ó Ceallaigh oiriúnach don jab, b'fhéidir i ngan fhios dó. Cibé an fáth, ni dhearnadh seanascal de agus tugadh an post do Domhnall Ua Buachalla, iar-TD as Contae Chill Dara.




#Article 257: Eoghan Rua Ó Súilleabháin (146 words)


 File as Ciarraí ab ea Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1748 – 29 Meitheamh 1784).

Rugadh Eoghan Rua in aice le Cill Áirne agus a fuair a chuid oideachais i scoil scairte. Bhí sé ina mhúinteoir i nGníomh go Leith, ach b'éigean dó imeacht leis mar gheall ar eachtra náireach éigin. Chaith sé tamall ar muir i gcabhlach na Breataine, tamall ina spailpín agus ina mhúinteoir do chlann Nagle i Mainistir Fhear Maí. Chaith sé tamall chomh maith mar shaighdiúir i Sasana. Bhunaigh sé scoil i gCnoc na Rí. Gortaíodh é tar éis dó aor a scríobh faoin gCornal Cronin agus fuair bás den bhfiabhras go gearr ina dhiaidh sin. Bhí an-cháil air lena linn féin mar fhile agus tugadh 'Eoghan an Bhéil Bhinn' air. Chleachtaigh sé an aisling i measc cineálacha eile filíochta.

Mhaigh Diarmaid Ó Súilleabháin gur fhoghlaim sé an-chuid Gaeilge as saothar Eoghain Ruaidhe.




#Article 258: Maigh Nuad (316 words)


Is baile i gCill Dara in oirthear na hÉireann í Maigh Nuad. Bunaíodh an baile san 18ú haois, ach ainmíodh é ó rí a bhí in Éirinn sa tréimhse réamh-Chríostaí darbh ainm Mogh Nuadhat. Bhí eaglaisí Críostaí sa dúiche ach níor tháinig ann don bhaile go dtí tamall fada ina dhiaidh sin. Bhí caisleán ag na Gearaltaigh i Maigh Nuad ón 12ú haois agus chuir siad coláiste, Coláiste Mhuire, ar bun i 1518, ach dúnadh é sin nuair a tháinig an an tAthleasú Creidimh agus ionradh na dTúdor ar Éirinn. Ba iad Gearaltaigh Chill Dara an chlann Normanach ba chumhachtaí in Éirinn, agus nuair nach raibh ríthe Shasana in ann iad a chur faoi smacht, thug siad ceannas dóibh ar an tír. 

Bunaíodh cliarscoil i Maigh Nuad sa bhliain 1795 chun fir óga a oiliúint mar shagairt Chaitliceacha. Go dtí sin bhí orthu dul thar lear agus ba léir do na húdaráis go raibh tionchar frith-Shasanach ag an oideachas a fuair siad sa Spáinn agus sa bhFhrainc orthu féin agus ar na tuataigh. Chruthaigh Réabhlóid na Fraince deacrachtaí don Eaglais in Éirinn mar gur dúnadh cliarscoileanna agus coláistí Caitliceacha ina dhiaidh. Tugadh postanna do scoláirí Francacha sa choláiste nua. D'fhás an coláiste seo go mear agus meastar gur oileadh os cionn 11,000 sagart ann idir a bhunú agus an lá inniu. Bhíodh idir 500 agus 600 mac léinn ag freastal air de ghnáth. Tugadh aitheantas do Choláiste Mhaigh Nuad mar choláiste ollscoile in Ollscoil na hÉireann sa bhliain 1910, rud a leathnaigh an réimse ábhar a múineadh ann. I 1966 tugadh cead do mhic léinn tuata clárú sa choláiste agus d'fhás a líon go dtí níos mó ná 5,000. 

Feidhmíonn Maigh Nuad anois mar bhaile suain do mhórchathair Bhaile Átha Cliath agus tá an-chuid tithe tógtha timpeall air.

Tá dhá ollscoil suite i Maigh Nuad - Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus Coláiste Phádraig, Má Nuad.




#Article 259: An Brú (501 words)


Paróiste agus baile is ea an Brú. Is mó a thugann Gaeilgeoirí na háite Brú na nDéise mar ainm orthu araon. Bruff atá ag lucht an Bhéarla ar an áit. Tá timpeall is 800 duine ina gcónaí ann.

Tá an baile suite in oirthear Contae Luimnigh, i gceartlár Chlár Geal Mumhan, cúig mhíle déag laisteas de chathair Luimnigh, cúig mhíle lastuaidh de Chill Mocheallóg, cúig mhíle laistiar d'Ospidéal Ghleann Áine agus ocht míle lastoir de Chromadh an tSubhachais. Tá talamh an pharóiste an-mhéith agus cothrom ach amháin maolchnoc a bheith ábhairín soir ón mbaile ar a dtugtar Cnoc an Bhrogha, agus na cnoic atá thart timpeall ar Loch Gair - Cnoc na Gráinsí agus Cnoc Finéil ar bhruach thuaidh Loch Gair, Cnoc Rua ar an mbruach thoir agus Cnoc an Dúin ar an mbruach theas. 

Loch cáiliúil sa stair agus sa bhéaloideas é Loch Gair atá sa chuid thuaidh den pharóiste. Baineann diamhracht éigin leis an loch inniu féin agus tá sé ráite go ngabhann Gearóid Iarla, seantaoiseach na nGearaltach sa cheathrú haois déag mórthimpeall an locha ar a chapall go tráthrialta. Deir daoine eile go bhfuil sé féin agus a chuid gaiscíoch ina suan istigh i bpluais ar shleasa Chnoc an Dúin le hais an locha ag fanacht leis an ngairm a dhúiseoidh as a gcodladh iad chun cogadh a chur ar an Sasanach agus é a ruagairt as Éirinn thar farraige abhaile.

Tá abhainn na Camhaoireach ag rith feadh imeall theas an bhaile. Ar an mbruach theas den abhainn, tá seanlios ar a dtugtar an Binnlisín, nó Binnlisín Aerach an Bhrogha, mar a thug file na háite, Brian Ó Flaitheartaigh, air ina amhrán den teideal céanna. Fonn Ar Éirinn Ní 'Neosainn Cé hÍ atá ag an amhrán agus d'fhéadfaí é a áireamh mar shainamhrán lucht na Gaeilge san áit i gcónaí. 

Sular deineadh taoscadh ar leaba na habhann, bhíodh leac ar a dtugtaí Leac Phádraig tamaillín isteach san abhainn díreach síos ón mBinnlisín. Is baolach gur cartadh an leac i mball éigin le linn na hoibre sin. Deirtí gur ar an leac sin a bhaist Pádraig Naofa, agus é ar a chamchuairt sa dúiche, taoiseach na háite agus a mhuintir.

Trí shéipéal Chaitliceacha atá sa pharóiste: ceann ar an mbaile féin, ceann sa Ghráinsigh agus an tríú ceann i Méanas. Tá seanchaí deireanach na háite, Tomás Ó hAnnáin, ag fanacht leis an aiséirí in éineacht le hiománaithe agus uaisle eile an Bhrogha i reilig an bhaile. Dhá theampall Eaglais na hÉireann a bhíodh sa pharóiste fadó mar a ritheann, ceann i mbun an bhaile atá dúnta le blianta anuas, agus ceann eile i mbaile fearainn na Carraige, míle siar ó chrosaire Bhaile na gCailleach, nach bhfuil rian de fágtha anois.

Bhíodh caisleán ar imeall an bhaile ag na Léisigh anuas go dtí lár an seachtú haois déag. Chaill siadsan a raibh acu i gcogaí in aghaidh na Sasanach. Níl aon rian dá gcaisleán anois ann. 

Tá Caisleán Bhaile Uí Dhroighneáin ina fhothrach maorga míle soir ó dheas ón mbaile.




#Article 260: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (272 words)


Is é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an ollscoil is sine in Éirinn. Tá sé suite i mBaile Átha Cliath, agus is é an t-aon chomhcoláiste atá ann in Ollscoil Átha Cliath.

Ba le linn do rítheaghlach na dTúdor sa Bhreatain a bheith ag leathnú a gcumhacht in Éirinn a bunaíodh Coláiste na Tríonóide. Bhronn bardas Bhaile Átha Cliath tailte seanmhainistreach ar an ollscoil, agus d'fhás sí go mear cé go raibh an saol an-chorrach in Éirinn sa seachtú haois déag. Mar gheall ar na cogaí creidimh idir Caitlicigh, Protastúnaigh agus Preisbitéirigh bhí scoláirí á ndíbirt agus úsáideadh an coláiste mar bheairic d'arm rí Shéamuis II i 1689. 

Bhí rudaí síochánta go leor san ochtú haois déag ach bhí corraíl ann in aimsir na nÉireannach Aontaithe (féach Téobald Wolfe Tone) ag deireadh na haoise sin. Ag tús an fichiú haois rinneadh iarrachtaí láidre chun Coláiste na Tríonóide a nascadh le Ollscoil na hÉireann, ach d'éirigh leis a neamhspleáchas a choinneáil. Tosaíodh ag glacadh le mná mar mhic léinn i 1904 agus ceapadh an chéad bhean mar ollamh tríocha bliain ina dhiaidh sin.

Bunaíodh Coláiste na Tríonóide sa bhliain 1592. Tá an coláiste suite ar thailte seanmhainistreach i lár na cathrach. Protastúnaigh amháin a d'fhreastail ar an choláiste ar feadh na gcéadta bliain, ach ceadaíodh do Chaitlicigh tosú ag staidéar ann tar éis 1793. I measc na ndaoine cáiliúla a bhí ina mic léinn ann bhí Téobald Wolfe Tone, Samuel Beckett, Máire Mhic Róibín, Oscar Wilde, agus Edward Carson. Bhí an scríbhneoir cáiliúil Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain, ina Ollamh le Gaeilge ann ar feadh scaithimh. 

Ollúna le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide:




#Article 261: Reilig Montparnasse (153 words)


Mic léinn a bhaist an t-ainm Mont Parnasse (Sliabh Pharnassus) ar an gcomharsanacht seo i bPáras na Fraince mar gheall ar gurbh ann a thagaidis le chéile chun filíocht a aithris. Tógadh an 'Boulevard Montparnasse' le linn na Réabhlóide agus bhíodh an-chuid hallaí damhsa agus amharclanna ann. Ba é an ceantar seo croílár an tsaoil ealaíonta i bPáras i dtús an fichiú haois agus ba ann a thagadh leithéidí Picasso, Modigliani, Soutine, Zadkine, Apolinaire, Max Jacob, Hemingway, Fargue, Breton, Cocteau, Henry Miller agus mórán scríbhneoirí, scannánóirí, péintéirí agus fiú lucht réabhlóide (Lenin, Leon Trotscaí) le chéile. Tá an áit lán de phictiúrlanna agus bialanna i gcónaí agus is breá an áit spaisteoireachta é de ló agus d'oíche.

Tá Reilig Montparnasse ar nós faiche, agus is ann atá daoine fíorcháiliúla ar nós Jean Paul Sartre, Simone de Beauvoir, Baudelaire, Maupassant, an Captaen Alfred Dreyfus, Eugene Ionesco, Samuel Beckett, Serge Gainsbourg, agus Jacques Chirac curtha. 




#Article 262: Erskine Hamilton Childers (312 words)


Ba é Erskine Hamilton Childers ceathrú hUachtarán na hÉireann (11 Samhain 1905 – 17 Samhain 1974).   Ba mhac é le Robert Erskine Childers (féach Asgard), scríbhneoir agus náisiúnaí a bhí páirteach sa ghluaiseacht ar son neamhspleáchas na hÉireann.  Bhí sé ina aire i gcúig rialtas sular toghadh ina Uachtarán é in 1973. Bhásaigh sé go tobann tar éis dó a bheith aon bhliain agus cúig mhí in oifig.  

I Londain, Sasana a rugadh Erskine Hamilton Childers. Ach toghadh a a hathair i gCill Mhantáin.  

Tar éis dó a bheith ina chónaí i Sasana agus sa bhFrainc, tháinig sé go Baile Átha Cliath in 1931 lena bheith ina Bhainisteoir Fógraíochta don nuachtán nuasheolta Scéala Éireann (Irish Press le De Valera). Idir 1936 agus 1944 bhí sé ina Rúnaí ar Chonaidhm Dhéantúsóirí na hÉireann. 

Bhí Childers ina Theachta Dála ó 1938, an bhliain a ndearnadh saoránach Éireannach de, go dtí 1973.  

Bhí postanna éagsúla aige sa Dáil i gcomhaireachtaí Fhianna Fáil faoi Eamon de Valera, Seán Lemass agus Jack Lynch (Seán Ó Loingsigh). Idir 1944 agus 1948 bhí sé ina Aire Sóisearach agus idir 1951 agus 1954 agus arís idir 1957 agus 1973, bhí sé ina aire i roinnt ranna rialtais éagsúla i ndiaidh a chéile. Bhí sé ina Thánaiste chomh maith idir 1969 agus 1973. 

Phós Erskine Childers Ruth Dow in 1925 agus in aois 20 bliain dó. Tar éis a báis, phós sé Rita Dudley in 1952.

Bhí Childers ina Thánaiste ó 1969 go dtí gur toghadh mar Uachtarán na hÉireann é. 

Ar an 25 Meitheamh 1973 insealbhaíodh Childers mar cheathrú Uachtarán na hÉireann.

D'oibrigh sé go dian mar Uachtarán agus fuair sé taom croí go tobann agus é in oifig ar an 17 Samhain 1974. Bhí óráid faoi scíth  íoga á thabhairt aige ag an am i gColáiste Ríoga Lianna, Baile Átha Cliath.   Ní raibh ach 69 bliain d’aois slánaithe aige.




#Article 263: Pádraig Ó hIrighile (209 words)


Polaiteoir Éireannach, agus iar-Uachtarán ar Phoblacht na hÉireann ab ea an Dochtúir Pádraig Ó hIrighile (2 Bealtaine 1923 - 12 Aibreán 2008), an séú ceann a chaith dhá théarma san oifig idir na blianta 1976 agus 1990.

Dochtúir leighis a bhí ann, sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht.

Rugadh Pádraig Seán Ó hIrighile (Béarla: Patrick John Hillery) i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir i 1923. 

Toghadh Ó hIrighile mar Theachta Dála do dháilcheantar an Chláir i 1951.

Ceapadh ina Aire Oideachais é i 1959. Bhí postanna éagsúla eile aige i gcomhaireachtaí Fhianna Fáil. 

Bhí Ó hIrighile i mbun na gcainteanna a thug Poblacht na hÉireann isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1973. Sna 1960idí mheas formhór an domhain nach raibh in Éirinn ach oileán gan aird, a bhí fós ag coimheascar chun a háit sa domhan a aimsiú beagnach leathchéad bliain tar éis neamhspleáchas a bhaint amach ón Ríocht Aontaithe. Sna blianta sula rinneadh ballstát di, bhíodh ceannairí polaitiúla, amhail Ó hIrighile, ag argóint gur san Eoraip a bhí todhchaí na hÉireann.

Bhí sé ina Leas-uachtarán ar Choimisiún na hEorpa agus ina Choimisinéir go dtí an bhliain 1976. 

Insealbhaíodh Ó hIrighile mar Uachtarán na hÉireann ar an 3 Nollaig 1976. Chaith sé dhá thréimhse mar Uachtarán.




#Article 264: Máire Mhic Róibín (1439 words)


Ba í Máire Treasa Úna Mhic Róibín, nó Mary Robinson (21 Bealtaine 1944 a rugadh í) a bhí ina seachtú hUachtarán ar Éirinn, ó 1990 go 1997, agus ba í an chéad bhean sa phost sin. Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Chearta an Duine ab ea í ó 1997 go 2002. Chaith sí sealanna freisin mar iníon léinn, abhcóide, bean feachtais agus ball de Sheanad Éireann (1969-1989). Sa lá atá inniu ann, caitheann sí formhór a cuid ama mar ghníomhaíoch ar son cearta daonna agus bíonn cónaí uirthi i Maigh Eo agus i Nua-Eabhrac.

Rugadh Máire Treasa Úna Mhic Róibín (née de Búrca) ar an 21 Bealtaine 1944 i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo. Ba dhochtúirí leighis a tuismitheoirí, Aubrey agus Tess. Bhí ceathrar mac acu agus ba í Máire an t-aon iníon a rugadh dóibh.

D’fhreastail sí ar Mheánscoil Mount Annville i mBaile Átha Cliath agus bhain sí céimeanna dlí amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus i Scoil Dlí Harvard. Phós sí Nicholas Robinson i 1970. Tá triúr leanaí acu: iníon agus beirt mhac.

Bhain Máire Mhic Róibín cáil amach go luath ina saol mar acadóir, mar abhcóide, mar bhean feachtais agus mar Sheanadóir. 

Glaodh chun Bharra na hÉireann uirthi sa bhliain 1967 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1980. Glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige uirthi chomh maith, sa bhliain 1973. Bhí sí ar fhoireann dhámh an dlí i gColáiste na Tríonóide ó 1968 go 1990 (mar Ollamh Reid le reachtaíocht phionósach, leis an dlí bunreachtúil agus an dlí coiriúil agus le dlí na fianaise 1969-75 agus mar léachtóir le dlí Chomhphobal na hEorpa 1975-90). Sa bhliain 1988, in éineacht lena fear céile Nick, chuir sí Ionad na hÉireann um an Dlí Eorpach ar bun i gColáiste na Tríonóide.

Toghadh í do Sheanad Éireann, mar ionadaí neamhspleách, den chéad uair i 1969 mar dhuine de thriúr ball an tSeanaid d'Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide). Chuaigh sí i mbun feachtas ar réimse leathan ceisteanna liobrálacha. I measc na saincheisteanna bhí: go mbeadh cead ag mná suí ar ghiúiréithe, go gcuirfí deireadh leis an gcosc a bhí ar mhná pósta a gcuid post sa státseirbhís a choimeád agus go mbeadh fáil dhleathach ar ghairis frithghiniúna. D’oibrigh sí ar feadh na mblianta mar chomhairleoir don fheachtas um athchóiriú an dlí i gcoinne na homaighnéasachta i dteannta David Norris, a bheadh ina sheanadóir d’Ollscoil Bhaile Átha Cliath ar ball.

Chláraigh Máire Mhic Róibín mar bhall de Pháirtí an Lucht Oibre i mí Iúil 1976. Ach níor éirigh lena hiarrachtaí go dtoghfaí ina Teachta Dála í. Ar dhá ócáid - sa bhliain 1977 agus arís i 1981 - sheas sí don Dáil ach theip uirthi. Ní raibh caidreamh éasca aici leis an bPáirtí ach an oiread.

Ghlac sí páirt shuntasach san fheachtas chun an suíomh stairiúil Lochlannach ar Ché an Adhmaid i mBaile Átha Cliath a shábháil. Ach sa deireadh d’éirigh le Bardas Bhaile Átha Cliath ceanncheathrú nua riaracháin a thógáil ar an láthair sin.

Sa bhliain 1985 d’éirigh sí as Páirtí an Lucht Oibre mar agóid faoin gComhaontú Angla-Éireannach a shínigh comhrialtas Ghearóid Mhic Gearailt le rialtas na Breataine faoi Margaret Thatcher. Bhí Bean Mhic Róibín den tuairim gur chóir dul i gcomhairle le polaiteoirí aontachtacha Thuaisceart Éireann maidir leis an gComhaontú, cé gur leasc leo siúd cumhacht pholaitiúil a roinnt le páirtithe eile ag an am sin.

Chaith sí ceithre bliana eile sa Seanad agus i 1989 shocraigh sí gan a hainm a chur ar aghaidh do thoghchán an tSeanaid arís.

An bhliain dár gcionn, 1990, bhí toghchán uachtaránachta le bheith ann mar bhí an Dr. Pádraig Ó hIrighile le héirí as tar éis dhá thréimhse seacht mbliana a chaitheamh ina Uachtarán. Tháinig ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Dick Spring, chuig Máire Mhic Róibín ag fiafraí di an mbeadh sí sásta a bheith ina hiarrthóir do Pháirtí an Lucht Oibre sa toghchán. Ghlac sí leis an tairiscint agus ba í an chéad ainmní ag Lucht Oibre agus ba í an chéad bhean riamh mar iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta in Éirinn.

Léirigh sí arís is arís eile gur smaointeoir neamhspleách í. lomaí duine a dhearfadh anois go raibh sí ar an imeall; ní duine den ghnáth-chultúr polaitíochta firinn í Máire Mhic Róibín. Cén fáth mar sin ar roghnaigh Páirtí an Lucht Oibre í mar iarrthóir don uachtaránacht? Bhí Dick Spring cinnte go raibh sé in am do dhuine níos óige, níos fuinniúla seasamh don phost. Dar le Fergus Finlay, scríobh sé féin agus John Rogers cur síos, as an nua, do phost an Uachtaráin.

Ritheadh feachtas toghchánaíochta a bhí crua, láidir, ilghnéitheach. Thaistil an t-iarrthóir timpeall na tíre ag cur lena cuid tacaíochta i gcónaí, go mór-mhór i measc mhná na hÉireann.

B’as Tuaisceart Éireann iarrthóir Fhine Gael, Austin Currie. Cé go raibh obair fhónta pholaitiúil déanta aige mar chomhalta de Pháirtí Sóisialach agus Daonlathach an Lucht Oibre i dTuaisceart Éireann, ní raibh mórán aithne ag muintir na Poblachta air. Anuas air sin ní raibh sé sásta leis an socrú a rinneadh maidir le haistriú vótaí idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Tuigeadh dó go raibh i bhfad níos mó spéise ag na meáin chumarsáide in iarrthóireacht Mhic Róibín agus, ar aon nós, níor thaitin Máire Mhic Róibín leis mar dhuine.

Ba é Brian Ó Luineacháin, an Tánaiste, an t-iarrthóir a bhí ag Fianna Fáil. Fear éirimiúil, gealgháireach a raibh aithne mhaith ag an bpobal air ab ea é. Bhíothas cinnte ag tús an fheachtais gur aige a bheadh an bua. Bhí Ó Luineacháin i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna.

Ach ar 26 Deireadh Fómhair 1990, bhris an scannal on mature recollection amach. Ach thug na bréaga ó Brian Lenihan seans do Mháire Mhic Róibín (duine ón taobh amuigh ag an am). Sa deireadh, ba í Máire Mhic Róibín an chéad bhean agus an chéad iarrthóir ó Pháirtí an Lucht Oibre a bhain amach post na hUachtaránachta in Éirinn.

Ar 3 Nollaig 1990 insealbhaíodh Máire Mhic Róibín ina seachtú hUachtarán ar Éirinn. Thug sí saintréithe tábhachtacha léi chuig a post nua: intinn liobrálach, meabhair dhomhain, taithí pholaitíochta agus eolas forleathan ar an dlí. Chuir sí suim faoi leith sa diaspóra Éireannach - an líon mór imirceach Éireannach agus daoine gur de bhunadh Éireannach a sinsear scaipthe ar fud na cruinne. Chuir sí solas ar síorlasadh i gceann de na fuinneoga in Áras an Uachtaráin, a bhí le feiceáil ag an bpobal ón mbóthar, mar shiombail cuimhneacháin ar an diaspóra seo.

Chuir sí fáilte roimh chumainn spóirt, roimh ghrúpaí ón earnáil dheonach agus charthannachta agus roimh lucht léinn go dtí Áras an Uachtaráin. Thug sí cuairt ar mhisinéirí ó Éirinn ag obair thar lear, ar chumainn phobail i dTuaisceart Éireann, ar imeachtaí spóirt idirnáisiúnta, ar an bPápa, ar an Dalai Lama. Le linn a tréimhse mar Uachtarán thug sí dhá aitheasc os comhair Thithe an Oireachtais. Dúradh ag an am go raibh na horáidí rófhada agus doiléir.

Thug an tUachtarán Mhic Róibín cuairt ar Ruanda áit ar tharraing sí aird an domhain mhóir ar an bhfulaingt agus ar an ocras sa tír mar thoradh ar an gcogadh cathartha. I ndiaidh na cuairte sin labhair sí ag preasagallamh agus bhí na deora léi. Thaispeáin an eachtra sin taobh bog, mothálach an Uachtaráin nach raibh feicthe ag an bpobal roimhe sin.

D'éirigh Máire Mhic Róibín as oifig mar Uachtarán an 12 Meán Fómhair 1997 chun glacadh le ceapachán mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna. Ról abhcóideachta a bhí ina post nua, ag leagan amach cláir chearta daonna taobh istigh de na Náisiúin Aontaithe agus go hidirnáisiúnta. 

Ba í an chéad Ard-Choimisinéir um Chearta Daonna a thug cuairt ar an Tibéid, i 1998. Rinne sí clamhsán le rialtas na Stát Aontaithe maidir lena pholasaí i leith phionós an bháis. Tháinig deireadh lena tréimhse mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna i 2002 agus í faoi bhrú ag Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Chuir sí Fíorú na gCearta: an Tionscnamh um Dhomhandú Eiticiúil (2002-10) ar bun.

I samhradh na bliana 2007 thug Nelson Mandela, Graça Machel agus Desmond Tutu grúpa de cheannairí an domhain le chéile lena saíocht, a gceannaireacht agus a n-ionracas a chur ag obair chun fadhbanna móra an chine dhaonna a fhuascailt. Tugadh cuireadh do Mháire Mhic Róibín a bheith ina ball de Na Saoithe. B'é an tArdeaspag Tutu cathaoirleach na meithle.

In Eanáir 2009 ceapadh Máire Mhic Róibín ina ceannaire ar an gCoimisiún Idirnáisiúnta Dlí-eolaithe. Bhronn Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Barack Obama, Bonn Saoirse an Uachtaráin uirthi ar 12 Lúnasa 2009, as a cuid oibre ar son cearta daonna.

Tá sí ina hUachtarán ar Fhoras Mháire Mhic Róibín - Ceartas Aeráide.




#Article 265: Doire (564 words)


Is í Doire   (Doire Cholm Cille, nó Doire Calgaigh), () an dara cathair is mó i dTuaisceart Éireann. Tá an chathair suite ar dhá thaobh an Fheabhail.

Sa séú haois bhunaigh Colm Cille (521-597) mainistir ansin, agus tugadh Doire Cholm Cille ar an áit in ómós dó. Tá fianaise ann áfach go raibh cónaí ar dhaoine sa chomharsanacht na mílte bliain roimhe sin agus tá iarsmaí seandálaíochta ar fud na háite. Ón gcrann darach a thagann an t-ainm sin Doire. agus is é bunbhrí leis ná coill darach, dairchoill. Bhí an-rath ar an mainistir faoi cheannas chlann Mhic Lochlainn sna meánaoiseanna agus is cosúil nár ionsaigh na Lochlannaigh riamh í. Chaith na Normannaigh seal gearr sa chathair ach tháinig na Gaeil i gceannas arís go gasta. Thóg na Dochartaigh caisleán ansin timpeall na bliana 1500.

Ghabh arm Sasanach seilbh ar an gcathair agus ar an mainistir ag tús na seachtú haoise déag. Bhí an-tábhacht leis an ngarastún a bhunaigh na Sasanaigh i nDoire le linn an chogaidh in éadan Aodh Uí Néill, ó bhí siad ábalta seilbh a choinneáil uirthi le linn d'arm na nGael a bheith buacach ar fud Chúige Uladh go dtí 1601. Scrios Cathaoir Ó Dochartaigh an chóilíneacht Shasanach áfach sa bhliain 1608, cé go raibh sé ag troid ar son na Sasanach in aghaidh Uí Néill. Ba ansin a cuireadh Plandáil Uladh ar bun. Tógadh an chathair as an nua agus tugadh 'Londonderry' mar ainm uirthi mar gur comhlachtaí ó Londain a bhí i mbun na plandála. D'fhás an chathair go han-mhall agus ní raibh ach 2,000 duine ina gcónaí ansin timpeall na bliana 1680. 

Rinne an Rí Séamus II iarracht an chathair a ghabháil sa bhliain 1689 ach bhí an lucht cosanta ábalta seasamh ina choinne go dtí gur tháinig an cabhlach chun fortachta orthu. Bíonn aontachtóirí agus dílseoirí na cathrach ag comóradh léigear Dhoire ar an 12 Lúnasa gach bliain. 

D'fhás Doire go mór sa naoú haois déag mar gheall ar an tionsclaíocht. Bhí monarchana léinte agus línéadaigh sa chathair agus sna bailte máguaird. Ach tar éis Chríochdheighilt na hÉireann tháinig meath ar an gcathair agus bhí dífhostaíocht an-ard ann, go háirithe i measc na gCaitliceach a bhí ina dtromlach sa chathair. Thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair sna seascaidí. Rinne Rialtas na Sé gContaetha iarracht an ghluaiseacht cearta sibhialta a chur faoi chois le lámh láidir, ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin. Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí círéibeacha fuilteacha ann ón mbliain 1968 i leith. Rinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar Caitliceach, sa bhliain 1972, ach lean feachtas buamála agus maraithe ar aghaidh ar feadh breis is fiche bliain eile. De réir a chéile rinneadh iarracht caighdeán tithíochta na cathrach a fheabhsú agus na cearta céanna a chinntiú do gach duine. Anois, tá an chathair ag bláthú le deich mbliana anuas, go háirithe ó chuir na Sealadaigh deireadh lena bhfeachtas míleata.

Tá cónaí ar timpeall ochtó míle duine i nDoire anois.

Is é CLG Chontae Dhoire cumann CLG an chontae, agus glacann foirne ón chontae páirt i gCraobh Uladh, Craobh na hÉireann agus na Sraitheanna Náisiúnta. Imrítear cluichí baile an chontae i bPáirc na gCeilteach sa chathair.

Tá foireann sacair de chuid Sraith na hÉireann lonnaithe sa chathair fosta - Cathair Dhoire a thugtar orthu. Imríonn siadsan a cluichí baile i dTobar an Fhíoruisce.




#Article 266: Ocsaigin (337 words)


Is dúil cheimiceach neamh-mhiotalach í an ocsaigin a bhíonn le fáil go flúirseach san atmaisféar. Faoi na gnáth-imthoscaí, bíonn adaimh na hocsaigine ceangailte dá chéile ina móilíní dé-adamhacha. Is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná O. Is é a hocht (8) an uimhir adamhach atá aici, agus is é an meáchan adamhach atá aici ná 15.999.

Leis an teocht chaighdeánach agus faoin mbrú caighdeánach, is gás í an ocsaigin nach bhfuil boladh aisti ná dath inti. Dúil an-imoibríoch í an ocsaigin, agus mar sin, is dual di fanacht ceangailte do dhúile eile i gcomhdhúile ceimiceacha ar a dtugtar ocsaídí. Is í an ocsaigin an dara dúil is leictridhiúltaí amuigh, nó níl ach an fluairín níos fonnmhaire mar ghlacóir leictreon. Dá thoradh sin, tógann sé cuid mhaith fuinnimh an ocsaigin a shaoradh as na hocsaídí agus a aonrú, agus is fiú an cheist a chur, cén fáth a bhfuil an oiread sin ocsaigine san atmaisféar agus atá. Is é an freagra ná gurbh iad na baictéir agus na haircéabaictéir anaeróbacha sa Ré Phailéa-Phrotarasóch (2.5 billiún - 1.6 billiún bliain ó sin) a thál an ocsaigin sin mar sheachthoradh dá meitibileacht. Creidtear, fiú, gur ghlac an chuid ba mhó de na beothaigh a bhí ann san am sin leis an ocsaigin mar a bheadh nimh ann, agus gur thug an gás nimhe seo a mbás, fiú. An chuid ba mhó de na horgánaigh bheo a fágadh nó a forbraíodh ar dhroim an domhain ina dhiaidh sin, bhí siad ábalta leas a bhaint as an ocsaigin, an duine daonna san áireamh. 

Tá an ocsaigin le fáil go raidhsiúil san atmaisféar. Is í fótaisintéis na bplandaí a tháirgíonn í, agus í ag teastáil ó na hainmhithe go géar le haghaidh na riospráide aeróbaí - is é sin, tarraingt na hanála. B'é Antoine Laurent de Lavoisier a d'ainmnigh an ocsaigin, agus is é is ciall leis na focail Ghréigise as ar chum sé an t-ainm ná cruthaitheoir an aigéid, ó shíl sé go raibh ocsaigin le fáil sna haigéid ar fad. 




#Article 267: Dochtúir teaghlaigh (183 words)


Dochtúir teaghlaigh (general practitioner nó G.P. as Béarla) a thugtar de ghnáth i nGaeilge ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar gach sórt othar i measc an phobail. Déanann sé nó sí scrúdú ar an duine, agus ordaíonn sé leighis i bhfoirm piollaí nó i bhfoirm eile. Is é a bhíonn i gceist le gnáthdhochtúir.

De ghnáth, déanann sé freastal ar othair ina sheomra freastal, agus sa lá atá inniu ann téann cuid mhór dochtúirí leighis i gcleachta i dteannta a chéile i ngrúpaí. Mar sin, is fearr is féidir leo freastal ar ghlaonna práinneacha san oíche nó ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin, is mó teacht a bhíonn ag an dochtúir agus ag a chomhghuaillithe ar uirlisí leighis agus cabhair chléiriciúil agus altranais i gcleachta grúpa.

I gcásanna áirithe, cuireann an dochtúir chuig saineolaí nó comhairleoir leighis an othar, chun dianscrúdú a chur air, nó chun freastal ar chásanna an-tinn nó níos casta ná an gnás.

I ndiaidh céime ollscoile sa leigheas a bhaint amach, déanann an dochtúir teaghlaigh traenáil ar feadh ceithre bliana eile i ngnéithe éagsúla den leigheas.




#Article 268: Teangacha Gaelacha (225 words)


Is iad trí teangacha den chineál céanna iad na teangacha Gaelacha: Gaeilge, Gaeilge Mhanann, agus Gaeilge na hAlban. Síolraíonn siad go leor ón tSean-Ghaeilge a labhraíodh in Éirinn, agus ba theanga scríofa í ón 8ú haois agus roimhe. 

Is dream amhain den fine teangacha Ceilteacha é an dream Gaelach (nó Q-Ceilteach), agus is é an ceann é an fine Breatnach (nó P-Cheilteach).

Rinne Gaeil as Éirinn ruaigeanna, agus ina dhiaidh sin churadar fúthu in iardheisceart na hAlban. Thugadar an Ghaeilge leo, agus de réir a chéile ba í an Ghaeilge an gnáth-theanga i gcuid is mó d'Albain go dtí an 17ú haois.

Bhí tionchar na Gaeilge go láidir freisin in Oileán Mhanann, agus cé gur cailleadh an cainteoir dúchais deiridh i nGaeilge Mhanann i lár an 20ú haois, tá daoine fós ag saothrú na teanga ar chúiseanna cultúrtha agus oidhreachta. 

Sna sean-scríbhinní bhí an Gaedhealg mar fhoirm coitianta ar theanga dúchasach na hÉireann, ach bhí raidhse bealaí lena rá, maille le leaganacha eile. Féach tús an ailt Gaeilge. Ach leis an gcaighdeánú litriú agus gramadaí a rinneadh san am ar chuir rialtas Saorstát Éireann an cló Rómhánach ar an teanga, féachann ainmneachas na saghasanna Gaeilge, chomh maith le roinnt mhaith eile d'ábhar na dteanga, níos faide óna chéile.

Is iad na teangacha Gaelacha, agus ainm na teangan i dteanga na tíre féin á leanúint, ná:




#Article 269: An Bhreatnais (855 words)


Ceann de theangacha oifigiúla na Breataine Bige is ea an Bhreatnais ar a dtugtar freisin an Chomraig. Is í an ceann is láidre de na teangacha i gcraobh Bhreathnach na dteangacha Ceilteacha, ar a dtugtar freisin an chraobh P-Cheilteach.

Tá cumas éigin Breatnaise ag tuairim is 25% de phobal na Breataine Bige, agus baineann 8-10% úsáid aisti go tráthrialta.

Tá líon na gcainteoirí ag fás sa Bhreatain Bheag, go háirithe i measc na glúine óige, agus dealraíonn sé go bhfuil todhchaí na Breatnaise réasúnta sábháilte i gcomparáid leis na teangacha Ceilteacha eile.De réir dealraimh, tá thart ar 5.000 cainteoir Breatnaise i gCúige Chubut de chuid Phatagóin na hAirgintíne. logo .

Tá oideachas ar fáil tríd an mBreatnais i mbeagnach gach réimse. Is ábhar éigeantach í an Bhreatnais do gach dalta sa Bhreatain Bheag idir 5 agus 16 bliana d'aois i scoileanna poiblí.

Bíonn an Bhreatnais á craoladh ar chainéal teilifíse S4C agus ar an raidió sa Bhreatain Bheag.

Tá roinnt cearta dlíthiúla ag lucht a labhartha, mar shampla an ceart cumarsáid a dhéanamh leis an rialtas i mBreatnais agus chun an teanga a úsáid sa chúirt agus sa Tionól Náisiúnta.

Chinn Rialtas na Breataine sa bhliain 2017 go gceadófaí úsáid na Breatnaise i ndíospóireachtaí parlaiminte

Is teanga scríofa í ó 600 A. D., cé nach bhfuil lámhscríbhinní slán ón tréimhse sin. Tá traidisiún liteartha na Breatnaise gan bhriseadh go dtí an lá atá inniu ann. 

Sampla den litríocht ná an Mabinogi, filíocht Bhreatnaise ón Meánaois agus is cuid é de stór litríochta na hEorpa. 

Níl sé go hiomlán cinnte cén uair a tháinig na Ceiltigh is a dteanga(cha) siúd chuig na hoileáin seo, is é sin le rá Éire agus an Bhreatain. 

Is eol go raibh na teangacha Breatnacha á labhairt thart faoin gcuid is mó d'oileán na Breataine faoin am gur bhain na Rómhánaigh amach an áit. Tharla athruithe móra le teacht na Rómhánach. Bhí go leor daoine dátheangach sa teangain Bhreatnach, mar a bhí san am, agus sa Laidin, go háirithe i ndeisceart na Breataine (an ceantar is mó a bhain le sibhialtacht na Róimhe, oirdheisceart na Breatnaine Bige san áireamh). Is dóigh gurbh í an Laidin teanga an riaracháin agus nach raibh sa Bhreatnais ach teanga labhartha amháin. Fuarthas focail go leor ar iasacht ón Laidin ach ní raibh tionchar na Laidine ar an teangain Bhreatnach chomh láidir is a bhí ar theangacha Ceilteacha na mór-roinne. Bhí greim Impireacht na Róimhe agus na Laidine ar an mBreatain beagán ní ba scaoilte, b'fhéidir, ná mar a bhí ar an nGaill, mar shampla. I ndiaidh imeacht na Rómhánach, laghdaíodh ar thionchar a gcuid teangan go dtí nár fágadh í ach mar theanga scríofa.

Ag an am céanna, bhí an teanga Bhreatnach ag athrú. I ndiaidh do na Rómhánaigh teacht ar an bhfód, chaill an seanteanga Bhreatnach a stádas mar theanga cheannaireachta i gcuid mhaith de chríocha na Breataine. Bhí leagan amach na teangan á dhíchobhsú ag an Laidin. 

Tugtar Luath-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann ó thús dara leath na séú haoise (thart ar 550 A. D.) go dtí deireadh na hochtú haoise.  

Tháinig an Chríostaíocht chun na Breataine le linn na tréimhse sin agus laghdaíodh údarás shagairt an tseanchreidimh agus an tionchar a bhí acu. B'iad sin a chaomhnaíodh na sean-nósanna lena n-áirítear na sean-chleachtais teangan. Le linn an ama seo, dealraíonn sé gur tharla athruithe sa teanga Bhreathnach ó thaobh gramadaí de agus forbairtí eile atá mar shaintréithe theanga na Breatnaise mar a labhraítear anois í. Mar gheall ar an easpa fhianaise scríofa, ní féidir a rá go cinnte cén uair a tharla na hathruithe teangeolaíochta seo. Cé gur síleadh tráth go raibh an Bhreatnais scartha ón mBriotáinis, mar shampla, faoin séú haois, is é meas na scoláirí anois nár theanga scoite a bhí inti go dtí go luath sa dara leath den aois sin.

Níl ach cúpla clochscríbhinn fágtha ón tréimhse sin, ach tá tagairt di i saothar Bhéid, Historia ecclesiastica gentis Anglorum (Stair Eaglasta na Sasanach) agus roinnt logainmneacha. Tá an sliocht Breatnaise ó lámhscríbhinn is sine dá bhfuil againn le fáíl i Llyfr Sant Chad atá i seilbh Ardeaglais Chaerlwytgoed i Sasana. Is sliocht dlíthiúil atá ann.

Tugtar an tSean-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann idir an 9ú haois agus deireadh an 11ú haois. Tá breacscríbhinní i Sean-Bhreatnais ar cháipéisí Laidine ón tréimhse sin a tháinig slán.  

Tá roinnt lámhscríbhinní ón 12ú haois ann freisin gur macasamhala iad de lámhscríbhinní ní ba shine nó gur taifid de bhéaloideas níos sine iad. Tugann na giotaí scríofa fianaise i dtaobh Breatnaise na linne sin ach tá an fhianaise seo débhríoch go leor. Ní thugann siad mórán leide i dtaobh fhuaimeanna na Breatnaise nó an é go bhfuil na fuaimneanna sin ag athrú.

Tugtar an Mheán-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann idir an 12ú agus an 14ú haois. Is ón tréimhse seo an Mabinogi. Bhí focail iasachta ag teacht isteach ón Laidin agus ón bhFraincis ag an am seo mar thoradh ar aistriúcháin. 

I ndiaidh na tréimhse seo, tháinig athrú ar an teanga ó thaobh cháilliúnt roinnt leaganacha de na briathra de agus roinnt réamhfhocal pearsanta.




#Article 270: Aodh Ó Néill (946 words)


Rugadh Aodh Ó Néill (1550 - 20 Iúil, 1616), Iarla Thír Eoghain, i 1550. Mac a bhí ann leis an bhFeardorcha Ó Néill, fear a rabhthas in amhras faoina dhlisteanacht, ach a bhí aitheanta mar mhac ag Conn Bacach Ó Néill, an chéad duine a ainmníodh mar Iarla Thír Eoghain ag Rialtas na Breataine. 

Maraíodh an Feardorcha (nó Maitiú mar a thugtaí air chomh maith) agus na mic ba shine aige sa chogaíocht leanúnach a bhí idir Seán Ó Néill (Seán Donnaighleach), agus a ghaolta.

Tógadh an Niallach i gcúirt na Sasana (ó naoi mbliana d'aois), áit a bhfuair sé oiliúint i mbeartaíocht na cogaíochta agus in ealaín na taidhleoireachta. Bhain sé úsáid mhór as an dá scil seo níos déanaí.

Rinneadh Barún Dhún Geanainn d'Aodh sa bhliain 1562. Chaith sé cuid mhaith dá óige le muintir Hoveneden sa Pháil. 

D'fhill an Niallach ar Chúige Uladh sa bhliain 1567, tar éis do Sheán bás a fháil. Bhí an-mheas ar a intleacht ó thús, ach níor léir riamh go raibh tuairimí láidre creidimh aige. 

Chabhraigh Ó Néill leis an tiarna Essex tailte Chlann Aodha Buí a scrios i 1574, agus chuidigh sé le hIarla Urmhumhan tailte na nGearaltach a bhánú i 1580. Bhí suíochán tiarna aige i bParlaimint Perrot i 1585 agus bhí sé i bpáirt le Perrot sa bhfeachtas in aghaidh na nAlbanach i gCúige Uladh.  

Mar gheall ar a dhílseacht do rialtas Shasana, rinneadh Iarla Thír Eoghain de. Mar sin ghlac an Niallach seilbh ar na tailte uile a bhí ag a sheanathair. Ach bhí deacrachtaí aige le dlíthe Shasana a chur i bhfeidhm cé gur thug sé geallúintí go leor go raibh a dhícheall á dhéanamh aige. 

Rinne an Niallach namhaid de Marshall Bagnal nuair a phós sé deirfiúr an fhir sin in ainneoin go raibh bean chéile aige cheana féin. Ag an am sin, 1594 bhí na tiarnaí Gaelacha eile i gCúige Uladh ag éirí amach in aghaidh Shasana - Ó Domhnaill, Mag Uidhir agus Mac Mathúna, agus chuaigh deartháir Aoidh i bpáirt leis na ceannaircigh. 

Cuireadh i leith Uí Néill go raibh comhghuaillíocht bunaithe aige le Rí na Spáinne agus leis an bPápa agus go raibh teideal Gaelach, Ó Néill á úsáid aige. 

D'ordaigh a Bhanríon an Niallach a ghabháil ach d'éalaigh sé as Baile Átha Cliath go Tír Eoghain agus i 1595 d'éirigh sé amach go hoscailte in aghaidh na Sasanach. Bhí arm maith curtha le chéile le tamall aige, agus neart armlóin acu, agus ba cheannaire míleata an-éifeachtach é. Chloígh sé arm Sasanach ag Cluain Tiobraid, ach lean sé air ag maíomh go raibh sé dílis don Bhanríon agus go raibh síocháin uaidh. 

D'éiligh an Niallach saoirse do Chaitlicigh Uladh, ach diúltaíodh dó agus thosaigh an chogaíocht arís i 1597. Rinne Henry Bagenal  ionradh ar Chúige Uladh le cúig mhíle fear ach bhuaigh Ó Néill an cath a troideadh ag Béal an Átha Buí.

Cuireadh ceannairí nua anonn as Sasana, an Tiarna Mountjoy agus George Carew. D'éirigh leo sin Cúige Mumhan a chur faoi chois. Mar sin, nuair a tháinig an chabhair a bhí iarrtha ag Ó Néill ón Spáinn go Cionn tSáile, bhí arm Shasana ábalta iad a chur faoi léigear láithreach. 

Bheartaigh ceannairí Uladh ar a gcuid saighdiúirí a thabhairt aduaidh. Thimpeallaigh siad na Sasanaigh, ach ní raibh taithí ag na Gaeil ar an gcineál cogaíochta a cleachtadh ar thalamh oscailte na Mumhan.

Bhí bua éasca ag marcshlua Shasana orthu. Chúlaigh na hUltaigh abhaile agus lean orthu ag troid ar feadh cúpla bliain eile.

Ghéill an Niallach faoi dheireadh nuair a gealladh pardún dó i 1603, ach cé gur bronnadh a chuid tailte ar ais air, bhí fiach leanúnach ar bun ag seirbhísigh agus ag 'adventurers' Sasanacha ar a chuid tailte féin agus ar thailte a chomhghleacaithe, féachaint lena theideal orthu a leagan. Mar gheall ar an ngéarleanúint a lean ar aghaidh, agus ar an gcontúirt go gcuirfí tréas fós ina leith, bheartaigh sé féin agus na taoisigh eile a bhí fágtha imeacht chun na Mór-Roinne ag iarraidh cabhair ar an Spáinn. 

Tugtar Teitheadh nó Imeacht na nIarlaí ar a n-imeacht. Thug long Bhriotánach go calafort le Havre iad agus chuaigh an Niallach as sin go dtí Coláiste Naomh Antaine i Lováin san Ísiltír Spáinneach, agus as sin chun na Róimhe. Tharla go raibh conradh síochána sínithe idir an Spáinn agus Sasana. Mar sin níor theastaigh ó Rí na Spáinne an Niallach a ligean ar thalamh na Spainne, ach chuir an Pápa fáilte roimhe féin agus a theaghlach agus chuir an Niallach faoi sa Róimh go dtí gur éag sé ann sa bhliain 1616. 

I gcaitheamh an ama sin níos stop sé ach ag iarraidh cabhair a fháil ón Spáinn le hionradh a dhéanamh ar Éirinn, nó ag iarraidh teacht ar réiteach le Rí Shasana. 

Cuireadh an Niallach sa Róimh, san eaglais San Pietro in Montorio atá suite sa cheantar Trastevere. Is éard atá scríofa ar a thuama ná Hugonis Principis Onelli.

Cé gur theip ar Aodh Ó Neill smacht Shasana ar an tír a bhriseadh, chuaigh an iarracht mhór a rinne an Niallach i gcionn go mór ar Éireannaigh ó shin. Ní hé amháin gur éirigh leis na Gaeil a bhí in árach a chéile i gCúige Uladh a aontú, agus gur éirigh leis tacaíocht forleathan a bhaint amach i measc Gaeil taobh amuigh de Chúige Uladh. Tá sé suntasach gurb é an ceannaire polaitiúil Gaelach é is túisce a bhris leis an tseantuiscint chiníoch ar Ghaeil agus a rinne iarracht Éireannaigh den uile shinsear a aontú ar bhonn creidimh. Gan an Niallach, is deacair a shamhlú go nascfaí Caitlicigh agus Gaeil díshealbhaithe mar a tharla sa chéad leath den 17ú haois i bhFlóndras agus in Éirinn.




#Article 271: An Spáinnis (2038 words)


Is í an Spáinnis nó Caistílis teanga náisiúnta na Spáinne, chomh maith leis an gcuid is mó de Mheiriceá Theas agus Láir. Tá tábhacht ag an teanga, freisin, sna hOileáin Fhilipíneacha, i Meicsiceo agus i gcuid mhaith de Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe de thoradh na hinimirce ó thíortha Mheiriceá Laidineach. Labhraítear Spáinnis i dtuaisceart Mharacó go fóill, sa chuid den tír a bhí ina coilíneacht ag an Spáinn. Is teanga Rómánsach í, is é sin, is teanga de bhunadh na Laidine í. Tugtar Castellano ar an gcaighdeán oifigiúil go minic, is é sin, an Chaistílis, nó teanga Chúige na Caistíle. Dealraíonn sé gur tháinig an Spáinnis, mar theanga nó mar chanúint ar leith, ar an bhfód i gCantabria i dtuaisceart na Spáinne, ach ansin, chuaigh sí in úsáid sa Chaistíl freisin. Sa bhliain 1492, foilsíodh an chéad ghramadach chaighdeánach don Spáinnis. Sa bhliain chéanna, chuaigh Críostóir Colambas, nó Cristobal Colón, mar a thugann na Spáinniseoirí air, i dtír san Oileán Úr, agus chuir sé an chéad tús leis an ngabháltas millteanach, an Conquista nó an Concas, a rinne na Spáinnigh ansin. Thug siad a dteanga leo, agus ní raibh aon mhoill ar na bundúchasaigh í a fhoghlaim. Mar sin, is í an Spáinnis an teanga Rómánsach is líonmhaire cainteoirí inniu. Creidtear go bhfuil sí ó dhúchas ag ceithre chéad is deich milliún duine, agus an uimhir sin ag dul in airde. Mar sin, tá an Spáinnis ar theangacha móra an domhain, agus is fiú í a fhoghlaim, de réir gach caighdeán.

Is nós le muintir na Spáinne español nó Spáinnis a thabhairt ar an teanga le hí a scaradh ó theangacha náisiúnta na dtíortha eile, ach is rogha leo castellano nó Caistílis a ghlaoch uirthi le béim ar leith a chur ar an difríocht idir í agus teangacha réigiúnda na Spáinne, an Bhascais agus an Chatalóinis ach go háirithe. Dá réir sin, is é an téarma a úsáideann bunreacht na Spáinne ná castellano. Iad siúd a bhfuil teanga réigiúnda éigin á labhairt acu, is minic a bhíonn siad míshásta leis an bhfocal español, ó shamhlaíonn siad le húsáid oifigiúil na deachtóireachta faoi Francisco Franco é. Is amhlaidh nach raibh meas an mhadra ag Franco ar na teangacha mionlaigh, agus é den tuairim go gcaithfí iad a bhaint de bhéal na ndaoine agus teanga ghlórmhar na Spáinne a chur ina n-áit. Ón taobh eile de, is féidir do náisiúnaí Bascach nó Catalónach an t-ainm sin español a thabhairt ar an teanga, agus é ag iarraidh a chur in iúl nach leis an Spáinn a réigiún féin ar aon nós, agus gur teanga choimhthíoch í an Spáinnis.

Maidir leis na tíortha eile ina labhraítear an Spáinnis, ní bhíonn mórán polaitíochta ag greamú den téarma sin español, agus braitheann sé ar an nós áitiúil, cé acu focal is minicí a chloistear. Tríd is tríd, áfach, is é an t-ainm sin castellano an ceann is lú idé-eolaíochta.

Is iad na teangacha Ibéaracha Rómánsacha eile sa Leithinis Phirinéach na gaolta is dlúithe atá ag an Spáinnis, mar atá, an Phortaingéilis, an Aragóinis, an Chatalóinis, an Ghailísis, agus an Spáinnis Ghiúdach chomh maith leis na canúintí úd Asturianu, Estremeñu, Aranès, agus Llïonés. An chuid is mó de na teangacha seo, tháinig siad ar an bhfód nuair a d'fhoghlaim na ciníocha Ceilteacha in Iarthar na hEorpa leagan éigin den Laidin, agus mar sin, is féidir comhthréithe a aithint eatarthu go raidhsiúil. Tá an Iodáilis sách intuigthe ag an Spáinniseoir chomh maith, cé nach bhfuil an gaol chomh dlúth céanna. Ón taobh eile de, bíonn sé deacair ag an Spáinneach mórán adhmaid a dhéanamh de chaint an Fhrancaigh, mura bhfuil staidéar déanta aige ar an bhFraincis.

Maidir leis an Spáinnis Ghiúdach, is ionann í, go bunúsach, agus Spáinnis na Meánaoise. Cruthaíodh mar theanga ar leith í, nuair a ruaigeadh na Giúdaigh as an Spáinn sa chúigiú haois déag. Chuaigh siad ina gcónaí sna Balcáin, áit a raibh na Tuircigh i gceannas san am sin, agus lean siad ag labhairt na Spáinnise ansin. Chuir siad aibítir na hEabhraise i bhfeidhm ar an Spáinnis, agus is follasach gur imir teangacha áitiúla a dtimpeallachta, ar nós na Bulgáirise agus na Tuircise, tionchar áirithe ar an teanga. Dúirt an pianódóir Meiriceánach Murray Perahia, a bhfuil an Spáinnis Ghiúdach ó dhúchas aige, go magúil go bhfuair sé an teanga san úrscéal Don Cíochótae an-nua-aimseartha - scríobhadh an leabhar i dtús na seachtú haoise déag. Bhí an Spáinnis Ghiúdach ó dhúchas ag an scríbhneoir Elias Canetti freisin, cé gur roghnaigh sé a chuid scríbhneoireachta a dhéanamh trí mheán na Gearmáinise.

Tá dlúthghaol ag an Spáinnis agus ag an bPortaingéilis le chéile, ach mar sin féin, is iomaí difríocht is féidir a aithint eatarthu. Ó thaobh na foghraíochta de, is luath a thosaigh comhcheangail na gconsan ag forbairt a mbealach féin sa dá theanga.

Sna háiteanna ina bhfuil an Spáinnis agus an Phortaingéilis i síor-theagmháil le chéile, bíonn siad ag imirt tionchair ar a chéile, ionas go bhforbraítear cineál béarlagair measctha. Tugtar Portuñol (Portáinnis, as portugués, is é sin, Portaingéilis, agus español, Spáinnis) nó Fronterizo (teanga na teorainne, Teorainnis) ar theangacha measctha den chineál seo. Is é an leagan is aithnidiúla den Phortuñol ná an ceann a labhraítear in aice le teorainn na Brasaíle agus Uragua. Imríonn an cineál seo Portuñol, fiú, tionchar nach beag ar an Spáinnis a chloistear i lár na tíre.

Teanga Rómánsach í an Spáinnis, rud a chiallaíonn gurb í an Laidin - nó an leagan labhartha den Laidin - is bunús léi. D'imir an Cheiltibéiris, an Bhascais agus an Araibis tionchar ar an Spáinnis, agus í á forbairt cois chósta thuaidh na Leathinise Ibéirí. Tréithe tipiciúla iad séimhiú na gconsan - rinneadh vida [βi:δa] de vita na Laidine - an caolú (annum - año), agus défhoghrú na ngutaí (terra - tierra, novus - nuevo). De réir mar a bhí Críostaithe an Tuaiscirt ag athghabháil na Leathinise ó na Muslamaigh, leath an chanúint seo ó dheas. Sa bhliain 1492, d'fhoilsigh Elo Antonio de Nebrija an chéad ghramadach Spáinnise leis an teanga a chaighdeánú. Nuair a chuir sé an saothar seo faoi bhráid na Banríona Isibéil, d'fhiafraigh sise de: Cén úsáid a bheadh ina leithéid seo dom, agus an teanga go líofa agam cheana féin? Is é an freagra a thug Nebrija ná: A Mhórgacht, is iontach an áis an teanga chun an Impireacht a rialú.

Tháinig focail Nebrija isteach fíor, nó de réir mar a bhí an Spáinn ag gabháil coilíneachtaí nua ar fud an domhain, chuaigh an teanga i bhfairsinge.

Inniu, labhraítear Spáinnis ar fud Mheiriceá Theas. Is í an Bhrasaíl an t-aon tír mhór san ilchríoch sin nach bhfuil an Spáinnis mar phríomhtheanga ansin, nó is í an Phortaingéilis teanga na Brasaíle. Tá stádas oifigiúil ag an Spáinnis sa Bholaiv, i bPeiriú, san Airgintín, sa tSile, sa Cholóim, i gCósta Ríce, i gCúba, sa Phoblacht Dhoiminiceach, i Meicsiceo, sa tSalvadóir, in Eacuadór, sa Ghuine Mheánchiorclach, i nGuatamala, i Hondúras, i bPórtó Ríce, sa Spáinn, i Veiniséala, i bParagua, in Uragua, agus sa tSahára Thiar.

Níl stádas oifigiúil ag an Spáinnis sa Bheilís, ach mura bhfuil féin, tá sí á labhairt ansin go fairsing. Sna Stáit Aontaithe, tá sí ag tríocha milliún duine, ach níl stádas oifigiúil aici ach i bPortó Ríce. Is minic a shíltear go bhfuil an Spáinnis ina teanga oifigiúil i Nua-Mheicsiceo, ach le fírinne, níl teanga oifigiúil ar bith ag Nua-Mheicsiceo. Cibé faoin stádas oifigiúil, tuigeann cuid mhór de na húdaráis áitiúla sna Stáit go gcaithfidh siad freastal éigin a dhéanamh ar riachtanaisí lucht labhartha na Spáinnise, líonmhar is uile agus atá siad. Tá tábhacht na Spáinnise ag dul i méadaíocht sna Stáit, agus a lán daoine á foghlaim mar theanga iasachta.

Maidir leis na hOileáin Fhilipíneacha, bhí an Spáinnis á saothrú mar theanga choilíneach ar feadh i bhfad, ach níor éirigh leis na Spáinnigh na teangacha bundúchasacha a bhaint de bhéal na ndaoine. Cé gur imir an Spáinnis an-tionchar orthu, d'imigh sí as úsáid go géar gasta i ndiaidh an ghabháltais a rinne na Meiriceánaigh ar na hoileáin i dtús na fichiú haoise. Níl sí ina teanga oifigiúil a thuilleadh, agus níl sí ó dhúchas ag trí mhíle duine sna hoileáin. Na leaganacha fásteangaithe den Spáinnis a tháinig ar an bhfód de thoradh theagmháil na Spáinnise leis na teangacha bundúchasacha, tá siad á labhairt ag trí chéad míle duine sna hoileáin. San am céanna, tá an Tagálaigis, an ceann is tábhachtaí de na teangacha bundúchasacha, ó dhúchas ag dhá mhilliún is fiche de dhaoine, agus í foghlamthe mar fhrancbhéarla réigiúnda ag dhá nó trí oiread eile. Tríd is tríd, níl mórán tábhachta leis an Spáinnis sna hOileáin Fhilipíneacha inniu, cé go raibh na hoileáin á gcoilíniú ag na Spáinnigh go deireadh na naoú haoise déag.

Ceann de na príomhdhifríochtaí idir Spáinnis Mheiriceá Theas agus Spáinnis na Leathinise (is é sin, an cineál Spáinnis a labhraítear sa Spáinn féin) is ea fuaimniú na litreach z chomh maith le fuaimniú na litreach c nuair a thagann sé roimh e nó i. Sa chuid is mó den Spáinn, cleachtaítear an fuaimniú ar a dtugtar zezeo, is é sin, fuaimnítear an z agus an c mar [θ] - is é sin, th an Bhéarla san fhocal thick. San Andalúis agus i Meiriceá Theas, áfach, is mar [s] a fhuaimnítear iad - ceceo a thugtar air seo.

Cé go bhfuil an chuid is mó de dhíochlaonta na Laidine imithe as an Spáinnis, aithnítear an tuiseal cuspóireach agus an tuiseal tabharthach ó chéile i gcónaí i bhforainmneacha áirithe. De réir an chaighdeáin, deirtear lo hice rinne mé é (tuiseal cuspóireach), ach le hablé labhair mé leis, nó labhair mé dó, focal ar fhocal (tuiseal tabharthach). Sna canúintí ina gcleachtaítear an loísmo, úsáidtear lo sa dá chiall: lo hice, lo hablé. Ní cuid den teanga chaighdeánach é an loísmo dar le hAcadamh Ríoga na Spáinnise, ach mar sin féin, cloistear go minic sa Spáinn féin é, go háirithe i gcanúintí Thuaisceart na Caistíle.

Le coincheap an voseo a thuiscint, ní mór dúinn súil a chaitheamh ar iarmhíreanna pearsanta na mbriathar Spáinnise mar a labhraítear sa Spáinn féin í:

I gcanúintí Mheiriceá Theas, tá an forainm úd vosotros dulta in éag, agus úsáidtear ustedes ina áit, fiú má táthar ag labhairt le daoine a bhfuil aithne mhaith ag an gcainteoir orthu. San am céanna, maireann an sean-fhorainm úd vos i gcónaí in áiteanna i Meiriceá Theas, agus an fhoirm den bhriathar atá ag dul leis, tá sí cosúil leis an bhfoirm atá ag dul le vosotros, ach amháin go bhfuil an t-i roimh an s fágtha ar lár: vos sos in áit tu eres, vos hablás in áit tu hablas labhraíonn tú, tá tú ag labhairt (cf. vosotros habláis = labhraíonn sibh, tá sibh ag labhairt). Tabhair faoi deara, áfach, go ndéantar -ís seachas -és den iarmhír -éis: tu comes = itheann tú, tá tú ag ithe, vosotros coméis = itheann sibh, tá sibh ag ithe, vos comís = itheann tú, tá tú ag ithe (sna canúintí leis an voseo). 

Tá glacadh leis an voseo sa teanga liteartha féin i dtíortha Río de la Plata, mar atá, Uragua, An Cholóim, Paragua, agus an Airgintin, ach bíonn sé coitianta go leor sa ghnáthchaint ina lán tíortha eile, go háirithe i Lár Mheiriceá.

Tá tuisil agus inscne neodrach na Laidine imithe as an Spáinnis go hiomlán, agus tá sé an-fhurasta uimhir iolra na n-ainmfhocal a fhoirmiú, nó níl de dhíth ach -s nó -es a chur leo: hombre - hombres, mujer - mujeres, país - países, agus araile. Scéal eile ar fad é an briathar, go háirithe úsáid an mhodha fhoshuitigh, nó is ar éigean is féidir í a fhoghlaim mar is ceart gan an teanga a chleachtadh i gcuideachta na gcainteoirí dúchais nó dianstaidéar a dhéanamh ar an litríocht Spáinnise. 

Is iad na haimsirí is tábhachtaí sa Spáinnis ná an aimsir láithreach, an aimsir fháistineach, an aimsir chaite neamhfhoirfe agus an aimsir chaite fhoirfe, ach tá foirmeacha eile ann fós. Tá modh coinníollach ag na briathra freisin.

Cosúil leis an nGaeilge, baineann an Spáinnis úsáid as dhá bhriathar éagsúla le to be an Bhéarla a aistriú - ser (arb ionann, ar go leor bealaí, é agus is na Gaeilge) agus estar (agus é níos cosúla le tá na Gaeilge ina úsáid).




#Article 272: Lá Fhéile Stiofán (138 words)


Tugtar Lá 'le Stiofáin nó Lá Fhéile Stiofáin ar an 26ú la de mí na Nollag go hiondúil. Is saoire poiblí é ar fud an chuid is mó den Eoraip. In Éirinn, tugtar lá an dreoilín air leis, mar go dtéann complachtaí amach ag déanamh ceoil in onóir an dreoilín, cé go bhfuil an cleachtadh seo ag dul i léig i go leor ceantair. Iompraíonn an lucht ceoil, a chuireann seanéadaí nó clúdach tuí orthu féin, íomhá dreoilín nó dreoilín ina bheo i mbosca. Tá fabhail ann ag ceangailt an dreoilín le heachtraí i saol Íosa. Ba é San Stiofán an chéad mhairtíreach.

Tugtar ¨Boxing Day¨ ar an lá i Sasana agus i gCeanada, mar go dtugtaí bronntanasaí ar an lá céanna. Tugtar zweiter Weihnachtstag air i nGearmáinis. Sna Stáit Aontaithe is gnáthlá oibre é, an 26ú Nollaig.




#Article 273: Calafoirt an Chonartha (262 words)


Tar éis bunú an tSaorstáit sa bhliain 1922, choinnigh an Ríocht Aontaithe seilbh ar na calafoirt sa Chóbh, nó Queenstown mar a thugadh an rialtas air, i mBaile Chaisleáin Bhéara, iad araon i gContae Chorcaí, chomh maith le ceann i Loch Súilí i gContae Dhún na nGall. Bhí an réiteach seo socraithe sa Chonradh Angla-Éireannach, agus baint aige leis an gCogadh Cathartha freisin. Sa deireadh thiar, tugadh na calafoirt ar ais do stát na hÉireann sa bhliain 1938. Fuair daoine sa Bhreatain locht ar an gcinneadh seo, nó nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, bhí na bealaí mara trasna an Atlantaigh ní ba deacra le cosaint in uireasa na gcalafort. Dá mbeadh na calafoirt ag an Ríocht Aontaithe i gcónaí le linn an chogaidh, d'fhéadfaí breosla a thabhairt do na longa tionlacain i bhfad níos sia amuigh san Atlantach, nó bhí an Cóbh agus Cuan Bhéarra suite 370 ciliméadar níos faide ar shiúl ná aon chuan i Sasana nó i dTuaisceart Éireann. 

Sa bhliain 1940, áfach, ghlac an Bhreatain seilbh ar an Íoslainn, agus chuir na Comhghuaillithe bunáit mhíleata agus garastún seasta ar bun ansin. Ina dhiaidh sin, bhí na Briotanaigh ábalta teacht gan na calafoirt in Éirinn. Thairis sin, níor choinnigh an Aimiréalacht caoi cheart ar chalafoirt an Chonartha cibé scéal é, agus ní bheadh mórán maithe ann le haghaidh chabhlach na Breataine fiú dá gcoinneodh an Ríocht Aontaithe aici féin iad thar bhlianta an chogaidh. Ó thaobh na hÉireann de, lig athshealbhú na gcalafort seo roimh an gcogadh don tír a neodracht a choinneáil i rith Ré na Práinne.




#Article 274: An Ghealach (2561 words)


Is an Ghealach nó an Ré nó an tÉasca an t-aon satailít nádúrtha atá ag timpeallú an Domhain í. Ar meán, tá sí faoi thrí chéad ceithre mhíle is ceithre scór ciliméadar (384,000 km) den Domhan. Mar sin, bíonn an solas ag teacht beagáinín níos faide ná aon soicind amháin ón nGealach go dtí an Domhan. Tá an Ghealach míle seacht gcéad ciliméadar (1,700 km) ar gha, agus an imtharraingt a aithníonn an spásaire ar dhroim na Gealaí, níl ann ach an séú cuid dá mheáchan thíos anseo. An té a chonaic na seanscannáin ó laethanta na spásárthaí de shraith Apollo, tá a fhios aige an dóigh a raibh na spásairí in inmhe léimeanna millteanacha a thógáil, beag beann ar na spáschultacha troma a bhí siad a chaitheamh, idir chlogaid, choimeádán ocsaigine, agus ghléasra brúchóirithe.

Imlíne na fithise: 	2,413,402 km
(0.016 aonad réalteolaíoch)

Éalárnacht 	0.0554

Peirigí (garphointe don Domhan) 	363,104 km
(0.0024 aonad réalteolaíoch)

Apaigí (cianphointe ón Domhan) 	405,696 km
(0.0027 aonad réalteolaíoch)

Tréimhse rothlaithe

(réalt-tréimhse)
	27.321 66155 lá
(27 lá 7 n-uaire 43.2 nóiméad)

Tréimhse shionadach 	29.530 588 lá
(29 lá 12 uair 44.0 nóiméad)

Meánluas fithise 	1.022 km/s

Uasmhéid an luais ar an bhfithis 	1.082 km/s

Íosmhéid an luais ar an bhfithis 	0.968 km/s

Claonadh 	ag guagadh idir

(5.145 396° i gcomparáid leis an éiclipteach)

Fad an nóid éirithigh 	ag cúlú,

Argóint an pheirigí 	ag ascnamh,

Ag timpeallú an Domhain

Trastomhas ag an meánchiorcal 	3,476.2 km
(tomhas céanna an Domhain méadaithe faoi 0.273)

Trastomhas polach 	3,472.0 km
(tomhas céanna an Domhain méadaithe faoi 0.273)

Oblátacht 	0.0012

Achar an dromchla 	3.793×107 km²
(tomhas céanna an Domhain méadaithe faoi 0.074)

Toirt 	2.1958×1010 km³
(tomhas céanna an Domhain méadaithe faoi 0.020)

Mais 	7.347 673×1022 kg
(mais an Domhain méadaithe faoi 0.0123)

Meándlús 	3,346.2 kg/m3

Imtharraingt ag an meánchiorcal 	1.622 m/s2
(an domhantarraingt méadaithe faoi 0.1654)

Treoluas éalaithe 	2.38 km/s

Tréimhse rothlaithe 	27.321 661 d
(sioncrónach)

Luas rothlaithe 	16.655 km/h
(ag an meánchiorcal)

Claonadh na haise 	1.5424° i gcomparáid leis an éiclipteach

Ailbéideacht 	0.12

Méid dhealraitheach 	-12.74

Méid uilleach 	29′ - 33′

Teocht ar an dromchla: íosmhéid 40 K, meán 250 K, uasmhéid 396 K

(Meastachán. Céatadáin mhaise.)

Ocsaigin 	42.6 %

Maignéisiam 	20.8 %

Sileacan 	20.5 %

Iarann 	9.9 %

Cailciam 	2.31 %

Alúmanam 	2.04 %

Nicil 	0.472 %

Cróimiam 	0.314 %

Mangainéis 	0.131 %

Tíotáiniam 	0.122 %

Críochnaíonn an Ghealach aon imrothlú amháin thart ar an Domhan gach seacht lá fichead agus ocht n-uaire (27 lá 8 h). Sin í mí na Gealaí, ach, ar ndóighe, ní hionann í agus mí an fhéilire. Tugtar éapacht ar an difríocht ama idir mí na Gealaí agus mí cibé cineál féilire a úsáidtear de ghnáth.

Tá meánteocht an dromchla beagáinín níos mó ná aon chéim amháin Celsius, ach ós rud é nach bhfuil atmaisféar ag an nGealach (amach ón gcorr-adamh ocsaigine, argóin, sóidiam nó potaisiam), ní choinníonn sí an teas thar a hoíche fhada, agus an dromchla ag éirí fuar feanntach roimh theacht an lae. Ón taobh eile de, nuair a bhíonn sé ina lá ar an nGealach, bíonn sé dofhulaingthe ar fad, agus an dóigh a bhfuil an Ghrian ag soilsiú, gan aer ar bith ann lena teocht a scaipeadh, a chothromú is a mhaolú.

An dóigh a bhfuil an Ghealach ag rothlú (ag casadh ar a hais), is rothlú sioncrónach é. Is é sin, tá an rothlú (an casadh ar an ais) agus an t-imrothlú (timpeallú an Domhain) ceangailte dá chéile. De réir mar atá an Ghealach ag dul timpeall an Domhain, tá sí ag casadh ar a hais, i gcruth is go ndrannann sí an taobh chéanna leis an Domhan. Mar sin, roimh fhorbairt na spásloingseoireachta, ní raibh ach aithne aon leathsféar amháin againn ar ár satailít nádúrtha féin, go bunúsach.

Ní mór a lua, áfach, go mbíonn an Ghealach ag guagadh anonn is anall, beagáinín, mar a fheictear dúinn í, i gcruth is gur féidir linn ábhairín níos mó ná aon leathsféar amháin den tsatailít a fheiceáil, ó am go ham. Thar aon rud eile, níl fithis na Gealaí ar aon leibhéal leis an éiclipteach. Is é is toradh dó seo ná go mbíonn an Ghealach ag éirí níos airde ná an leibhéal sin agus ag titim níos doimhne, de réir mar atá sí ag dul ar aghaidh ar a fithis. Uaireanta, bíonn an Ghealach thíos, mar a fheicimid féin í, agus an pol thuaidh á nochtadh dúinn. Uaireanta eile, is dóigh linn í a bheith thuas, i gcruth is go bhfeicimid an pol theas. Thairis sin, ós rud é nach ciorcal cruinn ceart í fithis na Gealaí, bíonn luas a himrothlaithe cineál éagsúil. Bíonn sí ag moilliú agus ag géarú ar a siúl, agus dá réir sin, bíonn sí chun deiridh, ar dhóigh is go bhfuil radharc againn ar bheagáinín níos mó den taobh chun tosaigh, agus a mhalairt a bhíonn fíor nuair a thagann géarú ar a coiscéim.

Is é is toradh don iomlán dhearg seo ná go bhfuil caoga naoi faoin chéad (59 %) de dhroim na Gealaí le feiceáil againn gan dul i dtuilleamaí spásbháid. B'é an taiscéalaí Sóivéadach Lunik III an chéad ghléas spáis, thiar sa bhliain 1959, a thug radharc dúinn ar an taobh eile den Ghealach, ach b'iad na spásairí Meiriceánacha, sna seascaidí agus sna seachtóidí, ba mhó a rinne léarscáiliú ar na codanna aineoil den Ghealach. Tá an taobh eile ag breathnú cineál difriúil leis an taobh is aithin dúinn féin, ós rud é nach bhfuil an oiread céanna de spotaí móra dorcha - mara nó farraigí a thugtar orthu, siúd is gur ísleáin iad go bunúsach, agus iad clúdaithe le cloch laibhe - nach bhfuil an oiread céanna de na mara seo le feiceáil ar an taobh eile.

Cé gurb ionann, a bheag nó a mhór, an leath den Ghealach atá ag drannadh linn, ní hionann an leath den Ghealach atá soilsithe. I rith na míosa, téann an solas timpeall na Gealaí, agus sinn á feiceáil ag fás nó ag dul i laghad. Deirtear go bhfuil céimeanna ag an nGealach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós, ós rud é nach bhfuil an leath infheicthe di soilsithe ag an nGrian, deirtear go bhfuil nuaré ann. I ndiaidh na nuaré, fásfaidh an Ghealach. Deirtear go bhfuil an Ghealach i mbéal ceathrún nuair atá leath di soilsithe, agus í ag fás go fóill. Tá an Ghealach ina lánré agus í soilsithe ina hiomláine. I ndiaidh na lánré, rachaidh an Ghealach i ndorchadas arís, de réir a chéile. Deirtear go bhfuil an cheathrú dheireanach ann nuair atá leath na Gealaí soilsithe, agus í ag druidim leis an nuaré arís. Ansin, tiocfaidh an nuaré arís, agus tosóidh an scéal in athuair.

An chuma atá ar an nGealach roimh an mbéal ceathrún nó i ndiaidh na ceathrún deireanaí, tugtar corrán gealaí uirthi. Tá an Ghealach scothlán i ndiaidh an bhéil cheathrún agus roimh an gceathrú dheireanach.

Nuair a bhíonn an Ghealach ag dul i méid, feictear an solas ag teacht ón taobh deas, agus an dorchadas ag éalú ar an taobh clé. I ndiaidh na lánré, tiocfaidh an dorchadas ón taobh deas. Sin é an chuma atá ar na cúrsaí ar an leathsféar thuaidh den Ghealach, áit a bhfuil Éire suite. Ar an leathsféar theas, san Astráil mar shampla, a thagann an solas agus an dorchadas ar an nGealach ón taobh clé.

Má tharlaíonn cónasc na Gréine, an Domhain, agus na Gealaí le linn na nuaré - is é sin, má tharlaíonn an triúr acu suite ar an líne chéanna le linn na nuaré - fágfar an Ghrian, nó cuid di, clúdaithe nó uraithe ag an nGealach. Tugtar urú na gréine nó éiclips na Gréine air seo. Má tá an Ghrian uraithe ina hiomláine, deirtear gur lánurú nó lánéiclips atá ann, agus mura bhfuil an scáth caite ach ar chuid den Ghrian, páirturú nó páirtéiclips atá i gceist. Má tharlaíonn an Ghealach chomh cóngarach don Domhan le linn an uraithe agus nach féidir léi an Ghrian a chlúdach ina hiomláine fiú nuair atá sí go cruinn idir an Domhan agus í, fágtar fáinne den Ghrian ag taithneamh timpeall na Gealaí. Urú fáinneach a thugtar ar a leithéid, ar ndóigh.

Murar féidir d'urú na Gréine titim amach ach le linn na nuaré, ní féidir d'urú na Gealaí féin tarlú ach le linn na lánré. Is é cónasc na Gréine, na Gealaí agus an Domhain is cúis leis an urú seo freisin, agus ós rud é go bhfuil an Domhan i bhfad níos mó ná an Ghealach, bíonn na huruithe Gealaí i bhfad níos coitianta ná na huruithe Gréine. Is é sin, tá scáth an Domhain níos leithne ná scáth na Gealaí, agus níl cónasc cruinn de dhíth le haghaidh urú na Gealaí. Ní bhíonn an Ghealach dofheicthe go hiomlán fiú le linn an lánuraithe, ós rud é go n-athraontar solas na Gréine in atmaisféar an Domhain, ar dhóigh is go gcaitear cuid de a fhad leis an nGealach. Cuireann an Ghealach dathanna neamhghnácha di le linn an uraithe, áfach.

Tá an Ghealach ar an t-aon rinn neimhe amháin taobh amuigh den Domhan a bhfuil a droim siúlta ag daoine daonna. Bhí Neil Armstrong agus Edwin Aldrin ar an chéad bheirt a bhain an Ghealach amach. An tríú spásaire a ghlac páirt ins an mhisiún, mar atá, Michael Collins, bhí sé ag fanacht lena chairde sa Mhodúl Ceannasaíochta, an chuid den spásárthach a bhí fágtha ag timpeallú na Gealaí. Ina dhiaidh sin, chruthaigh Collins go maith ina iriseoir agus ina scríbhneoir ag tabhairt cur síos ar cheird na spásloingseoireachta don tsaol mhór. D'fhoilsigh an Coileánach seo leabhar suimiúil inar thug sé léargas dúisitheach ar shaol an spásaire, idir chruatan agus ghlóir, - Carrying the Fire (Ag Iompar na Tine).

Thiar sa bhliain 1969 a rinne Armstrong agus Aldrin a n-éacht. Thuirling siad i Muir na Sáimhe, in aice le Rimae Hypatia. Roimh dheireadh na bliana céanna, tháinig an chéad mhisiún eile go dtí an Ghealach síos in Aigéan na Stoirmeacha. Níl aigéan ar bith ann, ach ísleán mór, agus is beag stoirm a bhagródh ort ansin ach an oiread. Bhí an mí-ádh leis an chéad mhisiún eile, nó phléasc cóimeádán ocsaigine, ach mar sin féin, d'éirigh le NASA na spásairí a thabhairt slán abhaile. Ina dhiaidh sin, b'iomaí áit fós ina bhfacthas spásairí Meiriceánacha ag dul ag spaisteoireacht ar an nGealach. B'iar-eitleoirí cogaidh iad formhór mhór na spásairí a shroich an Ghealach, agus cathanna curtha acu i gCogadh na Cóiré, ach ghlac geolaí oilte arbh ainm dó Harrison Schmidt páirt sa mhisiún dheireanach i Mí na Nollag 1972. Siúd is gurbh é Schmidt an t-aon gheolaí amháin a tháinig a fhad leis an nGealach ina phearsa féin, rinneadh éacht mór geolaíochta le linn na dturasanna seo, nó thug na spásairí leo trí chéad cileagram de shamplaí ó na láthracha difriúla tuirlingthe.

Tá an Ghealach cuíosach mór, mar shatailít nádúrtha, i gcomparáid leis an bpláinéad atá sí a thimpeallú. Níl ach Carón, gealach Phlútóin, níos mó i dtéarmaí comparáideacha, agus ar an gcúis chéanna, is gnách pláinéad dúbailte a thabhairt ar chóras Charóin agus Phlútóin. Scéal eile, ar ndóigh, go bhfuil gealacha níos mó agus níos troime ag Iúpatar, cuir i gcás. I bhfarradh is an pláinéad millteanach atá siad a thimpeallú, áfach, is lú i bhfad iad ná an Ghealach.

Tá screamh na Gealaí thart ar sheachtó ciliméadar ar doimhneacht, nó sin é an meánluach. Bíonn sé éagsúil ó áit go háit, áfach, nó sáraíonn an doimhneacht sin céad ciliméadar i dtimpeallacht Chraitéar Korolev. Ón taobh eile de, níl ach cupla ciliméadar screimhe taobh thíos de mhara áirithe. Faoin screamh sin atá an maintlín, nó an brat, agus é míle ciliméadar ar doimhneacht. Tá croí na Gealaí faoi bhun an mhaintlín sin, ar ndóighe, agus é trí chéad go leoth de chiliméadar ar gha, a bheag nó a mhór. Níl sé chomh te le croí ár bpláinéid féin, nó tá an Ghealach i bhfad níos suaimhní ó thaobh na geolaíochta de ná an Domhan. Bíonn talamhchreathanna (nó gealach-chreathanna) ann ó am go ham, ach bíonn siad i bhfad níos fannlaige ná na talamhchreathanna ar an Domhan. Tá fórsaí taoidmheara an Domhain chomh lag is nach bhféadann siad croí na Gealaí a chroitheadh an oiread is go leáfadh sé. (Is féidir a ghlanmhalairt sin a rá i dtaobh Io, an ceann is lú de ghealacha Galileo, atá ar bharr lasrach an t-am ar fad lena chuid bolcánachais - nó is í imtharraingt Iúpatair agus na fórsaí taoidmheara a théann léi is mó is cúis leis an mbolcánachas sin.) Uaireanta, feictear feiniméin dhíomuana Gealaí - is é sin, an chorrlasair sholais nó an chorrchalc thoite - ar an nGealach, agus tá cuid de na saineolaithe inbharúla go bhfuil baint ag an mbolcánachas leis na feiniméin seo. Níltear ar aon tuairim faoi sin, áfach, nó deir na heolaithe eile nach bhfuil i gceist ach gnáthiomrall súl.

Glactar leis go coitianta gur cuid den Domhan a bhí sa Ghealach ar tús, nó gurb as an Domhan a fáisceadh í. Ceithre bhilliún go leith de bhlianta ó shin, bhuail an Domhan fá chorpán nó rinn neimhe a bhí, a bheag nó a mhór, ar aon mhéid le Mars. An conamar a caitheadh amach sa spás sa teagmháil seo, ba chloch leáite é a tháinig le chéile ina dhiaidh sin le haon réad amháin a dhéanamh, mar atá, an Ghealach. Ar dtús, bhí an tsatailít s'againn ar fad ina farraige mhór de chloch leáite, magma, agus í ar bharr lasrach le teas. De réir a chéile, áfach, d'fhuaraigh an magma seo, agus b'ansin a cruthaíodh sléibhte agus tailte arda na Gealaí. Is iad na bruthcharraigeacha seo an chuid is sine de thírdhreach ár satailíte. Anortaisít a thugtar ar an gcineál cloiche atá sna bruthcharraigeacha seo. Tá an anortaisít saibhir i mianra sileacáite a dtugtar plagaclás air. Is é an plagaclás is cúis leis an dath gheal in ardchríocha na Gealaí.

Na hísleáin dhorcha a dtugtar mara nó farraigí orthu, - Muir na Scamall, Aigéan na Stoirmeacha, Muir na nGábh, Muir na Gaile, Muir na Báistí, Muir an tSuaimhnis, Muir na Sáimhe, Muir an Fhuachta, Muir an Neachtair agus Muir na Lionnta - tá na mara seo níos óige, dar leis na geolaithe, ná na sléibhte is na bruthcharraigeacha. Is dócha go bhfuair an Ghealach bombardú mór ón spás, agus na dreigítí ag tochailt imchuachanna doimhne ar a haghaidh. Ansin, ins an chéad chupla billiún eile, líonadh na himchuachanna le magma (laibhe), de thoradh an bholcánachais a bhí ann san am. Nuair a d'fhuaraigh an laibhe, d'iompaigh sí ina basalt dubh. Is é an basalt seo a d'fhág a ndath ar na farraigí.

Tháinig a gcuma ar na mara dhá bhilliún bliain ó shin, a bheag nó a mhór. Ina dhiaidh sin, lean na dreigítí ag criathrú dromchla na satailíte s'againn agus ag fágáil craitéir ina ndiaidh. Ar ndóigh, bhain na himbhuailte seo conamar as droim an réada, conamar cloiche a dtugtar reigilít air.

Iad siúd atá ag brionglóideach faoi bhunú coilíneachtaí ar an Ghealach, is suim leo an reigilít, nó creidtear go bhfuil uisce reoite - oighear - measctha tríd an reigilít i dtimpeallacht an dá phol, thuaidh agus theas. Táthar ag déanamh go mbeadh sé indéanta coilíneachtaí a chur ar bun ar na poil, agus iad ag maireachtáil ar uisce na reigilíte. Níl anseo ach aisling, ach is aisling é a spreag go leor daoine i gceann réalteolaíochta an chéad uair.




#Article 275: Réalteolaíocht (944 words)


Is éard atá i gceist leis an réalteolaíocht ná taighde ar na reanna neimhe, cosúil leis na réaltaí, na pláinéid, na cóiméid, agus na réaltraí, chomh maith leis na feiniméin go léir taobh amuigh d'atmaisféar an domhain, cosúil leis an radaíocht chosmach. Baineann an réalteolaíocht leis an éabhlóid, leis an bhfisic, leis an gceimic, leis an meitéareolaíocht agus le gluaisne na reann neimhe, chomh maith le forbairt agus le fabhrú na cruinne. 

Tá an réalteolaíocht ar ceann de na heolaíochtaí is sine atá ann. Is dócha go raibh an duine réamhstairiúil féin i dtuilleamaí na réaltaí leis na treoracha a aimsiú agus é ag fánaíocht san fhásach nó ag seoltóireacht amuigh ar an teiscinn mhór. Bhí lucht réalteolaíochta éigin ag na cultúir is sine dá bhfuil aithne againn orthu, agus breathnuithe spéire idir lámhaibh acu go tráthrialta, ach tháinig na seandálaithe trasna ar ghléasra réalteolaíochta is sine ná na cultúir sin féin. 

Ón taobh eile de, níor tháinig an réalteolaíocht i gcrann mar bhrainse nua-aimseartha eolaíochta sular tógadh an chéad teileascóp. Is féidir a rá gur craobhacha stairiúla réalteolaíochta iad an réaltmhéadracht, an loingseoireacht réaltach, an réalteolaíocht bhreathnaitheach, an fhéilireacht agus an astralaíocht féin, ach inniu, is gnách a shíleadh gurb ionann an réalteolaíocht nua-aimseartha agus an réaltfhisic.

I rith na fichiú haoise, scoilt an réalteolaíocht ina dhá brainse, mar atá, an réalteolaíocht bhreathnaitheach agus an réalteolaíocht theoiriciúil. 

Tá an dá chineál réalteolaíochta ag cur le chéile go minic, ó bhíonn teoiricí de dhíth leis na breathnuithe a mhíniú, agus breathnóireacht ag teastáil leis na teoiricí a dheimhniú is a fhíorú. 

Ceann den bheagán eolaíochtaí í an réalteolaíocht a bhaineann leas suntasach as obair na n-amaitéarach. Tá spéir na réaltaí fairsing go maith, agus ní féidir leis na réadlanna súil a choinneáil ar gach aon réalta ná ar gach aon chearn den spéir. Mar sin, is minic a thagann breathnuithe na réalteolaithe amaitéaracha isteach áisiúil ag an réalteolaí proifisiúnta, má tá rud éigin as an ngnáth tugtha faoi deara acu. 

Ní mór an réalteolaíocht a aithint thar an astralaíocht. Ní eolaíocht í an astralaíocht ach córas creidimh a ghlacann leis go bhfuil tionchar ag na reanna neimhe ar shaol na ndaoine. 

Tá an focal Gaeilge réalteolaíocht bunaithe ar réalta (réalt an leagan a úsáidtear i gcanúintí áirithe, reult an seanlitriú) agus ar eolaíocht. Ina lán teangacha eile, ar nós an Bhéarla agus na Gearmáinise, baintear úsáid as an téarma astronomy, Astronomie agus araile, a fuarthas ón nGréigis ἄστρον (réalta) agus νόμος (dlí nó cultúr) agus a chiallaíonn dlí na réaltaí, is é sin, na dlíthe nádúrtha a stiúrann na réaltaí agus a ngluaiseachtaí ar an spéir.

Maidir leis an téarma réaltfhisic, is í an difríocht idir an réaltfhisic agus an réalteolaíocht, de réir an fhoclóra, ná go bhfuil an réalteolaíocht ag plé leis na réada taobh amuigh d'atmaisféar an domhain, agus go bhfuil an réaltfhisic ag déanamh taighde ar iompraíocht agus ar thréithe fisiceacha na réad réalteolaíoch agus ar na próiseanna dinimiciúla a mbíonn na réada sin páirteach iontu. 

Inniu, áfach, is beag réalteolaí nach dtéann i dtuilleamaí na fisice agus na matamaitice le feiniméin na spéire a chiallú is a mhíniú, agus mar sin, bheadh sé chomh maith againn réaltfhisic a thabhairt ar gach sórt réalteolaíochta proifisiúnta a chleachtar inniu. Sna hollscoileanna, bíonn sé ag brath ar chúiseanna stairiúla go minic, cé acu a thugtar institiúid na réaltfhisice nó institiúid na réalteolaíochta ar an institiúid ina ndéantar taighde ar cheisteanna réalteolaíochta. Thairis sin, is minic a bhain réalteolaí proifisiúnta céim amach san fhisic ar dtús, ionas nach ndeachaigh sé leis an réalteolaíocht ach ina dhiaidh sin. Astronomy and Astrophysics is teideal do cheann de na hirisleabhair is tábhachtaí ina bhfoilsítear torthaí taighde réalteolaíochta.

Ar dtús, ní raibh i gceist leis an réalteolaíocht ach na daoine a bheith ag baint lán a súl as na réaltaí agus ag iarraidh eolas éigin a chur i dtoll le chéile fúthu ar an dóigh seo. Tógadh struchtúir anseo agus ansiúd a raibh baint éigin acu leis an réalteolaíocht agus leis an bhféilireacht, mar a chreidtear inniu. Is dócha, mar shampla, go mbaintí úsáid as Stonehenge le céim éigin a choinneáil le himeacht an ama agus leis an lá ceart a aithint leis na síolta a chur nó leis na barraí a bhaint. 

Roimh theacht an teileascóip, ní raibh sé indéanta na réaltaí a bhreathnú ach, abair, ó uachtar na dtithe arda nó ó mhullach an tsléibhe. De réir is mar a chuaigh an cine daonna chun sibhialtachta in áiteanna, thosaigh na daoine ag tógáil réadlanna réalteolaíochta, agus iad ag déanamh taighde ar imeachtaí na spéire agus ag forbairt teoiricí faoin déanamh atá ar an ollchruinne. An chuid ba mhó den réalteolaíocht mhoch seo, bhí sí dírithe ar an spéir a mhapáil agus suíomh gach réalta nó pláinéad a chur i míotar - obair ar a dtugtar réaltmhéadracht inniu. 

Ba as na breathnuithe seo a fáisceadh an chéad tuiscint ar an nGrianchóras agus ar ghluaiseachtaí na bpláinéad, agus rinne na fealsúna a marana ar na breathnuithe seo le teoiricí dá gcuid féin a chumadh. Go ginearálta, rinne siad talamh slán de gurbh é an Domhan a bhí i lárphointe na hollchruinne, agus gurbh iad na réaltaí, an Ghrian agus na pláinéid a bhí ag timpeallú an lárphointe seo. Tugtar samhail gheolárnach ar an tuiscint seo ar an ollchruinne.

Roimh lá an teileascóip féin, bhí na réalteolaithe in ann fionnachtana tábhachtacha a dhéanamh. Míle bliain roimh Chríost, d'fhéach na réalteolaithe Síneacha le claonadh aise an domhain (claonadh an éicliptigh) a mheas an chéad uair. Ba iad na Caildéigh ba túisce a d'aithin go n-uraítear an Ghealach go tráthrialta de réir ciogal ar leith (nó sáras, mar a thugtar air).




#Article 276: Cáisc (124 words)


Féile Chríostaí is ea an Cháisc (ainm.u. Cáisc, gin.u. Cásca), agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí. De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá. 

Meastar gur thit na heachtraí i gceist amach áit éigin idir 26 agus 36 AD. 

Braitheann an dáta ar casadh na gealaí, agus ní ionann an dáta gach bliain. Bíonn difríocht, freisin idir dáta a cheiliúrtha sna heaglaisí san iarthar, agus sna heaglaisí Ceartchreidmheacha, mar nár ghlacadar le féilire Ghréagóra, a chuir eaglais na Róimhe i réim. 

Tagann an focal ón Laidin Pasqua, mar ní raibh an litir ná an fhuaim p sa sean-Ghaeilge, agus chuirtí c (fuaim q na Laidine agus an Bhéarla) ina áit. 




#Article 277: An Bhriotáin (117 words)


In iarthuaisceart na hEorpa atá an Bhriotáin (Briotáinis: Breizh). Tá oidhreacht Cheilteach ag an mBriotáin, ó chuaigh imircigh ón mBreatain anonn go dtí an ceantar in aimsir na Rómhánach. Sa lá atá inniu ann, is cúige í sa Fhrainc, cé gur baineadh an roinn (département) Loire Atlantique ón gcúige atá aitheanta go hoifigiúil sna 1960í.

Tá an Bhriotáinis gaolmhar leis an mBreatnais atá beo fós sa Bhreatain Bheag agus leis an gCoirnis, teanga a cailleadh i gCorn na Breataine, ach a bhfuil buíon díograiseoirí á saothrú agus á labhairt i gcónaí. Sa lá atá inniu ann, labhraíonn mórán gach duine sa Bhriotáin Fraincis, ach tá níos lú ná céad míle duine a bhfuil cumas labhartha Briotáinise acu.




#Article 278: An Bhriotáinis (685 words)


Is teanga Cheilteach í an Bhriotáinis (Brezhoneg) i ngrúpa na dteangacha Breatnacha. I ré na hImpreachta Rómhánaí, chuaigh daoine thar farraige ón mBreatain go hiarthuaisceart na Fraince an lae inniu. Thugadar a dteanga leo, teanga a bhí á labhairt an uair úd ar fud an chuid is mó den Bhreatain. 

Tá gar-ghaol ag an mBriotáinis leis an mBreatnais atá fós sa Bhreatain Bheag, agus leis an gCoirnis, teanga a cailleadh ach a bhfuil díograsóirí ag iarraidh a hathbheochan.

Go traidisiúnta, labhraítear an Bhriotáinis sa chuid is faide siar den Bhriotáin, ar an taobh thiar den líne idir Plouha agus Vannes. Bhí sí á labhairt ag scothaicmí léannta go dtí an dóú haois déag, ach ina dhiaidh sin, d'fhan sí teoranta do mhuintir na tuaithe in Iarthar na Briotáine nó Breizh-Izel, nuair a bhí na daoine uaisle agus, in aithris orthu siúd, na buirgéisigh á tréigean ar mhaithe leis an bhFraincis. B'í an Laidin an teanga scríofa ba tábhachtaí i nDiúcacht na Briotáine go dtí gur tháinig an Fhraincis ina háit sa chúigiú haois déag. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha áirithe ag an mBriotáinis, agus bíonn Briotáiniseoirí an lae inniu ag tarraingt ar an tSean-Bhriotáinis ar lorg téarmaíochta teicniúla nó eolaíche don Nua-Bhriotáinis.

Bhí monarcacht na Fraince, an t-ancien régime, ar nós cuma liom faoi na teangacha mionlaigh sa tír. I ndiaidh na réabhlóide, áfach, d'athraigh na cúrsaí go hiomlán, nó b'ansin a cuireadh tús le polasaithe a bhí meáite ar an bhFraincis a chur á labhairt ar fud na tíre agus na teangacha is na canúintí eile a bhaint de bhéal na ndaoine. Ní raibh lucht déanta na bpolasaithe seo in ann teangacha a aithint thar chanúintí, nó ní raibh, dar leosan, ach dhá rud ann, mar atá, an Fhraincis agus an patois. Bhí polaitíocht ag baint leis na hiarrachtaí seo, ar ndóigh. Bhí lucht na réabhlóide den tuairim go raibh na teangacha réigiúnda fite fuaite leis an bhfrithréabhlóideachas agus go raibh na monarcaithe agus na sagairt ag baint leasa as na teangacha seo mar bhábún leis an gcosmhuintir a choinneáil scartha ón réasún, ón réabhlóideachas agus ón oideachas. Deir lucht athbheochana na Briotáinise go raibh an lucht rialtais ag cur fíor-chatha sna scoileanna leis an teanga a chur de dhroim an tsaoil go hiomlán, agus go rabhthas ag náiriú na bpáistí a bhí ag labhairt Briotáinise chomh deireanach leis na seascaidí.

Bhí an Bhriotáinis á labhairt ag milliún agus trí chéad míle duine sa bhliain 1930. Tá ceathrú milliúin fágtha inniu, i ndiaidh an ródaigh a rinne na meáin chumarsáide agus córas lárnaithe polaitiúil na Fraince ar an teanga. I dtús na fichiú haoise, bhí duine as gach beirt in Iarthar na Breataine dall ar an bhFraincis ar fad, agus an chuid eile dátheangach san Fhraincis agus sa Bhriotáinis. Faoi lár na fichiú haoise, ní raibh ach céad míle duine aonteangach sa Bhriotáinis.

Sa bhliain 1925, bhunaigh an tOllamh Roparz Hemon an iris úd Gwalarn le litríocht a fhoilsiú sa teanga. I rith an chéad naoi mbliana déag eile, bhí an iris seo agus an scoil scríbhneoirí ina timpeall ag iarraidh an Bhriotáinis a ardú ar aon leibhéal leis na teangacha móra domhanda. Bhí idir bhunsaothair liteartha agus aistriúcháin á gcur i gcló ar an iris.

Sa bhliain 1946, tháinig an iris úd Al Liamm i gcomharbas ar Gwalarn. Ina dhiaidh sin, bunaíodh sraith mhaith irisí Briotáinise, agus an litríocht ag fás agus ag forbairt sa teanga. Inniu, tá i bhfad níos mó litríochta ar fáil i mBriotáinis ná a shamhlófá le teanga neamhfhorleathan.

Sa bhliain 1977, cuireadh bun leis na chéad scoileanna Diwan, a bhí ag dul i muinín an tumoideachais le Briotáinis a theagasc do dhaoine óga. Modh eile ar baineadh triail as san am ab ea Div Yezh nó an cur chuige dátheangach.

Sa bhliain 2004, foilsíodh aistriúchán Briotáinise d'eachtraí Astérix. Is fiú sonrú a chur ann go bhfuil cónaí ar Astérix féin sa Bhriotáin, de réir an ghreannáin féin.

Tá clú idirnáisiúnta anois ar roinnt fhilí, teangeolaithe agus scríbhneoirí próis a bhfuil saothair scríofa acu sa teanga, ar nós Yann-Ber Kalloc'h, Roparz Hemon, Anjela Duval, agus Per-Jakez Hélias.




#Article 279: Craolachán (377 words)


Ba é Guglielmo Marconi a dhear an céad craolachán a bhí ar a chumas éisteacht i bhfad i gcéin. Is le gathanna raidió, tonnta aibhléise, a théann an t-eolas thar an aer.

Tá éagsúlacht i gcumas taistil agus sa méid eolais ar féidir a chur amach, ag brath ar na tonnta a chuirtear amach. 

Is ar na meántonnta nó AM a chuirtear go leor cláracha tíorthúla craolachán amach, go h-áirithe cinn nuachta, mar gur faide a shroicheann na meántonnta ná tonnta ardmhinicíochta.

Ní shroicheann tonnta ar an ardmhinicíocht, nó craolachán FM, de ghnáth ach tuairim agus 15-25 chiliméadar ón láithréan craolta. Baintear feidhm as aereóg fada lena ghlacadh, agus is gá é a iompú i dtreonna éagsúla leis an bhfuaim is fearr a fháil. Is ar an ardmhinicíocht a chuirtear an chuid is mó de chláranna ceoil agus craolacháin áitiúla amach, agus iad bunaithe sna cathracha don chuid is mó. 

Ní bhaintear mórán feidhme as LW nó craoltacháin ar na tonnta fada in Éirinn. Ach is faide ón gcraoltóir ar féidir iad a ghlacadh ná fiú an AM. Is féidir cláranna ón bhFrainc agus ó BBC Shasana a chloisint in oirthear na hÉireann, ach de ghnáth tá gá le aimsir breá, m.sh. ar oíche breá samhraidh.

Ní ghlacann mórán gnáth threalaimh craolachán craoltacháin ar na gearrtonnta. Tá gá le craolachán faoi leith, agus déanann go leor tíortha craoltacháin air. Tá an BBC le fáil ar an gcuid is mó den domhain, agus déanann Deutsche Welle na Gearmáine an chuid craoltacháin freisin. Tá an-úsáid á bhaint as SW ag eaglaisí soiscéalacha i Meiriceá Thuaidh agus i Meiriceá Theas, i mSacsbhéarla agus i Spáinnis go h-áirithe.

Cuireann go leor lárionaid craolachán talún, maille le lárionaid eile ar ghá síntiúis a íoc, cláracha nuachta agus ceoil amach. Tá gá le trealamh ar leith le craolachán saitilíte, chomh maithe leis an síntiús, ach is iontach soiléireacht na gcláracha, agus is minic nach mbíonn fógraí cumarsáide ar bith leo.

Cuireann go leor lárionaid craolachán talún a gcláracha ar fáil thar an idirlíon anois. Go dtí seal bhliain ó shoin, bhí na cláracha rómhall ag teacht isteach don chuid is mó d'éisteachtóirí, ach anois tá sé ar chumas an ríomhaire meánach sruth cainte nó ceoil leanúnach a chur amach laistigh de seal gearr. 




#Article 280: Guglielmo Marconi (396 words)


Ceapadóir, fiontraí agus fear gnó as Bologna na hIodáile, agus de shliocht Éireannach, ab ea Guglielmo Marconi (25 Aibreán 1874 – 20 Iúil 1937). Ba é  a dhear an chéad raidió fiúntach. Tugtar athair an raidió' air. Bhuaigh Marconi Duais Nobel na Fisice le Braun sa bhliain 1909. Chaith sé cuid mhór dá shaol sa Ríocht Aontaithe agus ansin i Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

Tharchuir Marconi comharthaí ar feadh líne dírí cúpla céad ciliméadar ar fhad san aer i 1895, ag an am céanna a rinne Alexander Stepanovitch Popov an rud chéanna sa Rúis. 

Ar an 13 Bealtaine 1897, sheol Marconi an chéad teileagraf gan sreang.

Ar an 6 Iúil, 1898, rinne Marconi an chéad chraoladh raidió ar domhain nuair a chraol sé ó Bhaile an Chaistil go Reachlainn, oileán atá deich gciliméadar ón chósta agus díreach ó thuaidh de Bhaile an Chaistil féin.

Tharchuir Marconi ó Chorn na Breataine trasna an Atlantaigh go Talamh an Éisc den chéad uair sa bhliain 1902, ag frithchaitheamh an tonn raidió ón ianaisféar 50-500 km os cionn na farraige leathshlí trasna. 

Ar an 17 Deireadh Fómhair 1907, chuir Marconi an chéad seirbhís radaiteileagrafaíochta trádála trasatlantach ar siúl idir stáisiúin theileagrafaíochta sa Chlochán, i gContae na Gaillimhe (ag Pointe Sár-Radhairc Dheirgimligh, atá 6 km laisteas den Chlochán) agus Bá Glace, in Albain Nua.

Ba i rith an chogaidh mhóir (1914-18) a cuireadh bús ceart le fás agus forbairt an raidió mar ghléas chumarsáide. Nuair a thosaigh an cogadh, ba le córas teileagraim a bhí á úsáid ag na fórsaí éagsúla chun formhór a gcuid teagmhála a dhéanamh. Ach faoi dheireadh na troda, bhí córais chumarsáide raidió go mór sa treis, a bhuíochas sin do leithéid Marconi.

Sa bhliain 1919 chraol Wireless Telegraph Company Mharconi guth duine d’fhostóirí an chomhlachta trasna an Atlantaigh

I 1920 craoladh amhránaíocht Nellie Melba ó ionad Mharconi i Chelmsford, Essex, rud a chuir tús le craoltóireacht ghinearálta raidió.

Annie Jameson (muintir Jameson, an drioglann) ba ea máthair Marconi.

Phós sé Beatrice O’Brien sa bhliain 1905. Bhí triúr clainne acu. Fuair Marconi colscaradh i 1924 agus phós sé bean óg, Maria Cristina Bezzi-Scali  ar 12 Meitheamh 1927.

Bhuail taom croí Marconi sa bhliain 1937, in aois 63 bliain dó. 

Faisistí go smior a bhí ann; thacaigh Marconi Mussolini agus an cogadh san Aetóip.

Inniu, tá leacht chuimhneacháin sa chalafort i mBaile an Chaistil i gcuimhne ar Guglielmo Marconi. 




#Article 281: Céadaoin an Luaithrigh (101 words)


Tugtar Céadaoin an Luaithrigh ar an gcéad lá den Charghas, tréimhse 40 lá roimh an Cháisc nuair a bhíodh troscadh agus tréanas á ndéanamh ag Caitlicigh. Is gnách le Caitlicigh faoistin a dhéanamh.

Fuair Céadaoin an Luaithrigh a ainm as an cleachtadh na luaithrigh a chur ar na héadain tuataí mar meabhrúchán agus ceiliúradh na mortlaíocht daonna, agus comhartha mairgneach agus aithreachas den Dia. Is iad na luaithrigh dóite atá úsáidte cruinnithe tar éis an Domhnach na Pailme den bhliain roimhe . 

Tá an cleachtadh seo coitianta i formhór an Domhan Críostaí, á coimeádte le Caitlicigh,
Anglacánaigh, Liútaraigh agus Modhaigh. 

,




#Article 282: Domhnach Cásca (366 words)


De réir staire na Críostaíochta, ba ar Dhomhnach Cásca a d'aiséirigh Íosa Críost, tar éis dó a bheith adhlactha i dtuama ar feadh 42 lá. Sa Chríostaíocht, is ionann Aiséirí Íosa agus filleadh Íosa ar an saoil ar an tríú lá tar éis a bháis (Céasadh Íosa, mar a thugtar air). 

Tá Domhnach Cásca (nó Lá an Aiséirí) ar na féilte is mó sna heaglaisí Críostaíochta, agus is é cuspóir na Seachtaine Móire. 

In a lán áiteanna ceiliúrtar Aifreann na Cásca ar bharr cnoic go luath ar maidin le breacadh an lae agus deirtear go mbíonn an ghrian ag glioscarnaigh agus ag rince timpeall na spéire. 

D’éirítí go luath ar maidin, deir Bailiúchán na Scol, chun an ghrian a fheiceáil ag damhsa “le teann áthais maidin Domhnaigh Cásca”. Chreidtí fadó go mbíodh an ghrian ag damhsa sa spéir mar gheall ar aiséirí Íosa Críost,  toisc Íosa a bheith aiséirithe ó mhairbh.

Thagadh deireadh leis an troscadh ar Dhomhnach Cásca agus d’ití uibheacha ag deireadh an Charghais. Fadó d’ití a lán uibheacha ar Dhomhnach Cásca mar ní bhídís á hithe ó Mháirt na bPancóg roimhe sin. Siombail ab ea an t-ubh den bheatha nua. Dar leis an scéal seo, ní bhíodh mórán tráchta ar uibheacha seacláide an tráth úd – ach fíoruibheacha cearca a d’ití.  

Feictear sa scéal seo gur fíoruibheacha amháin a bhíodh á n-ithe ag na páistí. I dtithe áirithe bhíodh sé de nós ag na páistí uibheacha a bhailiú le linn an Charghais agus picnic a bheith acu ar Dhomhnach Cásca.  

Chomh maith leis sin, bhíodh sé de nós ag daoine na huibheacha a chur i bhfolach agus rachaidís ag tóraíocht na n-uibheacha ar Dhomhnach Cásca – rud a dhéantar go fóill ach le huibheacha seacláide.  

Deirtear chomh maith go mbíonn an coileach ag fógairt an lae ag glaoch amach go hard agus go soiléir ‘Tá Mac na hÓighe Slán!  Tá Mac na hÓighe Slán!’

Tugtar an Cháisc ar an gceiliúradh ar fad, agus tugtar saoire do na scoileanna agus ag beagnach gach oibreoir in Éirinn lena cheiliúradh.

Titeann an Cháisc ar laethantaí éagsúla gach bliain.   Thit Domhnach Cásca ar 22 Márta siar sa bhliain 1818. Is é 19 Aibreán an lá is coitianta




#Article 283: Sigmund Freud (231 words)


Dochtúir leighis a mhair i Vín na hOstaire ab ea Sigmund Freud (6 Bealtaine 1856 - 23 Meán Fómhair 1939). Bhí Freud ina theiripí agus néareolaí. Ba é a chuir tús leis an tsíocanailís a leagann béim ar na gnéithe neamhchomhfhiosacha de bheatha mheabhrach an duine. 

Bhuail ailse géill Freud sna 1930idí. Ró-phianmhar  míchompordach, thug a chairde ródháileog moirfín dó faoi dheireadh. Fuair Freud bás (eotanáis) i Londain, Sasana ar an 23 Meán Fómhair 1939.  

Scríobh Freud leabhar tábhachtach sa bhliain 1899, dar teideal an Léirmhíniú Brionglóidí. 

Scríobh Freud ar ghnéas an oideachais i leabhar dar teideal Trí Aiste ar Theoiric na Gnéasachta (1905).

Is leis an úd a thosaíonn an leanbh sa saol, fuinneamh ar bhunús leis ná tréith an ghnéis agus tréith an fhoréigin. Mar a théann an páiste ar aghaidh, is de réir a chéile a fhaigheann sé tuiscint níos fearr ar an saol, agus tagann an mise (nó féin) chun cinn. Is é an mise tréith réasúnta loighciúil sa duine. 

Níos déanaí arís, tagann an barrmise chun solais. Is cosúil leis an gcoinsian é an barrmise (nó sárfhéin), mar go mbaineann sé le cuidiú le daoine eile agus gan dochar a dhéanamh dóibh, mar shampla.

Tá dlúthbhaint ag na céimeanna seo le fás corportha an pháiste, agus leis an dul chun cinn a dhéanann sé le hábhar a ghrá agus a ghnéis, de réir cuid leabhar Freud.




#Article 284: Vín (121 words)


Is í Vín () príomhchathair na hOstaire agus an chathair is mó inti. Ba mhó a tábhacht nuair ab ann a bhí ceannláthair Impreachta na hOstaire agus na hUngáire. Is ar an Danóib atá sí suite. 

Tá an-cháil uirthi mar gheall ar a cuid pálás ársa, Schloss Schönbrunn, díseart na Habsburgs, an ceol a cumadh ann agus a sheinntear go fóill, agus na saothair ealaíne agus iarsmaí eile ón stair. Ba i Vín, freisin, a thosaigh an sícanailísis, faoi stiúir Sigmund Freud.

Díorthaítear an t-aimn ón gCeiltis windo- fionn agus bona bonn/bun.

Tá clú agus cáil ar Vín freisin mar gheall ar a bia, ach go háirithe Wiener Schnitzel, mias muiceoile agus mar gheall ar chácaí ar nós Sachertorte agus Apfelstrudel.




#Article 285: Íosa Críost (986 words)


Bhí Íosa (c. 4 RC - c. AD 30/33), ar a dtugtar Íosa as Nazarat nó Íosa Críost, ina sheanmóirí agus ina cheannaire reiligiúnach de chuid na nGiúdach san aonú haois. Is é an figiúr lárnach den Chríostaíocht. Creideann an chuid is mó de na Críostaithe gur mac Dé é, a tháinig i measc na ndaoine le hé féin a íobairt in íocaíocht a bpeacaí-sean.  

Tugtar Íosa Críost air sa gcomhthéacs sin (ó יהושע [Yĕhošūa‘] na hEabhraise agus ó Χριστός [Christos] sa tSean-Ghréigis). Tugtar Íosa Nasarthach nó Íosa Nazórach air freisin.  

Creideann na Críostaithe gur duine beo sa stair a bhí ann, agus é ina bheatha ó timpeall 6–4 RC go dtí tuairim AD 29–33. Tá an chuid is mó de na saineolaithe saolta nó neamh-Chríostaí féin ar aon bharúil go raibh a leithéid de dhuine stairiúil ann agus Íosa Críost, gurbh as an Ghailíl dó, go raibh sé ina theagascóir creidimh ag dornán beag de Ghiúdaigh, agus gur céasadh ar an gcros é mar thuathghríosóir nuair a bhí Píoláit ina ghobharnóir Rómhánach ar an bPalaistín. 

An fhianaise a deir gurb é Íosa Mac Dé, tá sé tugtha i gceithre shoiscéal an Tiomna Nua. Is é an Tiomna Nua an chuid den Bhíobla a phléann saol Íosa, na himeachtaí ina dhiaidh (Gníomhartha na nAspal) agus forbairt an fhoirceadail Chríostaí, agus í breactha síos, ach go háirithe, i litreacha Naomh Póil. Is iad na Soiscéil an chuid is tábhachtaí den Tiomna Nua, agus iad ag teacht roimh an gcuid eile i ngach leagan den Tiomna.

Thosaigh máthair Íosa, Muire, ag iompar clainne roimh an bpósadh, agus í geallta d'Iósaf. Bhí Iósaf ar tí í a thréigean, ach tháinig aingeal Dé ag áitiú air Muire a phósadh agus an mac a thógáil mar a bheadh mac dá chuid féin ann. Is amhlaidh, de réir theagasc an reiligiúin Chríostaí, gurbh í cumhacht an Spioraid Naoimh a chuir tús le hÍosa. Go gairid roimh an mbreith, chuaigh Iósaf agus Muire go dtí Beitheal, nó bhí sé díreach ordaithe ag an Impire Rómhánach Ágastas muintir na hImpireachta go léir a chlárú le cáin a ghearradh díobh, agus chaithfeadh gach fear dul go dtí an chathair arbh aisti dá mhuintir. 

Nuair a bhí Iósaf agus Muire i mBeithil, saolaíodh Íosa dóibh. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig triúr fear ón Domhan Thoir (an Triúr Saoithe, a thugtar orthu) a raibh cluinte acu gurb anseo a tháinig rí nua na nGiúdach chun saoil, agus thug siad bronntanais don leanbh. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, b'éigean d'Iósaf agus do Mhuire éalú go dtí an Éigipt. An fear a bhí ina rí ar na Giúdaigh faoi láthair, mar atá, Héaród, chuala seisean iomrá ar bhreith Íosa freisin, agus thug sé ordú tachráin bheaga uile Bheitheal a mharú, le fáil réitithe den rí nua.

I ndiaidh bhás Héaróid, d'fhill Iósaf agus Muire go dtí an Phalaistín, agus shocraigh siad suas i Nazarat sa Ghailíl, áit ar tháinig Íosa i mbun a mhéide. Cosúil lena athair, bhí Íosa ag obair ina chearpantóir, ach san am céanna, b'ábhar adhnua é do na daoine chomh hoilte is a bhí sé ar dhlí agus ar fhoirceadal an Ghiúdachais fiú nuair a bhí sé óg. Nuair a shlánaigh sé tríocha bliain d'aois, chuaigh sé ag teagasc go poiblí. Deir na soiscéil go raibh sé in ann daoine a leigheas agus faoiseamh a thabhairt dóibh, fosta, agus gurb iomaí míorúilt a chuir sé i gcrích le cuidiú osnádúrtha ó Dhia.

Nuair a tháinig méadú ar lucht leanúna Íosa, thosaigh cuid den phobal Ghiúdach agus dá chuid ceannairí ag cur ina choinne. Na ceannairí go háirithe, chuir siad eiriceacht ina leith. Chuir na Fairisínigh, dream a raibh Íosa go minic ag lochtú a bhfimíneachta agus a mbéalchrábhaidh, a gcuid gearáin faoi bhráid Héaróid Mhóir, agus ar deireadh thug Héaród, an rí Giúdach a bhí faoi smacht Impireacht na Róimhe, cead dóibh an dlí a chur ar Íosa. 

Ghabh a chuid naimhde é i gCnoc na nOlóg agus thug siad os comhair Cháiafas é, arbh é an t-ardsagart é agus é go tréan in aghaidh Íosa. Ansin dó, dúirt Íosa go hoscailte os comhair an ardsagairt agus lucht a leanúna siúd gurbh eisean Mac Dé agus gur féidir leis teampall Iarúsailéim a leagan agus a atógáil i dtrí lá. 

Chuir an méid seo fearg mhór ar Cháiafas agus na sagairt eile, agus daoradh Íosa chun báis mar dhiamhaslóir. Bhí Píoláit, an gobharnóir Rómhánach, sásta an bhreith sin a fhaomhadh agus a chur i gcrích. 

Céasadh Íosa chun báis ar an gcros i ndiaidh dó féin an chros a iompar go Cnoc Golgotá (Cnoc Chalbhaire, Áit an Chloiginn). 

Bhí sé trí bliana déag is fiche nuair a básaíodh é, agus meastar go raibh timpeall is trí mhíle duine de lucht leanúna aige faoin am sin. Deir an Bíobla gur aiséirigh sé ón mbás cúpla lá ina dhiadih sin.

Tá dearcadh na gCríostaithe bunaithe ar an tuiscint gurbh é Críost an Meisias a gealladh sa Sean-Tiomna, agus gur músclaíodh ar ais chun saoil é i ndiaidh an bháis a fuair sé ar an gcros. Creideann an chuid is mó de na Críostaithe go bunúsach gurbh é ionchollú Dé é agus gur tháinig sé aníos le tarrtháil spioradálta a bhronnadh ar na daoine agus le hiad a thabhairt chun athmhuintearais le Dia. Altanna creidimh eile de chuid na gCríostaithe a bhaineann leis is ea iad gur rugadh ó mhaighdean é, gur chuir sé míorúiltí i gcrích, gur chomhlíon sé tairngreachtaí an tSean-Tiomna agus go bhfuil sé le hateacht a dhéanamh an lá is faide anonn le breith a thabhairt ar dhaoine beo agus ar dhaoine marbha.

Tugann na Moslamaigh urraim do Chríost mar fhear naofa agus mar dhuine de na Fáithe, ach ní chreideann siad gurb é Mac Dé é. Is é teagasc na Moslamach, freisin, nach bhfuair sé bás ar an gcros, ach gur chuir Dia dallamullóg ar na daoine, ionas gur shíl siad amhlaidh.




#Article 286: Na taoidí (262 words)


An Ghealach is mó is cúis leis na taoidí i bhfarraigí an Domhain, agus iarmhairt lag ag an nGrian orthu freisin. Aomann imtharraingt na Gealaí an t-uisce atá ar thaobh an Domhain gar don Ghealach i dtreo na Gealaí, agus aomann sé an Domhan soladach amach ón uisce ar an taobh urchomhaireach den Domhan. Bíonn lán mara ag an dá áit urchomhaireacha sin, agus lag trá ag an dá áit atá ar trastomhas atá ingearach leis an trastomhas trí na háiteanna lán mara. Le rothlú an Domhain ar a ais, tarlaíonn dhá thaoide lán mara is dhá thaoide lag trá gach lá. Feidhmíonn imtharraingt na Gréine ar an mbealach céanna, ach de bhrí go bhfuil an Ghrian chomh fada sin amach ón Domhan, is lú ar fad a hiarmhairt ná iarmhairt na Gealaí bíodh is gur mó i bhfad a mais. Mar sin féin tarlaíonn rabharta, leis an taoide ag a huasairde, nuair a bhíonn an Ghealach, an Domhan is an Ghrian ar aon líne agus an dá imtharraingt ag feidhmiú as lámha a chéile. Nuair a bhíonn an Ghealach ina dara is a 4ú ceathrú a tharlaíonn sé seo. Ansin tarlaíonn mallmhuir leis an taoide ag a híosairde nuair a bhíonn an Ghealach is an Ghrian ar threonna ingearacha ón Domhan. Tarlaíonn sin nuair a bhíonn an Ghealach ina céad is a 3ú ceathrú. De bhrí gur féidir iarmhairtí seo na Gealaí is na Gréine a ríomh, is feidir am is airde na taoide a ríomh i gcomhair aon áite is dáta is mian. Foilsítear an t-eolas seo i dtáblaí taoidí.




#Article 287: Grian (3921 words)


Is í an Ghrian an réalta is mó sa ghrianchóras í. Tá an Domhan á timpeallú faoi 150 milliún ciliméadar di, agus glactar leis an meánfhad ón nGrian go dtí an Domhan mar aonad réalteolaíoch. Abhacréalta bhuí is ea an Ghrian, agus í comhdhéanta as an hidrigin, den chuid is mó.

Sroicheann an teocht ar dhromchla na Gréine tuairim is cúig mhíle céim Celsius, ach sa chroílár, áit a bhfuil an t-imoibreoir comhleá ag obair, tá sé i bhfad níos teo fós, mar atá, timpeall ar chúig mhilliún déag de chéimeanna Celsius.

Tá níos mó ná 99 % de mhais an Ghrianchórais comhchruinnithe sa Ghrian, agus is í an Ghrian a choinníonn an saol agus an bheatha ag imeacht ar dhroim an Domhain. Tugann an Ghrian an fuinneamh a chuireann na gaotha ag séideadh agus an aimsir ag athrú. Tríd is tríd, ní bheadh an domhan ann mar is eol dúinn é, ach go bé go bhfuil an Ghrian ann. 

Cé go bhfuil an Ghrian i bhfad rógheal le go n-aithneodh súile an duine aon difríochtaí gile uirthi, is féidir le lucht eolaíochta spotaí a fheiceáil ar a dromchla nach bhfuil chomh geal lena dtimpeallacht. Tugtar grianspotaí ar na smáil seo. Tá baint acu le maighnéadas na Gréine, agus iad ag dul i bhflúirse agus i ngainne arís, de réir tréimhse aon bhliain déag.

Ní mór cuimhne a choinneáil air go bhfuil sé an-dainséarach do na súile breathnuithe a dhéanamh ar an nGrian, agus go bhfuil modhanna oibre ar leith ag teastáil leis na dainséir a sheachaint.

Tá an Ghrian comhdhéanta as hidrigin (timpeall ar 74 % dá mais), héiliam (timpeall 24 %), agus iarsmaí beaga de dhúile níos troime. Baineann an Ghrian leis an aicme speictreach G2V. Ciallaíonn an litir G go bhfuil teocht a dromchla timpeall 5,500 K (nó timpeall 5,200 céim Celsius). Mar sin, tá dath bán inti go bunúsach, cé go bhfágann réscaipeadh an tsolais san atmaisféar blas buí uirthi. Is féidir a aithint ar línte speictreacha na Gréine go bhfuil miotail ann—idir adaimh neodracha agus iain—ach níl línte na hidrigine róláidir, ós rud é go bhfuil an chuid is mó den hidrigin ina plasma, ionas go dtáirgíonn sí speictream leanúnach solais. Maidir leis an litir V, tugann sí le fios gur réalta de chuid an phríomhsheichimh atá i gceist, cosúil leis an gcuid is mó de na réaltaí. Is é is impleacht dó seo go dtáirgíonn an Ghrian a cuid fuinnimh trí núicléis hidrigine a chomhleá go núicléis héiliam, agus go bhfuil sí i gcothromaíocht hidreastatach, is é sin, nach bhfuil sí ag fás ná ag crapadh. Tá níos mó ná 100 milliún réalta d'aicme G2 ar fud Bhealach na Bó Finne, ach san am céanna, is féidir a rá go bhfuil an Ghrian níos gile ná 85 % de réaltaí ár réaltra, nó is abhacréaltaí dearga an chuid is mó acu.

Tá an Ghrian ag timpeallú lárphointe Bhealach na Bó Finne, faoi 25,000—28,000 solasbhliain de, agus críochnaíonn sí imrothlú amháin in aghaidh 225 - 250 milliún bliain. Ar an bhfithis seo, tá an Ghrian ag cur 217 gciliméadar di in aghaidh uair an chloig, is é sin, aonad réalteolaíoch in aghaidh ocht lá, agus solasbhliain amháin gach míle ceithre chéad bliain.

Is é solas na Gréine an fhoinse fuinnimh is mó in aice le dromchla an Domhain. Is é tairiseach na Gréine an oiread cumhachta a chaitheann an Ghrian ar an achar atá nochta dá solas. Ar dhromchla an Domhain, is ionann tairiseach na Gréine agus thart ar 1,370 vata in aghaidh gach méadar cearnach. Is gá cuimhne a choinneáil air, áfach, go mbaineann atmaisféar an Domhain cuid den chumhacht den tsolas, agus mar sin, tá an luach praiticiúil níos gaire do mhíle vata in aghaidh an mhéadair chearnaigh. Cibé scéal é, tá go leor próiseas idir nádúrtha agus theicneolaíoch ann le leas a bhaint as an bhflúirse fuinnimh seo. Téann na plandaí i dtuilleamaí na fótaisintéise le cumhacht an tsolais ghréine a cheapadh agus a iompú ina foirm cheimiceach (ocsaigin agus comhdhúile dí-ocsaídithe carbóin). Is féidir leis an duine, arís, cealla gréine agus gléasra grianchumhachta a úsáid le teas nó leictreachas a bhaint as solas na Gréine. Maidir leis an bhfuinneamh a fhaightear as an bpeitreal nó as na breoslaí iontaisithe eile, níl ann go bunúsach ach an chumhacht chéanna a d'iompaigh na plandaí, anallód, ina foirm cheimiceach tríd an bhfótaisintéis.

Réalta den tríú glúine is ea an Ghrian, agus creidtear gur tonn turrainge ó ollnóva éigin a chuir an chéad tús léi mar réalta. Tá an grianchóras ar fad cuíosach saibhir i ndúile troma, mar ór agus úráiniam. Creideann na saineolaithe go gcruthaítear núicléis na ndúl trom i gcroílár na réaltaí móra a bhfuil i ndán dóibh pléascadh ina n-ollnóvaí, agus gurb iad na hollnóvaí a scaipeann na dúile seo ar fud an spáis.

Díol suime é an tionchar a imríonn solas na Gréine ar na neacha beo. An solas ultraivialaite, mar shampla, maraíonn sé miocrorgánaigh mar a bheadh frithsheipteán ann, agus mar sin, is féidir úsáid a bhaint as leis na baictéir a bhaint de na huirlisí saotharlainne. Tá an solas ultraivialaite in ann, fosta, griandó a fhágáil ar an duine agus, fiú, luas a chur le forbairt na hailse craicinn. Ón taobh eile de, cuidíonn sé le táirgíocht an vitimín D san orgánach daonna. Baineann atmaisféar an Domhain go mór mór den tsolas ultravialaite, rud a chiallaíonn go bhfuil an cineál seo radaíochta i bhfad níos láidre in aice an mheánchiorcail, agus na daoine níos duibhe ina gcraiceann, mar chosaint ar sholas na gréine.

Tá an Ghrian an-ghníomhach ó thaobh an mhaighnéadais de. Tá réimse maighnéadach na Gréine an-láidir, an-athraitheach, agus é ag déanamh iomlaoide ar an dá phol uair amháin in aghaidh gach aon bhliain déag. Torthaí do ghníomhaíocht mhaighnéadach na Gréine is ea na grianspotaí, an ghrianghaoth, na bladhmanna, agus na saighneáin—is é sin, na soilse ar a dtugtar aurora borealis nó an chaor aduaidh. Cuireann stoirmeacha maighnéadacha na Gréine isteach ar an gcumarsáid raidió freisin. Creidtear go raibh an-pháirt ag gníomhaíocht na Gréine i gcruthú agus i bhforbairt an Ghrianchórais, agus inniu féin, imríonn an Ghrian an-tionchar ar an gcuid is faide amuigh d'atmaisféar an Domhain.

Cé gurb í an Ghrian an réalta is cóngaraí don Domhan, agus dianstaidéar déanta ag na saineolaithe uirthi leis na céadta bliain anuas, is iomaí ceist ina taobh nár freagraíodh go fóill. Mar shampla, cén fáth a bhfuil atmaisféar eachtrach na Gréine i bhfad níos teo ná a dromchla infheicthe (an fótaisféar)? Ar na cúrsaí is mó a gcuireann na saineolaithe spéis iontu inniu, tá tréimhse thráthrialta na ngrianspotaí, cruthú agus tréithe fisiceacha na mbladhmanna gréine agus na starraiceachtaí, an t-idirghníomhú maighnéadach idir an crómaisféar agus coróin na Gréine, agus bunús is cruthú na grianghaoithe.

Meánfhad ón Domhan: 149.6 x 106 ciliméadar (aon Aonad Réalteolaíoch amháin, de réir an tsainmhínithe)

Méid dhealraitheach: -26.8m

Dearbhmhéid: 4.8m

Aicme speictreach: G2V

Meánfhad ó lárphointe Bhealach na Bó Finne: timpeall ar 2.5×1017 ciliméadar, nó 26,000-28,000 solasbhliain

Tréimhse imrothlaithe timpeall ar lárphointe Bhealach na Bó Finne: 2.25-2.50×108 bliain

Treoluas: 217 ciliméadar in aghaidh na soicinde ar an bhfithis timpeall ar lárphointe Bhealach na Bó Finne, 20 ciliméadar in aghaidh na soicinde i gcomparáid leis na réaltaí eile sa chomharsanacht is cóngaraí

Meán-trastomhas: 1.392×106 ciliméadar, nó trastomhas an Domhain méadaithe faoi 109

Meán-imlíne: 4.373×106 ciliméadar, nó imlíne an Domhain méadaithe faoi 342

Oblátacht: 9×10−6

Achar an dromchla: 6.09×1012 ciliméadar cearnach, nó achar an Domhain méadaithe faoi 11,900

Toirt: 1.41×1018 ciliméadar ciúbach, nó toirt an Domhain méadaithe faoi 1,300,000

Mais: 1.988 435×1030 cileagram, nó mais an Domhain méadaithe faoi 332,946

Dlús: 1.408 g/cm³

Imtharraingt ar dhroim na Gréine: 273.95 m/s2, nó 27.9 g (tabhair faoi deara gur mar luasghéarú a thugtar an imtharraingt in iúl)

Treoluas éalaithe ar dhroim na Gréine: 617.54 km/s (treoluas éalaithe an Domhain méadaithe faoi 55

Teocht ar an dromchla: 5785 ceilvin (K), nó 5512 céim Celsius

Teocht sa choróin: 5 milliún ceilvin (5 MK)

Teocht sa chroílár: timpeall ar 13.6 míle ceilvin (13.6 MK)

De réir na múnlaí ríomhairithe a úsáidtear inniu le haithris a dhéanamh ar fhás agus ar fhorbairt na réaltaí, tá an Ghrian timpeall 4.57 billiún bliain d'aois. Mar sin, tá sí leath bhealaigh ina héabhlóid mar réalta phríomhsheichimh. A fhad is a fhanfaidh sí ina réalta phríomhsheichimh, beidh sí ag táirgiú fuinnimh trí núicléis hidrigine a chomhleá go núicléis héiliam. In aghaidh na soicinde, iompaíonn an Ghrian breis is ceithre mhilliún tonna de dhamhna go fuinneamh i gcroílár na Gréine, le neoidríonónna agus radaíocht a dhéanamh. Beidh an Ghrian timpeall deich mbilliún bliain ina réalta phríomhsheichimh.

Níl an oiread sin maise sa Ghrian is go bpléascfadh sí ina hollnóva. Ina áit sin, iompóidh sí ina fathachréalta dhearg, agus na sraitheanna is faide amuigh á síneadh amach, de réir mar atá an hidrigin ag rith gann agus croílár na réalta ag crapadh isteach chuige féin. Tosóidh núicléis an héiliam á gcomhleá le chéile nuair a shroichfidh an teocht sa chroílár 3 x 108 K. Creidtear go bhfairsingeofar dromchla na Gréine chomh fada amach is go dtiocfaidh sé a fhad is atá fithis an Domhain inniu. San am céanna, is dócha go mbeidh an oiread sin maise (agus imtharraingthe) caillte ag an nGrian faoi seo is go mbeidh an Domhan á fithisiú níos faide amuigh. Mar sin, is féidir nach slogfaidh an Ghrian an Domhan, i ndiaidh an iomláin, ach is follasach nach mbeidh an Domhan ináitrithe, nó imeoidh uisce na bhfarraigí agus an t-atmaisféar féin ina ngal soip. 

Nuair a bheidh tréimhse na fathachréalta deirge thart, fágfar na sraitheanna is faide amuigh den Ghrian ag foluain thart mar néal pláinéadach, is é sin, gásnéal atá ag timpeallú na Gréine cosúil leis na pláinéid. An chuid sa chroílár, áfach, mairfidh sí ag soilsiú thar na mílte milliún bliain ina habhacréalta bhán, agus í ag fuarú de réir a chéile. 

Sin é an cineál forbairt atá i ndán don Ghrian, chomh maith leis na réaltaí beaga agus na réaltaí meánmhéide go léir. 

Réalta mheánmhéide is ea an Ghrian, ach tá thart ar 99 % de mhais iomlán an Ghrianchórais comhchruinnithe inti. Tá an Ghrian an-chóngarach don sféar foirfe ina cosúlacht agus ina déanamh, nó níl sí ach timpeall ar naoi milliúnú cuid ar oblátacht. Is é is ciall dó sin nach bhfuil ach difríocht deich gciliméadar idir a trastomhas polach agus a trastomhas meánchiorclach. Tá an Ghrian ag casadh thart ar a hais, ach níl gach cuid den réalta ag casadh ar aon luas le chéile, nó críochnaíonn na réigiúin pholacha aon rothlú amháin in aghaidh an chúig lá déag is fiche, nuair nach bhfuil tréimhse rothlaithe an mheánchiorcail ach cúig lá fichead. Cruthaíonn an rothlú seo fórsa áirithe lártheifeach, ach tá imtharraingt na Gréine i bhfad níos mó. Níl mórán tábhachta leis na fórsaí taoidmheara sa Ghrian ach an oiread, cé go bhfuil an Ghrian féin ag imrothlú mheáchanlár an Ghrianchórais. Tá an meáchanlár sin suite taobh istigh den Ghrian, ach tá sé an-chóngarach dá dromchla. Is í mais Iúpatair is mó a tharraingíonn an lárphointe sin i leataobh ó lárphointe na Gréine féin.

Ní féidir a rá go neamhdhébhríoch cá bhfuil dromchla na Gréine. Tá dlús an gháis ag dul i laghad go heaspónantúil de réir mar atáthar ag dul amach as croílár na Gréine. Mar sin féin, is féidir a lán a rá faoi struchtúr inmheánach na Gréine. Is gnách a cheapadh gurb é ga na Gréine an fad óna lárphointe go himeall an fhótaisféir. Is é an fótaisféar an dromchla mar a fheictear dúinn féin é. Taobh istigh den fhótaisféar, níl an gás trédhearcach, agus taobh amuigh de, tá. Tá an chuid is mó de mhais na Gréine taobh istigh de seacht ndeichiú cuid dá ga.

Ní féidir staidéar a dhéanamh ar chroílár na Gréine go díreach, nó ní ligeann an Ghrian aon chineál radaíocht leictreamhaighnéadach tríthi. Tá na saineolaithe ábalta, áfach, a gcuid conclúidí a bhaint as an dóigh a mbíonn brúthonnta ón taobh istigh ag croitheadh an taobh amuigh den Ghrian. Tugtar heiliseismeolaíocht ar an gcineál seo taighde, ó tá sé cosúil leis an dóigh a mbaineann na seismeolaithe tátal agus tuiscint as na fuaimthonnta a bhíonn ag dul tríd an Domhan le linn na dtalamhchreathanna. 

Creidtear go síneann an croíleacan aon chúigiú cuid de gha na Gréine amach ón lárphointe. Tá an damhna istigh ansin 150 oiread níos dlúithe ná an t-uisce, agus é 13,600,000 céim Celsius ar teocht. Mar sin, tá sé i bhfad Éireann níos teo ná dromchla infheicthe na Gréine, nach bhfuil ach timpeall ar cúig mhíle go leith céim Celsius ar teocht. Istigh ansin, tá an fuinneamh á tháirgiú ag an gcineál comhleá núicléach ar a dtugtar slabhra prótón-prótón. Is é an rud a thiteann amach ansin, go bunúsach, ná go gcomhleáitear dhá phrótón go deoitéarón amháin, is é sin, núicléas hidrigine troime, ina bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin. Mar sin, iompaítear ceann de na prótóin ina neodrón, agus sa teagmháil seo, cruthaítear posatrón amháin (le fáil réidh le lucht leictreach deimhneach an phrótóin a iompaítear ina neodrón) agus neoidríonó amháin mar sheachthorthaí. Na deoitéaróin a dhéantar ar an dóigh seo, déanann siad comhleá le prótón amháin, agus ansin, cruthaítear núicléas héiliam. Ní gnáth-héiliam atá ann go fóill, áfach, ach núicléas de chuid an iseatóip is éadroime den héiliam, ós rud é nach bhfuil ach aon neodrón amháin ann agus é greamaithe de dhá phrótón. Is é an chéim dheireanach den imoibriú seo go gcomhleáitear dhá núicléas den héiliam éadrom seo, ionas go bhfaightear núicléas de chuid an ghnáth-héiliam—dhá neodrón agus dhá phrótón—agus an dá phrótón eile á scaoileadh saor arís. 

Sa chroílár amháin atá an comhleá ag dul ar aghaidh. Ní tháirgíonn an chuid eile den Ghrian fuinneamh ar bith, níl sí ach ag aistriú an fhuinnimh agus an teasa as an gcroílár. An fuinneamh a tháirgítear sa chroílár, caithfidh sé dul trí chiseal i ndiaidh cisil leis an bhfótaisféar a bhaint amach agus éalú ón nGrian i bhfoirm solais nó radaíochta eile, nó i bhfoirm an fhuinnimh chinéitigh atá ag tiomáint cáithnín éigin.

In aghaidh na soicinde, iompaítear an oiread de dhamhna ina fhuinneamh sa Ghrian, ar meán, agus gurb ionann é agus seacht míle billiún buama adamhach den chineál a phléasc i Hiroshima i ndeireadh an dara cogadh domhanda. Tá luas an chomhleáite ag brath go mór mór ar dhlús an damhna, agus mar sin, cothromaíocht atá ann a cheartaíonn í féin: má ghéaraíonn an comhleá a luas, rachaidh an croílár i bhfairsinge, ionas go n-éireoidh an damhna níos tanaí, agus an t-imoibriú ag éirí níos maille dá réir. Má mhoillíonn an t-imoibriú an iomarca, áfach, crapfaidh an croílár isteach chuige, agus é ag éirí níos dlúithe. Ansin, rachaidh an teocht in airde, agus luas nua ag teacht ar an imoibriú dá réir. Cinntíonn an cineál seo rialú aisfhotha nach baol dúinn ardú ná ísliú tobann a theacht ar ráta an fhuinnimh ghréine a shroicheann sinn.

Na fótóin ardfhuinnimh, is é sin, na X-ghathanna agus na gáma-ghathanna, bíonn siad an-mhall ag teacht as croílár na Gréine go dtí an fótaisféar, agus an oiread corthaí a chuirtear ina mbealach. Níl na saineolaithe féin ar aon fhocal cé chomh sciobtha a thagann na fótóin seo a fhad leis an dromchla, ach bíonn na meastacháin ag guagaíl idir 50 milliún bliain agus 17 míle bliain. Nuair a thiocfaidh na fótóin tríd an gciseal comhiompair, is féidir leo an réalta a thréigean i bhfoirm an tsolais infheicthe. Na gáma-ghathanna a chruthaítear i gcroílár na Gréine, meiltear go solaschandaim iad le linn iad a bheith ag déanamh a mbealaigh tríd an réalta. Na neoidríonónna a chruthaítear, áfach, ní bhíonn mórán idirghníomhaíochta ar siúl idir iad agus an damhna, agus mar sin, éalaíonn siad as an nGrian sciobtha go leor.

Sa chiseal atá suite idir dhá dheichiú cuid agus seacht ndeichiú cuid de gha na Gréine, tá an damhna chomh te agus chomh dlúth is gurb í an radaíocht theirmeach a iompraíonn an fuinneamh ón gcroílár i dtreo an dromchla.

Idir crios na radaíochta agus an fótaisféar, tá crios an chomhiompair. Anseo, níl an damhna chomh dlúth, nó chomh te, is go bhféadfadh an radaíocht theirmeach an fuinneamh a iompar. Is é an rud atá ar siúl anseo ná an comhiompar. Is é sin, tá an damhna ag éirí ina cholúin theirmeacha ó chrios na radaíochta go dtí an fótaisféar. Sna grianghrafanna, aithnítear an comhiompar seo ar chosúlacht ghránaithe an fhótaisféir. An damhna a fhuaraíonn san fhótaisféar, titeann sé isteach arís i dtreo chrios na radaíochta, le tuilleadh fuinnimh a ghlacadh ansin. Nuair a théifidh sé suas, éireoidh sé go dtí an fótaisféar arís.

Is é an fótaisféar dromchla infheicthe na Gréine, agus an chuid den Ghrian faoina bhun, tá sí teimhneach a fhad agus atá an gnáthsholas i gceist. Taobh thuas den fhótaisféar, is féidir don tsolas an Ghrian a fhágáil agus scaipeadh amach sa spás, ionas go gcailleann an Ghrian an fuinneamh atá sé a iompar. Tá an fótaisféar na scórtha ciliméadar, nó fiú na céadta ciliméadar ar tiús, agus an damhna ag éirí níos trédhearcaí de réir is mar atá sé ag éirí níos scaipthe. Go bunúsach, tá an fótaisféar beagáinín níos teimhní ná atmaisféar an Domhain. 

Tá speictream an dúchoirp ag an nGrian, a bheag nó a mhór - is é sin, speictream leanúnach, agus í ag astú solais ag gach tonnfhad, ionas go bhfuil gach dath le fáil i solas na Gréine. Air seo a aithnítear go bhfuil an fótaisféar timpeall sé mhíle ceilvin ar teocht. Tá línte dorcha ionsúcháin fágtha ar an speictream ag na dúile in atmaisféar na Gréine—línte Fraunhofer, mar a thugtar orthu, as an eolaí ba thúisce a chuir sonrú iontu. 

Is é is cúis leis na línte seo ná gur dual do gach dúil cheimiceach gan solas a astú ná a ionsú ach ag minicíochtaí nó tonnfhaid áirithe. Mar sin, is féidir na dúile atá ar fáil in atmaisféar na Gréine a aithint ar na línte seo. Sa bhliain 1868, thug Norman Lockyer faoi deara go raibh línte ansin nach raibh ag freagairt d'aon dúil aithnidiúil. Is é an tátal a bhain sé as an mbreathnú seo ná go raibh dúil nua i gceist, agus bhaist sé héiliam ar an dúil seo, ós é helios an focal Gréigise a chiallaíonn grian. Cúig bliana fichead ina dhiaidh sin, d'aonraigh na saineolaithe an héiliam ar an Domhan.

Na codanna den Ghrian atá suite os cionn an fhótaisféir, is gnách a rá gurb iad atmaisféar na Gréine iad. Is féidir taighde a dhéanamh orthu le teileascóip nó le gléasanna cianradhairc atá ag obair i raon ar bith den speictream leictreamaighnéadach, ó na radathonnta go dtí an solas infheicthe agus ón solas infheicthe go dtí na gáma-ghathanna. Is féidir cúig limistéar éagsúla a aithint in atmaisféar na Gréine, mar atá, íosmhéid na teochta, an crómaisféar, an réigiún trasdultach, an choróin, agus an héilisféar. Síneann an héilisféar amach thar fhithis Phlútóin a fhad leis an héileastad, áit a bhfuil an meán idir-réaltach agus an héilisféar ag bualadh faoina chéile. Tá an crómaisféar, an réigiún trasdultach, agus an choróin i bhfad níos teo ná an fótaisféar, agus níl a fhios ag na réalteolaithe féin cén fáth.

Is é an ciseal is fuaire ná réigiún íosmhéide na teochta, thart ar leathmhíle ciliméadar os cionn an fhótaisféir. Titeann an teocht anseo go 4,000 ceilvin, a bheag nó a mhór. Tá sé chomh fuar is gur féidir do mhóilíní simplí ceimiceacha, ar nós an uisce agus aonocsaíd an charbóin, maireachtáil anseo, rud atá le haithint ar an speictream ionsúcháin.

Taobh thuas de chiseal íosmhéid na teochta, tá ciseal nach bhfuil ach dhá mhíle ciliméadar ar tiús, agus tugtar crómaisféar, nó liathróid na datha, ar an réigiún seo. Feictear an crómaisféar mar chineál bladhm dhaite díreach i dtús nó i ndeireadh urú iomlán na Gréine. Is é uachtar an chrómaisféir an chuid is teo de, nó sroichtear teocht céad míle ceilvin sa chuid is airde thuas de.

Os cionn an chrómaisféir atá an réigiún trasdultach, ina bhfuil an teocht ag éirí go sciobtha ón gcéad míle ceilvin go dtí an milliún ceilvin sa choróin. Is ar éigin is féidir a rá go mbeadh an réigiún trasdultach suite in airde áirithe ón gcrómaisféar; is fearr a rá gur cineál luan é lastuas de na spícíní agus na filiméid a aithnítear sa chrómaisféar. Le taighde a dhéanamh ar an réigiún trasdultach, ní mór gléasra a chur sa spás atá in ann an chuid is lú tonnfhad den radaíocht ultravialaite a aithint.

Is í coróin na Gréine an chuid is faide amuigh d'atmaisféar na Gréine, agus í i bhfad níos toirtiúla ná an Ghrian féin. Ní féidir teorainn shoiléir a shocrú idir an choróin agus an ghrianghaoth a shroicheann gach cearn den ghrianchóras féin. Tá teocht na corónach an-ard, roinnt milliún ceilvin. Cé nach bhfuil an teocht ard seo mínithe go sásúil go fóill, dealraíonn sé gur cuid den mhíniú í an idirghníomhaíocht idir réimsí maighnéadacha éagsúla - an t-athnascadh maighnéadach, mar a thugtar air. 

Taobh amuigh den choróin atá an héilisféar. Sroicheann an héilisféar teorainneacha an Ghrianchórais féin, agus is é an héileastad, timpeall ar 50 aonad réalteolaíoch ón nGrian, deireadh an héilisféir. Iompaíonn an héilisféar an ghrianghaoth go dtí an héileastad, áit a mbuaileann sí faoin meán idir-réaltach, is é sin, an cineál damhna atá amuigh sa spás idir na grianchórais éagsúla. An spástaiscéalaí úd Voyager 1 a scaoileadh chun bealaigh sa bhliain 2004, chuaigh sé thart le fronta turrainge i ndeireadh na bliana 2004 a bhfuiltear ag dearcadh air mar chuid den héileastad. Is é sin, is é an fronta turrainge seo an áit a bhfuil an ghrianghaoth ag sroicheadh an mheáin idir-réaltaigh, mar a chreidtear. D'aithin an dá Voyager leibhéal fuinnimh na gcáithníní ina dtimpeall ag dul in airde agus iad ag teacht i gcóngar don fhronta.

Má chuirimid scagaire den chineál cheart idir sinn agus an Ghrian, ar dhóigh is go bhfuilimid in ann breathnuithe a dhéanamh ar an nGrian gan radharc ár súl a chailleadh, is é an chéad chineál mionsonraí a aithneoidh muid ná na grianspotaí. Tá na spotaí seo níos fuaire ná a dtimpeallacht, rud a fhágann go bhfuil cuma níos dorcha orthu. Sna grianspotaí, tá an maighnéadas ag dul i méadaíocht agus an comhiompar ag dul i laige dá réir. Cuireann an maighnéadas le teocht na corónach, ionas go gcruthaítear réigiúin ghníomhacha. Sna réigiúin seo a bhíonn na bladhmanna ar bharr lasrach agus an damhna ag éalú ón gcoróin. Is féidir do na grianspotaí bheith ar aon mhéid leis an Domhan féin. 

Bíonn na grianspotaí ag flúirsiú agus ag tréigean de réir thréimhse aon bhliana déag, a bheag nó a mhór, ar a dtugtar grianchiogal. Nuair a shroicheann an grianchiogal pointe a laige, ní bhíonn ach an corrspota le feiceáil, agus iad féin in aice leis na poil. Agus an grianchiogal ag teacht ar aghaidh, feictear na spotaí ag dul i bhfairsinge agus á leathadh a fhad le meánchiorcal na Gréine. Bíonn na grianspotaí ag teacht ina ndíseanna, agus leathspotaí gach díse ina bpoil mhaighnéadacha chontrártha dá chéile. 

Tá tionchar ag na grianspotaí ar aimsir an spáis, cosúil leis na stoirmeacha maighnéadacha agus an radaíocht, agus creidtear go bhfuil baint nach beag acu le haimsir ár nDomhain féin. Bíonn sé níos fuaire ná is gnách ar an Domhan le linn laige na ngrianspotaí, agus má bhíonn an grianchiogal ag teacht i gcrann go mall, beidh sé níos teo thall anseo. Sa seachtú haois déag, d'imigh na grianspotaí go hiomlán, beagnach, ar feadh i bhfad (Íosmhéid Maunder), agus buaileadh an Eoraip le fuacht fada ar a dtugtar an Oighearaois Bheag.




#Article 288: Coláiste Liam agus Mháire (180 words)


Ollscoil phoiblí na n-uasalealaíon (cé go bhfuil an t-ainm stairiúil Coláiste uirthi) is ea Coláiste Liam agus Mháire i Virginia (Béarla: The College of William and Mary in Virginia). Tá an Coláiste suite i Williamsburg, cathair stairiúil i gceantar thoir theas Virginia sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bunaíodh an ollscoil sa bhliain 1692 nuair a bhronn an Rí Liam III agus an Bhanríon Máire II a chairt ríoga air (ag an am sin, bhí Virginia ina chóilíneacht Shasanach). Níor cuireadh tús leis an múinteoireacht go dtí 1697 áfach, mar go raibh ionsaithe na Meiriceánach Dúchasach ar siúl go minic i gceantar Jamestown ag an am sin. Dá bharr sin, cé gurb í Coláiste Liam agus Mháire an chéad ollscoil a bhfuil cairt aici i Meiriceá, is í Ollscoil Harvard an chéad ollscoil a cuireadh i bhfeidhm i Meiriceá (agus is í Coláiste Liam agus Mháire an dara ollscoil is sine i Méiriceá).

Níl aon cheangal ag an ollscoil le creideamh nó reiligiún ar bith.

I measc céimithe na hollscoile, tá:

I measc na ndaoine atá baint acu leis an ollscoil, tá:




#Article 289: Uisce (200 words)


Is é atá in uisce ná leacht leamh, agus níl boladh nó blas air. Clúdaíonn uisce 70% de dhromchla an domhain. Tá aibhneacha, lochanna agus farraigeacha déanta as uisce. 
Tuaslagann sé beagnach gach ábhar a bheag nó a mhór, ach arnháin ábhair i bhfoinn mhóilíneach (mar shampla, O2, CH4). Riachtanach don bheatha, agus i láthair i ngach orgánach beo.

Is é atá i móilín uisce ná dhá adamh hidrigin agus aon adamh ocsaigin. H2O is foirmle cheimiceach dó. Is í an chomhdhúil mhóilíneach is coitianta ar Domhan.

Ní aigéad nó alcaileach é, agus tá pH 7 aige. Tá fiuchphointe 100 °C agus reophointe 0 °C aige. Mar sin, is leacht é a reonn ina oighear ag O °C, agus a fhiuchann chuig gás/galuisce ag 100 °C. Má bhruithtear é, déantar gal as, agus má reotar é, déantar oighear as.

Nasctha le chéile le naisc hidrigine mar leacht, agus oibríonn uisce i gcomheagar le hiain thuaslagtha ann. Neamhchoitianta go leor, tá an solad níos éadroime ná an leacht. 

Nuair a bhíonn tiúchan ard ian cailciam is maignéisiam ann, deirtear gur uisce crua é. Bogtar é trí na hiain seo a athshuíomh le sóidiam is potaisiam nach ndéanann táirgí dothuaslagtha le gallúnach.  




#Article 290: Na hAlpa (129 words)


Tugtar na hAlpa ar cheann de na sliabhraonta is mó san Eoraip. Tá siad le fáil i lár na hEorpa lastoir den Ostair agus iad ag síneadh tríd an tSlóivéin, an Iodáil, an Eilvéis, trí Lichtinstéin agus tríd an nGearmáin siar go dti an Fhrainc. Is é Mont Blanc an sliabh is airde sna hAlpa agus é 4,810 méadar ar airde. Tá sé suite ar an teorainn idir an Fhrainc agus an Iodáil.

Le linn na hImpireachta Rómhánaí bac nádúrtha ba ea na hAlpa ar ionradh aduaidh ar an leithinis Iodálach. (Chuaigh sé rite le Hannabal na hAlpa a chur de i rith an Chéad Chogadh Púnach, mar shampla.)

Anois tá an-dúil ag daoine sna hAlpa de bharr na sciála agus deis spaisteoireachta amuigh faoin aer a bheith acu.




#Article 291: Albert Einstein (162 words)


Fisiceoir teoriciúil ab ea Albert Einstein (14 Márta 1879 - 18 Aibreán 1955). Áirítear ar an eolaí is tábhachtaí san 20ú céad é. 

D'oibrigh Einstein amach teoiric na coibhneasachta agus bhí lámh aige i bhforbairt na meicnice candamaí, na meicnice staitistiúla agus na cosmeolaíochta freisin. 

Bronnadh Duais Nobel na Fisice air sa bhliain 1921 mar gheall ar an míniú a thug sé ar an iarmhairt fhótaileictreach agus ar a raibh déanta aige leis an bhfisic theoiriciúil a fhorbairt go ginearálta.

Rugadh Einstein in Ulm i réigiún Württemberg sa Ghearmáin sa bhliain 1879. B'iad a thuismitheoirí Hermann Einstein, innealtóir agus díoltóir leapacha, agus Pauline Hermann (dioltóir leapacha) agus Pauline Koch. Giúdaigh a bhí iontu, ach mar sin féin, chuir siad an buachaill i mbunscoil Chaitliceach.

Nuair a shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht sa Ghearmáin, b'éigean d'Einstein an tír sin a thréigean. Ar turas sna Stáit Aontaithe, i mí na Feabhra 1933, shocraigh Albert Einstein fanacht ansin in áit filleadh go dtí an Ghearmáin.




#Article 292: Glúin na Buaidhe (303 words)


Eagraíocht náisiúnaíoch fhíor-Ghaelach sna 1940idí in Éirinn a bhí i nGlúin na Buaidhe (tabhair faoi deara go gcloíonn ainm na heagraíochta le gramadach Ghaeilge Uladh; Glúin an Bhua a bheadh ann de réir an Chaighdeáin). Ba iad Gearóid Ó Cuinneagáin agus Proinsias Mac an Bheatha príomhfheidhmeannaigh na heagraíochta. Bhí baint ag Annraoi Ó Liatháin leis an eagraíocht freisin, agus scríobhadh Ciarán Ó Nualláin - deartháir Flann O'Brien - colúin ar iris na Glúine. Bhí Cathal Ó Sándair, scríbhneoir don aos óg, páirteach ann freisin. Craobh de chuid Chonradh na Gaeilge - Craobh na hAiséirí - a bhí ann ar dtús, ach ó theastaigh ón gCuinneagánach clár oibre polaitíochta a chur chun cinn, fuair sé dealú ón gConradh.

Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an nGlúin inniu. Ó thaobh amháin, bhí blas an antoisceachais ar an náisiúnachas a bhí mar réalt eolais ag lucht ceannais na Glúine. Le fírinne, is é an cineál idé-eolaíochta a bhí ann ná an radacachas sainiúil Éireannach ina dtagann an náisiúnachas, an Caitliceachas, an Poblachtachas agus, fiú, cineál Sóisialachais le chéile. Ón taobh eile, is léir go ndearna an Ghlúin éacht mór ag eagrú daoine óga ar son chúis na Gaeilge. Ar obair na Glúine, nó ar obair Chraobh na hAiséirí, a d'fhás an iris fhadsaolach úd Inniu, chomh maith leis an teach foilsitheoireachta Foilseacháin Náisiúnta Teoranta (FNT).

Cibé scéal é, ní raibh fad saoil i ndán do Ghlúin na Buaidhe féin. D'fhill an chuid is mó de na baill go ciúin ar an gConradh cúpla bliain i ndiaidh na scarúna. Ba é meon deachtóra an Chuinneagánaigh a chaill an Ghlúin, mar eagraíocht. Fear fuinniúil a bhí ann a rinne cuid mhaith ar son na teanga a fhad is a bhí srianta leis, ach nuair a bhí sé i gceannas ar a eagraíocht féin, chuaigh sé thar fóir.




#Article 293: Óivid (381 words)


File Rómhánach ab ea Publius Ovidius Naso (20 Márta, 43 RC – AD 17), ar a dtugtar Óivid (nó Oivid) as Gaeilge. Scríobh sé ar an ghrá, ar mná tréigthe, agus ar claochluithe miotasacha.

Níl aon eolas againn faoi saol Óivid ach amháin na sonraí a d'fhág sé é féin ina chuid scríbhinní. Rugadh ag Sulmo (inniu Sulmona) é do chlann marcach. Bhí oideachas den scoth aige sa Róimh agus san Ataen, agus rinne sé staidéar ar an reitric. Ach, d'ainneoin a raibh á theastáil ó a athair, b'fhearr le hÓivid bheith ina fhile ná dul isteach sa saol poiblí. Bhí dhá mhion-dhualgais aige sa stát, ach ansin d'éirigh sé as iad, agus chaith sé bunús a chuid ama go léir don fhilíocht agus don spraoi.

Chuir Ágastas an ruaig ar Óivid in AD 8 chuig Tomi ar an Mhuir Dhubh, ach ní fios fós cén fáth go rinne sé é sin (scríobh Óivid e féin gur error agus carmen – botún agus dán – ba chúis leis. B'fhéidir go raibh sé mór le gaol de chuid Ágastas tamall, agus b'fhéidir gurb é Ars Amatoria an carmen a bhí i gceist aige, saothar a bhí in ainm agus a bheith mímhorálta agus a raibh fáil air ar feadh tamaill). Dearbhaíonn Óivid é féin go raibh sé neamh-chiontach, agus díbríodh é de bharr gur chonaic sé daoine eile ag briseadh an dlí - b'fhéidir go raibh sé ar a eolas go raibh caidreamh idir Julia agus Silanus, nó go raibh eolas polaitíochta aige, ach ní féidir bheith cinnte sa lá atá inniu ann. D'fhulaing Óivid go mór mar gheall ar an ruaig sin, gan a chairde, faoi dhrochsláinte agus ag comhrac in aghaidh na mbarbarach, ach d'fhoghlaim sé teanga an cheantair agus scríobh sé roinnt dánta sa teanga sin.

Scríobh Óivid a chuid saothair i leathrainn caointeacha, ach amháin an saothar mór Metamorphoses, a scríobh sé i heicsiméadar dachtaileach ar mhúnla na Aeniad Veirgile agus eipicí Hóiméir. Ní scéal eipiceach ar nós a réamhtheachtaithe a chuireann Óivid in iúl, ach cuntas an chosmais de réir dátaí, ón chruthú chuig a linn féin. Cuireann sé go leor miotais agus seanscéalta san áireamh as na traidisiúin Gréagach agus Rómhánach.

Cuirtear na dánta seo síos do Óivid, ach meastar go leathan nach rinne sé iad:




#Article 294: Pedro Álvares Cabral (125 words)


B'é Pedro Álvares Cabral (timpeall 1467 - 1520), an chéad Eorpach a tháinig i dtír sa Bhrasaíl sa mbliain 1500. Bhí sé i bhfeidhmeannas na Portaingéile.

Creidtear gur rugadh Cabral i mBelmonte, sa Chúige Beira Baixa na Portaingéile. Ba é an tríú mac de'n mhuirín Fernão Cabral (c. 1427-c. 1492), gobharnóir Beira agus Belmonte, agus a bhean chéile Isabel de Gouveia de Queirós (c. 1433-c. 1483, duine de shliochta chéad Rí na Portaingéile , Afonso I), agus fear céile Isabel de Castro, iníon le Fernão de Noronha ( sliocht freisin an Rí Afonso I). Is dócha go raibh oiliúint i loingseoireacht agus taithí mar mhairnéalacha ag Cabral, ós rud é gur roghnaigh Rí na Portaingéile Manuel I é chun obair Vasco da Gama a leanúint.




#Article 295: Cumarsáid (163 words)


Is éard atá sa chumarsáid smaointe, faisnéis nó mothúcháin a chur in iúl. Is féidir a rá gur cuid de bhunús na beatha féin í an chumarsáid agus í ar siúl ag na horgánaigh is simplí amach. 

Tá córas an-chasta cumarsáide in úsáid ag an gcine daonna, cuma más sméideadh beag atá i gceist nó áiseanna aimhréidhe leictreonacha. Ar na saghsanna cumarsáide is mó is dual don aois atá anois ann tá an bholscaireacht agus an fhógraíocht, rudaí ar chuspóir dóibh rud a áitiú ort agus é de chumas acu é a dhéanamh ar chéad bealach, más go híorónta nó go féin-chomhfhiosach féin é. 

Is mór an cúnamh don chumarsáid an cultúr céanna a bheith ag na daoine atá i gceist, cé gur minic ráite é nach féidir an mhíthuiscint a sheachaint sa chás sin féin. Tá dlúthbhaint ag an gcumarsáid leis an staidéar atá déanta ag fealsúna agus ag anailísí cultúrtha ar nádúr na gcomharthaí agus na samhailchomharthaí. 

Meáin chumarsáide na hÉireann




#Article 296: Dlí (192 words)


Riail nó roinnt rialacha is ea an Dlí nó an Reacht, é á chur i bhfeidhm ag na cúirteanna agus ag dul i bhfeidhm ar rialú stáit, ar an gcaidreamh idir forais an rialtais agus géillsinigh an stáit, agus ar an gcaidreamh atá ag géillsinigh ar a chéile.  

Dáil reachtais nó údarás eile a dhéanann an dlí, agus is gnách pionós a ghearradh ar an té nach bhfuil umhal dó.  

Ciall eile atá leis an bhfocal is ea cleachtadh an dlí ag dlíodóirí. Ní raibh aon phobal riamh ann a bhí gan reacht, agus de ghnáth bíonn forais ar leith ann lena mhíniú agus lena athrú de réir mar is gá.  

Tá an-tionchar fós ag an reacht a rinne na Rómhánaigh ar dhlíthe na hEorpa agus an domhain, agus tháinig athrú ar an dlí sin go háirithe de bharr na leasaithe a rinneadh sa Bhreatain le an Chairt Mhór, san Iodáil agus sa Fhrainc le Cód Napóilin. 

Tá dlí áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta ann, agus dlíthe ar leith do réimsí éagsúla den saol. Dlí Canónta atá ag an Eaglais Chaitliceach mar shampla, agus tá dlíthe idirnáisiúnta tráchtála agus coiriúlachta ann chomh maith.




#Article 297: Polaitíocht (195 words)


Próiseas agus modh na cinnteoireachta i measc daoine is ea an pholaitíocht. Baineann sé le gach gné don idirghníomhaíocht i ngrúpaí, i gcúrsaí gnó, acadúla, creidimh agus rialtóireachta. Ó cuireadh eagar ar dhaoine an chéad lá ba ghá dóibh dualgaisí agus pribhléidí a roinnt eatarthu agus ba chuid nádúrtha den éabhlóid é go mbeadh iomaíocht agus comhoibriú ann. 

De réir mar a d'éirigh na grúpaí daoine níos sofaisticiúla cuireadh tús le ceirdeanna speisialta ar nós sagairt, dlíodóirí, bailitheoirí cánach, riarthóirí agus mar sin de agus d'fhorbairt córais éagsúla chun an comhoibriú agus an iomaíocht eatarthu a choinneáil faoi smacht. 

Is ón bhfocal Gréigise polis a thagann 'polaitíocht', rud a léiríonn cé chomh lárnach is atá an chathair mar ionad polaitiúil. De ghnáth is i gcomhthéacs riarachán rialtais a phléitear an pholaitíocht inniu.

Sa pholaitíocht nua-aimseartha roinntear an idé-eolaíocht ina dhá leath - an Eite Chlé is an Eite Dheis. 

É sin ráite tá sé fíor dheacair idirdhealú a dhéanamh idir an dá fhealsúnacht i dtíortha daonlathacha na hEorpa. 

In Éirinn bheadh sé deacair an t-idirdhealú sin a dhéanamh go mór mhór leis na príomh pháirtí. Bheadh sé deacair ag aon saineolaí é sin a dhéanamh.




#Article 298: Rúraíocht (1493 words)


I Miotaseolaíocht na nGael, is cnuasach scéalta laochais na meánaoise é An Rúraíocht, aitheanta tráth mar Scéalaíocht na Craoibhe Deirge/Rua.  Ar cheann de na ceithre mórscéalaíochta sa tseanlitríocht na Gaeilge, insítear inti faoi laochra tradisiúnta na nUladh, as oirthir chúige Uladh agus tuaisceart chúige Laighean mar atá anois, go háirithe na contaethe Ard Mhacha, an Dúin agus Lú.  De bharr sin, tugtar the Ulster Cycle ar na scéalta as Béarla.  Timpeall nó roimh an gcéad aois AD atá na scéalta suite.

Le linn réim an rí, Conchúr Mac Neasa, ina rí thigh ag Eamhain Mhacha, atá na scéalta suite.  Bhí buíon laochra aige darbh ainm an Chraobh Rua.  Is é nia Chonchúir, Cú Chulainn, an laoch is suntasaí.  Ba mhinic a mbíonn coimhlint idir na hUlaidh agus na Connachta, i gceannas na banríona Méabh, i dteannta lena fear chéile, Ailill, agus a gcomhghuaillí, Fergus mac Róich, iar-rí na nUladh arc deoraíocht.  Insíonn scéalta eile faoin bhreitheanna, suirithe agus básanna na gcarachtar, agus an choimhlint eatarthu.

Scríobhadh na scéalta as Sean- agus Meán-Ghaeilge, go formhór i bprós le filíocht anois is arís tríd.  Caomhnaítear iad i lámhscríbhinní de 12ú go 15ú aoiseanna, ach tá go leor de na na scéalta féin níos sine.  Is féidir dáta san 8ú hais a thabhairt don teanga na scéalta is luaite, agus luaitear carachtair agus eachtraí i ndánta den 7ú haois.  Tá an teanga giorraisc, foréigneach, uaireanta grinn, agus go formhór réadúil, cé go gcuirtear ábhair osnádúrtha isteach ó am go ham.  Tá cumais fhordhaonna troda ag Cú Chulainn ach go háirithe, mar thoradh a sinsearacht leath-dhiaga, agus nuair i dteann feirge é, athraíonn a straidhn chatha nó riastradh ó bhonn é ina an arracht nach n-aithníonn nó cara nó namhaid.  Tagann déithe amhail is Lugh, the Mór-Ríoghain, Aengus agus Midhir ar an bhfód ó am go chéile.

Murab ionann an chuid is mó de nós seanscéalach na nGael, ina léitear  Éire ársa aontaithe a bheag nó a mhór faoi tsraith Ard-Ríthe, léitear sa Rúraíocht tír gan teann lárnach, roinnte ina ríochtaí áitiúla go minic ag troid lena chéile.  Léitear sibhialtacht phágánach, thréadach, faoi cheannas uaslathas laochais.  Buanaítear chairdeas idir teaghlaigh de chuid na huasaicme trí altramas a gcuid páistí.  Áirítear maoin le bólacht.  Téitear i mbun catha trí ruathair bó, nó comhraic aonair ag áthanna idir laochra.  Cuirtear scaití srianta ar ghníomhartha na gcarachtar le coiscithe darb ainm geasa.

Is é an Táin Bó Cúailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí den tsraith.  Bailíonn Méabh arm ollmhór chun Cuaille a ionsú agus tarbh luachmhar na nUladh, Donn Cuailnge a ghoid.  Mar gheall ar gheis a bhí ar laochra na Craoibhe Rua, ní raibh ar a gcumas troid in aghaidh a namhaide, níor sheas Cú Chulainn seacht mbliana déag d'aois an fód.  Sa Táin Bó Flidais, nó an Táin Maigh Eo, bó bhán darb ainm 'Maol' is ea mian an chroí, óir is féidir léi a leor bainne a tabhairt ag aon chrú amháin chun arm iomlán a bheathú.

Scéal cáiliúil eile is ea straitéise Dheirdre, bunús de dhrámaí le W. B. Yeats agus J. M. Synge, a bhí roghnaithe mar chéile ag Conchúir Mac Neasa, ach a d'éalaigh le Naoise go hAlbain.  Tar éis tamaill, d'iarr Conchúr ar Naoise agus a dheartháireacha, an Chlann Uisnigh, teacht ar ais go hÉirinn agus iad maite aige.  Maraíodh na deartháireacha go fealltach ámh chomh luath agus a shroich siad príomhchathair an rí, Eamhain Mhacha.  Léim Deirdre as carbad an rí agus rinneadh smidiríní dá ceann in aghaidh carraige.

Creidtear go tradisiúnta go dtarlaíonn eachtraí na scéalaíochta timpeall ré Chríost.  Tá breith agus bás Conchúir comhthrátha le breith agus bás Chríost, agus cuireann Leabhar Gabhála na hÉireann dáta don Táin Bó Cúailnge, agus breith agus bás Chú Chulainn, le réim an Ard-Rí, Conaire Mór, a bhí a deir sé chomhaoiseach le hImpireacht na Róimhe, Augustus (27 RC — AD 14).  Luann roinnt scéalta, ina measc an Táin, do Chairpre Nia Fer mar rí na Teamhrach, ag cur in iúl nach raibh Ard-Rí i réim ag an am.

Is amhlaidh gur iomrall aimsire é na Connachta mar naimhde na nUladh.  Dúradh de ghnáth gur de shliocht Choinn Chéadchathaigh iad na Connachta, a mhair a deirtear roinnt céadta níos déanaí.  I scéalta ina dhiaidh sin, úsáidtear an t-ainm Cóiced Ol nEchmacht chun an fhadhb seo a réiteach.  Iarracht tacair le manaigh Chríostaí ab ea é ámh chun cróineolaíocht na seanscéalta Gaelacha a chur le chéile le stair chlasaiceach agus leis an mbíobla, agus d'fhéadfadh é gur cuireadh cogaidh stairiúla idir na hUlaidh agus na Connachta as ionad ó thaobh ama de.

I dteannta le Leabhar Gabhála na hÉireann, measadh i nÉirinn leis na céadta anuas gur stairiúil iad na hábhair sa Rúraíocht.  Tá seasamh níos cáintí glacadh ag scoláirí an lae inniu ar an mórchóir.

De réir roinnt scoláirí den 19ú agus luath-20ú aoiseanna, ansin is Eugene O'Curry agus Kuno Meyer, stairiúil iad ab ea scéalta agus pearsan na Rúraíochta.  Chreid T. F. O'Rahilly gur miotasach go iomlán iad na scéalta agus gur déithe  eoihéimirthe iad na carachtair.  Mhol Ernst Windisch nach raibh ach fíorbheagán miotais iontu, cé cumtha go formhór. 

Tá roinnt ábhar an sa scéalaíocht a chuireann i gcuimhne cuir síos clasaiceacha de shochaí Ceilteacha sa Ghaill, sa Ghaláit agus sa Bhreatain.  Troideann gaiscígh le claimhte, sleánna agus sciatha, agus téann i gcarbaid dhá chapall, tiomáinte ag carbadóirí oilte ó na híseal-aicmí.  Baineann agus chaomhnaíonn siad cinn a naimhde, agus déanann siad gaiscí as a gcuid eachtraí agus crógachta ag fleánna, agus bronntar an  curadhmhír don tré is cróga.  Tugann draoithe, agus tá agus olchumhacht ag na filí.

De bharr na hábhar seo, tá scoláirí amhail is Kenneth H. Jackson den tuairim go gcaomhnaíonn an Rúraíocht fíorthraidisiúin Ceilteacha ón iarannaois.  De réir scoláirí eile ámh, tá tionchar na litríochta clasaicí le feiceál ann,, cé nach séantar go raibh ábhar fíorársa an bhéaloidis le fáil ann.  Mar shampla, scríobh J. P. Mallory nach dtugann an  taifead seandálaíochta nó fianaise teangan araon tacaíocht d'iarsmaí na hiarnaoise sa Rúraíocht, ach thug sé trácht ar an mBóthar Chorr Liath sa scéal sean Tochmharc Éadaoine mar eisceacht tsuntasach.

Is dóchúil é gurbh iad na strata is sine sa scéalaíocht ná iad a insíonn faoin ngaol gasta idir na Ulaidh agus na Éarainn.  Thug Eoin MacNeill faoi ndeara céad bliain ó shin gurb amhlaidh go raibh i ndáiríre gaol chlainne ag na Ulaid (léirithe leis an Dál Fiatach, Cú Raoi srl.) agus na hÉarainn (léirithe leis na Clanna Dedad agus níos déanaí Conaire Mór) le chéile.  Bhí T. F. O'Rahilly den tuairim gur shliocht de na hÉrainn ab ea na hUlaidh, déanta na fírinne.

Is amhlaidh go raibh roinnt de na hÉrainn ina ríthe cumhachta na Teamhair, le bunáit thánaiste ag Teamhair Luachra in Iarthar na Mhumhan.  Tarlaíonn roinnt eachtraí na Rúraíochta anois, nó b'fhéidir aistríodh iad ó Teamhraigh lár tíre.  Lena cois sin, is díol suntais é go bhfuil roinnt scéalta ann, a bhaineann le luathcheannas na nÉarann, atá níos sine ná cuid mhór de scéalta na Rúraíochta, i n-ábhar murab i leagan, agus meastar réamh-Chríostaí go mór ó thaobh tréithe de.  Tá roinnt scéalta ann nach ndéanann lua ar bith do Chú Chulainn nó do phearsana cáiliúla eile na Rúraíochta, agus is amhlaidh gur athraíodh beagán iad a dhéanann lua, tar éis di a mhéadú leis an Táin agus méadú tóra.

Seo a leanas liosta de scéalta na Rúraíochta, cé nára iomlán é.  Ní hé an rangúchán seo de réir 'genre' an t-aon ceann a fheictear, agus ní gá gurbh ionann é agus leaganacha scoláireachta.

Faightear na scéalta is tábhachtaí na Rúraíochta sna haistriúcháin Bhéarla seo:

Thug an Rúraíochta spreagadh agus ábhair do scríbhneoirí an athbheochain Ghaelaigh  thoradh tús na 20ú haoise.  Tá an chuid is mó de na scéalta le léamh i  Cuchulain of Muirthemne (1902) le Lady Gregory, díreach mar a rinne did Eleanor Hull dó léitheoirí óga in The Boys' Cuchulain (1904).  Scríobh  William Butler Yeats sraith drámaí – On Baile's Strand (1904), Deirdre (1907), The Green Helmet (1910), At the Hawk's Well (1917), The Only Jealousy of Emer (1919) agus The Death of Cuchulain (1939) – agus dán, Cuchulain's Fight with the Sea (1892), bunaithe ar na seanscéalta úd.  Chuir sé i gcrích an dráma le John Millington Synge mar mhair, Deirdre of the Sorrows (1910), ag obair le baintreach Synge, Molly Allgood.

I measc cóirithe liteartha ar na mallaibh tá: úrscéal na bpáistí The Hound of Ulster (1963) le Rosemary Sutcliff; an t- úrscéal A Shadow of Gulls (1977) le Patricia Finney; agus an dráma A Cry from Heaven (2005) le Vincent Woods.  Tá sraith sé aistriúchán scríofa ag Randy Lee Eickhoff, ag tús le The Raid (2000).

Faightear cuid den scéalaíocht cóirithe mar gréisgreannán, ina measc: The Cattle Raid of Cooley le Patrick Brown, dírithe ar Chú Chulainn; agus About a Bull le M.K. Reed, ar Mhéabh.

Mar chuid den sraith Radio Tales ar National Public Radio, craoladh an ceoldráma Celtic Hero, a bhí bunaithe ar Tochmharc Eimhire.




#Article 299: Conchúr mac Neasa (413 words)


Rí ar Chúige Uladh ba ea Conchúr mac Neasa.  De réir traidisiúin, bhí sé ar dhuine de na ríthe ba chumasaí sa tír, ach níl aon fhianaise stairiúil ann faoi toisc gur mhair sé sa tréimhse réamh-Chríostaí. Tugtar An Rúraíocht mar ainm ar an sraith scéalta a chuireann síos ar a réim.

Ba í Eamhain Mhacha a phríomhchathair, agus An Chraobh Rua a tugadh ar na saighdiúirí a bhí aige. 

Cathbhadh a bhí ina dhraoi aige, agus tráth ar rugadh leanbh, thuar an draoi go mbeadh sí níos áille ná bean ar bith eile in Éirinn, go bpósfadh Conchúir í, agus go mbeadh brón agus ár ann dá bharr.  Dá bhrí sin, thug sé Deirdre (brón) mar ainm uirthi.  Insítear a scéal in Oidheadh Chlainne Uisnigh.

Ba le linn Chonchúir a tháinig Cú Chulainn chun cinn agus tá a chuid eachtraí agus eachtraí eile le fáil sa Táin.

De réir an tseanchais, fuair Conchúr bás ar an gcéad Aoine Chéasta de bharr na feirge a tháinig air nuair a insíodh dó go raibh Mac Dé tar éis a bheith curtha chun báis. Bhí Conchúr tinn an uair sin de bharr liathróid chatha a bhí sáinnithe ina cheann. Bhí an liathróid sin déanta as inchinn Mheas Geaghra, a meascadh le beagán aoil chun liathróid bheag chrua a dhéanamh. Is é Conall Cearnach a mharaigh Meas Geaghra agus a rinne an liathróid inchinne, cé gur Cead mac Mághach a scaoil an liathróid le Conchúr agus cath ar siúl idir na Connachta agus na hUlaidh. Chuaigh an liathróid i sáinn i gcloigeann Chonchúir mhic Neasa agus dúirt na lianna leis gur baol go bhfaigheadh sé bás dá mbainfí an liathróid as a chloigeann. Thairis sin, bheadh ar an rí gach strus, stró, agus brú a sheachaint mar d'fhéadfadh an liathróid léim óna chloigeann de bharr an iomarca struis.

Ar Aoine Chéasta, tháinig dorchadas sa spéir agus uraíodh an ghrian. D'fhiafraigh Conhchúr dá lucht draíochta cén t-údar a bhí leis an dorchadas. Nuair a mhínigh siad dó go raibh Mac Dé á mharú, chaill Conchúr a mheabhair gur chuaigh sé amach sa choill ag leagan crann gan stad agus a rá gur mar sin a leagfadh sé naimhde Mhic Dé ach an deis a bheith aige. De bharr an struis ar fad, léim an liathróid inchinne as a chloigeann agus fuair sé bás i bhfaiteadh na súl.

Tá cur síos cruinn simplí as Gaeilge ar na heachtraí seo déanta ag Séamas Ó Searcaigh ina leabhar Laochas (1945).




#Article 300: An Turlach Mór (207 words)


Is paróiste agus sráidbhaile é an Turlach Mór (a dtugtar Leacach air freisin) (Turloughmore as Béarla) in Achréidh na Gaillimhe (lastoir den chathair) in Éirinn. Tá an turlach (nó loch) ina chuid d'Abhainn an Chláir anois.

Tá dhá stáisiún peitril agus trí theach tábhairne sa sráidbhaile, in éineacht le bunáit busanna. Tá sé suite ar an N63, bóthar náisiúnta den dara grád. 

Is iad na ceantair máguaird Baile Átha an Rí, an Carn Mór (Baile Chláir na Gaillimhe), Muine Mheá (Mainistir Chnoc Muaidhe) agus Cora Fine. 

Tá iomrá leis an Turlach i ngeall ar an iománaíocht agus ocht dteideal gnóthaithe ag an gclub áitiúil. Bhí cáil ar an bparóiste tráth de bharr aonach mór capall (agus de bharr círéibeanna faicsin san 19ú haois). Ar imeall chathair na Gaillimhe atá sé anois, agus méadú ag teacht ar an daonra agus ar an bhfostaíocht le timpeall deich mbliana anuas. 

In aice leis an Turlach Mór a tharla Cath Chnoc Tua, troid fhuilteach a thit amach sa bhliain 1504. Deir Annála Ríochta Éireann go ndearna Uilleag de Búrca trí chaisleán de chuid Mhaoilseachlainn Uí Cheallaigh (Garbhdhoire, Muine an Mheá agus Gallach) a bhriseadh. Rinne an Ceallach gearán le Gearóid Mór Mac Gearailt, Iarla Chill Dara agus Fear Ionaid an Rí.




#Article 301: Staidreamh (124 words)


Brainse den mhatamaitic is é an staidreamh, nó an staitistic, a phléann le bailiú, próiseáil is anailísiú sonraí uimhriúla chun eolas achoirnrithe a sholáthar uathu.  

Cé nár dhóigh leat gur féidir aon rud deimhneach a rá faoina leithéidí, is féidir a rá de réir theoiric na dóchúlachta cén seans atá ann go dtarlóidh imeacht fánach agus cur síos a dhéanamh ar an gcóras dá réir. 

Baintear leas as an staidreamh i gcúrsaí airgeadais, sa stocmhargadh, i dtrialacha leighis, sa bhfisic chandamach, agus i dtrialacha ina mbíonn earráid ag baint leis na tomhais a dhéantar. Mar shampla, maidir le tacar sonraí, ríomhtar an meán, an t-airmheán is an mód, agus mar thomhais ar inathraitheacht na sonraí is a leathadh, an raon is an diall caighdeánach.




#Article 302: N2 (Éire) (100 words)


Is Príomhbhóthar Náisiúnta in Éirinn é an bóthar N2. Nasc idir Baile Átha Cliath agus Doire atá ann. Fágann sé príomhchathair na poblachta trí Bhaile Munna ag imeacht go dtí Cill Dhéagláin i gContae na Mí. Ag Baile Shláine téann an bóthar anonn droichead contúirteach agus ansin in aice Chnoc Shláine. Tar éis Bhaile Átha Fhirdhia tagann an N2 agus an N33, nasc leis an(M1), le cheile. Leanann se ar aghaidh go Muineachán. Ón mbaile sin téann an bealach soir trasna na teorann. A5 a thugtar ar an gcuid de ata i dTuaisceart Éireann, go dtí an Ómaigh agus Doire.




#Article 303: Béal Átha na Sluaighe (818 words)


Is baile é Béal Átha na Sluaighe sa chuid is faide thoir de Chontae na Gaillimhe i gConnacht. Tá sé ar cheann de na bailte is mó i gContae na Gaillimhe le daonra de 7,237 duine ó 2020.

D’fhorbair an baile mar phointe trasnaithe ar An tSuca, fo-abhainn den tSionainn. Léiríonn an logainm Éireannach - a chiallaíonn béal áth na sluaite - an aidhm seo. Tugann an dara cuid den ainm le tuiscint go bhfuil an baile mar áit chruinnithe ó am ársa. Is é Naomh Grellan naomhphátrún Bhéal Átha na Sluaighe, a chreideann an traidisiún gur thóg sé an chéad eaglais sa cheantar i gCill Chloinn. Ainmnítear eastát tithíochta áitiúil, club CLG, brainse Chonradh na Gaeilge, agus scoil a bhíodh ann.

Tugtar creidiúint do Richard Mór de Burgh as an mbaile a bhunú.

D'oscail bialann mearbhia Supermac's a chéad bhialann i mBéal Átha na Sluaighe i 1978. Tá slabhra na mbialann i láthair anois i mbreis agus 106 áit, lena n-áirítear trí stór ar an mbaile.
Díríonn gnó áitiúil i lár an bhaile ar shiopaí agus bialanna. Tá Óstán Gullane's, óstán trí réalta, ag freastal ar an gceantar ó 1943. Tá Óstán Shearwater, óstán cúig réalta, lonnaithe ag Pointe Marina, díreach trasna ó Lidl.

Reáchtálann Béal Atha na Sluaighe roinnt imeachtaí agus féilte bliantúla i rith na bliana.

Gach Deireadh Fómhair, bíonn Aonach Bliantúil ina óstach ar aonach bliantúil ársa, Aonach na gCapall Bhéal Átha na Sluaighe. Talmhaíochta go príomha san am atá thart, tá sé dírithe anois ar an gcapall. Is é Aonach na gCapall Bhéal Átha na Sluaighe an t-aonach capall is sine san Eoraip agus téann sé siar go dtí an 18ú haois. Reáchtáiltear an t-aonach inniu in éineacht le féile a mheallann suas le 80,000 cuairteoir. Bíonn margadh mór ar siúl, mar aon le roinnt imeachtaí, tinte ealaíne, seó madraí agus aonach spraoi in aice le hamharclann an bhaile i Sráid an Chumainn.

D'óstáil leabharlann Béal Átha na Sluaighe an Fhéile Teaghráin, ócáid ​​cheoil a dhírigh ar uirlisí sreanga, i mí Iúil 2017 agus 2018. Tionóltar Zombie Walk Oíche Shamhna ar thailte eastát Gearrbhaile. Tionóladh an ócáid ​​den chéad uair in 2015, agus treoraithe turais “zombie” ag tabhairt grúpaí trí choillte Gearrbhaile. In 2019, tugadh “The Trail of Terror” ar an Zombie Walk. Ba é seo an chéad uair ina stair cúig bliana nár rith sé ach ar feadh aon lae amháin toisc gur cealaíodh é an dara lá mar gheall ar an aimsir “ag casadh go dona”.

Bhíodh mótarbhealach an M6 anois ar an mbóthar mór ar an seanbhóthar idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Osclaíodh an mótarbhealach an 18 Nollaig 2009 de réir mar a rinneadh uasghrádú ar an N6.

Is féidir teacht ar an mbaile ar bhus poiblí freisin, le Bus Éireann agus CityLink ag freastal ar an mbaile ar a mbealaí Luimneach go Gaillimh agus Baile Átha Cliath go Gaillimh.

Osclaíodh stáisiún iarnróid Bhéal Átha na Sluaighe an 1 Lúnasa 1851,agus freastalaíonn an líne iarnróid ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh air.

Ó 1828 go dtí na 1960idí, ba é Ballinasloe foirceann na Canálach Móire. D'úsáid Guinness Company siopaí canála an bhaile chun an Guinness a stóráil agus a dháileadh ar lár na tíre. Chuir an Chanáil Mhór bealach ar fáil do bháirsí Guinness taisteal ó Bhaile Átha Cliath go Cuan na Sionainne. Forbraíodh muiríne poiblí nua ar an abhainn le blianta beaga anuas a ligeann do thrácht ó loingseoireacht na Sionainne rochtain a fháil ar an mbaile.

Scaipeann roinnt nuachtán réigiúnacha i gceantar Ballinasloe, mar shampla an iris Ballinasloe Life, an Connacht Tribune, Galway Advertiser, Athlone Topic agus an Roscommon Herald. De réir mar a shuíonn Béal Átha na Sluaighe ar an teorainn idir dhá chontae freastalaíonn dhá stáisiún raidió áitiúla air, Galway Bay FM agus Shannonside FM. Faightear raidió áitiúil ó chontaetha comharsanacha eile mar Lár Tíre 103 agus Tipp FM sa cheantar freisin.

Tá clubanna sacair, gailf agus rugbaí ag Béal Átha na Sluaighe, taobh le tailte Chumann Lúthchleas Gael Park Duggan. Is iad na clubanna CLG áitiúla ná CLG Bhéal Átha na Sluaighe (lena n-áirítear club peile Gaelach Naomh Grellan agus Club Iománaíochta Bhéal Átha na Sluaighe), Club Liathróid Láimhe Derrymullen agus Club Camógaíochta Béal Átha na Sluaighe. Imríonn an club sacair, AFC Baile Bhéal Átha na Sluaighe, a chuid cluichí ag An Forais Curragh ar an mbaile. Tá dhá chlub dornálaíochta cónaitheoirí ag Béal Átha na Sluaighe freisin. Tá Club Leadóige agus Club Lúthchleasaíochta ann freisin.

I measc na n-áiseanna ar an mbaile tá: club gailf, tailte CLG, club leadóige, dhá linn snámha, Alley Liathróid Láimhe 40x20, páirceanna rugbaí, páirceanna sacair, raon tiomána, agus rian reatha.

I mBéal Átha na Sluaighe tá ceithre scoil náisiúnta (Scoil Uí Cheithearnaigh, Scoil Mhuire Gan Smál, Scoil an Chroí Naofa agus Scoil Speisialta Naomh Teresa) agus dhá mheánscoil (Coláiste Ghearrbhaile agus Ard Scoil Mhuire).

Tá Béal Átha na Sluaighe nasctha le Chalonnes-sur-Loire, i Maine-et-Loire, an Fhrainc, ó 1988.




#Article 304: Baile Átha Luain (648 words)


Is é Baile Átha Luain nó Áth Luain (Athlone as Béarla) nó Bl'Áth Luain sa chaint (de réir tuairiscí ón 19ú haois) ar na bailte is mó i gContae na hIarmhí i lár na hÉireann. Dar leis an daonáireamh de 2016 tá daonra de 21,349 ag an mbaile. Tá sé suite ar Abhainn na Sionna idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Tá stáisiún traenach ar an mbaile, freisin, agus stopann líne na Gaillimhe ann, mar aon le línte Bhéal Átha an Fheadha agus Chathair na Mart. Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain suite ann.

Tá ionad traenála ag an arm ar an mbaile, atá an-ghar do lár na tíre ina hiomláine. Chuireadh Sinn Féin an baile ar aghaidh mar phríomhbhaile ar an tír, agus í athaontaithe agus í á riaradh ina ceithre chúige, ina gcuid moltaí Éire Nua.

Cúpla ciliméadar ó dheas de tá Cluain Mhic Nóis, mainistir a bhunaigh Naomh Ciarán i 548, agus a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain.  

Tháinig Baile Átha Luain chun cinn mar phointe trasnaithe tábhachtach na Sionna. Rinne eascracha na tíre áth nádúrtha ann. Tá an áth seo tábhachtach ón Chré-umhaois de réir leithéid ó aois na cré-umha atá faighte ar an grinneall abhann. Ina theannta sin, tá seans ann go raibh mainistir neamhthaifeadta Luath-Chríostaí suite i mBaile Átha Luain mar fuarthas go leor uaigheanna luath-Chríostaí sa cheantar. Thóg Toirdhealbhach Ó Conchubhair go leor droichid shealadacha thar an abhainn ag Baile Átha Luain chun dul go dtí an Mhí sa 12ú haois. 

Thóg an rí Toirdhealbhach Ó Conchubhair caisleán admaid sa bhaile i 1129. Shroich na Normannigh an tSionnain roimh 1200. Thuig siad go raibh tábhacht stratéiseach ag baint le Baile Átha Luain agus sa bhliain 1210 thosaigh an t-easpag John de Gray, giúisteoir do Rí Eoin tógáil an chaisleán as cloiche. Chabraigh sé lena ngluaiseacht chun tosaigh i gCúige Chonnacht. Bhí tábhacht mhíleata leis an mbaile mar gheall ar a suíomh i lár na tíre agus bhí garastúin ann ag Arm na Breataine.

Rinneadh léigear ar an bhaile i 1690 nuair a bhí Cogadh an Dá Rí ar siúl. Ba daingean na Seacaibíteach é Baile Átha Luain. Sa chéad léigear, níor éirigh le Liam III Shasana agus 10,000 saighdiúirí an baile a ghabail le cuidiú mór ó Sáirsint Chostúim. Tháinig an Chlann Bhullaí ar ais go baile Átha Luain i 1691 agus tar éis catha a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál Godart van Ginkel an baile a ghabháil i mí an Mheithimh 1691.

Sa bhliain 2016 bhí 21,349 ina gcónaí i mBaile Átha Luain. Tá an baile ag fás go tapa. Mhéadaigh an daonra sé faoin gcéad ón mbliain 2011 go 2016. Tá an rata fás seo níos airde ná an meán náisiúnta (3.6%). Tá an baile níos ilchultúrtha ná an meán naisiúnta freisin. De réir dhaonáireamh 2016, rugadh 22.8% den daonra taobh amuigh d'Éirinn. Dúirt 30.5% nár Éireannach geal iad. Éireannaigh gorma iad 3.6% den daonra agus Áisigh Éireannacha iad 5.3% den daonra. Bhí cúlra geal eile ag 14.1% den daonra. Luaigh 73.4% go raibh an creideamh Caitliceach acu. Bhí creideamh eile ag 14.4% acu agus ní raibh creideamh ar bith ag 9% acu.

Dúirt 31.8% go raibh Gaeilge labhartha acu ach níor labhair ach 170 duine Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas oideachasach. Bhí teanga seachas Béarla agus Gaeilge ag duine as ceathrar. ba iad an Pholainnis, an Fhraincis agus an Liotuáinis na teangacha is mó labhairt. 

Sa bhliain 2007, osclaíodh Lárionad Bhaile Átha Luain, ionad siopadóireacht le breis is 60 siopaí, bialainne agus caifí, agus óstán ceithre réalta. Sa bhliain 2012, athosclaíodh an chaisleán tar éis athchóiriú a rinne taispeántas ag taispeáint stair an bhaile. Sa bhliain céanna, osclaíodh an Gailearaí Luain , an chéad dánlann chomhaimseartha fhísiúil sa réigiún lár na tíre. Tógadh iarbhunscoil mhór sa bhaile i 2014 agus tá pleananna ann d'iarbhunscoil eile a thógail.




#Article 305: An Cladach (134 words)


Is ceantar i gcathair na Gaillimhe é an Cladach. Nuair ba chathair le ballaí i seilbh Gallda í Gaillimh sna meánaoiseanna, ba é an Cladach an baile iascaireachta Gaelach thiar uaidh. Bhíodh rí ar an gCladach, a toghtaí imeasc na ndaoine, agus dheineadh sé breithiúnas ar chásanna idir na daoine. Sa Chladach, freisin, a thosaigh nós fáinne Chladaigh, a d'iompraíodh mná i mbealaí éagsúla, ag brath ar a stádas cleamhnais.

Tithe beaga bídeacha a bhí ar an gCladach go dtí na 1930í, nuair a daoradh iad mar chontúirt sláinte, agus nuair a cuireadh eastát tithíochta ar bun dosna daoine a cuireadh as seilbh a seantithe. Tá cuid den muintir céanna fós sa Chladach, agus tá roinnt báid iascaireacha agus pleisiúir ar an duga. 

Tá cumann sacair sa Chladach inniu, agus séipéal agus mainistir Doiminiceánach.




#Article 306: Inis (baile) (170 words)


Príomhbhaile Chontae an Chláir in iarthar na hÉireann is ea Inis (nó Inis Cluana Rámhfhada fadó). Tá daonra thart ar 24,200 sa bhaile - de réir torthaí daonáirimh 2006. Ar inbhear na Sionna atá Inis, agus tá ceangal traenach idir í agus Luimneach. Tá aerfort idirnáisiúnta na Sionna suite timpeall 20 ciliméadar ón mbaile.

Bíonn fleadh ceoil ar siúl sa bhaile gach bliain. Tá ospidéal ginearálta sa bhaile freisin, chomh maith le coláiste Fhlannáin, a bhí mar mheánscoil agus scoil cliarachais ag an eaglais Chaitliceach.
Bhuaigh Inis gradam 'Tidy Towns le Gaeilge' na bliana 2008. 
Tá bunscoil gaeilge sa baile, Gaelscoil Mhichíl Chíosóig

De réir daonáireamh 2011 bhí 25,360 i gcónaí in Inis. Bhí 11,277(44.5%) ábalta Gaelainn a labhairt. D'úsáid 418(1.64%) an Gaelainn go laethúil taobh amuigh don córas oideachas.

Ainmnaíodh Inis mar líonra Gaeilge. D'fhógair Foras na Gaeilge ag ndeireadh 2015 go mbeidh cúig cheantar aitheanta mar Líonraí Gaeilge in Éirinn. Is iad Cluain Dolcáin; Baile Locha Riach; Carn Tóchair agus Béal Feirste na líonraí eile timpeall an oileán.




#Article 307: Loch nEathach (269 words)


Is é Loch nEathach an loch is mó in Éirinn agus i nOileáin Iarthar na hEorpa. Tá sé thart fá 30 km (20 míle) ar fhad agus 15 km (9 míle) ar leithead, agus tá sé corr a bheith 30 km siar as Béal Feirste. Tá an loch glé-íseal timpeall a imill agus chan fhuil ach meán doimhne 9 méadar (30 troigh) sa phríomhchuid den loch. Is é a doimhneacht is mó ná 25 méadar (80 troigh). Tá sé suite i dtuaisceart na tíre i lár oirthear Uladh, agus tá bruacha ag cúig chinn de chontaetha Uladh ar an Loch; .i. Contae Aontroma, Contae Ard Mhacha, Contae Doire, Contae an Dúin, agus Contae Thír Eoghain. Tá Aontroim, Droichead na Tuama, agus Doire Mhic Chais cois locha.

Gídh go mbaintear feidhm as an loch le raidhse caithimh aimsire agus gnó, tá sé fíorfhoscailte, agus thig leis an uisce éireacht thar a bheith garbh go gasta in aimsir ghaofar. 

Insíonn sean-scéal Gaelach an dóigh ar rinneadh an loch, nuair a sciob Fionn Mac Cumhaill píosa talún ina lámha agus chaith le namhaid in Albain é. Char bhain sé amach an namhad, agus thit an cré i Muir Éireann, i dtreo is gur chum sé Oileán Mhanann. Tarann lucht faire ar éanlaithe go Loch nEathach as go leor tíortha mar gheall ar líon agus raidhse a chuid éanlaithe a chaitheann an geimhreadh nó an samhradh sna portaigh agus ar na tránna cois locha. 

Tá tábhacht le hiascaireacht eascainne ar Loch nEathach leis na céadta bliain, agus fós féin díolann iascairí de bhunadh an mhórcheantair a gcuid eascann do phroinntithe ar fud an domhain.




#Article 308: Iúr Cinn Trá (824 words)


Is é Iúr Cinn Trá nó Cathair an Iúir (Béarla: Newry) an ceathrú cathair is mó i dTuaisceart Éireann de réir daonra, i ndiaidh Bhéal Feirste, Dhoire Choilm Cille agus Lios na gCearrbhach. Tá tuairim agus 28,000 duine ann (pobal an tSrutháin san áireamh). I ndeisceart Chontae an Dúin/Chontae Ard Mhacha atá sé, agus é timpeall 40 míle ó Bhéal Feirste agus 60 míle ó Bhaile Átha Cliath. 

Bunaíodh é sa bhliain 1144 in aice le mainistir Chistéirseach.

Bhronn Muirechertach Mac Lochlainn, Rí Chineál Eoghain agus Ardrí Éireann (c. 1154 - 1156), breis talún ar na Cistéirsigh le Chairt nó Donatio, rud a rinne sé tar éis dó dul i gcomhairle le Mael Maedoc, Easpag Ard Mhacha. Tá an chaipéis sin ar taispeáint in Iarsmalann na Cathrach.

Chuaigh fás ar Iúr Cinn Trá mar bhaile margaidh agus garastúin, agus rinneadh longphort de sa bhliain 1742 nuair a nasc an chéad chanáil in Éirinn le Loch nEathach é. I Mí Mhárta 2002 d'fhógair an Bhanríon Eilís II Iúr Cinn Trá ina chathair. 

Áirítear Ardeaglais Chaitliceach Iúr Cinn Trá agus Halla na Cathrach ar mhórfhoirgnimh na cathrach. Tá iarsmalann agus ionad éalaíon ann freisin. Díol spéise é Halla an Bhaile mar gur tógadh é os cionn na habhann atá ina críoch ag Contae an Dúin agus ag Contae Ard Mhacha. 

Tá Comhairle an Iúir agus Mhúrn freagrach as riarachán logánta an cheantair. Is iad Oifigí na Comhairle, Rae Mhuineacháin, príomhionad riaracháin na Comhairle. Tá na ranna a leanas lonnaithe ar Rae Mhuineacháin:

Lasmuigh den Rannóg Timpeallachta, tá na rannóga lonnaithe in Oifigí na Comhairle ar an mBruach Glas.

Is é Naomh Pádraig an chéad duine a bhfuil iomrá air i scéal an Iúir de réir an tseanchais. Deirtear gurb eisean a chuir crann iúir ag ceann na trá i nGleann Rí, agus gur as sin a ainmníodh an bhaile. 

Bunaíodh an Mhainistir Chistéirseach sa bhliain 1144. Fuair an Mhainistir cairt ó Mhuircheartach Mac Lochlainn, Ardrí Éireann, sa bhliain 1157, an t-aon chairt dá cineál a bhfuil cóip di ar marthain go dtí an lá inniu.

Scoireadh an Mhainistir sa bhliain 1545. Ghlac Nicholas Bagenal, an t-eachtránaí Sasanach, seilbh ar Theach an Aba, agus dhaingnigh sé an baile. I gceann tamaill rinneadh Marascal na hÉireann de. Ba chorrach é réimeas mhuintir Bagenal san Iúr i gcúrsaí cogaidh agus polaitíochta. Ghlac Conn Mag Aonghusa seilbh ar an bhaile sa bhliain 1641, ach ghéill sé don Choirnéal Venables, ceannasaí de chuid Chromail sa bhliain 1649. Loisc Diúc Bheirbhic an baile sa bhliain 1689 le linn Chogadh an Dá Rí. Fuair an duine deireanach de Mhuintir Bagenal bás sa bhliain 1712.

Ba é ceantar an Iúir an príomhbhealach isteach i gCúige Uladh, agus dá bhrí sin atógadh an bhaile. 

Leag Iarla Hillsborough plean úr amach don bhaile, agus é ag tarraingt lár an bhaile síos ó na hardáin chun riasca an ghleanna. Ba í Sráid Hill cnámh droma an bhaile de réir an phlean seo agus trí chearnóg ann, ach sa deireadh níor tógadh ach dhá cheann, Cearnóg Margaret agus Cearnóg Marcus. Tá Páirc Cholmáin le fáil san áit a raibh an tríú cearnóg le tógáil. Tógadh tithe arda galánta ar Shráid Hill agus tithe stóir cois abhann agus ar chéanna na canála.

Sa bhliain 1742 cuireadh canáil Loch nEathach i gcrích agus tháinig ráthúnas ar an Iúir de bharr díol agus ceannach earraí ó chúlchríocha leathana an bhaile. Tógadh foirgnimh bhreátha phríobháideacha, phoiblí agus thráchtala dá bharr agus cuid mhaith acu ann go fóill. Sa bhliain 1777 bhí an tIúr ar an gceathrú baile ba mhó in Éirinn. Bhí borradh faoi thionscal an lín agus bhí minearraí gloine agus gloine ghearrtha á ndéanamh ann. Bhí clódóirí ann agus clóbhualadh saothair le Voltaire, agus le Jean Rousseau.

Ísllú céime a thug an bóthar iarainn don bhaile. Laghdaigh trácht na canála go mór agus thug Béal Feirstr an báire léi i gcúrsaí tráchtála. Mar sin féin, rinneadh dul chun cinn: rinneadh longchanáil nua ó Dhuga Albert amach chun na farraige, rud a mheall ceannaithe guail. Le linn Chogadh Cathartha Mheiricea bhí ganntanas cadáis ar fud an domhain agus ba bheag an mhoill ar an Iúr agus ar an Sruthán dul i mbun líon a shníomh.

Sa bhliain 1881 bhí 15,590 duine ina gcónaí ar an Iúr, ach laghdaigh an daonra as sin amach anuas go dtí na seascaidí, rud a bhain le druideadh na canála, na muilte, an trambhealaigh agus an iarnróid. Ach i ndeireadh na 1970í cuireadh airgead isteach sa chumarsáid, in áiseanna shláinte agus san oideachas, rud a rinneadh beag beann ar na Trioblóidí agus a ghríosaigh daoine chun cuideachtaí nua idirnáisiúnta a chur ar bun ar nós Shaotharlann Norbrook agus Glen Dimplex. 

Tá an baile ag fás fós agus daonra 25,000 duine ann. Tá sráideanna nua-aimseartha ann, ionaid siopadóireachta agus óstáin. Tá na teicneolaíocht nua agus an treallús ag coinneáil na cathrach chun tosaigh i ngeilleagar na hÉireann.

Newry City F.C. a imríonn ins na [The Showgrounds (Newry)|Showgrounds.




#Article 309: An Cabhán (396 words)


Is é an Cabhán, ar bhrí leis ná lug, príomhbhaile Chontae an Chabháin in Éirinn. Tá an baile gar don teorann idir Phoblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann. Ceanglaíonn an bóthar N3 an baile le Baile Átha Cliath.

Thóg clann Uí Raghallaigh, ainm a mhaireann sa dúiche, caisleán sa bhaile go déanach sa 13ú haois. Tógadh mainistir Proinsiasach sa bhaile timpeall an ama chéanna. Sa 15ú haois, chuir an taoiseach áitiúil, Eoin Ua Raghaillligh, margadh ar bun, a tharraing ceannaithe as Baile Átha Cliath agus as Droichead Átha. Thug Rí Séamus I cáirt don bhaile i 1610. Go luath sa 19ú haois, thóg muintir Farnham, tiarnaí talún áitiúla, sráid nua leathan ar a bhfuil a n-ainm i gcónaí. Tógadh tithe breátha, foirgnimh poiblí ar nós teach na cúirte 1825, agus eaglaisí ar an sráid. 

Go déanach sa 19ú haois, ba cheangal tábhachtach idir línte traenach láir na tíre agus an iarthair agus an Northern Railway an Cabhán. Tá ardeaglais an Chill Mhóir trí mhíle siar ón mbaile. Sa 12ú haois a tógadh doras na h-eaglaise. Tá Farnham House siar aduaidh as baile an Chabháin ar na tithe is mó sa chontae. Tógadh mórthimpeall 1810 é, agus ba é Francis Johnston, ailtire as Baile Átha Cliath, a dhear é. Dhíol muintir Farnham é le gairid, agus táthar á iompú ina theach ósta agus ceantar scíth.

D´éirigh go maith leis an mbaile le fada maidir le gnónna áitiúla. Imeasc na ngnónna áitiúla, tá an comhlucht Kingspan (insliú foirgníochta), Quinn Group a chuir Séan Quinn ar bun, Lakeland Dairies agus Liffey Meats. D´éirigh leis an mbaile go leor gnónna seachtracha a tharraingt isteach, freisin, agus tá gnónna ar an mbaile ag Wellman International, Abbott Laboratories agus Pauwels Trafo. Ceapadh mar development hub an baile faoin National Spatial Strategy i 2004. 

Tá tuairim is 30,000 duine ag maireachtáil laistigh de theorann 10 míle den bhaile, agus mar sin tá an bonneagar iompair an-tábhachtach. Tá an baile suite bhóithre tábhachtacha de ghrád N, go Baile Átha Cliath agus go Béal Feirste. De réir an Phlean Forbartha Náisiúnta 2000 – 2006 táthar le feabhsú mór a chur ar an mbóthar N3, le carrbhealach dúbailte le tógáil ó Cheanannas Mór go Baile Átha Cliath agus bóithre de chaighdeán ard as Ceanannas Mór go dtí an Cabhán. Easpa mór amháin atá ar an mbaile ná nach bhfuil seirbhís traenach ar bith chun an bhaile.




#Total Article count: 308
#Total Word count: 199976